CELT document G100005D

Annals of the Four Masters

Unknown author

Volume 4

Annals of the Four Masters

Index to each Annal

Annal M1373: AOIS CRIOST, 1373.Aois C…

Annal M1374: AOIS CRIOST, 1374.Aois C…

Annal M1375: AOIS CRIOST, 1375.Aois C…

Annal M1376: AOIS CRIOST, 1376.Aoís C…

Annal M1377: AOIS CRIOST, 1377.Aois C…

Annal M1378: AOIS CRIOST, 1378.Aois C…

Annal M1379: AOIS CRIOST, 1379.Aois C…

Annal M1380: AOIS CRIOST, 1380.Aoís C…

Annal M1381: AOIS CRIOST, 1381.Aois C…

Annal M1382: AOIS CRIOST, 1382.Aois C…

Annal M1383: AOIS CRIOST, 1383.Aoís C…

Annal M1384: AOIS CRIOST, 1384.Aois C…

Annal M1385: AOIS CRIOST, 1385.Aois C…

Annal M1386: AOIS CRIOST, 1386.Aois C…

Annal M1387: AOIS CRIOST, 1387.Aoís C…

Annal M1388: AOIS CRIOST, 1388.Aoís C…

Annal M1389: AOIS CRIOST, 1389.Aois C…

Annal M1390: AOIS CRIOST, 1390.Aois C…

Annal M1391: AOIS CRIOST, 1391.Aois C…

Annal M1392: AOIS CRIOST, 1392.Aois C…

Annal M1393: AOIS CRIOST, 1393.Aois C…

Annal M1394: AOIS CRIOST, 1394.Aois C…

Annal M1395: AOIS CRlOST, 1395.Aoís C…

Annal M1396: AOIS CRIOST, 1396.Aois C…

Annal M1397: AOIS CRlOST, 1397.Aois C…

Annal M1398: AOIS CRIOST, 1398.>Aois …

Annal M1399: AOlS CRlOST, 1399.Aois C…

Annal M1400c: AOIS CRIOST, 1400.Aois C…

Annal M1401: AOIS CRIOST, 1401.Aóis C…

Annal M1402: AOlS CRIOST, 1402.Aois C…

Annal M1403: AOIS CRlOST, 1403.Aois C…

Annal M1404: AOIS CRIOST, 1404.Aois C…

Annal M1405: AOIS CRIOST, 1405.Aoís C…

Annal M1406: AOIS CRIOST, 1406.Aoís C…

Annal M1407: AOIS CRIOST, 1407.Aoís C…

Annal M1408: AOIS CRIOST, 1408.Aoís C…

Annal M1409: AOIS CRIOST, 1409.Aoís C…

Annal M1410: AOIS CRIOST, 1410.Aoís C…

Annal M1411: AOlS CRIOST, 1411.Aoís C…

Annal M1412: AOIS CRIOST, 1412.Aoís C…

Annal M1413: AOIS CRIOST, 1413.Aoís C…

Annal M1414: AOIS CRIOST, 1414.Aoís C…

Annal M1415: AOIS CRIOST, 1415.Aois C…

Annal M1416: AOIS CRIOST, 1416.Aoís C…

Annal M1417: AOIS CRIOST, 1417.Aoís C…

Annal M1418: AOIS CRIOST, 1418.Aoís C…

Annal M1419: AOIS CRIOST, 1419.Aoís C…

Annal M1420: AOIS CRIOST, 1420.Aoís C…

Annal M1421: AOIS CRIOST, 1421.Aois C…

Annal M1422: AOIS CRIOST, 1422.Aoís C…

Annal M1423: AOIS CRIOST, 1423.Aoís C…

Annal M1424: AOIS CRIOST, 1424.Aoís C…

Annal M1425: AOIS CRlOST, 1425.Aoís C…

Annal M1426: AOIS CRIOST, 1426.Aoís C…

Annal M1427: AOIS CRIOST, 1427.Aoís C…

Annal M1428: AOIS CRIOST, 1428.Aois C…

Annal M1429: AOIS CRIOST, 1429.Aóis C…

Annal M1430: AOIS CRIOST, 1430.Aoís C…

Annal M1431: AOIS CRIOST, 1431.Aoís C…

Annal M1432: AOIS CRIOST, 1432.Aoís C…

Annal M1433: AOIS CRIOST, 1433.Aoís C…

Annal M1434: AOIS CRIOST, 1434.Aoís C…

Annal M1435: AOIS CRIOST, 1435.Aoís C…

Annal M1436: AOIS CRIOST, 1436.Aoís C…

Annal M1437: AOIS CRIOST, 1437.Aoís C…

Annal 1438: AOIS CRIOST, 1438.Aoís C…

Annal 1439: AOIS CRIOST, 1439.Aoís C…

Annal M1440: AOIS CRIOST, 1440.Aoís C…

Annal M1441: AOIS CRIOST, 1441.Aoís C…

Annal M1442: AOIS CRIOST, 1442.Aoís C…

Annal M1443: AOIS CRIOST, 1443.Aoís C…

Annal M1444: AOIS CRIOST, 1444.Aoís C…

Annal M1445: AOIS CRIOST, 1445.Aoís C…

Annal M1446: AOIS CRIOST, 1446.Aoís C…

Annal M1447: AOIS CRIOST, 1447.Aoís C…

Annal M1448: AOIS CRIOST, 1448.Aoís C…

Annal M1449: AOIS CRIOST, 1449.Aoís C…

Annal M1450: AOIS CRIOST, 1450.Aoís C…

Annal M1451: AOIS CRIOST, 1451.Aois C…

Annal M1452: AOIS CRIOST, 1452.Aoís C…

Annal M1453: AOIS CRIOST, 1453.Aoís C…

Annal M1454: AOIS CRIOST, 1454.Aoís C…

Annal M1455: AOIS CRIOST, 1455.Aoís C…

Annal M1456: AOIS CRIOST, 1456.Aois C…

Annal M1457: AOIS CRIOST, 1457.Aoís C…

Annal M1458: AOIS CRIOST, 1458.Aoís C…

Annal M1459: AOIS CRIOST, 1459.Aoís C…

Annal M1460: AOIS CRIOST, 1460.Aoís C…

Annal M1461: AOIS CRIOST, 1461.Aoís C…

Annal M1462: AOIS CRIOST, 1462.Aois C…

Annal M1463: AOIS CRIOST, 1463.Aois C…

Annal M1464: AOIS CRIOST, 1464.Aois C…

Annal M1465: AOIS CRIOST, 1465.Aois C…

Annal M1466: AOIS CRIOST, 1466.Aois C…

Annal M1467: AOIS CRIOST, 1467.Aois C…

Annal M1468: AOIS CRIOST, 1468.Aois C…

Annal M1469: AOIS CRIOST, 1469.Aois C…

Annal M1470: AOIS CRIOST, 1470.Aoís C…

Annal M1471: AOIS CRIOST, 1471.Aois C…

Annal M1472: AOIS CRIOST, 1472.Aois C…

Annal M1473: AOIS CRIOST, 1473.Aois C…

Annal 1474: AOIS CRIOST, 1474.Aoís C…

Annal M1475: AOIS CRIOST, 1475.Aoís C…

Annal M1476: AOIS CRIOST, 1476.Aois C…

Annal M1477: AOIS CRIOST, 1477.Aois C…

Annal M1478: AOIS CRIOST, 1478.Aois C…

Annal M1479: AOIS CRIOST, 1479.Aois C…

Annal M1480: AOIS CRIOST, 1480.Aois C…

Annal M1481: AOIS CRIOST, 1481.Aoís C…

Annal M1482: AOIS CRIOST, 1482.Aoís C…

Annal M1483: AOIS CRIOST, 1483.Aois C…

Annal M1484: AOIS CRIOST, 1484.Aoís C…

Annal M1485: AOIS CRIOST, 1485.Aoís C…

Annal M1486: AOIS CRIOST, 1486.Aois C…

Annal M1487: AOIS CRIOST, 1487.Aoís C…

Annal M1488: AOIS CRIOST, 1488.Aois C…

Annal M1489: AOIS CRIOST, 1489.Aois C…

Annal M1490: AOIS CRIOST, 1490.Aois C…

Annal M1491: AOIS CRIOST, 1491.Aoís C…

Annal M1492: AOIS CRIOST, 1492.Aoís C…

Annal M1493: AOIS CRIOST, 1493.Aois C…

Annal M1494: AOIS CRIOST, 1494.Aois C…

Annal M1495: AOIS CRIOST, 1495.Aoís C…

Annal M1496: AOIS CRIOST, 1496.Aoís C…

Annal M1497: AOIS CRIOST, 1497.Aois C…

Annal M1498: AOIS CRIOST, 1498.Aois C…

Annal M1499: AOIS CRIOST, 1499.Aois C…

Annal M1500: AOIS CRIOST, 1500.Aoís C…

 p.656
M1373
  1. AOIS CRIOST, 1373.

    Aois Criost, mile, trí chéd, seachtmoghat, a trí.

  2. Uilliam Mac Carmaic epscop Ardachaidh saoí i n-eccna, ⁊ i crabadh do écc.

  3. Adam Ó Cianáin cananach ⁊ saoí seanchadha do écc i Lios Gabhail.

  4. Iondsoighidh do tabhoirt do Gallaibh Midhe don Anghoile. Ruaidhri mac Cathoil Uí Fęrghoil ⁊ a mac do marbhadh dóibh don cur-sin, ⁊ sochaidhe dá muintir imailli riú. Donnchadh Ua Fęorghoil go lion a thionóil dia lęnmhain, ⁊ marbhadh mór do dénamh lais orra. Urchor do shoighid do bhuain don áirsidh iar sin, ⁊ an maidhm roimhe for Gallaibh, go t-torchair dhe, ⁊ gur sraoineadh for a muintir.

  5. Uilliam DalatúnSirriam na Midhe do marbhadh le Cenél Fhiachach ⁊ lé h-Ua Maoíleachloinn.

  6. Mac An Pearsúm Meic Feorais do marbhadh lá Toirrdhealbhach Ruadh Ua c-Concobhair d'aon-bhuilli cloidhimh i c-Conmaicne Dúna Mhoir tar és fell do p.658 dénamh doibh air, ⁊ sé ag teacht a Conmaicne Cúile ⁊ é fén d'imtheacht d'aimdheóin a los a láimhe iar sin ó na easccaraid, ⁊ é beó loitidhe.Andrias Mac Cionaoith do marbhadh doibh-siomh as a h-aithle, iarna fágbhail do Toirrdealbhach aca i n-geall re na rogha fuasgailte d'fagháil as an tan ro fheallsad fair fén roimhe.

  7. Barrdubh inghean Uí Ruairc bęn Domhnaill Mec Tighęrnáin do écc.

  8. Seaan Mac Con Mara árd-taoiseach Cloinne CuiléinTadhg Ócc Ó Durnin do écc.

  9. Sadhbh inghęn Cathail Uí Choncobhair bęn Flaitbęrtaigh Ui Ruairc do ecc.

  10. Raghnall mac Corbmaic Meg Raghnaill do mharbhadh la mac Meg Naiscídh i fell.

  11. Maoileachloinn Connachtach Ó Néill do écc.

  12. Maighistir Niocól Mag Techeadain oifficel Cluana do écc.

  13. Brian Og mac Briain Ui Dhubhda do mharbhadh la Bairédachaibh.

M1374
  1. AOIS CRIOST, 1374.

    Aois Criost, míle, trí chéd, Seachtmhocchat a cęthair.

  2. Senicin Sabhaois do mharbhadh la Mag Aonghusa.

  3. Domhnall Ócc Ó Dochortaigh .i. mac Seaain do écc.

  4. Cu Coiccriche Ócc Mag Eochaccáin taoiseach Cenél Fhiachach do marbhadh i bh-fell ar n-dul dó lé h-espucc na Midhe go h-Áth Luain, ⁊ An Sionnach Mac Męráin do muintir Uilliam Dalatún da mharbhadh d'aon-bhuile sleighi, ⁊ é fęin do tharraing o aroile iar sin ⁊ boill bheacca do denamh da corp a c-cionaidh a mhíghniomha.

  5.  p.660
  6. Teabóid A Búrc oighre Meic Uilliam do marbhadh d'Uíbh Maine.

  7. Maidhm la Niall Ó Néill for Gallaibh, dar marbhadh an ridire Roidseach, Bocsa na Cairrge, An SandalachWilliam Baile Dalat ceann ainbhféle Erionn, ⁊ il-iomad nach n-aacute;irimhthęr.

  8. Tadhc mac Ruaidhri mic Cathail Ruaidh Uí Choncobhair, dęgh-adhbor Uí Choncobhair do écc.

  9. Maoileachloinn mac Diarmata Uí Fearghail do dul ar coccadh as an Angaile go Muintir Maoil Mordha do chur i n-aghaidh Gall.Tachor trén amhnus do chur eatorra ⁊ Goill iar sin dár marbhadh-somh ⁊ sochaidhe oile.

  10. Tadhcc Ócc Mag Raghnaill do lot d'orchor do shoighid go n-erbail de, acht nír bh-feas a demhin cia do telcc an t' urchor. Muintir Bhirn dá chur for Cloinn Muirchęrtaigh, ⁊ Clann Muircęrtaigh dá cur orra-somh mar an c-cédna, uair as ętorra baoí iorghal an tan-sin. Coccadh d'erghi tremid-sídhe edir EolaschaibhMuintir Bhirn.

  11. Corbmac mac Tomaltaigh Uí Fęrghail do mharbhadh.

  12. Fearghal mac Flaithbęrtaigh Uí Ruairc do marbhadh do Pilib.

  13. Tighęrnán mac Briain Meg Tighearnáin do écc.

  14. Maoileachloinn Ruadh O Duibhgęnnan saoi i sinchus, ⁊ Mathghamhain an Chind mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Ruairc do comhthuitim ré aroile.

M1375
  1. AOIS CRIOST, 1375.

    Aois Criost, mile, tri chéd, sechtmogat, a cúig.

  2. Donnchadh Caomanach Mac Murchadha righ Laighęn do marbhadh la Gallaibh i bh-fell iar t-tabhoirt díothlaithrighe dó go menic roimhe-sin orra.

     p.662

    Mathgamain mac Maghnasa Ui Concobhair do écc iar m-buaidh n-ęinigh, ⁊ n-eangnamha.

  3. Caislén Rosa Comáin do tabhoirt do Ruaidhri Ó Concobhair, ⁊ Baile an Tobair do tabhoirt do Toirrdhealbhach Ruadh as imaille re comadhaibh oile.

  4. Mac Artain uirrí Cenel Fhaghartoigh do marbhadh i bh-fell da brathair fén mac Gille Térnoind Mec Artain.

  5. Maidhm mór do tabhoirt lá Niall Ó Néll for Gallaibh Dúin Da Lęthglas, dú i t-torchoir Sir Semus Bhaile Atha Thíd no Alahid fęr ionaid righ Saxan, Burcach Caimlinne, ⁊ il-iomad nach n-áirimthear.

  6. Cú Uladh Mag Mathgamna tanoisi Oirghiall d'écc do chuislinn.

  7. Art mac Mecc Uidhir aon bá lán d'eneach ⁊ d'féle do écc.

  8. Diarmaid Mag Raghnaill do dul d'ionnsaighidh for Corbmac Ua m-Birn, ⁊ Donnchadh mac Concobhair an Copáin do marbhadh don toisc-sin, immaille re h-il-iomat do daoinibh oile imaille ris, ⁊ édala mora do denamh do.

  9. Maoileachloinn Ua Domnallan ollamh Síl Muireadhaigh go sainrędhach le dán, ⁊ ard-shaoí Erionn beós isin ealadhain cédna, d'écc d'fiolún.

  10. Cairbre, ⁊ Eoghan, mac Mécc Tighearnáin do tabhoirt ionnsaighte for Ghallaibh go líon a t-tionóil. Fęr da muintir féin do dhénamh felle orra, ⁊ dá c-crec le Gallaibh ariomimhas. Goill do chruinniughadh ina t-timcheal iarna m-brath dóibh; clann Mécc Tighearnáin, ⁊ cuiccęr ar fhichit do maithibh a muintire do dhícheannadh ar én láthoir annsin do Gallaibh.

  11. Seaffraidh mac Giolla na Naomh Uí Fhęrghoil dęgh-adhbhor tighęrna na h-Anghoile ar eneach, ar chruth, ar chaoin-bhésaibh, do écc iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithrighe.

  12. Sir Emann Albanach Mac Uilliam Búrc do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Tomás a mhac do gabáil tighearnais tar a és.

  13.  p.664
  14. Osccor mac Airt Meg Uidhir do marbhadh do cloinn Donnchaidh Még Uidhir.

  15. Donnchadh mac Taidhg mic Conchobhair an Chopáin do marbhadh la Muintir Birn.

  16. Tomás Mac Feorais tighearna Átha na Rígh, ⁊ Seann Mac Lochlainn cęnn a fhine fén d'ég.

  17. Cathal Óg mac Cathail Oig mic Cathail Móir mic Domhnaill Uí Chonchobhair do mharbhadh le Cloinn Riocaird, ⁊ Lochlainn mac Donnchaidh Uí Dhubhda do ghabhail don cur-sin.

  18. Brian Ó Briain tighearna Tuadhmumhan do indarbadh la Toirrdhealbach mac Muirceartaigh Uí Briain; ⁊ le Cloinn Riocaird.

  19. Coccadh eitigh Ruaidhri Ó Choncobair rí Connacht, ⁊ Maol Seacloinn Ó Ceallaigh tighearna Ua Maine gur ro ghabh Ua Cocobhair nęrt for Uibh Maine.

  20. Cathal mac Maghnusa Meic Diarmada d'ég.

M1376
  1. AOIS CRIOST, 1376.

    Aoís Criost, mile, tri chéd, sechtmhocchat, a sé.

  2. Tadhcc Ó Ruairc tighęrna Brefne, aon lán d'eneach d'féle, d'alladh, ⁊ d'oirdearcus, Bethir na m-Brefneach, ⁊ Leómhan Lethe Cuinn d'écc. Tighęrnán a mac do gabháil tighęrnais Bręfne 'na dheóidh.

  3. Aodh Ó Tuathoil, tighęrna Ua Máil do marbhadh do Gallaibh.

  4. Dalbhach mac Maoileachloinn Uí Bhroin, ceann enigh ⁊ eangnamha Laighion do ghuin da spor fesin, ⁊ a écc fo chedóir.

  5. Aodh mac Seaain Uí Fęrghoil do écc, ⁊ bá tiopra go t-tobhrúchtadh a fhéle ⁊ a fhairsnge do cliaroibh Erionn go coitchionn ó aois a macdhachta go sin.

  6.  p.666
  7. Bébinn inghean Domhnaill Uí Duinn, bean Uí Diomasaigh do écc.

  8. Roibeard Ua Fęrghail do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  9. Cuaifne Ua Concobhair Failgi, dęgh-adbor tighearna Uibh Failge do écc.

  10. Concobhar Ua Becháin saoi Shęnchadha, Ceallach Mac Cruitín ollamh Tuadhmumhan le sęnchas, Eóin Ua Ruanadha ollamh Mécc Aongusa lé dán, Maoileachloinn Ó Maoil Mhęna ollamh Uí Catháin, Donnchadh Mac Firbhisigh dęig-sęnchaidh, ⁊ Ruarcán Ó h-Adhmaill ollamh Uí Anluain i n-dán do écc. Fęr tighe caoidheadh coitchionn gan diultadh ré n-aon an Ruarcan-so.

  11. Cu Moighi Ó Catháin tighearna Oireachta Uí Catháin do gabhail do Gallaibh i b-purt Cúile Rathain, ⁊ a chur dóibh go Carraicc Feargusa i n-gemhlibh.

  12. Coimthionol Gall Midhe, Uladh, ⁊ Laighęn dochum na h-Anghoile. Creacha fill do denamh dóibh isin tír. Ua Fęrghoil go líon a thionóil dia saighidh-siomh iar sin fo leith, edir Ghallaibh UladhLaighean ⁊ca. gur loiscc a m-bruigh ⁊ a m-bailte, gur chreach a c-críocha, ⁊ a iompúdh as a h-aithle go n-édálaibh aidbli fo bhuaidh ⁊ cosccur.

M1377
  1. AOIS CRIOST, 1377.

    Aois Criost, mile, trí céd, seachtmhoghat, a seacht.

  2. An t-espucc Ó Ceallaigh .i. easbacc Cluana Fęrta Brénainn, Seaan Ó Rodacháin comhorba Caillín saoi coitchionn, ⁊ an Deccánach Mór Mag Muirghiosa do écc. Isin Róimh écc an deccánaigh-si.

  3. Mainistir Eassa Ruaidh do losccadh.

  4. Uater mac Sir Dauith Búrc, Domhnall mac Fęrgail mic An Manaigh Uí Gallchobair, Seaffraidh Ó Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail, Donnchadh mac Uilliam áloinn; Uí Chęrbhaill tighearna Ele, Diarmaid Bacach Mac Branáin p.668 taoiseach Corc'Achland, Fachtna mac Dauith Uí Mórdha, ⁊ Brian Ó Flaithbęrtaigh do écc.

  5. Sluaigheadh la Riocard A Búrc i Cloind CuiléinCuilenaigh do tionol im, Mac Con Mara .i. mac inghene Uí Dálaigh. Ionnsaigidh do tabhoirt dóibh ar Chloinn Riocaird gur cuirsiod maidm orra, dár marbhadh Teabóid mac Uillicc ceann na cethirne, trí meic Ó n-Edin, ⁊ mórán do maithibh Cloinne Riocaird archeana.

  6. Ruaidhrí Ó Concobhair do tabhart madhma i Ros Commain for Mac Uilliam Búrc ⁊ for Maoileachloinn Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine, dú inar marbhadh Risdęrd A Búrc .i. dearbhrathair Meic Uilliam, Domnall mac Cathail Óicc Uí Concobhair, Tadhg Óg mac Taidhg Uí Cheallaigh, Ua Maindin .i. taoiseach Sodain, Mac Dubhgaill Galloclaigh, ⁊ iomad oile nach n-áirimhthior.

  7. Caislén Leasa Aird Abla do dénamh la Seaan Ó f-Fęrghail tighearna na h-Anghoile.

  8. Coccadh edir Mac DiarmataRuaidhrí Ó Concobair, go t-tainicc de-sídhe Magh Luirg do milleadh ⁊ do losccadh edir gortaibh ⁊ foirgneamha. Sochaidhe do marbhadh eatorra leath for leith. Síth do dénamh dóibh fó dheóidh, ⁊ comhtha p.670 d'faghail do Mac Diarmata do chionn na síodha do dénamh, ⁊ i n-ionad a d'íoghbhála Ruaidhrí Ó Concobair.

  9. Mathghamhain mac Seaain Meic Con Mara do écc.

  10. An dara Risdęrd do ghabhail rioghaichte Saxan. .21. Iun.

  11. Gofraidh mac Andaidh Uí Raghallaigh do mharbhadh la Cloinn an Chaoich Uí Raghallaigh.

M1378
  1. AOIS CRIOST, 1378.

    Aois Criost, mile, tri ced, Seachmhoghatt, a h-ocht.

  2. Cairbre Ua Feargoil Espucc Ard Achaidh, ealcuing congbhala an crábhaidh, glún oileamhna na h-eccno, soithech désherce ⁊ daonnachta esidhe, a écc isin Róimh iar m-breith bhuadha do deaman ⁊ domhan.

  3. Mór inghean Uí Feargail bęn Mé Raghnaill .i. Diarmaid, do écc, ⁊ a h-adnacul i c-Cluain Conmaicne go h-onórach.

  4. Uater Mac Uilliam Búrc do marbhadh la Muintir Mháille.

  5. Fearghal Mag Raghnaill do marbhadh la Conn mac Muircęrtaigh Meg Raghnaill.

  6. Giolla Criost Ua Ruairc mac tighearna Breifne do éc.

  7. Toirrdealbhach Mac Suibne ard-consubal Connacht.

  8. Tadcc mac Lochlainn Meg Con Mara taoiseach Cloinne Cuilén do marbhadh la mac inghine, Uí Dhálaigh.

  9. Domhnall Mhág Brádaigh taoiseach Cúile Brighdin, ⁊ Teallaigh c-Cęrbhaill, saoí coitchionn. Seaan Ó Fialáin degh-fęr dána, ⁊ Dubh Coblaigh ingęn Mecc Raghnaill bęn Uí Maoil Miadhaigh do écc.

  10. Iondsoighidh do tabhairt do Mag Raghnaill gona bráithribh ⁊ gona oireachtaibh, p.672 do Cloinn Aodha, ⁊ d'Fęrghal Ó Ruairc ar Cathal Ruadh Mag Raghnaill. Cathal do tionol a com-mbraithreach, ⁊ a clęmhnadh im Diarmait Mac Diarmata go h-én-ionadh ar a c-cionn-somh. Maidhm do tabhairt doibh for Macc Raghnaill.Fęrghal Mág Raghnaill deigh-fear sona saidbir, ⁊ Mac Sęnlaoich, Mac Giolla Duibh, ⁊ sochaidhe nach n-áirimhthear do mharbadh don imsearccain-sin.

  11. Giolla CriostÓ Sgingín ollamh cenél c-Conaill i sęnchus do écc do fhiolún.

  12. Brian Mag Uidhir .i. adbar tighearna Fęr Manach, do marbhadh la cloinn Airt Meg Uidhir.

  13. Fęrghal Ua Maoíl Miadhaigh taoiseach Muintire Cęrbhallain d'ég.

  14. Tadhg Mac Aędhagáin ollamh breitęmhan Iochtar Connacht saoí gan imręsain gan oirbęrnaigh, ⁊ fęr thige n-aoidheadh coitchind da gach aen do ég.

M1379
  1. AOIS CRIOST, 1379.

    Aois Criost, mile, trí chéd, Seachtmhoccat, a naoí.

  2. Eapscob na Midhe, .i. An Faltach do écc i Saxaibh.

  3. Sémus Ó Conghalaigh prióir Daimhinsi, Flaithbęrtach Ó Mongáin Airchindeach Ruis Airthir d'écc.

  4. Pilib mac Niocoil, .i. An Dalatúnach tighęrna Iarthair Mhidhe d'écc.

  5. Fęr Bisigh Mac Fir Bisigh saoi sęnchadha d'écc.

  6. Dauidh Ua Duinn taoiseach Ua Riagáin do mharbhadh la mac Cearbaill Uí Dhuinn.

  7. Riocard Mac Cathmhaoil do marbhadh la Pilib Mhag Uidhir, tigearna Fear Manach, ⁊ la Domhnall Ua Néill.

  8. Maidhm na Dreche do thabhairt d' Ua Néill, .i. do Niall Mhór ar Pilib Mhág p.674 Uidhir, dú i t-torchair Tadhg Mhág Uídhir, dá mac Meic Maghnusa, Toirrdealbhach mac Donnchaidha Még Uidhir, Brian mac Meic Raith, ⁊ Muirchęrtach Mac Míolchon.

  9. Mac An Chaoích Uí Raighilligh do mharbhadh la mac Andaidh Uí Raghailligh.

  10. Cú Mara Gęrr, .i. Mac Con Mara do mharbhadh la a braithribh fęin tre fhéill.

  11. Cú Chonnacht mac Pilib Mhég Uidhir adhbhar tighęrna Fęr Manach ar eineach ⁊ ar uaisle, do mharbhadh la Cloinn Domhnaill Cloinne Ceallaigh.

  12. Maol Mordha Óg mac Maoil Mordha Ruaidh Uí Concobair (.i. Failghe) do mharbhadh la Gallaibh.

  13. Fionnghuala inghęn Uí Cheallaigh bęn Meic Uilliam Búrc do écc.

  14. Risderd Ua Dubhagain d'écc adbar ollamhan Ó Maine eisidhe.

  15. Uilliam mac An Ghiolla Caoich Meic Cęrbaill dearscaightheach Gaoidheal i sęinm do écc.

M1380
  1. AOIS CRIOST, 1380.

    Aoís Criost, mile, trí chéd, ochtmhocchat.

  2. An t-abb Mac Diarmata Ruaidh, .i. abb na Trionoide for Loch Cé, ⁊ Domhnall Ua Lęnnáin Prióir Leassa Gobhail do écc.

  3. Seaan mac Conchobhair mic Aędha mic Domhnaill Oicc tighearna Tire Conaill, ⁊ na n-imeal c-comhfogus dhi, ⁊ ríoghdhamna Uladh uile, ⁊ a mhac Maoileachlainn Dubh do mharbhadh i mainistir Eassa Ruaidh, la Toirrdhealbhach mac Néill Uí Domhnaill, la cloinn Cathail Oícc Uí Chonchobhair, ⁊ la Muintir Dhuirnín ar ammas aidche ina fhoslongport féin.

  4. Bres-mhaidhm la Mac Uilliam Búrc for Mac Uilliam Uachtarach (Riocard p.676 Óg) h-i m-Baile Atha Leatrain. Mac Siúrtáin d'Exetra tighearna Atha Lęthain, ⁊ Seon d'Exetra do mharbhadh ann.

  5. Tadhg mac Muirceartaigh Uí Briain do mharbhadh la Brian Sremach Ua Briain.

  6. Ruaidhri mac Cathail mic Aodha Breifnicch Uí Choncobhair do theacht ar greis ar mhuintir Ruairc, ⁊ a marbhadh la Maghnus Ua Ruairc.

  7. Maidhm mór-adhbhal do thabhairt la Mág Aęngusa, Art, ar Ghallaibh, ⁊ ar Oirthęraibh. O h-Anluain tighearna Oirthear, ⁊ sochaidhe mór do Ghallaibh do mharbhadh don chur-sin.

  8. An Moirtimérach do thecht i n-Erinn immaille re mor-chumachtaibh (.i. ina Iustis). Uaisle Gaoidheal do dul ina cęnd im rioghdhamhna Ereann, .i. Niall Ó Néill, Ó h-Anluain, Ó Fearghail, Ó Raghallaigh, Ó Maoil Muaidh, Mag Eochagain, An Siondach, ⁊ aroile saor-chlanna.

  9. Art Mhág Aonghusa tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do gabhail tré fheill h-i t-tigh An Moirtimeraigh. Gaoidhil Ereann ⁊ moran do Gallaibh fęin do ghabail eccla roime iar sin fa beith ara iocht, ionnus gur chuirsęt rompa gan tataighe do dhenam air.

  10. Art mac Gęrailt Caomhanaigh do mharbhadh la Gallaibh.

  11. Maidhm mór do thabairt la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach ar Choncobhar Óg mac Seaain mic Concobhair mic Aędha mic Domnaill Óig, ar Ua n-Dochartaigh, ar Chloinn t-Shuibhne du in ro marbhadh morán dá maithibh. Dias dearbrathar Meic Suibhne do ghabhail ann, .i. EoinMurchadh. Edala aidhble do bhuain díobh d'eachaibh, d'arm, ⁊ d'éidędh.

  12.  p.678
  13. Art mac Gearailt mic Tomáis Finn (.i. do Cloind Murchadha) do mharbhadh la Mac Murchadha rí Laighęn.

  14. Sloighead la Cloinn Muircęrtaigh ⁊ la Pilib Ua Raighilligh i m-Brefne Uí Ruairc, ⁊ Tomás Macc Dhorchaid do mharbhadh dóibh. Ua Ruairc do-breith orra, ⁊ a c-cur dhó as an tír go h-aimhdheonach iar b-fágbáil coda dá n-daoinibh ⁊ da n-eachaibh dóibh.

  15. Cian mac Ruaidhri Uí Chęrbhaill adbhar dęgh-thoísigh críche éle do mharbhadh d'Aodh mac Muirceartaigh Uí Maoíl Muaidh d'urchur soighde.

  16. Sloigheadh lasan Moirtemęrach go h-Ultoibh gur milleadh dúinte ⁊ bailte iomdha don toiscc-sin lais eitir ecclais, ⁊ túaith, an Urnaidhe, Domhnach Mór, Aireaccal, ⁊ Clochar, et cetera.

  17. Corbmac Óg Mag Carthaigh, Enrí mac Domhnaill Uí Fhęrghail, Aodh mac Muircęrtaigh Mhuimhnigh Meg Eochagáin, ⁊ Domhnall mac Dauidh Meg Eochagáin d'ég.

  18. Domhnall mac Briain Uí Dhubhda tighearna Ua f-Fiachrach, ⁊ Ó n-Amhalgaidh fear cosanta a criche d'aimhdheoin GhallGhaoidheal batar ina aghaidh do ég ina baile budhdhéin an .3. Mai, ⁊ a mhac Ruaidhri do ghabhail a ionaid.

 p.680
M1381
  1. AOIS CRIOST, 1381.

    Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a h-aon.

  2. Dealb Muire Chille Móire i n-Uibh Briúin do labhairt co h-iongnath.

  3. Uilliam mac Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine aon-dhuine ro ba mó clú, aireamh, ⁊ oirrdearcus don chineadh da m-baoi, ⁊ an fear tug gairm coitchionn einigh do chliaraibh Ereann, ⁊ do dhíol iad do reir a n-oigréire uile, do écc ina Shęnoir chian-aosda iar m-buaidh n-aithrighe, ⁊ Maol Sechlainn a mhac do ghabhail a ionaidh.

  4. Tadhg Ruadh Mac Diarmada Gall 'ga m-baoi urlamhus Airtigh do mharbhadh la Cloinn Goisdealbhaigh.

  5. Diarmaitt Mhág Carthaigh adbar tighearna Deasmhumhan do mharbhadh d'Ua Mathgamna.

  6. Ceindeidigh Mac Briain ó c-Cuanach do mharbhadh la Gallaibh.

  7. Clann mic Fedlimidh Uí Concobhair d'ionnradh do Ruaidhri Ó ChoncobhairBaile an Tobair do buain díobh.

  8. Cathal mac Ruaidhri Uí Chonacobhair do ghabhail la Brian m-Ballach iar sin co crodha cosccrach i m-Beól an Tachair, ⁊ daoíne maithe immaille ris im Brian Ua m-Birn, ⁊ im Lochlainn Ua n-Ainlighe dia m-batar occ filleadh ó Chonmhaicne Dúin Móir, Brian da congbail aige i m-braighdenus co b-fuair a bręth fęin ó Ua c-Concobhair ⁊ go n-dęrnsat síth as a h-aithle.

  9.  p.682
  10. Caislen Atha Luain do gabhail don Iarla (an Moirtemerach) ⁊ mac Riocaird an t-Sonnaigh do marbhadh ann.

  11. Caislen Atha Leathain do lęgadh do Cloinn n-Donnchaidh ⁊ a chomh-la do thabhairt doibh go Baile an Mhotaigh.

  12. Ua Duinn do mharbhadh d'Fęraibh Ceall dia m-baoi ag denomh creichi orra.

  13. Pilib Ua Cinneidigh tighearna Urmhumhan, ⁊ a bean Aine ingean Meic Con Mara do écc.

  14. Slóigheadh la Niall Ó Néill i n-Oirghiallaibh, creacha móra do dhenomh dóibh, ⁊ Airghialla dia lęnmhain gur briseadar ar deireadh sluaigh Uí Neill, ⁊ gur bęnsat cuid da c-creachaibh dhíobh.Donnchadh mac Maghnusa Mheg Mathgamhna do mharbhadh don tachar-sin.

  15. Sir Émann Mortemer tighearna Gall Ereann d'écc.

  16. Dub Cablaigh inghean Aędha Meic Diarmata bęn Chathail Ruaidh Mhég Raghnaill, Lasairfhíona ingęn Toirrdealbhaigh Uí Concobair bean Mheg Raghnaill, Fionnghuala inghęn Con Maighe Ui Chatháin bean Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne, Sadhbh inghęn Uillic A Búrc bęn Uí Choncobair, Dubh Coblaigh inghęn Uí Choncobhair Fhailgigh bęn Domnaill mic Teaboid Uí maoíl Mhuaidh, ⁊ Laisairfhiona inghęn Fęrghail Uí Duibhgęnnáin bean Uí Mithidhéin an Bhealaigh d'écc.

  17. Eoghan Sionnach tanaisi Muintire Tadhgain do mharbhadh do Dalatúnachaibh.

  18. Aodh mac Muircęrtaigh Mhuimhnigh Mhécc Eochagáin do mharbhadh do Maoilir mac Teaboitt Uí Mhaoil Mhuaidh ar iomruagadh do buille ga.

  19.  p.684
  20. Ua Murchadha do mharbhadh la h-Uibh c-Ceinnsealaigh.

  21. Dunghalach Ua Madadhain do mharbhadh i n-iommruaccadh la Cloinn Riocaird.

  22. Raghnailt inghęn Mhecc Bradaigh bean Meg Dorchaidh d'écc.

  23. Eoghan Ó Cuinn taoiseach Mhuintire Giollgán do écc.

  24. Domhnall Ó Murchudha tighearna Ó f-Félimędha do marbhadh la h-Uibh c-Ceinnsealaigh.

  25. Pilib mac meic Pilib Uí Ceinnéidigh tighearna Urmhumhan, ⁊ Aini inghean Meic Con Mara a bhean do écc ina n-dís.

M1382
  1. AOIS CRIOST, 1382.

    Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchat, a dó.

  2. Tomás Ua Carmacain epscop Tuadhmuman, Matha Mag Muireadhaigh prioir Cille Moire d'écc.

  3.  p.686
  4. Diarmaid Ó Domhnaill, mac-sidhe Eoghain (.i. mac na h-Inghine Ruaidhe an t-Ęogan hi-sin) mic Aodha mic Domhnaill Óig adhbhar tighęrna Tire Conaill d'ég.

  5. Labrás Diúid do mharbhadh la cloinn t-Seaain Uí Fhearghail, Murchadh, Corbmac, ⁊ Domhnall.

  6. Fearghal Ruadh mac Donnchaidh mic Muircęrtaigh Mhóir Meg Eochagáin toiseach Chenel Fhiachach do mharbhadh la Fearaibh Ceall tre fheill i c-Cill Mona ó Raith Aodha Meic Bric soir. Fęrghal Ó Maoíl Muaidh, ⁊ mac Teabóid do-rinne an ionnsoighidh, ⁊ Maoilir Maintin ro buail é.

  7. Cuid do thaoiseachaibh Connacht do ghabhail le Ruaidhri O c-Concobair ina oirechtus fén, .i. Ó h-Ainlighe, Ó Birn, ⁊ Mac Cęithernaigh tre mar fuair a fhios orra co m-bádar ag dénomh caradra ina aghaidh le cloinn męic Fedlimidh

  8. Rudhraighe mac Seaain Uí Fearghail d'ég.

  9. Clann Muiris d'ionnsoighidh Corco Modha, ⁊ creach do denamh dhoibh orra, ⁊ Ua Concęnainn do dol i t-toraighecht na creiche, ⁊ a mharbhadh fo cętoir. Concobar Óg Mac Diarmata cona braithribh d'ionnsoighidh Cloinne Muiris iar sin, ⁊ p.688 ro badh do-rochtain rompa, Clann Muiris cona t-tionól do beith suidighthe ar a c-cionn. Iad-somh do dhul da n-aimhdheóin gusan m-baile, a losccadh doibh eidir foirgneamh ⁊ arbar, ⁊ daoine dho mharbhadh ina timcheal ⁊ imthecht do Chonchobhar gona mhuintir as a h-aithle tre neart a n-ęngnamha gan dioghbhail do dhenamh d'aon-chuid diobh.

  10. Creach-sluaigheadh la Murchadh Ua m-Briain go Dęsmumhain gur ro-s-leraircc í.

  11. Domhnall mac Mathgamhna Duinn Ui Cheinneittigh, ⁊ Emann Ócc mac Emainn Buitiler do écc.

  12. Muircęrtach mac Mathgamhna Maon Maighe Uí Briain d'écc h-i b-priosún Bhaile Atha Truim.

  13. Domhnall Ó Briain, Toirrdhealbhach mac Diarmata Uí Briain/, ⁊ Brian mac Diarmata Uí Briain do cloinn Briain Ruaidh do écc.

  14. Giolla Brighde Ó Sgingin adbar ollamhan Chinél c-Conaill do écc.

  15. Muircęrtach Ócc mac Meic Maghnusa Tiré Tuathail do écc.

M1383
  1. AOIS CRIOST, 1383.

    Aoís Críost, míle, trí chéd, ochtmhoccat a trí.

  2. An t-abb Mac Dauit, .i. abb na Búille Saoi ar dérc ⁊ ar daonachtt do écc.

  3. Tadhg Mac Donnchaidh (.i. mac Tomaltaigh mic Donnchaidh o raitęr Clann n-Donnchaidh) tighearna Tíre h-Oilealla fear lán d'féle ⁊ d'eineach do écc Aine an Chésda ⁊ a mhac Tomaltach do gabail a ionaidh.

  4. Sloigheadh mór le Niall Ó Néill cona cloinn, ⁊ go maithibh Cenél Eoghain i t-Trian Conghail d'ionnsoighidh for Ghallaibh, gur loisgeadh ⁊ gur lomairgeadh iomat da m-bailtibh. Goill na criche do chruinniughadh ar a c-cionn. Aodh Ó Néill, p.690Raibilin Sauaois do thęgmhail re aroile i n-iomruagadh marcshluaigh, da forgomh for-nęrtmara da c-craoíseachaibh do tabairt h-i c-curpaib aroile doibh. Raibilin do dul beoghonta dia thigh ⁊ Mac Eoin Biséd da athmarbhadh ann, ⁊ Aodh Ua Néill do écc an treas lá iarna lot tria bithin a ghona. ⁊ Mac Eoin Bisett do marbhadh la muintir Raibhilín an tręs lá iar marbhadh Raibhilín fęisin.

  5. Muircęrtach Ua Flannagain taoiseach Thuaithe Ratha, ⁊ Corbmac mac Airt Mhecc Uidhir d'écc.

  6. Seaan Mac GaffraidhMaghnus Mac Dauith do mharbhadh in en-ló.

  7. Art mac Tomais Fhinn do Chloinn Murchadha ríoghdhamhna Laighen do mharbhadh do Ghallaibh Condaoí Locha Garman.

  8. Pláigh aidhbhseach anbhfóill go comchoitchinn seachnon Érionn.

  9. Art Mag Aonghusa tighearna Ó n-Eachdhach Uladh én-phost einigh Ereann ina aimsir, d'écc don plaigh i m-Baile Átha Truim, ⁊ é i láimh occ Gallaibh.

  10. Murchadh na Raitnighi Ó Briain, Mor inghęn Murchadha Uí Madadhain bean Meic Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Riocard), Siobhan inghęn iarla Urmhumhan bęn Taidhg Uí Chęrbaill tighearna Éle, d'ég di.

  11. Murchadh mac Briain Uí Chinneidigh, Donnchadh an Chúil Mac Mathghamhna tighearna Corca Bhaiscind, Eoghan mac Donnchaidh mec Ruaidhri Uí Cheallaigh, ⁊ Lundrasach Bhaile átha Buidhe d'écc.

  12. Fonntach Tighe Munna, ⁊ Inghęn Uí Briain bęn Uí Chinneidigh do écc.

  13. Onara inghęn Uilliam Burc bęn Uí Mhechair. Mac Giolla Patraicc tighearna Osraighe, ⁊ Mac Ceallaigh Meic Giolla Patraicc tanaisi Osraighe d'écc uile don pláigh cédna.

  14. Diarmait Ó Diomusaigh tighearna Cenel Maoil Ughra do mharbhadh la Gallaibh.

  15.  p.692
  16. Donnchadh O Concobhair tighearna Ciarraighe Luachra, ⁊ Maoileachlainn Mhag Shamhradain tanaisi Theallaigh Eachdach d'écc.

  17. Seaan mac Domhnaill Uí Fhęrghail tighearna na h-Angaile d'écc i l-Lios Aird Abla ⁊ a adhnacal i mainistir Leath Rátha.

  18. Cathán mac Ruaidhri Uí Chatháin, Seaan Gallda mac an iarla, Uilliam Baróid, ⁊ Ruaidhri mac Aędha Óig Uí Maoil Mhuaidh tighęrna Fęr c-Ceall do écc.

  19. Ruaidhri mac Airt Meg Uídhir do mharbhadh la mac Donnchaidh Meg Uidhir.

  20. Diarmait Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do écc.

  21. Fęrghal mac Tomais Mec Tighearnain,taoíseach Tellaigh Dunchadha do écc.

  22. Murchadh mac Cathaoir Uí Choncobhair Fhailghe do écc.

  23. Milig Mac Oisdelb do marbhadh la cloinn Fhiachra Uí Fhloinn.

  24. Iomhar Ó h-Áinlighe adhbar taoísigh Chenél Dobhtha do mharbhadh la a chineadh fęin.

  25. Cathal mac Sefraidh Uí Fhęrghail do écc.

  26. Diarmaitt Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do dhénamh creiche ar Ua Ruairc.

M1384
  1. AOIS CRIOST, 1384.

    Aois Criost, mile, tri chéd, ochtmhocchatt, a cęthair.

  2. Seon Mac Giolla Coisccli, maighistir, airchindeach, ⁊ pearsun Airigh Broscca d'écc.

  3. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair Rí Connacht d'écc don pláigh chędna aidhche Fhéli Catairiona iar c-caithęmh sé m-bliadhan dég ⁊ ráithe i láin-ríghe Connacht amail dearbhus an file Maoilin Ua Maoíl Conaire i n-duain an réme riograidhe. p.694

    1. Fuair Ruaidhri Rioghdha an snaithe,
      A sé décc as dęgh-ráithe
      Do Chruachain Aoí gan iorghail,
      Mac tacharborb Toirrdhealbhaigh.

    thighęrna do dhęnomh h-i Conachtaibh iar sin, i. Toirrdhealbhach Ócc mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh do oirdneadh h-i t-tighęrnus d'Ua Cheallaigh, do Chloinn Riocaird, do Domhnall mac Muirchęrtaigh Uí Concobair, ⁊ do Chloinn n-Donnchadha archęna, ⁊ Toirrdhealbhach Ruadh mac Aędha mic Félim mic Aodha mic Eóghain do oirdnędh h-i t-tighęrnus mar an c-cędna do Mhac Diarmata, do Cloinn Muircęrtaigh Muimnigh, ⁊ do thaoiseachaibh Sil Muireadhaigh archęna, gur ro fhás coccadh h-i c-Connachtaibh uile h-i coitcinne iar sin co m-batar ar na c-commbuaidhreadh tremhid.

  4. Mag Raghnaill (.i. Mág Raghnaill Dubh ).i. Diarmait mac Maoileachlainn sár-thaoiseach einigh ⁊ ęngnamha Muintire h-Eólais do mharbhadh tre fheill la cloind Raghnaill Meg Raghnaill i n-dorus tighe Risdet Mecc Raghnaill.

  5. Muircheartach Ó Conchobhair tighęrna Ó bh-Failghe d'écc iar c-cian-aois.

  6. Tomaltach Mag Dorchaidh taoiseach Cenél Duachain do mharbhadh la a scín fén, ⁊ é ag cur chru.

  7. Comhdhal oirechtais eidir Ua b-FlaithbeartaighUa Máille. Imręsain do ęirghe ętorra da t-torchair Eoghan Ó Máille, Corbmac Ó Máille (.i.Corbmac Cruinn), ⁊ sochaidhe immaille friu la muintir Fhlaithbeartaigh.

  8. Carrac Fhęrghusa do losccadh la Niall Ó Neill, ⁊ nęrt mór do chor ar Ghallaibh dó.

  9.  p.696
  10. Cu Connacht Ua Fęrghail (.i. mac Aodha) tighęrna Mhoighe Treagha, ⁊ Seffraidh Ó Fęrghail d'écc.

  11. Uilliam mac Sir Émann a Burc, ⁊ Riocard mac Maidiucc mic Tomin Baired feichęm coitchionn na c-cliar do écc.

  12. Uigistin Ua Duibhgęnnáin ollamh Chonmhaicne re sęnchus d'écc.

  13. Ualgharcc Ua Ruairc dęgh-adhbhar Breifne do bathadh ar Loch Gamhna.

  14. Pilip Ua Raghailligh tighęrna Muintire Maoíl Mordha do écc.

  15. Maoilir mac Sir Uilliam Burc do mharbhadh do easccar, Sęaan, ⁊ Dauit da mhac ele Meic Uilliam Burc do écc don plaigh.

  16. Maghnas mac Maoilechlainn Uí Fhęrghail, Tomaltach mac Cairpre Uí Fhęrghail, ⁊ Fęrghal mac Cathail Uí Fhęrghail do écc.

  17. Sluaiccheadh la Domhnall mac Muircęrtaigh gona oirechtaibh i Maigh Luircc go ro lóiscc longport Meic Diarmata.

  18. Donnchadh Ó Dubhda do écc, a mhac Muirceartach do ghabháil a ionaidh.

  19. Domhnall mac Flaithbęrtaigh Uí Ruairc do écc.

M1385
  1. AOIS CRIOST, 1385.

    Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a cúig.

  2. Dauith mac Emainn mic Hoibęrd do ghabhail la h-Ua c-Conchobhair, ⁊ a écc iar sin ina braighdęnus i m-Baile an Topair.

  3.  p.698
  4. Sluaigheadh la h-Ua Ruairc ⁊ la mac Donnchaidh gona saor-clannaibh lęth ar lęth go Magh Luirg, gur loisccsęt longport Meic Diarmata, ⁊ an tír uile i coitchinne, mac Seaain Uí Eaghra do mharbhadh i t-toraigheacht an t-sluaigh-sin, ⁊ a brathair oile do ghabháil.

  5. Feidhlimidh Clereach Ó ConchobhairConchobhar Óg Mhac Diarmada do dhul ar sluaigheadh co Tír n-Oilella. Raibhthe do-rochtain rómpa, oirchill do dénomh fa c-comhair. Iad-somh do dhul fon tír iaram, daoine, ⁊ indile do mharbhadh doibh innti, lucht iomchoimheda na criche do-bręith orra iar sin, tachor dhóibh fri aroile. Cathal Cairpreach Mac Donnchaidh do marbhadh, Concobhar Mac Diarmada do ghabhail ⁊ Fęidlimidh Ó Concobhair do lot.

  6. Ionnsoighidh do thabhairt do Muirchęrcach mac Cathail, do Corbmac mac Ruaidhri, do Tadhg Mac Diarmata, ⁊ do Chathal Mac Diarmata for Mág Raghnaill Ruaidh, ⁊ for Aodh Ua c-Concobhair. A n-gabháil diblinibh doibh, ⁊ a m-breith go Carraic Locha Cé da c-coimhéd.

  7. Cathal Ua Fęrghail dęgh-adhbhar tighęrna na h-Anghaile, ⁊ Cú Maighe Ó Cathain tighearna Oirectha Uí Chatháin do écc fo rinn airmhe ⁊ oirrdearcais.

  8. Ua Concobhair Ruadh, Mac Diarmata, clann Muircęrtaigh, ⁊ taoisigh Connacht do dhul sluagh lan-mór go h-Uíbh Maine. Baile mic Emainn Uí Cheallaigh do losccadh doibh. Uilliam Buidhe Ó Neachtain do marbhadh don chur-sin.

  9. Fir Bréifne, ⁊ muintir Thíre h-Oilella do theacht a c-comhdhail Uí Choncobair p.700 Duinn. Ionnsoighidh do thabhairt doibh go Corc' Achlann gur loisccędh moran da m-bailtib leo, ⁊ gur gęrradh iomad da n-gortaibh.

  10. Tír Fiachrach do losccadh do Mhac Uilliam Burc. A dhul go Slicceach as a h-aithle ⁊ a losccadh lais mar an c-cędna imaille re Cairpre abus, tachar do thabhairt dó annsin.M' áidecc Maol do mhaithibh a muintire do mharbhadh, ⁊ braigde do buain de as a h-aithle.

  11. Tir Amhalgadha do losccadh la Domhnall mac Muircęrtaigh Uí Choncobhair, sochaidhe do dhaoínibh do marbhadh, édála móra do dhenamh do innte, ⁊ braighdemaithibh do thabhairt dó lais iar sin.

  12. Maidhm do thabhairt la Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua b-Failghe ⁊ la Cenél Fhiachach for Ghallaibh na Midhe i t-Tóchar Cruacháin Brí Éle in ro marbhadh Uinnsionnach na Midhe, An Seomrach, ⁊ a mhac, ⁊ líon dírímhe immaille friú do mhaithibh Gall, ⁊ dá n-daoscur-sluagh.

  13. Tanaidhe Ua Maol Conaire ard-ollamh Connacht i sęnchus, ⁊ i f-filidhecht d'écc (.i. im Lughnasadh) ina tigh féin iar m-buaidh n-ongtha, ⁊ n-aithrighe, ⁊ a adhnacal i Cluain Choirpthi co h-onorach.

  14. Sith do dhęnomh do Connachtaibh re roile, ⁊ Síol Muireadhaigh do roinn ar dhó etir an Ua Conchobhair.

  15.  p.702
  16. Art mac Airt Mhoir Uí Mhaoileachloinn; Dearbforgaill inghean Chathail Óig bean Uí Chonchobhair Ruaidh, ⁊ Bean Mhidhe inghęn Mécc Mhathgamhna bęn Uí Neill d'écc.

  17. Giolla Criost Mac Gille Finnéin taoiseach Mhuintire Pheodachain d'écc.

  18. Creacha mora la Cloinn n-Donnchaidh i c-Cęra. Clann Cathail Óig Uí Concobair do-breith orra, Sdondunaigh, ⁊ mor-sochaidhe oile immaille friú,Maidhm do thabhairt for Chloinn n-Donnchaidh, moran da n-daoínibh do marbhadh, ⁊ iad féin do chor isteach i c-Cill Chonduib as a h-aithle.

 p.704
M1386
  1. AOIS CRIOST, 1386.

    Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a sé.

  2. Aine inghęn Taidhg Meic Donnchaidh bęn Tighęrnáin Uí Ruairc (tighearna Breifne) aon-rogha ban Leithe Cuinn d'écc i t-Tuaim Seancha acc Loch Fionnmaighe, ⁊ a h-adnacal i Slicceach.

  3. Cairbre mac Briain mic Murchadha Ui Fearghail tighęrna Calaidh na h-Anghaile, fear tiodhlaictheach tabhartach crodha cosantach d'écc ięr m-buaidh n-anma ⁊ n-oirrdearcais, ongtha ⁊ aithrighe.

  4. Niall mac Con Choiccriche Óig Mhéicc Eochagain adhbhar tighęrna a chinidh do mharbhadh la h-Uilliam n-Dalatún, ⁊ la a mhac.

  5. Maghnus mac Aędha Meic Diarmada do mharbhadh do Dhalatúnachaibh bheos.

  6. Sloigheadh mór la Domhnall mac Muircęrtaigh Uí Chonchobhair, la Cloinn n-Donnchaidh, la h-Ua n-Dubhda, ⁊ la Muintir Ęaghra i c-crich Meic Uaittin. A h-ionnradh, ⁊ a h-arguin uile don chur-sin, ⁊ morán do daoínibh do mharbhadh im Roibęrd Dúin Domhnainn, ⁊ im Mac Maoilir an Chorrainn, ⁊ im M'Aigeocc Gallda, ⁊ caislen Lionoid do gabhail, aball-ghort Caęrtannain, ⁊ aball-gort Insi Cua do gearradh leó.

  7. Ereamhon Ua Maoileachloinn do marbhadh do Mhag Amhalgaidh ⁊ do Dalatunachaibh.

  8. Ua Concobair Ruadh cona b-fuair lais do Chonnachtaibh do dhul do chongnamh le Mac Uilliam Búrc i n-aghaidh Domhnaill mic MuircheartaighCloinne p.706 Donnchaidh. Creacha mora do thabairt a Tír Fiachrach Mhuaidhe dhóibh. A n-dul iar sin for creach-ruathar i Cloinn Riocaird. O Briain do breith orra go mór-sluagh imaille ris, ⁊ Mac Uilliam Cloinne Riocaird mar an c-cędna. O Conchobair Ruadh d'iompúdh friú. Maidhm do tabhairt dho forro, ⁊ Conchobhar mac Taidhg mic Conchobhair Uí Briain do mharbhadh leo do ruathar-sin.

  9. Sochaidhi do Ghallaibh Osraighe do thuitim la Mac Murchadha rí Laighen.

  10. Domhnall Mhág Cochláin tighearna Delbhna d'écc.

  11. Finghin mac Ruaidhri Mag Eochagain do mharbhadh.

  12. Sith do denumh do Connachtaib re aroile a h-aithle a c-cogaidh, ⁊ Mac Uilliam Burc do dhul i teach Meic Uilliam Cloinne Riocaird, ⁊ tighearnas do thabhairt dó. Mac Feorais do dul ina theach on mudh c-cętna.

  13. Donnchadh Mac Caba do mharbhadh la cloinn Maghnusa Uí Raghallaigh.

  14. Cathal Ó Nechtain do mharbhadh la h-Ó c-Concobhair Ruadh.

M1387
  1. AOIS CRIOST, 1387.

    Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a Seacht.

  2. Teach do dhęnom in Eamhain Macha do Niall Ó Néill (do rígh Uladh) do díol dámh Éreann.

  3.  p.708
  4. Sadhb inghęn Aodha Uí Néill aon-rogha ban slechta Néil Naoíghiallaigh re na linn bean mic Eóin Bised do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  5. Riocard Ócc, .i. Mac Uilliam Cloinne Riocaird d'écc.

  6. Goffraidh Fionn Ó Dalaigh ard-ollamh Ereann le dánRuaidhri Ó Cianáin saoi seanchadha, ⁊ ollamh Oirghiall eisidhe do écc.

  7. Domhnall mac Donnchadha Docair Mhég Uidhir, ⁊ Matha Mac Conlęgha do mharbhadh i Cill Naile.

  8. Concobhar mac Briain Carraigh Uí Néill do marbhadh la Gallaibh an t-Sratt-baile.

  9. Uilliam mac Diarmada Meg Raghnaill adbar taoisigh Muintire h-Eolais do marbadh la Muintir Bhirn.

  10. Eoin mac Aenghusa Meic Domhnaill tighearna Insi Gall do écc.

  11. Diarmaitt Ruadh Ó Duirnín do écc.

  12. Teach do denamh i n-Eamhain Mhacha la Niall Ó Neill, ar ni bhuí tęgh inti-sidhe fri ré inchęin go sin.

 p.710
M1388
  1. AOIS CRIOST, 1388.

    Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a h-ochtt.

  2. Corbmac Mac Donnchaidh riogh-ghaiscceadhach Thíre h-Oilella, ⁊ a tanaisi do dhol ar creich oidhche i Muigh Luirg. Creacha mora do dhénomh lais. Ó Concobhair Ruadh, clann meic Fedhlimidh, clann Chathail Óicc Uí Chonchobhair, ⁊ clann Aedha Meic Diarmada .i. Cathal, ⁊ Corbmac gona sochraidibh da leanmhain i t-toraighecht na c-creach. Corbmac Mac Donnchaidh do gabáil deireadh for a muintir fein. Chuid do muintir Uí Choncobhair da ionnsoighidh cédus, ⁊ a m-beith 'ga ammus gan choigill, Ua Concobhair fęin do-breith orra, ⁊ do smachtadh ara muintir gan eisiomh do mharbhadh da n-damhadh a ghabháil. Gidh ędh nochar fhaomhsomh anacal gur beccęn a marbadh fo dheoidh ⁊ ní raibhe da chineadh cobéis dó ar eineach, ⁊ ęngnomh go sin. Concobhar Mac Donnchaidh, Murchadh mac Corbmaic Meic Donnchaidh, ⁊ Mac Diarmada Ruadh do ghabháil iar sin, ⁊ braigde do dhénomh dhíobh. O Concobair Ruadh da leanmain tar sliabh síos iaramh ⁊ Clann n-Donnchaidh do thecheadh roimhe fo chúil maile ⁊ fó íochtar Tire h-Oilella.

  3. Muircęrtach mac Domhnaill mic Muirchęrtaigh Uí Chonchobhair do dhul fo fhoslongphort Uí Domhnaill i c-comfhogus Essa Ruaidh ⁊ daoíne iomdha do mharbhadh lais don ionnsoighidh-sin im cloinn Uí Bhaoighill, ⁊ im Ua n-Gallcobair cona m-braithribh. Mac Suibne ⁊ a mac do ghabail do, ⁊ a t-tabhairt lais iaram immaille re h-édáil each arm ⁊ eideadh, ⁊ Clann Muirchęrtaigh do iompúdh for Ua n-Domhnaill don chur-sin.

  4. Seaan Ruadh Ua Tuathail tighęrna Ó Muireadhaigh cleithe ęinigh ⁊ ęngnomha  p.712 a chinidh do mharbhadh do mhoghaidh da mhuintir féin ar lár a longpuirt feisin, ⁊ an bodach do mharbhadh inn fo chéttóir.

  5. Clann Uí Chuirrnín, Siodhraidh, Cairpre, ⁊ Giolla Patraicc do mharbhadh la Gallaibh Laighen.

  6. Creacha móra do denomh Ua Conchobhair Ruadh ⁊ da Mac Diarmada ar Ua c-Concobhair n-Donn ⁊ coccadh coitchionn d'eirghe h-i c-Connachtaibh as a loss. Mac Donnchaidh do losgadh Muighe Luirg trias na creachaibh remraite.

  7. Cú Coiccriche Ó Maoíl Mhuaidh tighęrna Fęr c-Ceall do écc.

  8. Commbuaidhreadh coccaidh eidir Ua RuaircClann n-Donnchaidh.

  9. Domhnall Ua Concobhair do dul ar Machaire Connacht. Ard an Choillín, ⁊ Inis Locha Cairrgín do losccadh lais ⁊ Domhnall Óg Mac Domhnaill (.i.consabal gallocclach) do mharbhadh don toiscc-sin.

  10. Sluaigheadh la h-Ua n-Domnaill .i. Toirrdhealbhach an Fhiona, ar Cloinn Muirchęrtaigh go rainic co Sligeach co ro h-indreadh ⁊ co ro h-oirgeadh Cairpre Droma Cliabh uile lais ⁊ iar marbhadh sochaidhe ⁊ iar n-indradh na criche don chur-sin do thaęt Domhnall mac Muircęrtaigh i teagh Uí Dhomhnaill co n-dęrna sidh fris, ⁊ do-bert a oighriar n-dó la taobh na n-giall ro gabhadh ó Chenél c-Conaill riasan tan-sin.

  11. Coccadh eittir Ua RuaircClann n-Donnchaidh, ⁊ Domhnall (.i. mac Muirceartaigh) do eirghe le Cloinn n-Donnchaidh.

  12. Maghnas mac Maoileachlainn Meic Maghnusa do mharbhadh la cloinn Meic Donnchaidh, ⁊ la Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh.

 p.714
M1389
  1. AOIS CRIOST, 1389.

    Aois Criost, mile, trí chéd, ochtmoghat, a náoi.

  2. Biocaire Innsi Caín d'écc.

  3. Niall Ócc Ó Neill do ghabhail do Ghalloibh.

  4. Muiris Maol Ua Concobair Failge do marbhadh d'aon-urchor soighde ag tęmpall Cluana Da Thorc la fęr d'Uíbh c-Ceallaigh Legi.

  5. Maoilechlainn Cam Ua Lochlainn tighearna Corc' Modruadh do marbhadh la a dęrbrathair fęin i b-feill.

  6. Eoghan Ó Ruairc ⁊ clann Cathoil Óicc do dhul go Caislén an Uabhair. Marcsluagh Muintire h-Éilighi d' ęirghe dóibh. Ruaig do thabhairt orra. Maghnus Ó h-Élighi do marbhadh annsin, ⁊ daoine oile. Creacha Muintire h-Élighi do denamh doibh iaramh, ⁊ Muircęrtach ó h-Élighi do mharbhadh. Sith do dhenamh d'Ua p.716 Ruairc, do Dhomhnall mac Muircęrtaigh, ⁊ do Cloinn n-Donnchaidh iar sin re 'roile. Sith do denamh do Mhac Diarmata ⁊ do Cloinn n-Donnchaidh bęos, ⁊ na braighde do bęnadh do Cloinn n-Donnchaidh roimhe do tabhairt doibh, ⁊ Cathal Mac Diarmata baí i m-braighdęnus ag Cloinn n-Donnchaidh do lęiccęn amach iar snadmadh na síodha rémraitte.

  7. Creacha Tíre Conaill do denamh do Domhnall mac Muircęrtaigh.

  8. Raghnall Mag Ruairc flaith Teallaigh Conmasa d'écc.

  9. Brian mac Domhnaill Oícc Uí Raighilligh do marbhadh do Cloinn Muirceartaigh.

  10. Maghnus Ua Ruairc do gabhail do Corbhmac Ua Fęrghail tre tangnacht.

  11. Aiffric inghęn Aodha Uí Néill, bęin Henri Aimhręidh Uí Néill, do écc.

M1390
  1. AOIS CRIOST, 1390.

    Aois Criost, míle, trí chéd, nochat.

  2. Niall Ó Taichlich canánach coradh Clochair, ⁊ comharba Daimhinnsi d'écc.

  3. Petrus Ua h-Eoghain dęccánach Locha h-Erne, ⁊ Parthalón Ó Conghaile canánach, ⁊ sacrista Lęsa Gabhail d'écc.

  4. Coccadh mór etir Ua RuaircÓ Raighilligh. Anghailigh, ⁊ Eolasaigh, ⁊ p.718 Clann Muircęrtaigh do thocht fo toghairm ar coccaidh isin tré sheoladh Domhnaill mic Muircęrtaigh, ⁊ Tomaltaigh Meic Donnchaidh.

  5. Maghnus Ó Ruairc baí i m-braighdęnus ag Ua Raighilligh i c-cloich Locha h-Uachtair d'elodh esde, ⁊ tarraing dó go caislén Locha an Sccuir. Clann Muircęrtaigh d'faghbail bratha air, ⁊ a marbhadh doibh ag teacht as coite amach do.

  6. Sith do denam d'Ó Ruairc, ⁊ d'Ua Raighilligh, ⁊ comtha móra d'faghail d'Ua Raighilligh ar son easccarat Uí Ruairc d'athcur, ⁊ d'ionnarbadh uaidh. Eogan Ua Ruairc, ⁊ mac Cathail Riabhaigh do tabairt do i n-gioll ris na comhtaibh-sin.

  7. Clann MuircęrtaighTeallach Dunchadha do denamh imerce nęirt ar Muintir Ruairc im Fhiodh Ua Fionnoicce, ⁊ im Sliabh c-Corrain, ⁊ im Cenél Luachain.Iarna fhios sin d'Ua Ruairc (⁊ é i n- Glionn Gaibhle an tan-sin) rucc a imirgędha lais fo bharr Chenél Luachain. Ionnsaighidh do thabhairt dó forro-somh, maidhm forra roimhe, ⁊ marbhadh do bęith ar a n-ellaigibh ⁊ ar a n-daoínibh o Bheal Atha Doire Dubain go mullach na t-Tulach m-Brefnech.

  8. O Raighilligh, .i.Tomás mac Mathgamhna d'écc, ⁊ Seaan mac Pilip Uí Raighilligh do gabhail tighearnais.

  9.  p.720
  10. Caislén Chille Barrainne do briseadh la Domhnall mac Muircęrtaigh.

  11. Brian Mac Aodhaccain ollamh na Brefne i m-bręithęmhnas d'ecc, ⁊ Seaan (.i. oifficel Mac Aodhacain) fear ionaid Briain do marbhadh cęitheora h-oidche ria Nodlaic.

  12. Duibhgionn Ua Duibhgionnáin ollamh Conmaicne i sęnchus d'écc.

  13. Fęrghal Ua h-Ęghra tighęrna Luighne d'ecc.

M1391
  1. AOIS CRIOST, 1391.

    Aois Criost, míle, trí chéd, nochat, a h-aon.

  2. Ua Ruairc, .i. Tigęrnan do dhul i c-coinne Uí Raighilligh, Sheaain, go Druim Lęthain uathadh sochraide. O'd-chualatar Clann Muirceartaigh Uí Choncobhair sin tiaghoid foir-lion roimhe ar Bealach an Chrionaigh. Brisis Ó Ruairc cona bęccán buidhne orra, ⁊ marbhais Seaan mac Mathgamhna Uí Choncobhair, ⁊ Donnchad mac Aodha an Cleitigh da laim budęin genmothá ar marbsat a muintir don cuid ele díb.

  3. Domnall Ócc Mág Cárthaigh tigęrna Dęsmumhan d'écc, ⁊ a mhac Tadg do ghabhail tigęrnais na dheoidh.

  4. O h-Anluain taoiseach na n-Oirthęr do mharbhadh da bhraithribh fęin tre fheill.

  5.  p.722
  6. Mac Gilli Muire (.i. Cu Uladh Ua Morna) taoiseach Ua n-Ęrca CeinLeithe Cathail do mharbhadh da brathair budhęin.

  7. Tadg mac Gille Coluim Uí Uiginn, ⁊ Be Bhinn inghean Uí Maoil Conaire ollamh dęrsccaighte i n-dán, ⁊ i n-daonnacht d'écc iar n-aithrighe.

  8. Corbmac Maol Ua Fęrghail do mharbhadh h-i f-fiull la Gallaibh.

M1392
  1. AOIS CRIOST, 1392.

    Aois Criost, míle, tri céd, nochat, a dó.

  2. Grigoir Ua Mochain aird-easpucc Tuama saoí cráibdheach deshęrcach do écc. Enrí Aimhręidh mac Neill Móir Uí Néill rioghdamhna Cenél n-Eoghain, ⁊ dęgh-adhbhar aird-righ Erenn do chęrt, d'uaisle, ⁊ d'einech d'écc, fo fhel Brénoinn iar m-buaidh n-ongtha, ⁊ n-aithrighe.

  3. Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabhail la Toirrdhealbhach an Fhíona Ua n-Domhnaill tigęrna Tire Conaill. Creacha, ⁊ urtha aidble do dhenamh dó ar mac Enrí cona muintir an la cedna.

  4. Mor-sluaigheadh la Niall Ua Neill Rí Chenel n-Eoghain go maithibh in chuiccidh ime do shoighidh Gall Tragha Baile agus Duini Dealgain, nęrt do chur orra dó don dul-sin, ⁊ Seffín Faoít do thuitim lais iar t-tabhairt tachair doibh du 'roile.

  5.  p.724
  6. Sloiccheadh mór do-bręith d'Ua c-Concobhair Donn (go n-urmhór maithe Connacht ina fharradh) go h-Uibh Maine. An tír do losccadh ⁊ do lomarccain doibh. O Concobhair Ruadh dia lęnmain. Cathal mac Aodha Uí Ruairc do bheith ar dęirędh slóigh Uí Choncobhair Dhuinn, ⁊ a ghabhail la h-Ua c-Concobair Ruadh, ⁊ sochaidhe da muintir do marbadh.

  7. Condaois Dęsmumhan inghęn iarla Urmumhan, bęn dęrlaictheach dęigh-einigh d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  8. Toirdhealbhac Mac Briain ó c-Cuanach Ruaidhri mac Donnchaidh Uí Chęrbhaill tánaisi Eile, ⁊ Fionnghuala inghęn Maghnusa mic Cathail Uí Concobhair d'écc.

  9. Diarmaitt Mag Eochagain taoiseach Cenel Fiachach do ecc.

  10. Sloiccheadh mór la h-Ua Neill, Niall, ⁊ la cloinn Enrí Uí Néill co n-Ulltoibh uile h-i c-Cenél c-Conuill for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbach. Sloigheadh ele la Domhnall mac Muirchęrtaigh cona braitribh for Ua n-Domhnaill bęós. Creacha an tire do tęicheadh fo diamraibh, ⁊ fo dhroibhélaibh, ⁊ Ó Domhnaill cona shochraitte do bęith for cúl a mhuintire. Ni ro h-anadh lasan sluagh c-connachtach go rangatar go Cęnn Maghair. Fo gabhaitt édala an dú-sin. Ticc Ua Domhnaill cona sochraitti ina lęnmain go raímheadh forra go ro marbaitt sochaidhe diobh im mac Donnchaidh Még Cába. Dála Uí Níill ⁊ cloinne Henri cona slogh ro h-aircceadh leo-sidhe críoch Uí Dochartoigh eittir cill ⁊ tuaith, ⁊ ní ro h-anadh leó-sidhe go rangatar go Fearsaitt Mhoir i n-aireas catha d'Ua Domhnaill. Battar athaidh aghaidh i n-aghaidh amhlaidh-sin. Cona eadh do-ronsat sídh do denamh fo dęoidh.

  11.  p.726
  12. Cręcha la h-Ua n-Domhnaill ar cloinn t-Sęain Uí Domhnaill, uair báttar iad-sidhe baí ag tarraing Cloinne Muircęrtaigh, ⁊ d'eolus ręmpa ar an sluaigheadh ręmhraite.

M1393
  1. AOIS CRIOST, 1393.

    Aois Criost, míle, trí céd, nochat, a trí.

  2. Seaan mac Seaffraidh Uí Raighilligh espucc na Breifne d'ecc.

  3. Matha Ua h-Eoghain caibellán Innsi Caín d'écc.

  4. An Sacart Ó Clérigh do écc.

  5. Aodh mac Concobair (.i. mic Tomaltaigh) Meic Diarmada tigęrna Moighe Luirg d'écc iar m-buaidh n-ęinigh ⁊ n-aithricche, ⁊ Cathal a mhac do bhathadh iaramh.

  6. Maol Ruanaidh mac Fęrghail Meic Diarmada do ghabhail tigearnais Moighe Luircc tre nęrt ⁊ tre cuidiuccadh Thomaltaigh Meic Donnchaidh.

  7. Ionnsaighidh do thabhairt do chloinn Aodha Meic Diarmada go Cluain Ó c-Coindén (i c-caladh Locha Techet) ar mhac n-Diarmatta. Iombualadh do thabhairt doibh dia 'roile.Briseadh for chloinn Aodha. ConcobharRuaidhri dá mhac Aodha Meic Diarmata do ghabhail. Fęrghal mac Donnchaidh Riabhaigh do ghabail imaille riú, ⁊ a éludh as a h-aithle. Domhnall Dubh Mac Diarmata ⁊ sochaidhe oile do mharbadh don toiscc-sin ina t-timcell.

  8.  p.728
  9. Brian mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tanaisi Ua Maine, Fęrghal Mag Samhradhain taoíseach Teallaigh Eachdhach, fęr go n-úire n-ęinig do cliaraibh, ⁊ Maghnus Ó h-Eaghra tanaisi Luighne d'écc.

  10. Sith do dhénamh d'uaislibh Moighe Luircc re 'roile im roinn a n-domhgnasa, ⁊ im chomfuasluccadh a n-giall a gęimhlibh.

  11. Raghnailt inghean Aodha mic Fęidhlimidh Uí Choncobhair bęn dęigh-dealbhdha daonnachtach, Muiris Cam mac Ruaidhri Még Eochagain, ⁊ Brian mac Uilliam Óicc Mécc Eochaccáin d'eg.

  12. Edaoin inghęn Cathail Oícc Uí Concobhair bęn Brian mic Maoilęchlainn Uí Chellaigh, DomhnallEmann da mhac Maoileachlainn Uí Cheallaigh, ⁊ Diarmait Ua Flannaccain adhbar taoisigh Tuaithe Ratha do écc.

  13. Mainistir Chille h-Achaidh i n-espuccóidecht Chille Dara do dhenomh do braithribh S. Franseis la h-Ua c-Concobhair f-Failge.

M1394
  1. AOIS CRIOST, 1394.

    Aois Criost, mile, trí chéd, nochatt, a cęthair.

  2. Richard Ri Saxan do thecht i n-Erinn fo Fheil Michil, ⁊ a thecht i t-tír h-i Port Lairge ⁊ a dhol asidhe go h-Ath Cliath.

  3.  p.730
  4. Giolla Domhnaigh Ua h-ęoghain oifficel Locha h-Erne,pearsún ⁊ airchinnech Insi Caoín, Matha Mac Giolla Coisccle biocaire Claoininsi, ⁊ Lucás Mág Scoloicce biocaire Achaidh Urchair do écc.

  5. Iarla o Mars do thect i n-Erinn.

  6. Tadg mac Giolla Iosa Uí Flannaccáin taoíseach Tuaithe Ratha do mharbhadh la cloinn Dauéd Uí Flannaccain, ⁊ la cloinn Muircęrtaigh Uí Flannaccáin.

  7. Aodh Ó Díomusaigh do marbhadh la Gallaibh i lurg creiche.

  8. Tomás Ua Díomusaigh adbhar tigęrna Chloinne Maoil Ighra do marbhadh la Saxanchaibh.

  9. Mac Siurtain Sęan mac Maoilir tighęrna Bhaile Atha Lęthain do mharbhadh da braithribh i f-fell .i. clann t- Sęain d'Exetra.

  10. Sluaicceadh la h-Art Mac Murchadha la Rígh Laighen do shaighidh Gall go ro loiscc Ros Mic Triúin cona thighibh ⁊ cona chaislenaibh, ⁊ do-rad ór ⁊ airgętt ⁊ braighde laiss.

  11.  p.732
  12. Iarla Urmumhan do tionol go Laighnibh dá milleadh gur loiscc, ⁊ gur mhill Gailine críoch Uí Cheallaigh Mhaighe Drúchtain i Laoighis, ⁊ sóadh do dia thigh iaromh.

  13. Ruaidhri mac Ruaidhri Uí Neill do marbhadh la cloinn Enrí Uí Néill.

  14. Mac Murchadha .i.Art mac Airt do dhenamh coccaidh re Righ Saxan cona muintir go ro marbhadh sochaidhe lais, ⁊ a thocht fo dhęóidh do thigh an Righ la h-aslach GallGaoidheal Laighęn, ⁊ ro gabhadh eisidhe tria ionnlach an Iustís .i. Iarla Urmumhan. Ro lęicceadh iaramh, ⁊ ro congbadh Ó Brain, Ó Mórdha, ⁊ Sęan Ó Nualláin i l-láimh dia éis.

  15. Mac Uilliam Burc .i. Tomás, do dhul co tęch an Righ, ⁊ onóir mór d'faghbáil dó, ⁊ tigearnus ⁊ cęnnus ar Ghallaibh Connacht.

  16. Toirrdhealbhach mac Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain do cloinn Briain Ruaidh do dhenamh coccaidh ar mhuintir an Righ i Mumhain ⁊ i l-Laighnibh ⁊ condae Luimnigh do losccadh ⁊ do arccain dó.

  17. Cam Cluana Ó Dubhaccáin do mharbhadh la muintir Righ Saxan i n-Áth Cliath.

  18.  p.734
  19. Brian mac Maoil Ruanaidh mic Fearghail Meic Diarmada adbar tigearna Maighi Luircc do mharbhadh la Maelsechlainn Clérech Mac Diarmata .i. dearbrathair a athar.

  20. Tadhg Ua h-Eachaidhéin saoí fhir-dhána do mharbhadh la cloinn Con Chonnacht Uí Dálaigh im ollamhnacht Uí Néill.

M1395
  1. AOIS CRlOST, 1395.

    Aoís Criost, mile, tri ced, nochat, a cúicc.

  2. An t-epscop ócc Ó Mocháin d'écc ar slighidh na Romha.

  3. An biocáire Ó Flannghaile, .i. biocáire Sccríne Adamnain do écc.

  4. An t-oifficel Ó Tuathail, ⁊ ro ba biocáire in Iomdhaidh Feichin, fęr tighe n-aoídędh oirrdeirc do écc.

  5. O Neill Buidhe do écc, ⁊ adhnacal in Ard Macha.

  6. Pilip mac Aędha Mhég Uidhir tighearna Fhęr Manach caithme ⁊ chosanta a chriche, fęr dar lán Ére dá chlú, ⁊ da oirdearcus do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Tomás Mág Uidhir .i. An Giolla Dubh mac Pilip do ghabhail tigęrnais Fhęr Manach.

  7. Domhnall .i. Ua Maoile Dúin Luircc do ghabhail la cloinn Airt Mhég Uidhir i p.736 f-fell i t-Tęrmonn Dábheócc, ⁊ a chur i m-braighdęnus go h-Ua n-Domhnaill, ⁊ a écc da és i n-gęimhiol.

  8. Concobhar mac Aędha Ruaidh Még Uidhir do ghabhail leis An n-Giolla n-Dubh .i. Tomás, ⁊ lena dearbrathair Aodh Mág Uidhir ⁊ a éludh iaramh .i. a bhręith lais dia mhac fęin.

  9. Dręm do mhuintir Righ Saxan do dul ar cręich i n-Uíbh Failghe, ⁊ Ua Concobhaír dia lęnmain go tóchar Cruacháin, ⁊ drong mor diobh do marbhadh, ⁊ tri fichit each do bhęin díobh. Dręm ele do mhuintir Righ Saxan im Iarla Maruscal do dhul ar cręich in Éilibh, ⁊ Ó Cęrbaill cona mhuintir do-bhręith forra, ⁊ sochaidhe do Ghallaibh do mharbhadh lęó, ⁊ eich iomdha do bęin díobh.

  10. Niall Ócc mac Neill mic Aędha Uí Neill, ⁊ O Briain, .i. Brian mac Mathgamhna do dhol i tęch Righ Saxan.

  11. Coblaigh Mór inghęn Chathail mic Domhnaill Uí Concobair inghęn Righ Connacht, bęn thoictheach trom-conaich go f-feabhus n-ęinigh do écc iar m-buaidh n-aithrighe, ⁊ p.738 a h-adhnacal i mainistir na Buille. As di-sidhe do gairthí Port na t-trí namat, uair as í ba bęn d'Ua Domhnaill .i. Niall tigęrna Tire Conuill, d'Aodh Ua Ruairc tighearna Breifne, ⁊ do Chathal mac Aodha Breifnigh Uí Concobhair rioghdamhna Connacht.

  12. Una inghean Taidhg mic Maghnusa Uí Choncobhair bęn Még Uidhir do écc.

  13. Sęan mac Airt Mhég Uidhir do ghabháil lé Mág Uidhir, ⁊ a thiodhnacal d'Uíbh Maoile Dúin Luircc, ⁊ a marbhadh dóibh ar Fionntracht Droma Bairr amhail ro thuill uatha roimhe-sin.

  14. Saxan do fháccbáil Ereann im Beltaine iar n-dol druinge moire do Ghallaibh ⁊ do Ghaoidhealaibh Erenn ina thęch, ⁊ An Moirtimérach do fhaccbáil don Rígh ina ionadh i n-Ęrinn, ⁊ ge do-chuaidh Mac Murchadha i tigh in Righ ní ro chręid dó iarttain.

  15. Ard SrathaClochar Mhac n-Daimhin do losccadh cona n-uilibh iol-mhaoinibh.

  16. Ruaidhrí Ó Ceallaigh adhbar tighearna Ua Maine do écc.

  17. Mac Siúrtain d'Exter do gabhail la Cloinn Meic Siúrtain, ⁊ a thabhairt p.740 i l-laimh Mheic Uilliam Burc. Sloiccheadh la Domhnall mac Muircęrtaigh ⁊ la Gaoidhealaibh Iochtair Connacht i c-crích Meic Uilliam fo dháigh gabhála Meic Siurtáin, ⁊ Mac Siurtáin do lęigęn, ⁊ sidh do shnadhmadh eittir Gallaibh, ⁊ Gaoidhelaibh an choiccidh don chur-sin.

  18. Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach, i t-Tír n-Eóghain ar cloinn Enrí Uí Néill, ⁊ cręcha ⁊ oirccne aidhble do dhenamh leó isin crích. Clann Enri cona sochraitte do thocht ina lęnmain. Do-rala iomairęcc eittir na slóghaibh cęchtardha go ro sraoineadh fo dheoidh for Chenél n-Eoghain gur ro ládh a n-ár. Ro gabhadh dana, Brian mac Enrí Uí Néill, ⁊ tri braighde d'écc do mhaithibh a shlóigh amaille fris.

  19. Sloiccheadh n-aile la h-Ua n-Domhnaill c-cedna co ráinicc co Slicceach tria Chairpre Dromha Cliabh gur ro h-indradh an tír ina n-uir-thimcell leo gur ro millsęt gach ní gusa rangattar, ⁊ do-bearsat creacha ⁊ édala iomdha leo dia t-tír, acht namá ro gonaitt uaite do dhęirędh an t-slóigh.

  20. Iondsoighidh do dhenamh la Domhnall mac Enrí Uí Neill ar Bhrian mac Uí Neill, ⁊ a ghabháil, ⁊ cręcha aidhble do denamh air. Indsaighidh oile do denamh la Domhnall mac Enri go baile Uí Néill, ⁊ bęn Uí Neill do-bręith lais, ⁊ braighde oile immaille fria, ⁊ a m-bręith lais i n-uct Gall.

  21. Ro triallsat Goill Laighęn feall do dhenamh ar Mac Murchadha, ar Art, ⁊ a ghabhail. Acht chęna nír' bó torbha doibh ar do-chóidh-siumh uaidhibh dia n-aimhdęóin a los a lámh ⁊ a ghaisccidh co na ro cumhaingsęt ní dó.

  22. Domhnall mac Muircęrtaigh Uí Concobhair tigęrna CairpreSliccigh ⁊ bęós tighęrna ó Shliabh sios uile do écc i c-caislén Shliccigh seachtmain ria Nodlaicc.

  23.  p.742
  24. Aodh mac Cathail Óicc Uí Concobhair mac inghine Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair, ⁊ Muiris mac Póil Ulltaigh ollamh lęighis Chenél c-Conuill do écc.

M1396
  1. AOIS CRIOST, 1396.

    Aois Criost, mile, trí ched, nochatt, a sé.

  2. An t-epscop Ó h-Ęghra do écc.

  3. Matha Ua Luinín airchinneach na h-Arda, fęr il-cęrdach, i seanchus, i n-dán, i sęinm, ⁊ i lęighionn do écc.

  4. O Concobhair Ciarraighe do mharbhadh i f-fiul dia fhine fęin.

  5. O Cęinneittigh ticcęrna Urmumhan do écc.

  6. Irial Ua Lochlainn tighearna Chorc' Modruadh do mharbhadh do Mhac Ghirr an Adhastair dá oiręcht fęin, i n-díoghail a dhęrbh-comhalta, .i. Maoilęchlainn Ua Lochlainn ro mharbh-somh roimhe-sin.

  7. Concobar mac Eoghain Uí Maille do dhol ar ionnsaighidh i n-Iarthar Connacht p.744 lucht luinge. An long do líonadh do mhaoinibh ⁊ d'édálaibh na h-eachtra-sin, ⁊ a m-bathadh uile, acht madh aon-duine eittir EirinnÁrainn.

  8. Maidhm na cręcca le h-Ua c-Concobhair Ruadh cona braithribh, for Ua c-Concobhair n-Donn, ⁊ for Aodh Ua c-Concobhair, for Chonn Mhac Branáin, ⁊ for Aodh Ua n-áinlighi taoiseach Cheneoil Dobhtha; dú inar marbhadh Conn Mac Branáin taoiseach Chorc' Achlann, Sęan Ó Taidhg, mac Sęain Uí áinlighi, ⁊ sochaidhe ammaille riú.

  9. O Domhnaill do thecht slógh i c-Cairpre, ⁊ drong don t-slógh do-bręith ar cloinn Maoilęchlainn Chaoich Mic Muirceartaigh baí acc foraire, ⁊ acc forchoimhétt do Chonnachtaibh go n-dírim móir marcsluaigh amaille friú. Ro sraoineadh forra la h-Ua n-Domhnaill go ró faccaibhsiot urmhór a n-ęch, ⁊ ro gonadh araill diobh, ⁊ térnaisęt aroile a l-loss eissiumail. Ro creachadh iaramh Cairpre lásan slogh, ⁊ sóaid for c-culaibh cona c-cręchaibh.

  10. Maoilęchlainn Caoch mac Muircęrtaigh mic Domhnaill Uí Concobhair do écc.

  11. Maidhm la h-Ua t-Tuathail ar Ghallaibh Laighen ⁊ ar Shaxanchaibh, airm i t-tuccadh ár adhbal ar Ghallaibh, ⁊ do-radadh se fichit cęnn i t-taiselbadh go h- Ua t-Tuathail la taobh il-iomaitt do braighdibh, ⁊ d'edálaibh airm, ⁊ each, ⁊ éittigh.

  12. Cú Uladh Mág Aęnghusa adhbar tigęrna Ua n-Eachdach do mharbhadh la Gallaibh.

  13. O h-Annluain tigearna Oirthir do mharbhadh i f-fiull la dręim dia fhine fęin.

  14. Maire inghęn Uí Chatháin bęn Uí Dhochartaigh do écc.

  15.  p.746
  16. Brian mac Enri Uí Neill do fhuaslaccadh la h-Ua Neill ó Ua n-Domhnaill, ⁊ do-rad eich, eitteadha, ⁊ ionnmhus iorlardha as, ⁊ do-rad Ua Néill eisidhe do mhac eile Enri, .i. do Domhnall a f-fuaslaccadh a mhęic fęin, .i. Brian mac Neill maille comhthaibh oile.

  17. Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh, ⁊ la Tadhg mac Cathail Uí Concobhair go rangattur go Sliccech go ro loisccseat an baile uile eittir chloich ⁊ chrann, ⁊ ro marbhadh mac Concobhair Maonmaighe go sochaidhibh ele leó don chur-sin. Ba doiligh an baile i-shin do losccadh, ar ba dęrsccaighte a chumhdaighthe eittir cloich ⁊ chrunn.

 p.748
M1397
  1. AOIS CRlOST, 1397.

    Aois Criost, mile, tri ced, nochat, a seacht.

  2. Sluaiccheadh mor do thionol la Niall Ó Neíll la Rígh Cenél n-Eoghain do dhul for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach, ⁊ for chloinn Enri Uí Neíll. O Domhnaill, ⁊ clann Enri do chruinniucchadh shloigh oile ina aghaidh. Báttar athaidh amhlaidh-sin aghaidh i n-aghaidh na ro chumhaingsiot ní dia 'roile. O ro scithigędh Ua Neill cona shlogh, ro triallsat for c-cúlaibh dia t-tighibh gan airiuccadh don t-slogh oile. O ro ráthaighsęt an slógh oile indsin ro lęiccsiot scęimhealta ina lęnmain go ro marbhadh araill do mhuintir Uí Néill, ⁊ co f-farccaibhsiot eich ⁊ edala iomdha ag Cenél c-Conuill, ⁊ acc cloinn Enrí don chur-sin.

  3. Sluaiccheadh la Toirrdhealbhach Ua n-Domhnaill la tigęrna Cheineoil c-Conuill i f-Fęraibh Manach, ⁊ do-bęrt ęthra iol-ardha lais for Loch Eirne, for oilenaib, ⁊ for innsędhaibh an locha gur ro h-oircceadh, ⁊ gur ro h-iondradh lais iaid-sidhe uile cenmothát eccailsi, no nęimhędha, ⁊ do-bhęrt édala iomdha anffoille lais, ⁊ iompaidhis gan nach f-frioth-orgain.

  4. Sluaiccheadh n-aile la h-Ua n-Domhnaill i c-Cairpre do dhíochur chloinne Domhnaill mic Muirceartaigh eiste go ro loisccead an tír go lęir lais go Cluain Dęrg Rátha.

  5.  p.750
  6. A Shúile do fhaghbháil doridhisi do Aodh Mag Mathgamhna tria trosccadh do dhenamh ind onóir na croiche naoimh Rátha Both, ⁊ in onóir dheilbhe Muire Atha Truim.

  7. Niall Mor mac Aodha Uí Neill Rí Chenél Eoghain, ⁊ iomchosnamhaigh Erenn, inneoin órdain, ⁊ oiręchais an fhlaithęmhnais, tuir iomfhulaing gach anfforlainn, diosgaoiltigh Gall, táthaighthęóir Gaoidheal, móradh eccailsi ⁊ ealadhan na h-Erenn do écc iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithrighe, ⁊ Niall Óg a mhac do ghabháil a ionaid.

  8. Mac Donnchaidh Tire h-Oilella do dhul go Machaire Chonnacht (go lion a thionóil, a mhaoine, ⁊ a innile) do chongnamh d'Ua Choncobhair Dhonn, gur ghabhsat foslongport ag Cuirreach Chinn Eitigh eittir daoinibh ⁊ airnęis mar a m-baoi Ó Concobair. Iarna clos sin d'Ua Concobair Ruadh cruinnighis da gach taoibh go h-én-ionad Mac Uilliam Burc, Tómas mac Sir Emainn Albanaigh, clann Chathail Óicc Uí Choncobair, clann Aodha Meic Diarmata, Mainigh, ⁊ clann mhac Fęidhlimidh fęisin go lión sochraitte gach aoín diobh, ⁊ go c-coimhtionol gallócclach ina f-farradh. Triallaitt iar sin do shaighidh an mhachaire, acht cęna ni raibe Ua Concobhair Donn i f-farradh Mheic Donnchaidh annsin ⁊ nochar airigh Mac Donnchaidh an sluagh no go t-táinicc Ua Concobhair Ruadh sonn mór marshluaigh ina thimcel. Fęrthar iomairecc ęttorra go díochra duthrachtach cęchtar da líona iar sin gur maidhędh for Mac Donnchaidh cona muintir. Lęnaid na bęithre ler briseadh orra iad gur cuirsiot a n-ár, Marbhthar Mac Donnchaidh annsin, ⁊ Aodh Caoch mac Aodh a mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair, Mac Suibhne ard-chonsapal Connacht o shliabh síos cona dhias dęrbhrathar DonnchadhDonn Slebhe, Cú Aifne mac Con Aifne Uí Concobhair, ⁊ Diarmait Mac Donnchaidh tanaisi p.752 Ua n-Oilealla ammaille le h-iomatt d'uaislibh ⁊ d'árd-mhaithibh a m-braithreach ⁊ a muintire. Ba dirímh do aisnęidh a f-fríth d'édalaibh ⁊ maoinibh la h-Ua c-Concobhair Ruadh don turus-sin gan airęmh ar eachaibh ar arm, na ar édeadh. Oidhche chéid fhéile Muire foghmair tuccadh an maidhm-sin Chinn Eitigh. Iar c-clos na sccel-sin d'Ua Concobhair Dhonn (an tręs lá iar t-tabhairt an mhadhma) tainicc fo bhótháintibh Uí Concobhair Ruaidh, ⁊ Cloinne Fęidhlimidh, ⁊ a m-buailte ar na suidhiucchadh i t-timcheall Liattroma go t-tucc maidhm imirgędh orra da n-goirthi an geal-maidhm go rucc creacha, ⁊ édala aidble uatha don dul-sin.

  9. Fęidhlimidh mac Cathail ÓiccDubhghall mac Domhnaill Gallócclach do dhul i c-cęnn Í Dhomhnaill d'iarraidh a chonganta i n-aghaidh a n-ęsccaratt. Ua Domhnaill go maithibh Thíre Conuill do thocht go Cairpre don chur-sin do chuidiucchadh le cloinn Chathail Óicc. CairbrighOileallaigh do theicheadh fo dhaingnibh, ⁊ fo droibhelaibh an duithche roimhe. O Domhnail do rochtain go h-aonach Thíre h-Oilealla, tighe iomdha ⁊ arbhanna do losccadh da mhuintir, ⁊ cręcha do denamh doibh ar mhac Corbmaic mic Ruaidhri. Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh tighearna Tire h-Oilealla, Ua Dubhda, ⁊ Ua h-Ęghra do thabhairt chor, ⁊ ęidirędh d'Ua Domhnaill ⁊ do cloinn Chathail Óicc iar sin le gan cur 'na n-aghaidh go brath. Sith do chęngal ętorra d'Ua Domhnaill ar an c-coingeall-sin, ⁊ e fęin d'iompúdh go Tír Conaill fo chédoir. Clann Cathail Óicc, Muintir Duirnin, ⁊ Mac Domhnaill Ghallócclach cona cloinn do theacht i c-Cairpre annsin. Suidhe doibh i l-Lios an Doill, ⁊ a m-bęith ag roinn na críche ętorra an oidhche-sin, ⁊ roptar imręsnaigh impe. Ua Domhnaill do thocht uathadh marcsluagh ina c-comhdháil arabhárach do ręidhiucchadh ętorra.

  10. Muircęrtach Bacach mac Domhnaill mic Muircęrtaigh Uí Concobhar, ⁊ Clann  p.754 t-Suibhne do bęith h-i f-fassa choilleadh an tan-sin. Ua h-Ęghra iartharach, ⁊ sliocht Flaithbęrtaigh Uí Ruairc do bhęith imaille riú. Iondsaighidh do thabhairt doibh a mucha na maidne ar cloinn Chathail Óicc ⁊ ar Ua n-Domhnail go Bun Brénóicce ar belaibh Lęsa an Doill, siorthae marcsluaigh chloinne Cathail Óicc do dhol tharsa go Slicceach. Bun Brenoige do bęith do thaobh díobh-somh ⁊ an fhairrge do líonadh don taobh araill diobh go sona sodhánach doibh-siumh conár fédadh a t-tacmang na a t-timcealladh samhlaidh. Do-bęiritt tachar tinnęsnach dia 'roile as a h-aithle. Maidtęr for Ua n-Domhnaill, ⁊ for cloinn Chathail Óicc, ⁊ Marbhtar Marcus Mac DomnaillDubhgall a mhac, Eóin Mac Síthigh ⁊ sochaidhe mhór oile da n-gallócclachaibh. Cręcha ⁊ airccne do dhenamh ar chloinn Chathail iaramh, ⁊ a n-diochur tar Eirne anonn doridhisi go Dubha, ⁊ dhoimęnmain im Fheil Muire mór do shonnradh.

  11.  p.756
  12. Diarmait mac Iomhair Ui Bhęirn do bęith i f-fiabhras, ⁊ a bręith i c-coite for loch ona thigh fęin d'ionnsaighidh tighe Mhurchaidh mic Tomáis, ⁊ lęim do-bręith dó gan fhios do chách amach as an c-coite isin loch go ro baidhędh a c-cedóir.

M1398
  1. AOIS CRIOST, 1398.>

    Aois Criost, mile, tri céd, a h-ocht.

  2. Tomás mac Muirghęsa Meic Donnchaidh epscop Achaidh Conaire do ég.

  3. Cogadh mor do ęirghe ęitir Ua Néll, Niall Óg, ⁊ Ó Domhnaill Toirrdhealbhach, ⁊ a thaoisigh ⁊ a oirecht do thregeadh Uí Dhomhnaill go m-buí i c-cumhga mhoir occ cloinn Enrí Uí Neill ag cloinn t-Seaain Ui Dhomhnaill, ag Ua n-Dochartaigh, ⁊ ag Cloinn t-Suibhne. Do-choidh mac Uí Domhnaill Niall Garb, ⁊ clann Domhnaill mic Néll Uí Domhnaill for indsoighidh i Fanait gur ro gabhadh leó Eóin mac Maoil Muire Meic Suibne, ⁊ co n-dernsat orgain. GoillGaoidhil Coigedh Uladh do dhul i teach Uí Neill, ⁊ braighde, ⁊ umla do thabhairt dó cénmothá Ó Domhnaill a aenar.

  4. Sloicceadh mor la Niall Ócc Ó Neill Ri Chenel Ęoghain, ⁊ la cloinn Enrí I Neill do shaighidh Uí Domhnaill go rainicc Ęss Ruaidh gur airccsiott an mhainistir fo na h-uile ionnmhasaibh, ⁊ Tír Aodha go h-uilidhi. Dręm do muintir Uí Dhomhnaill do thabhairt tachair doibh. Aodh mac Fęrghail Uí Ruairc do ghabháil don turus-sin. Ua Neill d'iompúdh go Tír Eoghain doridhise.

  5.  p.758
  6. Sloigheadh la Tomás A Búrc tigearna Gall Connacht, la h-Ua c-Concobhair Ruadh, la cloinn Chathail Óicc, ⁊ la cloinn Meic Diarmata go rangatar Tír Oilealla gur lęir airccsiot í. Concobhar Ócc mac Aodha Meic Diarmatta, ⁊ a bhraithre do thilleadh ón slogh iar sin do cuartughadh Moighi Luircc. Fęrghal Mac Diarmata tighearna Moighe Luircc do dhol in oidhche-sin go mainistir na Búille, ⁊ a b-fuair do biadh, ⁊ do cosdus innte do chur ar in m-baile dar ab ainm an Charrag dó. Lorcc na fędhna do thęccmail do cloinn Meic Diarmata, ⁊ a lęnmain dóibh. O ró rathaighsiot-somh an toraighęcht forra, gluaisitt trésan tír go rangattar Eachdruim mic n-Aodha i t-Tir Baiúin na Sionna. Clann Meic Diarmata do losccadh tęmpail Eachdroma orra. Concobhar Mac Diarmada, .i. mac Fęrghail do mharbhadh doibh, ⁊ sochaidhe da muintir imaille ris, ⁊ Maol Ruanaidh mac Diarmata do ghabail, edail do denamh da n-eachaibh, da n-arm, ⁊ da n-ęidędh.

  7. Murchadh Bán mac Seaáin mic Domhnaill Uí Fhęrgail dęgh-adbar tighearna na h-Anghaile fécce enigh, ⁊ oirdearcais, gaile, ⁊ gaisccidh slechta Fęrghusa d'fior a aoisi, do écc iar m-buaidh n-aithrighe mí ria notlaic, ⁊ a adhnacul i mainistir Leathratha i t-tomba a athar, ⁊ a shęnathor.

  8. Muiris mac Piarais Dalatún do mharbhadh la Muircertach Ócc Mag Eochagáin, ⁊ la Brian mac Ui Choncobhair Fhailghe.

  9. Gleann Da Locha do losccadh do Gallaibh.

  10.  p.760
  11. Muircęrtach Ua Concobhair do dhul i t-Tír Aodha, a ionntúdh go h-Ęss Ruaidh gan morán édala d'fagail don cuairt-sin. Aodh Ua Duirnín do-bręith orra annsin. Iomruaccadh do tabairt doibh fa Bhel Atha Sęnaigh, each Aodha do lot, e fęin do leaccadh, ⁊ a marbhadh iaramh.

  12. Gearoitt iarla Dęsmumhan, fęr suairc soibhésach, do dearsccnaigh do Gallaibh Ereann, ⁊ do moran da Gaoidealaibh i n-aithne, ⁊ i n-eolus Gaoidhelcce, i n-dán, ⁊ i sęnchus amaille re gach foghlaim ele da raibe aicce, ⁊ a écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  13. Iarla Chille Dara do ghabhail don Chalbhach Ua Concobhair, ⁊ do marcsluaigh dhuithche Ó b-Failge, ⁊ a chur ar laimh Murchaidh Uí Concobhair.

  14. Sir Seon iarla Deasmumhan do báthadh isin Siuir gar bęcc iar n-gabhail na h-iarlachta dó. (Vide 1399).

  15. Cath do tabhairt for Ghallaibh d'Ua Bhrain, ⁊ d'Ua Tuathail. Iarla ó Mars do mharbhadh isin c-cath-sin, ⁊ ár Gall imaille ris.

  16. Fionnghuala ingęn Ualghaircc Móir Uí Ruairc bęn t-Seaáin Mhóir Uí Eaghra d'ég.

  17. Dauith Ua Duibhgionnain ollamh Cloinne Maoil Ruanaidh i sęnchus, biatach coitchęnn comroghnach, ⁊ saoí duine ealadhna do écc.

  18.  p.762
  19. Ua Concobhair RuadhMac Diarmata do dhul sluagh lán- mhór ar Cloinn n-Donnchaidh Tire h-Oilealla go rangattar Magh Tuireadh. Creacha móra do denamh doibh. Clann n-Donnchaidh do-breath orra, ⁊ Muircęrtach mac Domhnaill Uí Concobhair cona leirtionol. Iomairecc do chur ęttorra. Maidhm for Ua c-ConcobhairSomhairle Buidhe Mac Domnaill cona muintir do mharbhadh ann.

  20. Tomas mac Cathail mic Murchaidh Uí Fęrghail tighearna na h-Anghaile ealchuing enigh ⁊ oirdęrcois Cloinne Rosa do marbhadh ina bhaile fęin isin c-Coillín c-Crubach la Gallaib na Midhe ⁊ la barún Delbhna, iarna thogha i t-tigęrnus roimhe-sin ar bélaibh a shinsior bhrathar, .i. Seaan Ó Fęrghail, ⁊ Seaan do oirdneadh iar sin i t-tighearnus na h-Angaile.

  21. Maidhm mór-adhbal la Mág Carthaigh c-Cairpreach for Ua Suilleabhain, ⁊ da mhac Uí Shuillebhain, EoghanConcobhar do marbhadh isin c-caithgliaidh-sin, ⁊ sochaidhe imaille riú.

  22. O Briain Maol do écc don tęidhm isin n-Galldacht.

  23. Mac Muiris Buidhe Uí Mhórdha tighęrna Slebhe Mairgi, fęr cothaighthe dámh, ⁊ deoradh Ereann do ecc.

  24. Mac Uilliam Búrc do losccadh Slicigh.

  25.  p.764
  26. Cathal mac Ruaidhri Meg Uidhir do marbhadh la h-Eoghan mac Néill Óicc Uí Néill.

  27. Art Cúile mac Pilip Mhég Uidhir do marbadh la Teallach Eachdhach.

  28. Clann Enri Uí Neill, ⁊ clann t-Seaain Uí Domhnaill, ⁊ Fir Manach do thionol sloigh ind aighid Uí Domhnaill. Ua Domhnaill do cruinmuccadh a shochraitte ina n-aghaidh don lęith eile, ⁊ a m-bęith i n-díbh fhoslongportaibh for aghaidh a chele go ro sccarsat fo dęoidh gan nach n-gniomh n-oirdęirc.

M1399
  1. AOlS CRlOST, 1399.

    Aois Criost, mile, trí céd, nochat, a naoí.

  2. Sluaigeadh la h-Ua Neill (Niall Og) for Gallaibh go ro creachoirgędh, ⁊ go ro h-ionnarbadh lais a n-ęrmhor.

  3. Concobar Mag Carmaic espucc Ratha Both d'Uíbh Domnaill Corca Baiscind do écc.

  4. Cu Uladh (.i. Cu Uladh Ruadh) mac Neill Móir mic Aodha Uí Neill d'écc don tęidhm.

  5. Brian Ua Briain (.i. mac Matgamhna) tigęrna Tuadhmumhan do écc.

  6. Toirrdhealbhach mac Murchaidh (.i. Murchadh na Raithnighe) Uí Briain do écc.

  7. Fęidhlimidh mac Cataoír Uí Concobhair tanaisi Ua f-Failge d'ecc (.i. don tęidhm) i t-tigh Uí Raighilligh.

  8. Clann Enri Uí Neill do dol ar ionnsaighidh for Ghallaibh Tragha Baile. Ro tionoilsiot Goill ina n-aghaidh go ro rainsiot forra, ⁊ go ro gabhadh Domhnall  p.766 mac Enri, ⁊ drong mór dia muintir do mharbadh. Domhnall do chor go Saxaibh isin m-bliadhain ar c-cinn iar f-feimdhędh a fhuaslaicthe.

  9. Seaan Ua Ferghail tigęrna na h-Angaile, fęr eargnaidh, inntleachtach, fęsach foghlamta go n-oirdercus n-einigh ⁊ n-ęngnamha do écc.

  10. Aodh Ua Donnchadha tigearna Eoganachta Locha Lęn, O Broin, (.i.) Geralt mac Taidhg, ⁊ Toirrdhealbhach mac Maol Muire Meic Suibhne Fánatt, ⁊ Amhlaoibh mac Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Még Uidhir, toisech Muintire Feodachain do écc.

  11. Aodh Mag Mathgamhna do écc iar n-dol a súl uadha.

  12. Domhnall mac Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh do écc.

  13. Mag Aonghusa Muircęrtach Ócc mac Muircęrtaigh Moir, tigearna Ua n-Echdhach do mharbhadh dia fhine budhdein.

  14. An cętramadh Henrii do rioghadh os Saxaibh, 29. Septembęr.

  15. Baothgalach Mac Aędhagain saoi choitchionn i f-fęineachus ⁊ i sęinm, ⁊ fear tighe n-aidheadh n-airdęirc, ⁊ Giolla na Naomh mac Concobhair Meic Aędagain ard-ollamh i f-fęineachus do écc.

  16. Iarla Deasmumhan Sęan mac Gearoitt do bádhadh i n-áth Arda Fionain for Siuir. (Vide 1398).

M1400c
  1. AOIS CRIOST, 1400.

    Aois Criost, mile, cęthre chéd.

  2. Aodh Ua Maol Muaidh ticcęrna b-Fęr c-Cell, Laighneach mac Ferghail Ruaidh mic Donnchaidh Még Eochagain Donnchadh Sionnach tigęrna Muintire Tadhgain, ⁊ p.768 taoiseach Tęthba, DiarmaitBrian mac Catharnaig Mic an t-Sionnaigh do écc.

  3. Caislén Dúin Iomdhain do ghabháil do Mhac an Abaidh Uí Concobhair, ⁊ Hoibęrd mac Emainn mic Hoiberd a Burc do marbhadh inn, ⁊ Mac mic Emainn Uí Cheallaigh do bí i l-laimh ann do leccen amach.

  4. Grigoir mac Tanaidhe Uí Maoil Conaire, saoi foirbthe ina ealadain duthcois, deagh-adbar ollaim Sil Muirędhaigh esidhe do marbhadh go tęgmaiseach d'aon-buille ga do láimh Uilliam Gairbh for tochar dúin iomdhain i n-aimhriocht. Sé ba ⁊ sé fichitt do thabhairt ina eraic iar sin.

  5. Ruaidhri mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do marbhadh la cloinn Con Ulad Ui Neill, ⁊ la Cathbarr Mhág Aonghusa a dearbrathair fen.

  6. Sluagh mór la Niall Óg Ua Néill h-i Tír Conaill gur mhill moran do ghortaibh ⁊ d'arbannaibh innti. Tangatar Cenél c-Conaill ina aghaidh gur ro ficceadh iomairecc etorra go ro mheabhaidh for Chenél Eoghain, ⁊ go ro marbhadh sochaidhe dhíobh, ⁊ go ro beanadh ech iomdha dhíobh don chur-sin.

  7.  p.770
  8. Mac Maghnasa Mhég Uidhir, .i. Giolla Patraicc da n-goirthi An Giolla Buidhe d'écc ina thigh fęin fo-bithin cuislinne do legeadh dhó.

  9. Seaan mac Pilib mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh tighearna Breifne, aon do b-fearr enech, ⁊ uaisli da chineadh d'ég do biodhg ina iomdhaidh i t-Tulaigh Mhongáin.

  10. Mac righ Saxan do theacht i n-Erinn.

  11. Maghnus mac Con Connacht Uí Raighilligh adbar tighearna Mhuintire Maoil Mordha do ecc.

  12. Conchobhar mac Domhnaill mic Néill Ghairbh, mic Aodha, mic Domhnaill Óicc Uí Dhomhnaill do dhol ar creich tar sliabh soir i t-Tír Chonaill, ⁊ é fęin, ⁊ Eoccan Ruadh Mac Suibhne do comhtuitim ré aroile.

  13. Clann Flaithbhęrtaigh Uí Ruairc do ionnarbhadh as an m-Bręifne, ⁊ a n-dol go Tír Conuill, ⁊ araill do Chenél c-Conaill do-bręith leo isin m-Breifne co n-dernsat creacha mora for Ua Ruairc ⁊ do-radsatt leo i t-Tír Conuill iaid-sidhe.

M1401
  1. AOIS CRIOST, 1401.

    Aóis Criost, míle, ceithre chéd, a h-aon.

  2. Maoíleachlainn Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, fear dęig-einigh daonachtach, ⁊ Tomás mac Sir Émainn (.i. Emann Albanach) a Burc Mic Uilliam tighearna Gall Connacht do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Da mac Mac Uilliam do dęnom tar éis Tomais A Búrc, .i. Mac Uilliam do denamh d'Uilleacc mac Riocaird Óicc, ⁊ Mac Uilliam oile do Uater mac Tomais a Burc, ⁊ umhla uaidh do Mac Uilliam Cloinne Riocaird ar sinnsireacht.

  3. Domnall Ua Maille tighearna Umhaill d'écc iar f-forbadh a aoisi.

  4. Cathal Ruadh Mag Ragnaill taoiseach Muintire h-Eolais do marbhadh i n-Druim Chubra la Seafraidh mac Maoileachloinn Még Raghnaill.

  5.  p.772
  6. Maol Ruanaidh mac Cathail Ruaidh Meg Ragnaill do mharbhadh la cloinn an Maoileachlainn cęttna a t-toraighecht a c-creiche.

  7. Concobhar Anabaidh Ua Ceallaigh do ghabháil tighernais Uíbh Maine déis a athar.

  8. Carrac Locha Cé do gabhail la cloinn Fęrghail Meic Diarmata. Daoine iomdha do mharbhadh, ⁊ do bathadh 'na timcheal, ⁊ lucht a coimheda da tabhairt uatha dar cęnn comhadh.

  9. Fedlimidh mac Cathail Óig Uí Concobhair do ghabhail la mac Uí Choncobhar Dhuinn.

  10. Coinne do dhęnamh eidir Ó Néill, .i. Niall ÓgÓ Domhnaill Toirrdhealbhach ag Caol Uisge ⁊ síth do dhenomh doibh re aroile don chur-sin.

  11. Coccadh d'ęirghe eittir Ua n-Domhnaill iaromh ⁊ Brian mac Enrí Uí Néill, uair tug Brian slógh lais go Tír Conaill, gur ro ionnsoigh longport Uí Dhomhnaill, ⁊ ro marbhadh mac Néill Óig mic Neill Ghairbh mic Aędha mic Domhnaill Óig, ⁊ Maoileachloinn mac Flaithbęrtaigh Uí Ruairc ⁊ sochaidhe oile leo. Do deachaidh Ó Domhnaill cona cloinn, ⁊ Muintir Duirnín isin ló cędna i l-leanmhain Briain go ruccsat fair, ⁊ creac Uí Gairmleadhaigh (.i. Enrí) roimhe iar marbhadh Enrí lais. Ro figheadh iomairęg amhnus eidir Ua n-DomhnaillBrian Ua Néill, ⁊ ro marbhadh Brian lais, ⁊ ro sraoineadh for a mhuintir iar b-fágbhail creach Cenél Moain. Ro marbhadh bhęos sochaidhe oile imailli fri Brian ar an lathair-sin. Soais Ua Domhnaill slán cona muintir co n-edalaibh aidhblibh iar m-buaidh ⁊ cosccor.

  12. Corbmac Mac Branain taoísech Corco Achland do marbhadh la a braithribh i fell, .i. Concobhar mac Seaain Meic Brarain, ⁊c.

  13. Domhnall mac Enrí Uí Néill d'fuasccladh ó Ghallaibh.

M1402
  1. AOlS CRIOST, 1402.

    Aois Criost, mile, ceithre ched, a dó.

  2. Coccadh mor eittir Ua Néill, ⁊ clann Enrí Uí Néill, ⁊ an tír dho milleadh ar gach taebh ętorra.

  3. Muirchęrtach Ua Flannagain airchideochain Oile Finn d' écc.

  4.  p.774
  5. Coccadh eidir iarla Urmhumhaniarla Deasmhumhan, ⁊ an da Mhac Uilliam do dhul do chongnamh la h-iarla Urmhumhan.

  6. Carrac Locha Cé do ghabail la Conchobhar Ócc macc Aędha ar cloinn Fęrghail Meic Diarmata.

  7. Fęrghal Ua Ruairc adbar tighearna Breifne, fęr bruth-mor beodha dealbdha deigh-einigh, do mharbhadh ina thigh fén la Cloinn Cába ⁊ (a) adhnacul i mainistir Sligigh.

  8. Niall Óg mac Néill Moir mic Aędha Uí Néill (Ri Cenel n-Eoghain) d'écc iar m-buaidh einigh ⁊ oirrdhęrcais ongtha ⁊ aithrighe.

  9. Brian mac Néill Óig d'écc iarttain (.i. don galar bhręc).

  10. Muirchęrtach mac Donnchaidh Uí Dhubhda saoí- coitchinn i n-uaisle, ⁊ i n-eineach d'écc, ⁊ a adhnacul i n-Ard na Riagh.

  11. Matha O Scingín do écc don fhiolún.

  12. Pilib mac Briain Mhóir Meg Mathghamhna tighęrna Oirgiall d'écc, ⁊ Ardgal mac Briain do gabhail tighęrnais 'na dhéoidh.

  13. Cú Connacht mac Magnusa mic Con Connacht Uí Raighilligh tanaisi Brefne do écc. Una inghęn Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair a mathair-sidhe.

  14. Brian mac Domhnaill Uí Fhlaithbhęrtaigh adbar tighearna Cairn Geccaigh d'écc.

  15. Fedlimidh mac Cathail Óig do legeadh as a braighdenus.

  16. Mainistir Chuinche i t-Tuadhmumhain i n-easpuccoideacht Cille Da Lua do toccbail do braithribh .S. Fronses la Sioda c-Cam Mac Con Mara tigęrna Cloinne Cuilein fo dhaigh go madh í badh Roimh adhnaicthe dó fein, ⁊ dia chenel.

  17. Aodh Sęanchaidh Ó Domhnaill Saoi shęnchadha do écc.

  18. Coccadh mór eittir Ua n-Domnaill (Toirrdhealbhach mac Neill) ⁊ Ua Cathain (.i. Maghnas) go ro h-indreadh, ⁊ go ro creachoirgędh oireacht Uí Chathain la h-Ua n-Domhnaill, ⁊ gur ro lęirmilleadh an tír uile lais.

 p.776
M1403
  1. AOIS CRlOST, 1403.

    Aois Criost, mile, ceithre ched, a trí.

  2. Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabail tighearnais Tíre h-Eóghain.

  3. Tadhg mac Cathail Óicc Uí Choncobhair do mharbhadh la cloinn Toirrdhealbhaigh Óig Uí Chonchobhair, ⁊ d'Eoghan mac An Abadh Uí Concobair for Machaire na n-Aileach, ⁊ a adhnacol h-i t-tomba Domhnaill mic Cathail a shęnathar.

  4. Conchobhar an abaidh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine, nathair neimhe a chinidh ⁊ na n-Gaoidheal ar chęna do écc iar n-onccadh ⁊ iar n-aithrighe, ⁊ a adhnacal i mainistir Eoin Baisde h-i t-Tir Maine.

  5. Fionnghuala inghęn Toirrdhealbhaigh mic Aędha mic Eoghain Uí Conchobhair bęn Maoileachlainn Uí Ceallaigh (tighearna Ua Maine) do écc iar n-deigh-beathaidh.

  6. Sluaigheadh la h-Ua c-Concochair n-Donn, ⁊ la Muircęrtach Bacach mac Domnaill (tighearna Sligigh) i n-Uachtar Connacht dar ghabhsat neart ar Shiol n-Anmchadha. Tiaghaitt i c-Cloinn Riocaird as a h-aithle do chongnamh le h-Uilleac mac Riocaird i n-aghaidh Mhaineach gur chuirsętt a t-trén orra dibhlinibh.

  7.  p.778
  8. Muirchęrtach Bacach mac Domhnaill mic Muircheartaigh tighearna Iochtair Connacht do écc (isin f-foghmar) i c-caislén Sliccigh.

  9. Coccadh d'ęirghe eidir BreifneachaibhClann n- Donnchaidh dar marbhadh Tomaltach Ócc mac Tomaltaigh Mhég Dorchaidh deodh-fhlaith Cheneóil Duachain don aicme-sin, ⁊ Muirchęrtach Óg Ó h-Élighe c-brughaidh cędach conáich, ⁊c.

  10. Maol Mordha mac Con Condacht mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh do ghabhail tighęrnais Mhuintire Raigilligh.

  11. Maghnus mac Con Maighe Uí Catháin tighearna Ciannachta do écc.

  12. Felim mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Choncobhair do écc.

  13. Cú Uladh mac Giolla Patraicc Meic Cathmaoil do marbhadh (.i. i f-fiull) ina oirechtus dá dhaoínibh fęin.

  14. Corbmac mac Donnchaidh Meg Cartaigh do écc.

  15. O Ceinneittigh Donn do marbhadh la cloinn Philip Uí Cheinneitigh,

M1404
  1. AOIS CRIOST, 1404.

    Aois Criost, mile, cethre ched, a cęthair.

  2. Tomás Baired epscop Oile Find saoí Ereann i n-eaccna ⁊ i n-aird-eolus diadha, do écc, ⁊ a adnacal in Airigh Locha Con.

  3. Concobar Ócc mac Aędha meic Diarmada tighearna Mhuighe Luirg, bęithir ar beodhacht do ecc (.i. isin f-foghmhar), ⁊ Tadhg mac Aędha meic Diarmada do gabail tighearnais.

  4.  p.780
  5. Corbmac Mac Diarmada do marbhadh ar sluaigheadh i Cloinn Riocaird in iomruaccadh lá marcshluagh Cloinne Riocaird agus Tuadhmhumhan.

  6. Inghean Uí Choncobhair Fhailghigh bęn Giolla Patraicc Uí Mhordha do écc

  7. Maidhm Atha Duibh la Giolla Patraicc Ua Mórdha tighearna Laoighisi for Ghallaibh, i t-torcratar daoíne iomdha. Edáil each, arm, ⁊ édeadh do dęnomh orra.

  8. Iarla Urmhumhan ceann crodhachta Gall Ereann do écc.

  9. Donnchadh Bán Ua Maol Chonaire allamh Síl Muireadhaigh i sęnchas do écc

  10. Giolla Duibin Mac Cruitin ollamh Tuadhmhumhan le sęnchas, ⁊ le seinm d'écc.

  11. Cearball Ó Dálaigh ollamh Corco Modruadh, Domhnall mac Donnchadha Uí Dhalaigh da n-goirthi Bolg an Dana, Flann mac Seaain Uí Domhnallain ollamh Sil Muireadhaigh i n-dán, Uilliam Ua Deoradháin ollamh Laighęn i m-breithęmhnas, Nualadh inghę Domhnaill mic Muircęrtaigh Uí Choncobhair bean Fearghail mic Corbmaic Meic Donnchaidh, ⁊ Donncathaigh mac Muireadhaigh Mhég Sęnlaoich brughaidh cédach conáigh do Corco Achlainn, ⁊ lain-fhear gradha do Ruaidhri Ó Choncobhair do righ Connacht d'ég.

  12. Eoghan mac Murchadha mic Cathaoir Uí Choncobhair do mharbhadh la h-iarla Chille Dara.

  13. Antriu Baroid do mharbhadh la h-Uibh Murchadha.

  14. Cogadh d'eirghe eidir Mag CárthaighUa Suillebhan Buidhe. Toirrdhealbhach Meith Mac Mathgamhna do beith ina loingseoir ag Mag Carthaigh an tan-sin. Breith dó ar Ua Súilleabhain ar fairrge, ⁊ ar cloind Diarmada Mhég Carthaigh badar ag cuidiugadh les i n-aghaidh Mhég Cárthaigh. Ua Suilleabháin, do bathadh don dul-sin dó, ⁊ Domhnall mac Diarmada Mhég Carthaigh do ghabhail.

  15. Mathgamhain Mac Con Mara do écc sor slighidh na Romha.

  16.  p.782
  17. Maoileachlainn Mhág Oirechtaigh taoiseach Muintire Rodhuibh do ecc.

  18. Donnchadh Mac Cathmaoil taoiseach an da Cenel Fearadhaigh do marbhadh la Mág Uidhir.Fedhlimidh mac Aędha Uí Tuathail tighearna Ua Muirędhaigh do écc.

  19. Cathal mac Taidhg Meic Donnchaidh adbar tighearna Ua n-Ailealla do écc.

  20. Taichlech mac Donnchaidh Uí Dubhda, ⁊ Tuathal mac Maoilęchlainn Uí Domhnalláin adbhar ollamhan Shil Muireadhaigh i n-dán, ⁊ Tadhg mac Baęthgalaigh Meic Aędhagain adhbar ollamhan Iochtair Chonnacht i f-fenechus, Iaid-sidhe ina t-triur do écc.

M1405
  1. AOIS CRIOST, 1405.

    Aoís Criost, mile, cęithre ched, a cúicc.

  2. Slóigheadh la Tadhg mac Aodha Meic Diarmada tigearna Maige Luirg d'iarraidh a tigearnais ar sliocht Concobhair mic Taichligh, ⁊ for lucht Airtigh archęna, amhail ro budh dual d' fior a ionaid do ghrés. Muintir Airtigh do tharraing Uí Concobair Dhuinn, Cloinne Muirchęrtaigh Muimhnigh, ⁊ cloinne Fęrghail Meic Diarmada cuca i n-aghaidh Meic Diarmada. Cruinnighid i c-coinne aroile go Loch Labain i c-crich Airtigh. Fęrthar deabhaidh ętorra. Brisis Mac DiarmadaDonnchadh mac Meg Domnaill (a Consabal) cona muintir diblinibh i tús an laoí for an c-cumusc-sluagh c-cęthardha batar ina aghaidh gur ro marbadh morán da f-fo-dhaoinibh don ruathor-sin. Gidhędh tuc fęr eigin d' fianlach an mhadhma agaidh ar an ionadh in ar dhócha lais Mac Diarmata do bheith co t-tug urchor do shoighitt n-duaibhsigh n-doeadrána da ionnsoighidh, gur bheanastair go cęrt coimh-dhíreach ina braghaid dhó go t-torchair (no gur ecc) Mac Diarmata Tadhg di-sidhe a c-cionn t-sechtmuine ina thigh fęin. Ruaidhri mac Aodha Meic Diarmada do ghabhail tighearnais Maighe Luirg iar sin.

  3. Maghnus mac Aędha Uí Uiginn do écc.

  4. Aodh Ua h-Ainlíghi, taoiseach Chenél Dobhtha do écc; ⁊ a adhnacal i c-Cluain Coirpthe.

  5.  p.784
  6. Risdęrd Buitiler da n-goirthi Cos Cruaidh do mharbhadh la mac Fachtna Uí Mhórdha.

  7. Cogadh ag Mac Murchadha re Gallaib, go t-tainic de-sidhe an Chontae Riabhach do creachlosgadh lais im Cęithiorlach, ⁊ im Diseart Diarmada.

  8. Risdet Mag Raghnaill adhbhar taoisigh na n-Eolasach do écc tre ainmęsair óil.

  9. Ua Concobhair Ciarraighe Diarmait mac Donnchadha do mharbhadh la Mac Muiris Ciarroighe.

  10. Inghęn Domhnaill Uí Briain, bęn Pilib mic Mathghamhna Duinn Uí Chinneidig do écc.

  11. Giolla na Naomh mac Ruaidhri Uí Chianáin ollamh seanchais Fear Manach do p.786 écc go h-obann i t-tigh mic Neidhe Uí Maoil Conaire, i c-Cairpre Gabra, ⁊ a adhnacal i mainistir Lęth Ratha.

  12. Fearghal mac Corbmaic Meic Donnchaidh adhbar taoisigh Ua n-Ailealla do écc.

M1406
  1. AOIS CRIOST, 1406.

    Aoís Criost, míle, cęithre chéd, a Sé.

  2. Comarba Caindigh do écc.

  3. Ua Concobair Donn, .i. Toirrdhealbhach Óg mac Aędha mic Toirrdhealbhaigh, et cetera, tuir cothaighthe ⁊ cosanta enigh ⁊ oirrdearcais Connacht do mharbhadh la Cathal Dubh mac Uí Choncobhair Ruaidh, ⁊ la Seaan mac Hoibert mic Emainn mic Hoibert mic Sir Dauith a Burc (dar mathair Bean Mumhan inghean mic Fedhlimidh) i t-tigh Riocaird mic Seaain Buidhe mic Emaind mic Hoiberd isin creaccan la taobh Fidhici i Cloinn Connmhaigh, ⁊ Sęan mac Hobęrd do thuitim lá h-Ua c-Concobhair ar an lathair-sin.

  4. Maol Ruanaidh mac Taidhg Meic Donnchaidh tighęrna Tire h-Oilealla do écc ina thigh fęin, iar m-buaidh n-aithrighe, ⁊ a adhnacal i mainistir na Búille.

  5. Maidhm dęrmair la Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua b-Failge (cona mac An Calbach imaille ris, ⁊ go c- cloinn Uí Choncobhair Ruaidh, .i. Cathal Dubh, ⁊ Tadhg go m-buidhin marcsluaigh immaraon riú iar n-dol ar cuairt dóibh co h-Uibh p.788 Failghi) for Ghallaibh na Midhe, ⁊ for Eoghan mac An Abaidh Uí Choncobhair co c-cęithirn chongbala Connacht immaille fris. Co n-deachadar na sluaigh-sin díbhlinibh i n- uachtar Geisille ⁊ co n-deachaidh mac an Abaidh cona corugadh ceithirne budhdéin go Cluain Immurrois go baile An Giolla Bhuidhe Mic Maoil Corra go rucc orra annsin An Calbach mac Murchadha Uí ChoncobhairCathal mac Uí Concobhair Ruaidh sessear marcach, ⁊ Eoghan gona muintir ag denomh édála an bhaile. Baoí oighęn ón c-Calbach Ua c-Concobhair ar iasacht ag fęr an baile-sin ag denomh lenna, ⁊ ar b-faicsin An Chalbhaigh chuige dhó aseadh do-ráidh. Ag sin thoighęn acc an c-ceithirn a Calbaigh, ⁊ fuagraim duit é. Gabhaim lais isin ionad ina b-fuil sé ol an Calbhach. Baoí in t-oighęn annsin for muin óglaoích do lucht saraighthe an bhaile, ⁊ tug an Calbhach Ó Concobhair urchor aitheasach do cloich tarla ina láimh docum an óglaoigh gur ro ammais an t-oighęn, gur bęn fuaimm ⁊ fothrom an oighin (iar m-béim na cloice dho) bloisg będhgadh omnaightheach a croidhe gach aoin daos na foghla gur gabsat briseadh cuca fo chétoir. Leantar go lán-athlamh iad go t-tugadh oirleach ⁊ athcumma orra. p.790 Marbhtar mac An Abbaidh Uí Chonchobhair for an mónaigh alla thuaidh don baile annsin, ⁊ nochar lúgha ina trí ched i n-easbhadha eidir Ghallaib, ⁊ Gaoidhealaibh, óthá sin go Cluain Aíne i c-Crich na c-Cédach. As don toisc-sin do benadh aird-mhionn Connacht, .i. An Buacach Patraig do biodh i n-Oile Find do Ghallaibh.

  6. Tadhg mac Donnchaidh Ui Birn taoiseach Tire Briuin na Sionna d' écc.

  7. Niall O Gairmleadhaigh adhbar taoisigh Cenél Moein do écc.

  8. Mairgreg inghęn Toirrdhelbhaigh, mic Eoghain Meic Suibhne bęn t-Sęain mic Domhnaill mic Neill Uí Domhnaill do écc.

  9. Aodh mac Donnchaidh mic Muircęrtaigh Uí Concobhair do mharbhadh la a bhraithribh fęin lá Maghnas mac Donnchaidh, ⁊ la h-Aodh m-Buidhe Mac Donnchaidh.

  10. Mac Con Mara taoiseach Chloinne Cuiléin do écc.

M1407
  1. AOIS CRIOST, 1407.

    Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a Seachtt.

  2. Muirchęrtach (.i. mac mic Maine) Ua Ceallaigh Airdepscop Connacht, saoí i n-eccna, i n-ęineach, ⁊ i crabaidh d'ég.

  3. Seaan mac Taidhg Ui Ruairc adbar tigearna Breifne d'eg i Muigh Luirg, ⁊ a adhnacal i n-Druimm Leathain.

  4. Mac Taidhg mic Mathgamna Duinn Uí Chinnedigh tighearna Urmhumhan Uachtaraighe do marbhadh la h-Ua c-Cearbhaill.

  5. Maidhm la Gallaibh for Gaoidhealaibh na Mumhan dú inar marbhadh Tadhg Ua Cęrbhaill tighearna éle, fęicheamh coitcęnn do cliaraibh Erenn eisidhe.

  6.  p.792
  7. Maidhm Chille h-Achaidh la h-Ua c-Concobhair Ruadh la cloinn Maoileachlainn Uí Chellaigh ⁊ la Mac Diarmata for Mac Uilliam Cloinne Riocaird, ⁊ for Cathal mac Ruaidhri Uí Choncobhair (dia ro goireadh ainm righ Connacht deis Uí Chonchobhair Duinn do mharbhadh) gur briseadh forra diblinibh gur gabhadh Cathal Ó Conchobhair, ⁊ Uilliam A Búrc, ⁊ Remann Mac Hoibęrd, ⁊ Ó h-Ęidhin iar marbhadh moráin da muintir leth for leth. Ro marbhadh ann Raghnall mac Domhnaill Óicc Mec Domhnaill, ⁊ Seaan Ballach mac mec Henri. Ro fhaccaibhsiot eich ⁊ éitteadh iomdha isin maidhm-sin.

  8. Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Conchobhair, ⁊ Clann n-Donnchaidh ro ghoirsęt an ghairm righ-si do Chathal mac Ruaidhri for Carn Fraoích dia t-túdcaidhsętt co Machaire Connacht gur ro brissętt caislen Tobair Tuillsce.

  9. Eoghan mac Cathail mic Aedha Bréifnigh mic Cathail Ruaidh Uí Concobhair do écc, ⁊ a adhnacal i mainistir na Búille.

  10. Conmac Ua Fęrghail do écc.

  11. Cathal mac Uí Concobhair Fhailgigh do mharbhadh la Cloinn Fheorais.

  12. Aodh Mag Aęngusa tighearna Ua n-Echdhach do mharbhadh da braithribh fęin, ⁊ dá airect.

  13. Sluaigheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdealbhach mac Neill i c-Cairpre go ro creachadh crioch Cairpre lais.

  14. Aodh Mág Uidhir do ghabhail la Niall Ua n-Domhnaill, ⁊ la Cathal Ua Ruairc, ⁊ Maghnus Ęoghanach Mhág Uidhir, ⁊ a m-breith d'ionnsaighidh Uí Domhnaill, ⁊ O Domhnaill do légadh Aodha ar slánaibh Eoghain Uí NeillMeg Uidhir.

  15.  p.794
  16. Aodh mac Airt Mheg Aęnghusa tighearna Ua n-Eachdhach do iondarbhadh la cloinn Con Uladh Uí Néill, ⁊ la a brathair fęin, .i. mac Muirchęrtaigh Óicc Meg Aonghusa as a thír budhdęin i crích Mhec an t-Sabaoísigh, ⁊ iatt dia lęnmain isin tir-sin go ro sraoíneadh lais-siumh forra, ⁊ go ro mharbh Mac Giolla Muire.

  17. Aodh Ua Flaithbęrtaigh tighearna Iarthair Connacht do écc iar c-cian-aois.

  18. Eoghan Ó Dochartaigh adhbar taoisigh Arda Miodhair do écc.

M1408
  1. AOIS CRIOST, 1408.

    Aoís Críost, míle, cethre chéd, a h-ocht.

  2. Iarla Chille Dara do ghabhail do mac Righ Saxan.

  3. Sluaigheadh la Gallaibh Atha Cliath im mac Righ Saxan go Laignibh. h-It-sin Diúid do mharbhadh for an sluaigheadh-sin, ⁊ ba móir-easbaidh eisidhe.

  4. Tomás mac Hoiberd mic Emainn mic Hoiberd do mharbhadh d'aon- urchor fogha la Giolla na Naomh mac Uilliam Gallda Uí Taidhg.

  5. Maghnus Mag Samradháin do marbhadh don Baothán Mac Giolla Ruaidh d'urchar do chuaille.

  6. Milis Dalatún do mharbadh lá a bráithribh budhdéin. A mhac do mharbhadh iar sin la Sliocht Chathail Uí Fęrghail, ⁊ a chaislen do briseadh.

  7. Fearghal mac Conconnacht Uí Fhęrghail do écc.

  8.  p.796
  9. Conchobhar mac Iomhair Uí Ainlighe do marbhadh la Corcaibh Achlann ⁊ la Cenél Dobhtha budhdhéin for monaigh Cluana na c-Cailleach lá na m-bruach n-dubh (⁊ ba cruaidh an la-sin do cloinn Iomhair Uí Áinlighe, ⁊ do Chathal Dubh Ua Chonchobhair), ⁊ a adhnacal i Ros Commáin.

  10. Eóghan Ó Ruairc, ⁊ cland Duinn Mhég Samradháin do dul i Tir Conaill do chogadh for Bréifneachaibh.

  11. Mac Briain Ó c-Cuanach do marbhadh i meabhail la Gallaib, ⁊ lasan m-Breicleighech.

  12. Tadhg Ua Gráda taoiseach Chenél Dúnghaile do écc.

  13. Sęan Cam Ó Sęchnasaigh do marbhadh la Mac Uí Lochlainn ar sugradh ar faithche Cluana Ramfhotta.

  14. O h-Ęcheidhein do marbhadh do Uibh Dalaigh i Machaire Maonmaighi.

  15. Mac Giolla Muire do marbhadh i meabhail i c-Carraic Fęrghusa la cloinn Mec a t-Sabhaoísigh.

  16. Coccadh ag Mac Murchadha re Gallaibh, ⁊ as é Mac Murchadha ba cosccrach.

  17. Coccadh mor acc Ua c-Concobair Failghe re Gallaibh go ro aircc, ⁊ go ro mhill ile uaidhibh.

  18. Mac an Bhaird Chúile an Urtain ollamh Ua Maine do écc.

  19. Caislen Baile an Dúin do denamh la Concobhar mac Taidhg Mec Donnchaidh.

  20. Caislen Cuile Maoile do dhenamh la Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh.

 p.798
M1409
  1. AOIS CRIOST, 1409.

    Aoís Criost, míle, cethre ched, a naoí.

  2. Brian mac Sęain Ui Ęghra epscop Achaidh Conaire do ecc iar m-buaidh ongtha ⁊ aithrighe.

  3. Mac rígh Saxan do fhágbhail Ereann, ⁊ Iarla Cille Dara do leigean dó riana imtecht.

  4. Athtaoiseach do dhénomh do Maoileachlainn Mor Mhag Eochagain, ⁊ Fearghal Ruadh mac Fearghail Ruaidh mic Donnchaidh do óirdneadh ina ionad.

  5. Cos Risdeird A Búrc do briseadh la coin baoí ina rioth do bhuain dó, ⁊ a écc treimhid-sidhe.

  6. Creach beoil lece la Tighearnan Ua Ruairc ar Ua n-Domhnaill, ⁊ for Chathal Ua Ruairc, ⁊ for Eoghan Ua Ruairc. Ua DomhnaillCenel Conaill do bheith i foslongport alla tall don eass, Cathal, ⁊ Eoghan don taobh abhus don eass cęttna go t-tucc-somh an creach uatha diblinibh.

  7. Foslongport do denamh d'Ua c-Concobhair Ruadh ⁊ d'Ua c- Ceallaigh i t-timcell Rossa Comaín dia ro mhillsiot arbhanna an bhaile ⁊ na mainistire, ⁊ ro cuirseat na braithre as in mainistir d'ęccla sccel do-rochtain anonn don caislén.

  8. Sluagh mor la Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Concobhair, ⁊ la Mac Donnchaidh Thíre h-Oilealla, ⁊ la cloinn Tighernáin Uí Ruairc gur ro chuirsęt costus ⁊ lón i c-caislen Rosa Commain d'aimhdheoin fęr c-Connacht ó shliabh suas, ⁊ iatt in aoin-tionól ara c-cionn do cois ⁊ d'each. Agus tangadar tar a n-ais an oidhce-sin isin Airm, ⁊ arna marach dia t-tighibh.

  9. Muintir Chuirnín do denamh marbhtha for aroile, .i. SeaanConnla do mharbhadh la Diarmaitt mac Muircheartaigh Uí Chuirnín i t-tigh Uí Duibhgionnain Baile Coillte Foghair. Diarmaitt do dul iar sin go teach Chonchobhair Chruimm p.800 mic Taidhg Uí Ruairc a thighęrna ⁊ a chomhalta budhdhéin. Conchobhar dá ghabhail fo chęttóir i c-cionnaidh a mhighníomha, ⁊ a thairbęrt uaidh do Muintir Ruairc ⁊ do Muintir Chuirrnín, ⁊ a beith i m-braighdenus asa h-aithle go cęnn coícthidhisi ⁊ mac Seaain Ui Chuirnín dá marbhadh iaramh.

  10. Muircheartach mac Aędhagáin ollamh breitheamhan fear t-Teathba, saoí fhoirccthi ęrghna ina ealadhain feisin do écc.

  11. Mael Seclainn mac Mael Ruanaidh Mec Donnchaidh, ⁊ Sęan Buidhe a brathair do ionnsaighidh Thaidhg mic Maoil Ruanaidh mhic Gilli Crist Mhec Donnchaidh i Maigh Luirg, ⁊ Tadg do gabáil doibh. Tionól an tíre do bręith forra, ⁊ deabhaidh do chor ętorra, ⁊ saighęt do chur i Maoilechlainn mac Mhec Donnchaidh, ⁊ a écc as a los.

  12. Coccadh mor eittir Ua m-Briain cona cloinn ⁊ clann Bhriain Ui Briain. Do-rala ętorra gur ro sraoínędh for Ua m-Briain, ⁊ ro gabadh mac Iarla Chille Dara do-rala ina fharradh ⁊ Diarmait, ⁊ ro h-iondarbadh Ó Briain as in Mumain móir amach la cloinn Uí Briain.

  13. Mag Cárthaigh Cluasach, .i. Domhnall mac Fíngin mic Donnchaidh mic Diarmata Ręmhair do écc.

  14. Fínghin mac Mec Con mic Fínghin Uí Eidersceoil do ecc.

  15. O h-Ęidisscceóil Ócc do écc.

  16. Muircheartach mac Giolla Ulltain saoi shęnchadha do ecc.

  17. Eiccneach Ó Duinnín adbar ollaimh Dęsmumhan do écc don plaigh.

M1410
  1. AOIS CRIOST, 1410.

    Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a dech.

  2. Domhnall Ua Néill tighearna Thíre h-Eoghain fear go n-gairin rígh a cheinóil do ghabháil la Brian Mag Mathghamhna mar nar chubaidh, ⁊ a thabhairt ar chomhtaibh d'Eoghan Ó Néill, ⁊ Eoghan dia chor dia iomchoimhett go Mag Uidhir.

  3. Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do ecc iar n-ongadh p.802 iar n-aithrighe, ⁊ Cumhscrach Mhág Raghnaill do chur i t-taoisighecht ina dheoidh, ⁊ a écc sidhe h-i c-cionn coictighisi iar sin.

  4. Fedhlimidh Cleireach mac Aędha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair do écc.

  5. Tadhg Carrach mac Toirrdhealbhaigh Duinn Uí Concobhair do écc.

  6. Maoileachlainn mac Eoghain Uí Ruairc do mharbhadh la Conallchaibh.

  7. Caislén Dhuin c-Cremtannain do blodhadh d'fęraibh Cairpre ⁊ do Breifneachaibh.

  8. Tomás mac Maol Mhuire Mec Craith ollamh Tuadhmhumhan le dán do écc.

  9. Sadhb inghęn Conchobhair Uí Briain bęn Uater A Búrc do écc.

  10. Corbmac Óg Mhág Cárthaigh d'ég i n- geimeal Mhég Cártaigh Mhóir ag á brathair.

  11. Tadhg mac Maoileachlainn mic Uilliam mic Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine, flaith-fhear dearcach daonnachtach do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  12. Tadhg mac Uilliam mic Concobair Mec Branáin taoiseach Corco Achlann do écc lá Samna ina thigh féin i c-Coillidh Móir Cluana Sęncha iar n-ongadh ⁊ iar n-aithrighe n-diongmhala, ⁊ a adhnacal i mainistir na m- brathar i Ross Commain i n-iomdhaidh a athar ⁊ a shęnathar.

  13. Donnchadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh do ghabhail tighearnais for Uibh Maine i n-deóidh Taidhg.

  14. Cuig céd bó do breith do cloinn Uí Concobhair Duinn o mhuintir Uí Choncobair Ruaidh (i t-timcheal na Samhna) o Ráith Brenainn.

  15. ToirrdhealbhachTadhg da mhac Uí Mhaoil Mhuaidh, ⁊ Domnall mac mic Hoibicín Uí Maoil Mhuaidh do mharbhadh la Cloinn Mhaoil Ughra.

  16. Maoileachlainn Mór mac Fęrghail mic Fęrghail mic Muirchęrtaigh Móir Mhég Eochagain tighearna Chenél Fiachach do écc iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithrighe.

  17. Domhnall mac Corbmaic Ui Eaghra adbar tighearna Luighne d'écc.

  18. O Briain do thecht i t-Tuadmumhain iar n-denamh siodha fria a bhraithribh, .i. le cloinn Briain Ui Briain.

  19. Caislen Maighe Bręcraighe do ghabhail la Gallaibh Midhe ⁊ lasin Iustís ar Ua f-Fęrghail.

  20.  p.804
  21. Domhnall mac Aędha Ui Flaithbęrtaigh tighearna Iarthair Connacht do mharbhadh la cloinn Briain Uí Fhlaithbęrtaigh ina oireachtus fein.

  22. Sluaigheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach i m-Breifne Uí Ruairc go ro creachloiscceadh an tir lais. Ruccsat fir Breifne i t- toraigheacht fair. Ro fighędh erghal ętorra go ro sraoíneadh for an tóir dú in ro marbhadh Sęan mac Eoghain Uí Ruairc go sochaidhibh ele imaille fris, ⁊ ruccsat Cenél c-Conaill an c-creich.

M1411
  1. AOlS CRIOST, 1411.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, a dech, a h-aon.

  2. Croch naomh Ratha Both do tepirsin fola tar a créchtaibh galra. ⁊ tędhmanna iomdha do fhóiridhin lasan b-fuil h-i-shin.

  3. Domhnall mac Concobhair Uí Briain tanaisi Tuadmhumhan do mharbhadh lásan m-Barrach Mór.

  4. Eoghan mac Murchadha Uí Madadháin tighearna Shíl n-Anmchadha d'écc.

  5. Maol Mórdha mac Con Connacht mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raghallaigh tighearna Breifne do écc.

  6. Cobhthach Ua Madadháin adhbhar tighearna esidhe ar a dhuthaidh fęin d'écc.

  7. Muirchęrtach mac Con Uladh Uí Néill riogdamhna Chenel Eoghain d'écc.

  8. O Suilleabhán Mor do ghabhail ⁊ do dhalladh, ⁊ a mhac do mharbhadh la Domhnall (.i. Domhnall Dubh) Ua Suillebháin i fell.

  9. Tomás mac Sęain iarla Dęsmhumhan d'indarbadh a h-ErindSemus mac Gearóid.

  10. Maol Seachlainn mac Briain Mheg Tighęrnáin tanaisi Teallaigh Dúnchadha d'écc.

  11.  p.806
  12. Conchobhar Ua Cathasaigh airchindeach fearainn Muintire Cathasaigh i n-Daimhinis, ⁊ Iohanes Mac Sgoloige aircindeach a fhearainn fęin i Ros Airtir d'écc.

  13. Muirceartach Midheach mac Briain Uí Fhearghail tighearna an Chaladh isan Anghaile fear nach ar h-imdeargadh riamh d'écc.

  14. Concobhar mac Giolla Mo Chuda Uí Shuillebain do marbhadh da braithribh fęin i f-fiull.

  15. Mainistir Eanaigh Dúin do losccadh.

  16. Domnall Doidhiola O Bęchain saoí shęnchadha do ecc.

  17. Diarmait mac Giolla Iosa Meg Craith ollamh Tuadhmumhan le dán do écc.

  18. Domhnall mac Cathail Ui Ruairc do ecc.

  19. Taichleach Buidhe Ó h-Ęghra do ecc.

  20. Sirriam na Midhe do gabail la h-Ua c-Concobair f-Failge, ⁊ fuaslaccadh mór do bęin as.

  21. Mág Cárthaigh Mór do iondarbhadh la h-Uíbh Suilleabhain.

  22. Maol Muire Mac Suibhne do ghabhail la h-Ua n-Domhnaill tre ionnlach ⁊ ędarchosaoítt aroile dia mhuintir.

  23. Tadg (.i. Caoch na Moicheirghe) mac Diarmata Meg Carthaigh adbar tighearna Dęsmumhan do mharbhadh i f-fiull la Fęidhlimidh mac Diarmata Még Cárthaigh.

  24. Mac Maghnasa Tire Tuathail ⁊ a mhac do mharbhadh la cloinn Ruaidhri Mec Maghnasa.

 p.808
M1412
  1. AOIS CRIOST, 1412.

    Aoís Criost, mile, cetre ched, a dech, a dó.

  2. Dealbh Muire Atha Truim do denamh miorbhal n-iomdha.

  3. Domhnall mac Néill Uí Dhomhnaill d'écc.

  4. Aodh mac Enrí Uí Neill do éludh a h-Ath Cliath iar m-bęith dho dech m-bliadhna i l-laimh ⁊ tucc fós móran do braighdibh oile lais ar an elúdh-sin fa mhac Még Uidhir, ⁊ fa mhac Uí Néill .i. mac a derbhrathar fęin, ⁊ ba ar son Uí Neill do-coidh-siumh i m-braighdęnas, ⁊ iar n-élúdh dó ro measccbuaidhreadh an coicceadh uile ag tobach Uí Néill ar Eoghan Ua Neill, ⁊ ar Ua n-Domhnaill, ⁊ ar Mag Uidhir, ⁊ ar Oirghiallaibh.

  5. Tighearnan Ócc mac Tighearnain mhóir-adhbhar tighearna Breifne d'ecc iarsan seiseadh bliadhain triocat a aoisi a mí april do shonradh.

  6. Cú Chondacht Mac Tighearnáin taoiseach Teallaigh Dúnchadha do mharbhadh la Fęraibh Manach ina thigh fęin h-i c-Cruachain Mec Tighernáin ar gręis oidhche, ⁊ tucatar ár fęr, ban, ⁊ lęnamh, ⁊ ro loisccsęt an baile uile, ⁊ tiaghaitt iaramh tar a n-ais.

  7. Donnchadh mac Domhnaill Mec Gille Findéin d'écc.

  8. Riocard Bairéd do theacht ar crech go Cúil Chęrnadha, ⁊ daoíne uaisle an tíre do breith fair, ⁊ a chur gusan Muaidh, ⁊ a bathadh fuirre go sochaidhibh dia mhuintir immaille friss do báthadh ⁊ do ghabháil.

  9. Eda Léis ⁊ mac iarla Cille Dara do comhthuitim ré aroile i c-Cill Mo Cheallóg.

  10.  p.810
  11. Coccadh eitir Ua n-DomhnaillUa c-Catháin ⁊ clann t-Seaain Uí Dhomhnaill, táinicc trá a Catháin ⁊ clann t-Seaain cona shochraide h-i t- Tír Chonaill, ⁊ ro marbhadh cethri fir dég do mhuintir Uí Dhomhnaill leó im mac Fedlimidh Uí Dhomhnaill ⁊ im Cathal mac Raghnaill Uí Bhuighill.

  12. Mór-shluagh lá Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Choncobhair im Lughnasadh i n-Gailengaibh ar tús. Assidhe i Cloinn Cuain, h-i Cęra h-i Conmaicne Chúile Tóladh, ⁊ ruc leis Clann Muiris na m-Brígh cona c-caoraigheacht isin crich-sin. Ro thionóilsęt Clann Uilliam Búrc, Uí Flaithbertaigh, Muintir Mháille, Bairédaigh, Gailenga, ⁊ Goisdealbhaigh ara cind, agus ní thuccsat sin uile troid ná tachar dhó, ⁊ do loiscc Brian a c-criocha da n-aimhdheóin, cia do mhill a n-guirt, ⁊ cia do loisc a longporta, .i. Caislén an Barraigh, Lethinsi, Baile Locha Męscca, ⁊ fágbhais Cland Muiris cona c-caoraigheacht ina t-tír fęin, ⁊ fuair síth o na Gallaibh ⁊ ó na Gaoidhelaibh sin don chur-sin, ⁊ tainic féin slán dia thigh iar sin.

  13. Sluaigheadh oile lá h-Eoghan mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Chonchobhair co Machaire Connacht fo toghairm cloinne Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair gur mhillsęt cuid cloinne mic Fedhlimidh don mhachaire ⁊ ruccsat bú, ⁊ braighde leó iar sin.

  14. Sadhbh inghęn Tighearnáin Uí Ruairc bęn Emainn mic Tomáis mic Cathail Uí Ferghail d'écc.

  15.  p.812
  16. Ruaidhri mac Cathail Uí Fęrgail do mharbhadh i Machairi Chuircne d'urchur soighde.

  17. An cuicceadh Henrii do rioghadh os Saxaibh .20. marta.

  18. Sluaigheadh la Brian Ua c-Concobhair i t-Tír n-Aędha, go ro loiscc go Murbhach, ⁊ go ro marbh Coilín Mac Coilín i m-Bel Átha Sęnaigh.

  19. Mág Bradaigh taoiseach Chúile Brighdín, Maghnus Mág Raghnaill, mac Lochlainn Uí Ruairc, ⁊ Cuabha Mág Gormáin do écc.

M1413
  1. AOIS CRIOST, 1413.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a tri.

  2. Henrí Baired do gabháil la Mac Baitin (.i. Roiberd) h-i t-teampall Airigh Locha Con, ⁊ a breith ar eccin iar sáruccadh an bhaile. Ní raibhe Mac Baitín én-oidhche nach t-ticceadh naomh an bhaile (Tighearnan Airigh) i n-aislinge chuicce ag iarraidh na braghadh go b-fuair a h-aiseacc fo dhéoidh, ⁊ tuc Mac Baitín cethraimhe fearainn do Thighearnán Airigh go brath i n-éraic a sháraighthe.

  3. Conchobhar Ua Dochartaigh taoiseach Arda Miodhair, ⁊ tighearna Insi h-Eoghain fęr lán d'fhéle ⁊ d'eineach coitcęnn fri truaghaibh ⁊ bochtaibh do écc.

  4.  p.814
  5. Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil h-i c-cúicceadh Uladh, ⁊ a bęith bliadhain innte ⁊ ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, ⁊ ro fuadaigheadh iad lamh dhęas ré h-Albain gur ro báidheadh sé longa cona f-fóirnib díbh-sidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall Bhallach mac Mec Suibhne Girr, ⁊ dá fichit ar dhá chéd immaille friú, ⁊ Tuathal féin do thecht i t-tir ar eigin i n-Albain.

  6. Cathal mac Eoghain Uí Madadháin tighearna Sil n-Anmchadha d'ég.

  7. Tomás Óg Ua Raghallaighclann Chába do dhol ar ionnsoigidh isin Midhe, ⁊ loisgthi ⁊ airgne do denamh dóibh innte. Goill do bręith orra. Mathghamhain Mac Cába, Lochlainn Mac Cába, ⁊ drong mhór dia muintir do marbhadh. Ga do bhein h-i c-cois Thomáis Óicc, ⁊ a bhęith bacach ó sin amach.

  8. Corbmac mac Taidhg mic Ruaidhri Uí Choncobhair d'écc an .ui. Kl. maii.

  9. Toirrdhealbhach mac Uí Chonchobhair Failghigh do ég do easgar.

  10. Bebind inghęn Ruaidhri, mic Tomaltaigh, Mec Donnchaidh bean Eoghain, mic Domhnaill Uí Concobhair d'écc.

  11. Luimneach uile eitir chloich ⁊ crann do losccadh lá h-aon-mhnaoí.

  12. Maidhm la Mac Murchadha (.i. Art mac Airt Chaomhanaigh) tighearna Laigęn ar Ghallaibh na Contae Riabhca, ⁊ sochaidhe mór do mharbhadh, ⁊ do ghabhail diobh.

  13. Maidm mor la h-Ua m-Brain ar Ghallaibh Atha Cliath mar an c-cédna eittir mharbhadh ⁊ gabhail.

  14. Colla mac Taidhg Uí Cheallaigh adbar tighearna Ua Maine, Maoileachlainn mac Maghnasa Mec Domhnaill O Meachair taoiseach Oacute; c-Cairín, ⁊ Mac Aędhagain Urmumhan saoí i f-feinęchus, iatt-sidhe uile do écc.

  15. O Floinn taoiseach Shil Maoíle Ruain do mharbhadh la mac Muircęrtaigh Ui Floinn.

 p.816
M1414
  1. AOIS CRIOST, 1414.

    Aoís Criost, mile, ceithri chéd, a dech, a cęthair.

  2. Domhnall Ua h-Eóghain deganach Locha h-Erne d'eg an .3. non. october.

  3. Mainistir Sliccigh do losccadh lé coindill i n-earrach na bliadhna-so.

  4. Clann Enrí Uí Néill do ionnsoighidh Eoghain mic Neill Óig Uí Néill, ⁊ Eoghan do ghabháil dóibh h-i n-geall ris Ua Néill do bhaoí i l-laimh an tan-sin ag Eoghan, ⁊ a léigean amach díbhlínibh i n-aghaidh aroile, ⁊ a thighearnus fęin do ghabháil d'Ua Néill .i. Domhnall.

  5. Maidhm mór lá Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua f-Failghe ⁊ lá Feargal Ruadh Mhag Eochagan tighearna Cenél Fiachach Mic Nell for Ghallaibh Midhe h-i c-Cill Écháin in ro marbhadh barún na Scríne ⁊ drong mhór do shaor-chlandaibh ⁊ daor-chlannaib immaille fris, ⁊ in ro gabhadh mac barúin Sláine as a b-fríth cęithre chéd décc marg, in ro gabhadh dona Dardissech Gan Dlighe ⁊ an líon oile as a f-fríth dá céd décc marcc cén mo thá luach lęssa ⁊ impidhe.

  6. Aodh mac Cathail Uí Conchobhair d'écc.

  7. Mág Cárthaigh Cairbreach .i. Domhnall mac Domhnaill do écc.

  8. Iarla Deasmhumhan do theacht i n-Erinn, ⁊ Saxanaigh iomdha do thabhairt lais do milleadh Mumhan.

  9. Iarla Urmumhan do tocht i n-Erinn o Rígh Saxan.

  10.  p.818
  11. Iohn Zanlae .i. fęr ionaid righ Saxan do theacht i n-Erinn fear na tucc cadhus nó tęrmann do thuaith, ná d'eacclais, ná d'ealadhain an mhéd gusa ráinicc acht a c-cur fri fuacht, faighdhe, ⁊ gorta. Asé ro airg Niall mac Aodha Uí Uigind i n-Uisneach Midhe, ⁊ ro h-airgeadh Semus Diúit ⁊ muintir an rígh la Hanrí Dalatún, ⁊ tucc bó sa m-boin dona h-oirgnibh-sin do Mhuintir Uiginn, ⁊ ro iodhlaic i c-Connachtaibh iad iar sin. Ro aorsat iaramh Muintir Uiginn im Niall Iohn Zanlae, ⁊ ní raibhe beó iarsan aoír-sin acht cúicc seachtmhaine namá an tan fuair bás do nęimh na n-aor, ⁊ as é sin an dara fiort filidh do-ronadh for Niall Ua n-Uiginn, .i. Clann Condmaigh do lęthadh aidhche creiche Néill h-í Cladaind, ⁊ Iohn Zanlae do écc.

  12. Concobhar mac Seffraidh Uí Fhlannagáin adhbhar taoisigh Cloinne Cathail d'écc an seiseadh lá ria samhain.

  13. Eochaidh Mhág Mathghamhna tanaisi Oirghiall do ghabháil lá Brian Mag Mathgamhna ⁊ la Gallaibh.

  14. Murchadh Na h-Aongusa tighearna Cloinne Colgan d'écc.

  15. Art Caomhánach adhbar ríogh Laighęn do écc.

  16.  p.820
  17. Maol Ruanaidh mac Fęrghail Mec Diarmata tighearna Maighe Luirccdo ecc.

  18. O h-Ęidirscceoil Mór do marbhadh la lucht luinge cęndaighe i f-fiull.

M1415
  1. AOIS CRIOST, 1415.

    Aois Críost, míle, cethre chéd, a dech a cúicc.

  2. Emann Mag Findbairr prióir Insi Móire Locha Gamhna do ég an 27. April.

  3. Lord Furnumail do thecht ina Iustis i n-Erinn. Laoighis Uí Mhordha do mhilleadh lais, ⁊ caislén mic Fachtna Uí Mhórdha do ghabhail lais bheos. Airgne móra do bhuaibh d'eachaibh ⁊ d'innilib do bhręith dhó a h-Airghiallaibh, ⁊ Meic na m-Bręthnach do mhilleadh ⁊ do orgain, ⁊ Gearóid mac Tomáis Chaoích don fhuil Gearaltaich do crochadh leis. Ro airg bheós drong mhór d'aos dána Ereann, .i. Ua Dálaigh Midhe (Diarmait), Aodh Óg Mag Craith, Dubhthach Mac Eochadha Eolaigh, ⁊ Muirgheas Ua Dálaigh. Isan samhradh ar c-cind dna ro aircc Ua Dalaigh p.822 Chorca Modruadh .i. Fęrghal mac Taidhg mic Aonghusa Ruaidh. Ro aircc Bruicchean Dá Cocca i m-Machaire Chuircne, ní h-ędh amháin acht ní thucc tęrmann do naomh iná do neimeadh in fad do baoí in Érinn.

  4. Creach mhór do dhenamh d'Ua Mhaille .i. Aędh for Dhiarmaid Ua Mhaille, ⁊ Diarmaid do ghabháil oilén Uí Mhaille, ⁊ Aodh do dhul i n- iarmhóracht Diarmada, fęrthar iomairęg ętorra, ⁊ ro marbhadh Aodh Ua Máille tighearna Umhaill annsin lá Diarmaid ⁊ a mac Concobhar, ⁊ mac Tomáis Uí Mhaille. Ro marbhadh ann dna Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille. Ro scar oireachas Umhaill ré sliocht Aodha ó sin amach, ⁊ gabaidh Diarmaid tighearnas.

  5. Tomaltach Ruadh mac Conchobhair mic Muirghęsa d'écc.

  6. An Clasach Ua Cobhthaigh saoí ré dán, ⁊ re daonnacht d'écc.

  7. Diarmaid mac Diarmada mic Concobhair mic Tomaltaigh Mec Diarmada do mharbhadh la cloind Uí Chonchobhair Duinn, ⁊ a adhnacal i mainistir Atha Da Laarg.

  8. Cathaoír mac Donnchadha Uí Fearghail do écc.

  9. Aedh mac Donnchadha Uí Cheallaigh d'écc.

  10. Tomaltach mac Taidhg Uí Bhirn do mharbhadh i n-greis oidhche la Feargal mac Diarmata Mécc Raghnaill h-i Cluain Síthe i m-Baile Elli h-i tigh Mec an Donnánaigh, ⁊ inghęn Lochlainn Uí Áinlighi do losccadh ann bheós an .ui. idus ianuari.

  11. Conchobhar mac Briain mic Uilliam Mhég Eochagáin do mharbhadh i c-Cill Cuairsighe.

  12.  p.824
  13. Coccadh eittir Luighneachaibh fęin, ⁊ tochar doibh fri aroile, ⁊ briseadh for an lucht soir ⁊ daoine do mharbhadh diobh, ⁊ Art mac Uí Ęghra do ghabháil go ro crochadh leó h-é aga t-tigh.

  14. Clann Diarmata Duibh Uí Fhlaithbęrtaigh do mharbhadh ⁊ do gabháil da m-braithribh fęin, ⁊ lasin n-Giolla n-Dubh Ua f-Flaithbęrtaigh.

M1416
  1. AOIS CRIOST, 1416.

    Aoís Criost, mile, ceithre chéd, a dech, a sé.

  2. Adam Lexid epscop Ard Achaidh , brathair Gallda esidhe do losccadh i Ráith Espuicc, ⁊ Conchobhar mac Feargail mic Con Chonnacht Uí Fęrghail do togha lá coraidh Ard Achaidh ina ionadh.

  3. Deaccanach Cille h-Aladh (.i. Ó h-Ainmche) do écc.

  4. Muirghęs Ua Coireóil comarba Droma Cliabh do losccadh 'na tigh fén lá foghladhaibh.

  5. Tomás Mac ind Ócclaich aircindeach Cille h-Oiridh, ⁊ ard-maighistir Condacht i n-dlighidh do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  6. Lucás Ua Treabhair airchindeach Chille Fearcca d'écc iar n-dęigh-bęthaidh.

  7. Mainistir Sliccigh do cumhdach (iarna losccadh feacht riamh) lá Brian brathair mac Diarmada Mec Donnchaidh.

  8. Gormlaidh inghęn Néill Mhóir Uí Néill bęn Seain Uí Dhomhnaill do ég.

  9. Ardghal mac Briain Mhóir Meg Mathghamna tighearna Airghiall do écc.

  10. Art Caomhánach (Ri Laighen) mac Airt Chaomhánaigh mic Muircheartaigh Caomhanaigh mic Muiris Chaomhánaigh, ⁊ ca., aon-rogha Gaoidheal Ereann ind eneach ⁊ ind ęngnomh do écc iar m-buaidh n-athrighe ina longport budhdhéin.

  11.  p.826
  12. Cú Meadha mac Sęain Mec Con Mara adhbhar taoisig Cloinne Cuiléin do écc.

  13. Ionnsoighidh lá Mac Siúrtain d'Exetra cona braithribh for cloinn Seaain Uí Ęghra, Ua h-Ęghra fęin, ⁊ Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Conchobhair, ⁊ marcshluagh Cairpre do theaccmháil ré toisseach na fędhna-sin Mhec Siurtáin, ⁊ Ua h-Ęghra do mharbhadh, ⁊ Maghnas mac Donnchaidh mic Muircheartaigh Uí Concobhair, ⁊ mac Aodha Mec Donnchaidh, ⁊ Toirrdhelbhach Carrach mac Domhnaill do lot. Mac Siurtáin do dhenamh creach na criche iar sin, ⁊ an tír uile do thionól, ⁊ do dhul 'na t-toraigheacht. Sraointear leo for Mac Siurtáin, ⁊ ro marbhadh é, ⁊ Aédh Ua Ruadháin, ⁊ Ua Ruadháin feisin, da mac Tomais Mec Maoilir, ⁊ Mac Duarcain (.i. tighearna Chúla n-Ęiridh) do mharbhadh ann bheós co sochaidhibh oile cęn mo thátt.

  14. Coccadh eittir Fearaib ManachFir Breifne fá chios Cathail mic Aodha Uí Ruairc, ⁊ Cathal a l-lęith Manchach an tan-sin. Tuccadh sraoineadh for mhuintir Aodha Mhég UidhirCathail Uí RuaircTadhg ⁊ lá Domhnall Ua Ruairc in ro marbhadh Tadhg mac Fearghail Uí Ruairc ⁊ naonbhar imaille fris, ⁊ ro bęnadh aoín each décc diobh don chur-sin.

  15. Ionnsoighidh oile do thabhairt lá h-Aodh m-Buidhe ⁊ lá Tadhg Ua Ruairc ⁊ la Mág Caba for Mhuintir Pheodacháin, ⁊ Fir Manach o Loch Erne siar do breith forra. Rucc orra din Cathal Ua RuaircEoghan Ua Ruairc, ⁊ ro fuilngędor clann Uí Ruairc an t-anbforlann-sin nó go rangattar a c-ceann a n-gallocclach ro fhágaibsęt a c-ceilcc ina ęrcomhair. Ro iompaídhsęt díbhlínibh iaromh fris an tóraigh, ⁊ ro marbhadh leó Donnchadh ⁊ Sęan Ua Ruairc, ⁊ mhac Maoíleachloinn mic Flaithbeartaigh Uí Ruairc, ⁊ ro marbhadh ochtar ⁊ da fichit imaille friú do Fearaibh Manach.

  16. Domhnall mac Tighearnain Mhóir Uí Ruairc do ecc do ghalar breac, ⁊ ba h-ęsbaidh mhór do Gairb-trian Connacht oidheadh an fhir hi-sin.

  17. Gráinne inghęn Flaithbęrtaigh Uí Ruairc d' écc.

  18.  p.828
  19. Tadhg Ócc mac Taidhg Ruaidh Mec Diarmada Gall tighearna Airtigh do ég i n-diaid fele Michil i t-tig na m-Bratar i Ros Comain, ⁊ a adnacal isin mainistir.

  20. Tęmpall Insi Moir Loch Gile do losccadh, ⁊ screptra Uí Chuirnin imon Leabhar n-Gearr Muintire Cuirnín go seódaibh iomdha oile ar cheana.

  21. Semus mac Risdęird Mec Feorais do ecc.

  22. Sęan Mac Goisdelb do dhol ar creich for Émann an Mhachaire, creach mór do, ⁊ e fęin do marbhadh d'aęn urchor saighde iar c-cur na creiche for daingęn.

  23. Sęan Ó Cęndubhain Pearsún Tíre Fiachrach Muaidhe do ecc.

  24. Feidhlimidh mac Aodha Uí Concobhair do mharbhadh la cloinn Uí Concobhair Dhuinn.

  25. Creacha mora do denamh la h-Émann a Burc ar Mac Feórais, ⁊ Mac Feorais do ghabháil la h-Emann, ⁊ a chur go Baile Locha Męscca.

  26. Sith do dhénamh d'Ua Domhnaill ⁊ do Bhrian Ó Choncobhair fri aroile.

  27. Maidhm mor do thabhairt la h-Ua c-Concobair f-Failge for Ghallaibh na Midhe, ⁊ édala mora do bhęin diobh do braighdibh, d'eachaibh, ⁊ d'ęidędh.

  28. Saxain iomdha do techt i n-Erind.

  29. Maidhm do thabhairt do Mhac Murchadha ar Ghallaibh na Condae Riabhca, ⁊ secht fichit d'écc do mharbhadh ⁊ do ghabhail diobh, ⁊ síth do dhenamh fris ar a bharach, ⁊ braighde do tabhairt dó.

 p.830
M1417
  1. AOIS CRIOST, 1417.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a Seacht.

  2. Art mac Airt mic Muirceartaigh mic Muiris tighearna Laighen, fęr do chosain a chuicceadh d'aimhdhęoin GallGaoídheal ó aoís a sé m-bliadhan décc go cęnn a thrí fichit bliadhan. Fęr lán d'ęineach, d'eolas, ⁊ d'eangnamh. Fęr lán do rath, ⁊ do rioghacht, fęr médaighthe ceall ⁊ mainistreach la a almsanaibh, ⁊ ędhbartaibh do écc (iar na bęith da bliadhain cęthrachat i t-tighearnus Laighen) sechtmain iar nottlaicc at-bath. At-bęrat araile gur bo do digh nimhe tucc bęn h-i Ross Mic Triuin dó-samh ⁊ d'Ua Dhęórán bręithęmh Laighen dia ro eccsat ina n-dísi. Donnchadh a mac do ghabhail a ionaidh dia éis.

  3. Maigistir Seon Pęrsún Daimhinsi d'écc.

  4. Diarmaid Laimhdhearg mac Airt Chaomhanaigh, mac Righ Laighen, d' écc.

  5. Ruaidhri(.i. Ó Dubhda) mac Domhnaill mic Briain mic Taichligh Uí Dubhda tobar sonusa ⁊ saidbriosa Ua f-Fiachrach d'ég ina bhaile fęin iar f-fél Bríghde i cind miosa dh'errach, ⁊ Tadhg Riabhach a dearbhrathair do gabail a ionaidh.

  6. Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbęrtaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh  p.832 Uí Flaithbertaigh, ⁊ sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhęrtaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill.

  7. Tomas mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh lá Sémus mac iarla Deasmhuman.

  8. Matha mac Con Connacht Uí Fhęrgailtighearna Maighe Treagha do écc.

  9. Cormac Ballach mac Fęrghail mic Con Connacht Uí Fhęrghail do mharbhadh lá Gallaibh.

  10. Coccadh mór eitir Ua NeillCenel c-Conaill, ⁊ indsoighidh do thabhairt d'Ua Néill ar Neachtain Ua Domhnaill dia fhoslongport isin oidche i Carn Glas eitir Ráth BothDomhnach Mór ⁊ breith forra ina c-codladh, ⁊ da fhichit each do bein díobh, ⁊ edala móra d'éidędh d'arm, ⁊ d'edach d'faghbháil dóibh, ein fhęr décc eitir mharbhadh ⁊ ghabhail do bhuain diobh, ⁊ Neachtain budhdhein do thérnudh do thoradh a calmatais a ęngnamha ⁊ a eisiomail.

  11. Una inghęn Domhnaill Uí Néill bean Néill Óig Uí Néill do écc.

  12. Coccadh mór i Laighnibh eitir GhallaibhGhaoidhealaibh.

M1418
  1. AOIS CRIOST, 1418.

    Aoís Criost, míle, cetre chéd, a dech, a h-ochtt.

  2. An t-epscob Ua h-Ęidirsceóil, ⁊ Mac Con Ua h-Eidirsceoil (a dearbhrathair) tighearna Corca Laíghe, ⁊ Diarmaid mac Mhég Cárthaigh Cluassaigh tanaisi Ua Cairpri d'écc.

  3.  p.834
  4. Creacha móra ⁊ airgne do dhénamh lá Niall Ua n-Domhnaill ar Ua Néill, ⁊ a dhiochur tar Banna sair h-i c-cęnn Mhec Uidhilín.

  5. Airghne móra do dhenamh lá Lord Furnumail for Aedh mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua n- Eachdhach Uladh. Mag Aongusa .i. Aędh, ⁊ Mac Uí Nell Bhuidhe do dhol i t-toraigheacht Ghall ⁊ a c-creach, ro sraoínsead forra iar b-fágbáil na c-creach. Ro marbhadh ⁊ ro gabhadh líon dirimh dona Gallaibh don chur-sin lá Mag Aonghusa.

  6. Brian Ballach mac Aodha mic Fedhlimidh Uí Chonchobhair fęr ná ro ér neach riamh im nach ní nó bhiadh ina chumhang d'écc, ⁊ a adnacal i Ros Commáin.

  7. Eóghan mac Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc tanaisi Breifne do bhathadh iar Notlaicc acc teacht a h-Innsi na t-Torc for Loch Fionnmaigh, ⁊ é ag dol for cuairt docom a athar baoí i n-galar a écca an tan-sin.

  8. Tighearnán Mór mac Ualgairg Uí Ruairc tighearna Bréifne fear is crodha ⁊ as calma tainicc do chath Ua m-Briúin, fear ro bhęn a dhúthaidh ar éccin dá ęsccairdibh tria nęrt a laimhe d'écc iar c-cian-aois im fhéil Brighde, ⁊ a adhnacal h-i mainistir Sligigh. Aodh Buidhe Ua Ruairc do gabhail ionaid a athar.

  9. Tadhg .i. Mag Flannchadha, mac Cathail mic Taidhg taoíseach Dartraighe d'écc iar n-dul isna manchaibh dhó coíctidhis riasan tan-sin, ⁊ a mhac Cathal do ghabhail a ionaidh.

  10. Risdęrd mac Tomais Uí Raghallaigh tighearna na Bręifne Thair do bhathadh for Loch Sílenn, ⁊ Eoghan Ua Raghallaigh a mac, Pilib mac Giolla Iosa mhec Gafraidh p.836 deccanach Droma Lętain ⁊ biocáire Eanaigh Ghairbh, ⁊ sochaidhe oile do dęgh-dhaoinibh do bhathadh immaille friú. Tearna trá Fionnghuala inghean Mheg Raghnaill bęn Uí Raighilligh ón m-badhadh-sin do thoradh a snamha.

  11. An Caislén Becc do dhenamh la h-Uilliam Ua c-Ceallaigh fri ré chóig lá n-dég h-i Ross Commain ar aghaidh an Chaislein Mhóir d'aimdheóin GallGaoidheal Connacht (do neoch bátar ina aghaidh ag congnamh lé cloinn Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair) i samhradh na bliadhna-so.

  12. Mor-shluaigheadh la cloinn Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Concobhair, ⁊ lá Cloinn n-Donnchaidh do thoghail an Chaisléin Bicc, ⁊ ní ro airęseadar gur ro ghabsat longport ina timcheall dá gach lęith gidh eadh nir' bó tarbha dóibh itir uair ro cosnadh an caislén co fearrda friú, ⁊ o nár fhédsat ní dhó, ro cuirsęt lón isin Caislén Mhór, ⁊ ro loiscsęt ceall Chúile Sílinne don cur-sin.

  13. Lasairfiona ingean Cathail mic Aodha Breifnigh bean Maoileachlainn mic Flaithbhęrtaigh Uí Ruairc do écc.

  14. Síth do denamh la Cloinn Donnchaidh fri aroile an c-cęin nó mhairfeadh Mac Donnchaidh, Conchobhar, ina thighęrna aca.

  15. Domhnall mac Maoileachlainn mic Muirghiusa Mec Donnchaidh do écc ina thigh féin.

  16. Coccadh mor eitir Mac Uí Neill BhuidheAlbanaighGoill Uladh ⁊ an Rúta.

M1419
  1. AOIS CRIOST, 1419.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a naoí.

  2. Eoin Mac Carmaic epscop Ratha Both do écc.

  3. Aodh Ua Flannagáin Prióir Lęssa Gabhail d'écc.

  4.  p.838
  5. Coccadh mór do ęirghe eitir Ua Neill, Domhnall mac Enrí Aimhręidh, ⁊ Eoghan mac Néill Óicc rioghdhamhna Chenél Eoghain. Tainicc Eoghan i m-báidh Uí Domhnaill, Toirrdhealbhaigh, ⁊ do- róine a charadradh d'urnaidhm fris. Tionoilit sluagh lán-mór do dhul i t-Tir Eoghain. Tainicc isin sochraide-sin, Brian Mag Mhathghamhna tighearna Oirghiall, ⁊ Tomás Mhág Uidhir tighearna Fear Manach, ⁊ iarná t-torrachtain go h-aon-mhaighin co Toirrdhealbhach do deachatar uile i t-Tír Eoghain, ⁊ ro h-oirgheadh an tír co léir leo, ⁊ ro ionnarbsat Ó Néill fo dhimiadh a Tír Eóghain uile gur ros-cuirsęt i męsg Gall tar Banna anonn, ⁊ Mac Uí Neill Buidhe do dhenamh cręch fair isna Glindibh.

  6. Mór-sluaiccheadh lá Brian Ua Concobhair ⁊ lá h-Iochtar Connacht uile co n-Gallaibh iomdhaibh leó tria forcongra ⁊ toghairm Uí Neill gor ro mhillset Tír Aodha uile otha Ath na n-Gall co h-Ath Seanaigh eitir fhér, arbhar, ⁊ foirccnęmh, ⁊ ro loisccsęt Murbhach longport Uí Dhomhnaill an c- céin baoí Ó Domhnaill cona shloghaibh i t-Tír Eoghain. Soais Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh gona sochraide dia t-tighibh iarttain.

  7. Aodh Buidhe Ua Ruairc tighearna Breifne fri ré bliadhna co leith do écc, ⁊ Tadhg Ua Ruairc do thogha ina ionadh lá Muintir Ruairc> ó Sliabh an Iairn siar ⁊ Art mac Taidhg mic Ualgairg do thogha ina aghaidh o Shliabh an Iairn sair la Muintir Raghallaigh, ⁊ lá Teallach n-Dunchadha, ⁊ la sliocht Maoileachlainn Mhég Raghnaill gur ro buaidhreadh Gairbh-trian Condacht uile ętorra.

  8. Cathal mac Aodha Mhég Uidhir dęgh-adhbhar tighearna d' Fęraibh Manach, fear a aoisi ro ba mó ainm ⁊ oirbeart dha raibhe ina thir ina aimsir d'écc.

  9.  p.840
  10. Cu Coiccriche mac Néill Uí Maoil Mhuaidh do écc.

  11. Feircheirtne mac Uiginn mic Giolla na Naomh Uí Uigind ceann fine Sleachta Giolla na Naemh Uí Uigind d'écc.

  12. Dauidh mac Tanaidhe Uí Mhaoil Conaire do ecc do plaigh ina thigh fęin i c-Coill Mhoir na m-Bręthnach iar n-aithrighe ⁊ iar n-ongadh, ⁊ a adhnacal i mainistir Eoin Baiste i m-Baile Atha Truim. Mac ollaman Síl Muireadhaigh an Dauidh h-í-sin.

  13. Diarmaid Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Óicc Uí Concobhair d'écc.

  14. Murchadh mac Briain Uí Fhlaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht d'ég.

  15. O Neill do dhol do thigh Eoghain Uí Neill, ⁊ síth charthanach cairdęmhail do denamh doibh re 'roile ⁊ a thigęrnas fein do thabhairt d'Ua Neill.

  16. Tadhg mac Domhnaill Uí Ceallaigh tighęrna Cloinne Mic n-Ęoghain do écc.

  17. O h-Ęidirscceoil Mór, ⁊ An Ridire Fionn cona mhac do écc.

  18. An Calbhach O Concobair Failge do ghabháil i f-fiull la mac Sir Libiner Prene, ⁊ a ręic re Lord Furnaual re fęr ionaid righ Saxan i n-Érinn, ⁊ an oidhche iarna ghabhail an fęr do baí ina chomglas do elúdh lęis dia thigh fęin.

  19. Mac Murchadha tighęrna Laighen, .i. Donnchadh mac Airt Chaomhanaigh do ghabháil le Lord Furnaual ⁊ fá lén mor do Ghaoidhelaibh eisidhe.

  20. Tomas Bacach mac iarla Urmumhan do dhol do congnamh la Righ Saxan h-i c-coccadh na Frainci, ⁊ a écc thoir i f-farradh Righ Saxan, ⁊ urmhor a n-deachaidh lais a h-Erinn do écc isin f-Fraingc ⁊ h-i Saxoibh on mudh c-cédna.

  21. Fęradhach mac Taidg mic Domhnaill Uí Cheallaigh do mharbhadh la mac mic Uilliam Óicc Uí Ceallaigh.

  22. Donnchadh mac Muircęrtaigh Uí Concobhair do écc do easccar i n-dorus chaisléin Sligigh.

  23. Murchadh Ua Concobair adhbar tigęrna Ua f-Failge, Cathal mac Aodha Még  p.842 Uidhir, Diarmait Ruadh mac Uí Concobair Dhuinn, ⁊ Mac Muiris na m-Brigh saoí i n-eaccna ⁊ i n-eolas do écc.

  24. O DuibhdhíormaMuircęrtach mac Cathail mic Aodha Breifnigh do écc.

  25. Giolla na Naomh O Mithidhéin comarba an Bhealaigh do écc.

  26. Tomaltach Mag Flannchaidh do écc.

  27. An Barrach MorO Suillebain do écc.

M1420
  1. AOIS CRIOST, 1420.

    Aoís Criost, míle, cethri ched, fiche.

  2. Mainestir .S. Franseis i n-Ęss Gephtine isin Mumhain ar brú na Sionna i n-epscopóitteacht Luimnigh do denamh do Braithribh .S. Franseis la h-iarla Deasmhumhan, ⁊ do chumhdaigh tumba dhó fein, ⁊ dia siol ina deadhaidh innte.

  3. Matha Ua Branáin, maighistir, pęrsún, ⁊ aircindeach Doire Mhaoláin d'ecc an .ui. idus Sept.

  4. Caislén Bona Drobhaoisi do thionnsgnadh lá Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Concobhair. Cenel Conaill do theacht do thoirmęsg na h-oibre cona sochraide imaille friú. Brian do cruinnuccadh slóicch oile ina n-aghaidh, .i. a braithri budhéin, Ua Ruairc, .i. Tadhg, ⁊ Mac Donnchaidh cona sochraidibh conár lamhsat Cenel c-Conaill dul tar an ursccátha siar don cur-sin. Bator Conallaigh i foslongport fá chuan Eassa Ruaidh. Tangattar clann Uí Domhnaill, Niall Garbh, DomhnallNeachtain díorma marcsluagh ar an magh. Tangattar  p.844 clann Briain Uí Concobhair marcshluagh ele do dol d' féghain Atha Sęnaigh conus tarla dóibh aghaidh i n-aghaidh amhlaidh-sin. Tuccsat Conallaigh ruaig do Cairbreachaibh dia ro marbhadh Seaan mac Briain Uí Concobhair Aodh Buidhe Mac Donnchaidh, Cathal mac Diarmada mic Corbmaic mic Ruaidhri, ⁊ Eoghan Ó Dubhda, Brian Ua Concobhair iaromh (iar c-cloisteacht na n-droich-sgél-sin do) do thocht cona sochraide for Maigh Eni, Eoghan Ua ConcobhairToirrdhealbhach Carrach clann Domhnaill mic Muirceartaigh do dol h-i c-ceann cóicc n-oidhche iar sin go marsshluagh mór tar Ęss Ruaidh anonn ar ionnsoighidh oidhche, ⁊ clann Uí Domhnaill do bhęith buidhean marcsluagh ag Port na Long don taobh thall don eas iar n-ól fhíona, ⁊ iar b-faghail a fheasa-sin d' Eoghan ro ionnsoigh iatt, ⁊ ro marbhadh Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Dhomhnaill adhbar tighearna Tíre Conaill don chur-sin leó ⁊ daoine ele nách airemhter. Do-chóidh din Niall Ua Domhnaill gusan c-cuan, ⁊ do dheachaidh for snamh i luing dona longaibh cęndaigh baoí isin c-cuan. Soais Brian Ua Conchobhair dia tigh iarsan c-cosgar-sin.

  5. Eoghan mac Ruaidhri Uí Concobhair d'écc an treas calainn do marta, ⁊ a adhnacal i Cluain Mic Nois.

  6. Tadhg mac Feargail Uí Ęgra tanaisi Luighne d'ecc.

  7. Cathal mac Taidhg Mhég Flannchadha taoiseach Dartraighe do mharbhadh lá a braithribh ina thigh féin im fél Brighde, ⁊ Aędh Buidhe Mac Flandchadha do mharbhadh imaille fris. At iatt na braithre Tadhg, Muiris, ⁊ Énrí.

  8. Iarla Urmhumhan Iustis na h-Éirenn do beith i c-cogadh fri h-Ultaibh ag gabháil neirt d'Ua Néill gur chuir Mág Aęnghusa fo umhla dhó, ⁊ co t-tard a bhraighde d'Ua Néill.

  9. Uilliam mac Maoileachlainn mic Uilliam Uí Cheallaigh adhbhar tighęrna Ó Maine fęr lán do rath ⁊ d'ęngnamh do écc iar m-buaidh ongtha ⁊ aithrighe.

  10.  p.846
  11. O Neill do indarbhadh a coigeadh Uladh la h-Eóghan Ua Néill ⁊ la Mac Ui Neill Buidhe ⁊ la Niall n-Garbh Ua n-Domhnaill go maithibh an chuigidh ar cęna ⁊ tocht dó co Sligeach co teach Bhriain mic Domhnaill mic Muircęrtaigh tighearna Iochtair Chonnacht.

  12. Cogadh i b-Fęraibh Manach eitir Aodh Mhág UidhirMag Uidhir féin, ⁊ Mac Aędha, .i. Dómhnall do mharbhadh ar an c-cogadh-sin.

  13. An Barrach Mor, .i. Seaan do écc.

  14. O Follamhain, .i. Aędh Buidhe do ég.

  15. Giolla na Naomh Ó h-Uidhrin saí shęnchadha, ⁊ Ruaidhri mac Dauidh Ui Duibhgennáin saoí sęnchadha oile, ⁊ Fęrgal Ó Dálaigh ollamh Corco Modruadh i n-dán do écc.

  16. Epscopoitte Rátha Both do ghnóughadh dochum Uí Ghallchobhair.

  17. Eachmarcach Ruadh Mac Con Midhe saoí fhir dhána do écc.

M1421
  1. AOIS CRIOST, 1421.

    Aois Criost, míle, cethre ched, fiche, a h-aén.

  2. Nicolás Mag Bradaidh epscop na Breifne saoí i n-eccna ⁊ a c-crábhaidh i n-óige ⁊ i n-indracas d'écc.

  3. Tomas Óg Ó Raghallaigh adhbhar tighearna ba fęrr oineach ⁊ ęngnamh tainicc do cath Aedha Finn ina aimsir do écc ina tigh féin.

  4. Ruaidhri mac Aodha Mec Diarmada tighearna Maighe Luirg, féchęmh coitcęnn gan diúltadh ria n-dreich duine do écc isin c-Carraic an .xi. callainn Maii, ⁊  p.848 a adhnacal h-i mainistir na Buille, ⁊ Tomaltach Óc mac Concobhair do gabháil a ionaid.

  5. Murchadh Ua Conchobhair tighearna Ua f-Failghe fear ro bris iol-chatha for GallaibhGaoidhelaibh nó bhíodh ina agaidh iar m-breith bhuadha ó dhomhan ⁊ o dhęmhan do écc ina dhún-arus féin, ⁊ a adhnacal i mainistir Cille h-Achaidh.

  6. Coccadh do eirghe eidir Muintir RuaircClann n-Donnchaidh. Ua Ruairc do thęglamadh ⁊ do thionól slóigh mhóir go h-aoín-ionadh, ⁊ Ua Domhnaill (Toirrdhealbach) cona shocraide do toidheacht dia f-furtacht ⁊ neartadh, ⁊ Aodh Mhág Uidhir cona thionól, ⁊ Ua Ruairc fęisin cona mhuintir ⁊ iad-sídhe uile do dhol h-i t-Tir n-Oilealla, ⁊ an tír do losccadh leo, ⁊ Cathal mac Mec Donnchaidh do mharbhadh don cur-sin, ⁊ sochaidhe ele bheos.

  7. Niall Ua Domhnaill ⁊ a sluagh, ⁊ Ua Ruairc cona chaoraighecht lais do thocht go cuan Ęssa Ruaidh. Clann n- DonnchaidhCathal mac Ruaidhri Uí Concobhair do dol co longport Uí Ruairc tar a n-ési, ⁊ an baile do losccadh ⁊ an caislén do legadh ⁊ do briseadh leó, ⁊ cęnntur na tíre do mhilleadh uile. An sluagh conallach do bęith i foslongport i n-Ard Fęrna, ⁊ Cairprigh do bęith fóchaislén Bhona Drobhaoísi, ⁊ daoíne iomdha ⁊ ech do bęith occa marbhadh ⁊ ogá lot ętorra gach laoí. Muirceartach Buidhe mac An Chosnamhaigh Uí Dhubhda, Ua Maonaigh, ⁊ mac Donnchaidh Chaomhanaigh do mharbhadh lá Cenel Conaill don chur-sin, Aedh mac Muirędhaigh Ruaidh Mec Lochlainn do bhathadh for Ath Sęnaigh. Sith do dhénamh doibh iar sin.

  8. Ionnsoighidh oidhche do thabhairt lá Cathal Ua Ruairc ⁊ lá a chloinn for Mág Flannchaidh co h-Inis Caoin for Loch Melghe, ⁊ lucht coimheda an locha, .i. Meg  p.850 Gollaigh do thabhairt ęthar an locha do Chathal cona chloinn, ⁊ Mag Flannchaidh Óg do ghabhail dóibh, ⁊ Loch Melghe cona chaislén. Cóccear do mhacaibh Még Flannchaidh, ⁊ drong mhor d'Fearaibh Dartraighe do mharbhadh doíbh, ⁊ clann Még Flannchaidh do dhul h-i c-Cairpri iar sin.

  9. Mór inghęn Briain Uí Bhriain bean Aater A Búrc, ⁊ Búrc, ⁊ do baoí ina mhnaoí ag Tadhg Ua Chearbhaill én-bęn do b-fearr aithne ⁊ oineach, ciall ⁊ crabhadh do bhaoi in aon-aimsir ria i l-Leth Mogha d'écc. Mór Mumhan na Muimneach at-berthí fria.

  10. Cormac na Coille mac Még Cartaigh (Cairbrigh) mac tighęrna ro ba fęrr do Mhuimhneachaibh ina ré do mharbhadh lá cloinn Eoghain Még Cárthaigh.

  11. An Giolla Riabhach Ua Clerigh saoi seanchadha d'écc iar n-deigh-bheathaidh.

  12. Eoghan Ua Néill do erghabhail lá Mac Uí Nell Buidhe ag dol i coinde an iarla co Dún Dealgan.

  13. Mac Giolla Phatraicc ⁊ mac Libnéd A Frene do Ghallaibh do thocht maille re da fichit décc do amhsaibh leó ar creich i l-Laoighis, ⁊ ní ro ansat go rangatar go Mainistir Laoíghisi. Tarla Ua Conchobhair Failghe ar a c-cind isin tír ⁊ ro indsaigh Mac Giolla Patraicc ⁊ na Gaill gur ro sraoineadh lais forra, ⁊ gur ro chuir a n- ár, ⁊ fuairsęt a muintir edála móra d'eidędh, d'arm, ⁊ d'faidhb na n-Gall. O Concobhair (.i. Murchadh) do thecht dia thigh iar sin, ⁊ galar anbhail dia ghabhail, ⁊ a dhul isna bráithribh i c-Cill Achaidh, ⁊ aibitt brathar do ghabhail dó uimme, ⁊ a brathair fein do fhágbhail iona ionadh ria m-bás .i. Diarmaitt Ó Concobhair, ⁊ Ua Conchobhair do beith mí isna braithribh riana écc, ⁊ at-bath fo deóidh iar n-degh-bhethaidh.

  14. O Ruairc do dhenamh do Art mac Taidhg Uí Ruairc i n-aghaidh Thaidhg mic Tighearnain.

 p.852
M1422
  1. AOIS CRIOST, 1422.

    Aoís Criost, mile, cethri chéd, fiche, a dó.

  2. Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh Uí Domhnaill tighearna Thíre Conaill do dhol i n-aibítt mhanaigh i mainistir Eassa Ruaidh iar m-bręith bháire an bhętha freacnairc, ⁊ a mac fęin, Niall Garbh do oirdneadh ina ionadh.

  3. Rudhraidhe Ua Conchobhair (.i. mac Concobair) tighearna Corca Modhruadh do mharbhadh la a bhraithribh fęin la cloinn Fhedhlimidh Uí Conchobhair ina bhaile fęin h-i c-Caislén na Dumhcha.

  4. Eoghan Ua Néill do fhuaslaccadh lá a mhnaoí ⁊ lá a chloinn fęin ó Mhac Uí Neill Bhuidhe.

  5. Diarmaid mac Taidhg Mec Diarmada do mharbhadh.

  6. Domhnall Find Ua Flaithbheartaigh do mharbhadh la cloinn Domhnaill Uí Fhlaithbhęrtaigh.

  7. Slóighędh lá h-Ua n-Domhnaill .i. Niall, ⁊ la h-Ua Nell, la h-Eoghan Ua Néill, ⁊ la Mac Ui Néill Bhuidhe go maithibh an chóigidh ar chęna. Ro loisccsęt ⁊ ro airccsęt Cairpre uile co Slicceach. Tionoilidh Eoghan Ua Conchobhair, ⁊ Toirrdhealbhach Carrach, ⁊ Ua Ruairc a sochraide ar a c-cind i Slicceach, ⁊ tugsat deabhaidh don t-sluagh anair, ⁊ ro marbhadh móirsheisear dhíbh lá Connachtaibh. Do-chotarais-sidhe h-i d-Tír n-Oilealla, ⁊ ro mhillsęt an tír co léir.

  8. An Cosnamhaigh Óg Mac Aedhagain ollamh Chenel FhiachachUí Chonchobhair  p.854 Fhailghibrethęmhnas do mharbhadh lá cloinn Uí Maoíleachlainn d'aon urchar do shoighit i n-aimhriocht.

  9. Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh mic Neill Ghairbh Uí Domhnaill do dhol i f-Fearoibh Manach ⁊ nęrt do gabháil dó for Mág Uidhir, ⁊ for Mag Mathgamhna, ⁊ for Mag Aęnghusa, ⁊ a m-breith lais i c-ceann Uí Chathain gur bo riarach dó, ⁊ a n-dol as sin i c-ceand Mhec í Neill Bhuidhe, ⁊ clann Chathain leó, ⁊ na Glinne, ⁊ Mac Eóin Bisétt do argain go lom, ⁊ an tír do losccadh, ⁊ a n-dol i c-Cloinn Aodha Bhuidhe, ⁊ i Maigh Line, ⁊ a c-creacha do breith doibh go Carraicc Fęrgusa ⁊ a t-teacht iarttain dia t-tighibh.

  10. Eoghan Ó Neill do fhuaslaccadh dá mhnaoi ⁊ da cloinn ó Ua Neill m-Buidhe d'eallach, do eachaibh, ⁊ do comhtaibh ele.

  11. An Seiseadh Henri do rioghadh ós Saxaibh, 31. August.

  12. Sluaigheadh la Niall Ua n-Domhnaill, ⁊ la h-Ua Neill, ⁊ le maithibh an chuiccidh uile i c-ceand I Neill Bhuidhe. A dhaingnęcha ⁊ a choillte do imtecht dóibh go ro gabhsat nęrt fair, ⁊ go t-tartt a braighde d'Ua Neill, ⁊ ro bęnadh dhe an uile comha ro bhęn-somh a h-Eoghan Ua Neill maille re comhtoibh oile.

  13. An Niall cettna do thiomsachadh maithe an chuiccidh in én- ionadh, .i. O Néill, ⁊ clann Enrí Uí Nell, ⁊ Eoghan O Neill cona chloinn, ⁊ cona braithribh, ⁊ clann Chon Uladh Ruaidh Ui Neill, Fir MhanachOirghiall fa Mag Mathgamhna ⁊ fa Mág Uidhir, Mag Aęnghusa, Ó h-Annluain, ⁊ Mac Ui Neill Buidhe cona t-tionol, clann Catháin, ⁊ Conallaigh budhdhęin cona n-gallocclachaibh, ⁊ co n-Gallaibh an chuiccidh do theacht ar sluaigheadh i c-Connachtaibh. Clann Corbmaic Mec Donnchaidh ⁊ clann Maol Ruanaidh Mec Donnchaidh do bęith aga t-tarraing ar an sluaigheadh-sin iarna c-cur as a n-duthaigh lá Mac Donnchaidh lá dearbhrathair a n-athar, .i. la Concobar Mac Donnchaidh ⁊ la a chloinn, ⁊ la Tomaltach Occ Mhac Dhonnchaidh,  p.856 óir do-rónadh caislen la Mac Donnchaidh i f-fęrann cloinne Maol Ruanaidh Mec Donnchaidh, .i. i c-caiseal Locha Dęrccáin, a m-bairr ⁊ a n-guirt do mhilleadh go lom, ⁊ a n-ionnarbadh iarttain i n-ucht Mheic Uilliam Burc, ⁊ a m-bęith ag tarraing an t-sloigh-sin do mhilleadh Iochtair Connacht.

  14. An sluagh mór sin do theacht i c-Coirpre, ⁊ daoíne do lot ⁊ do mharbhadh doibh ag caislen Bhona Drobhaoisi, an tír do losccadh ⁊ do mhilleadh dhoibh, ⁊ a t-teacht go Slicceach. Eoghan mac DomhnaillToirrdhealbhach Carrach do bręith forra, ⁊ ruaicc do thabhairt doibh do dhęireadh an t-sluaigh-sin, ⁊ moirsęisear do mharbhadh diobh, eich, ⁊ daoine do lot. An sluagh do bęith i c-Cuil Irrae an oidhce-sin, ⁊ a n-dol ar a bharach go Tír Fiachrach do milleadh an tíre. O Dubhda do theacht ina c-ceann, ⁊ sith do denamh dó re Niall, ⁊ braighde do tabhairt tar cęnn a tire do Niall, ⁊ a n-dol as sin i t-Tír Oilealla ⁊ isin Corann, ⁊ an tír do losccadh, ⁊ do milleadh doibh. Clann Corbmaic ⁊ clann Maol Ruanaidh do bęith ag losccadh uachtair an tíre. Tomaltach Ócc ⁊ clann Mhec Donnchaidh do breith orra laimh le Cluain Gad, ⁊ bręisim do thabhairt doibh da chéle. Muirghęs mac Corbmaic, Diarmait mac Maol Ruanaidh Mec Donnchaidh, ⁊ mac Domhnaill mic Aodha na Gaobhcha do marbhadh ann. An sluagh ulltach do bęith an oidhche-sin i c-caisiol Locha Deargáin ar milleadh an tíre, ⁊ a n-dol as sin i c-cenn Uí RuaircO Ruairc do gabáil leó, ⁊ a n-dol asidhe tar Eirne tar a n-ais.

M1423
  1. AOIS CRIOST, 1423.

    Aoís Criost, míle, cęithre chéd, fiche, a trí.

  2. Concobhar O Coineoil epscop do écc.

  3. O Beolláin comarba Droma Cliabh do écc.

  4.  p.858
  5. Muiris mhac Matha mec Osgair Mhég Uidhir airchi-deochain Clochair, ⁊ pearsún Achaidh Urchair, tighearna ClaoíninsiRossa Airthir d'eg an. 6. Callainn maii.

  6. Toirrdhealbhach mac Nell Ghairbh Uí Dhomhnaill tighearna Tire Conaill Cenél MoáinInsi h-Eoghain, fear síothchanta sochonaigh, soineamhail d'écc i n-aibit manaigh i Mainistir Eassa Ruaidh iar m-buaidh ongtha ⁊ aithrighe.

  7. Sloighędh lá h-Ua Nell .i. Domhnall, ⁊ la h-Ua n-Domhnaill, .i. Niall, ⁊ lá h-Eoghan mac Néill co n-Gaoidhealaibh Uladh archęna do shoighidh Gall. Aseadh lotar cetus co Traigh Bhaile co Machaire Oirghiall go Lughmagh, ⁊ assidhe gusan Midhe. Tucsat deabhaidh d'fior ionait rígh Saxan, ⁊ ro marbadh (.i. la Maol Muire Mac Suibhne Connachtach consapal Ui Domhnaill ⁊ as laisidhe ro briseadh for Ghallaibh) an ridire ba tuairgnidh catha do Ghallaibh co n-druing mhoir (ced ba seadh lion torcair) imaille fris dia mhuintir, ⁊ fuairsęt édala aidhble don turus-sin. Do-ghniad iaramh sith re Gallaibh, ⁊ fagbhaid Traigh Bhaile ⁊ a m-baoí ina c-comhfochraibh do Ghallaibh fó chíos doibh as a h-aithle.

  8. Caislén Atha Seanaigh do dhénamh lá Niall mac Toirrdhealbhaigh Uí Dhomhnaill.

  9. O Ceinnéittigh Find tighearna Urmumhan do ecc.

  10. Faolán Mac an Gobhann saoí sęnchadha do écc.

 p.860
M1424
  1. AOIS CRIOST, 1424.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, fiche, a cęthair.

  2. Concobhar O Fęrghail easpucc Conmaicne fęr co n-airmittin, ⁊ co n-onoir, go n-aithne, go n-eolas go n-deserc, ⁊ go n-donnacht do écc.

  3. Giolla Iosa mac Briain Még Tighearnáin adhbhar taoisigh Teallaigh Eachdhach fear thighe n-aoidheadh coitcęinn d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  4. Donnchadh mac Maoíleachlainn Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine do mharbhadh d'urchor do soighit occ ęttráin a mhuintire fęin for aroile.

  5. Coccadh mór eitir Muintir Ruairc i n-diaidh Aodha Buidhe Uí Ruairc. Tadhg mac Tighearnáin Uí Ruairc do dhenamh síodha le Muintir Raghallaigh ⁊ re h-Eoghan mac Seaain Uí Raighailligh, ⁊ tighearnus na Breifne do thabhairt co h-iomlan do Tadhg iar t-tabhairt ionnsoighidh dhó ar Art co Magh Argaidhe gur ro loisgeadh an baile lais, ⁊ Art do thabhairt úmhla dhó iar m-beith i frithbheart fri aroile fri ré ceithre m-bliadhan gó sin.

  6. Maoileachlainn Mac Caba consabal an da BreifneFęr Manach, ⁊ Oirghiall d'écc don phláigh.

  7. Saxanaigh iomdha do thecht i n-Erinn la h-iarla Urmumhan, ⁊ nęrt mor do techt i n-Gallaibh de-sidhe. Cręcha mora do denamh lasin iarla, la a Saxanchoibh, ⁊ la Gallaibh na Midhe ar Mhachaire Arda Macha, ⁊ ar Mhachaire Mucnamha. Indsaigidh p.862 ele do denamh leó ar Mág Aęnghusa. Caislén Locha Bricrenn, caislén Még Aęngusa do briseadh lesan iarla, ⁊ lasna Gallaibh remráite ⁊ consabal gallóglach Mhég Aęnghusa do mharbhadh leó, ⁊ lucht iomchoimheda an chaisléin uile d'urmhór. Cogadh ⁊ combuaidhreadh mór do beith i c-coigeadh Uladh ó Ghallaibh don chur-sin. Maithe an choigidh im Ua Néill, ⁊ im Ua n-Domhnaill Niall, ⁊ im Eoghan Ua Néill eitir tigearnaurrightaoiseach do thionól re h-aghaidh Gall. Sochaidhe do maithibh an choiccidh do dhol i c-cléith Gall ar an c-coccadh-sin, .i. Mac Uí Neill Bhuidhe, Ó h-Annluain, ⁊ Maghnus Mág Mathgamhna. Mag Aęnghusa do indarbadh as a thír la Mac Uí Neill Bhuidhe ⁊ la Gallaibh, ⁊ a theacht i c-cęnd Ghaoidhel an choiccidh.

  8. Mag Aęnghusa .i. Aodh do ecc don tęidhm, ⁊ a mhac Ruaidhri d'oirdneadh ina ionadh.

  9. Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillęcc A Búrc, do écc ina tigh fęin iar m-buaidh o dhęmhan ⁊ domhan.

  10. O Ceallaigh tighearna Ua Maine, .i. Donnchadh mac Maoilechlainn, mic Uilliam, mic Donnchaidh Mhuimhnigh do marbhadh la cloinn Uilliam Ui Cheallaigh le cloinn a dhęrbhrathar fęin ag tabhach a tighearnais forra.

  11. Maol Muire Mac Suibhne Consapal Tire Conaill, rinn chosanta ⁊ chalmachta an chóiccidh do écc.

  12. Giolla Iosa mac Briain Mec Tighearnain taoiseach Theallaigh Dunchadha do écc.

  13. Iarla of Mars .i. fęr ionaid an Righ do theacht ind Erinn fo fhéil Michil, ⁊ Goill Ereann ag fręccra dó.

  14. Ruaidhri Mhac Suibhne mac Meic Suibhne Connachtaigh do marbhadh le Cathal  p.864 n-Dubh Ó c-ConcobhairGallocclaigh eile genmothá-somh. Concobhar mac Muirceartaigh mic Cathail mic Aodha Breifnigh Uí Choncobhair do marbhadh don chur-sin.

M1425
  1. AOIS CRlOST, 1425.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, fiche, a cúicc.

  2. An t-epscop Toimíneach, .i. Tomas mac Uilliam Duibh mic Maigęog do écc seachtmain ria f-feil Brighde fęr lan d'ęccna ⁊ d'eolas ⁊ d'aithne isidhe.

  3. Iarla of Mars, fęr ionaidh Righ Saxan i n-Erinn do écc don plaigh im Fheil Brighde.

  4. O NeillEoghan O Neill, Neachtain O Domhnaill, ⁊ Mac Uí Neill Buidhe, Mac Uidhilin, Mac Domhnaill Gallocclach, ⁊ O Meallán maor Cluicc an Udhachta Phatraicc do-rala i t-tigh an iarla do gabhail la Lord Furnaual .i. iarla Saxanach iar n-ecc iarla of Mars, ⁊ na maithe-sin do bręith lais i l-laimh go h-Ath Cliath.

  5. O Maoíl Muaidh .i. Niall mac Ruaidhri, tighearna Fęr c- Ceall do ecc.

  6. Ri Alban .i. Muirędhach Stiuard, ⁊ a mhac .i. Ualtar Stiuard, ⁊ Murmóir  p.866 Lęmhna do mharbhadh le Righ Alban .i. mac An Righ Bhacaigh, ⁊ mac ele an Righ .i. Sémus Stiuard ⁊ Clann Murmoir Lęmhna da ionnarbadh-somh ind Erinn.

  7. Eoghan O Neill do fhuaslaccadh o Ghallaibh.

  8. Brian Ballach mac Uí Nell Bhuidhe, aein-fhear ro ba fearr eineach ⁊ tiodhlacadh, aithne ⁊ eolus i n-ealadhnaibh examhlaibh dá raibhe a c-comhaimsir fris do mharbhadh la bachlachaibh na Cairrcce, ⁊ Seaan mac Enrí Uí Nell do mharbhadh imaille fris.

  9. Gormlaidh ingęn Domhnaill Uí Concobhair bęn Tighearnáin Uí Ruairc d'ég iar n-aithrighe.

  10. Tadhg Ua Fallamhain taoíseach Cloinne h-Uadach do mharbhadh i fell ina caislén fęin dia bhraithribh.

  11. Ruaidhri Ruadh Ua h-Uiginn saoí fhir dhana esidhe d' écc.

  12. Mag Craith, .i. mac Floinn Meg Craith ollam Tuadmumhan le dan saoí shona shaidhbir do écc.

  13. Mac A Ghobhann na Sccél ollamh Uí Lochlainn Chorcu Mruadh le seanchus, .i. Tomas mac Giolla na Naomh Mic A Gobhann do écc.

  14. Brian GarbhMaghnas da mhac Mhec Dhonnchaidh Thíre h-Oilella .i. Maol Ruanaidh mac Taidcc Mec Donnchaid do marbhadh la cloinn Catail Mec Donnchaidh .i. clann dęrbrathar a n-athar.

M1426
  1. AOIS CRIOST, 1426.

    Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a Sé.

  2. Neachtain O Domhnaill bai i l-láimh ag Gallaibh d'fuaslaccadh d'Ua Domhnaill dia dhearbhrathair .i. Niall. Nír' bó h-urusa a riomh no a áiręmh a t-tuccadh d'ionnmus as la taobh braghat ele do fagbhail dia éis. p.868 Toirrdhealbhach O Domhnaill do faccbadh in ionad Neachtain do éludh o Ghallaibh, ⁊ cęthrar do braigdibh ele amaille friss.

  3. O Conchobair Ruadh, Toirrdhealbhach mac Aodha mic Felim, fear millte ⁊ cosanta Connacht saoí ar aithne ⁊ ar eolus gacha h-ealadhan do écc iar m-buaidh n-aithrighe iar m-bręith buadha o doman ⁊ ó dheamhan.

  4. Fedhlimidh mac Muirceartaigh mic Domhnaill mic Muircęrtaigh Uí Concobhair do écc. Adbar tighearna Iochtair Connacht eisidhe.

  5. Conchobhar O Briain tighearna Tuadhmuman d'écc iar sęndataidh satharn casg, ⁊ Tadhg mac Briain Uí Bhriain do oirdneadh ina ionad.

  6. Toirrdhealbhach mac Mathghamhna Buidhir tighearna Corca Baisscinn do mharbhadh ⁊ do losccadh lá a braithribh fęin ar greis aidhche, ⁊ é cian-aosda.

  7. Conchobhar Crom mac Taidhg Uí Ruairc d'écc.

  8. Ruaidhri (.i. Mag Aęngusa) mac Aodha Meg Aongusa do mharbhadh ina tigh fén lá Brian Mag Aonghusa.

  9. Enri .i. Caoch, mac Uí Néill Bhuidhe do dhalladh la a bhraithribh .i. clann Briain Bhallaigh mic Uí Neill Buidhe.

  10. Tadhg Mac Gille Finnén ⁊ a mhac do mharbhadh, .i. Aodh lá h-Art mac Eoghain Uí Nell.

  11. Ua Duibhgęnnáin Cille Ronain, .i. Pilib mac Dauidh d' écc, ollamh Cloinne Maol Ruanaidh le sęnchas eisidhe.

  12. O h-Eilidhe Mór, .i. Concobhar Caoch O h-Eilidhe do écc.

  13. Sith do denamh do Clandaibh Neill re 'roile, .i. d'Eoghan ⁊ d'Ua Neill, ⁊ Eoghan do dhol i t-tęgh Uí Neill, ⁊ gach fęrann da m-baoi ina n-eccmais re fędh a n-aimhreitigh do bęith aga tabach aca.

  14. Cian mac Giolla Oilbhe Mhicc A Gabhann saoí shęnchadha, ⁊ fear tighe n-aoídheadh coitcinn do marbadh do preip eich.

  15. Bebhinn inghęn Tigęrnain Ui Ruairc ticcęrna Breifne do ecc.

  16. Risdeard Mac Siurtain na Coille do gabháil la h-Eoghan mac Uí Fhlaithbeartaigh, ⁊ a thiodhlacadh do Mhac Siurtáin Duibh go ro milleadh lais.

  17.  p.870
  18. Fęradhach mac Briain Uí Ceallaigh do écc don plaigh.

  19. Seaan mac Mec Feorais do marbhadh le Tomas mac a dhęrbrathar fęin.

M1427
  1. AOIS CRIOST, 1427.

    Aoís Criost, míle, ceithre chéd, fiche, a seacht.

  2. O Maoil Muaidh, Fęrghal, tighearna Fhęr c-Ceall do écc, ⁊ Ruaidhri mac Neill Uí Maoíl Muaidh do oirdnędh ina ionadh.

  3. Ruaidhri Ua Duinn taoiseach Ua Riaccain do ecc.

  4. Domhnall mac Airt mic Giolla Crist Ui Ruairc do ecc.

  5. Murchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain do mharbhadh lá a dhearbhrathair fen.

  6. Diarmait Ua Mathghamhna tighearna an Fhuinn Iartharaigh saoí dhęigh-einigh nar ér neach im ní d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  7. Corbmac Ócc Mac Diarmada d'écc.

  8. Catairíona ingęn Ardghail Mhég Mhathghamhna bęn Uí Neill .i. Eoghain mic Néill Óicc d'écc.

  9. Una inghęn Aedha Meg Uidhir bęn Uí Ruairc, .i. Taidhg bęn bá fearr oineach derc ⁊ crabhaidh do baoí i n-Iochtar Connacht ina h-aimsir d'écc i n-dęireadh an chorguis.

  10. Fęrghal Mac Tighearnáin adhbar taoisigh Teallaigh Dúnchadha d'écc.

  11. Brian mac Fęrghail Mec Samhradhain mac taoisigh Teallaigh Eachdhach d'ecc.

  12. Brian Ua Daimhin taoiseach Tire Ceannfhoda d'écc.

  13. Aine inghęn Uí Bhirn bean Meg Raghnaill (.i. Sefraidh) d'écc.

  14. Mac Domnaill mic Mathgamhna Duinn Uí Ceinneittig tighearna Urmumhan Uachtaraighe do mharbhadh do Ualtar Topín d'aon urchor gae.

  15. Sluaigheadh la Niall O n-Domnaill .i. Ó Domhnaill tighearna Tíre Conuill i t-Trian Conghail i n-aghaidh Uí Néill do corgnam la cloinn Mheic Uí Neill Bhuidhe. Maidhm do thabhairt la h-Ua n-Domnaill ar Mac Uidhilin don dul-sin, ⁊ sochaidhe  p.872 mor dia mhuintir do mharbhadh ann, ⁊ da mhac Donnchaidh Mec Suibhne baoi ag congnamh la Mac Uídilin do gabhail la h-Ua n-Domnaill. Cręcha mora ⁊ edala aidble do bęith ag muintir Ui Domhnaill ⁊ ag muintir cloinne Mheic Uí Neill Bhuidhe isin ló-sin.

  16. Sluaigheadh la h-iarla Urmumhan i Muintir Maoil Mordha, baile Uí Raghailligh do losccadh lais, ⁊ an caislén do brissędh.

  17. Aodh O Maille .i. mac Diarmata, adbar tighearna Umhaill do dhol ar loingęs i t-Tír Conuill, ⁊ a marbhadh d'aon urchor saighde ar dęireadh a mhuintire ag teacht dochum a luinge.

M1428
  1. AOIS CRIOST, 1428.

    Aois Criost, míle, ceithre ched, fiche a h-ocht.

  2. Mac Murchadha .i. tighearna Laighen .i. Donnchadh mac Airt Chaomhanaigh baoi i l-láimh i Saxoibh fri ré naoí m-bliadhan do fhuaslaccadh dia chúiccedh fęin, ⁊ ba sccél sochair do Ghaoidhealaibh indsin.

  3. Diarmait Ua Cathain tighearna Ciannachta ⁊ na Craoibhe fęr lán do rath ⁊ do onoir do écc.

  4. Roibeard comhorba Caillin d'écc.

  5. Aodh an Ęinigh mac Pilib Meg Uidhir fęr ro badh mó clú ⁊ oirdearcus einigh dá m-baoí h-i comhaimsir fris d'ecc h-i c-Cind Sáile an chéd oidche táinic i n-Erinn iar n-denamh turais S. Sem an treas idus augusti iar n-aithrighe diocra ina pheacthaibh. Tomás Ócc Mag Uidhir baoí ina fharradh do thabhairt a chuirp lais co Corcaigh, ⁊ a adhnacal innte.

  6. Ma Con Mara taoíseach Cloinne Cuiléin saoí dercach deigh-einigh fear ro choisc merle ⁊ goid, ⁊ tucc sidh ⁊ sáimhe ina dhuthaidh d'écc.

  7. Corbmac Ua Birn taoíseach Tíre Briúin d'écc

  8. Aodh Og Mhag Uidhir .i. mac Aodha do mharbhadh lá Mac Gille Finnéin ⁊ lá cloinn Donnchaidh Bhallaigh Mhég Samhradháin.

  9. Caislen cloinne Aodha Mhég Uidhir do gabháil la Mág Uidhir ⁊ la a chloinn, ⁊ clann Aodha do chur as in tír amach, ⁊ a muintir do argain go lom.

  10.  p.874
  11. Seaan mac Tomáis Uí Raighilligh do mharbhadh i meabhail la a chlannmaicne fęin.

  12. Gillibeart Ua Flannagain adbhar taoisigh Tuaithe Rátha do écc.

  13. Indsaighidh do denamh la Mac Siurtain d'Extra, ⁊ la Seaan Mac Oisdelbh i t-Tir n-Amhalgaidh ar Thomás Barett, ⁊ ar chloinn Meic Baitin, ⁊ creacha do denamh doibh, Risderd Barett do marbhadh i t-tóraighecht na creiche-sin, ⁊ Sęan Fionn Mac Oisdelbh do mharbhadh don chur cedna.

  14. Henri Barett Mac Baitin do écc.

  15. Iomhar mac Emainn Meg Raghnaill adhbar taoisigh Muintire h-Eolais do marbhadh la Cathal mac Meg Raghnaill.

M1429
  1. AOIS CRIOST, 1429.

    Aóis Criost, míle, cęithre chéd, fiche a naoí.

  2. Semus Stiuard Mac Rígh Alban, ⁊ rioghdhamhna Alban beos iarna indarbadh a h-Albain i n-Erinn do écc, iar t-techt loingis ó fhęraibh Alban for a chęnd dia Ríoghadh.

  3. Niall O Dochartaigh taoíseach Arda Miodhair do écc.

  4. Grainne inghęn Neill Mhóir Uí Neill bęn Uí Dhomhnaill .i. Toirrdhealbhach an Fhiona, do écc.

  5. Ua Flannagan Tuaithe Ratha .i. Giolla Iosa do mharbhadh la cloinn Aodha Még Uidhir ina thigh fęin ar gręis oidhche.

  6. Coccadh eitir Ua Ruairc, Tadhg, ⁊ Ua Raighilligh .i. Eoghan. Clann Mathghamhna Uí RaighillighGaill na Midhe do ęirghe i n-aghaidh Uí Raighilligh la h-Ua Ruairc, ⁊ baile Uí Raighilligh do losccadh leó. Ua Raighilligh do thabhairt Uí Neill chuicce dia chomhfhurtacht. AirghiallaFir Mhanach ⁊ a chaoraighecht do chor dhó la h-Ua Neill ⁊ lásna maithibh-sin co h-Achadh Cille Móire. Ua Ruairc, ⁊ Mág Mathghamhna, ⁊ barún Dealbna, ⁊ Mac Caba do tocht sluagh mór  p.876 ina lęnmain co h-Achadh Cille Móire. Ua Néill, a chlann, a ghallocclacha, Fir Mhanach, Ua Raighilligh, ⁊ a brathair da n-ionnsoighidh annsin ⁊ maidhm Achaidh Cille Móire do briseadh forra. Barún Dealbhna, Mac Caba, Enrí Mac Caba, Diarmaitt Ua Ruairc, ⁊ sochaidhe oile do ghabhail ⁊ do marbhadh don chur-sin lá h-Ua Néill.

  7. Donnchadh Mac Gille Finnein d'écc.

  8. Aodh Direach O Domhnaill .i. mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona ⁊ a mhac do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh Uí Domhnaill .8. febru.

    Rudraighe Ua Dochartaigh d'ecc an raithe cedna h-i f-Fathain Mura Othna.

  9. Díth mhór daoine do thabhairt ar fęraibh Breifne uile eitir lęthadh ⁊ mharbhadh la Muintir Feódachán ar Tulaigh Odra ar Sliabh da Chon conar lugha ina dá fhichit i n-easbaidh im Concobhar mac Domhnaill Mec Suibhne ar n-dul dó tria bhaoís ⁊ óige for an siobhal-sin, cuid do Dartraighibh ⁊ cuid oile do muintir Cloinne Aędha Mhég Uidhir do mharbhadh ann.

  10. Murchadh mac Ui Brain do écc.

  11. Maoil Seachloinn mac Concobhair Anabaidh Uí Cheallaigh mac tighearna Ó Maine do mharbhadh d'aon urchor do gha la Seaan cam Ó t-Taidhg do muintir Uí Choncobhair.

  12. Maoileaclainn Ó Máille adhbhar tighearna Umaill do marbhadh la cloinn Uí Mháille.

  13. Matha mac Tomais Uí Chuirrnín ollamh na Breifne, saoi coitchenn i sęncus ⁊ h-i seinm do écc ina tigh féin.

  14. O Cobhthaigh .i. Maoileachlainn mac An Chlassaigh Uí Chobhthaigh do mharbhadh la h-Émann mac Hoiberd Dalatún.

 p.878
M1430
  1. AOIS CRIOST, 1430.

    Aoís Criost, míle, cethri chéd triocat.

  2. Giolla na Naomh Ua Lęnnáin canánach ⁊ Sacrita Lęsa Gabhail d'écc.

  3. Slóigeadh mhor la h-Eóghan mac Neill Óicc Ui Neill go Gallaibh Machaire Oirghiall. Ro h-aircceadh imorro ⁊ ro lomradh ⁊ ro loiscceadh Galldacht Machaire Airghiall uile lęis. Ro loiscc bheos dúnadh Tragha Baile, ⁊ ro chuir aitreabha an bhaile fó chíos ⁊ fó umhla dhó, ⁊ tainicc dia tigh co m-buaidh ⁊ cosgar.

  4. Sloigheadh mór oile lá h-Eoghan co maithibh an chuiccidh uime isin Anghaile, ⁊ a dhul dna gusan Sęn-longphort do-chóidh iaromh aisidhe co Caill Salaigh, ⁊ ro bhaoí sealat ann 'na chomhnaidhe, do-chuaidh iar sin co Frémhainn Mhidhe. Tangattar din Gaoidhil an deisceirt Ua Concobhair Failgigh, .i. an Calbhach, Ua Maol Mhuaidh, ⁊ Ua Madadháin, Mag EochagánUa Maoíleachlainn i c-coinne Eóghain do ghabhail a thuarusdail. Ro loiscceadh Iarthar Midhe uile lásna sluacchaibh-sin im Chill Biccsighi. Táinicc barún Dealbna, Ploingcédaigh, Oirebertaigh, ⁊ Goill Iarthair Mhidhe co coitcheann i c-coinne Eoghain Ui Neill do thabhairt a riara dhó dar cęnd a t-tíre. Do-bęrtsatt iaromh ⁊ do-rónsat sidh. Soais Eoghan dia thigh iar m-buaidh ⁊ cosgar, ⁊ rug mac Uí Fhęrghail .i. mac Domhnaill Bhuidhe lais go Dún n-Gęnainn mar braghaid tar cęnn tighearnais Uí Fhęrghail.

  5. Mág Uidhir Tomas (.i. An Giolla Dubh) tighearna Fęr Manach fri ré sé m-bliadhan dég ar fichit fear einigh coitchinn fri truaghaibh ⁊ trénaibh, fęr cumhdaighthe mainistreach, ceall, ⁊ reglés, ⁊ dealbh n-iomdha, fęr siodhaighthe tuath ⁊ taoiseach, ⁊ cosanta a criche ar a chomharsain, fęr ro charsat tuath ⁊ ecclais  p.880 ar fheabus a fhollamhnaighthi d'écc iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithrighe. Ro h-oirdneadh a mhac Tomas Óg ina ionadh do réir togha tuaithe ⁊ eccailsi.

  6. Niall mac Enrí Uí Neill d'écc.

  7. Coccadh mor eitir Mág Cárthaigh Riabhach ⁊ an t-iarla, .i. Sémus, ⁊ caislen Cille Britain do ghabhail lasan iarla ar Mag Cártaigh, ⁊ a thabhairt do Donnchadh Mhág Cartaigh dearbrathair esidhe do Mac Carthaigh do bhaoí ina fharradh ag toghail an caislein.

  8. Slóiccheadh lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird, ⁊ lá Mac Donnchaidh Tíre Oilealla, ⁊ lá Mac Domhnaill .i. Brian mic Muirchertaigh Ui Conchobhair h-i Conmaicne Chúile, loiscthe móra do dhenamh leó, ⁊ Aedh mac Uí Concobhair Ruaidh, ⁊ Cairpre mac Briain Ui Birn do mharbhadh leó, ⁊ a t-teacht dia t-tighibh iar c-cosgar.

  9. Caislén Tuillsgi go ghabháil la Cathal mac Ui Concobhair Ruaidh ar cloinn Toirrdhealbhaigh óig mic Aedha mic Toirrdhealbhaigh Ui Concobair.

  10. Brian mac Tighernáin Óicc Ui Ruairc do mharbhadh lá chloinn Mhaoíleachlainn Még Ragnaill h-i Maothail MancháinDonnchadh Mac Tighearnáin do cur don ruaig-sin i Mainistir Maotla. Donnchadh fęin do thęcht amach tar cęnn a muintire, ar ionnchaibh Mhég Raghnaill, ⁊ síth do dhénomh eatorra, ⁊ éraic Briain do dhíol iar sin la h-Ua Ruairc.

  11. Art Ua Ruairc adbar tighearna na Breifne do mharbhadh ina thigh fęin i meabhail la mac a dhęrbrathar, .i. Maghnas mac Concobhair Ui Ruairc seachtmhain ria c-cáiscc do shonradh.

  12. Tadhg mac Donnchaidh mic Muirceartaigh do écc.

  13. Mac Lochlainn Ui Ruairc, .i. Uilliam Ruadh do écc.

  14. Donnchadh Ócc mac Mec Lochlainn do écc.

  15. Fęrghal mac Baothgalaigh mic Taidhg Mec Aędhaccain ollamh Iochtair Connacht  p.882 i f-fęinęchas saoi coitchęnd in gach cęirtt, ⁊ fear tighe n-aoidheadh da gach aęn no thigędh dia shaighidh do ecc iar n-dęigh-bęthaidh.

M1431
  1. AOIS CRIOST, 1431.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, triochatt, a h-aon.

  2. An t-epscop O Martain, .i. epscop Clochair do ecc.

  3. An t-epscop O Maol Accain, .i. epscop Leithglinne do ecc.

  4. Tadhg Ua h-Eoghain oifficel Locha h-Erne saoí leigind d'écc.

  5. Siomón Mhág Garacháin cananach do mhuintir Leasa Gabhail d'écc.

  6. Ua Concobhair Corca Modruadh, .i. Muirchęrtach do mharbhadh lá cloinn a dearbhrathar féin.

  7. Conn Ua Maoíleachlainn rioghdamhna Midhe do mharbhadh lá muintir na h-Angaile ⁊ lá Gallaibh Iarthair Mhidhe, ⁊ a brathair Corc do ghabhail.

  8. Gearalt Caomhanach rioghdamhna Laighęn saoí ęinigh ⁊ ęngnamha eisidhe d'écc.

  9. Mag Raghnaill, .i. Sefraidh, fęr dearscaighthe, ⁊ cęnn a cheneoil feisin d'ecc.

  10. Seaan mac Con Connacht mic Pilib Mhég Uidhir do mharbhadh lá Teallach Eachdhach, iar n-dul dia soicchidh ar a n-iocht fęin dia t-tir, Brian Caoch mac Mhecc Samhradháin as é ro fheall fair, ⁊ nír bhó torbha do Brian sin uair torcair-sídhe ⁊ drong dia mhuintir imaille fris. Ni raibhe Seaan cenmotha móirshęisęr ⁊ ro bháttar an lucht oile cęthrachat ina aghaidh, ⁊ ro fortamhlaigh an t-anfhorlann fair gur ro marbhadh samhlaidh.

  11. Mag Uidhir, .i. Tomás do dhul sluagh mór i t-Teallach Eachdhach do dhioghail a brathar forra. Ro h-indread, ro creachad, ⁊ ro h-airccead an tir leis gur ro mharbh sochaidhe dia maithibh. Ro loisg dno baile Mhég Samhradháin, ⁊ táinicc dia thigh iar c-cosgar.

  12. Crecha móra do dhénamh, ⁊ daoíne iomdha do mharbhadh la Maghnus Mag Mathghamhna ar Ghallaibh.

  13.  p.884
  14. Sloigheadh mór la h-Eoghan Ua Neill, lá Mag Uidhir, ⁊ lá h-Ua Raghallaigh go Mac Uidhilín, ⁊ a thír do creachadh ⁊ do mhilleadh leó. Eoghan cona shlogh ⁊ cona caoraigheacht do bęith lęth ráithe isin tír ag milleadh arbhann, ⁊ ag losccadh foirgneamh, ⁊ iompudh dhó h-i t-Tír Eoghain iarttain.

  15. Enrí mac Eoghain mic Neill Óicc Ui Néill do ghabháil lá Neachtain Ua n-Domhnaill. Coinne do dhénamh d'Eoghan Ua Neill ⁊ do Neachtain fri aroile, ⁊ sidh do dénamh dhóibh ina n-imreasain fri aroile, ⁊ esrí do leigean amach.

  16. Neachtain Ó Domhnaill do dhol for ionnsoighidh co caislén Locha Laoghaire, ⁊ a ghabháil dó for Toirrdhealbhach Ua n-Domhnaill, ⁊ a b-fuair ann d' edáil do breith lais.

  17. Marcsluagh mór Gall do thocht for creich h-i c-Cloinn An Chaoich Uí Raigilligh. Magnus mac Ardghail Meg Mathghamhna do dhol an lá cédna ar creich i n-Gallaibh, ⁊ iar b-fios sgel na n-Gall dó do-chóidh ina n-deadhaidh co tinneasnach, ⁊ fuair iatt ag forchoimhéd a c-creche. Ro ionnsoigh fothaibh, ro bęn a c-creacha dhíobh, do gabhadh lais a maithe, ⁊ do marbhadh drong oile bheós, ⁊ tainicc dia thigh iar m-bręith bhuadha.

  18. Domhnall Mac Giolla Pattraicc mac tighearna Osraighe d'écc.

  19. Barrdubh ingęn Uí Ruairc bean craibhdeach deig-einigh d'écc.

  20. Aine inghęn Uí Ruairc bęn Ui Fhęrghail d'écc.

  21. Mag Carmaic Fear Manach .i. Giolla PatraicMuirceartach mac Pilib do mharbhadh lá Donnchadh Mac Carmaic cona muintir.

  22. Moęin mac Enri Uí Gairmleadhaigh do marbhadh la Domhnall mac Taidhg mic Cathail Óicc, ⁊ la h-Ó n- Duirnín.

  23. Gillebert Ua Duibgęnnáin Eoghan Ua Fialáin saoí le dan d'écc.

  24. Domhnall mac Dauid Ui Thuathail d'écc.

  25. Conall mac Neachtain Uí Domhnaill do thocht for creich i t-Tír Aodha for Mhac an Ulltaigh, ⁊ Muintir Gallcubhair ⁊ clann Mhec an Ulltaigh do breith fair, ⁊ Conall do mharbhadh d'aon urchor do shaighit.

  26.  p.886
  27. Mac Murchadha tighearna Laighen .i. Donnchadh mac Airt Chaomhánaigh do dhol ar ionnsaighidh i c-Condae Bhaile Atha Cliath, ⁊ na Goill do eirghe amach, ⁊ maidhm do thabhairt la Mac Murchadha ar Ghallaibh i t-tús laí, ⁊ sochaidhe díobh do mharbhadh, ⁊ édail iomdha do bhęin diobh. Goill do aithtionol sa ló cédna iar sin, ⁊ breit doibh ar mhuintir Mec Murchadha dęireadh laí, ⁊ édala mora aca, brisseadh forra la Gallaibh, ⁊ drong da n-amhsaibh do marbhadh fa Mhac an Mhidhigh mic Taidg do Siol m-Briain, ⁊ fa mhac Uí Concobhair Ciarraighe, ⁊ Ó Tuathail do gabhail ann.

M1432
  1. AOIS CRIOST, 1432.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, triochat, a dó.

  2. Art Mac Cathmhaoíl epscop Clochair saoí craibhdheach, fear thighe aoidheadh coitchind do bochtaibh ⁊ d'aidelgneachaibh an Choimdheadh d'écc iar n-aithrighe.

  3. Ua Néill, .i. Domnall Bocc mac Enri Aimhreidh do mharbhadh i n-oirecht Ui Cathainda mac Diarmada Ui Cathain .i. DomhnallAibhne, ⁊ la Cathanchaibh archęna iar n-gabhail tighe fair. Ro marbadh dna, Domhnall mac Uí Neill, ⁊ Patraicc Ó Maoil Callainn, ⁊ mac Uí Meallain. Eoghan mac Néill Óigh Ui Néill do oirdneadh ina ionadh ar Leic na Riogh i t-Tulaigh Occ.

  4. Coinne do dhenamh lá h-Ua Néill (Eoghan) ar Caol Uiscce ré cloinn Domhnaill Mic Muirchęrtaig .i. EoghanToirrdhealbhach Carrach, do chęngal dóibh ré aroile  p.888 i n-aghaidh Uí Dhomhnaill. Ceithre fichit marcach aseadh lion do-chottar-sidhe ⁊ clann Mec Donnchaidh isin c-coinne-sin. Ua Domhnaill, .i. Niall do chor a mhuintire do choimhéd an chaoil do thoirrmeascc na coinne. O NeillMag Uidhir do tocht ar an c-caol, ⁊ muintir Ui Dhomhnaill do thęgmháil friú iar t-tocht do sochraide Mhég Uidhir h-i t-tír. Sraointear forra ar fhud Mhiodhbuilg. Ro marbhadh, ⁊ ro loiteadh daoíne iomdha la Cenel c-Conaill don cur-sin. Ar a aoi tangattar clann Domhnaill mic Muircheartaigh airm i raibhe Ua Neill, ⁊ do-bertsat a lamha di aroile fri comall a c-cataidh ⁊ a c-caradraidh.

  5. Coccadh mór do eirghe eidir Ua NeillUa Domhnaill, ⁊ Énrí mac Ui Néill do dol go Slicceach ar cęnn cloinne Domhnaill mic Muircęrtaigh. O Domhnaill, ⁊ O Ruairc .i. Tadhg, ⁊ clann Aodha Mheg Uidhir do bęith i foraire ręmpa an c-cęin baoi Énrí thiar, EnriCairprigh do thocht ar Maigh Ene. Mag Uidhir, .i. Tomas Ócc do thabhairt choblaigh lais for Caol Uiscce i c-coinne ÉnriCairbreach, ⁊ a m-breith slán lais dia tigh.

  6. Slóiccheadh mór lá h-Ua Néill, lá Mag Uidhir, ⁊ lá Mac Ui Néill Bhuidhe h-i c- Cenél Moain fri h-ucht Ui Dhomhnaill co m-batar ó Fhél Cross go lughnasadh h-i-suidhe aghaidh i n-aghaidh. Ro gonadh ⁊ ro marbhadh daoíne iomdha ętorra an airęt-sin. Ro loiscceadh baile Uí Dhomhnaill ⁊ baile Neachtain don chur-sin, ⁊ tiaghaid dia t-tighibh dibhlinibh gan sídh gan ossadh.

  7. Creacha mora minci ar Ghallaibh, ⁊ daoíne iomdha do mharbhadh lá Maghnas Mhág Mathghamhna dona Gallaibh cédna, ⁊ ro tógbait a c-cionna for cuaillibh gharrdha Baile na Lurgan, .i. dún-arus Magnusa budhéin combó gráin ⁊ adhuath lá lucht a b-fairccsęna a silleadh.

  8.  p.890
  9. Eoghan mac Mhég Cárthaigh Riabhaigh do dol ar creich go Cind Saile, ⁊ a marbhadh d'aon urchor.

  10. Mág Mathghamhna Brian mac Ardghail do dhol i n-aghaidh Ui Neill, ⁊ i n-aghaidh a braithreach fęin, RúdhraigheMaghnus, ⁊ a chaoraigheacht do breith lais i c-clęith Gall.

  11. Sluagh Gall do thionol, ⁊ a tęcht lá Mág Mathghamhna i n-Airghiallaibh, Dartraighi Coininsi do losccadh leo. Lotar ais-síde co Machaire Arda Macha, ⁊ tucsat a raibhe do bhiadh isna teamplaibh estibh ⁊ ro loiscsęt é ar faithche an bhaile. Do-bhęnsat comhadha móra do sruithibh ⁊ do mhacaibh eccalsa an bhaile dar cęnn a n-ecclas d'anacal ar losccadh. Tiagaid GaillMag Matgamhna dia t-tigibh iaramh.

  12. Maoileachlainn Maineach Mac Con Mara taoiseach Cloinne Cuilén d'écc.

  13. Tadhg Ua Mathghamhna adhbhar tighearna Corca Baiscind, ⁊ Maol Mórdha Ua Raghallaigh d'ecc.

  14. Toirrdhealbhach mac Seaain Ui Raghallaigh d'écc.

  15. Cathal mac Tomáis Ui Fhęrghail d'écc.

  16. Ua Duibhgeannáin Cille Rónáin .i. Matha Glas saoí ollamhan lé sęnchus d'écc.

  17. Gregoir mac Seaain Ui Mhaoil Conaire adhbhar suadh lé sęnchus d'écc.

  18. Tadhg mac Domhnaill mic Briain Ui Dubhda tighearna Ua f-Fiachrach fear tucc a duthcus da gach n-duine ina thír eittir cill ⁊ tuaith, fear congmála cadhais d'éiccsibh ⁊ d' filędhaibh do écc 16. Ianuarii.

  19. Niall Ruadh mac Enri Uí Neill do écc.

  20. Uatér A Búrc mac meic iarla Uladh fęr dercach daonnachtach do écc.

  21.  p.892
  22. Creacha mora do denamh d'Ua Domhnaill ar Ua Neill.

    Creach ele bheós do dhenamh la Brian Occ ó Neill ar Ua Néill an lá cédna.

  23. Coccadh mor eitir ó c-Cęrbaill tighearna ÉleIarla Urmumhan. An t-Iarla do thecht i n-Élibh go sluagh mór imaille fris. An tír do mhilleadh, ⁊ da chaislén Ui Cearbaill do briseadh lais.

  24. Mac Murchadha tighearna Laighen do milleadh na Galldacht co mór. Indsaighidh do dhęnamh do Ghallaibh ar Mac Murchadha, ⁊ ruaig do thabhairt do Ghallaibh, ⁊ Ualtar Toibin do gabhail ar an ruaig-sin, ⁊ daoine iomdha do lot do marbhadh, ⁊ do gabail diobh.

M1433
  1. AOIS CRIOST, 1433.

    Aoís Críost, míle, cethre chéd triochatt a tri.

  2. Coccadh mór eitir Chenél c-ConaillEoghain. Ua Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona cona shochraide do dhul isin Duibh-trian do chongnamh lá Mac Uidhilín. Ua Néill .i. Eoghan do dhul sluagh mor i l- lęnmain Ui Domnaill, ⁊ Mic Uidhlín. Tainic dna Mac Domhnaill na h-Alban co c-cobhlach mór h-i c-comhdail Uí Neill do chongnamh lais. Do-chóidhsęt na h-Albanaigh fo chaoruighecht Mic UidhilínRoiberd Sabhaoís go rabhsat for a c-comas, ⁊ tuacadar ár dearmhair ⁊ díth daoine for Mac Uidhilín ⁊ for Roibęrd, ⁊ a t-tearna dia muintir as an Duibh-trian torchrattar uile d'urmhór ag fęrsait an Chaisléin Nui.

  3. Do-chuaidh O Neill as a h-aithle, Enrí a mhac, ⁊ Mac Domhnaill cona slocchaibh go h-Aird Glais, ⁊ ro loiscceadh í leó. Do-dheachaidh iaromh Mac Domnaill cona Albanchaibh ina longaibh ó Áird Glais go h-Inis Eoghain, ⁊ Ó Neill cona shlocchaibh sor tír ina c-coinne do iondradh Tíre Conaill. Neachtain Ua Domnaill dna, ⁊ inghęn Uí Concobhair Fhailghigh bęn Uí Dhomhnaill, ⁊ meic tighearnadh Conallach do thocht ina c-comdail go h-Inis Eoghain, ⁊ do-righęnsat síth lá h-Ua Néill gan chęd d'Ua n-Domhnaill.

  4.  p.894
  5. Ua Domhnaill imorro ⁊ Mac Uidhilín do-chóttar- sidhe go Gallaibh Mide do dhénamh cęngail ⁊ caradraidh riú ⁊ ré fęr ionaid an rígh, ⁊ tuccsat sluagh mor leó go Machaire Arda Macha, ⁊ do-chóidhsęt na Goill fón mainistir. Ro iompaidhsed iaromh gan neart do ghabháil don turus-sin. O Domhnaill do dhul timcheall na Midhe siar go h-Áth Luain aissidhe i n-Uíbh Maine iar sin tarsna Machaire Connacht i Muigh Luircc go Mac Diarmada ⁊ go h-Ua Ruairc .i. Tadhg mac Tighearnain, ⁊ Ua Ruairc do dol lais tar Eirne, Ua Neill, ⁊ Mág Uidhir do thocht co Caol Uisce h-i c-coinne Uí Dhomhnaill, ⁊ síth carthanach do dhénamh dóibh fri aroile. Mac Uidhilín do choinnmhędh ętorra do Ghallaibh Machaire Airghiall ar ná indarbadh d'Ua Nell.

  6. Eccneachán Ua Domhnaill .i. mac Toirrdhealbhaigh, do dhol ar crech ar a dearbhrathair ar Donnchadh .i. Donnchadh na Coilleadh, Ua n-DomhnaillDonnchadh do lęnmain a chreche ⁊ Éccnechan do mharbhadh lais a m-Bel Átha Caoláin.

  7. Coimheirge choccadh do bęith eitir Mhág Raghnaill an Magha ⁊ clann Mhaoíleachlainn Mhég Raghnaill. Cland Maoíleachloinn do tabhairt cloinne Mathghamhna Mhéc Caba ar buannacht cuca do chongnamh leó. Do-choidhsiod ar ionnsoighidh isin magh, ⁊ ro loisgsęt baile Cathail Meg Raghnaill. Rug tóir mhór orra ag fágbháil an baile dhóibh. Airisit an clann-sin Mathghamhna ar deireadh, ro marbhadh triur do chloinn Mathghamhna ar an lathair-sin, Ross, DonnchadhBrian co sochaidhibh oile immaille friú. Ro gabhadh beós Ruaidhrí a sinnsear osé lęth-mharbh. Teárna an cúicceadh mac, Toirrdhealbhach Ballach. Una inghean Seaain Ui Raghailligh a m-mathair-sidhe.

  8. Mac Maghnusa Mhég Uidhir, .i. Cathal fear tighe aoidheadh coitchinn d'écc, ⁊ a mhac, .i. Cathal do oirdneadh ina ionadh lá h-Ua Neill ⁊ lá Mag Uidhir.

  9. Cathal Dubh mac Ui Conchobair Ruaidh d'écc.

  10.  p.896
  11. Da ghairm choitchęnna einigh do thabhairt do Mairghréicc inghęn Uí Cęrbhaill bęn Ui Conchobhair Fhailghigh (an Calbhach) do dhamhaibh ⁊ do chliaraibh.

  12. Samhradh gortach isin m-bliadhain si dá n-goirthí (aimsir imchian iaromh) Samhradh na Mear-Aithne uair ní aithnigheadh neach caomh ná caradh la méd na gorta.

  13. Ua Cathain, .i. Goffraidh mac Con Muighe Uí Chathain do écc.

  14. Mac Con Mara, .i. Mac Con Cęndmhór taoiseach Cloinne Cuiléin do écc.

  15. Mac Uidhilín do indarbadh as a thír féin la cloinn Mec Ui Neill Bhuidhe, ⁊ a chur i n-Aird Uladh i c- cęnd Meic an t-Sábhaísigh.

M1434
  1. AOIS CRIOST, 1434.

    Aoís Criost, mile, cęithre ched, triochat a cęthair.

  2. Feilim mac Mathghamhna Uí Lochlainn easpucc Cille Fionnabhrach do écc.

  3. Coccadh ar n-ęirghe eittir Ua n-Domnaill .i. Niall, ⁊ a dhęrbhrathair Neachtain fo daigh marbhta Eiccnęchain Uí Domhnaill. Cręcha ⁊ marbtha iomdha do denamh ętorra. Neachtain do thocht i c-cléth cloinne Domhnaill mic Muircęrtaigh. Cręch do denamh la h-Ua n-Domnaill ar an Magh ⁊ i c-Cairpre ar cloinn Domnaill mic Muircęrtaigh ⁊ ar Neachtain. NechtainBrian mac Domhnaill ⁊ clann Domhnaill arcęna do dhol ar in Magh ⁊ i t-Tír Aędha do dhioghail na c-cręch-sin foirgnéamha do losccadh leó, mairbh-édala ⁊ fo chrodh do foghbháil doibh. Neachtain do dhol i t-Tír Conuill doridhisi, ⁊ crecha do denamh dó ar Choncobhar mac Uí Dhomhnaill. Concobhar do dhol i c-Cairpre go ro creachadh lais crioch Chairpre uile.

  4. An coccadh cédna bhęos eittir Ua n-DomhnaillNechtainNeachtain do dhol i c-cęnd Meic UidhilínBriain Óicc Uí Neill do choccadh ar Ua n-Domhnaill. Ua  p.898 DomhnaillÓ Neill do shuidhi a t-timceall chaisléin Neachtain, .i. Caislen na Finne. Battar cian isin iomshuidhe, ar aoi nir fhéadsat an baile do ghabhail.

  5. Lucas Ua Leannáin prióir Leasa Gabhail, ⁊ Matha Ua Congaile aircindeach Rossa Airthir d'écc.

  6. Ua Neill .i. Eoghain, ⁊ Ua Domhnaill .i. Niall, do léirthionol an chuíccidh immaille friú do dhul do mhilleadh ⁊ do orccain Gall Midhe. Tangadar Goill Tragha Baile h-i c-coinne Uí Neill, ⁊ tucsat a chios dó, ⁊ seóid iomdha archęna. Do- chóidhsęd iaromh gura ro loisccsęt Machaire Oirghiall.

  7. Tiad do na clann Uí Neill do losccadh na n-daingęn badar lá druing dona Gallaibh. An tan badar occ an f-forlosccadh h-ísin ní ro ráthaighsęt ní go riacht fear ionait an righ cona shochraide ina n-dócum. Do-radsat clann Ui Neill Enrí, ⁊ Aodh a muintir ręmpa, ⁊ do-bertsat sciath tar lorcc dia n-eis go t-ternáttar as gan mharbhadh gan mudhughadh nech uaidhibh.

  8. Luidh doni Ua Domhnaill ⁊ a mhac Toirrdhealbhach adhbhar tighearna Thíri ConaillMac Cathmhaoil an lá cédna do chuingeadh oirgne ⁊ édala h-i conair n-aile. Aseadh du-s-fucc a n-ainshén i c-ceann marcshluaigh adhbhail do Ghallaibh. Ro iadhsat ina t-timcheall. Battar-somh occ iomchosnamh friú frí ré fada gur' ro marbhadh Toirrdhealbhac Ua Domhnaill .i. an lá iar f-feil Michil, ⁊ Mac Cathmhaoil, ⁊ Aodh mac An Epscoip Meic Cathmaoil, ⁊ sochaidhe ele. Ro gabhadh Ua Domhnaill iar marbhadh a mhuintire, ⁊ tuccadh d'fior ionaid an Rígh ar t-teacht i n-Erinn, .i. Mac Sęon p.900 Stanlaii, ⁊ ro cuireadh é iar sin i láimh go h-Ath Cliath. Ro gabhadh dona mac Maghnasa Caoich Ui Domhnail araon la h-Ua n-Domhnaill don chur-sin.

  9. O Ruairc .i. Tadhg mac Tighearnáin d'écc.

  10. Donn Cathanach Mág Uidhir d'écc.

  11. O Broin .i. Donnchadh do écc.

  12. Mac Con Midhe (Maoil Iosa) ollamh Uí Néill le dán, ⁊ Mac Cruitín .i. Sęncha Mac Cruitín ollamh Tuadhmumhan i sęnchus saoi choitcęnn in gach cęird do écc.

  13. Diarmait mac Muirceartaigh Gairbh Uí Sęchnasaigh do mharbhadh dia eoch fęin ag cor crú fuirre.

  14. O Ceallaigh, ⁊ Mac Diarmata, ⁊ Tadhg mac Ui Choncobhair Ruaidh do dhol ar ionnsaighidh go Baile an Topair. Deabhaidh do bęith ętorra, ⁊ lucht an baile, sochaidhe do lot imuigh ⁊ istigh uadhaibh ⁊ fęr don muintir amuigh do bhęin chasnaighe do bhun bonnsaighe boí ina laimh, ⁊ tęine do chor isin c-casnaigh i m-bun na bonnsaighi cédna, ⁊ an bhonnsach do theilgionn isteach isin m-badhb-dún, ⁊ a buain i t-taobh tighe baoi ann, an tęch-sin do losccadh, ⁊ an tęch eile ba coimhnęsa dó ⁊ urmhor an bhaile, ⁊ an badhb-dhún do losccadh, ⁊ il-iomat da gach maith baoí isin m-baile do mhilleadh ⁊ do losccadh don chur-sin.

M1435
  1. AOIS CRIOST, 1435.

    Aoís Criost, mile, ceithre ched, triochatt a cúicc.

  2. An t-epscop Ruadh ó h-Ęghra, epscop Achaidh Conaire do ecc.

  3. O Domhnaill .i. Niall Garbh do bhręith i Saxoibh.

  4. Reodh ⁊ aigh anacnata isin m-bliadhain-si go n-imtiaghdais cach locha ⁊ aibhne Ereann ar na lęcaibh eaghha.

  5.  p.902
  6. O Fęrghail Domhnall mac Seaain taoiseach Muintire h-Anghaile do écc.

  7. Bran O Broin adbar tighearna Criche Branach do ecc.

  8. O Néll do dhul sluagh i b-Fearaibh Manach, ⁊ longport do ghabháil dó ag Craoibh Ua f-Fuadachain, ⁊ baoi ainn-sidhe co cęnn theora n-oidhche cona láibh. Fir Mhanach do chor a c-cęthra ⁊ a n-imirgędh uile tar Loch Eirne siar, ⁊ nochar bhó i n-ęthraibh itir oct bá for leic oighreadh baoí fór an loch ar nó imthighdís eich ⁊ capaill fo a n-eirędhaibh an loch lá méd an reóidh. Iar t-tionol a shlóigh do Mag Uidhir ré h-acchaidh Ui Néill do-rinne sith ris, ⁊ do-choidh ina chęnd iarttain. Asędh luidh O Néill cona shochraide h-i t-Tir Chonaill gur ro loiscc ⁊ gur ro indir blaidh móir dhi, ⁊ ro marbhadh lais Sęan mac Domhnaill Ui Domhnaill d'urchur do soighid. Soais dia thigh iar c-cosgar.

  9. Domhnall mac Eoghain Meg Carthaigh féchęmh coitcęnt do bochtaibh, ⁊ d'aidhilgneachaibh do mharbhadh lá Tadhg mac Corbmaic mic Diarmada Még Cárthaigh.

  10. Donn mac Con Connacht Még Uidhir d'écc i n-urd cananach i c-Cluain eoais iar m-buaidh n-aithrighe ⁊ iar c-cor an t- saogail de ar ghradh an Choimdheadh rias an tan-sin.

  11. Comhaonta choccaidh do dhénamh lá Brian Ócc Ó Néill ⁊ lá Neachtain Ua n-Domhnaill i n-aghaidh Ui Neill (Eoghan), ⁊ a chloinne (Enrí, ⁊ Eoghan). Ua Néill ⁊ a chlann do bręith a c-caoraigheacht leó do dul i c-Cenel Moáin h-i c-coinne NeachtainBhriain. Ní ro airis Ua Neill gur ro ghabh longport isna Rasaibh. O'd-chuala NeachtainBrian Óg indsin tionóilit a slógha co tinnęsnach i n-en-ionadh ar dhaigh amais longpairt do thabhairt for Ua Neill, ⁊ ní ro ansat dia rémim go riachtattar an longport i m-baoi Ua Néill. Do- gniad deabhaidh gur ro ionnarbsat Ua Néill as a longport, ⁊ airisit fęin airm i m-baoi Ua Neill.

  12. Bá h-adhnair ⁊ bá h-athais lá h-Ua Neill cona chloinn, ⁊ lá Mac Domhnaill Galloglach a n- díochur as in maighin i raghbhaisęt conidh í comairle do-righénsat ammas longpairt do thabhairt for an sluagh tria forailęmh Enrí Ui Neill baoi oga forcongra forra. Acht chęna ro gabh gręim an greassadh laoidheadh-sin  p.904 do na h-ógaibh ar ro ionnsoighsead co n-ęimhlęsc, ⁊ go taoi toitenach an longport, ⁊ Enri h-i remhthus rempa go rangador lár mędhon a namhad. Do-rala eitir Mac Domhnaill GallocclachMac Suibne Fanat co m-bátar laoích agá lędradh ⁊ agá luathairleach eatorra adiú ⁊ anall. Ní aithnigheadh cara ná namha aroile annsin lá dorchacht na h-aidhche ⁊ lá dlús na laochraidhe for aroile. Nó sgęindís dna aoibhle teneadh do chęinnbhertaibh na c-curadh ⁊ do lúireachaibh na laochraidhe. Imá c-comhráinic d'Aodh Ua Néill ⁊ do Brian Ua Neill fri aroile go t-tarat Aodh forgamh do shleigh for Brian gur ro crechtnaigh é go mor. At-laoi iaromh BrianNeachtain as in iomaireacc, ⁊ fágbhait a n-galloglaigh dia n-ęis. O ro airigh Mac Suibhne NeachtainBrian Ócc dia fhagbáil aseadh do-róine sciath tar lorg do thabhairt i n-deóidh a mhuintire, ⁊ an lathair-sin d'fágbháil gan ráthuccadh d'Ua Néill. O ro-fhidir Enrí cona braithribh indsin, ro lęnsat Mac Suibhne co Sliabh Truim, ⁊ ro sraoineadh fair. Ro gabhadh é dna go sochaidhibh dia mhuintir imaille fris. Ro ba cosgrach Ua Neill don turus-sin.

  13. Neachtain Ua Domhnaill do thabhairt chaisléin Atha Seanaigh do Brian Ócc Ua Néill ar chomhaontadh choccadh fris i n-aghaidh Ui Néill. Ro fheall Brian iarttain for Neachtain ⁊ do-chóidh do soighidh Ui Neill gan cead do Neachtain, ⁊ ro fagaibh a bhardadha h-i c-caislén Atha Sęnaigh. Iar n-dul h-i c-cęnn Ui Neill do Brian ro gabadh é lais, ⁊ ro scaitheadh cos ⁊ lamh de, ⁊ ro ciorrbadh a dhias mac fon c-cumma cętna, ⁊ at-bath fear diobh fo cédóir.

  14. O Gadhra do mharbhadh la a bhraithribh fęin i n-Inis Bolcc ar Loch Techętt.

  15. Domhnall mac Fęrghail Chaoich Uí Ęghra do mharbhadh la MacMaghnusa mic Diarmata Meic Donnchaidh.

  16. Caislén Ui Ruairc do ghabháil la Donnchadh m-Bacach Ua Ruairc for cloinn  p.906 Taidhg Ui Ruairc. Cręcha do denam iar sin la cloinn Ticcęrnain Ui Ruairc ar Dhonnchadh m-Bacach i c-Coill an Anma.

  17. O Ruairc do gairm do Lochlainn Ua Ruairc .i. mac Taidhg Ui Ruairc.

  18. Creacha mora do denamh la Neachtain Ua n-Domhnaill ar Ua Neill.

  19. Mac Briain Óicc mic Enri Uí Neill do dhol ar creich i t-Tír Aędha, ⁊ cuid do lucht tighe Uí Domhnaill (Neill) do breith fair. A chręch do bhęin de ⁊ é fęin do ghabhail ⁊ drong mór da mhuintir do mharbadh.

  20. O Domhnalláin, Corbmac mac Maoilechlainn, O h-Uiccinn Domhnall Bacach, ⁊ Cairpri O Cuirnín do écc.

  21. Mac Baitin, .i. Roibertt Bairéd tighearna Thíre h-Amalgadha, fęr dércach daonachtach dęigh-einigh ⁊ fear do chosain a chrioch duithche d'aimdeóin Gall Connacht do écc.

M1436
  1. AOIS CRIOST, 1436.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, triochat, a Sé.

  2. Coccadh mór do loisccthibh, do chreachaibh, ⁊ do mharbhthaibh ag Ua c-Concobair f-Failghe fri Gallaibh i n-dioghail Ui Dhomhnaill a clęmhna baoí i l-láimh aca.

  3. Niall mac Eoghain Ui Néill do mharbhadh ar greis ina thigh féin lá Cloinn Cionaíth an Triúcha, la cloinn Enri Uí Neill, ⁊ la h-Oirghiallaibh, ⁊ sochaidhe dia mhuintir imaille fris.

  4. Concobhar mac Seaain Ui Raghailligh mac tighearna na Breifne saoí deag-einigh d'ég.

  5. Crannócc Locha Laoghaire do ghabháil lá cloinn Briain Óicc Ui Néill. Ua NeillEnrí do thocht gusan loch, ⁊ teachta do chor uatha ar cęnn Mhég Uidhir Tomás Og, ⁊ iarna rochtain ro triallsat arthraighe do denamh do dhul forsan c-crannóicc a m-battar clann Briain Óig, as í comairle do-ronsad clann Briain an crannócc do thabairt d'Ua Neill, ⁊ sith do dhenamh fris. O NéillMag Uidhir  p.908 iar sin do dhol ar ionnsoighidh h-i t-Tír Aodha creacha iomdha, edala, ⁊ echta do dhenamh leó, ⁊ a t-tęcht iar sin dia t-tighibh.

  6. Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh adhbhar tighearna Thire h-Oilealla do ég.

  7. Indsoighidh do dhenamh la cloinn Meic Dhonnchaidh ⁊ la cloinn Tomaltaigh Óig Mec Dhonnchaidh h-i c-Cúil Ó f-Find ar Ó n-Gadhra, ⁊ ar Tadhg Mac Donnchaidh. Ruaig do thabhairt ar cloinn Meic Donnchaidh, ⁊ móirshęisęr do mharbhadh dhíobh im Conchobhar Camm Ó n-Gadhra, ⁊ ba h-eisidhe ro mharbh Ó Gadhra a dearbhrathair féin i f-fiull riasan tan-sin.

  8. Maghnus Ruadh mac Maoileachlainn mic Flaithbęrtaigh Ui Ruairc do écc.

  9. Giolla íosa Mac Aędhagáin ollamh Meic Baitin i féineachus fear diadha déarcach daonachtach, ⁊ oide scol i féineachus ⁊ filidheacht do écc.

  10. GeanannMhac Cruitín adhbar ollamhan Tuadhmhumhan h-i sęnchus do bhathadh, ni bhaoí i Leith Mogha ina ré adhbhar sęnchadha ro ba fęrr inás.

M1437
  1. AOIS CRIOST, 1437.

    Aoís Criost, míle, ceithre ched, triochat, a Seacht.

  2. Aird-ęspucc Connacht, do écc. Do Chloinn Fęorais eisidhe.

  3. Sith do dhénamh d'Ua Neill, ⁊ do Nechtain Ua n- Domnaill.

  4. Indsaicchidh do dhenamh la Concobhar Ua n-Domnaill ar mhac Nechtain Ui Domhnaill, ⁊ mhac Eoghain Ruaidh Mec Suibhne go sochaidhibh ele do marbhadh don chur-sin.

  5. Coccadh etir Cathaoir Ua c-Conchobhair Failge [bráthair Ui Chonchobhair] ⁊ Ua Concobhair budhęin, ⁊ Cathaoir do dhol i c-cléth Gall, ⁊ a dhol iar sin co n-Gallaibh lais i n-Uibh Failge, ⁊ baile Diarmata Uí Concobhair do losccadh lais co m- bailtibh eile genmotha, daoini iomdha do lot ⁊ do mharbhadh lais.

  6.  p.910
  7. Coccadh mór bhęos ag Ua c-Concobhair f-Failge re Gallaibh na Midhe do creachaibh ⁊ do mharbhthaibh daoine.

  8. Hanraoi O Riain tigęrna Ua n-Dróna do ecc.

  9. Mac Oisdelb .i. Emann an Mhachaire do ecc.

  10. Coccadh mór ag Mag Mathgamhna ⁊ ag Maghnus Mag Mathgamhna re aroile. Maghnus do dhol i c-cęnd Uí Neill ⁊ a chloinne, ⁊ Mág Mathgamhna do dhol h-i c-clęith Gall.

  11. Coccadh mor eittir Ua NeillBrian Ócc O Neill.

  12. Maoíleachlainn Ua Maol Chonaire d'écc.

  13. Giolla Padraicc mac Conchobhair Uí Charmaic d'écc.

1438
  1. AOIS CRIOST, 1438.

    Aoís Criost, míle cęithre chéd, triochatt, a h-ocht.

  2. An t-eapscob Ó Gallchobair .i. Lochlainn d'écc. Epscop Ratha Both esidhe.

  3. Prioir Chille Maighneann d'écc. Mac meic d'iarla Chille Dara eisidhe.

  4. Abb Chille na Manach, ⁊ Niocól Ó Maonaigh biocaire Chaislein mic Concobhair do écc ina n-dis don plaigh.

  5. Dondchadh na Coilleadh O Domhnaill do mharbhadh la Concobar n-Donn Ó n-Domhnaill h-i t-Tír Enda iarna creachadh don chur chéttna.

  6. Cathaoir O Dochartaigh d'écc.

  7. Pilip Mág Uidhir do ghabhail la Mag Uidhir.

  8.  p.912
  9. Concobhar mac Muirceartaigh Ui Dubhda tighearna Cloinne Donnchaidh Ui Dubhda do marbhadh la a braithribh fęin i f-fiull .i. la Taicleach mac Corbmaic mic Donnchaidh Ui Dhubhda, ⁊ la Ruaidhri mac Taichligh, la Lochlainn mac mic Lochlainn Ui Dubhda, ⁊ la Hanrai Bairett, ⁊ triur mac do chloinn Concobhair do marbhadh in oidhche-sin amaille friss.

  10. Uilliam mac Ruaidhri Uí Dhubhda do écc.

  11. Coccadh ag Ua c-Concobhair f-Failghe re Gallaibh na Midhe i n-dioghail Ui Dhomhnaill bheos.

  12. Mac Meg Flannchaidh .i. Enri Ballach do mharbhadh la dręim do Fęraibh Manach i m-baile Briain Ui Uiginn ar Magh Ene.

  13. Seaan mac Emainn a Burc do ecc don galar bhręc.

  14. Uilliam Bairéd, .i. mac Mhec Baidin do ecc.

  15. Uilliam mac Sęain a Burc do ecc ina thigh fęin.

  16. Sith do dhenamh d'Ua Concobhair Failghe ⁊ do Chathaoir Ó Choncobair dia dęrbrathair fri aroile.

  17. O Briain .i. Tadhg mac Briain Ui Briain do aithriocchadh la a dhearbratair .i. la Mathgamain, ⁊ Ó Briain do ghairm do Mhathghamain.

  18. Mac Mhec Feorais, .i. Risderd do écc.

  19. Siurtan mac Sęain Mec Oisdeilbh do écc.

  20. O Clumháin ollamh Uí Ęghra i n-dán do écc.

  21. Donnchadh mac Siodhraidh Ui Chuirnín saoí le seanchus; O Dálaigh Bréifne, .i. Aédh ollamh Ui Raighilligh le dán, Conchobhar Mac Aędhagáin ollamh Cloinne Riocaird le bręithęmhnus d'écc.

1439
  1. AOIS CRIOST, 1439.

    Aoís Criost, mile, cęithre chéd, triochatt, a Naoí.

  2. Iustis .i. fear ionaid Rig Saxan do thecht i n-Erinn, ⁊ a gabhail iar sin la Cathaoir mac Ui Concobhair Fhailghe, ⁊ iar m-bęith athaidh occa ro fhuaslaicsiot Goill Atha Cliath an Iustis, ⁊ tucsat mac an Phloingcedaigh do Cathaoir dar a éisi.

  3.  p.914
  4. O Domhnaill Niall do breith go Manainn da fhuaslaccadh o Ghallaibh, ⁊ céd marcc do thabairt a fios a fhuaslaicthe.

  5. O Domhnaill Niall Garbh d'écc i m-braighdęnas h-i Manaind, ba h-esidhe aon-bhrágha gill Chenel c-Conuill ⁊ Eoghain ⁊ an tuaisceirt ar chęna, ⁊ aon lán beoil Leithe Cuinn ina aimsir, fęr millte ⁊ mi-imbeartha Gall go ro dhioghailsiot fair fo dęóidh ina n-dęirgéne forra, fęr chaomhanta ⁊ cosanta cheirt a cheneoil i n-aghaidh GallGaoidheal bátar ina aghaidh ria t-tighearnas ⁊ iar t-tigęrnus do gabháil do, Neachtain Ua Domnaill a dhęrbhrathair do oirdneadh ina ionadh.

  6. Mág Uidhir do ghabhail la Domhnall Ballach Mhág Uidhir i m-baile Mhég Uidhir fén, ⁊ Pilib Mhág Uidhir do léigęn amach an lá cędna lá Domhnall, ⁊ an gęimheal baoi for Pilip do chor la Domhnall for Mág Uidhir i t-tigh Még Uidhir fadhéin. An tan at-clos la Hénrí Ua Néill Mág Uidhir do ghabháil ro tionoil-sidhe a shluagha ⁊ do-riacht co Port Abla Faoláin i c-coinne PilibDomhnaill, ⁊ Mag Uidhir i l-láimh aca. Léccthęr Mag Uidhir amach, ⁊ ro gabhadh braighde oile ass .i. Emann Mhág Uidhir a mac féin, ⁊ inghęn Még Eochagáin bęn Még Uidhirbraighde oile cęnmóthátt-somh, ⁊ do-radadh Caislén Insi Cęithlenn do Dhomhnall Ballach Mhág Uidhir an tan-sin.

  7. Tadhg Caoch mac Aędha mic Pilib na Tuaighe Meg Uidir d'écc.

  8. Fęradhach mac Duinn mic Con Condacht Meg Uidir do mharbhadh lá h-Oirghiallaibh.

  9. Enrí Ruadh mac Briain Mec Gille Finnén, taoiseach Muintire Peódachain d'écc.

  10. Mór inghęn Aędha Mec Samradain bęn mic Briain Mec Maghnusa d'écc.

  11. O Concobair Connacht, .i. Ri Connacht Cathal mac Ruaidhri dó écc, 19. do mhárta, ⁊ coccadh ar n-ęirghe i Macaire Connacht trid-sin, .i. eittir chloinn meic Feilimidh, ⁊ Clann Toirrdhealbhaigh oir do goireadh Ua Concobhair do Thadhg mac Ui Choncobhair Ruaidh lá cloinn meic Feidhlimidh, ⁊ ro goireadh Ó Concobhair  p.916 do Aodh mac Uí Concobair Duinn la Brian mac Domhnaill mic Muircęrtaigh cona bhraithribh, ⁊ la cloinn n-Donnchaidh.

  12. O Dochartaigh taoíseach Arda Miodhair .i. Sęan Balbh mac Concobhair do écc, ⁊ a dearbrathair .i. Domhnall do ghabháil a ionaid.

  13. Diarmait O Dubhda (.i. Mac Ui Dhubhda Domhnall) adhbar tighearna Ua f-Fiachrach do écc.

  14. O h-Ęghra Dubh Donnchadh mac Sęain Ui ęghra do dhul is na braithribh i Mainistir an Bheann-fhoda, ⁊ a thighearnus do thabhairt da dhęrbhrathair .i. do Chorbmac mac Sęain, ⁊ O h-Ęghra do ghairm dhe, ⁊ ionad Chorbmaic do thabhairt do Shęan Mac an Espuicc Uí Ęghra.

  15. Mac Ui Eaghra an Mhachaire .i. Corbmac mac Taidhg do écc.

  16. Aodh mac Diarmata Mec Donnchaidh do écc.

  17. Mac Neill Riabhaigh Ui Choncobhair do mharbhadh la Domhnall Mac Muircęrtaigh mic Domhnaill.

  18. An Plaigh go h-anffoill i n-Ath Cliath go ro éccsat tęora mile ann eittir fhior ⁊ mnaoi eittir biug ⁊ mór o thossach earraigh go dęireadh mís Mái. Donnchadh mac Ui Dhubhda .i. Mac Taidhg, Concobhar mac Domhnaill mic Corbmaic Mhec Donnchaidh, ⁊ a bhęn .i. inghęn Taidhg Mec Donnchaidh, ⁊ biocaire Imligh Isill Donnchadh mac Tomaltaigh Uí Beolláin, Emann A Búrc mac Mec Uilliam Cloinne Riocaird adbar tighearna Cloinne Riocaird, iaid-sidhe uile do écc don pláigh.

  19. Eoghan O Flaithbęrtaigh do mharbhadh ar a leabaidh isin oidhche i f-fiull la sgoloicc dia mhuintir fęin.

  20. Domhnall mac Ruaidhri mic Taichligh Uí Dhubhda do dhalladh, ⁊ do crochadh la Donnchad mac Muirceartaigh Ui Dhubhda.

  21. Cathal mac Corbmaic Ui Dhubda ⁊ a mhac do mharbhadh la Tadhg Ruadh mac Muircęrtaigh Ui Dubhda isin ló cédna tre comhairle an Donnchaidh remraite.

  22. Cręch do dhenamh d'Ua Chonchobhair .i. d'Aodh mac Ui Concobhair Duinn ar Mhac Oisdelb Ruaidh.

  23. O Mithidhein an Bhealaigh comhorba Molaisi do écc.

 p.918
M1440
  1. AOIS CRIOST, 1440.

    Aoís Criost, mile, cęithre chéd, cęthrachatt.

  2. Mac Uilliam Burc .i. Uatér mac Tomais mic Sir Emainn Albanaigh tigearna Gall Connacht, ⁊ móráin do Ghaoidhealaibh do écc donn plaigh sechtmain ria f-Feil na Croiche isin f-fogmhar, ⁊ Mac Uilliam do ghairm d'Émann A Búrc i n-ionadh a dhęrbhrathar.

  3. Sith do dhenamh d'Ua Domhnaill Neachtain, ⁊ d'Ua Neill Eoghan re aroile.

  4. O Dochartaigh Domhnall mac Concobhair taoiseach Arda Miodhair do écc, ⁊ dá Ua n-Dochartaigh do gairm ina ionad .i. Emann mac Concobhair, ⁊ Aodh mac Sęain.

  5. Mag Craith, Matha mac Marcais comarba Tęrmainn Da Beócc d'écc ⁊ Seaan Buidhe do oirdnędh ina ionadh.

  6. Brian mac Domhnaill mic Muirchęrtaigh Ui Concobhair tighęrna Iochtair Connacht, rédla ghaile ⁊ ghaisccidh Gaoidheal a aimsire d'écc an dara la ria f-Feil Eoin iar m-bęith 37 m-bliadhna i t-tighęrnas.

  7. Maghnus Eóghanach Mhág Uidhir, mac-sidhe Pilip, ⁊ Catairiona ingęn Duinn mic Con Connacht Mhég Uidhir bean Mec Maghnusa Mhég Uidhir d'écc.

  8. Ross mac Seaain Mhég Uidhir, ⁊ Fedhlimidh Ruadh mac Donnchaidh Ruaidh Mhég Uidhir do mharbhadh.

  9. Domhnall Ua Breislén saoí bręithęmhan, ⁊ adhbhar ollamhan Fear Manach d'ég.

  10. Duibhgęnn Gruamdha Ó Duibgęndáin saoí sęnchadha d'écc.

  11. Maghnas Ó Domhnaill (.i. mac Domhnaill) do mharbhadh i m-Bun Lęcaigh la cloinn Mec Suibhne Connachtaigh, ⁊ Concobhar Mhac Eoin Epscoip .i. Mac an Epscoip Conallaigh, ⁊ Diarmait mac Donnchaidha mec Aędha Sęnchadha Uí Dhomhnaill p.920 do mharbhadh isin ló cęttna. Mac aile Domhnaill Ui Domhnaill ⁊ drong do Conallchaibh do mharbhadh mic Meic Suibhni Concobhar Mac Suibhne i n-dioghail a bhrathar.

  12. Graine inghen Ui Cheallaigh bean Taidhg Ui Bhriain do écc.

  13. Caislén Baile Ui Baoighill do ghabhail la Mac Domnaill mic Ui Domhnoill iar b-faghbhail bhaoghail fair ⁊ édala mora do fagbhail ann d'airgętt ⁊ d'edach ⁊ d'eideadh, ⁊ an caislen cedna do ghabail doridhisi la h-Ua n-Domhnoill, ⁊ a thabhairt d'Ua Baoighill, ⁊ clann Domhnaill Ui Domhnaill do ghabháil ann, ⁊ a m-beith i l-laimh ag Ua n-Domhnaill ina mighníomhaibh.

  14. O Ruairc .i. Lochlainn mac Taidhg do ghabhail la cloinn Airt Ui Ruairc, ⁊ clann Airt dia thabhairt do Donnchadh Ballach Mhág Samhradhain ⁊ da chloinn, ⁊ Donnchadh Ballach da tabhairt do cloinn Tighearnain Uí Ruairc, coccadh ar n-ęirghe isin m-Breifne iaromh eitir cloinn Tighearnáin Uí Ruairc ⁊ clann Taidhg Uí Ruairc gur ro buaidirseat an tír eatarra.

  15. Finnghuala inghean Ui Dochartaigh bean Ui Dhomhnaill do écc.

  16. O Concobhair Failghe cona chloinn, ⁊ a brathair Cathaoir do dhul ar creich i Laoighis Ui Mhórdha. Iarla DeasmhumhanMac Giolla Patraicc do breith orra ięr c-cor creach rempa, ⁊ sraoineadh for Ua c-Conchobhair gur ro marbadh a mac, .i. Conn co t-tribh fichtibh dia amsaibh imaille fris.

  17. Caislen Ui Dhochartaigh .i. Caislen Cuile Mic an Treóin do ghabhail la h-Ua n-Domhnaill.

  18. Mac Baitín .i. Tomas mac h-Enrí Bairéd tighearna Thire h-Amhalgadha do écc an .15. do mí Iul, ⁊ Mac Baitin do ghairm do mac Magiu Baired.

  19.  p.922
  20. Mac Ui Ruairc, Aodh mac Aedha Buidhe Uí Ruairc adbar tighearna Breifne do mharbhadh lá Mac Diarmada na n-Gamhnach Ui Ruairc i feill i n-Druim Da Ethiar i m-baile Donnchaidh Bacaigh Uí Ruairc.

  21. Domhnall mac Corbmaic Mhég Donnchaidh adbar tighearna Ua n- Ailealla, O Dubhagain Senchaidh, .i. Seaan mac Corbmaic, ⁊ Duibhgęnn Gruamdha O Duibhgęnnain ollamh Meic Donnchaidh i sęnchus do écc.

M1441
  1. AOIS CRIOST, 1441.

    Aoís Criost, míle, cethre ched, cęthrachatt, a h-aon.

  2. Aird-epscop Connacht .i. Tomas Ó Ceallaicch do écc.

  3. Giolla Patraicc Ua Maol Uidhir abb Clochair d'écc.

  4. Muirchęrtach mac Cathail Moir Mec Magnusa airchi-deochainn Clochair, ⁊ pęrsún Airigh Maolain, clereach toghaidhe d'écc.

  5. Domhnall Ua Mocháin abb manach na Búille, cęnn ęccna, eolais, ⁊ proicępta coigidh Connacht d' écc.

  6. Conchobhar mac Taidhg Mec Donnchaidh tighearna Thire h-Oilealla feichęm coitcheann do chliaraibh Ereann ina aimsir d'écc iar m-breith buadha ó dhomhan, ⁊ ó dheamhan.

  7. Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh do mharbhadh la cloinn Doinn mic Con Connacht Mhég Uidhir.

  8. Creacha móra do dénomh lá Mág Uidhir, Tomás for cloinn Annaidh Mec Domhnaill, ⁊ mac mic Emainn Mec Domhnaill do marbhadh leis don turus-sin.

  9. Concobhar Óg Mág Uidhir d'écc iar c-cor an t- saoghail de.

  10. Ua Maoil Conaire, Maoilín mac Tanaidhe mic Paidín ollamh Sil Muireadhaigh cęnn cadhusa ⁊ onóra Ereann ina aimsir d'écc an .13. Febru, ⁊ a adnacal co h-onorach i tęmpall Cluana Coirpthi. Diarmaid Ruadh mac Donnchaidh Bain Ui Maoíl Conaire d'écc h-i cind mhís iarttain.

  11.  p.924
  12. Piarus Camm Ua Luinín saoi sęnchadha ⁊ fhir dana airchindeach na h-Árda, ⁊ trin Airig Maelain, fęr occa m-baoí cadhus ⁊ onoir mór d' écc.

  13. O Cinneidigh Ruadh .i. Ruaidhri mhac Pilip leith-tighearna Urmumhan do écc.

  14. Tómás mac Ui Chinneidigh Duinn do écc.

  15. Caislen Ui Mhadadháin .i. Caislen Phuirt an Tulchain for Sionainn do ghabháil lá Mac Uilliamm Uachtarach, ⁊ la Cloinn Riocaird ar Ua Madadhain, ⁊ mac Uí Madadhain do ghabhail ann ⁊ ceithre braighde décc oile batar isin m-baile, ⁊ édáil mor d'éideadh ⁊ d'arm do faghbhail ann fos.

  16. Creach mhor la Corbmac Mag Samradhain ar cloinn Donnchaidh Ballaigh Mhég Samhradháin.

  17. O h-Uiginn Mathghamhain Ruadh saoi fir dhána do écc.

M1442
  1. AOIS CRIOST, 1442.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, cęthrachatt, a dó.

  2. Mag Carthaigh Riabhach tighearna Ua n-Eachdhach Mumhan do écc.

  3. An t-abb Ua Carthaigh do écc.

  4. An dęgánach mac Uilliam Bairéd .i. deagánach Chille h-Aladh do écc.

  5. An dęgánach Mac Maoil Ruanaidh mic Giolla Criost Meg Donnchaidh do écc.

  6. Brian mac Ardghail Meg Mhathghamhna tighęrna Oirghiall do écc iar n-dęgh-bhethaidh.

  7. Seaan Mhág UidhirDomhnall clann Pilib Mheg Uidhir d'écc.

  8. O Flaithbheartaigh .i. An Giolla Dub mac Briain tighearna Iarthair Connacht do écc.

  9.  p.926
  10. Mág Uidhir Tomás Óg do thabhairt caislén Insi Cęithleann do Philib Mhag Uidhir iar leigęn EmainnTómáis Óig amach.

  11. Enrí mac Eoghain Ui Néill do dul do shoighidh Ghall, ⁊ sloigheadh lán-mhor do thabairt lais do Ghallaibh co Caislén na FinneUa Néll a athair do thocht co líonmhar leirthionoilte h-i c-comdháil EnriGall gusan maighin c-cęttna. O Domhnaill .i. Neachtain do thocht ina n-aghaidh, ⁊ sídh do dęnomh dhó don chur-sin la h-Ua Néll ó na baoi coimhlíon sochraide fris, ⁊ an caislén do thabhairt dó d'Ua Néill, ⁊ Cenél Moáin, ⁊ cíos Insi h-Eoghain. Ro fhágaibh Enrí Barda isin caislén ⁊ do- chóidh féin la h-Ua Néill dia t-tighibh iar ch-cosgar don turus-sin.

  12. Domhnall Glass Mag Carthaigh tighęrna Ua c-Cairpre d'écc.

  13. Ua h-Eidirsgeóil Mór (Mac Con) tighearna Corco Laoighe d'écc.

  14. Tadhg mac Tomaltaigh Mec Diarmada do mharbhadh la muintir Chathail Mhég Raghnaill for achadh Chille Tathchomarc do urchar ga.

  15. Coccadh do eirghe eitir Ua c-CatháinMác Uidhilin, Ruaig do thabairt la Mac Uidhilin, ⁊ la cloinn Briain Óig Ui Neill ar Ua c-Catháin, ⁊ da fęr dhęg ar fhichit do mhuintir Uí Chathain do marbhadh don ruaig-sin.

  16. An cogadh cedna eitir Ua c-CathainMac Uidhilin. Creacha iomdha ⁊ marbtha do dénomh ętorra, ⁊ mac Mheg Uidhilín do mharbhadh la h-Ua c-Catháin. Creacha do dhénamh do Mac Uidhilín ar Aibne Ua c-Catháin.

  17. Goill Atha Cliath ⁊ na Midhe do dhul i c-crich Branach, ⁊ creacha móra do dénomh dhóibh. BranaighTuathalaigh do breith ar na Gallaibh, ⁊ maidhm do thabhairt forra, ⁊ ceithre fichit do marbhadh do Ghallaibh, ⁊ edala diaisneisi do bhéin díobh.

  18.  p.928
  19. Mac Mec Murchadha (tighearna Laighen) .i. Muirceartach Caomhanach adbhar tighearna Laighen do mharbadh la Gallaibh na Contae Riabhcha. Cogadh do dénom do Mac Murchadha risan c-Contae Riabhaigh ⁊ re Gallaibh Laighen iar marbhadh a meic .i. Muirceartach Caomhánach gur bo h-eigean dóibh an Moirseisear braghat do gabadh an la do marbhadh Muircęrtach do legean amach, ⁊ ocht c-céd marg do thabhairt do Mac Murchadha i n-eruic a mheic.

  20. Cogadh eitir Aedh Buidhe Ó NéillMac Uidhilín. O Néill do éirghe le Mac Uidhilin i n- aghaidh Aedha Buidhe.

M1443
  1. AOIS CRIOST, 1443.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, cęthrachatt, a trí.

  2. Aonghus Mhac Gille Fhindéin abb Leassa Gabhail d'écc.

  3. Maghnus Mhág Mathghamhna adhbhar tighearna Oirghiall ar eineach ⁊ ar ęngnamh d'écc.

  4. Eimhęr Mhág Mathghamhna do mharbhadh la h-Ua Néill .i. Eoghan mac Neill Óig.

  5. Finghin Mac Giolla PatraiccDiarmait mac Mec Giolla Phatraicc tighearna Osraighe do mharbhadh h-i fill h-i c-Cill Chaindigh ar forgall mhec Risdęrd Buitilér.

  6. Brian mac Emainn mic Tómáis mic Cathail Ui Fęrghail do mharbhadh ⁊ do bhadhadh ⁊ é acc tairccsin elaídh ar eccin d'inis Puirt an Goirtin iarna beith da bliadhain go leith i l-láimh ag Domhnall Buidhe Ua Fhęrghail.

  7. Maol Ruanaidh mac Taidhg Ui Chęrbhaill tighęrna Éle d'écc.

  8.  p.930
  9. Tadhg Ua Dubhda Mac tighęrna Ua f-Fiachrach do mharbhadh la a bhraithribh féin.

  10. Creacha móra la h-Aędh Buidhe Ua Néill for a sinnsear brathar, .i. for Muirchęrtach Ruadh Ua Néill co t-tucc a riar dhó tar cęnn a chreach, ⁊ co n-dearnsat óighsidh fri aroile.

  11. O Floinn Sil Maoile Ruain ⁊ cuid da braithribh do mharbhadh la Cloinn Goisdelbhaigh i tigh Ui Chillín.

  12. Maol Ruanaidh mhac Maol Ruanaidh Uí Dhubhda do marbhadh la a dearbhrathair féin i fiull.

  13. Mac Aędhagáin Urmhumhan, .i. Giolla na Naomh mac Giolla na Naomh mic Aędha ollamh Mumhan i feineachus saoí coitcind in gach cęird, ⁊ fear tighe n-aoidheadh da gach aon do ég.

  14. Aodh mac Aodhagáin mac Feargail mic Baothghalaigh do ecc h-i tuile a ratha, fęr ro b-fearr tęnga ⁊ ęrlabra baoi do Ghaoidhealaibh ina aimsir, ollamh Iochtair Chonnacht i fénechus ei-side.

 p.932
M1444
  1. AOIS CRIOST, 1444.

    Aoís Criost, míle, ceithri chéd, cęthrachatt, a cęthair.

  2. Risderd mac an Deaganaigh Mhoir mic Domhnaill mic Seaain Gallda Ui Fearghail, epscop Ard Achaidh d'écc.

  3. Uilliam Ua h-Etigen epscop Oile Find do dhul do Roimh, ⁊ drong mór do clerchibh Connacht ⁊ a n-écc d'urmhór .i. Tadhg mac Taidhg Mic Diarmada iar n-gnoughadh abdhaine na Búille, ⁊ Uilliam mac an Deccanaigh Ui Fhlannagain prioir Commain, Mac Maoilechloinn mic Corbmaic Mec Donnchaidh abb Baile Eassa Dara, ⁊ sochaidh oile do clerchib Uladh.

  4. Aodh Buidhe mac Briain Ballaigh Ui Néill rioghdamna Ereann, neach ro ba mo clu, ⁊ do b-fir fęrr eneach, ⁊ engnam do rioghdhamhnaibh a aimsire fęr as mó ro áitigh d'fęronn Gall da n-aimhdeoin da raibhe ina ré do lot d'urchar ga i n-Uibh Eachdhach, ⁊ a bheith h-i cróilighe bhais cuig la fhichęt .i. o chętaoine an bhraith gusan dara lá do shamradh, ⁊ a écc iar sin iar m-bręith bhuadha ó dhomhan ⁊ ó dhęmhan Dia Sathairn do sunnradh.

  5. Sluaigheadh adbhal la h-Eogan .i. Ua Neill, mac Néill Óig, ⁊ la h-urmhor  p.934 Gaoidheal Uladh uile cęnmothá Ua Domhnaill do indreadh ⁊ do argain Cloinne Aędha Buidhe iar n-écc Aędha. Ro thionóil Muircęrtach Ruadh Ua Néill, ⁊ Énrí Ua Néill, ⁊ Mac Uidhilín cona lucht comhaęnta uile for cind an t-sluaigh mhóir sin isin Duibh-thrian. Ro ghęrrsat bealach coilleadh for an c-conair in ro ba dóigh leo a rochtain chucu. Tainicc Ua Néill cona sloghaibh do shoighidh an bealaigh iomcumaing. Ro ionnsoighsęt an lucht oile iad gur ro mharbhsatt Mac Domhnaill Gallocclach baoi for dęireadh an t-sluagh h-i c-commasg an lóitt. Do-chuaidh an slógh h-i mímheisneigh mhoir de-sidhein, go tugsat roighne na n-giall ro thoghsat fęin do cloinn Mec Ui Néll Bhuidhe, .i. Aędh mac Uí Neill, mac Énrí Uí Néll, mac Mhég Mhathghamhna, mac Ui Mealláincúig braighde décc immaille friú do chind na slighędh do légean dhoibh ina f-frithęing gur ro imhtighsęt iar sin fo mhéla ⁊ cuitbhedh.

  6. Eoghan mac Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Concobhair tighearna Sliccigh ⁊ criche Cairpre do mharbhadh d'urchur do shoighitt la cloinn Corbmaic Mec Donnchaidh, uair ro marbhadh mac Maoileachloinn mic Corbmaic Mec Donnchaidh riasan tan-sin h-i t-trodan la mac mic Eóin Ui Airt, conadh trid-sidhe ro marbhadh Eoghan mac Domhnaill.

  7. Sluaigheadh la h-Ua Néill .i. Eoghan i n-Galldacht Oirghiall gur ro chreachloiscc mórán díobh, ⁊ ro aircc Srád-bhaile Dhúine Dealgan, ⁊ fuair trí fichitt marg ⁊ da thonna fhíona do chind gan an baile fęin do losgadh.

  8.  p.936
  9. Miorbhail mor do dęnamh do dhelbh Mairi Atha Truim, .i. a shúile do thabhairt do dall, ⁊ a thęnga do amhlabhar, ⁊ a chosa do cláiríneach ⁊ a lámh do síniudh do neoch aga raibhe-si cęngailte dia thaobh ⁊ cait do breith do mhnaoi thorraigh.

  10. Forbhais la h-Ua Neill for Ghallaibh, gur ro mhill mórán iompu, ⁊ co b-fuair comtha móra ó Ghallaibh do cind sidh leith bliadhna do dhęnomh friú. Creach sluaigheadh riasan sídh-sin do dhénomh la mac Ui Néill Brian mac Domhnaill mic Eoghain Ui Néill i n-Galldacht gur ro marbhadh Brian fęin d' óęn urchur cloiche ⁊ ro gabhadh Eimear Mhag Mathghamna, ⁊ ro marbhadh aroile dia muintir.

  11. Toirrdhealbhach mac Eoghain mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do mharbhadh la Cloinn Connmhaigh d'urchur do shoighitt.

  12. Seaan mac Briain mic Emainn Ui Fhęrghail do mharbhadh ⁊ ochtor immaille fris la Seaan Ua Fęrgail, ⁊ la cloinn Domhnaill Buidhe Ui Fęrgail for Sliabh Callraighe Bri Leth.

  13. Emann mac Tómáis mic Cathail Ui Fęrghail do écc.

  14.  p.938
  15. Magnus Mhág Mhathgamhna adhbhar tighearna Oirghiall d'écc, ⁊ a adhnacal i Cluain Eoais.

  16. Eber mac Briain Még Mathghamhna adhbhar tighearna Oirgiall do mharbhadh.

  17. Tadhg Ua Briain tighearna Tuadhmhumhan do écc.

  18. Síoda Camm Mac Con Mara taoiseach Cloinne Cuiléin fęichęmh coitchęnn fear n-Ereann d'écc eittir da Nottlaig.

  19. Dubhchoblaigh inghean Tomáis Mheg Uidhir (tighearna Fear Manach) bean Eoghain Mhég Cathmhaoíl bean dhaonnachtach dheshearcach deigh-einigh do écc.

 p.940
M1445
  1. AOIS CRIOST, 1445.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, cęthrachatt, a cúicc.

  2. Tomas Ua Lennain cananach ⁊ Sacrista Leassa Gabail d' écc.

  3. Sloigheadh mór do dhęnomh la h-Ua n-Domhnaill go Sligeach, ⁊ la Pilib Mhág Uidhir la cloinn AędhaMhég Uidhir ⁊ la cloinn Eoghain Ui Choncobhair. Ro loiscceadh leo Sligeach for Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muircęrtaigh Ui Choncobhair, ⁊ ro marbhadh Mac Donnchaidh tighearna Tíre h-Oilealla, .i. Tomaltach mac Donnchaid leo co sochaidhibh oile.

  4. Uilliam mac Seaain mic Domhnaill Ui Fhęrghail tighearna na h-Angaile d'ég iar n-deigh-bęthaidh cian-aosda ⁊ da taoiseach do ghairm iar sin isin Angaile, .i. do Rossa mac Muirchęrtaigh Midhigh mic Briain Ui Fhęrghail, ⁊ sliocht Murchaidh Ui Fęrghail uile do gairm anma dhe. Da Cloind AędhaCland Seaain  p.942 Uí Fhęrghail ⁊ a chairde for gach leth do gairm taoisigh do Domhnall Buidhe mac Domhnaill mic Seaain Ui Fhęrghail, ⁊ an tír do mhilleadh ętorra co n-dearnsat sidh, .i. lęth na h-Angaile ag cechtar de.

  5. Ruaidhri mac Tómáis Mhég Uidhir mac tighęrna Fear Manach d'écc.

  6. Mac Gille Finnéin, .i. Brian taoíseach Muintire Peodachain saoí einigh ⁊ fęr cosnamha a chirt fri a comarsain d'écc.

  7. Donnchadh Ballach Mac Samhradhain adbar taoisigh Teallaigh Eachdach d' écc.

  8. Diarmait Ua Tuathail tighearna Cloinne Tuathail do mharbhadh for lorcc creiche la cloind mhic Tomaltaigh Uí Dhiomasaigh, iar m-beith ceithre fichitt bliadhain dh'aoís.

  9. Conchobhar mac Uí Chonchobhair Ciarraighe do mharbhadh la Mathghamhain Ua c-Concobhair, la a brathair, ⁊ siat araon i m-bád ag dol go h-Inis Cathaigh.

  10. Risderd Mac Uidilin do marbhadh.

  11. Tomas DiolmainRisderd Óg Diolmain do écc.

  12. Laighneach mac Aędha Buidhe Meg Eochagain do mharbhadh for Coill na Connaidh la cloinn Muircęrtaigh Óig Mhęg Eochagain.

  13. Donnchadh Bacach Ua Ruairc d'écc, ⁊ an Brefne Thiar do gairm Ui Ruairc do Donnchadh mac Tighearnain Óig i n-aghaidh Lochlainn mic Taidhg Uí Ruairc.

 p.944
M1446
  1. AOIS CRIOST, 1446.

    Aoís Críost, míle, ceithri chéd, cęthrachatt, a Sé.

  2. Eóin Ua Lęnnain prióir Mainistreach Leassa Gabhail do ecc.

  3. Rudhraighe mac Ardghail Moir Mheg Mathgamhna tighearna Oirghiall do écc. ⁊ a mhac Aędh Ruadh mac Rudhraighe do oirdneadh ina ionad la h-Ua Néill.

  4. Ua Domhnaill do thocht slógh mor h-i Connachtaibh do chongnamh la a chairdibh, do shoighidh Ui Ruairc ar tús, ⁊ do- chóidh aissidhe tria Maigh Nisse, ⁊ tar Sionaind, ⁊ h-i Maigh Luirg, tre Machaire Chonnacht tre Cloinn Connmaigh p.946 tainicc Mac Uilliám Búrc ina choinne co Dún Iomdháin, ⁊ rug leis é iar sin h-i Conmhaicne Chuile Toladh.

  5. Cú Choiccriche mac Maine mic Neill Shionnaigh tighęrna fęr t-Teathbha do écc.

  6. Emann Ua Brain tighearna Ua Faoláin do écc, ⁊ Dunlaing Ua Brain d'oirdneadh ina ionad.

  7. Donnchadh mac Airt mic Diarmata tighęrna Ua c-Ceindsealaigh do marbhadh la Branachaibh.

  8. Coccadh mór eitir Ua c-Conchobhair FailgeGaill na Mide gur ro creachloisgeadh mórán don Mide ⁊ gur ro marbhadh sochaidhe mor dia n-daoinibh, ⁊ no teighdis a sirthe co Tęmraigh budh thuaidh, ⁊ co Cul Maige Claraigh soir, ⁊ ro gabhadh Brian mac an Calbhaigh Uí Choncobhair ar an c-coccadh-sin la Gallaibh.

  9. Cogadh eitir an da Ua Concobhair i Machaire Chonnacht, dia ro marbhadh  p.948 Diarmaid Ruadh mac Taidhg Ui Chonchobhair la h-Ua c-Conchobhair n-Donn, ⁊ la Cloinn Muiris na m-Brigh, ⁊ la cuid do cloinn Fhedhlimidh h-i Cuil Ua f-Fionntain.

  10. Cogadh mór h-i t-Tuadhmhumhain dia ro milleadh Tuadhmumha uile, ⁊ dar' gabhadh Ua Briain budhdhéin co n-deachaidh Mac Uilliam Cloinne Riocaird h-i t-Tuadhmhumhain, ⁊ tucc Ua Briain amach ar éccin, ⁊ ro fhagaibh h-i c-córa iatt.

  11. Clann Donnchaidh, ⁊ Toirrdhealbhach Carrach Ua Concobhair, ⁊ Ua Concobhair Donn do dhol diblinibh h-i c-cęnn Meic Uilliam Cloinne Riocaird do dhenamh aoin Mhec Donnchaidh, ⁊ a t-taoidheacht na n-dá Mac Donnchaidh fo dheóidh, ⁊ roinn leithe ętorra .i. Seaan mac Concobhair Mec Donnchaidh, ⁊ Tadhg mac Tomaltaigh Moir Mec Donnchaidh.

  12. Fedlimidh mac Seaain Ui Ruairc do mharbhadh for lar Fiodhnacha la a derbhfine .i. clann Lochlainn Uí Ruairc.

  13. Mac Domhnaill Ui Ruairc do mharbhadh la cloinn Donnchaidh mic Tighearnain Uí Ruairc.

  14. Tómás mac Tomais Óig Ui Raghallaigh do mharbhadh lá Notlag Mór la cloinn Rémaind mic Giolla Iosa Uí Raghallaigh.

  15. Domhnall Ua Cobthaigh, cęnn fędna maith ⁊ saoí le dán do mharbhadh cona dhias mac for Cro-inis Locha h-Ainnind Mic Neimid la cloinn mheic Airt Ui Maoíl Sheachlainn, ⁊ la cloinn mheic Fhiachach Mhég Eochagáin.

  16. Tanaidhe mac Maoilín mic Tanaidhe Uí Mhaoil Conaire d' écc h-i Cloinn Fheorais eitir da Chaisg ⁊ a adhnacal i mainistir Uí Bhoccáin.

  17.  p.950
  18. Tadhg Mhág Fhlannchaidh do mharbhadh la Corbmac mhac Uí Fhlanngáin.

  19. Emann mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh la Corbmac mac Eoghain Mheg Cárthaigh.

  20. Brian Ua Dubhda do mharbhadh la Tír n-Amhalgadha.

  21. Diarmaitt mac Ir mic Cathail Ruaidh Mheg Raghnaill do mharbhadh.

M1447
  1. AOIS CRIOST, 1447.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, cęthrachad a Seacht.

  2. Comorba Fiodnacha fęr tighe aoidheadh coitcinn da gach aon do écc.

  3. Plaigh mhór h-i samhradh ⁊ h-i foghmar na bliadhna-so, dia ro écc prioir Baile Ui Bogáin, prióir Connala, barún Calatroma, Gęróitt mac Mec Ualronta, ⁊  p.952 sochaidhe mhór h-i Midhe, h-i Mumhain, ⁊ i l-Laighnibh, ⁊ at-bęrat aroile gur ro éccsat secht céd sacart di.

  4. Cęnn do chur ar tęmpall Achaidh Urchair, ⁊ an bęnd airthęrach de do thóccbháil le Tomás Óg Mag Uidhir tighearna Fear Manach i n-onóir Dhé, Tighearnaigh, ⁊ Rónáin do ráith a amna fęisin.

  5. Domhnall Ballach mac Tomais mic Pilib Meg Uidhir, do mharbhadh la Donn mac Pilib Mhég Uidhir, le macaibh Airt Mhég Uidhir, le macaibh Mec Oirghiallaigh, ⁊ le macaibh Ua n-Daimhín, uair baoí an Domhnall h-í-sin i n-ęsaonta re Mág Uidhir ⁊ re Pilib tanaisi an tíre, ⁊ ag tionntúdh dhó o Breifne Uí Raighilligh ⁊ é ag dul go baile Énrí Ui Néill as ann tárrthus é gur ro mharbhadh. Ro h-adhnaiceadh iaromh i mainistir Leasa Gabhail.

  6. Aedh mac Tómáis Óig Még Uidhir mac tighearna Fęr Manach d'écc.

  7. Fedhlimidh mac Seaain mic Pilib Uí Raighilligh adhbhar tighearna Breifne ar oirbeart ⁊ oineach do dul go h-Ath Truim d'ionnsoighidh fir ionaid rígh Saxan Lord FurnumáilFedlimidh do ghabhail lais, ⁊ a écc don plaigh, iar m-buaidh ongtha ⁊ aithrighe, ⁊ a adhnacal i mainistir Atha Truim.

  8. Fionnghuala (inghean an Chalbhaigh Ui Chonchobhair FailgighMairgrege inghene Uí Cęrbhaill) bęn Uí Domhnaill cęttus, ⁊ Aędha Buidhe Uí Neill iaromh an aoin-bhęn do b-fęrr dealbh ⁊ denam, ⁊ do ba mó clú, ⁊ oirrdearcus baoí i n-Erinn uile i n-aon aimsir fria génmóthá a mathair budhdhein, do tregadh an t-saoghail  p.954 ercradhaigh ar an m-beathaidh shuthain gan fhoircęnd, ⁊ a dul fo chuing riaghla ⁊ crabhaidh i mainistir Chille h-Achaidh.

  9. Aodh mac Muirchęrtaigh Óig Meg Eochagain luamh gaisccidh Ua Néill an Deisceirtadhbhar toísigh Cheneoil Fiachach uile d'écc do ghalar aithghearr.

  10. Emann mac Emainn a Burc do écc.

  11. Fedhlimidh mac Murchadha Mhég Raghnaill d'écc.

  12. Giolla na Naomh mac Airechtaigh mic Solaimh Mec Aędhagain saoí Ereann le bręithęmnus ⁊ le féneachas d'écc.

  13. Uilliam Ua Deoráin ollamh Laighen le bręithęmhnus, ⁊ a bean do écc don pláigh.

  14. Eoghan mac Pędrais mic Saordhalaigh Ui Bręislén ollamh bręthęmhan Fęr Manach ⁊ ard-airchindeach Airigh Mhaoláin do écc.

  15. Concobhar mac Seaain Mec Branain do trégudh a tighearnaisTomaltach Carrach mac Cuind mic Aędha do oirdneadh ina ionadh.

  16. Mainistir Laoighisi i l-Laighnibh, i n-easpuccóideacht Leithglinne do thóccbhail la h-Ua Mordha i n-onoir .S. Fronseis, ⁊ togha adhnacail Ui Mhórdha ⁊ a shleachta 'na dhiaidh innte-sidhe.

 p.956
M1448
  1. AOIS CRIOST, 1448.

    Aoís Criost, míle, ceithre chéd, cęthrachatt, a h-ochtt.

  2. Plágh mhór isin Midhe, Concobhar mac Aodha Ui Fhęrghail, Diarmaitt Mág Con Maighe, ⁊ Hainri Dubh Mac Techedain triur brathar do bhraithribh Longpuirt Ui Fęrghail d'ég don pláigh-sin.

  3. Conchobhar Mac Faolchadha epscop Ruis Ailithir d'écc.

  4. Abb na Trinoide for Loch Cé d'écc.

  5. Semus Óg mac Semais Gallda mac iarla Urmumhan d'écc.

  6. Cathal mac Ui Concobhair Failghe do mharbhadh lá Gallaibh Laighęn.

  7. Cú Chonnacht mac Pilib Mhég Uidhir d'écc fá bhuaidh n-aithrighe, ⁊ a adhnacal i tęmpall Achaidh Urcair.

  8. Ua h-Ęghra Riabhach do mharbhadh.

  9. Ua Lochlainn tighearna Bóirne d'ég.

  10. Niall Ó Maol Mhuaidh do mharbhadh lá h-Uibh Riaccain.

  11.  p.958
  12. Conchobhar mac Seaain mic Eachmharcaigh Mec Branáin tighearna Corca Achland fri ré secht m-bliadhan tríochat do écc i n-Dumha Sealga for Maigh Ae iar t-tregadh a thighearnais isin m-bliadhain roimhe, ⁊ a adnacal i Ross Commain.

  13.  p.960
  14. Cathal mac Fedhlimidh mic Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la cloinn Ruaidhri meic Cathail Ui Concobhair ToirrdelbhachDiarmaitt.

  15. Tadhg Ócc mac Taidhg mac Giolla Colaim Uí Uiginn priomh-oide aosa dána EreannAlban do écc iar n-aithrighe i c-Cill Connla, ⁊ a adhnacal i mainistir Atha Lęthain.

  16. Diarmait mac Eoghain mic Mathgamhna Uí Dalaigh ollamh fear Midhe uile saoí fhoghlainntigh ⁊ fhir dhana d'écc, ⁊ a adhnacal i n-Durmaigh Colaimm Chille.

 p.962
M1449
  1. AOIS CRIOST, 1449.

    Aoís Criost, míle, cetre chéd, cęthrachatt, a naoí.

  2. Donnchadh mac Tighearnáin Óig tighearna Breifne Thiar do écc iarná bęith h-i seircc-ghalair ochta re bliadhain láin, ⁊ Tighearnán mac Taidhg Uí Ruairc do thogha ina ionadh lásan m-Breifne Thiar.

  3. Eoghan mac Sęain tighearna Muintire Maoil Mhordha do écc, ⁊ Sęan Ua Raghailligh a mac fęin do thogha ina ionadh lá h-Ua Neill, ⁊ la Sliocht Sęain Ui Raighilligh, ⁊ Fearghal Ua Raghailligh, .i. mac Tomais Mhóir, do thogha lá Sliocht Mathgamhna Ui Raghilligh, ⁊ lá Gallaibh gur ro fhas coccadh ⁊ comhbuaidhreadh eatorra. Tainicc an Iustísiarla Urmumhan do chongnamh lá Fearghal Ua Raghallaigh, ⁊ tuc Sęan Ua Raghailligh cona sochraide ammus for thossach an t-sluaigh gur ro marbhadh ⁊ gur ro gabhadh tri fichit díobh im mac Toirrdhealbhaigh ⁊ im mac Domhnaill Bhain Ui Raighilligh.

  4. Brian Ócc Ó Néill d'écc.

  5. Mór inghęn Aodha mic Pilib na Tuaighe Még Uidhir bęn Airt mic Eoghain Uí Néill d'écc.

  6. Maghnus Buidhe mac Cairpre meic Duinn Mheg Uidhir d'écc.

  7. Bress-mhaidhm lá Mac Uidhilín for Muircheartach Ruadh Ua Neill dú in ro  p.964 marbhadh mac Maoil Muire Mec Suibhne consubal meic Ui Néill, ⁊ Aonghus mac Mec Domhnaill na h-Alban, ⁊ sochaidhe oile immaille friú.

  8. Coccadh mór eittir Conallcaibh budhdhein, ⁊ moran do mhilleadh.

  9. Ua FialáinGiolla Criost Mac an Baird d'écc.

  10. Aodh mac Lochlainn mic Seaffraidh tighearna Cloinne Cathail mic Muireadhaigh Muillęthain ré h-ędh imchian iar t-tréccadh a tighearnais ar gradh , ⁊ iar n-aontughadh Diarmatta mic Sefraidh Ui Fhlannagáin do chor ina ionadh d'ecc.

  11. Diuice de Iorc do thecht i n-Erinn co n-onóir mhóir, ⁊ iarladha Ereann do thecht ina theach, ⁊ Gaoidhil leithimil Midhe, ⁊ a breith fęin do mhartaibh do thabhairt dó dochum a chistinighe.

 p.966
M1450
  1. AOIS CRIOST, 1450.

    Aoís Criost, míle, cethre ched caoccatt.

  2. Airdepscop Condacht, .i. mac an Pęrsúin mic Mic Seóinín Búrc do écc i n-Gaillimh.

  3. Piarrus Mhag Uidhir epscop Clochair d'écc i c-Claoíninis, ⁊ a adhnacal i l-Lios Gabhail.

  4. An t-epscop Ua Gallcobhair d'écc.

  5. Abb Essa Ruaidh, .i. Émann, d'écc.

  6. Conchobhar Ua Domhnaill tanaisi Tire Conaill d'écc.

  7. Niocolas Ua Flannagáin pearsún Daimh-Insi d'écc i Róimh iar n-dol do dénamh turais.

  8. Mág Uidhir Tomás mac Tomáis mic Pilib na Tuaighe do dhul dia oilithre don Róimh, h-i cind sechtmaine iarttain tainicc Donnchadh Dúnchadhach Mac athar do Mag Uidhir, .i. Tomas Occ, do soighidh Cathail mic Meg Uidhir gur ro ghabh é ina ionad (no ina thigh) féin h-i c-Cnuc Nindidh. Rucc leis é cona chrech go Gort an Fhędáin, ⁊ ro mharbh ann sin é. Do-chuaidh iaromh co Teallach n-Dúncadha h-i c-coccadh ar Emann ⁊ ar Dhonnchadh Mag Uidhir. Tainicc tra h-i cind ree iar sin, Donnchadh Dúncadhach i c-coinne do soighidh EmainnDonnchaidh, ⁊ do-rónsat sith re aroile, ar a aoí ro gabh Emann fá dheóidh Donnchadh Dúnchadhach h-i n-Gabhal Liúin, ⁊ do-rad lais é go h-Achadh Urchair, ⁊ ro bęn cos ⁊ lamh dhe i n-dioghail marbhtha Cathail.

  9.  p.968
  10. Muirchęrtach Ua Flannagáin taoíseach Tuaithe Ratha do dhul dia oilithri don Róimh, ⁊ a écc iar m-buaidh n-aithrighe, ⁊ a dearbrathair Corbmac do gabail a ionaidh.

  11. Slóigheadh do dhenomh lá Hénrí O Néill lá h-Art Ua Neill, ⁊ lá mac Eoghain Uí Neill h-i t-Trian Congail do congnamh lé Mac Uidhilín.

  12. Niall mac Enrí mic Eoghain do dul ar creich ar Muirceartach mac Ui Neill Buidhe, ⁊ ro ghabhsat gabhala. Mac Uí Néill BhuidheEoghan mac Briain Óig Ui Néill do bręith ar Niall, ⁊ sraoídh for a mhuintir. Do-rad Eoghan mac Briain Óig mic Briain Mhóir mic Enri Aimréidh da forgamh dia shleigh for Niall gur bhó marbh de, ⁊ ro h-adhnaiceadh i n-Ard Mhacha co n-onóir mhóir.

  13. Síth do dhenamh do Sheaan mac Eoghain Ui Raghailligh ⁊ do Domnall Bhán Ua Raghailligh re aroile, ⁊ Fęrghal mac Tomais Mhoir do chor a tighearnas, ⁊ an Breifne uile do bęith ag Seaan mac Eoghain, ⁊ Fearghal do ghabhail tuarustail uadha.

  14. Tadhg mac Pilib mic Tomais Mhég Uidhir do mharbhadh la cloinn Corbmaic Mec Samradhain, ⁊ a adhnacal i l-Lios Gabhail.

  15. Andreas mac Giolla Criost Uí Droma saoí eagnaidh craibhdheach d'ecc iar d-tionntúdh ó Roimh.

  16. O Caiside Cúile, Tadhg mac Ióseph ollamh Fear Manach le leighęs d'écc.

  17. O h-Uigind, .i. Tuathal priomh-oide aosa dána Ereann do ég do ghalar obann.

  18. Oirgne móra do dhenomh lá mac Meg Eochagáin for Ghallaibh uair ro creachloisc  p.970 Raith Guaire, Cill Lucain, Baile Portel, Baile na n-Gall Oirghiallach, ⁊ Cill Bicsighe. Ro gabhadh Cairpre mac Laoighsigh mic Rossa, ⁊ ro marbadh dá mac mic Teabóid Mec Hoibert lais ar an c-cogadh-sin. Ro marbhadh beós Brian mac Laoighsigh mic Rossa lais i m-Baile Mhór Locha Semhdighe. Acht chęna bá dírímh in ro milleadh lais don coccadh-sin. Tangadar Goill MidheDiúice de Iorc, ⁊ bratach an rígh conige an Muilęnn Cearr, ⁊ tainicc mac Mhég Eochagáin marcsluagh mór edighthe co Bél Atha Glas arnárach h-i c-coinne Gall conidh í comairle do-rónsat Gaill aind-sidhe sídh do dhenamh fris, ⁊ ro maithsęt dó uile a n-dearna forra do chionn síodha d'faghail uaidh.

  19. Dondchadh O Gallcubhair comorba Adhamnáin d'ecc.

M1451
  1. AOIS CRIOST, 1451.

    Aois Criost, mile, cethre ched, cáoccatt, a h-áon.

  2. Remann mac Uilliam Mec Fheórais do écc for sligeadh na Romha iar n-gnoucchadh epscopoide Tuama.

  3. Mainistir an Cabháin do losccadh.

  4.  p.972
  5. Mairgrécc inghęn Ui Chęrbhaill (Tadhg) bęn Ui Conchobhair Fhailgigh (an Calbhach) bęn as fęrr baoí ina h-aimsir i n-Erinn uair as í tucc gairm enigh fá dhó i n-aoín-bliadhain do lucht iarrata neth d'écc iar m-buaidh ongtha ⁊ aithrighe iar m-breith bhuadha ó domhan ⁊ o deaman. Fedhlimidh Ua Concobhair mac An Chalbhaigh, ⁊ na Mairgrege cédna ádhbhar tighearna Ua f-Failghe fęr bá mór ainm ⁊ oirdearcus d'écc iar m-bęith h-i serg-galair fri ré fhoda roimhe-sin, ⁊ ní bhaoí acht aon-oidhche eitir a n-ég-sidhe.

  6. Murchadh Ua Madadhain tighearna Síl n-Anmchadha fęr bá coimsighe ara duthaigh fęin, ⁊ do ba crodha lamh, ⁊ bá fearr smacht do écc.

  7. Ruaidhri mac Maoil Mordha Riabhaigh Ui Concobhair do écc.

  8. Eoghan mac Concobhair Mec Gille Fhinnén mac toisigh Muintire PeódachainGiolla Patraicc Buidhe Mac Gille Fhinnéin do mharbhadh la Con Connacht mac Seaain mic Con Connacht Mhég Uidhir an .6. id febru.

  9.  p.974
  10. Coccadh mór ag Maineachaibh, ⁊ ó Conchobhair Donn do dhul do chosnamh Uí Cheallaigh, ⁊ tuc a mhac ⁊ dias braghad oile dó i n-geall ré fiche marg do greass, .i. cęithre marg dhécc fearainn na Síthe fuarattar Mainigh h-i c-ceannach o Thoirrdhealbhach Ócc riasan tan-sin, ⁊ tuc Aodh Ua Concobhair sin isteach, ⁊ sé mharcc oile for Mag Eocagáin don cogadh sin, ⁊ do cosain sé Ua Ceallaigh don cur-sin.

  11. Caislén Coradh Finne do denomh lá Mac Uilliam Cloinni Ricaird.

  12. Cathal Dubh mac Tomaltaigh Óig Mec Donnchaidh do marbhadh.

  13. Cathal mac Briain Mec Donnchaidh do mharbhaidh lá Brian fęin do urchur do scín, ⁊ sé occa shárucchadh fó a comairge.

  14. Trí meic Maoileachlainn Ui Bhirn Tadhg, Uilliam, ⁊ Donnchadh do marbhad h-i c-Cluain Creamha i n-aon-uair lá Sliocht Maoíleachlainn Még Raghnaill, ⁊ lá Domhnall mac Briain Ui Bhirn.

  15. Creach lá Fedhlimidh Ua Concobhair for Ua n-Gadhra, ⁊ creach lá h-Ua n-Gadhra for lucht Baile Mhóir h-Uí Fhloinn.

  16. Diarmaid mac Taidhg mic Corbmaic Meg Carrtaigh do mharbhadh. Diarmaid mac Uí Suilleabháin Mhóir do mharbhadh ina dhioghail-sidhe.

  17. Cathal Ruadh mac Cathail Duibh Ui Conchobhair do écc.

  18. Giolla Padraicc Óg Ó Fialan saoí fhir dhána d'écc.

 p.976
M1452
  1. AOIS CRIOST, 1452.

    Aoís Criost, mile, cethre ched, caogatt, a dó.

  2. Neachtain Ua Domhnaill (.i. mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona) tighearna Tíre Conaill, Cenel Moáin, Innsi h-Eoghain ⁊ na c-coiccrioch c-comhfogus, fęr crodha cosantach, ceinnlitir siodha ⁊ coccaidh an tuaisceirt do mharbhadh le cloinn Neill Uí Domhnaill a dhęrbráthair i n-dubhrur oidhce Féile Brenainn do sonnradh uair ro iondarb-somh an chlann-sin Néill a Tír Conaill riasan tan-sin .i. DomhnallAodh Ruadh. Seascca bliadan ba slan do Nechtain an tan do chęr.

  3. Ro éirigh comhfhuachadh coccaidh ⁊ ęsaonta anbfoill eitir Domhnall mac Neill GairbhRudhraighe mac Neachtain Uí Domhnaill im thighęrnus Thíre Conaill, gur ro męsccbuaidhreadh an tír ętorra, go m-batar cairde, ⁊ comhaęntaidh cechtar nae aca ag foghail, ⁊ acc díbearg for aroile. Do-ronadh marbhadh ⁊ mudhadhadh daęine, airgthe ⁊ creacha iolarda ętorra adiú ⁊ anall.

  4. Slóigheadh lá h-Ua Néill (Eoghan) isna Feadhaibh do choccadh ar Gallaibh Machaire Oirghiall, ⁊ Mag Uidhir do dol for an slóiccheadh-sin. Mac Uí Néill, .i. Eoghan Óg Ó Néill, ⁊ muintir Mhég Uidhir do dhul for creich ar Gallaibh co Cloich an Bodaigh ⁊ an creach do tabairt leó dia longport. Goill ⁊ muintir Mhég Mhathgamna ⁊ a bhraithri dia lęnmain h-i toraigheacht go rangattar an longport. Ua NéillMag Uidhir cona muintir do eirghe ina n-aghaidh. Ro figheadh ęrgal ętorra ⁊ ro marbhadh Mac Domhnaill Gallocclach, .i. Somairle Mor co sochaidhibh iomdhaibh immaille fris, ⁊ ro gabhadh araill don t-slógh. O Neill do shódhadh  p.978 dia longport an oidhche-sin co b-feircc mhóir. Enrí a mac (iarna cluinsin sin) do thocht ina dháil. Tainicc Mág Mathghamhna iaromh h-i c-cęnn Ui Néill, ⁊ a cloinne, do-ronsat síth re aroile, ⁊ do-radadh éraic a eas-onora d'Ua Neill lá taobh Érca Mec Domhnaill.

  5. Iarla Urmumhaniustis ná h-Éreann do briseadh caisléin Uaithne for Concobhar Ua Maoil Riaain, ⁊ do gabhail caisléin Leige for Uibh Diomusaigh co t-tuccsat cęd slighe dhó co h-Airem, do bhuain mic Mec Fheórais amach do bhaoí i l-laimh ann. Ro loisc Airem iar sin. Do-chóidh aissidhe i n-Uibh Failghe, ⁊ tainicc Ua Concobhair ina theagh chuige i n-geall ré mac Mec Fheórais do légheadh amach. Aissidhe isin Anghaile co t-tainig Ua Feargail ina teach, ⁊ gur ro gheall naoi f-fichit mart do cionn a síodha. Do-dheachadar dibhlinibh go Magh m-Bręgmhaine, ⁊ ro briseadh caislén Barrcha leó, ⁊ ro mhillsęt urmhór a n-arbhann. Luidh aissidhe go Fabhar, ⁊ aisidhe co Magh Maine. Tangatar Muintir Ragallaigh ina theagh ⁊ tucsat a riar dhó. Aissidhe go Machaire Airghiall co t-tucsat Még Mathgamhna  p.980 a riar dhó. Do-chóidh iaromh h-i c-coinne Cloinne Néill, ⁊ tuc ar Énrí Ua Neill ingean Mec Uilliam Búrc do bhaoí ina mnaoí aige iar n-ég Ui Domhnaill a fir fęin do cor uadha, ⁊ a bhęn phósda fęin do thabhairt chuige doridhisi, .i. inghean Mec Murchadha, ⁊ derbhsęthar an iarla budhdhéin. Do-chóidh aissidhe co Baile Atha Fhirdhiadh Mic Damháin ⁊ at-bath annsin eitir da Fhéil Muire iar n-dénamh na siubhal-sin uile in aon-lęthráithi amháin.

  6. Inghęn iarla Cille Dara condaois Urmumhan do écc tri sęchtmaine ria n-écc a fir an iarla remhráite.

  7. Síth GallGaoidheal do dhul ar c-culaibh iar n-écc an iarla, ⁊ iustis do denamh do Sir Edbard Iusdás.

  8. Mór inghean Uí Concobhair Failge bęn Mec Uilliam Cloinne Ricaird do ecc do easgar.

  9. Dearbairdhi iongnadh do thęcht in bliadhain-so seal riasan iarla do écc, .i. fedh mhíle do traghadh d'abhainn Life.

  10. Sęan Mac Donnchaidh lęth-toiseach Ua n-Oilealla d'écc.

  11. Tadhg mac Diarmada Ruaidh Ui Concobhair Duinn d'écc.

  12. Toirrdhealbhach Ruadh mac Briain Bhallaigh Ui Concobhair, ⁊ Toirrdhealbhac mac Taidhg mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Concobhair, ⁊ Hainri Crumthaind mac Uilliam Mec Dauid do mharbhadh for Coirrsliabh na Sęgsa lá sluagh Cloinne Donnchaidh h-i samradh na bliadhna-so.

  13. Dauidh Ua Mórdha mac tighearna Laoighisi do mharbhadh lá h-easgur.

  14.  p.982
  15. Cathal mac Uilliam mic Sęain mic Domhnaill Ui Fheargail do marbhadh d'urchar ga iar loscadh Fobhair leó.

  16. Giolla na Naomh mac Aodha Uí Ainlidhe tighearna Cenel Dobhta do ég h-i c-Cluain Coirpthi iarná bęith edh cian dall innte iar t-tregeadh a tighearnais dó.

  17. Lochlainn Ócc Ua h-Ainlidhi taoisech Chenél Dobhta do marbhadh i meabhail for crannóig Locha Lesi lá mac Murchaidh mic Giolla na Naomh Ui áinlidhi, ⁊ la mac Uaitne mic Giolla na Naęmh, iarna brath da muintir fęin ⁊ la Domhnall Carrach Ua Maoil Brighde ⁊ a mhac, ⁊ Tomas mac Giollchrosaigh Uí Maoil Brighdetaoíseach do dhénamh do Ruaidhri Bhuidhe mac Giolla na Naomh, ⁊ an triar maor sin dá muintir fęin do fheall for Lochlainn, ro crochadh iat lásan Ruaidhri sin ina míghníomh.

  18. Tęgh Munna do creachlosgadh lá Fęrghal Mhág Eochagáin.

  19. Mág Carthaigh Riabhach (.i. Donnchadh) tighearna Ua c-Cairpre d'écc, ⁊ Diarmaid an Dúnadh do óirdneadh 'na ionadh.

  20. Brian mac an Chalbhaigh Uí ChonchobhairMairgrege do mharbhadh lá h-easgar.

  21. Fearghal Ruadh Occ mac Fearghail Ruaidh mic Fearghail Ruaidh mic Donnchaidh mic Muirceartaigh Mhóir Mhécc Eochagáin cęnd fędhna bá mór clú ⁊ alladh ina aimsir do mharbhadh lá mac barúin Dealbhna, ⁊ lá cloinn mhac Piarais Dalatún h-i Cruach Abhall, ⁊ a dhichęndadh leó, ⁊ a chęnd do bręith h-i t-taisbénadh leo co h-Ath Truim, ⁊ co h-Ath Cliath, ⁊ a thabairt tar ais doridhisi, ⁊ a adhnacal ar aon-lia choloinn i n-Durmhagh Colaim Chille.

  22. Maoleachlainn mac Ioraird Uí Mhaoil Chonaire do écc do ghalar medhóin lá Féle Michíl Dia h-Aoine do sonnradh.

  23.  p.984
  24. Ua Cobthaigh, .i. Aodh mac an Clasaigh saoí lé dán ⁊ le tighędhus do écc don pláigh h-i Fęraibh Tulach.

  25. Cú Chonnacht Ua FialáinGiolla Íosa Ua Fialán d'écc.

  26. Ua Duibhgennan Baile Cailleadh Foghair, .i. Magnus mac Maoileachlainn Ruaidh d'ég.

  27. Aedh mac Aedha Óig mic Aodha mic Pilib na Tuaighe Mhég Uidir do mharbhadh h-i c-caislén Uí Ruairc (.i. Tighearnan mac Taidhg mic Tighearnáin) lá Brian mac Donnchaidh mic Aodha Mhég Uidhir, an .ui. idus April.

  28. Concobhar Mac Gille Fhinnéin taoiseach Mhuintire Pheódacháin d'écc an .uí. Callainn April.

M1453
  1. AOIS CRIOST, 1453.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, caoccatt, a tri.

  2. Mag Mathghamhna Aodh Ruadh mac Rudhraighe, fęr condail craibhdheach go n-eineach go n-aithne ⁊ go n-eolus ar gach n-ealadhain go n-ęngnamh, ⁊ co n-oirbeart  p.986 d'écc oidhche chásg ina tigh fęin isin Lurgain, ⁊ a adhnacal h-i c-Cluain Eoais, ⁊ Fedhlimidh mac Briain Mhégh Mathghamhna do oirdneadh ina ionadh for Oirghiallaibh.

  3. Corbmac mac an Ghiolla Duibh mic Aodha mic Pilib mic Duinn Charraigh Mhég Uidhir d'ég an. 16. Callainn Iul.

  4. Ruaidhri mac Aodha Ui Concobhair do mharbhadh la mac Sęain A Búrc i Conmaicne Dúin Móir.

  5. Ruaidhri mac Cathail mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do écc h-i c-caislén Rosa Commáin.

  6. Muircęrtach mac Eoghain mic Domhnaill Uí Concobhair do mharbhadh lá a bhraithribh fęin, DomhnallCathal.

  7. Eoghan mac Domhnaill Bháin Ui Raighilligh, ⁊ Pilib mac Seaain Uí Raighilligh do écc. Emann mac Toirrdhealbhaigh Uí Raighilligh do mharbhadh lá Gallaibh.

  8. Maidhm dearmhair for Cloinn Aodha Buidhe Uí Néill i n-Ard GlaisseSabhaoíseachaibh, ⁊ lá Gallaibh Atha Cliath do-dheachaidh loingęs lán-mhór forsan b-fairrge budh thuaidh i n-deadhaidh loingis coccaidh do Briotáineachaibh lér sladadh loingeas Atha Cliath, ⁊ lér gabhadh aird-epscop Atha Cliath bheós. Do-rala Enri mac Uí Néill Buidhe ainn-sidhe i n-Ard Glaisi for a c-cionn, ⁊ ro gabhadh é lá Gallaibh. Ro marbhadh Cu Uladh mac Cathbhairr Meg Aonghusa adhbhar tighearna Ua n-Eachdhach annsin, ⁊ Aodh Mag Aonghusa, ⁊ Mac Airten, ⁊ ceithri cind fheadhna dhécc don Rúta imáraon riú. Ro bí a n-easbaidh uile fiche ar chúicc cedaibh.

  9. Brian mac Concobhair Mec Donnchaidh do gabhail toísighechta Ua n-Oilealla, ⁊ Tadhg Mac Donnchaidh do thrégeadh dia chairdibh budhdhéin.

 p.988
M1454
  1. AOIS CRIOST, 1454.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, caocat a cęthair.

  2. Domhnall mac Neill Gairbh Uí Domhnaill do oirdneadh h-i tighearnus Chenél c-Conaill i n-aghaidh Uí Dhomhnaill (Rudhraighe mac Neachtain), ⁊ nír bo cian iar sin go ro gabhadh an Domhnall hi-sin la h-Ua n-Dochartaigh tria thangnacht ina thigh fęin, ⁊ ro chuir dia iomchoimhętt é h-i c-caislén Innsi. O ro clos la Rudhraighe anní-sin do-ronadh tionól slóigh laisidhe. Tainicc Ua Cathain, ⁊ Mac Uidhilín, go lion a sochraitte ina dhochum, ⁊ ní ro ansat go ro ghabhsat occ toghail an bhaile i m-buí Domhnall co n-uathadh ina fharradh occa choimętt im Chathal Ua n-Duibhdiorma. Ro loiscceadh comhla ⁊ dorus an chaislęin la Rudhraighe cona slógh, ⁊ ro dhęrcclas an staighre. Ba doigh la Domhnall cona baoí do saogal occa, acht ędh friss a roisseadh an slogh inunn isin m-baile, ⁊ ro chuindigh (amail bidh ath-chuingidh fri bás) a légeadh a gęimheal ar ro budh meabhail lais a marbadh h-i forcoimead, ⁊ h-i c-cuibhreach. Do-ronadh fair-siumh indsin, ar ro lęicceadh amach as a gęimhel é, ⁊ do-choidh iaromh for taibhlibh an bhaile do mhidemain an t-slóigh uada. At-conairc Rudhraidhe frith-roscc foa occ anmhain fris an lasair do traothadh do dhol istęgh do mhududhadh Domhnaill. Gebaidh Domhnall dna liacc-chloich lan-mhoir fria ais, ⁊ no-s-lęiccęnn uadh go h-indel-díreach ar amus Rudhraidhe gur ro bhęn h-i c-cír a cathbhairr, ⁊ h-i c-cléthe a chęndmullaigh dó co n-dearna brúireach dia chind gur bo marbh fo chédóir. Ro meabhaidh iaramh dia slógh iarna marbhadh, ⁊ tarraidh Domhnall a anam ⁊ tighearnus Tire Conuill don urchor-sin.

  3. Domhnall mac Seaain Ui Raigillig d'écc.

  4. Seaan Buidhe, ⁊ Giolla Patraicc clann Amlaoibh mic Duinn Charraigh Mhég Uidhir do mharbhadh h-i fell lá Niall mac Corbmaic mic an Giolla Duibh mic Aodha  p.990 (o t-tát Sliocht Aodha Cloinne h-Amhlaoíbh) mic Amhlaoibh mic Pilib mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh ⁊c.

  5. Brian Mac Donnchaidh taoíseach Thíre h-Oilealla do écc isin Aoíne ria Callainn Ianuari, ⁊ a adhnacal i Mainistir Sliccigh iar n-ongadh, ⁊ iar n-aithrighe diongmhala.

  6. Aodh mac Néill Ui Maoíl Mhuaidh tighearna Fear c-Ceall do écc, ⁊ a mhac Cú Choiccriche do ghabháil a ionaid. Cú Coiccriche cona shochraide do dhul i n-airthear Fear c-Ceall i n-aghaidh Theabóid Ui Mhaoíl Mhuaidh baoí occ iarraidh toisighechta dó fęin, ⁊ creacha móra do ghabháil dóibh, ⁊ Teabóid do fágbháil a dhaingin ⁊ a bhó fúthaibh, ⁊ an sluagh do imthecht lá a n-édalaibh, ⁊ mac Uí Mhaoíl Mhuaidh do fhagbháil in uathadh slóigh i n-deóidh na c-creach. Teapóit, ⁊ clann Aodha Buidhe Még Eochagáin ⁊ h-Uí Riacáin do lęnmhain na c-creach, ⁊ rugsat for mac Uí Mhaoíl Mhuaidh i n-ucht móna, ⁊ ro marbhadh é annsin, ⁊ drong oile immaille fris. Ro gabhsat Tadhg Ua Cearbhaill. Do-radadh toisighecht do Theabóit ⁊ do mac mic an Cosnamhaigh Uí Maoíl Mhuaidh i n-aghaidh aroile.

  7. Ua Domhnalláin Flann mac Corbmaic d'écc.

  8. Dúnadhach mac Cathail Uí Madadháin do mharbhadh la cloinn Uilliam Ui Cheallaigh.

  9. Sir Édbhard Iustas, Iustís na h-Ereann d'écc, ⁊ iarlacht Cille Dara do gabhail do mac Seaain Caim mic an iarla, ⁊ Iustis do dhénamh dhe iar n-écc Sir Édbhard Iúsdás.

  10. Ua Brain do mharbhadh i meabhail lá mac a dearbrathar fęin ag fágbáil Cille Mantain.

  11.  p.992
  12. Fęrgal Ruadh Mhag Eochagáin do thrégeadh a thighearnais, ⁊ a dhul go Durmagh Colaim Chille iar n-díth a radhairc, ⁊ Niall Mag Eochagán do ghabháil a ionaid.

  13. Toirrdhealbhach Dall mac Toirrdhealbhaigh Óig Uí Conchobhair do écc do ghalar aithghearr.

  14. Toirrdhealbhac mac Muirchęrtaigh mic Aodha Uí Concobhair do mharbhadh la Cloinn Ceithęrnaigh.

M1455
  1. AOIS CRIOST, 1455.

    Aoís Criost, míle, cethri chéd, caoccatt, a cúicc.

  2. Tomas Ua Cairnén prióir Atha Luain ceann eagna ⁊ eolusa Connacht ina aimsir d'écc.

  3. Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muirceartaigh tighearna Slighigh d'écc.

  4. Cathaoír mac Murchaidh Ui Concobhair Failgigh do mharbhadh lá Tadhg mac an Calbhaigh Uí ConcobhairCuilén Ua Diomusaigh do mharbhadh lais isin ló chédna.

  5. Cumhscrach mac Concobhair Ui Raighilligh d'écc.

  6. Coccadh d'éirghe etir Pilip mac Tomáis Még Uidhir adhbar ticcęrna Fhęr Manach, ⁊ Mág Samhradhain. Pilip do dhenamh fhoslongpuirt acc Bęinn Eachlabhra, ⁊ clann Pilip (Briain, ⁊ Toirrdhealbhach) do dhol da fhęr décc ar eachaibh,  p.994moirsęisear ar fhichit dia c c-cois. Ro loisccsęt-sidhe Baile Mhég Samhradhain, ⁊ ermhor an tíre, marbhait Maoileachlainn Dubh Mac Samhradháin, ⁊ drong mor dia muintir, ⁊ soait iar m-buaidh dia t-tighibh.

  7. Toirrdhealbhach mac Pilip Meg Uidir do dhol go Loch Melge, ⁊ crannócc baoí ag Mág Flannchaidh do gabhail, ⁊ a h-arccain lais.

  8. Eoghan Ua Neill do chumsccuccadh as a fhlaithęs la a mhac fęin Enri mac Eoghain.

  9. Comarba Patraicc, Mág Uidhir, Mág Mathgamhna, Ó Cathain, ⁊ clanna Neill uile do dol la Henri mac Eocchain mic Neill Óicc co Tulach Ócc dia oirdneadh ⁊ ro ghoirsęt Ó Neill de amhail ro badh díor.

  10. Enri mac Uí Neill Bhuidhe do thocht as a ghęimhel o Ghallaibh.

  11. Caislén Átha Luain do ghabhail for Ghalloibh iarna brath do mhnaoí boí ann.

  12. Caislén na Sraide do briseadh la h-Ua f-Fęrghail, ⁊ mac Mhec Hoirbert do marbhadh lais acc gabhail, an chaisléin.

  13. Maol Ruanaidh mac Concobair mic Cathail Ruaidh Még Raghnaill d'écc.

  14. Seffraidh mac Murchaidh Oicc mic Murchadha Móir, mec Catail ticcęrna Cloinne Aodha an t-Slebhe d'écc.

  15. Eocchan mac Diarmata Ruaidh ticcęrna na c-Coillteadh do mharbhadh la a dęirbhfhine.

  16. Maine mac Maoilechlainn Még Caba, adbar consapail an da Breifne, Airghiall, ⁊ Fęr Manach d'écc.

  17. O Caiside Cúile, .i. Diarmait Ruadh mac Neill Ruaidh do écc.

 p.996
M1456
  1. AOIS CRIOST, 1456.

    Aois Criost, mile, cethre céd, caocca, a se.

  2. O Néll, Eoghan, mac Neill Óicc, mic Neill Móir d'écc.

  3. Coccadh mór eitir Domhnall mac Neill Ghairbh tighearna Thíre Conaill, ⁊ Ó Neill Énrí iar n-ionnarbadh cloinne Neachtain Uí Dhomhnaill lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír Eoghain. Tainicc tra Ó NéillMag Uidhir lá cloinn Neachtain h-i n-Inis Eoghain, ⁊ ní ro ansat gur ro ghabhsat longport i comfhochraibh Cúile Meic an Treóin. An tan ad-clos lá h-Ua n-Domhnaill anní-sin do-chóidh-sidhe, ⁊ Aodh Ruadh a dearbhrathair, ⁊ mac Mec Suibhne Fanad (Maol Muire) for a n-eachaibh go tinneasnach gan aoín-neach oile ina b-farradh acht iatt budhdéin ina t-triúr do chor bardadh h-i c-caislén Cuile Meic an Treóin ar cionn an t-slóigh mhóir sin ro thairringsęt clann Neachtain. Iar b-fagbháil an baile dó Domhnaill co na bęg buidhin ad-conncadar an sluagh naile radharc forra, ⁊ léigid ina n-deóidh amail as déine con-rangatar, ⁊ iar m-breith forra ní ro damhadh fír fęr ná comhlann fó coimhlíon dóibh acht ro chinn an t-iolar ar uathadh gur ro marbhadh Ó Domhnaill, Domhnall mac Neill Ghairbh annsin (.i. an. 18. do Mai Dia h-Aoíne do shonnradh), ⁊ ro gabhadh Aodh Ruadh ⁊ mac Mec Suibhne, ⁊ ro ghabh Toirrdhealbhach Cairbreach mac Neachtain tighearnus Tire Conaill.

  4. Fęrghal mac Concobair Mec Diarmada tanaisi Maighe Luirg, ⁊ Lasairfhiona inghęn an Fhęrghail chédna bęn Cairpre Uí Chonchobhair d'écc.

M1457
  1. AOIS CRIOST, 1457.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, coeccatt, a Seacht.

  2. Brian mac Pilib na Tuaighe Mhég Uidir mac tighearna Fear Manach d'écc iar m-buaidh ongtha ⁊ aithrighe.

  3. Coccadh eitir Mhág Uidhir ⁊ clann Rudhraighe Meg Mathghamhna. Mag Uidhir do thionol a thíre do dhul in Oirghiallaibh. Ar ná cluinsin sin do cloinn Meg  p.998 Mathgamhna do-chóidhsęt cona m-buar ina n-daingnighthibh, .i. ar an Eoghanaigh ⁊ fá Sliabh Mughdorn. Téd iaromh Mág UidhirPilip i n-Dartraighe Coin-Insi, ⁊ ó nach ruccsat ar chreachaibh, ro loisgsęt Dartraighe uile, ⁊ baile Eoghain mic Rudhraigh Meg Mathghamhna, .i. Lios na n-Gabhar, ⁊ tangattar dia t-tighibh iar sin.

  4. Pilib mac Tomáis Mhég Uidhir, ⁊ a chlann do dhol slóigheadh i m-Breifne Uí Ruairc, ⁊ ro cuir Ó Ruairc a bhuar ar daingnighthibh an tíre rempa. Do-chóidh tra Pilib go baile Uí Ruairc. Ro loiscceadh an baile ⁊ an tír uile ar chęna lais, rug Ua Ruairc ar Philib, ⁊ ro ficheadh iomaireacc ętorra, ⁊ torchair Tighearnán mac Taidhg Uí Ruairc, ⁊ mac Maghnusa Grumaigh mic Cathail Bhuidhir Ui Ruairc, ⁊ sochaidhe oile cénmothát lá Fęraibh Manach don chur-sin.

  5. Brian mac Muirceartaigh Óicc Ui Fearghail tighearna Cloinne h-Amhlaoibh Ui Fearghail d'écc.

 p.1000
M1458
  1. AOIS CRIOST, 1458.

    Aoís Criost, míle, ceithre chéd, coeccatt, a h-ochtt.

  2. Teampall Achaidh Beithe go n-iomad do leabhraibh dęrscaighthe do losccadh ann ón óifficel, .i. Niall mac Mec Craith Mhec Mathgamna.

  3. Sluaigheadh lá h-Ua n-Domhnaill Toirrdealbhach Cairbreach, ⁊ tainicc Ua Néill Enrí dia chommoradh. Rangattar cétus co h-Iochtar Chonnacht lotar iaromh don Bhrefne. Ro milleadh ⁊ ro loiscceadh leó o sliabh siar, ⁊ ro loiscceadh baile Uí Ruairc Druim Dhá Ethiar, ⁊ ro gabhsat braighde Iochtair Chonnacht, ⁊ do radadh i l-laimh Uí Domhnaill iatt. Tangattar iaromh dia t-tighibh.

  4. O Conchobhair Failghe, an Calbhach Mór mac Murchaidh na Madhmann tighearna Ua b-Failghe uile fear nár dhiúlt re drech n-duine tighearna (do Laighnibh) as mó fuair do chomthaibh ó Ghallaibh, ⁊ o Ghaoidhealaibh nó bítís ina aghaidh do écc, ⁊ Conn O Conchobhair a mac fęin do óirdneadh ina ionadh riasiú ro h-adhnaiceadh esium i c-Cill Achaidh.

  5. Ua Ruairc, .i. Lochlainn mac Taidhg leth-tighearna na Breifne d'écc.

  6. Art Ó Néill mac Eoghain mic Neill Óicc cęnn oinigh ⁊ eangnamha Cenél Eoghain d'écc.

  7. Mac Samhradháin Tomás mac Fęrghail d'écc.

  8. Tomaltach mac Conchobhair Mec Diarmada tighearna Maighe Luircc, AirtighTire Tuathail, et cetera, fechęmh coitchęnd do dhamhaibh Ereann fear toirbearta móir d'amhsaibh ⁊ d'aos tuarusdail do écc adhaigh fele Patholáin, ⁊ a mac  p.1002 d'iongmhala Cathal Mac Diarmada do écc coicthidhis riasan tan- sin, ⁊ a n-adhnacal dibhlínibh i mainistir na Búille. Aedh mac Concobhair Mec Diarmada do ghabháil ionaidh Tomaltaigh.

  9. Sefraidh mac Emaind mic Tomáis Ui Fearghail do mharbadh lá Sęan mac Domhnaill Mic Seaain Ui Fhęrghail, ⁊ lá cloinn Choncobhair .i. Laoighseach, et cetera.

  10. Emann A Búrc tighearna Gall Connacht, ⁊ morain dá Gaoidhealaibh aon-rogha Gall Ereann ar cruth ar dhelbh ar dhénamh ar uaisle, ar eineach ar icht, ⁊ ar fhirinne d'écc i n-deirędh na bliadhna-so.

  11. Fearghal Ruadh Mag Eochagain tighearna Cenél Fhiachach d' écc an xvii. febru.

M1459
  1. AOIS CRIOST, 1459.

    Aoís Criost, míle cęithre chéd, coeccatt, a naoi.

  2. O Briain Toirrdhealbhach tighearna Tuadhmuman d'écc.

  3. Cu Mhara Mac Con Mara do mharbhadh i mebhail.

  4. Connla Mhág Eochagáin tighearna Cenel Fhiachach do mharbhadh la mac Airt Uí Mhaoileachlainn.

  5. O Birn, Brian, toíseach Thire Briúin d'écc.

  6. Fęrgal mac Tomais Uí Raghallaigh d'écc.

  7. Maidhm mór do thabhairt lá h-iarla Cille Dara ar Ua c-Concobhair f-Failghi Conn mac An Chalbhaigh dú in ro gabhadh Conn feisin, ⁊ in ro marbhadh mac mic Uilliam Uí Cheallaigh ⁊ sochaidhe mór dia muintir.

  8. Creacha Chineóil DuacháinBrian mac Pilib mic Tomas Mhég Uidhir.

  9. Creacha Maighe Slécht do dhénomh la Mág Uidhir Tomas Occ, ⁊ Baile Mec Samhradhain do losccadh lais don turus-sin.

  10.  p.1004
  11. Glaisne mac Concobhair Uí Raghallaigh do marbhadh lá cloinn Rudhraighe Mhég Mathgamhna.

  12. O Neill Enrí mac Eoghain do tabhairt slóigh Gall lais co caislén na h-Oghmhaighe dia gabhail ar cloinn Airt Ui Neill, ⁊ sidh do dhenamh dhoibh ré aroile.

  13. Sęan Cam mac Con Uladh Mec an Bhaird d'ecc.

  14. Ua Cúirnin, Maghnus, ollamh Uí Ruairc lé Seancus d'écc.

  15. Maol Maire Ua Cianáin adhbhar suadh lé seanchus ⁊ lé dan d'écc.

  16. Muircęrtach Ua Dálaigh saoí lé dan d'écc.

M1460
  1. AOIS CRIOST, 1460.

    Aoís Criost, míle, cęithre chéd, Seasccatt.

  2. Mainestir na Maighne h-i Tír Amalgadha i n-epscopoitecht Cille h-Aladh i c-Connachtaibh do thógbhail la Mac Uilliam Burc ar impidhe Nehemias Uí Donnchadha an ced biocaire prouinsi baoí i n-Erind ag ord .S. Franseis don Obseruantia.

  3. An t-epscob O Briain, epscop Chille Da Lua do mharbhadh lá Brian an Choblaigh mic Donnchaidh mic Mathghamhna Uí Bhriain i n-Inis Cluana Ramhfhoda.

  4. Ruaidhri mac Maghnusa Uí Mocháin proaitsi Oile Find d'ecc.

  5. Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh Uí Dhomhnaill, ⁊ mac Mec Suibne Fánat Maol Muire do léccadh as a m-braighdęnus lá h-Ua Néill Énrí iarna m-bęith cęithri bliadhna comhlana i l-laimh occa ar ro ba dile lais clann Nechtain oldat clann Néll.

  6.  p.1006
  7. Maidhm mór do thabhairt ar Ghallaibh lá h-Ua c-Concobhair f-Failghe, Conn mac an Chalbhaigh dú i t-torchair Barún Calatromma ⁊ sochaidhi oile immaille fris.

  8. Maidhm do thabhairt lá Gallaibh for Ua Raghallaigh Seaan mac Eoghain mic Sęain mic Pilib mic Giolla Iosa Ruaidh airm in ro marbhadh é, ⁊ Aedh dearbhrathair Uí Raghallaigh, ⁊ Eoghan Caoch mac Mathghamhna Mec Caba, ⁊ drong oile génmothát. Cathal mac Eoghain do ghabháil a ionaid.

  9. Mac Samhradháin Eoghan d'écc.

  10. Ruaidhri Ballach mac Muirceartaigh Ui Concobhair d' écc.

  11. Tomás mac Tomáis A Búrc (ro budh Mac Uilliam dar éis Emainn A Búrc), d'ecc.

  12. Mac Caba Enri mac Giolla Criost do techt isin Anghaile lá h-Ua f-Fearghail, Domhnall Buidhe, ⁊ a ég do ghalar obann i Lios Aird Abla, ⁊ cęithri fichit décc galloglach co t-tuaghaibh do bęith ina timceall ogá bręith dia adhnacal don Chabhán.

  13. Mac Maghnusa Thíre Tuathail, Ruaidhri mac Eoghain Ruaidh Mec Maghnusa, sáith an tíre-sin do tighearna do mharbhadh lá Conn Ua n-Domhnaill (.i. Conn mac Nell Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona), ⁊ la Tadhg mac Taidhg Uí Ruairc ag toraigheacht creach an tíre, ⁊ rugsat na creacha leó go h-Airgęd Glind, ⁊ ro bęnsat maithe Cloinne Maghnusa na creacha dhíobh isin glind-sin iar marbhadh Mec Maghnusa.

  14. Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille, Uilliam Ua MáilleSeaan Ua Maille  p.1008 do dhol ar siubhal loingsi lá cloinn Uí Bhriain i c-Corca Bhaiscinn for Mac Mathgamhna, ⁊ a marbhadh a t-triúr riasiú rangadar a longa, ⁊ Domhnall Ua Briain do ghabháil, ⁊ Mathghamhain Ua Briain do lot ag dol do shoigidh a loinge, ⁊ a bháthadh ria rochtain na luinge h-ísin. Ro cuireadh ár a muintire don turus-sin.

  15. Brian Ua Máille do mharbhadh lá a dearbrathair Aodh Ua Maille tria iomagallamh tarla eaturra. mac Taidhg Uí Mháilli iadsidhe.

  16. Mainistir do togbail i n-Inis Arcain isin Mumain i n-epscopoittecht Ruis do braithribh .S. Franseis i n-duthaigh Uí Eittirsceóil ata Inis Arcain.

  17. Mainestir Insi Corthadh i Laighnibh i n-epscopóitecht Fęrna ar brú na h-abann dianadh ainm Sláine do thogbhail do braithribh .S. Franseis.

  18. An cęthramhadh Eduard do ríoghadh os Saxaibh .4. Marta.

M1461
  1. AOIS CRIOST, 1461.

    Aoís Criost, míle, cethre chéd, Seascat a h-aon.

  2. Felim mac Eoghain mic Néill Óicc Uí Néill d'écc do będhg saoí ar eneach ⁊ ar ęngnamh cęnn dámh ⁊ deóradh, neach as mó ro chęndaigh do dhántaibh, ⁊ ro ba mó duanaire ina aimsir d'écc iar m-breith buadha o dhomhan ⁊ deamhan.

  3. Aodh mac Toirrdhealbhaig Óig Uí Concobhair lethtighearna Connacht i n-aghaidh  p.1010 Taidhg Uí Concobhair, diol Choiccidh Connacht do rígh ar cruth ar chaoíndelbh ar chrodhacht ar choccadh ar aoidheadhcairi d'eiccsibh, ⁊ dá gach aon nó righeadh a lęs do ég i m-Baile Tobair Brighde in íd Maii, iar n-ongadh ⁊ iar n-aithrighe isin .lxiii. a aoísi, ⁊ a adhnacal i Rus Commain.

  4. Clann Neill Ghairbh Ui Domhnaill Aodh Ruadh, Conn, ⁊ Eoghan do thęglamadh líon a t-tionóil do dhul co Fanaid do soighidh mic Mec Suibne Mhaol Muire uair baoí Ua Domhnaill Toirrdhealbhach Cairpreach ag imbirt a aincridhe for mac Mec Suibhne ⁊ for Fánaid uile tria na charadradh la cloinn Neill. Badar dna clann Néill ⁊ mac Mec Suibhne ag scrudadh a c-comairle dus cionnus do-ghéndaoís a n-imdhídęn ar cloin Nechtain co n-a sochraide ar ro batar acc aithe a n-eccraidhe ⁊ a n-anfoladh forra. Iar b-fios scél d'Ua Domhnaill ⁊ do cloinn Nechtain clann Néill do dhul i Fánoit do-chóidh-sidhé co n-a bhraithribh, ⁊ co n-a thoichęstal, ⁊ go c-córuccadh Albanach baoí immaille fris ina n-diaidh go ro gabh longport i c-Cęnn Maghair do chomhaircis, ⁊ do choimhed ar cloinn Neill Uí Domhnaill, ⁊ ar Mhael Muire do bhaoi, ag dul leo as an tir ⁊ o'd-cualadar clann Neill Uí Domhnaill ⁊ muintir Fhanad sin asi comhairle do-rónsat gan an chonair do sheachna no do iomgabhail do lion slóigh no sochaidhe da m-baoi ręmpa, ⁊ o ro cindeadh for an c-comhairle-sin aca, tangatar clann Neill Uí DhomhnaillMael Muire Mac SuibneEogan Bacach Mac Suibne, ⁊ gach ar gab leo do mhuintir Fanat i c-coinne ⁊ i c-comdail Uí Dhomhnaill ⁊ cloinne Neachtain go Cęnn Mhaghair, ⁊ ó ro chomhfhoiccsigsęt dia 'roile ni ro lamsat gan ionnsoighidh a cele fobit a b-fiocha, ⁊ a b-foladh, a n-adbair, ⁊ a n-ęsaenta re aroile gó sin. Tucsat troid ⁊ tachar dioghair dasachtach dia 'roile annsin go raoímheadh for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach Cairbreach, ⁊ ar chloinn Nechtain, ⁊ ro gabhadh Ua Domhnaill. Ro marbhadh Maghnus a dearbrathair co sochaidhibh oile immaille fris, ⁊ ro h-iomscothadh Toirrdealbhach Cairbreach iar t-tain. Tangatar na  p.1012 maithe-sin iarsan maidm-si Cinn Maghair go Cill Mec Nenain, ⁊ do gairędh tighearna d'Aedh Ruadh mac Neill Gairb amail ro ba dir ⁊ do gair O Domhnaill .i. Aed Ruadh Mac Suibne Fanat do Mael Muire Mac Suibne.

  5. Magnus mac Briain mic Domhnaill mic Muircertaigh tighearna Cairbre d'ecc.

  6. Mac Cathmaoil .i. Brian tighearna Cenél Fęradhaigh d'ecc ⁊ tighęrna do dhenamh d'Eogan Mac Cathmhaoil.

  7. Fearghal Ua Gadhra tanaisi Cuile O f-Finn do marbhadh la Mac Goisdelbhaigh.

  8. An deccanach Ua Maoil Eoin saoi Erenn uile d'ecc i c-Cluain Muc Nois mic Fiodhaigh.

  9. Aongas Mag Craith saoi le dan, Niall Occ Ó h-Uiccinn, ⁊ Niall mac Feargail Ui Uiccinn d'ecc.

  10. Matgamhain mac Uilliam Uí Fęrgail d'ecc.

  11. Uilliam Ua Flannaccain Saccart ⁊ cananach coradh i n-Oil Finn d'ecc.

  12. Feidlim Fionn Ua Concobhair do gabail dia braithrib fęin .i. cloinn Briain  p.1014 Ballaigh, ⁊ do Ruaidhri mac Ui Concobair Duinn a t-tus na bliadhna-sa gur fas coccadh ⁊ commbuaidreadh a Siol Muireadhaigh d' ęis na n-gabala-sin, ⁊ ro gabadh Tadhg Ua Concobair fęin la a braithrib.

  13. Sloicceadh la Mac Uilliam Burc co n-a braithribh co Machaire Connacht do ręidhiuccadh Fheidlim Fhinn o mac Briain Ballaigh, ⁊ tucsat dó a bręth fęin as a maithe Connacht a c-cor fris, ⁊ ro lęicceadh Feidlim a gęimhel. Rug-som na maithe-sin lais co Carn Fraoich Mic Fiodhaigh Foltruaidh, ⁊ do chuir Mac Diarmada a brocc fair iar n-a chęnnach, ⁊ do gabsat braighde slęchta Ona mic AengusaUa m-Briuin, ⁊ do imtigh Mac Uilliam iar b-fagbail na m-bragatt-sin ag mac Briain Ballaigh. Iar na cluinsin-sin do chloinn Ui Conchobair Ruaidh ro fuaslaiccsęt Tadg Ua Concobhair ar lęth Baile an Chlair o Ua Concobhair n-Donn do-choídh siot a lęith cloinne Concobair Mec Branain iar t-tain.

  14. Coccadh mor ag Gallaibh MidheLaighęn gur milleadh moran don Midhe don coccadh-sin. Ua Concobair FailgeMac Risderd Buitiler do techt co Druim Tuirlęime deich c-ced no ni as uille do marcslóigh co c-cęinnbęirtibh foraibh uile ⁊ badar-sidhe cen oman gan imeccla ag craíthędh a n-each, ⁊ a sluagh ⁊ a sirthe acc creachlosccadh na Midhe i n-a t-timceall co nona. Ba ar an c-coccadh remraite ro gabadh mac Feidlimidh mic an Calbhaigh Uí Concobair la Sęan mac  p.1016 Mic Tomais. Comta mora d'fagbail d'Ua Concobhair o Gallaibh do ciond Sioda amail fa gnath le fęr a ionaid do gres.

  15. Creacha mora la Mag Eochagain for barun Dealbhna ⁊ creacha mora ele beos for Ledúsachaibh gur aircc an tir co h-Ęithne.

  16. Creacha Puirt Lomain la cloinn Iriail I Fęrghail.

  17. Maoileachlainn mac Floinn Ui Domnallain d'ecc.

  18. Teboid Ua Maol Muaidh tighearna lęithe Fear c-Ceall do marbhadh lá h-Ua Maol Muaidh na Coilleadh.

 p.1018
M1462
  1. AOIS CRIOST, 1462.

    Aois Criost, míle, cethre chéd, Sęscca, a do.

  2. Mainistir Bhrathar Minur do thionnsccnadh i Muineachán le linn Feidhlimidh mic Briain mic Ardgail Még Mathgamhna do bhęith 'na tighęrna i n- Oirgiallaibh.

  3. Prioir Daimhinsi .i. Parthalon mac Aodha Uí Flannaccain d'ecc ar Loch Dearcc.

  4. Brian mac Pilip Meg Uidhir fęr a aoisi ba fęrr eineach, ⁊ ęngnamh i c-coiccedh Uladh uile do mharbhadh a t-tóraighecht a creiche la cloinn Airt Uí Néill, .i. la Ruaidhri co n-a braithribh iar f-faemhadh a anacail, ⁊ iar m-bęith athaidh aca illaimh. Emann Ruadh mac Sęain Még Uidhir do marbhadh leis an Ruaidhri c-cedna.

  5. Tadhcc mac Eocchain Uí Concobair ticcerna Cairbre d'écc.

  6. Maidhm la Tadhcc Ua c-Concobhair ⁊ la a braithribh for cloinn Briain Bhallaigh in ro marbhadh Diarmaitt mac Donnchadha mic Briain, ⁊ Sęan mac Taidcc Mic Tighearnáin na Corra, ⁊ cuirthęr iad do druim a t-tire ⁊ a n-uile maithęsa. Tiaghait da mhac Briain fęin h-i Scén h-i c-Cęnn Mec Branáin ar in n-Greanchaigh, ⁊ ro bęiccęn do Mac Branain a t-tręiccęn go ro cuirit ar fogra o thír co tír, ⁊ ro h-ionnarbadh Mac Branain fęisin as a dhuthaigh isin Anghaile. Ro ghabh Ó Fęrghail fris, ⁊ do-rad fęrann dia cęthraibh ⁊ coinnmędh tíre dia muintir.

  7.  p.1020
  8. Sloiccheadh la Mac Uilliam Cloinne Riocaird i n-Uibh Cairín gur eirigh Ua Meachair, .i. Tadcc co n-a chomhaęntaibh doibh gur marbhadh Uilliam Búrc mac Mic Uilliam d'aęn urchor gae la mac Ui Mheachair, ⁊ ba h-e an t-urchor-sin rucc Ua Męchar co n-a slogh ass. An t-Ua Męchair-sin ticcęrna Ua c-Cairin d'ecc iar t-tain ⁊ a mhac do ghabháil a ionaid.

  9. Mac Branain, .i. Tomaltach Carrach mac Cuinn mic Aodha d'ecc iar c-cian aois.

  10. Iarla ócc Urmumhan do thecht i n-Erinn co sochaidhe moir do Shaxoibh. Ro fás coccadh mor etir Iarla Urmumhan, ⁊ Deasmumhan dia ro gabhadh Geroid mac Iarla Dęsmumhan la Buitilerachaibh. Ro gabhadh leo bęos Port Lairge. Ro chinnsęt iaramh cath do thabhairt dia 'roile co ro ionnsaigh cach a cele díobh, ⁊ bá dar sarucchadh Iarla Urmumhan do dheachaidh Mac Risdęird do thabhairt an chatha an la h-isin. Cidh fil ann thra acht ro sraoíneadh an cath fair, ⁊ ro gabhadh é budh dęin. At-bęrat aroile co ro h-adhnaicit dęichnebhar ar cheithre chéd  p.1022 díbh cenmótá a n-duadar coin ⁊ eathaidędha. Gabhait dona Gęraltaigh Cell Chainnigh ⁊ bailte mora criche Builterach iar c-cor a n-áir isin cath-sin. Agus bai an t-Iarla occ Urmumhan sin co n-a Shaxoibh i m-baile daingęn, ⁊ nochar féadadh a thoghail. Brathair ele don Iarla-sin do techt i n-Erinn, ⁊ ceithre longa co n-a m-baoí inntibh do ghabhail dó do loingęs Iarla Dęsmumhan for in f-fairrge, ⁊ nęrt mor do gabhail do Buitileracaibh treotha.

  11. Maidhm for Ua f-Fęrghail la mac Cuinn Uí Maoilechlainn, la Díolmuineachaibh ⁊ la Laoighseach mac Rossa isin Nuachongbhail in ro gabhadh Emann mac Uí Fhęrghailaoin-fher décc do shliocht Mhuircęrtaigh Óicc Uí Fęrghail. Sechtmoghat a n-ęsbadha etir marbhadh ⁊ gabhail.

  12. Tomas mac Cathail mic Tomais Uí Fhęrghail tánaisi na h-Angaile do mharbhadh i m-Beol Atha na Pailisi isin oidhce for lorcc a chreiche la dręim do Dhiolmuinechaibh, la Cloinn Concobhair, ⁊ la macaibh Muircęrtaigh co rucsat a cęnd ⁊ a chreach iar n-a fhagbháil i n-uathadh amhail rob' annamh lais.

 p.1024
M1463
  1. AOIS CRIOST, 1463.

    Aois Criost, mile, ceithre céd, Sescca, a trí.

  2. Giolla Criost Mac Edigein biocaire tęmpaill Pattraicc i n-Oil Finn ⁊ canánach coradh do ecc.

  3. Concobhar mac Cathail Ruaidh Még Raghnaill tighearna Cloinne Bibsaigh d' écc.

  4. Sémus mac Gearoid iarla Deasmumhan d'écc.

  5. Diarmaid Mor mac Diarmatta Uí Concobhair do marbhadh la cloinn Taidhcc Ui Concobhair occ Eas Da Conna for Búill.

  6. Cuilén Ua Diomusaigh do marbhadh la Gallaibh.

  7. Corbmac Ballach mac Concobair Mec Donnchaidh an mac oirrigh rob' oirdęrca oineach ⁊ ęngnamh, ba fęrr aithne ⁊ eolus ar gach n-ealadhain dá raibhe i n-Iochtar Chonnacht d'écc iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithrighe.

  8. Indsaiccidh la h-Uilliam Burc mac Risdęird for caislen Muilinn Adam i n-eraic a shula gur leanadh é a t-toraigheacht co bord Baile in Motaigh go ro iompaidh-siomh frisin tóraigh ⁊ ro marbadh cuicc fir dhécc don toraigh lais fa mac Maghnusa mic Diarmada Mec Donnchaid ⁊ fa macaibh h-Uí Neill, do bhęn a suil assam fęin occ an c-caislen-sin fecht riamh.

  9. Mac Maiu Baired tighearna Thíre h-Amalgaidh, ⁊ Siacus Cam mac Fęrgail tighearna Cloinne h-Amlaoibh Ui Fhęrgail d'écc.

  10.  p.1026
  11. Grainne ingęn Taidhg Ui Ruairc bęn Mec Donnchaidh d'ecc.

  12. Tadhg mac Domhnaill Mhóir Mec Donnchaidh tighęrna-sidhe for leth Tire h-Oilealla ⁊ a écc.

  13. Enri mac Feilim Ui Ragailligh do marbhadh la Donnchadh mac Tomais Óicc Meg Uidhir.

  14. Aodh mac Giolla Pattraicc Meg Uidhir d'écc.

  15. Ri Saxan do chor tiodhlaicędh go h-Ua Neill Enri mac Eoghain, .i. ocht slata ⁊ da fichęt do sgarláid, ⁊ idh oir et cetera.

  16. O Neill do tabhairt tuarasdail do tighearna Tuadhmhumhan do Tadhg mac Toirrdhealbhaigh Ui Briain.

M1464
  1. AOIS CRIOST, 1464.

    Aois Criost, mile, ceithre ced, Sęscatt, a cęthair.

  2. Fearsithe Mhág Duibne epscop an da Breifne d'écc.

  3. Diarmaitt Mac Murcadhain sacart toccaidhe d'ecc.

  4.  p.1028
  5. Tadhg Ua Conchobair do ecc an Satarn iar c-ced Fheil Muire ⁊ a adlacadh co h-onorach h-i Ros Comain la Sliocht Cathail Croibdeirg tiar ⁊ toir ⁊ la tuathaibh Sil Muirędhaigh archeana.

  6. Cedach Ua Mordha ticcęrna Laoigsi d'ecc do treagait.

  7. Domhnall Ua Ruairc, Seaan mac an Oifisel mic Muirceartaigh Oicc Ui Fęrgail, Maoileachlainn mac Briain mic Muirceartaigh Óicc Uí Fęrgail co n-a mhnaoi, Mor inghean t-Sémais Ui Chęinneidigh bęn Még Eochaccain co n-a h-ingin ⁊ Muirceartach mac Sęan Uí Duibhgęndain d'écc don tręghait cedna.

  8. Muircęrtach mac Airt Uí Mhoileachleainn ⁊ a bęn ingęn Uí Cobhthaigh, ⁊ triar eile amaille friu do dol d'écc in aen lo co n-oidce tre fheghadh eich do-cuaidh do na cnapaibh cedna.

  9. Remann mac an Phríóra mic Lochlainn Uí Fęrghail d'ecc don tregait.

  10. Domhnall Cam mac Concobhair Mec Donnchaidh d'ecc.

  11. Mac Diarmata Ruaidh, .i. Diarmait, mac Maoilechluinn, Cathal Bacach mac Corbmaic na Formaoile, ⁊ Bęn Muman ingęn Ui Flannagain d'ecc.

  12. Cond mac Neill Gairbh Uí Domnaill, ⁊ Aengus mac Neill Uí Domnaill do marbhadh la h-Eiccneachan mac Nechtain Uí Domnaill h-i Findruim an .8. la Mai.

  13. Creachsluaiccheadh la h-Ua Neill, ⁊ la cloinn Neachtain Uí Domnaill i t-Tír Conaill iar marbadh Cuind Uí Domnaill gor loiscsęt an tir co h-Ath Seanaigh co rugsat groighe, ⁊ bú iomdha. Acht cęna ní deachaidh gan diogail uair ro fagaib siot luagh a ruccsat, .i. Brian mac Concobhair Oicc mic Concobair Ruaid Meg Uidhir saoi ar eineach, ar ęngnamh, ⁊ fęr tighe aoidheadh coitcęnd co n-ochtar ar fichit don t-sluagh do marbadh maraon ris.

  14.  p.1030
  15. Bręsal mac Donnchaidh Ui CheallaighMaoileachlainn mac Uilliam Uí Ceallaigh, bai h-i f-frithbeart fri aroile im tighearnas Ua Maine, d'ecc i n-aoin t-sechtmain i n-dereadh April, ar a dubairt Breasal an tan tainic giolla Maoileachlainn dia fhios i n-galar a bháis, “Gabaim coinne le Maoileachloinn h-i f-fiadhnaisi ar t-Tighearna diblinibh ria c-cionn Sęchtmaine” ⁊ do fregrattar araon an choinne h-ísin.

  16. Coccadh mor etir cloinn Uilliam Ui Ceallaigh, ⁊ clann Donnchaidh Ui Cheallaigh iar n-ecc BręsailMaoileachlainn.

  17. Mac Risdęird Buitiler an t-aoín fhear bá h-airde clu ⁊ oirdearcus do Gallaibh Ereann i n-a re do ecc.

  18. Ir mac Catail Ruaidh Meg Raghnaill ba tanaisi for a duthaigh fęin ⁊ a díol do tighearna ar iocht ⁊ ar firinne d'ecc sechtmain ria f-Feil Míchil, ⁊ Ir mac Uilliam Meg Raghnaill do marbhadh la Gilla n-Glas Diolmain isin t-sechtmain cedna d'aen forgamh do ga iar m-bęith h-i b-farraidh dearbrathar a mathar dó .i. Uilliam Dalatun.

  19. Domnall mac Muirceartaigh Bacaigh Uí Concobhair tigearna Cairpri Droma Cliabh (co n-a braithribh acht madh beacc) do marbhadh la cloinn Eoghain Uí Concobhair, ⁊ tighearna do denam do Ruaidhri mac Briain Uí Concobhair i n-a ionad.

  20.  p.1032
  21. Feidhlim mac Donnchaidh mic Tighearnain Oicc Ui Ruairc do gabail la h-Ua RuaircAedh mac Taidhcc Uí Ruairc do gabhail la Tighearnan Occ mac Donnchaidh iar sin i n-a diogail.

  22. Tomaltach Occ Ua Gadhra do marbhadh i n-gręis oidhche for Sliabh Luga la Muirgęs mac Corbmaic Mec DiarmadaGall ⁊ la h-Emann an Mhachaire Mac Goisdelbhaigh.

  23. Lochlaind mac Mailín Uí Maoil Conaire d'ecc iar t-treblaitt foda ⁊ iar m-buaidh n-aithrighe, ⁊ a adlacadh i n-Oil Find.

  24. Lochlaind mac Firceirtne Uí Uiccinn d'ecc.

  25. Tomas GreannachDomnall da mac Duinn Meg Uidhir do marbadh la n-a n-dearbrathair, .i. Ruaidhri Glas.

  26. Creachruathar la cloind Uí Cheallaigh, .i. Colla prioir Tighe Eoin, ⁊ Ruaidhri Ua Cellaigh tre forailęmh Briain Uí Braoín Bręghmuine, ⁊ cloinne Rosa mic Muirceartaigh Midhigh Uí Fęrgail, ⁊ tainic a dhomhaoín doibh diblinibh uair do marbhadh da mac Uí Cheallaigh, ⁊ se fir decc dia muintir amaille friu.

  27. Brian Ua Brain co n-dęichneabar dia muintir, ⁊ deichnebar ele do lucht an Chalaidh fa Uilliam mac Donnchaidh mic an Priora Uí Fęrgail do mharbhadh la Mag Amalgaidh.

  28. O Domnaill, Mac Uilliam Burc, ⁊ moran do Ghaoidhelaibh, ⁊ do Gallaibh Ereann amaille friu do dhol co h-Ath Cliath Duiblinne h-i c-cęnn Tomais iarla Dęsmumhan iustis na h-Ereann an tan-sa, ⁊ rann ⁊ cęngal do denam doibh fris.

  29. Tir Tuathail do creachadh la h-Aodh Mac Diarmada tighearna Muige Luircc  p.1034Mac Diarmada Gall co maithibh Tire Tuathail do teacht asteach tar cęnd a c-creach, ⁊ braighde do tabhairt d'Aodh óir battar-somh ag Cloind n-Donnchaidh ó bhas Tomaltaigh Mec Diarmada co nuicce sin.

  30. Naonbar do muintir an Iustis do mharbhadh h-i f-Fine Gall tre comhairle espuicc na Midhe. An Iustis, an t-epscop ⁊ an Priostunach do dol co tech an rig d'iomcosaoit for aroile.

  31. Tomas iarla Deasmumhan do theacht for c-cula ó tigh righ Saxan co n-ionatt righ leis i n-Erinn gco t-tiodhlaicthibh mora d'faghbail dhó on rígh.

  32. Feidhlimidh Ua RuaircAedh mac Taidhg Uí Ruairc do leigean amach ar gach taoibh ⁊ sidh na Breifne do denamh.

  33. Uilliam mac Maine mic Aedha tighearna sleachta Concobhair Mec Branain d'écc.

  34. Domnall Cam mac Conchobhair Mec Donnchaidh d'écc.

  35. Mainestir .S. Franseis, i n-Ath Dara isin Mumhain i n-epscopoitecht Luimnigh dho denamh ar brú na Máighe la Tomas iarla Cille Dara, ⁊ la Siobain ingin t-Semais iarla Deasmumhan, ⁊ tumba do denomh doibh innte.

 p.1036
M1465
  1. AOIS CRIOST, 1465.

    Aois Criost, mile, cęithre ced, Sęascca, a cuicc.

  2. Tomas mac Muiris mic Matha abb Lęssa Gabhail d'écc.

  3. Gormlaith Caomhanach (ingęn Meic Murchadha ri Laighęn) bęn Uí Neill, do écc.

  4. Aodh mac Conchobair Mec Diarmada tighearna Muicche Luircc do ecc, ⁊ Concobar Occ mac Conchobhair Mec Diarmatta do gabhail a ionaid do reir togha sleachta Aodha Mec Diarmata etir cill, ⁊ tuaith, acht clann Ruaidhri Mec Diarmada n-amá, ⁊ tainic a domhaoín doibh-sęin ar do gabadh la coinne leó ar Carn Fraoich, Ua Conchobair Donn, Donnchadh Ua Ceallaigh, ⁊ clann Ruaidhri don dara lęith, Mac Diarmata ⁊ a thir don lęith araill. Fasaidh deabaidh ętorra gor marbhadh Diarmait mac Ruaidhri Mec Diarmata, ⁊ ba h-echt mór ina thir e-sidhe. Ro gabhadh Tadhcc mac Ruaidhri Buidhe, ⁊ ro madmaigheadh Ua Concobair Donn.

  5. Sęan Dubh mac Donnchaidh mic Aeda Meg Uidhir do mharbhadh la Sęan mac Pilib Meg Uidhir.

  6. Eoin mac Alasdrainn mic Eoin Mhóir Mec Domnaill do marbhadh la Conn mac Aedha Buidhe Uí Nell.

  7. Maoilechlainn Ua Birn, taoiseach Tire Briuin na Sionna, ⁊ a mac occ .i. an  p.1038 Giolla Dubh, Maoil Sęchlainn a ainm, do marbhadh ⁊ do losccadh da braithribh fęin, ⁊ da oireacht an Domhnach ria Samain, ⁊ a mac ele Cairpri Ua Birn do marbhadh d'aen urchor saighde lasan druing cedna isin m-Bęrnaigh m-Bailbh isin mí c-cedna.

  8. Mac Con Snamha ⁊ a mac do marbhadh la Domnall Ua Ruairc ⁊ la a chloinn a meabail ⁊ suidhe doibh i n-a tír.

  9. Aodh mac Taidhcc Uí Ruairc d'ecc.

  10. Corbmac Mac Diarmata Gall tighearna Airtigh d'ecc.

  11. Aodh mac Neachtain Uí Domhnaill do écc.

  12. Mainistir Chille Crédhe isin Mumhain i n-epscopóitecht Corcaighe do togbail do Braithribh .S. Franseis la Siol c-Carthaigh, ⁊ tumba onorach do dhenomh dhoibh fri h-adhnacal a n-uasal ⁊ a n-aireach.

 p.1040
M1466
  1. AOIS CRIOST, 1466.

    Aois Criost, mile, cęithre ced, Sęsccat, a sé.

  2. Brian mac Giolla Pattraicc Meg Uidhir abb Leasa Gabhail, ⁊ Domnall Ua Leannan cananach do muintir Leasa Gabail d'écc.

  3. Feidlim mac Briain Meg Mathghamna tighearna Oirghiall d'ecc.

  4. Brian mac Amhlaoibh Meg Uidir cęnn a aicme fęin, ⁊ tighearna Cloinne h-Amlaoibh d'écc.

  5. Aine ingęn Megeochagain bęn Meg Uidhir d'écc.

  6. Conchobhar mac Ui Concobair Ruaidh d'écc.

  7. Brian Dubh mac Taidhcc Uí Concobhair d'ecc an cuicceadh la dég do Marta.

  8. Riocard mac Emainn TirialTomas Gallda mac Emainn Tirial d'ecc.

  9. Uilliam Burc mac Uateir a Burc, ⁊ Uilliam Burc mac Sęain mic Mic Uateir d'écc.

  10. Ua Duibgęnnáin Cille Ronain FearghalMuirgęs cananach mac Conaing Chananaigh Uí Mhaoil Conaire, ⁊ Concobar mac Taidhcc Mec Branain d'ecc.

  11. Uaithne mac Feargail Uí Raighilligh d'écc.

  12. Donnchadh mac Muirceartaigh Uí Dhalaigh d'ecc.

  13. Maidhm mor do thabairt for Gallaibh Machaire Airgiall la h-Aedh mac Eoghain Uí Neill.

  14. Sloiccheadh lá Gallaibh Midhe, ⁊ Laighęn i n-Uibh Failge, tionoilis Ua Concobhair  p.1042 Failge .i. Conn mac an Calbhaigh a sochraide for a c-cionn ⁊ ro marbhadh lais cedus Sęan Mac Tomais an cęnd fędhna ro ba fearr ⁊ rob' airęgdha do Gallaibh, ⁊ ba banna ria f-frais do Gallaibh an marbhadh h-ísin, ar do madmaigęd an t-iarla ar n-a mharach, ⁊ Goill maille fris, ⁊ gabtar h-é budein, ⁊ bęntar a arm ⁊ a eideadh dhe, ⁊ iodhlaiceadh la Tadhg Ua Concobhair an t-Iarla a chliamhain go Caislén Cairpre, ⁊ drong mor don t-sluagh amaille ris. Ro gabhadh dna don chur-sin, Criostoir Ploingcéd, ⁊ prioir Tighe Muire Atha TruimUilliam Occ Uinnsionn, an Bearnabhalach, ⁊ sochaidhe oile amaille friu. Dala a n-deachaidh isteach h-i c-Caislen Cairpre as in maidm-sin tangattar Gaill Atha Cliath i n-a c-coinne ⁊ ruccsat leo iat d'aimhdheoin a n-ęsccarat tar a n-ais. No tęighdís iaromh sirthe a h-Uíbh Failge co Tęmhraigh budh tuaith, ⁊ co Nás budeas ⁊ no bidis BreifnighAirghialla acc creachlosccadh na Mide for gach lęth gan tesargain gan toraigecht o sin amach go cęnt treimsi iar sin.

  15. Tadhg Ua Briain, tighearna Tuadhmhuman do dhol sluagh lanmhór tar Sionaind amach isin Samradh do shonnradh go ro creachadh Gaoidhil DęsmumhanIarmumhan lais, ⁊ do-radsat Gaoidhil Laigęn1 bęos a riar dhó. Soais dia tigh iar sin ⁊ iar n-gabail criche Cloinne h-UilliamCondae Luimnigh, ⁊ iar na disliucchadh dhó on iarla do ciond siodha d'faghail do féin ⁊ da thír ⁊ iar b-faghbhail tri  p.1044 f-ficęt marcc gacha bliadhna ó muintir Luimnigh co brath ad-bath do galar ag a tigh budhdhéin, ⁊ Conchobhar mac Toirdhealbhaigh Uí Bhriain d'oirdneadh i n-a ionadh.

  16. Riocard mac Mec Uilliam Burc mic Riocaird Óig tanaisi Cloinne Ricaird d'éc.

  17. Ua Dubda ⁊ a mac do mharbhadh i meabhail la cloinn Maoil Ruanaidh mic Ruaidhri Uí Dhubhda.

  18. Maidhm mor do thabhairt la Gallaibh .i. na Midhe ar Mhág Mathghamna dú inar marbhadh sochaidhe, ⁊ in ro gabad Aod Ócc Mag Mathghamna, ⁊ Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh.

  19. Eoghan, ⁊ Aedh Dubh da mhac Ruaidhri mic Cathail Duibh Ui Concobhair, ⁊ Tadhcc mac Briain mic Cathail do marbhadh la Diarmait mac Táidcc Ui Concobhair, ⁊ la cloind Diarmatta Ruaidh mic Taidhcc Uí Concobhair Luan Cascc for cuirreach Liathdroma.

  20. Maoileachlainn, ⁊ Sęan da mhac Eogain Mec Diarmata Ruaidh d'ecc in en caeicdigis.

  21. Eogan mac Sęain Mec Donnchaidh, ⁊ Muirceartach mac Con Connacht Ui Dhálaigh d'ecc.

  22. Mainistir Oilein na Trinoide .i. for Loch Cé, co n-iomhaighin na Trinoide do losccadh lá coinnil.

 p.1046
M1467
  1. AOIS CRIOST, 1467.

    Aois Criost, mile, ceithre chéd, Sęsccat, a seacht.

  2. Semus Ua Fęrgail abb Lęthratha saoi dhercach deigheinigh d'écc.

  3. Niall mac Mathgamna Meg Craith oificel Locha h-Erne, ⁊ pearsún Insi Caoín d'écc.

  4. Eoghan mac Rudhraighe Meg Matgamna tighearna Oirgiall d'écc, ⁊ Remann mac Rudhraighe do gabhail tighearnais dia eis.

  5. Toirrdealbhach Ruadh mac Uí Neill (Enri) d'ecc.

  6. O Raighilligh, .i. Cathal mac Eoghain d'ecc.

  7. Mac Cathmaoil Eoghan d'ecc.

  8. Aodh mac Briain Uí Ceallaigh tighearna Ua Maine d'ecc, ⁊ a adhlacadh i n-Ath Luain, ⁊ Aodh na Coilleadh mac Uilliam Uí Cheallaigh do gabhail a ionaid.

  9. Domhnall Buidhe Ua Feargail ardtaoiseach na h-Angaile, ⁊ Laoigseach mac Rosa mic Concobhair mic Cathail Uí Fheargail d'ecc. Irial Ua Feargail i n-ionadh Domnaill, ⁊ Sęan i n-ionadh Iriail.

  10. Aodh Dubh mac Donnchaidh mic Briain Ballaigh, Tadhg a brathair, Tadhg mac Briain, ⁊ Aodh Ruadh mac Diarmada Móir mic Diarmada Ui Chonchubhair do mharbhadh i n-greis la Diarmaid Ua c-Concobhair ⁊ la cloinn Diarmata Ruaidh mic Taidg Ui Concobhair, ⁊ la Cathal mac Ruaidhri Óicc Uí Concobair.

  11. Colla mac Magnusa Meg Mathghamhna, ⁊ aoin fhear decc dia muintir do mharbhadh for lorcc a creiche fein la Breifneachaibh.

  12. Dauidh Mac Goisdelbhaigh do mharbhadh la Tomas Mac Feorais.

  13. Donnchadh mac Seain mic Maoileaclainn Uí Fęrgail d'ecc for slicchidh na Romha.

  14. Sęan mac Emainn mic Feargail Ui Raigilligh do marbhadh.

  15. Mac Mec Uilliam Cloinne Riocaird d'ecc do galar obann, ar ni bhí glóir saogalda nach dubhachus a deirędh.

  16.  p.1048
  17. Criostoir Ploingced, Piarus mac Piarais Dalatun, Semus Ócc mac Semais Dalatun, ⁊ mac Peitídigh an Muilinn Cirr .i. prioir an Muilinn Chiorr d'ecc don plaig.

  18. Sęan mac an Dalatunaigh do marbhadh la a chenel fęissin.

  19. Toirrdhealbhach mac Cathail Ui Concobhair do marbhadh i Ross Comáin la cloinn Domnaill mic Magnusa Caim Uí Chellaigh.

  20. Sloiccheadh la h-Ua Neill .i. Enri i n-oireacht Ui Cathain ⁊ is for an sloigheadh-sin do marbhadh Tomas mac Pilip Meg Uidir fear a aoisi do b-fearr do duthaigh i n-a ręimheas.

  21. Maidhm Croisi Moighe Croinn for Ua c-Ceallaigh, ⁊ for cloinn Uilliam Burc la Mac Uilliam Cloinne Riocaird ⁊ la Siol m-Briain dú in ro marbhadh Uilliam Caech a Burc mac Mec Uilliam, ⁊ da mac Uí Cheallaigh, ⁊ Aedh Buidhe mac Toirrdelbhaigh Mec Domnaill consapal a n-Gallócclach, ⁊ deichnebar d'uaislibh Cloinne Domnaill amaille fris. Torcratar beos ocht f-fichit gallocclach go sochaidhe oile cenmothat-sidhe. Ua Domhnaill .i. Aed Ruadh mac Neill Gairbh do theacht i c-Connachtaibh do dhioghail an madhma-sin ar bá rann carat dhó Mac UilliamUa Ceallaigh, ⁊ sith do bhęin dó a Cloinn Riocaird ⁊ imtecht imshlan dia tigh.

  22. Inis Locha Cairrgin do ghabhail la h-Ua c-Conchobhair n-Donn, ⁊ la cloinn mic Feidhlimidh for lucht a coimheda.

  23. Creacha dirimhe la Tadhg Ua Concobhair, la Mag Eochagain, ⁊ la Mac Fheórais for mag Tętbha gur airccsęt an tír ó Impir go Baile Mic Uilliam.

  24.  p.1050
  25. Caislen Chuile Maoile do gabhail la cloinn Corbmaic Ballaigh Mec Donnchaidh for sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh.

  26. Iustis Saxanach do techt i n-Erinn, ⁊ Tomas d'aithearradh, ní dia t-tainic milleadh Ereann.

M1468
  1. AOIS CRIOST, 1468.

    Aois Criost, mile,ceithre ched, Sęsccat, a h-ocht.

  2. Concobhar Ua Maoileachlainn epscop Oil Finn d'ecc.

  3. Tomas Iarla Dęsmumhan, ⁊ ro ba iustis i n-Erinn mac Semais mic Gearoid dearscaightheach Ereann i n-a aimsir dia cenel fęissin ar deilb ar denamh ar  p.1052 eineach, ar ęngnamh, ar deirc, ar daonnacht do bochtaibh ⁊ daidilccneachaibh an Coimde ar thiodnacal sed ⁊ maoine do tuaith d' eaglais ⁊ d'filędhaibh ar coscc meirle ⁊ míbhés do dhol co Droicęt Atha h-i coinne an Iustis ShaxanaighGall na Midhe archęna. Ro feallsat fair ⁊ ro dichęndadh leo é cen nach cionn ⁊ batar brónaigh ermór fear n-Ereann don scel-sin. Ruccadh iaramh a chorp co Traigh Lí, ⁊ ro h-adnaiceadh i n-othairlighe a ashęn ⁊ shinnsior co n-onoir ⁊ co n-airmidin n-adhbhail.

  4. O Ruairc Tighearnan Occ mac Taidhcc tighearna diongmala Ua m-BriuinCatha Aeda Finn d'ecc iar m-buaidh ó domhan ⁊ o dęmhan, ⁊ Domnall mac Taidg Uí Ruairc do oirdneadh i n-a ionad la h-Ua n-Domnaill ⁊ la a chairdibh archęna. Sliocht Tighearnain mic Tigearnain Moir mic Ualgaircc do eirge i n-a aghaidh go h-eccoir, ⁊ Donnchadh Loscc mac Tighearnain Móir do riocchadh dhoibh fęin do Cairpreachaibh ⁊ do Cloind n-Donnchaidh. O Domhnaill iar na cluinsin-sin dó tocht sluagh dirimh tar Eirne anall ⁊ Iochtar Chonnacht do milleadh leis ⁊ creacha diairmhe do denamh dhó for airthear Tire Fiachrach Chuile CnamhaCoillteadh Luighne ⁊ a m-bręith leis dia tigh iar sin. Mac Uilliam Uachtarach .i. Uillęc mac Uillic an Fhiona, ⁊ O Concobhair Donn co na sochraide GallGaoidheal diblinibh do dol h-i foiridhin Iochtair Connacht, ⁊ baile Ui Ruairc do losccadh leo, ⁊ gan do maith do denam acht madh sin, ⁊ a t-toidhecht dia t-tigh gan cath gan comha.

  5. Ruaidhri mac Concobair Mec Donnchaidh tighearna Tire h-OileallaBaile an Duin d'ecc iar m-bręith báire for domhan ⁊ dęmhan.

  6.  p.1054
  7. Toirrdhealbhach mac Sęain Ui Ragailligh d'oirdneadh i t-tighearnus na Breifne.

  8. Ua Cathain .i. Magnus d'ecc.

  9. Cathal Occ mac Cathail Ruaidh Meg Ragnaill lan-taoiseach Muintire h-Eolais d'ecc i n-a tigh fein isin ced Domnach don Corgus iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithrighe ⁊ taoisech do gairm da mac .i. Tadg Mag Ragnaill, ⁊ taíseach ele beos do gairm d'Uilliam Mag Ragnaill la sliocht Maoileachlainn Meg Ragnaill.

  10. Art mac Cuinn Ui Maoileachlainn tighearna Midhe do marbhadh h-í c-Cnoc h-Uí Coscraigh Máirt Chascc do sonnradh.

  11. Ua MórdhaMac Giolla Patraicc d'ég don treaghait.

  12. Bęn Mumhan inghean Eoghain Uí Concobhair bęn Uí Ceallaigh .i. Aedh mac Briain d'ecc.

  13. Emann an Machaire Mac Goisdelbaigh do marbhadh la a dearbrathair Uilliam Mac Goisdelbhaigh.

  14. Concobhar Buidhe mac Corbmaic Mec Branain d'ecc.

  15. Uaithne mac Mec Eochagain do marbhadh d'urcor do saighid h-i c-caislen Cnuic Uí Cosccraigh.

  16. Ruaidhri mac Diarmada Ruaidh mic Taidhg Uí Concobhair, ⁊ a bęn inghean Cairpre Uí Concobhair d'ég do galar obann.

  17. Tadhg Mac Tighearnain brucchaidh cédach conáicch, ⁊ a bęn Nuala ingęn mec Donnchaidh Riabhaigh .i. Feargal d'ecc.

  18. An Giolla Dubh mac Corbmaic Buidhe Mec Donnchaidh d'écc.

  19. Concobhar mac Emainn mic Maoileachlainn Uí Ainlighi d'ecc Satharn Minchasc.

  20. Torna Ua Maol Chonaire ollamh Shíl Muireadhaigh i sęncus ⁊ a filidhecht d'ecc i n-a tigh fęin i l-Lios Fearbain iar b-Feil Pattraicc iar m-buaid n-aithrighe, ⁊ a adnacal i n-Oil Finn. Erard Ua Maol Chonaire i n-ollamnacht dia ęise.

  21. Ua Concobhair Failge Conn do gabhail la Gallaibh.

  22. Caislen Bona Drobaoisi baoí ag Ua n-Domnaill do thabhairt dó doridhisi do sliocht Mhuirceartaigh Bacaigh.

  23. Riocard a Burc do toidhecht h-i Muigh Luircc sidh do dhenamh dhó fri Mac p.1056 n-Diarmada, ⁊ a n-dol diblinibh i c-coinne Uí Domnaill, ⁊ Ó Domnaill do dhol tar Éirne résiú do ruachtatar-somh, ⁊ gan a t-tęgmail dá cheile don chur-sin. Riocard d'iompúdh tar a ais i Machairi Chonnacht, ⁊ braighde do bręith lais o cloinn Uí Concobhair Ruaidh, ⁊ sliocht Feidlim do bręith lais o nar faomhsat braighde dó.

  24. Clann Connmaigh dna do milleadh la h-Emann mac Uilliam fein co n-a cloinn tre uabhar ⁊ diomus.

  25. Creacha diairmhe la Fęidhlim f-Fionn for Ua c-Conchobhair n- Donn, ⁊ a m-bręith leis i Moigh Luircc. Creacha anba lęis a h-Uibh Maine. Creach ele lęis ó Shliocht Feidlim Cleirigh ⁊ creach ó Muintir Birn co Cill Athrachta i c-coinne Riocaird a Burc co n-a sluagh, ⁊ ro congaibh sé an sluagh gan sgaoileadh ó 'roile fri ré sechtmaine for a lon fęin amhain, ⁊ do fhosdfadh iad ní ba sia dia n-andaois aige. Creach mor ele do breith la Feidlimidh ó Ciarraighe Mec Cęithęrnaigh, ⁊ mac mic Aedha Caoich Uí Concobhair do marbhadh leis an la-sin. Emann Mac Uilliam d'eirge dó for Iomaire Uaráin tri fichit gallóglách tri fichit do cęithirn congmala, ⁊ marcsluagh a tire féin. Ro loitead moran ętorra, ⁊ ro bęnadh an creach d'Feidlim cenmota a capaill.

  26. Moran do milleadh i Mide ⁊ h-i Laignibh la Gearoid mac Iarla Dęsmhumhan a n-díogail Tomais iarla.

  27. Baile Uí Raigillighmainistir an Chabhain do losccadh la Gallaibh ⁊ leis an Saxanach ler dicęndadh Iarla Dęsmumhan.

  28. Maidm mor do thabhairt la Conn mac Aodha Buidhe Uí Neill h-i m-Bęind Uamha for Gallaib Lęiti Cathail du in ro gabhadh Muirceartach Ruadh Ua Neill tighearna Cloinne Aedha Buidhe in ro marbhadh Aengus mac Alaxandair Mec Domhnaill, Mac Roberd Sabaoís tighearna Lęithe Cathail, ⁊ sochaidhe do Gallaibh ⁊ do Gaoidelaib cenmotat-sidhe.

  29. Creacha anba la Feilim f-Fionn ⁊ la Mac Diarmata, Concobar mac Corbmaic for Baile an Tobair, ⁊ Ua Concobair fein co bręith forra lion a  p.1058 thionoil cenmotat a thuatha, ⁊ Ruaidhri Ua Concobhair lion a thionoil co n-druing moir do Cloinn Connmaigh maraon ris, ⁊ sliocht mic Feidlimidh uile abus d'ęirghe doibh diblinibh. Cland Diarmata mic Ruaidhri Mec Diarmata, ⁊ clann Corbmaic Oig Mec Diarmata do bi h-i f-foslongport i m-Bealach Coille do bręith forra bheós, ⁊ Fęidhlim d'imteacht co h-aithęsach iomlan co nuicce an Scor Mor h-i c-Cloinn Cathail Mic Muireadaigh. Feidlimidh iaromh ⁊ Mac Diarmata d'iompudh co crodha cosccrach friu ⁊ sraonmaidm seachranach do tabairt forra co na tabradh fęr dib iasacht slaite dia 'roile. Eoghan mac Toirrdelbhaigh Doill mic Toirrdelbhaigh Óicc Uí ConcobairFeidlimidh mac Toirrdealbhaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh, do marbhadh, ⁊ shochaidhe do saorclandaibh h-imaille friú, ⁊ Feidhlimidh do bręith a creiche leis iar m-buaidh, ⁊ cosccar, [], ⁊ iar f-fagbail a biodhbhadhaibh fó mela ⁊ chuidbeadh.

  30. Indsaicchidh do dhénamh lá Donnchadh mac Tomais Meg Uidhir ar Philip mac Chon Chonnacht Meg Uidhir i t-Tir Cęnnfhoda, ⁊ creacha mora do tabairt lais. Muintir Donnchaidh do dhol lá a c-creachaibh h-i c-Cloinn Cheallaigh, ⁊ Donnchadh d'fágbail doib i n-a uathadh for deireadh na c-creach. Pilip do bręith fair isin iarmoirecht. Sodhais Donnchadh la mac Con Connacht co ro marbadh lais é fęin ⁊ a mac don chur-sin.

  31. Ruaidhri mac Gofraidh Ruaidh Meg Uidhir, ⁊ Maoilechlainn mac Donnchaidh mic Gafraidh d'écc.

  32. Drong mor do Cloinn Gafraidh do marbhadh la cloinn Aedha mic Pilip na Tuaighe Meg Uidhir im Mac Gafraidh fęin .i. Donnchadh, immo mac Feilim, ⁊ imo dęrbrathair .i. Eóin, ⁊ a mac fęin dna Diarmait mac Eoin co t-triar ele imaille friu.

 p.1060
M1469
  1. AOIS CRIOST, 1469.

    Aois Criost, mile, ceithri cett, Seasccatt a naoí.

  2. Sęan Buidhe mac Sęain Moir Meg Craith comharba Tearmoinn Dabheócc d'ecc, ⁊ comarba do dhenamh i n-a ionadh do Dhiarmait mac Marcais mic Muiris Meg Craith.

  3. Mág Cártaigh Mór tighearna Dęsmumhan d'ecc.

  4. Aodh mac Uilliam Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine saoi Ereann ar eineach fear ná ro diult fri dreich n-duine do mharbhadh tre fheill la sliocht Donnchaidh Uí Cheallaigh .i. la cloind Breasail, ⁊ Thaidhcc mic Donnchaidh Luan Inite an dara la ria f-Feil Bearaigh ⁊ dá Ua Cheallaigh do gairm i n-a n-diaidh .i. Uilliam mac Aedha mic Briain, ⁊ Tadhg Caoch mac Uilliam Uí Cheallaigh.

  5. Risderd Occ Ua Raighilligh tanaisi Breifne d'écc.

  6. Domhnall mac Briain mic Pilip mic an Giolla Duibh Meg Uidhir, ⁊ Giolla Iosa mac Corbmaic mic Giolla Iosa Uí Flannacain do marbhadh la cloinn Aodha Meg Uidhir, ⁊ la Muintir Manchain h-i Port Achaidh Inbhir in .9. Calainn September.

  7. Indsaighidh do dhénamh do cloinn Pilip Meg Uidhir, ⁊ do cloinn Tomais Oig for cloinn Aedha Meg Uidhir i Miodhbholcc, ⁊ creacha mora do tabairt leo don dul-sin, ⁊ Brian Maineach mac Donnchaidh mic Aedha Meg Uidhir do marbhadh leó.

  8. Ionnsaighidh ele dna do denamh do chloinn an Pilip cedna ar cloinn an Aodha remhraite h-i Lorcc. Eoghan mac Aedha Meg Uidhir, ⁊ Flaithbeartach a mac do marbhadh leo don turus-sin.

  9. Toirrdhealbhach mac Catail Óicc mic Magnusa Meg Uidhir d' écc.

  10. Tadhg Dubhshúileach mac Mec Craith Meg Uidhir do marbhadh la cloinn Aedha Meg Uidir.

  11. Mairgrecc ingęn Pilip mic an Giolla Duibh Meg Uidir bęn mec Gille Fhinnein, Thaidcc mic Briain d'écc.

  12.  p.1062
  13. Mac an t-Sábhaísicch .i. Pattraicc Ócc, do ghabail le Faíteachaibhtighearnas Leithe Cathail do gabhail do Phatraicc Faít imaille le congnamh I Neill .i. Enri, ⁊ Mhęic Uidhelin, ⁊ gach ar mhair do Shabhaoiseachaibh do chor ar ionnarbadh doibh.

  14. O Gadhra .i. Eocchan mac Tomaltaigh Óicc mic Tomaltaigh Mhoir tighearna Chúile Ua f-Finn d'écc eittir da Fhéil Muire isin f-foghmar, ⁊ a mac diongmala Eoghan d'écc do galar obann iar t-tain. Diarmaitt a mhac n-aile do ghabháil tighearnais i n-ionad a athar.

  15. Tadhcc mac Maghnusa mic Sęain Mec Branain ticcęrna Corc' Athclann do mharbhadh a meabhail la a dearbrathair budéin, ⁊ la cloinn a dearbrathar sechtmain iar b-Feil Michílda taoisech do gabhail a ionaidh, .i. Domhnall mac Corbmaic las ro marbhadh-somh ⁊ Uilliam mac Aedha mac mic Aedha.

  16. Ua Floinn tighearna Siol Maol Ruain co n-a dearbrathair amaille fris do marbhadh lá Maoileachlainn Ua f-FloinnMaoileachloinn do gabail toisigechta iaromh.

  17. Mac Dubhgaill Eoghan mac Eoghain ele do marbhadh ina tigh fein a meabhail la cloinn Colla Mec Dubhgaill.

  18. Aodh mac Uaithne Uí Ainlighi, ⁊ Tadhcc mac Muircheartaicch mic mic Tomaltaigh Uí Áinlighi d'ecc. Tadhcc mac Briain mic Tomaltaigh do ghabhail toisighechta.

  19. Eoghan mac Aedha Buidhe Mhég Eochagain tánaisi Cenél Fiachach do mharbhadh la Cloinn Colmáin.

  20. Risderd mac Tomáis a Burc do threcceadh a thigearnais, ⁊ Ricard mac Emainn a Burc d'oirdneadh i n-a ionadh.

  21. Morsluaiccheadh tra lęis Ó n-Domnaill (Aedh Ruadh) co maithibh Cenel c-Conaill ⁊ co n-eirghe amach Iochtair Connacht, ⁊ ní ro airis co rainic do saicchidh Mec Uilliam Burc Riocard mac Emainn, ⁊ tainic-sidhe maille lé h-umhla h-i c-cęnd Uí Domnaill, ⁊ isseadh ro cinnsęt na maithe-sin i n-a c-comhairle iaromh dol ar Mac Uilliam Cloinne Riocaird (Uillecc mac Uillicc an Fhiona) do dhioghail a  p.1064 n-anffoladh ⁊ madma Croisi Moighe Croind do bris Mac Uilliam Cloinne Riocaird ar Mac Uilliam Burc rias an tan-sin. Agus robdar aontadhaaigh for an c-comairle h-ísin do-chóidhsiot iaromh i c-Cloinn Ricaird. Loiscthear, ⁊ milltear leo cetus an Machaire Riabhach. Battar adhaidh longpuirt i m-Baile an Chláir, .i. baile Mec Uilliam, ⁊ loiscit é iar t-tain. Báttar athaidh amlaidh sin ag milleadh ⁊ ag moirionnradh an tire dá gach lęith díobh. Mac Uilliam imorro, .i. Uilleacc ro tarraing sidhe ⁊ ro thionoil cuicce clann Uí Bhriain, an Giolla Dubh mac Taidhg, ⁊ Muircertach Garb mac Taidhcc, ⁊ droingdiorma do maithibh Dháil c-Cais immaille friu. Rucc Mac Uilliam co n-a sluagh fein ⁊ co n-a leir thionol ar Ua n-Domhnaill ag fágbhail an tire. Ro chuirsęt marcshluagh Mec Uilliam, ⁊ Siol m-Briain saighin iomruacctha ar deireadh slóigh Uí Domhnaill ag Baile an Duibh ar tus ⁊ ro freccradh sin co nęimhleascc la marcsluagh Uí Domhnaill, ⁊ lá h-Eccneachan mac Neachtain Uí Domnaill do shonnradh baoí for deireadh slóigh Ui Domhnaill gur ro sraoineadh fo dheoidh for marcshluagh Mec UilliamShil m-Briain, ⁊ ro marbhadh don chur-sin Domhnall mac Ui Concobhair Corc Mo Dhruadh co sochaidhibh oile nach airimhtear. Ro thionoil Mac UilliamSiol m-Briain a sochraide doridhise, ⁊ do-coidhsęt i n-inneall ⁊ i n-orduccadh ⁊ ro lęnsat a h-aon comairle iaromh an slocch-sin Uí Domhnaill h-i t-tóraigheacht. Ar a aoi nír bho torbha doibh uair ro fillsęt sluagh Uí Dhomhnaill for marcsluagh Mec Uilliam, ⁊ Sil m-Briain ag an abaind dianadh ainm Glanog, ⁊ sraointear doridhisi forra annsin, ⁊ fágbaitt daoine eich, ⁊ édala iomdha, ⁊ ro imthigh sęt an cuid oile diobh i maidm mhiochososccair. Cona Maidhm Glanóicce indsin.

M1470
  1. AOIS CRIOST, 1470.

    Aoís Criost, mile, cęthre céd, Sechtmoghat.

  2. Pilip mac Tomas mic Pilip mic Aedha Ruaidh Még Uidhir adhbhar tighearna Fęr Mhanach mac oirrigh do b-fearr dęirc, ⁊ daonnacht, ⁊ ba fęrr d'fior  p.1066 coccaidh i n-a aimsir, ⁊ O Flannaccain taoiseach Tuaithe Ratha Corbmac mac Giolla Iosa d'ecc.

  3. Slóiccheadh mor lęis Ó Neill .i. Enri mac Eoghain h-i c-Cloinn Aodha Buidhe i c-cęnn Mhec Uidhelín sa Duibhtrian, ⁊ Mac Uí Néill Buidhe co socraite Cloinne Aodha Buide do dhol ar cręich ar Mhac Uidhelín. O Neill, ⁊ Mac Uidhelín do bhręith forrae. Troid do thabhairt doibh dia 'roile, ⁊ brisseadh for Chloinn Aodha Buidhe. Aodh Ócc mac Aodha Buidhe do ghabhail. Mac Suibhne na Coilleadh, ⁊ Eoin Ruadh Mac Suibhne do gabhail bhęós. Art mac Domhnaill Chaoíl Uí Neill, ⁊ Caislén Sgath Dęircce do gabhail la h-Ua Neill don turus-sin, ⁊ a thabhairt ar laimh Mhec Uidhelín dia coimhéd.

  4. Brian mac Taidhcc Mec Donnchaidh tighearna Átha Cliath an Chorainn do mharbhadh la Tadhg mac Briain Mec Donnchaidh, ⁊ a chaoraighecht do bhęin de, ⁊ drong mór diá mhuintir do mharbhadh a maille fris. Agus Mac Mhec Donnchaidh Toir do marbhadh ar iomruaccadh an la cedna.

  5. Ruaidhri Bacach mac Ui Neill do mharbhadh la cloinn Airt Uí Néill ⁊ la sliocht Enri Aimhręidh. EnriBrian da mhac Airt Ui Neill .i. Ó Néill, ⁊ cęthrar do sliocht Enri do marbhadh la Conn mhac Uí Néill i n-a dhioghail sen i n-aon ló. O Neill co n-a chloinn do dhol fha caislen cloinne Airt .i. caislen na h-Oghmaighe.

  6. Eoghan Ua Domhnaill ⁊ clann Neachtain do ghabháil ⁊ do denamh rainn le cloinn Airt i n-aghaidh Uí Neill.

  7. Sęan mac Domhnaill Bhallaigh Mhég Uidhir do mharbhadh le Ruaidhri mac Briain mic Pilip Meg Uidhir.

  8. DomhnallDonnchadh da mhac Eóghain mic Uí Concobhair Ruaidh do marbadh la Ruaidhri mac Uí Choncobhair Dhuinn. Conn mac Taidhg Uí Concobhair, ⁊ Cathal mac Fęidhlimidh Fhinn do gabail lais bęós.

  9. Connla mac Aodha Buidhe Meg Eochaccáin taoiseach Chenél Fhiachach do mharbhadh for an Achadh m-Buidhe acc tigh Brighde Bhaile Atha an Urchoir la mac  p.1068 Airt mic Cuinn Uí Maoileachlainn, ⁊ la Cloinn Colmain a n-dioghail a athar .i. Art, do marbhadh lais-siumh feacht riamh.

  10. Caislen Sliccigh do ghabháil la h-Ua n-Domhnaill for Domhnall mac Eoghain Uí Concobhair iar m-bęith athaidh fhoda in iomsuidhe fair, ⁊ a bręth fęin d'fághail dó chomhtoibh d'Ua Domhnaill don chur-sin la taobh umhla, ⁊ cios chána o Iochtar Connacht. Bá don chur-sin do-radadh dó an Leabhar Gęrr, ⁊ Leabhar na h-Uidhri, ⁊ cathaoíreacha Domhnaill Óicc ruccadh siar re linn Shęain mic Concobhair mic Aodha mic Domhnaill Óicc Uí Domhnaill.

  11. Sloiccheadh la h-Ua n-Domhnaill ⁊ la h-Ua Ruairc do dhol for Cruachain Ó Cuprain do rioghadh Uí Ruairc. Ua Raghailligh, ⁊ Goill, ⁊ Teallach Dunchadha ar a c-cionn diblínibh ag Bél Atha Conaill, ⁊ Emann mac Aodha Uí Raghailligh, ⁊ mac an Easpuicc Uí Ghallcubhair do mharbhadh ętorra, ⁊ eich ⁊ daoine do lot. Ua Domhnaill ⁊ a sluagh d'iompúdh, ⁊ gan a lęiccęn for Cruachain don chur-sin.

  12. Cęthramhna do dhenamh la h-Iarla o Uaric ⁊ la Diuice Clarens d'fuigheall mallacht fhęr n-Ereann .i. don Iustis Saxanach lér milleadh Tomas iarla ⁊ as  p.1070 a n-dioghail Tomais tuccadh an midiach-sin fair, ⁊ Iustis do denamh d'Iarla Cille Dara iar sin.

  13. Sidh do dhenamh d'Fęidhlimidh Fhionn Ó Concobhair fri sliocht Ui Concobhair Ruaidh, ⁊ fri cách a c-coitchinne.

  14. Mainistir .S. Fronseis i Lios Laichtnín isin Mumhain i n-epscopóidecht Arda Fearta do toccbail la h-Ua Concobhair Ciarraighe, ⁊ a thogha fęin innte.

M1471
  1. AOIS CRIOST, 1471.

    Aois Criost, mile, ceithre ched, Seachtmogatt, a h-aon.

  2. Do tiondsgnadh mainistir la braithribh .S. Fronseis isin n-Gallbhaile Ętharlach i n-epscopóitecht Imligh isin Mumhain, ⁊ do scriosadh an bliadhain ięr sin.

  3. Ua Concobair Corc Mo Druadh (Concobar mac Briain Oicc) do mharbhadh isin Lęithinnsi la cloinn a dearbrathar fęin, .i. le cloinn Donnchaidh Uí Conchobhair.

  4. Tadhcc mac Uí Concobhair Fhailgi, .i. an Calbhach, ⁊ Mairgreicce an Einigh Uí Chearbhaill ionnraighteach GallGaoidheal d'ecc don treghait.

  5. Tadhcc Mac Diarmada Ruaidh tighearna Coillteadh Concobhair d'écc.

  6. Aodh mac Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Conchobair do marbhadh lá sluagh Riocaird a Burc tainicc ar tarraing Ruaidhri mic Briain Uí Conchobhair.

  7. Domhnall mac Cormaic mic Maghnusa Mec Branain do marbhadh i Lios Ua n-Dubhthaigh a meabhail tar slánaibh tighearnadhtaoiseach Shíl Muirędhaigh  p.1072 la Conn mac Taidhg Mec Branáin iar n-umhlucchadh dó roimhe-sin, ⁊ Emann mac Briain mic Magnusa do marbhadh araon ris.

  8. Diarmaitt mac Muirceartaigh mic Aodha Uí Concobhair do mharbhadh lá Feidhlimidh mac Uí Concobhair Dhuinn.

  9. Aodh mac Toirrdelbhaigh mic Ruaidhri mic Cathail Uí Concobhair do marbhadh a meabhail la sliocht Eoghain mic Ruaidhri.

  10. Ionnsaighidh do dhenamh lá Brian mac Feilim Uí Raghailligh h-i c-Cloinn an Chaoich ar Fhęrghal mac Sęain Uí Raighilligh. Creacha do chur rompa dhoibh. Feargal do bręith forra, ⁊ iomruaccadh do bęith ętorra, ⁊ Cathal mac Iriail mic Fęidlim Uí Raghailligh do mharbhadh ann. Feargal do gabhail on lucht n-aile.

  11. Creacha anba la h-Ua n-Domhnaill ⁊ la cloinn Eoghain Uí Concobhair for chaoraighecht CairpreCloinne Donnchaidh allaníos do Shligeach. Sloiccheadh mór lá Mac Uilliam Burc i n-Iochtar Chonnacht do congnamh le Ruaidhri mac Briain Uí Concobhair, ⁊ dol dóibh fa chaislén Sliccigh. Clann Eoghain Uí Concobhair do bęith a b-farradh Uí Domhnaill an tan-sin. Domhnall mac Eoghain do dhol san chaislén ⁊ tor an dorais do briseadh la Mac Uilliam ⁊ sidh do denamh dóibh iar sin.

  12. Iarla do ghairm do mac Tomais Iarla, ⁊ a gabhail lá Cloinn Charthaigh.

  13. Ceatha cloichsnechta d'fearthain i m-Beltaine maille lé tinntech ⁊ le toirneach gur mill blatha ⁊ toirthe. No biodh da ordlach nó a tri a c-cloich dibh, ⁊ do gnidis cneadha ⁊ crechta móra ar na daoinibh da m-bęndaois.

  14. Sloiccheadh la h-Ua n-Domnaill i n-Iochtar Connacht co ro creachloisc cuid mic an Cosnamhaigh Ui Dubda do Thír Fiachrach.

  15. Creach la cloinn Uí Concobhair Fhailge ó Chenél Fhiachach, ⁊ Uaitne mac Meg Echagáin ⁊ mac Neill Mic an t-Siondaigh go n-druing ele amaille friu do marbadh leo.

  16. Caislen na h-Oghmaighe do ghabhail leis Ó Neill Enri mac Eoghain. As amhlaidh ro gabhadh cumascc do tabhairt do cloinn Uí Neill ⁊ do cloinn Airt dá 'roile  p.1074 a t-tús an gęimridh. Sraoíneadh for cloinn Airt, ⁊ da mac Airt do mharbhadh go sochaidhibh ele amhail ro ráidhsęmar ręmhainn. Ua Neill co n-a chloinn do suidhe i t-timchell an baile. Sile ingęn Uí Domnaill, .i. Niall Garb, bęn Neill mic Airt Uí Neill do bęith isin c-caislen co sochraide amaille fria. Niall fęin co n-a braithribh do dol i c-cęnn Uí DhomhnaillConallach, ⁊ Ó Neill do bęith fon c-caislen o thús foghmhair go deireadh earraigh. Tangattar clann Airt iar t-tain do shaighidh Uí Neill, ⁊ do-bertsat an baile do ⁊ do-bert-somh da mac fęin é, .i. do Conn, ⁊ do-deachaidh dia tigh iaromh.

  17. Trian Conghail uile do gabhail le Conn mac Aedha Buidhe, ⁊ a maite do teacht cuige, .i. Mac Uí Neill, Mac UidhilinEnri mac Briain Ballaicch.

  18. Coccadh mor i n-Uíbh Failge etir Ua c-ConcobhairTadhg Ua Conchobhair. Tadg do dhol i c-ceand Gall, ⁊ sluagh Gall do bręith leis i n-Uibh Failghe, ⁊ an tir do milleadh leo co leir.

  19. Iarla Cille DaraGoill na Midhe do dhol ar sloiccheadh h-i Fearn Maigh, ⁊ creacha mora do dhenamh ar Mag Mathghamna. Mag Mathgamhna do tionol a tire iar sin. Airgthe mora, loisccthi ⁊ ár daoíne do thabhairt dó ar Ghallaibh a n-diogail na c-creach-sin.

  20. Ruaidhri mac Donnchaidh mic Aodha Meg Uidir do marbhadh la Colla mac Aodha Meg Uidhir ⁊ la a cloinn acc teach Meg Craith i n-Allt Ruaidhri h-i Tearmonn  p.1076 Dabheócc. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh Még Uidhir do lęnmain Colla, ⁊ é féin, ⁊ a mac do mharbhadh ar n-a marach isin ionadh cedna tre miorbuilibh Dabheocc.

  21. Sloiccheadh lá h-Ua Neill h-i t-Tír Breasail, ⁊ a losccadh leis. Meic riogh Tire Conaill uile, ⁊ clann Airt Uí Neill do breith forra, ⁊ O Neill do shoadh dia tigh don turas-sin.

  22. Mag Uidhir, .i. Tomas Occ mac Tomais do chor a tighearnais de ar c-caithęmh urmhóir a aoisi le deirc, le h-eineach, ⁊ le h-uaisle, ⁊ tighearnas do tabhairt da mac (Émann), ⁊ a mac ele d'fáccbháil i n-a tanaisde, an treas mac, Rossa i n-espuccóide Clochair.

  23. Muircęrtach mac Eoghain Uí Neill d'ecc.

  24. Aodh mac Briain mic Pilip na Tuaighe Meg Uidhir d'ecc .16. calainn Marta.

M1472
  1. AOIS CRIOST, 1472.

    Aois Criost, mile, ceitre céd, Sechtmoghadh, a dó.

  2. Mathghamhain mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain tanaisi Tuadhmuman d'écc.

  3. O Catháin Ruaidhri Ainshęsccar do mharbhadh a f-fiull la Mac Uidhelín .i. Seinicin Carrach. Conn mac Aodha Buidhe Uí Neill do thionol a sochraitte ⁊ Goffraidh Ua Catháin dearbrathair don Ruaidhri chedna do dol gus an ruta do dhioghail Ruaidhri ar Mac Uidhelín. Feachar iomairecc ętorra co t-torchair Goffraidh Ua Catháin (fęr lan do dhęirc, d'eineach, ⁊ d'uaisle), la Rudhraighe Mac Uidhilín d'aon urchor gae. Indsaighidh do dhenamh ar n-a marach don Conn cedna ar an rúta, ⁊ maidhm mor do thabairt forra, ⁊ Mac Uidhilín fein Corbmac do  p.1078 mharbhadh. Mac Uidhilin do gairm do Rudhraighe ⁊ sith do denamh dhó lé Mac Aedha Buidhe (.i. Conn), ⁊ coinne do dhenamh dóibh le h-oireacht Ui Catháin. Dol do Mac Uidhilin h-i c-coite becc ar bun na Banna do tocht do lathair Ui Catháin. Dream d'oiręcht Uí Catháin do thęccmail dó acc dol i t-tír, ⁊ a marbadh ⁊ bhathadh ar in m-Banna.

  4. Donnchadh mac Tomais Óicc Meg Uidhir do gabhail le n-a dearbhrathair féin Emand, .i. Mag Uidhir, i n-a bhaile fęisin, ⁊ fuasccladh mór do bhuain as.

  5. Mac Suibhne Fanad Maol Muire do mharbhadh i maidhm an Tapadain, ⁊ Domhnall mac Félim Uí Dochartaicch, la cloinn Neachtain Uí Domhnaill, ⁊ la h-Ua Neill, ⁊ a mac Ruaidhri Meic Suibhne do ghabhail a ionaid.

  6. Brian mac Feilim mic Duinn mic Con Chonnacht Meg Uidhir do marbhadh la cloind t-Sęain Bhuidhe Meg Mathghamhna, ⁊ la Cloinn n-Domnaill Cloinne Ceallaigh.

  7. O h-Ęidirsceoil Mór, Fingin mac Mhęiccon mic Fingin mic Donnchaidh Guitt d'écc i n-a thigh féin iar n-denamh oilithre San Sem, ⁊ a mhac Tadhcc mac Finghin d'écc go h-aithriccheach a c-cionn mhís iar n-écc a athar iar t-teacht ón oilithre chédna.

  8. Clann Még Raghnaill Conchobhar, ⁊ Maoilechlainn da mac taoisigh do b-fęrr oineach ⁊ uaisle do bhi i c-Connachtaibh i n-a ré do mharbhadh i n-aon lo la sliocht Mhaoileachlainn Még Ragnaill tri seachtmhaine ria Nodlaicc iar marbhadh mhęic Conmhaic mec Seoinin leo iar c-cor an tíre futhaibh co Sliabh Cairpre, ⁊ iar m-bręith buadha gacha tęccmhála gus an ló-sin.

  9. Eocchan mac Concobhair Mec Diarmada d'écc an Aoine ria b-Féil Bearaigh.

  10. Muirchęrtach mac Tomaltaigh mic Iomair Uí Áinnlighi d'écc.

  11.  p.1080
  12. Diarmaitt mac Sęaain mic Maoileachlainn Uí Fęrghail do mharbhadh la cloinn t-Sęain mic Domnaill Ui Fhęrghail.

  13. Tomaltach mac Concobhair Mec Diarmada do marbhadh la cloinn Diarmada mic Ruaidhri Mec Diarmata Domhnach na Paisi i m-Béol Atha Chaisil Bracain.

  14. Uilliam mac Taidhcc Chaoich mic Uilliam Uí Ceallaigh do marbhadh lá mac Taidhcc mic Donnchaidh Uí Cheallaigh.

  15. Móir-ionnsaicchidh la h-Ua c-Ceallaigh for an Muine Liath. Goill Iarthair Mhidhe do bręith fair, Diúidicch, Peitidigh, Tirialaigh, DairsighighDalatúnaigh. Briseadh for Ua c-Ceallaigh. Donnchadh Ua Ceallaigh co sochaidhe amaille fris do ergabhail, ⁊ drong dá c-coisidhibh, ⁊ da c-ceithearnaibh do mharbhadh.

  16. Anmann iongantach do theacht i n-Eirinn o righ Saxan .i. ionnsamhail bhaineich, dath buidhe fuirre, ingne bó aice, braighe fhoda, ceann ro-mor, earball imleabhar osé granna teircfionnfadhach, ⁊ díollait di fęin fuirre, cruithneacht, ⁊ salann aseadh nó caithędh. No thairrngędh gach slaod eire dá mhéd as a h-ęrball. Do leiccęadh for a gluinibh fo gach dorus da airde, ⁊ acc dol dia marcach fuirre.

  17. Iarla ócc Dęsmumhan do leiccęnn la Cloinn Cárthaigh, ⁊ Gearoitt mac an iarla d'einirtniucchadh lais.

  18. Maine Sionnach tighearna Muintire Tadhgain do mharbhadh, ⁊ Tadhcc mac Maine do gabhail a ionaid.

  19. Ualgarcc mac Cathail Bhallaigh Uí Ruairc do marbhadh la muintir Eócchain mic Lochlainn Ui Ruairc.

  20. Sloiccheadh la Mac Uilliam Burc i n-Uibh Maine do chongnamh la Tadg c-Caoch Ua c-Ceallaigh ⁊ iar n-gabhail neirt for Maineachaibh o Shuca siar, ⁊ iar b-faghbhail bragat uatha do-ronadh dioghbail mhór dho fo dheoidh uair ro éla seisear ar fichit as an sluagh im mac Mic Uater a Burc, im cloinn Mec Muiris, im cloinn Mec Siurtain, ⁊ im mac Mec an Mileadh, et cetera. Ro gabaitt, ⁊ ro marbhait uile la Maineachaibh cenmota Mac Siúrtáin a aonar terna ar eiccin beóghonta allos a lamha, ⁊ Mac Uilliam do shoadh fo mhela.

  21. An Giolla Glas mac Uí Uiccinn d'ecc a f-focchmhar na bliadhna-so.

 p.1082
M1473
  1. AOIS CRIOST, 1473.

    Aois Criost, mile, ceithre ced, Seachtmoghat, a trí.

  2. Dondchadh mac Aedha mic Pilip Meg Uidhir d'écc i n-a ticch fęin iar m-bręith buadha o domhan, ⁊ o deamhan.

  3. Art mac Domhnaill Bhallaigh Meg Uidhir d'écc iar m-buaidh n-ongtha ⁊ n-aithricche.

  4. Cathal Riabhach mac Duinn Cathanaicch mic Macchnusa Meg UidirRuaidhri mac Airt Uí Neill d'écc.

  5. Tomas mac Meg Uidhir (.i. Emann mac Tomais) do mharbhadh le cloinn Cathail Meg Uidir a fiull.

  6. Raghnall mac Seffraidh Meg Raghnaill adbar taoisigh Conmaicne d'écc.

  7. Muircęrtach mac Uí Conchobhair Fhailgi do marbhadh.

  8. Eduard mac Baruin Delbhna do cor docum báis i n-Ath Cliath tri a mhíbhesaib budhdhéin.

  9. Mac Uilliam Burc .i. Risderd, d'écc iar t-treccadh a tighearnais dó roimhe-sin ar Dia.

  10. Tómás Mac Feorais tighearna Atha na RioghConmaicne Dhuine Moir d'écc iar sęndataidh toghaidhe, ⁊ a mac féin, .i. Tomas Ócc do ghabhail a ionaidh, ⁊ ainm do gairm do mac Risdęird Mec Feorais i n-a aghaidh.

  11. Ruaidhri mac Aédha mic Toirrdhelbhaigh Óicc Uí Concobhair Rioghdamhna Connacht do marbhadh la h-Uilliam mac Emainn Mic Uilliam h-i c-Ceall Bruicch Baile an Turlaicch.

  12. Emann mac Matha mic Con Chonnacht Uí Fhęrgail d'écc.

  13. Uilliam Mac Raghnaill lęth taoiseach Muintire h-Eolais d'écc.

  14. Feidhlimidh Mácc Cochlain adhbhar tighearna Delbna d'écc.

  15. Maol Ruanaidh mac Feargail Mec Diarmada d'écc.

  16. Maol Ruanaidh mac Cathail mic Tomaltaigh Mec Diarmata do marbadh la Corbmac mic Ruaidhri Mec Diarmata h-i m-Bealach na h-Urbron.

  17.  p.1084
  18. Donnchadh mac Fęrgail mic Eoghain mic Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc do mharbhadh lá a chenel feisin.

  19. Conchobhar mac Diarmata Uí Chonchobhair Failge d'écc.

  20. Emann mac Domhnaill Buidhe Uí Fęrgail d'écc.

  21. Coccadh mór i Muintir Eolais ⁊ moran do mhilleadh ętorra eittir losccadh ⁊ mharbhadh. Indsaicchidh do thabhairt lá Mag Raghnaill ar bhaile Mhég Sęnlaoich, an baile do losccadh ⁊ Donnchadh mac Donnchaidh Mec Seanlaoich do mharbhadh ann co n-droing eile. Sliocht Maoileachlainn do thionol for an Tulaigh co ro loisccsead an baile. Mag Raghnaill do bręith forra, ⁊ Ruaidhri Mac Donnchaidh ⁊ clann Corbmaic Bhallaigh meic Mec Donnchaidh, Ualtar Mac Dubhghaill, ⁊ Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Dubhgaill go ro comraicsęt diblinibh i n-Doire Baile na Cairrcce. Briseadh for sliocht Mhaoileachlainn. Feargal mac Murchaidh Meg Ragnaill sáith Conmaicne d'aoín tighearna do mharbhadh don chur-sin, ⁊ Diarmait mac Uilliam Meg Raghnaill, Cathal mac Uaithne mic Murchaidh, Brian mac Diarmata Meg Raghnaill, Brian Mág Sęnlaoich, Risdęrd Mac Searraigh, ⁊ sochaidhe cenmothát do marbhadh amaille friu.

  22. Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill i n-Iochtar Connacht co rucc cíos Uí Conchobhair dó budhein.

  23. Mac Mec Domhnaill na h-Alban .i. Giolla Espuicc mac Domhnaill mic Eoin na h-Íle d'écc.

  24. O Duibhidhir .i. Tomas mac Concobhair mic Tomais do mharbhadh la Siol c-Cęinneittigh.

  25. O h-Uiginn .i. Giolla na Naomh mac Ruaidhri Móir d'écc.

  26. Brian mac Roibęird Mec Aedhaccáin ollamh Uí Concobhair DhuinnUí Ainlighi d'écc.

  27. Baile na Gaillmhe do losccadh an dara la do mhi Iun, dia h-Aoíne do shonnradh ⁊ moran do milleadh ann.

  28. Ua Fęrghail Irial do dhalladh.

 p.1086
1474
  1. AOIS CRIOST, 1474.

    Aoís Criost, mile, cethre chéd, Sechtmogat, a cęthair.

  2. Mainistir Dúin na n-Gall do thionnsgnadh la h-Aodh Ruadh (.i. Ó Domhnaill) mac Neill Ghairbh, ⁊ la a mhnaoi Fionnghuala inghęn Uí Briain (Concobhar na Srona), ⁊ a h-ędhbairt do Dia ⁊ do braithribh .S. Fronseis do raith a n-anma ar daigh go m-badh romh adhnaicthe an mainistir-sin doibh budhdhéin ⁊ dia c-clannmaicne i n-a n-deadhaidh, ⁊ nir bo h-isidhe namá, acht rattsat asccadha iomdha oile doibh.

  3. Epscop Doire .i. Niocol do ecc.

  4. O Concobhair Failge, .i. Conn mac an Chalbhaigh d'ecc isin foghmar do shonradh ⁊ a mhac Cathaoir d'oirdneadh i n-a ionad.

  5. Mag Eochaccain, Cú Coiccriche mac Neill ticcęrna Chenél Fhiachach do marbhadh la h-Aodh mac Fęrghail Meg Eochagain, ⁊ an tír do mhilleadh la h-Ua c-Concobhair f-Failge, ⁊ caislen an Bhaile Nuí do bhriseadh lais, ⁊ sliocht Fęrghail Ruaidh d'iondarbadh.

  6. Mag Mathgamhna, .i. Rudhraighe Ócc do écc iar m-bręith buadha o dhęmhan ⁊ o dhomhan.

  7. Donn Ruadh mac Con Connacht Még Uidir do marbhadh la mac Riocaird Mec Cathmaoíl.

  8. Flaithbęrtach mac Tomáis Óicc Meg Uidhir d'écc i n-a thigh fęin iar m-buaidh n-aithrighe.

  9. Fęrghal mac Sęain Uí Raighilligh do ecc.

  10. Cręcha móra do dhenamh d'Ua Domhnaill ar muintir Uí Neill, .i. ar Aodh m-Ballach mac Domhnaill. Coccadh mor etir Ua Neill ⁊ clann Aodha Buidhe Uí NéillO Neill do dhol ar sluaiccheadh i t-Tír Conuill, ⁊ Tir Aodha do losccadh lęis, ⁊ teacht slán dia thigh.

  11. Indsaicchidh do dhénamh d'Ua Neill ar mhac Aodha Buidhe ⁊ ar cloinn Airt  p.1088 Uí Néill isin Tuaisceart ⁊ cręcha mora do chor ręmpa. Trian Congail uile do bhręith orra. O Neill do bhręith na c-cręch lęis, ⁊ techt slán dia thigh.

  12. Lá coinne d'orducchadh la h-Ua c-Concobhair n-Donn .i. Fęidhlimidh mac Toirrdhealbhaigh, ⁊ la h-Ua c-Ceallaigh, ⁊ briseadh sioda ętorra isin c-coinne h-isin iar n-dol i c-cęnn aroile doibh, go ro briseadh for Ua c-Concobhair, ro gonadhe, ⁊ ro gabhadh dna a mhac .i. Eoghan Caoch. Ro gabhadh umorro Toirrdhealbhach Caoch Mac Suibhne. Ro marbadh din Eoghan Caoch Mac Suibhne ⁊ mac Dubhgaill Gruamdha Mac Suibhne. Ro gabhadh ann consapal Meic Donnchaidh, ⁊ ro ládh ár na n-gallocclach etir marbhadh ⁊ gabhail. Ua Concobhair d'ecc dia ghonaibh iar t-tain, ⁊ da thighearna do ghairm i n-a ionadh, .i. Donnchadh DubhsuileachTadhg mac Eoghain Uí Concobhair.

  13. Mac Uí Briain, .i. Tadg mac Concobhair, ⁊ Diarmaid mac an Easpuicc Uí Briain do theaccmail re 'roile tre imręsain fęrainn boí ętorra, ⁊ rop' áil lá Tadg Diarmait do ghabhail. Do-ratt Diarmait bęim do chloidhimh do Thadg i n-a chęnnmhullach gur lęicc a inchinn amach. Ar a ai gabhais muintęr Taidhg ei-siumh, ⁊ do-bęrt anacal dó. At-bail Tadg gan fhuireach. Ro riaghadh Diarmait iaramh la h-Ua m-Briain a c-cionaidh a mhic.

  14. An Giolla Dubh Ua h-Eaghra (.i. mac Uí Ęghra) do mharbhadh la a dhęrbrathair fęin Eoghan.

  15. Tadhg Ua Briain tighearna Aradh do écc.

  16. Laighnech mac Neill Meg Eochaccain do écc.

  17. Maoil Seachlainn mac Aodha Mec BranainEduard Ploingced an t-aon Gall ro b-fęrr do Ghallaibh na Midhe do ecc.

  18.  p.1090
  19. Donnchadh mac Muircęrtaigh, mic Aodha Uí Concobair d'iarsma Cloinne Muirceartaigh Mhuimhnigh do ecc i t-Topar Oilbhe for Maigh Aí.

  20. Sęan mac Maoilechlainn Uí Feargail, ⁊ Diarmaid Gall mac Mec Diarmatta Gall d'écc.

  21. Diarmaid mac Concobhair mic Seaffraidh toiseach Cloinne Cathail d'écc an Aoíne ria b-Feil Michil.

  22. Cairpre mac Aodha mic Ruaidhri mic Briain Bhallaigh do mharbhadh la sliocht Taidhcc Uí Choncobair.

  23. Giolla Fionn Mac Aedhaccain ollamh Ui Concobair Fhailgi, ⁊ Tomás mac Domhnaill Uí Cobthaigh d'écc.

  24. Ua Dálaigh Midhe, .i. Cairpre d'écc.

  25. Toisigeacht na h-Anghaile do ghabhail do Shęan Ua Fhęrghail a c-ceann a dhearbrathar do bhí dall.

M1475
  1. AOIS CRIOST, 1475.

    Aoís Criost, mile, cethre ched, Seactmodha, a cúicc.

  2. Donnchadh mac Aedha Mec Suibhne Prioir Doire d'écc.

  3. Aodh mac Eoghain mic Neill Oicc Uí Neill fear do ba lán d'eineach, ⁊ d'ęngnamh, d'uaisle ⁊ d'oirbheart rioghdamna Chenél Eoghain d'écc i n-a thig féin iar m-buaidh n-ongtha, ⁊ n-aithricche.

  4. Aodh mac Neachtain Ui Dhomhnaill do bhathadh i c-coite ar bun na Banna.

  5. Concobhar mac Briain Mec Donnchaidh d'écc h-i mí Ianuarii.

  6. Domnall mac Seaain Uí Fęrgail do mharbhadh la cloinn Cathail mic Uilliam Uí Fęrghail, ⁊ a n-diochur fein i meascc Gall.

  7. Murchadh mac Eoghain Uí Madadhain tighearna Sil n-Anmchadha, ⁊ Diarmait mac Briain Uí Birn d'ecc.

  8. Sęan Ua Feargail taoiseach na h-Angaile d'écc h-i n-Granard iar n-denamh  p.1092 bainnsi a thaisighechta riasiu do chaith ní da toradh, ⁊ a adhnacal h-i mainistir Lęth Ratha.

  9. Rudhraighe mac Rosa mic Muircęrtaigh Midhigh mic Briain Uí Fęrgail do ecc ré bel toisighechta do gabháil dó, ⁊ taoiseach do gairm do Rudhraighe mac Cathail mic Tomais i n-acchaidh sleachta Sęain mic Domhnaill Uí Fęrgail.

  10. Sionnach Muintire Tadhgáin do mharbhadh la Murchadh mac Airt Uí Mhaoílechlainn.

  11. Emann mac Maoileachlainn h-Ui Ainligi sáith na t-Tri t-Tuath do thaoíseach d'ecc an cęthramadh lá iar f-Fel Míchil dia Dardaoin ar aoí laithe sechtmaine.

  12. Coccadh mor etir Mag Mathghamna, .i. Remann mac Rudhraighe, ⁊ clann Aodha Ruaidh Mhég Mathgamna. Imirce nęirt do dhenomh do clainn Aodha Ruaidh h-i f-Fearnmhaigh, ⁊ sluagh Gall do techtma c-comairrcis. Mag Mathghamhna do thecht isteach fan Eóganaigh, ⁊ dol dó amach doridhisi h-i Fearnmhaigh, ⁊ clann Aodha do dhol ar Galldacht. Mag Matghamhna co n-a sochraide do denamh ionnsaighe ar Ghallaibh. Clann Aedha Ruaidh, ⁊ Goill Mhachaire Airghiall do breith fair. Sraoineadh for Mag Mathgamna, ⁊ e féin, ⁊ Brian mac Rudhraighe Meg Mathghamhna do ghabháil ⁊ drong mor ele do mharbhadh, ⁊ do ghabháil don chur-soin dia mhuintir.

  13. Sluaiccheadh timcill la h-Ua n-Domhnaill, .i. Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh. Mag Uidhir, Ua Ruaircmaithe Iochtair Chonnacht imaille fris, ⁊ gabháil dóibh ar tus go Bel Atha Conaill do thobhach Briain mic Feilim Uí Raighilligh ro bai na fhear rainn ⁊ pairte ag Ua n-Domnaill, ⁊ do denam síodha etir Ua RuaircUa Raighilligh. Tainic dna Ua Raighilligh h-i c-cęnn Uí Domhnaill go Bél Átha Conaill, ⁊ ro shiodhaigh Ua RuaircUa Raighilligh fria 'roile, ⁊ Brian mac Feilim bheos, ⁊ do-radadh Pilip Ua Raighilligh d'Ua n-Domhnaill fri tairisi ⁊ fri comhall dó co n-a bręith fein amaille fris. Iseadh do-chóidh iaromh co Fiodhnach Maighe Réin, ⁊ tainicc Mág Raghnaill i n-a chęnd. Téid iaramh isin Angaile do chongnamh la cloinn íriail Uí Fęrgail batar i n-a c-cairdibh aige gur ro milleadh, ⁊ gur ro  p.1094 loiscceadh leis an Angaile achtmadh cuid chloinni Iriail inama, ⁊ fágbhais clann Iriail i t-tren ⁊ h-i t-treisi. Do-choidh asidhe iaramh tre Iarthar Midhe co ro loiscceadh Bailte Caislein Delbhna ⁊ an tír ar gach taoibh diobh lais. Baí adhaidh longpuirt h-i c-Cuircne Midhe. Tangattar DiolmhainighDalatunaigh i n-a teach, ⁊ do-rónsat sidh fris. Teid iaromh i n-Uibh Failghe ar tarraing Uí Concobhair Fhailghe do bi na bhrathair aicce, .i. Cathaoir mac Cuinn mic an Calbhaigh, ⁊ do dhioghail a athar, .i. Niall Garbh ar Ghallaibh, baoí re h-eadh i n-Uibh Failge acc indradh ⁊ acc orccain na Midhe ar gach leath uadh. Bristear, ⁊ loisctear leis caislén Cairpre, ⁊ Baile Mhaoilir. Loisccthear, ⁊ airccthear leis bheós Fir Bhriúin, ⁊ Fir Tulach, ⁊ fuair dna comhadha o lucht an Mhuilinn Chirr ar an m-baile do leccadh dóibh gan orccain, iar milleadh an tíre ar gach taoibh de. Do-chóidh iaromh ar Coilltibh an Ruba ar tarraing Cholmáin Uí Maoíleachlainn, ⁊ ro gabh for milleadh Cloinne Colmáin, .i. dúthaigh Uí Mhaoileachlainn. Ro loiscceadh leis dna caislén Maighe Tamhnachcaislen Maighe h-Eille. Bá don chur-sin tra ro sraíneadh maidhm na Gairbh Eisccreach lá h-Ua n-Domhnaill for Ua Maoileachlainn co líon a thionoil ⁊ a sochraide. Maidm Belaigh na c-Corr Gad ainm oile dhó ona gadaibh nó sindís lucht an tíre fo braighdibh druinge don t-sluagh tre iomcumga an bhealaigh h-ísin. Ba isin lo cedna ro meabhaidh maidhm Baile Locha Luatha ria h-Ua n-Domhnaill du in ro marbhad mac Meg Amhalgaidh co sochaidhibh  p.1096 amaille fris, ⁊ battar adhaigh longpuirt isin maighin-sin. Luidh Ua Domhnaill co n-a sluagh ar n-a marach go Sionainn. Ro tęglaimseat ⁊ ro tionoilsiot na dronga do Shiol c-Ceallaigh battar i n-a fharradh for an sluaigheadh-sin a b-fuairsiot i n-a c-comhfochraibh d'arthraighibh co n-deachaidh Ua Domhnaill co n-a sluagh tar Sionainn i n-Uibh Maine, ⁊ ro airis ainnsein go ro chuir scis ⁊ athtoirse a sloighidh imchęin de. Luidh iar t-tain h-i c-Cloinn Riocairdh-i c-Conmaicne Chuile, ⁊ h-i c-Cloinn Goisdelbhaigh, ⁊ tar ais tre Machaire Connacht ⁊ dia thír fęisin iar na riarucchadh, ⁊ iar m-breith buadha ⁊ cosgair da gach maighin gus a ráinicc.

  14. Aodh mac Eoghain mic Cathail Ui Conchobair, Uilliam mac Taidg Uí Cheallaigh, ⁊ Hoibeard mac Rudhraighe mic Rosa d'écc.

  15. Barun Delbna d'écc.

  16. Da mac Airt Uí Maoileachlainn do mharbhadh lá Colmán mac Airt Uí Mhaoílęchlainn.

  17. Caislen an Chalaidh do gabail lá Mac Uilliam Cloinne Ricaird, ⁊ a thabhairt do mac Mhaoileachlainn Uí Cheallaigh, .i. mac a ingęine feisin.

  18. Corbmac Ua Cuirnín oide eigęs Ereann, ⁊ Giolla na Naemh mac Maoileachlainn Uí Uiccinn d'écc.

  19. Feidhlimidh mac mic Ui Neill, ⁊ Mac an t-Sábhaoisigh dho ghabháil lá Conn mac Aodha Buidhe, ⁊ Mac an t-Sábhaisigh d'eludh uadh iar sin.

 p.1098
M1476
  1. AOIS CRIOST, 1476.

    Aois Criost, mile, cęithre ced, seachtmogat, a sé.

  2. An t-epscop Mag Samhradháin do écc. Sęan mac Briain i n-a ionad.

  3. Seaffraidh mac Siacusa príoír Mainistreach Deircc d'écc.

  4. Uaitne mac mic Cathail Uí Conchobair solus eccna na h-Ereannardmaighistir isna h-ealadhnachaibh d'écc.

  5. Mag Uidir, .i. Tadg mac Emainn mic Tomais do mharbhadh a f-fioll la a dhearbhrathair Ruaidhri.

  6. Donnchadh mac Tomais mic Tomais mic Pilip Meg Uidhir adhbhar tighearna Fear Manach, fear lan do deaghaithne, d'eineach, ⁊ d'oirdearcus d'ecc iar m-buaidh n-aitrighe.

  7. Tuathal mac Uí Neill do marbhadh la Gallaibh Machaire Airghiall.

  8. Tadhg Ócc mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc tanaisi na Breifne d'ecc.

  9. Aedh mac Ui Cheallaigh (.i. Uilliam) do marbhadh la Tadhcc a dhearbhrathair féin i n-Ath Luain.

  10. Ua h-Eaghra Iartarach .i. Riabhach, .i. Uilliam d'écc.

  11. Tadhg mac Eoghain mic Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh i f-fiull la triar dá muintir féin, .i. mac Ruaidhri Ruadh mac Eoghain mic Cathail, ⁊ mac Cathair, an Abadh Uí Concobhair, ⁊ mac Donnchaidh Uí Taidhg, ⁊ caislén Rosa Comain do gabháil dóibh, ⁊ a gabháil forra sin fo cedóir.

  12. Edaoin ingean Domhnaill mic Muircheartaigh bean Uí Concobair Dhuinn d'écc.

  13. Dearbforgaill inghęn Feidhlimidh Fhinn Uí Concobhair bean Uí Concobhair Duinn d'écc.

  14. Brian mac Fergail Ruaidh Uí Uiccinn cęnd a fhine fein oide sgol EreannAlban lé dán d'ecc dia Dardaoín Mandala, ⁊ a adnacal i n-Ath Leathain.

  15. Domhnall Riabhach mac Gearailt Caomhanaigh tighearna Laighen d'écc.

  16.  p.1100
  17. Ionnsaighidh do dhenamh d'Ua Neill ar Oirghiallaibh, ⁊ clann Még Mathgamhna, .i. clann Rémainn, ⁊ Bhrian mac Rudhraighe, ⁊ Oirghialla uile ó Eoghanaigh asteach do teichęmh siar fo Machaire Tulcha, creacha, ⁊ airccthe do breith d'Ua Neill uatha on machaire remhráite, ⁊ o lęithimlibh Bręifne, ⁊ Neill do theacht dia thicch iar sin fo bhuaidh ⁊ cosccar.

  18. Slóiccheadh mór la h-Ua Neill dochum meic Aedha Bhuidhe Uí Neill, ⁊ dol dó fo caislén Beoil Feirste. An caislén do ghabhail, ⁊ do briseadh leis, ⁊ teacht dia tigh iar sin.

  19. Seaan mac Uí Anluain dho marbhadh lá a dearbrathair.

  20. Morshluaiccheadh lá Mac Uilliam Burc i n-Iochtar Connacht, ⁊ sluagh ele lá h-Ua n-Domhnaill i n-a aghaidh. Do riacht Ua Domhnaill co Cúil Cnamha, ⁊ Mac Uilliam co Coilltibh Luighne. Do-deachaidh Mac Diarmada h-i toirithin Mec Uilliam, ⁊ Mac Donnchaidh i t-toirithin Uí Domhnaill. Do-thaod Ua Domhnaill tar fearsait na Fionntragha. Ro bęnadh eich ⁊ daoíne de ag dol anonn h-i c-Cairpre. Ro lean Mac Uilliam anonn h-é. Battar aghaidh i n-aghaidh amhlaidh sin co n-dearnsat sídh fo dheóidh, ⁊ ro rannsat Iochtar Chonnacht ar dhó, .i. Uí Dhúbda crioch Luigne, ⁊ lęth CairpreMac Uilliam, ⁊ an lęth n-aill lá h-Ua n-Domnaill.

  21. Morsluaiccheadh Gall na Midhe h-i Maigh Breaghmaine gur bhriseattar an Ráith Riabhach go ro fhéimghędar an Phailís. Loisccit Mainistir Shruthra. Milltear leo guirt, ⁊ arbhanna an tire, ⁊ sgaraitt cen sídh.  p.1102 Mag Raghnaill do dhol h-i Maigh Breaghmhaine co ro mhill a n-deachaidh on t-sluagh Gall dia n-arbhannaibh.

  22. Coccadh mór etir Gallaibh MidheLaighin, ⁊ mac Seaain mic Mec Tomais do mharbhadh for an c-coccadh-sin. A triar dearbrathar sidhe ⁊ mac Airt mic Cuinn Uí Mhaoileachlainn ⁊ mac Muiris Mic Piarais do gabháil lá h-Ua c-Conchobhair f-Failghe.

M1477
  1. AOIS CRIOST, 1477.

    Aois Criost, mile, cęithre ched, Seachtmoghad, a seacht.

  2. Gearoid mac Iarla Deasmumhan do mharbhadh, ⁊ ocht fir dhécc do Ghearaltachaibh do chor chum báis iar sin.

  3. Brian mac Muirgheasa Mec Diarmatta do mharbhadh lá a chenel feisin.

  4. Ailbhe inghean Aedha Mheg Uidhir bęn tuc í féin ⁊ a maithęs bliadhain ria n-a bás do Dhia, ⁊ do mainistir Leasa Gabhail d'écc.

  5. Aodh mac Donnchaidh mic Tomais Meg Uidhir, ⁊ Brian mac Conchobhair Óig Meg Uidhir d'ecc.

  6. Ruaidhri mac Emainn Meg Uidhir do mharbhadh la Coin Connacht mic Remainn Riabhaigh mic Duinn mic Con Connacht Meg Uidhir a f- fiull.

  7. Donn mac Eoccain mic Aedha Meg Uidhir do mharbhadh la Donnchadh Ócc mac Donnchaidh mic Aodha.

  8. Matha Ua Luinin aircinneach na h-Arda saoí re seanchus d'écc.

  9. Easaonta ⁊ imręsain do fhas eitir Ua n-Domnaill ⁊ clann Neachtain Uí Domhnaill. Niall mac Domnaill Uí DomhnaillFelim mac Toirrdealbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh la cloinn Neachtain don cur-sin, ⁊ dioghbhail mhór do denamh ętorra. O Neill do dhol ar sluaigheadh i t-Tír Aodha ar tarraing cloinne Neachtain, ⁊ Tír Aodha do mhilleadh, ⁊ do losccadh leis, ⁊ tocht dia thigh fo bhuaidh, ⁊ cosccar iar sin.

  10.  p.1104
  11. Corbmac mac Donnchaidh mic Mec Carthaigh Riabhaigh do gabhail lá Corbmac mac Taidhcc mic Corbmaic mic Diarmata Ręmhair Musccraighe, ⁊ la cloinn Diarmata an Dúnaidh, .i. clann dearbrathar a athar fein. Coccadh Mumhan amach uile d'erge tresan n-gabháil-sin, ⁊ an lęth thęs do mhilleadh uile eittir GhallaibhGaoidhealaibh.

  12. Mac Uaitne Uí Mhordha do mharbhadh h-i m-Baile Daithi la Mac Piarais Buitilér ⁊ la h-Art Ua c-Conchobhair.

  13. Gaoth mhór oidhche Fheile Eoin Bruinne do bęith isin m-bliadhain-si co ro mhill iomarcraidh do chumhdaighibh cloch, clarach, crannocc, ⁊ cruach sęchnón Ereann.

M1478
  1. AOIS CRIOST, 1478.

    Aois Criost, mile, ceithre chéd, Sechtmoghatt, a h-ocht.

  2. An t-Epscop Ua h-Uiccinn, .i. epscop Maighe Eo na Saxan, d'écc.

  3. An t-espucc Mag Samhradhain d'écc.

  4. Tomas Dubh Ua Cairbre biocaire Achaidh Urchair fęr eaccnaidh craibhdech é-sidhe d'ecc.

  5. Iarla Cille Dara d'écc, ⁊ Gearoid a mac do gabail a ionaid.

  6. Risdęrd mac Emainn Mic Risdęird Buitiler do marbhadh lá Fingin Ruadh mac Fínghin (.i. d'Osraighibh) i n-dorus Chille Cainnigh.

  7. Corbmac mac Donnchaidh Még Carthaigh do dhalladh la a bhraithribh iar n-a bęith i laim aca re h-ędh.

  8. Donnchadh mac Briain Bhallaigh Ui Conchobhair, ⁊ Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh Ui Concobhair d'écc.

  9.  p.1106
  10. An Giolla Dubh mac Briain mic Feilim Uí Raighilligh d' écc.

  11. Tomás mac Piarais Buitilér do marbadh.

  12. Tomas Ua Conchęnainn tighearna Ua n-Diarmata do mharbhadh lá mac a dearbrathar fęin.

  13. Pláigh mhór do theacht le luing ar chuan Eassa Ruaidh. Lęthnucchadh don phláigh-sin h-i f-Fearaibh Manach,h-i t-Tír Chonaill, ⁊ isin c-cúicceadh go coithchęnn, ⁊ Mac an Baird .i. Gofraidh, Tire Conaill d'ecc di, ⁊ dioghbhail mhor do deanamh di isin c-cúicceadh uile.

  14. Mac Ritbeartaigh, .i. Ciothruaidh ollamh Meg Uidhir lé dan, Tadhg Fionn Ua Luinín saoí le leighęs ⁊ le seanchas, Ua Breisléin Tadhcc mac Eoghain ollamh Meg Uidhir le bręithęmhnas, ⁊ Ua Cobhthaigh Muirceartach Bacach d'écc.

  15. Iondsaighidh do dhenamh d'Aodh Ócc Mácc Mathgamhna 's a lucht tighe ar Brian mac Remainn Meg Mathghamhna. Creacha mora do dhénamh dó ⁊ Brian fein do gabhail i t-toraighecht na creiche.

  16. Maoileachlainn mac Aodha Buidhe Meg Eochagain tighearna Chenél Fhiachach do mharbhadh i n-a chodladh lá dís dia muintir fęin h-i c-Caislén Lęth Ratha, ⁊ a losccadh búdhein i n-a c-cionaidh.

  17. Emann mac Conchobhair Meg Raghnaill d'écc.

  18. Uilliam mac Seaain Uí Feargail do mharbhadh d'urchor do cuaille d'fior dia muintir féin.

  19. Pláigh mhór i n-Erinn uile. Barun DelbnaMac Muiris Airig d'ecc di.

  20. Fachtna Ua Feargail do marbhadh la mac Emainn mic Hoiberd Dalatun.

  21. Art mac Colmain Uí Maoileachlaind, ⁊ Mac Samhradhain .i. Cathal mac Donnchaidh Ballaigh d'ecc.

  22. Mac Feargail Uí Gadra, ⁊ Magnus Mac Dabhid do marbhadh la sliocht Ruaidri Mec Diarmata.

  23.  p.1108
  24. Emann mac Taidhcc mic Lochlainn Uí Ainlighe do mharbhadh la a chęnél budh dhéin.

  25. Caislen Sliccigh do gabhail lá Mac Uilliam Burc for bardaibh Uí Domhnaill ⁊ a thabhairt do mac Briain Uí Concobhair. Mac Uilliam Burc do thecht h-i Maigh Luircc iar sin, ⁊ an tír do mhilleadh dhó, .i. cuid Ruaidhri Mec Diarmata. Ruaidhri do dol for Cruachan i n-a dioghail-sidhe i n-aghaidh Concobhair Mec Darmatta baí i n-a Mac Diarmata, ⁊ i n-a rann ag Mac Uilliam, ⁊ suidhe dhó as a h-aithle a t-timcheall na Cairrcce a f-forbhaisi, ⁊ sasa do chor chuicce do delbattar saoir tuccadh a Fearaibh Manach, ⁊ aon mac Mec Diarmata do marbhadh d'urchor saighde as an t-sás sin, ⁊ an Carracc do ghabhail tresan urchor-sin. Lain-tighearnas Maighe Luircc do gabhail do Ruaidhri, ⁊ Conchobar do dhíbirt.

  26. Coccadh adhbal for Machaire Connacht. Feidhlim FionnUa Conchobair Donn do lęith annsin, clann ócc Thaidhcc Uí Chonchobhair, clann Feidhlim, ⁊ clann Uí Concobhair Ruaidh don lęith araill. An Machaire uile etir chill ⁊ tuaith do mhillędh ętorra. Toirrdhealbhach Ruadh mac Ruaidhri mic Feidhlimidh Uí Conchobhair rogha mac ríogh do mharbhadh ar in c-coccadh-sin.

  27. Tadhg mac Diarmada Ruaidh Uí Conchobhair do mharbhadh la sliocht Briain Bhallaigh a mebail.

  28. Gaoth adhbal do thurccbhail oidhche Nodlac Steill, ⁊ bá h-oidhche dilginn do cach í ar a mhéd ro mhudhaidh do dhaoínibh ⁊ ceathraibh, chrannaibh, ⁊ chumhdaighibh uiscce ⁊ tire seachnón Ereann.

 p.1110
M1479
  1. AOIS CRIOST, 1479.

    Aois Criost, mile, ceithre ced, seachtmogatt, a naoí.

  2. Mainester Mhílęic do dhénamh la h-Ua Madagain ar brú na Sionna i n-epscopóitecht Cluana Fęrta do Braithribh .S. Fronseis, ⁊ a togha fęin innte.

  3. Piarus mac Nioclais h-Uí Flannaccain baí i n-a chananach coraidh h-i c-Clochar, i n-a phearsún ⁊ i n-a phrióir Ceile n-De i n-a Shacrista i n-Daimhinis, ⁊ i n-a oificel ar Loch Eirne, saoí dhéshearcach chraibhdheach deigheinigh daonnachtach d'ecc iar m-breith bhuadha ó deamhan ⁊ ó dhomhan.

  4. Coccadh mór etir Cenél c-ConaillEoghain, uair do-chuattar clann Airt Uí Neill h-i t-Tir Conaill do coccadh ar Ua Neill, ⁊ do-rónadh dioghbhala móra ętorra.

  5. Ua Néill do dhol ar ionnsaicchidh i t-Tír Conaill, ⁊ creacha móra do thabhairt lais ó cloinn Airt ⁊ ó Conallchoibh don turus-sin.

  6. Brian mac Feilim Uí Neill do gabhail lá h-Ua Neill, ⁊ a lęiccęn amach iaromh.  p.1112 Fuaslaichthe mora do bhęin as, ⁊ a dias mhac do braighdibh fri tairissi. Brian do dhol d'ionnsaiccidh ar Ua n-Domhnaill do coccadh ar Ua Neill dhoridisi.

M1480
  1. AOIS CRIOST, 1480.

    Aois Criost, mile, ceithre chéd, ochtmoghatt.

  2. Mag Uidhir, .i. Tomas Occ mac Tomais Moir mic Pilip mic Aodha Ruaidh fęr ro ba mó deirc, crabhaidh, ⁊ eineach baí i n-a aimsir fear cosanta a criche ar eachtaircheinealaibh, fear denma mainistrech, teampall ⁊ chailiseach fęr ro baí isin Roimh, ⁊ fo di h-i c-cathraigh SanSem ag a oilithre, d'écc, ⁊ a adhnacal i mainistir in Chabhain iar t-togha dó innte.

  3. Mac Magnusa Meg Uidhir, .i. Cathal Ócc mac Cathail Mhóir mic Giolla Pattraicc mic Magnusa brucchaidh tocchaidhe ei-sidhe d'écc iar m-buaidh ongtha ⁊ aithricche.

  4. Maghnus Ruadh Ó Domhnaill do marbhadh le cloinn Fheilim Riabhaigh Uí Domhnaill.

  5. O Neill do dol ar ionnsaicchidh i t-Tír Conaill,loiscthe ⁊ dioghbhala iomdha do denamh lais.

  6. O Domnaill do dol ar ionnsaicchidh i t-Tir Eoccain. Clann Airt Uí Neill ⁊ clann Fheilim Uí Neill do bęith i n-a fharradh, ⁊ creacha móra do denamh lais ar Mac Cathmaoil h-i c-Cenel FearadhaicchBrian mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh mic Enri Uí Neill do marbhadh leó, ⁊ mac Mec Catmhaoil Semus. Do-rala Ua Neill co n-a cloinn i n-a comfocraibh in tan-sin ⁊ ro lęnsat clann Uí NeillMac Cathmaoil na creacha ⁊ ro marbhadh leo Eoghan mac Airt Uí Neill baoi h-i f-fochair Uí Domhnaill saoí chinnfheadhna e-sidhe. Rucc Ua Domhnaill na creacha, ⁊ soais dia tigh iar c-cosccar co n-edalaibh iomdha lais.

  7. Eoghan Ua Domhnaill .i. Mac Neill Ghairbh, marbhadh la cloinn Nechtain Uí Domhnaill i c-Cluain Laogh .i. an 29. do SeptemberEoghan Caoch mac Magnusa Ui Concobhair do marbhadh i n-a fharradh ⁊ mac Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Conchobair do gabhail ann bheós.

  8.  p.1114
  9. Rudhraighe mac Rudhraighe mic Neachtain Uí Domhnaill do marbhadh lá cloinn Neill Uí Domnaill.

  10. O Domnaill do gabail coinne lé cloinn Neachtain, ⁊ le Conn Ua Neill fa Caislén na Finne, ⁊ sídh do dhenamh dhóibh re 'roile, ⁊ tanaisdecht Tire Conail do tabhairt d'Eiccneachán Ua n-Domhnaill.

  11. Remann Riabhach mac Duinn mic Con Chonnacht Meg Uidhir, ⁊ Mac Gille Fhinnéin .i. Tadhg mac Briain taoiseach ro b-fearr teach n-aoidhędh baoi i n-a athfhoccus d'écc.

  12. Ua h-Eodhosa, .i. Aongus mac Sęain saoí fhir dhánaFeargal Mac Eochadha deighfhear dana ele d'écc.

  13. Corbmac mac Airt Chuile Meg Uidhir, ⁊ Pilip Riabhach mac Amhlaoibh Meg Uidhir d'écc.

  14. Art mac Rudhraighe Még Mathghamhna do mharbhadh ar deireadh creiche oidhche do-rinne sé féin isna Fędhaibh h-i fearann Con Uladh mic Aodha Uí Neill.

  15. Coccadh etir cloinn Aodha Ruaidh Még Mathgamhna, ⁊ clann Remainn Meg Mathghamna, creacha mora do dhenamh ar cloinn Remainn, ⁊ a c-cur isin m-Breifne i c-cęnd h-Uí Raighilligh.

  16. Sccaindear crodha etir cloinn Emainn a Burc, ⁊ clann Riocaird A Burc. Bristear ar chloinn Emainn. Marbhthar mac Mec Dubhghaill na h-Alban (.i. Colla) d'aon urchor soigde ⁊ sochaidhe oile amaille fris an tan-sin.

  17. Seaan Mec Gille Fhinnen .i. mac Briain, ⁊ tri fir dhecc do muintir Cloinne Briain mic Pilip Meg Uidhir do marbhadh acc Bealach Uí Mithidhein lá cloind Uí Ruairc, TighearnanBrian Ruadh clann Tighearnain mic Taidhcc mic Tighearnain iad-sén.

  18. Sluagh Gall do theacht i t-Tír EoghainConn Ua Neill fa chaislén Sheaain Buidhe Ui Neill, .i. iarla Chille Dara fęr ionaid righ Saxan i n-Erinn, ⁊ Goill na  p.1116 Midhe ar chęna. Seaan Buidhe féin do bęith isin c-caislen, ⁊ an baile do chongmháil, ⁊ do shęsamh dó d'aimdheóin an t-sluaigh, ⁊ an sluagh d'imthecht tar anais, ⁊ Seaan Buidhe do dhenamh siodha fri h-Ua Neill iar t-tain.

M1481
  1. AOIS CRIOST, 1481.

    Aoís Criost, mile, cethri cédh, ochtmocchat, a h-aon.

  2. Brian mac Felim Uí Raghallaig, cęnd dámh ⁊ deóradh, ⁊ fear tighe aoídheadh coitcind d'écc.

  3. Toirrdhealbhach mac Pilip mic Tomáis Még Uidhir do mharbhadh i fell an 5. do October i n-a chaislén fein la Donnchadh Occ mac Donnchaidh mic Aodha Meg Uidhir saoi choitcheann chomhlán ar eineach, ar aithne, ⁊ ar uaisle, ⁊ a adhnacal i Mainistir Dhúin na n-Gall iar t-togha dhó inte.

  4. Ua h-Anluain Feilim do marbhadh saoí chinnfhędhna ar uaisle ⁊ ar oirbeart e-sidhe.

  5. Cathaoir Caomhanach mac Mec Murchadha do mharbhadh lásan c-Contae Riabhach.

  6. Mac an t-Sabhaoisigh, .i. Pattraicc do gabail la Conn mac Aodha Buidhe, ⁊ a dhalladh leis.

  7. Sláine inghęn Ui Bhriain bęn Mec Uilliam Cloinne Riocaird soidhtheach lán do dheirc ⁊ d'fhele, bean ro dearsccnaigh do mhnáibh a h-aimsire d'écc iar m-breith bhuadha ó dhomhan ⁊ ó dęmhan.

  8. Cu Chonnacht mac Seaain mic Con Connacht Még Uidhir, ⁊ Feilim mac Duinn mic Con Connacht mic Pilip mic Aodha Ruaidh Még Uidhir d'écc.

  9. Coccadh mór d'eirge h-i t-Tir Eoghain etir Ua NeillSeaann Buidhe Ó Neill. Clann Airt Uí Neill, ⁊ clann Fheilim Uí Neill do bęith i n-aghaidh Uí Neill ar in c-coccadh-sin. Clann Airt do denamh creiche ar cloinn Uí Neill ⁊ cland Uí Neill do denamh creiche no dó ar Seaan Bhuidhe. Clantt t-Seaan Bhuidhe da lęnmain  p.1118Aodh mac Cathail mic Feidhlimidh Uí Concobhair do mharbhadh leo, ⁊ mac Giolla Pattraicc Mic Cathmhaoil co sochaidhibh oile nach airimhthear.

  10. Conn mac h-Ui Neill .i. Enri, do ghabhail lé cloinn Aodha Buidhe Uí Neill, ⁊ a thabhairt h-i laimh Ui Dhomhnaill.

  11. Semus mac Maoilir Mec Hoirebert do mharbhadh lá Gearoid mac Emainn Geangcaigh Mec Hoirebert.

M1482

    AOIS CRIOST, 1482.

  1. Aoís Criost, mile, ceithre ched, ochtmoghat, a dó.

  2. Fioghair naomh chroiche an Coimhdeadh d'arthrucchadh ⁊ d'fagbháil ar brú locha Bhaile an Chuilinn. Fearta ⁊ miorbhalla iomdha do dhenamh dhi.

  3. Giolla Crist Ua Fiaich biocaire Aire Brosccaigh Saoí cleiricch ⁊ fear tighe aoidheadh coitchind fri ré aon bliadhan décc do écc.

  4. Conn mac Aodha Buidhe Uí Neill tobar feile, ⁊ feichęmh coitcheann do cliaraibh Ereann, ⁊ Alban. Ceann coccaidh ⁊ cosanta cirt a ceneoil, ⁊ rioghdhamhna an chuiccidh d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

  5. Enri mac Con Uladh mic Aodha mic Eoghain Uí Néill do marbhadh la Gallaibh.

  6.  p.1120
  7. Art mac Donnchaidh Meg Uidhir d'ecc.

  8. Maol Mordha mac Cathail Uí Raighilligh do mharbhadh lá cloinn Aodha Uí Raighilligh. Clann Aodha do theacht dia t-tir ar sith, Clann Cathail dia n-ionnsaighidh ⁊ tęgh do gabhail forra, ⁊ mac Aodhada mac Fheidlimidh mic Aodha do marbadh co n-druing oile.

  9. Brian mac Feilim Uí Neill do marbhadh la mac Cuinn mec Aodha Buidhe, ⁊ la sliocht Enri Aimreidh. Ba saoí ar eineach ar eangnamh ar cęnnach duan ⁊ drecht an Brian h-íshin.

  10. Donnchadh Occ mac Donnchaidh Meg Uidhir (las ro marbhadh Toirrdhealbhach mac Pilip Meg Uidhir) do mharbhadh d'aon orchur soighde.

  11. Murchadh mac Taidhcc mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh la sliocht Airt Uí Ruairc.

  12. Diarmaid mac Lochlainn Óicc Uí Ainlighi adhbhar toisigh Chenel Dobhta do mharbhadh co n-a bhraithribh a meabhail la sliocht Giolla na Naomh Uí Ainlighi, dar slánaibh mionn Connacht ⁊ druinge dia maithibh.

  13. Ruaidhri Buidhe Ua h-Ainlighi taoísech Chenél Dobtha d'écc iar seandataidh toghaidhe, ⁊ Tadhcc a bhrathair do ghabhail a ionaid.

  14. Sluaigheadh dioghla lá Ruaidhri Mac Diarmata tighearna Mhoighe Luircc, lá Tadhg Mag Raghnaill tighearna Conmaicne Mhaighe Ręin h-i c-Cenél Dobhtha iar m-briseadh a slán dia ro loiscceadh teach Uí Ainlighi, ⁊ dia ro marbhadh Donnchadh mac Siacusa Carraigh, ⁊ mac Concobhair mic mic Corbmaic. Bręsmhaidhm forra lasan tír co Béol an Atha Fada. Feidhlimidh Fionn Ua Conchobair do thochar i n-aghaidh an mhadhma-sin ⁊ a chothuccadh dhó.

  15. Brian Ócc mac Briain mic Cathail Duibh Uí Conchobhair do marbhadh lá sliocht Taidhcc Uí Chonchobhair h-i c-Cuirreach in Araccail.

  16. Maidhm i n-Ath na c-Cęnnaigheadh la h-Art Ua c-Concobhair for Oiliuer Ploingcéd, ⁊ dream dia mhuintir do mharbhadh, ⁊ Oiliuér fęin do ghabhail.

  17.  p.1122
  18. Domhnall mac Rúdhraighe Uí Conchobair tighearna Corc Mo Dhruadh Ninais d'écc ⁊ Diarmaitt a brathair i n-a ionadh.

  19. Feilim mac Feilim Uí Concobair Corc Mo Dhruadh do mharbhadh a meabhail lá macaibh Conchobhair Uí Chonchobhair. Cairpre mac Uí Conchobhair Ruaidh fear crodha coccthach, adbhar tighearna sil Conchobhair Ruaidh d'écc.

  20. Erard Ua Maol Chonaire ollamh Sil Muirędhaigh h-i sęnchus, ⁊ h-i f-filidheacht saoí e-sidhe i l-Laidin ⁊ i n-Gaoidhilcc d'écc iar m-buaidh ó dhomhan, ⁊ o dheamhan ⁊ a adhnacal i n-Oil Finn, ⁊ Siodhraidh Ua Maol Conaire i n-a ionad.

  21. Muirchęrtach Mac Flannchadha adhbhar ollamhan Tuadhmumhan ⁊ an Cosnamhach mac Conchobhair Óicc Mec Flannchadha d'écc.

  22. Aodh mac Cairpre Uí Concobhar do mharbhadh la dręim dia muintir fęissin.

M1483

    AOIS CRIOST, 1483.

  1. Aois Criost, Mile, ceithre ced, ochtmoghat a trí.

  2. Rossa mac Tomais Óicc Még Uidhir Epscop Clochair, saoí i n-eccna, ⁊ i c-crabhaidh fear ticche aoidhędh coitchinn dá gach aon d'écc, ⁊ a adnacal i t-tęmpall Achaidh Urchoir do reir a thogha budh dhéin.

  3. Mathgamhain Ua Griobhtha Epscop Chille Dá Lua tobar féile ⁊ eccna d'écc, ⁊ a adhnacal i mainistir na c-Cananach h-i c-Corco Baisccind co h-onorach.

  4.  p.1124
  5. Donnchadh mac Uí Cheallaigh, ⁊ O Fęrghail, .i. Cú Mara d'écc.

  6. Conn Ó Néill d'fuaslaccadh lá a athair ⁊ lá a bhraithribh ó Ua n-Domhnaill ⁊ ó Chloinn Aodha Buidhe, ⁊ an Conn-sin iaramh d'oirdneadh i n-a thighearna ar Tir Eogain do thoil a athar ⁊ Tire h-Eoghain archęna.

  7. Coccadh mór do eirghe eitir Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh, ⁊ Ó Neill Conn. Ua Domhnaill do thionól Chineóil c-ConaillIochtair Connacht. Aodh Ócc mac Aodha Buidhe Uí Neill co líon a thionóil do thecht i n-a chomhdhail ⁊ dol ręmpa i n-a ręmim imteachta gan tuilleadh buidhe re h-ęsccaraitt da raibh ręmpa co Traigh Bhaile Dúine Dealgan. Aircctear ⁊ loiscctear leó an baile ⁊ an tír i n-a t-timcheal. Rucc an Iustis .i. Gearoid mac Tomais iarla Cille Dara, co sochraitte móir Gall forra dia t-tograim ⁊ dia t-toraighecht. Ar a aí ro iomchuirsiotsomh an tóir throm sin co neimhsniomhach ⁊ do sraoíneadh forra, ⁊ do marbhadh drong mhór do Ghallaibh. Cidh iad-somh dna ro marbhadh Mac Uidhilin ⁊ mac Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Concobhair uatha. Luidh Ua Domhnaill co n-a sochraitte iaromh co Baile Lucchmaigh ⁊ loiscctear Baile Lucchmaigh lais ⁊ fo gheibh comha ⁊ ceannach dar cęnn imdhęghla ⁊ anacail dia m-baile. Soais Ua Domhnaill tar a ais, ⁊ ro léicc Aodh Ócc mac Aedha Buidhe uadha co Glęndrighe d'ionnsaicchidh Thrín Congail. Ro gabh fęin reimhe tré Thír Eoghain. Milltear ⁊ loiscctear lęis an tír i n-a comhfoccus dá gach lęth co rainicc Abhann Mhór.Ro tęsccadh ⁊ ro gęrradh leo coillte daingne doimteachta do rala for a c-cionn for brú Abhann Móire ionnus  p.1126 gur bhó conair shodhaing shoimtheachta dia shluagh trésna feadhaibh h-isin. Ro forchongradh lais for a shlóghaibh cęsaigh droichet comhdhaingęn do dhénamh tarsan abhainn co riachtatar a shlóighdhiorma etir troicchtechmarcach dar an sruth anonn i n-a n-iomlaine gan bádhadh eich na duine dibh. Ro lęiccsęt an droichęt frisan sruth co na baí aga m-biodhbhadhaibh acht a f-fairccsin uatha don lęith araill, ⁊ tainicc Ó Domhnaill dia tigh iaramh iar m-buaidh ⁊ coscar.

  8. Slóiccheadh ele la h-Ua n-Domhnaill ar Sęan mac Pilip Még Uidhir co t-taratt creacha ⁊ airccthe iomdha lais. Creach eile ar n-a mharach do denamh lá Domhnall Ua Neill ar in Sęan c-cédna.

  9. Maidhm lá h-Art mac Cuinn mic an Chalbhaigh Uí Concobhair ar Chonn mac Airt mic Cuint Uí Mhaoileachlainn dú inar marbhadh dá mhac Ruaidhri Charraigh Uí Chearbhaill co sochaidhibh ele amaille friu.

  10. Ua Cianáin, .i. Ruaidhri ollamh Mheg Uidhir le sęnchus, ⁊ Concobhar Ócc Mac Flannchadha .i. ollamh Tuadhmumhan saoi dęrsccaighthe i n-eiccsi ⁊ h-i filidheacht d'écc, ⁊ Aedh Mac Flannchadha i n-a ionad.

  11. Concobhar mac an Bręithęmhan adhbhar ollamhan Muintire Maol Ruain d'écc iar t-treablaitt fhoda.

  12. An cuicceadh Eduard do riogadh ós Saxaibh 9. April. Da mí, ⁊ ocht lá décc ro baí h-i righe.

  13. Antręs Risdęrd do rioghadh ós Saxaibh 22. Iun.

 p.1128
M1484
  1. AOIS CRIOST, 1484.

    Aoís Criost, Mile, ceithre céd, ochtmoghat, a cęthair.

  2. Nioclás Uasdun, Epscop Doire d'écc.

  3. Seaan Ua Faircheallaigh canánach do muintir Droma Lęthain, ⁊ Brian Ua Fairceallaigh, saccart do thionnsccain cloch angcoire do dhénamh ag teampoll mhór Droma Leathain d'écc.

  4. Niall mac an Comharba Mhég Mathghamhna d'écc occ toidhecht on Róimh.

  5. Rémann Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall d'écc i n-a braighdenus i n-Droichęt Átha.

  6. Sémus mac Remainn Tirial ticchęrna Fęr t-Tulach d'écc.

  7. Donnchadh Ua Ceallaigh tanaisi Ua Maine d'écc iar t-trebhlaid fhoda.

  8. Mac Uí Chonchobhair Fhailge Murchadh mac Cathaoír mic Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh d'urchor saighde lá cloinn Emainn Dairsidhigh h-i c-Crich na c-Cédach.

  9. Tadhcc mac Uilliam mic Aodha mic Briain Uí Cheallaigh do mharbhadh lá Brian Ua c-Ceallaigh lá a dearbrathair fęin, ⁊ lá h-Uilliam Ua Muireadhaigh a dearbh-comhalta fęin ⁊ a c-crochadh-sidhe lá h-Ua c-Ceallaigh i n-a c-ciontaibh.

  10. Aodh mac Briain mic Briain Ballaigh Uí Conchobhair do marbadh lá sliocht Taidhg Uí Concobhair.

  11. Domhnall Mac Gormáin d'aos gradha Uí Bhriain, fęr tighe aoídheadh coitchinn ⁊ fęr ro ba saidhbhre i n-Erinn a m-beótlus d'écc.

  12. Aedh mac Briain Uí Briain ⁊ a bhęn Sadhbh inghean Taidhg Uí Concobhair d'écc.

  13.  p.1130
  14. Ruaidhri Ócc mac Ruaidhri Buidhe Uí Ainlighi d'écc.

  15. Maoílechlainn mac Concobhair Uí Gairmlędhaigh, ⁊ Concobhar a dearbhrathair do mharbhadh lá cloinn Eoghain mic Néill Uí Dhomhnaill.

  16. Brian Ruadh mac Cathail mic Eoghain mic Sęain Uí Raighilligh d'écc.

  17. Coccadh mór etir Ua Neill .i. Conn mac Enri, ⁊ Ua Domnaill .i. Aodh Ruadh, ⁊ dioghbala móra do denamh ętorra.

  18. Giolla Patraicc mhac Még Uidhir (Emann mac Tomais Óicc) do mharbhadh a f-fiull lá a cuiccęr dearbhrathar (Donn, Seaan, Emann, Art Carrach, ⁊ Aodh) ag altoir tęmpaill Achaidh Urchair conidh tremid-sidhe do-gairędh dá Mag Uidhir .i. Sęan mac Pilip mic Tomáis Móir Még UidhirTomás mac Tomais Oicc mic Tomáis Mhóir. Seaan do dhol ar sloiccheadh ar cloinn Donnchaidh mic Tomais Meg Uidhir (PilipFeilim). Giolla Pattraicc mac Tomáis mic Donnchaidh, ⁊ mac Feilim mic Donnchaidh Meg Uidhir do mharbhadh lais co n-druing oile amaille friú. Mac Giolla Ruaidh, .i. Brian mac Domhnaill, da mac Mec Domhnaill Cloinne Ceallaigh (Corbmac,Art) ⁊ sochaide ele do gabhail. Bá dia h-Aoíne do shonnradh an 13 Calainn Septembris do-rónadh indsin, ⁊ Mág Uidhir Sęan do shoadh an lá-sin co m-buaidh ⁊ co n-edail.

  19. Flaithbęrtach mac Tomáis mic Pilip Meg Uidhir do mharbadh lá Tomás Ócc mac Tomais Óicc mic Tomais Mhóir d'ęrchor do ghae h-i b-Port Airidh Brosccaigh.

  20. Maidhm Móna Ladhraighe lá cloinn Emainn Mheg Uidhir ar cloinn Briain mic Pilip Mheg Uidhir dú in ro marbhadh tri męic Briain, Cathal, Cu Chonnacht, ⁊ Emann, ⁊ in ro marbhadh bheós Aędh mac Airt mic Eoghain Uí Néill, Eoghan mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip na Tuaighe Még Uidhir co n-a mac Toirrdhealbhach, Remann mac Gillibert mic Corbmaic Uí Fhlannaccain co sochaidhibh oile, ⁊ inar gabhadh dna, Pilip mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip Meg UidhirPilip mac Briain mic Pilip Még UidhirGiolla Patraicc mac Cathail Óicc mic Magnusa Még Uidhir,et cetera. Fiche do dhaoinibh do marbhadh ⁊ deichnebhar do gabhadh ann.

 p.1132
M1485
  1. AOIS CRIOST, 1485.

    Aoís Criost, Mile, ceithre chéd, ochtmogat, a cúicc.

  2. Niocól Ua Grada comharba Tuama Gréine fęr dercach daghoinigh ⁊ an dara fear décc baoí saor i Luimneach d'écc.

  3. Donnchadh Mág Coilidh airchinneach Bęraicch fęr tighe aoidheadh coitchinn d'écc.

  4. Eoghan Caoch (.i. O Concobhair Donn) mac Feidhlimidh Uí Concobhair fear aghmar ionnsaightheach d'écc iar t-trebhlaid fhoda ⁊ tighearna do ghairm i n-a ionad d'Aodh mac Aodha Uí Concobhair.

  5. Uilleag a Burc tighearna Cloinne Riocaird oigre iarla Uladh, fęicheamh coitchęnd d'eiccsibh Ereann d'écc, ⁊ a mac do gabhail a ionaid, .i. Uillęcc ele. Sluaiccheadh lasan mac-sin for Machaire Chonnacht ⁊ h-i t-Tír Maine dia ro loiscc ⁊ dia ro mhill arbhanna ⁊ bailte, ⁊ dia ro loiscc ⁊ dia ro bris caislen Tuillsge ⁊ carcair.

  6. Ruaidhri mac Briain Ballaigh Uí Concobhair do marbhadh lá sliocht Taidhg Uí Chonchobhair.

  7. Sile inghęn Mec Siurtáin bęn Ricaird a Burc baincheann ban Connacht d'écc.

  8. Aodh Ócc mac Aodha Buidhe mic Briain Ballaigh Uí Neill tighearna Triain Congail do dhol ar creich i l-Lęith CathailGoill do bręith fair, ⁊ a mharbhadh d'aęn erchor do ghae.

  9. O Suillebhán Beirre Domhnall, O Concobair Corc Mo Dhruadh, ⁊ O Concobhair Ciarraighe ⁊ a bhęn d'écc.

  10. O Baoighill Toirrdhealbhach do chor a thighęrnais de, ⁊ a mhac Niall do gabháil a ionaidh.

  11. Coccadh mór eitir Cenel c-Conaill, ⁊ Eoghain. Clann Airt Uí Neill (.i. Niall co n-a braithribh) do lęith Uí Domhnaill. Clann Neachtain Uí Domhnaill (Eigneacan co n-a braithribh) do lęith Ui Neill. O Domhnaill do dol sluagh i Muintir Luinigh  p.1134 uair as ann ro baí caoraighecht ⁊ muintir slechta Neachtain. Baí Ó Neill, .i. Conn h-i f-foslongport a Muintir Luinigh ⁊ sliocht Neachtain amaille fris acc imdítęn a tíre, ⁊ a muintire. Ar a aí ní ro fhéch Ó Domhnaill dóibh co n-dearna creacha troma ⁊ airccthe aidhble. Ro ghabh lá taobh fhoslongpuirt Uí Neill, ⁊ sleachta Neachtain, ⁊ tucc na creacha leis dia thír uatha gan dioghbhail do denamh dhó 'n-a t-timchell.

  12. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe mic Ardghail Még Mathghamhna do oirdneadh i n-a tighearna for Oirghiallaibh.

  13. Baile Chon Uladh mic Aedha Uí Néill do losccadh lá Brian na Coilleadh mac Eoghain Uí Neill. Fęrann ⁊ baile an Briain cédna do losccadh ar a bharach i n-a dhioghail lá Coin Uladh ⁊ la cloinn Remainn mic Rudhraighe Meg Mathghamna (GlaisneBrian) ⁊ lá mac Mhég Mhathghamhna Óig, .i. Giolla Pattraicc.

  14. Sliocht Mhaol Mhórdha an Mhullaigh do ionnarbadh asa n-duthaigh, ⁊ clann Glaisne Uí Raghallaigh do shuidhiughadh a t-tíre dia n-ęis, ⁊ do dhenamh caislein innte. Iatt-somh do tharraing iarla Chille Dara (Gearóid mac Tomais) ar chloinn Glaisne, ⁊ cúicc buailte décc bó do bhuain dibh i c-creich, ⁊ Giolla Íosa mac Glaisne do gabhail don chur-sin.

  15. Feidhlimidh mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raghallaigh d'écc don phláigh.

  16. Ua Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhach mac Sęain mic Eoghain do dhol i t-Teallach Eachdhach, ⁊ baile Még Samradháin .i. Feilim, ⁊ baile Donnchaidh a dearbrathar do losccadh lęis. Mag Samhradháin co n-a braithribh do dhol a t-toraighecht an t-sluagh ar a barach ⁊ sé fir decc ettir gabhail ⁊ marbhadh ⁊ dá ched each do bhuain don t-sluagh.

  17. Mac Domhnaill (.i. Colla) consapal Gallocclach Uí Neill d'écc.

  18. Remann mac Glaisne mic Remainn Meg Mathghamna do dhol ar Galldacht Machaire Airghiall, ⁊ mac don Tau, .i. Seon do marbhadh leis. Conn mac Maghnusa Uí Chondalaigh, Mac Corbmaic Uí Chondalaigh, ⁊ mac mec Ardgail do marbhadh uadha-somh, ⁊ ós cęnn fhichit each do bhuain de fein ⁊ dá mhuintir. Cathaoir  p.1136 mac Iriail mic PilipEoghan mac Semais mic Eochadha Móir Még Mathghamhna do ghabhail, ⁊ Eoghan, d'eludh iar sin.

  19. Art an Bhoccáin mac Uí Chonchobhair Fhailghe (.i. Conn) do mharbhadh lá a dhęrbrathair Cathaoir mac Cuinn mic an Chalbhaigh d'aen erchor gae.

  20. Clann ócc Emainn Meg Uidhir (Aodh, Art, ⁊ Giolla Íosa) ⁊ clann Toirrdhealbhaigh Meg Uidhir (Tadhg, Pilip, ⁊ an Giolla Dubh) do dhenamh creiche ar Domhnall mac Giolla Pattraicc mic Emainn Mhégh Uidhir. Domhnall féin do mharbhadh a t-toraighecht na creiche lá Maoilechlainn Mac Geibheannaigh ⁊ an Maol Seachlainn cedna do marbhadh fó cedóir ar an lathair-sin.

  21. Mag Uidhir .i. Sęan do dhenamh cręche h-i Miodhbolcc ar cloinn Donnchaidh mic Aodha Meg Uidhir, ⁊ ar cloinn Mhég Ualgaircc fa dhó i n-aoin t-seachtmhain.

  22. Giolla Pattraicc Ua h-Uiccinn, mac Briain, mic Maoilechlainn, fęr tighe aoidhędh coitchinn do thrénaibh ⁊ do truaghaibh d'écc.

  23. Ua Cuirnín Athairne d'écc.

  24. An sechtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh, 22. August.

 p.1138
M1486

    AOIS CRIOST, 1486.

  1. Aois Criost, mile, ceithre chéd, ochtmoghat, a sé.

  2. Mainistir (.i. Cill Chuilind) Brathar Mionúr de Obseruantia do thionnsgnadh ar brú abhann Life la Rolont mac Sir Eduard Iustas.

  3. Prioir Maothla Fęrgal mac Roiberd Mhég Ragnaill d'écc.

  4. Pilip mac an Chomharba (.i. Semus mac Rudhraighe mic Ardgail) Meg Mathghamhna, cananach coradh h-i c-Clochar comarba Cluana h-Eoais, pęrsun Dartraighe, et cetera d' écc.

  5. Caibidil coithcęnn an chúiccidh idus Iulii i n-Droichęt Atha ag airdęspucc Arda Macha, .i. Octauianus Italicus acc epscopaiph ⁊ acc cleircibh tuaiscirt Ereann uile.

  6. Ruaidhri mac Diarmada (.i. mac Ruaidhri Chaoich) tighearna Moighe Luircc, Airticch, ⁊ Tíre Tuathail d'écc do ghalar aithghęrr h-i t-tęmpall Locha na n-Gasan i c-Cloinn Cathail Mic Muireadhaigh, ⁊ Concobhar mac Corbmaic mic Tomaltaigh an Ęinigh d'oirdneadh i n-a ionadh.

  7. Cu Mara Mac Con Mara do mharbhadh go h-aitheasach la cloinn Donnchaidh Mec Con Mara.

  8. Tadhcc mac Cathail Óicc Meg Raghnaill lán-taoíseach Muintire h-Eolais saoi dearsccaighthe ar eineach ⁊ ar eangnamh d'ecc iar m-buaidh o dheamhan ⁊ ó dhomhan, ⁊ a adhnacal h-i f-Fiodhnach.

  9. Tadhcc Ua Maoíl Mhiadhaigh adhbar taoisigh Mhuintire Cęrbhalláin do mharbhadh lá cloinn Maoileachlainn Meg Raghnaill, ⁊ lá cloinn Mhaol Ruanaidh Meg Raghnaill.

  10. Eoghan mac Ír do ghabhail lá cloinn Maol Ruanaidh Meg Raghnaill, ⁊ clann Taidhcc Uí Mhaoíl Mhiadhaigh do mharbhadh, ⁊ mac Uilliam Mic Maghnusa co sochaidhibh oile.

  11.  p.1140
  12. Maol SeachlainnRuaidhri mac Mec Donnchaidh Thire h-Oilealla, .i. Tadhg mac Briain (Soidheach diongmhala do toisighecht Ua n-Oilealla gach aon diobh) do marbhadh la cloinn Domhnaill Caim ⁊ la cloinn Ruaidhri Mec Donnchaidh.

  13. Sluaiccheadh adhbal mhor lá h-Ua n-Domhnaill i c-Connactaibh ⁊ lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird i n-a aghaidh, ⁊ iar n-dol h-i c-cęnn aroile dhóibh, do-ronsat síth ⁊ comhaonta. Feidhlimidh Fionn Ua Conchobhair do dhol h-i c-cęnn na sluagh-sin, ⁊ a dhol h-i laimh Uí Domhnaill tar cęnn a thuath ⁊ a thaoiseach. Sídh Shíl Muirędhaigh do denamh don cur-sin, ⁊ Mac Feidhlimidh Fhinn do ghabhail as féin d'Ua n-Domhnaill ⁊ a bręith lęis i t-Tír Conaill tré comhairle Męic Uilliam Cloinde Riocaird.

  14. Breasmaidhm la muintir Meg Raghnaill h-i Moin Lescc for cloinn Uí Ruairc ⁊ for sliocht Cathail Ruaidh in ro marbhadh Maoíleclainn Ócc mac Maoílechlainn Mec Caba fęr a aoísi fein do ba mó ainm le gallócclachus h-i Lęth Cuinn.

  15. Clann t-Sęain mic an Phriora do chreachadh, ⁊ mac dibh fęin (.i. Giolla Criost) do mharbhad la sliocht Maoilechlainn Mhég Raghnaill.

  16. Neidhe Ua Maoíl Chonaire cęnd doichill Ereann d'écc. As é tucc na mionna buadha co na tiubhradh im ⁊ arán a n-aoinfheacht d'aoidhędhaibh co bráth.

  17. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill do dhol i t-Tír Amalgaidh. Mac Uilliam Iochtarach do theacht i n-a aghaidh. Ro fighędh iomairecc ętorra in ro marbhadh tuilleadh ar ched do muintir Mec Uilliam ⁊ in ro gabhadh Sęan Mac SiurtáinUillecc mac Risdęird (.i. mac Tomais) a Burc co sochaidhibh oile.

  18. Seaan mac an Priora Meg Raghnaill d'écc.

  19. An Barrach Mór (Sęan), rogha gall-macaemh Ereann do mharbhadh lá NodlaccDonnchadh Ócc Mhacc Cárthaigh tighearna Ealla iar n-dol ar creich fair.

  20. Gearóid mac iarla Deasmumhan d'écc.

  21.  p.1142
  22. Feidhlimidh Buidhe mac Cairpre Uí Conchobhair, Uaitne mac Sęain Carraigh Mec Branáin, Donnchadh mac Corbmaic mec MathaAodh mac Ruaidhri Dhuibh mec Matha do mharbhadh lá cloinn Maoilechlainn Még Raghnaill.

  23. Tadg Caoch mac Uilliam Uí Cheallaigh an dara tighearna baoí for Uibh Maine d'écc i n-aibíd an Treas Uird.

  24. Sile inghęn Aodha mic Uilliam Uí Ceallaigh bęn Uí Mhadadháin d'écc.

  25. Lochlainn mac an Giolla Claoín Uí Ainlighi d'écc.

  26. Tadg mac Aodha mic Briain Uí Birn, ⁊ Maoíleachlainn mac Diarmada Mhég Raghnaill d'écc.

  27. Eocchan mac Lochlainn Uí Ruairc saoileachtain tighearna na Bręifne d'écc.

  28. Semus mac Mec Risdęird Buitilér fear ionait iarla Urmumhan d'écc.

  29. BręsalDiarmaid da mac Murchaidh Uí Madadháin do mharbhadh i meabhail la Cobhthach Ua Madadháin lá a n-dearbrathair féin.

  30. Raghnailt inghęn t-Seaain Mec Con Mara bęn Toirrdhealbhaigh mic Taidhg Uí Bhriain tighearna Tuadhmhumhan Airthęraigh d'écc.

  31. Giolla na Naomh mac Domhnaill mic Muirceartaigh Mhidhigh tighearna Caladh na h-Angaile d'écc iar c-cian aoís.

  32. Tadhg mac Aodhagain ollamh Muintire h-Angaile do mharbhadh go grainęmhail lá sliocht Íriail Uí Feargail.

  33. Flann mac Floinn Uí Domnalláin d'ecc.

  34. Brian mac Rudhraighe mic Ardgail Meg Mathgamhna tighearna Dartraighe do mharbhadh lá Gallaibh Machaire Airghiall.

  35. Domhnall Ócc mac Mec Artain saoí n-einigh d'écc.

  36.  p.1144
  37. Sęan Buidhe mac Eoghain mic Néill Óicc Uí Néill d'ecc.

  38. Donnchadh mac Tomais mic Fęrghail Mecc Samhradhain d'écc.

  39. Ocht m-baile fhichęt do Ghalldacht Machaire Airghiall do losccadh lá Mag Mathghamhna, Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe.

  40. O Neill, .i. Conn mac Enrí do dhol sluagh ria Samhain ar Machaire Airghiall loisccthi ⁊ millte móra do denamh lais.

  41. Creach mhór lá Brian mac Emainn mic Rudhraighe Meg Mhathgamna ar Emann mac Tomáis Óicc, ⁊ ar a chloinn i c-Cúil na n-Oiręr, ⁊ Emann Ócc mac Emainn do mharbhadh leo i n-Doire Cenainn.

  42. Emann mac Tomáis Ghreandaigh mic Duinn mic Pilip na Tuaighe Meg Uidhir d'écc, ⁊ a dearbhrathair ele Eoghan mac Tomais Greandaigh, Magnus mac Maoile Duin, ⁊ Rudhraighe mac Concobair mic Duinn Meg Uidir do mharbhadh ar Baile an Oireacht la Féilim mac Donnchaidh Még Uidir ar greis oidhche.

    Caitilin inghęn Uí Feargail (Domhnall Buidhe mac Domhnaill mic Sęain) bęn Mec Maghnusa Meg Uidhir .i. Cathal Ócc mac Catail Mhóir d'écc.

  43. Art Ruadh mac Giolla Patraicc mic Emainn Meg Uidhir do mharbhadh d'urchor soighde lá cloinn Toirrdhealbhaigh mic Pilip Meg Uidhir.

  44. Aodh mac Néill mic Aodha mic Eoghain Uí Neill d'écc.

  45. Emann Ócc mac Emainn mic Con Uladh Uí NéillCorbmac mac Airt Carraigh mic Maoileachlainn Uí Neill d'écc.

  46. Clann Meg Uidhir (Emann), .i. AodhArt Carrach d'fuaslaccadh, ⁊ a n-athair do léiccęn a tighearnais de an lá cédna docom t-Sęain mic Pilip Meg Uidhir.

  47. Donn Mag Uidhir mac Emainn mic Tomais Óig do mharbhadh a f-fiull h-i n-dorus Reilcce Achaidh Urchair lé cloinn Tomáis Oig Meg Uidhir, .i. Tomás, Conchobhar, ⁊ Ruaidhri ⁊ lá cloind Flaithbhęrtaigh mic Tomais Óig, Giolla Pataicc, Cu Connacht, ⁊ Briain Crosach.

 p.1146
M1487

    AOIS CRIOST, 1487.

  1. Aoís Criost, míle, cęthre ched, ochtmhoccat, a secht.

  2. Maoilechlainn mac Murchaidh Uí Fhlannaccáin decanach Oile Finn d'écc, ⁊ Tomas Ua h-Ęidigęin do ghabhail a ionaid.

  3. Tadhg mac Briain mic Amlaoíbh Meg Uidhir ro bhaí 'na pearsún i m-Bothaibh ar tos ⁊ 'na biocaire h-i c-Cill Laissre d'ecc.

  4. Brian Ua Corcrain biocair Claoin InnsiDenis mac Giolla Coisccle airchinneach, ⁊ biocaire Airidh Brosca d'écc.

  5. O Maoileachlainn, .i. Laigneach mac Cuirc tighearna Cloinne Colmain do mharbhadh le Conn mac Airt mic Cuinn mic Corbmaic Ballaigh Uí Mhaoileachlainn.

  6. O Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhach mac Sęain mic Eoghain d'écc do bhędhcc i n-a chaislén féin h-i t-Tulaigh Mongáin an céd lá do mhí SeptemberÓ Raghallaigh do gairm da mhac i n-a ionad .i. Sęan.

  7. Brian mac Briain Bhallaigh mic Aodha mic Feilim Uí Concobhair soidheach diongmhala do righe Connacht d'écc.

  8. Aodh mac Ruaidhri mic Briain Uí Conchobhair d'écc.

  9. Siodhraidh Ua Maol Conaire ollamh Shil Muireadhaigh cęnn aibhe ⁊ aitis fear n-Ereann d'écc ⁊ da chęnn fhine i n-a ionad .i. DomhnallMaol Conaire mac Torna.

  10. Muirghęs mac Lochlainn Ui Mhaoil Conaire oide a chęirde féin d'écc i t-Tír Conuill iar t-treablait fhoda, ⁊ iar m-buaidh n-aithricche ⁊ a adhnacal i n-Dun na n-Gall.

  11.  p.1148
  12. Domhnall Ua Dubhaccáin, ⁊ a bhęn inghęn Uí Mhaoíl Conaire d'écc.

  13. Ua Maoil Fhalaidh drumchli eccna Ua Maine d'écc.

  14. Iarla Dęsmumhan do mharbhadh lá a muintir féin a meabhail h-i Ráith Gaola tre chomhairle Shęain a dearbrathar féin.Sęan dna ⁊ lucht an mharbhtha archęna d'ionnarbadh la Muiris mac an Iarla.

  15. Uilliam mac Aodha mic Briain Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine do ghabhail lá a bhraithribh feisin a meabail ⁊ a écc i n-a geimhlibh, ⁊ dá tighearna i n-a ionadh, .i. Maoileachlainn mac Aedha mic BriainDonnchadh mac Bręsail Uí Cheallaigh.

  16. Aodh mac Donnchaidh Ui Cheallaigh do mharbhadh lá Maoíleachlainn mac Uilliam Uí Cheallaigh.

  17. Conchobhar mac Taidhcc Caoích Uí Cheallaigh do ghabhail a meabhail lá Tadhcc mac Maoílechlainn Uí Cheallaigh.

  18. Cathal Dubh mac Domhnaill mic Eoghain Ui Conchobhair do mharbhadh lá Goisdelbhachaibh iar n-dol ar creich forra ⁊ a bhrathair ele an Calbhach Caoch do bręith na creiche go h-áithęsach lais.

  19. Domhnall Ua Concobhair do dhol ar ionnsaighidh for Lęitir mic Pilip, ⁊ briseadh dóibh ar dhreim dá mhuintir gur marbhait ann da mac Domhnaill mic Briain Mec Donnchaidh ⁊ móran dá n-uaislibh ⁊ da muintir archęna.

  20. Brian Ruadh, mac Tighearnáin, mic Taidhg mic Tighearnain Uí Ruairc tanaise Breifne do mharbhadh d'urchor do saighit la mac Uí Ruairc, Eoghan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighearnáin Óicc. Ua Domhnaill .i. Aodh Ruadh do dhol trésan marbhadh-sin isin m-Breifne, ⁊ suidhe dho a f-foslongport fá bhaile Uí Ruairc .i. Caislén an Cairthe, ⁊ a ghabhail lais ⁊ triúr do mhuintir Uí Ruairc do mharbhadh ⁊ Brian mac Cathail mic Tighearnain Uí Ruairc do mharbhadh lá Gofraidh mac Aedha Gallda Uí Domhnaill d'urchor peléir. An caislen do bhriseadh lá h-Ua  p.1150 n-Domhnaill iar sin, ⁊ O Ruairc Feilim d'ionnarbadh as a dhuthaigh h-i f-Fearaibh Manach lá h-Ua n-Domnaill. Ua Domhnaill doridhisi do léigean Uí Ruairc i n-a dhuthaigh, ⁊ sidh do dhenamh eitir fęraibh Breifne, ⁊ a thabhairt ar in tír an caislén do aithdenamh.

  21. Maol Ruanaidh mac Taidhcc Mec Diarmada do gabhail a meabail ar Oilén na Trinóide la Tomaltach mac Ruaidhri Mec Diarmada, ⁊ mac Briain Mec Diarmada do mharbhadh ann.

  22. Alastrann mac Colla mic Toirrdhealbhaigh, ⁊ dream do maithibh a ghallócclach do mharbhadh araon ris lá cloinn Ruaidhri mec Diarmada.

  23. Sęan Mac an Airchinnigh cęnn a fhine féin fear tighe aoidhędh coitcinn, ⁊ airchindeach Padraicc i n-Ail Finn d'écc.

  24. Aodh mac Pilip Ruaidh Mec Con Mara fęr crodha coccthach d'écc.

  25. Sęan Dabh Mac Goisdelbhaigh tighearna Slebe Lugha d'écc, ⁊ dá tighearna i n-a ionad, .i. Uilliam mac Emainn an Machaire, a dhęrbrathair fén ⁊ Siúrtan mac Pilip Mec Goisdelbhaigh.

  26. Sęan mac Conchobhair Mec Aedaccain ollamh Cloinne Riocaird, ⁊ Aodh mac Briain mic Feargail Ruaidh Uí Uiccinn d'écc.

  27. Cathaoír Mág Cochláin do marbhadh h-i f-fioll lá mac a dhęrbhrathar Fínghin Ruadh.

  28. Emann mac Riocaird a Burc do gabhail a meabhail lá Bairédachaibh, ⁊ a thabhach go h-áitheasach dia bhraithribh féin.

  29. Slóigheadh lá h-Ua n-Domhnaill i m-Breifne Uí Ruairc. Bá h-é fochann an t-slóighidh-sin, O Ruairc Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnáin, ⁊ a bhaile do ghabhail a  p.1152 f-fiull lá a bhraithribh féin, ⁊ iar n-dol Uí Dhomhnaill don Breifne foslongport do dhenamh dho imon m-baile, .i.Caislén an Chairthe, ⁊ an baile do ghabhail leis fo dheoidh iar m-bęith athaidh na timcheall, ⁊ Tighearnan Dubh mac Donnchaidh mic Tighearnain Óicc do mharbhadh lá h-Ua n-Domnaill don chur-sin, ⁊ O Ruairc Feilim d'fháccbháil d'Ua Dhomhnaill h-i c-Caislén in Chairthe iar síodhucchadh fear m-Breifne fria 'roile. O Ruairc do ghęrradh ciosa cosanta d'Ua Dhomhnaill isin m-Breifne ⁊ d'fior a ionaid i n-a dhiaidh.

  30. Tighearnán Ócc O Ruairc tanaisi Breifne do mharbhadh lá cloinn Maol Ruanaigh Meg Raghnaill, ⁊ lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmada i n-Ucht na n-Engadh.

  31. Slóicceadh lá h-Aodh Ruadh Ua n-Domhnaill h-i Maigh Luircc dia ro mhill arbhanda ⁊ dia ro loiscc bailte caisléin iomdha. Ro loiscc ⁊ ro bris caislén cloinne Ruaidhri Mec Diarmada, .i. Baile na h-Uamha. O Domhnaill fęin co n-diorma dia shluagh do asccnamh co h-inchleithe isin oidhche as a longport co n-dearna creacha móra i n-Doire Chua. Feidhlimid Fionn Ua Concobhair (.i. mac Taidcc mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh) do dhol h-i c-cęnn Uí Dhomhnaill don chur-sin, ⁊ síth shuthain do dhenamh dhó fris. Ruaidhri an Doire mac Muirghęsa mic Aodha Mec Diarmata baí h-i sochraide Uí Dhomhnaill ar an slóiccheadh-sin do shárucchadh na Ceall Bhraighi Uallaighi, ⁊ édala móra do bręith eiste, ⁊ Ó Domhnaill do thabhairt óghaisicc do shagartaibh an tęmpaill ro sáraiccheadh ann.

  32. Slóiccheadh la Mac Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Uilleacc mac Uillicc an Fhiona) i n-Uibh Maine dia ro briseadh lais badhbhdhúin Atha Liacc Maonaccan, Arbhanna ⁊ bailte iomdha do milleadh dhó i n-Uibh Maine, ⁊ h-i Machaire Chonnacht. p.1154 Rossa mac Feidhlimidh Fhinn do mharbhadh d'aon urcor saighde la druing don t-sluagh. Clann Feilim Finn Ui Concobhair .i. Aodh, Toirrdhealbhach, ⁊ Conchobhar, do dhol tarsa co Baile Tobair Brighde. A losccadh ⁊ a argain dóibh. Diarmaitt mac Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Doill Uí Conchobhair do mharbhadh doibh .i. ag Ros Comain, h-i luircc an t-sluaigh. A lęnmhain dóibh asęin h-i c-Cloinn Chonnmhaigh, ⁊ eich do bęin don t-sluagh cedna. Ba for tharraing Uí Conchobhair Duinn, .i. Aodh mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh Duinn, do-ronadh an sluaiccheadh-sin. Sídh Sil Muiredhaigh do dhenamh dhoibh budhdéin iar n-diultadh a dénmha ar comairle a c-caratt.

  33. Creacha meabla do denomh do Ruaidhri Ua Chonchobhair ar Felim Fhinn. Creacha anba i n-a dioghail-sidhe la Feilim f-Finn Ua c-Conchobhair for slicht Taidhg Óig.

  34. Sidh Shil Muirędhaigh do naidhm doridhisi, ⁊ tighearnas sleachta Corbmaic Ui Birn ⁊ lęth Baile an Cláir, ⁊ cóicc baile Chinn Coradh do-chuid ronna Toirrdhealbhaigh Óicc, do mhaithęmh dá shliocht d'Feidhlim Ua Conchobhair. Bladh do Chloinn Cathail Mic Muirędhaigh do baí athaidh d'aimsir i l-laimh cloinne Maol Ruain do tabairt d'Feidhlimidh Fhionn Ua c-Concobhair.

  35. Tighearnán Carrach mac Tighearnain mic Taidhg mic Tighęrnain Uí Ruairc, Fęradhach mac Sęain mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, ⁊ Domhnall mac Duinn mic Domnaill mic Airt Még Uidir do mharbhadh h-i Muintir Eolais lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata ⁊ lá mac Mec Diarmada Ruaidh, ⁊ Domhnall Bearnach Mac Samhradhain do mharbhadh don chur-sin.

  36. O Domhnaill, .i. Aodh do dhol h-i Maigh Luircc isin f-foghmhar do shonnradh.  p.1156 Tighe iomdha ⁊ arbhanna do losccadh leis ⁊ Tęmpall Droma Conaille do losccadh an tan-sin lá Fęrghal Carrach mac Domnaill mic Taidhcc Uí Ruairc gan cęt d'Ua Dhomhnaill, ⁊ ó nach rucc Ó Domhnaill ar Fearghal Charrach do dhioghail an mhíghniomha-sin fair, do-rad mac Tighearnain na Buannaide do cléircibh an tęmpaill a n-gioll frisan losccadh-sin.

M1488

    AOIS CRIOST, 1488.

  1. Aois Criost, Mile cęithre ced, ochtmoghat, a h-ocht.

  2. Ab Atha Truim d'écc.

  3. Pláigh mhór for Machaire Chonnacht dia ro écc Cathal mac Eidigęin biocair tęmpaill Pattraicc, ⁊ cananach coradh i n-Oil Finn, Aongus Ua Reachtadhain comharba Finnéin h-i c-Cluain Cręmha Diarmaid Mac Conchagaidh sagart toghaidhe, ⁊ an Biocaire Bodhar Ua Colla.

  4.  p.1158
  5. Cathal Ruadh mac Ruaidhri mic Briain Bhallaigh Uí Conchobhair d'écc don plaigh cedna. Domnall mac Briain Ui Bhirn, Diarmait mac Domnaill mic Briain, Domnall mac Feargail, ⁊ Corbmac mac Domhnaill Chananaigh Uí Bhirn d'écc dhi bheos.

  6. Domhnall mac Domnaill mic Néill Ghairbh Ui Dhomhnaill do ghabháil la cloinn Aodha Gallda mic Neill Ghairbh, ⁊ a riaghadh ar n-a mharach amhail do ruillsiot a mhigniomha.

  7. Ua Ceallaigh (Maoilechlainn mac Aodha mic Briain) d'écc a c-cionn lęthráithe iar n-gabhail tighearnais, ⁊ Conchobhar a bhrathair do ghabhail a ionaid.

  8. Mag Aongasa, .i. Brian mac Airt d'écc, ⁊ a dearbhrathair (Aodh) d'oirdneadh i n-a ionadh.

  9. Emann mac Tomais Meg Uidhir baí i n-a thighearna h-i f-Fęraibh Manach d'écc.

  10. Donn mac Domhnaill Ballaigh Meg Uidhir d'écc.

  11. O Flannaccain Tuaithe Ratha Toirrdhelbhach mac Giolla Iosa d'écc.

  12. O Tuathail (Emann) do mharbhadh i f-fiull la cloinn Taidhcc Uí Broin.

  13. Mac Uí Murchadha, .i. tighearna Ua f-Fęidhlimthi, Mathghamhain mac Taidhcc do mharbhadh i f-fiull la Donncadh .i. mac tighearna Ua c-Cęinnselaigh mac Airt mic Donnchaidh.

  14. Diarmaid mac Sęain Luircc mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona Uí Dhomnaill d'écc.

  15. Brian mac Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill d'ecc do galar bhreac.

  16. Tadhcc mac Maoileachlainn mic Tighearnáin Uí Ruairc, ⁊ Mag Raghnaill Concobhar mac Murchaidh do sliocht Maoileachlainn d'écc, ⁊ Mag Raghnaill do denamh i n-a ionadh do Mhaoilechlainn mac Uilliam don t-sliocht cedna.

  17. O Neill Conn mac Enri, ⁊ Mag Uidhir Sęan mac Pilip mic Tomais do dol go teagh Uí Domnaill ⁊ sidh charthanach cairdęmhail do dhenamh d'Ua Neill ⁊ d'Ua n-Domnaill ré 'roile.

  18. Sidh do dhenamh d'Ua Neill ⁊ do cloinn t-Sęain Buidhe Uí Neill iar n-á léiccęn as a m-braighdęnas.

  19.  p.1160
  20. Domhnall mac Neill Uí Neill do mharbhadh h-i f-FionntamhnachRudhraighe mac Airt, ⁊ lá cloinn Néill mic Airt Uí Neill.

  21. O Fearghail do ghairm do Chonmac mac Sęain mic Domnaill i n-aghaidh Rudhraighe mic Cathail Uí Fęrghail.

  22. Maoileachlainn mac Meg Flannchaidh do mharbhadh la cloinn Taidhcc mic Cathail mic Tighearnain Óicc Ui Ruairc.

  23. Eoghan mac Ir Meg Raghnaill do mharbhadh la a dearbrathair fęin .i. Uilliam mac Ir, ⁊ lá a mac ⁊ la Maghnus mac Ir.

  24. Toirrdhealbhach mac Taidhcc mec Mathghamhna fear lán do rath ⁊ do thiodhnacal eccna ón Spiorat naomh tiodhnaictheach séd ⁊ maoíne d'ecc iar m-bręith bhuadha ó dhomhan ⁊ ó dhęmhan.

  25. Ruaidhri mac Uí Concobhair Duinn d'écc.

  26. Cú Uladh mac Sęain Bhuidhe Uí Neill do mharbhadh lá h-Art mac Enrí mic Eoghain.

  27. Art mac Neill Charraigh mic Muirceartaigh Óicc Uí Neill do mharbadh la cloinn Enrí mic Enrí mic Eoghain Uí Neill ar greiss oidhche.

  28. Eoghan mac Uí Ruairc, Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnain Óicc mic Tigearnáin Mhóir do mharbhadh ar ossadh le h-Eoghan ele mac Uí Ruairc .i. mac Tighęrnain mic Taidhcc mic Tighearnain Mhóir.

  29. Eoghan mac Maol Morda Uí Ragallaigh tigearna Mullaigh Laoighill d'écc.

  30. Donnchadh Dubshúileach Ua Conchobhair .i. Ua Conchobhair Ruadh, d'écc iar c-cian aoís ⁊ iar n-dęighbęthaidh, ⁊ Feidhlimidh Fionn Ua Conchobhair d'oirdneadh i n-a ionadh lá h-Ua n-Domhnaill, lá Mac Uilliam ⁊ la Mac n-Diarmada .i. Conchobhar feibh as diongmala ro gaireadh tighearna d'aon roimhe ré h-athaidh ⁊ a bhrocc do chor fair do Mac Diarmata.

  31.  p.1162
  32. Sidh do dhenamh d'Ua Domhnaill fri Mac Uilliam Búrc. Ua ConchobhairMac Diarmata h-i c-coraighecht ⁊ h-i slánaib ętorra.

  33. Forbhaisi lá h-Ua n-Domhnaill ⁊ lá Mac n-Diarmatta .i. Concobhar, ar Carraicc Locha Cé baí ag cloinn Ruaidhri Mec Diarmata. Arbhanna an tíre do mhilleadh ⁊ do caithęmh dóibh. Ua Domnaill d'imtheacht iar f-feimdheadh dol fuirre. Foslongport Mec Diarmata do ghabháil dia gallocclachaibh féin iar n-a fhagbail for a c-comairce, ⁊ arthraige an locha uile do bręith doibh for an Carraicc.

  34. Uilliam mac Aodha Mec Branain taoiseach Corc Achlann d'écc i n-ocht Febru iar m-buaidh n-aithrighe ⁊ a adhnacal i n-Oil Finn.

  35. Sęan Manntach fear urlamhais marbtha Iarla Dęsmumhan do bhasucchadh lá Muiris mac an Iarla. Iarla do ghairm do Mhuiris mac an Iarla.

  36. Lenab ionggnathach do ghęinęmhain i n-Ath Cliath i n-a m-bátar a fhiacla acca bręith. Ro fhas méad adhbal ann iar na ghęinęmhain nách clos a commor h-i leanab ó aimsir na c-curadh.

  37. Sidhe gaoíthe do dhol fo męithil mhóna baí i t-Tuaim Mona, ⁊ duine dibh do mharbhadh, aighthe an lochta oile do at, ⁊ cęthrar ele do mharbhadh don gaoith cedna h-i Machaire Connacht.

  38. Emann mac Riocaird a Burc rogha Gall-macaomh Connacht d'écc.

  39. Sęan Ócc Ua h-Ęghra ⁊ a mac do mharbhadh h-i fiull lá cloinn Uí Eaghra, .i. Ruaidhri, ⁊ Aedh (clann a dearbrathar féin) dia Domhnaigh do shonnradh i mainistir an Bęnd Fhoda.

  40.  p.1164
  41. Donnchadh mac Mathghamhna tighearna Corca Baiscinn do écc, ⁊ da mac Mathghamna i n-a ionat, .i. Brian a mac féin ⁊ Tadhg Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Mathghamhna.

  42. Fęrgal Mac an Ruagaire d'écc. Baí an Feargal-sin fiche bliadhan ag caitheamh a choda amail gach aon, ⁊ ní dheachaidh d'imthealccadh a chuirp frisan ré-sin.

  43. Ruaidhri Ua Concobhair .i. mac Feidlimidh, fear lé raibhe suil na sochaidhe do gabhail comarbais a athar d'écc i m-Baile Tobair Brighde i mí Auguist.

  44. Creachsluaiccheadh lá h-Iarla Cille Dara h-i c-Cenel Fhiachach Mic Neill dia ro bhris Caislen Bile Ratha for cloinn Muirceartaigh Meg Eochaccáin iar t-tabhairt ordanais chuicce.

  45. Maoileachlainn mac Ruaidhri Mec Diarmada, ⁊ Muirgęs mac Aodha Mec Diarmatta d'écc.

  46. Tadhg mac Aedha mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair ced rogha macaemh slechta Briain Luighnigh d'écc, aidhche Cascc do sonnradh.

  47. Diarmaid mac Taidhcc Uí Concobhair, tanaisi-tighearna a cheneoil, fear as mó ler thuit dia biodhbadhaibh dá laimh baí i n-Erinn i n-a aimsir d'ecc do ghalar fhuail iar t-treablait fhoda.

  48. Concobhar mac Dubthaigh Uí Dhuibhgeannáin do bhadhadh ar Loch Bradain a Muintir Eolais.

  49. Maol Conaire mac Torna Uí Maol Conaire d'ecc do ghalar aithghearr h-i c-Cluain na h-Oidche.

  50. Maol Maire mac Taidhcc Óicc Uí Uiccinn oide Ereann le dán, ⁊ Mac an Baird Oirghiall d'ecc.

 p.1166
M1489

    AOIS CRIOST, 1489.

  1. Aois Criost, Mile, ceithre ched, ochtmoghat, a naoí.

  2. Nioclas Ua Cathasaigh biocaire Daimhinsi for Loch Eirne Tadhcc Ua Maithgęn, manach do manchaibh na Buille d'écc.

  3. O Neill, .i. Enri mac Eoghain mic Neill Óicc, Mac Giolla Pattraic Seffraidh tighearna Osraighe, Ua Cearbhaill Sęan tighęrna Éle, O Baigill Toirrdhealbhach, Maghnas mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe Mhég Mathghamna, ⁊ Concobar mac Glaisne Ui Ragallaigh d'écc.

  4. Pláigh mhór isin m-bliadhain-si dia ro éccsat ile. Baí da h-aidble co na fagbhaidís daoíne a n-adhnacal seachnón Ereann.

  5. Remann mac Uaithne mic Feargail mic Tomais mic Mathghamhna mic Giolla Iosa Ruaidh Uí Raghallaigh d'écc dhi.

  6. Feidhlimidh Ócc mac Feidhlimidh mic Feargail mic Tomáis mic Mathghamhna mic Giolla Iosa Ruaidh Ui Raghallaigh, Domhnall mac Torna Uí Maol Conaire adbhar ollamhan Sil Muirędhaigh, Domhnall Cananach mac Taidhcc Uí Bhirn, Corbmac Ua Conalladh ceann Gallocclach culcoimeda Uí Conchobhair, an Inghean Dubh inghęn Uí Chonchobhair, .i. Donnchadh Dubhshuileach, Aodh Buidhe ⁊ Domnall Caoch mac Uí Ainlighi, Rúdhraighe Glas mac Ruaidhri mic Aodha, Mac Donnchaidh Riabhaigh, .i. Aodh, ⁊ Fionnghuala inghęn Mec Diarmata Ruaidh d'écc don plaigh uile.

  7. Maoileachlainn mac Muirceartaigh mic Eoghain Uí Neill do marbhadh la cloinn Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.

  8. Rudhraighe mac Dabhid Uí Mhórdha tanaisi Laigisi d'écc.

  9. Ros mac Uaithne Uí Morda do marbhadh lá Cathaoir mac Laoighsigh mic Cathaoír Uí Diomusaigh.

  10. O Neill, .i. Conn mac Enri do dhol i n-oireacht Uí Cathain. Millte mora do dhenamh dhó, ⁊ a m-braighde do thabhairt lais.

  11. O Domnaill, .i. Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh do dol sluagh i t-Trian Congail isin f-foghmar do sonnradh. Creacha móra ⁊ airccthe aidhbhle do denamh do isin  p.1168 Rúta ar Mac Uidhilín, ⁊ gan dioghbhail do dhenamh dó acht Conn a mac do ghuin. Dol dó iar sin co Bel Fęirsde, ⁊ caislén Bheóil Feirsde do gabhail ⁊ do briseadh lais, ⁊ teacht slan dia tigh co n-edalaibh aidhbli.

  12. O Raghallaigh Sęan mac Toirrdhealbhaigh mic Sęain, ⁊ Ó Fearghail Conmhac" mac Sęain mic Domhnaill do denamh creiche h-i Maigh Breaghmhaine, ⁊ Donnchadh mac Briain Chaoich mic Domhnaill Bhuidhe Uí Feargail do marbhadh don turus-sin.

  13. Tomaltach mac Briain Mec Donnchaidh do mharbhadh la h-Aodh mac Domhnaill Chaim Mec Donnchaidh, ⁊ lá a cloinn.

  14. Aodh mac Feilim Fhinn (.i. O Concobhair) do gabhail la cloinn Uí Cheallaigh.

  15. Toirrdhealbhach mac Feilim Finn Ui Concobhair (mac tighearna a aosa as fearr tainic dia chenel re h-athaidh d'aimsir) do marbhadh la cloinn Ruaidhri mic Feidhlimidh ⁊ lá mac Mec Diarmata, la sliocht Uí Concobhair Ruaidh, ⁊ lá mac Aodha mic Ruaidhri isin Caislén Riabhach.

  16. Comhthoccbhail coccaidh for Ua c-Conchobhair la Ruaidhri mac Feilim, la sliocht Taidhg ÓiccTaidhcc Ruaidh, ⁊ lá sliocht Ruaidhri Mec Diarmada. Coimhionnsaicchidh doibh fair co h-Ard an Choillín, ⁊ Mac Cathail Ruaidh Uí Conchobhair do leccadh ⁊ do bhualadh leo ⁊ a marcshluagh féin dá bhęin amach co h-áithęsach. Ua Conchobair féin co n-a marcsluagh ⁊ co n-a Gallócclacaibh do bręith forra, ⁊ gabhála do ghabhsatar don chaoraigheacht do bhęin diobh. A lęnmhain asuidhe co TuillsceDonnchadh Clęireach mac Taidhcc Mec Diarmata do mharbhadh lá h-Ua c-Conchobhair. Cidh fil ann tra acht a Ghallócclacha fęin do fheall ⁊ do impádh for Ua Concobhair ⁊ a madhmucchadh leó ⁊ Mac Concobhair Bhuidhe mic Corbmaic do mharbhadh uadh co sochaidhibh oile, ⁊ bladh da chaoraigheacht do bhuain de, ⁊ imtheacht áithęsach attéchta eisiomail do denamh d'Ua Concobair, ⁊ a chaoraigheacht do bręith lęis i n-Uíbh Maine.

  17. Eoccan mac Fęidhlimidh .i. Feidhlimidh mac Eoghain mic Domhnaill mic Muirceartaigh Ui Concobair mac tighęrna Cairpre, ⁊ mhac Muirceartaigh mic Eoghain  p.1170 (.i. Muirceartach ÓccSęan) do mharbhadh a meabail lasan Calbhach c-Caoch mac Domhnaill mic Eóghain, ⁊ Ua Domhnaill baí a slánaibh ętorra, d'orccain ⁊ do mhilleadh Cairpre a n-dioghail a mighníomh, ⁊ tré nęmhchomhall a shlán ⁊ a chor.

  18. Colmán mac Airt mic Corbmaic Bhallaigh Ui Mhaoilechlainn do mharbhadh lá Conn mac Airt mic Cuinn mic Corbmaic Bhallaigh Uí Mhaoilechlainn.

  19. An Calbhach mac Aędha (.i. Aodh Ruadh) mic Neill Ghairbh Uí Domhnaill d'écc.

  20. Murchadh mac Ruaidhri Mec Suibhne do mharbhadh lá h-Iarla Dęsmumhan (Muiris mac Tomáis) i n-Éile Uí Chearbhaill, ⁊ a dearbrathair Maol Muire Mac Suibhne do ghabháil leis bheós.

  21. Mac Még Carthaigh Diarmaid mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc do mharbhadh lasan Iarla cédna.

  22. Tomas Buitilér Mac Risdęird do mharbhadh lá Seaan mac Emainn Mic Risdertt Buitelér.

  23. Risdęrd mac Feilim mic Feargail Uí Raghallaigh do mharbhadh lá mac Seón Óicc Ploingcéd.

  24. Paittricín mac an Ridere Chiarraighe do mharbhadh la Mág Carthaigh Mór (Tadhg mac Domhnaill Óig).

  25. Creach do dhenamh la Niall ⁊ la h-Art dhá mhac Cuinn mec Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill ar Enrí mac Enri mic Eoghain Uí Neill, ⁊ Cathaoír Ua Conchobhair do mharbhadh don cur-sin.

  26. Mac Uidhilín, .i. Seinicin Ruadh mac Risdęird do mharbhadh a f-fiull lá Ualtar mac Corbmaic mic Sęinicín mec Uidhilín.

  27. Mac an Bhulbaigh tighearna Criche Bulbach a c-cois Bearbha d'écc.

  28. O Gobhann, .i. Mathghamhain mac Toirrdelbhaigh d'écc.

  29. Diarmaid mac Briain Duibh Uí Conchobhair do mharbhadh lá h-Aodh mac Conchobhair ⁊ lá cloinn Ruaidhri mec Diarmada i n-Ath Lęime na Girre, ⁊ Aedh fęisin do  p.1172 ghuin go mór lá Diarmoid, ⁊ Brian mac Concobhair mic Uí Concobhair Ruaidh saoí thanaisi do mharbhadh i n-a dhioghail-sen la Tadhcc m-Buidhe mac Cathail Ruaidh Uí Concobhair h-i Maigh Murchadha.

  30. Conn mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Conchobhair d'écc.

  31. Coccadh mór eittir an dá Ua c-Conchobhair, ⁊ Sluaiccheadh lá h-Ua c-Conchobhair Ruadh co Baile Tobair Brighde dia ro bhris badhbhdhún an bhaile, ⁊ tangattar taoísicch slechta Taidhcc Óicc i n-a theach co ro ghiallsat dó, .i. Ua Floinn, Mac Cęithęrnaigh, ⁊ Ua Maoíl Bhrénainn.

  32. Sluaiccheadh la h-Ua c-Concobhair go Beol Coilleadh dia ro ghęrr an bealach, ⁊ dia t-tuccsat lucht Airticch braighde dhó.

  33. Breas maidhm for chloinn Uí Conchobhair isin t-Sęgais la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata.

  34. Slóiccheadh lá h-Ua c-Conchobhair for chloinn Uilliam Ui Cheallaigh dia ro loiscc, ⁊ dia ro ghearr bealach an Chluainín, dia ro ghearr ⁊ dia ro mhill arbhanna iomdha. Dioghbhala iomdha do dhenamh do chloinn Uilliam Uí Cheallaigh for Ua Maol Conaire co n-a braithribh i n-a dhioghail sidhe.

  35. Aodh mac Ui Concobhair, ⁊ Eoccan do ghabhail a meabhail lá cloinn Uilliam Uí Cheallaigh, ⁊ Dubhthach Ua Maol Chonaire do ghabhail i n-a fochair, ⁊ a chor i n-geimhel.

  36. Concobhar mac Diarmada do gabhail la Toirrdhealbach Ua c-Concobhair.

  37. Coccadh mór etir Anghalachaibh féin. Creacha ⁊ uilc iomdha do dhénamh dóibh for aroile co n-dearna an Iustis síth ętorra ⁊ co ro rann an toísighecht eitir mac Sęain ⁊ mac Cathail.

  38.  p.1174
  39. Creach Cluana Tuaiscirt na Sionna lá sliocht Laoíghsigh mic Rossa, ⁊ creach áithęsach do dhenamh i n-a díoghail i t-Tír LicinMuintir Ainlighi for sliocht Loighsigh.

  40. Maidhm siodha etir an dá Ua Fherghail, ⁊ creach mhór do dhenamh la mac Sęain for mac Cathail mic Tomais.

  41. Mac Branáin do gairm do Shęan Mac Branáin lá h-Ua Concobair ⁊ lá Mac Diarmada ⁊ do mhaith sé an lá-sin lęth-marcc Bhaile an Bhealaigh do chloinn Uí Mhaoil Chonaire baí acc fior a ionaid forra lé h-aimsir imchéin.

  42. Maelechlainn mac Lochlainn Uí Mhaol Chonaire d'écc for a chuairt éiccsiMumhain.

  43. Síle ingean Diarmata an Dúnaidh Meg Carthaigh bęn Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain díol Caisil do ríoghain d'écc.

  44. Caoíre na Midhe a c-comhfhochraibh fairrcce ó Ath Cliath co Droichęt Átha do dhol isin muir d'aimhdheoin a n-aoghairędh ⁊ gan a t-teacht for c-cúla.

  45. O Fialán d'écc.

M1490

    AOIS CRIOST, 1490.

  1. Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat.

  2. Matha Mac Conaincc biocaire Lęth Ratha, Fęrccus mac Eóin mic Matha ancoire Insi Caoín, an Cananach Mac Ticchęrnáin do shęnadh Droma Lęthain, ⁊ Giolla Crist Mac an Fhir Leighinn saccart ócc baí i c-Cluain Lis Fhloinnabhrait d'écc.

  3.  p.1176
  4. Creach la h-Ua c-Conchobhair i t-Tír Maine for Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh i Turlach na m-Bruigheol. Creach ele lá h-Ua c-Conchobhair for cloinn Ruaidhri Bhuídhe h-i Muine Fraochnat, ⁊ h-i n-Druim Tarlach, ⁊ h-i c-Cluain Gamhnach. Clann Ruaidhri Mec Diarmata ⁊ a m-baoí 'n-a acchaidh dá chinidh féin co n-a n-Gallócclachaibh do bęith ar a chionn ar Maigh na Cruachna ⁊ tachar aggarbh ainmín do thabhairt dóibh da 'roile co ro cuimhnighsiot a sęn fholta ⁊ a nuafholta da cheile, ar batar daoine ainnsidhe i n-aghaidh aroile las ro marbhadh aithre ⁊ braithre a chéle. Cidh tra acht ro sraoineadh lá h-Ua Concobhair forra annsin, ⁊ do marbhadh ann Tomaltach mac Ruaidhri Mec Diarmada tanaisi Maighe Luirg, ⁊ Corbmac mac Taidhg mic Ruaidhri Buidhe. Ro gabhadh ann Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Dubgaill, ⁊ sochaidhe da n-GallócclachaibhdáM c-cęithirn.

  5. O Conchobhair Feilim Fionn mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh Uí Chonchobhair fear crodha coccthach fęr ro dhing a omhan for gach tir i n-a timcheall, ⁊ fear ro shaoílsęt Síol Muirędhaigh do chor Connacht lé cheile d'écc Luan Cascc i t-tigh Mecc Oireachtaigh, ⁊ a adhnacal i n-otharlicche a shinnsior h-i Ros Comain.

  6. Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill do trasccradh dia eoch a c-coimhling for iomaire Murbhaigh ⁊ a écc as a los.

  7. Ua Gairmlędhaigh Muirceartach mac Enri mic Concobhair, ⁊ Concobhar Ruadh mac Giolla Patraicc Meg Uidhir d'ecc.

  8. Ruaidhri mac Pilip mic Con Connacht do mharbhadh lá cloinn Bhriain mic Concobhair Óicc Meg Uidhir ⁊ la sliocht Concobhair archęna.

  9. Ua Cathain Sęan mac Aibhne mic Diarmata do ghabhail la luing tainig a h-Inber Air.

  10. Aodh mac Maoil Morda mic Seaain Uí Raghallaigh do ghabhail la cloinn Glaisne mic Conchobhair Uí Raghallaigh iar n-orccain bhaile Tomais mic Glaisne lęis.

  11.  p.1178
  12. Sémus Ócc Sabhaois do mharbhadh la cloinn an t-Sionasccail Sabhaoís.

  13. Colla mac Rúdhraighe mic Ardgail Meg Mathgamna do mharbhadh lá sliocht Con Uladh mic Neill Mhóir Uí Neill.

  14. Feilim mac Rudhraighe mic Sęinicín Mec Uidhilín do mharbhadh i n-Aendruim lá cloinn Briain mic Aodha.

  15. Caislén Édain Dubhcairrcce, .i. caislén Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe do ghabháil ⁊ do bhriseadh lá Feilim mac mic Neill Buidhe, ⁊ creacha móra la Feilim mac mic Uí Neill Bhuide ar cloinn Cuinn mec Aędha Buidhe, ⁊ Gofraidh Ua Maol Craoíbhe do mharbhadh leiss.

  16. Creacha ⁊ oirgne do dhenomh la h-Aędh Óg mac Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ar cloinn Donnchaidh mic Aedha Meg Uidhir, ⁊ a m-bręith lais co h-Ath Sęnaigh ⁊ a marbhadh ann uile, .i. cęithre chéd bó, uair tucsat bardadha an bhaile (clann Aodha Gallda Uí Dhomnaill) caislén Atha Sęnaigh d'Aodh Ócc gan comhairlécchadh d'Ua Domhnaill.

  17. O DomhnaillÓ Neill do bęith i n-díbh scoraibh for aineach aroile ó Shamhain go Nodlaicc, O Domhnaill i n-Druim Bóó Neill isin c-Cairrccín, ⁊ ní dearnsat sídh na ossadh, coccadh na comhfhuachadh frisan ré-sin.

  18.  p.1180
  19. Ua Dálaigh Breifne, Sęan mac Uilliam mic Aodha saoí lé dán, RuaidhriAodh Mhág Craith da mhac Domhnaill mic Aodha Óicc priomh-shaoí Cloinne Craith, Tomás Ua Lorcáin adhbhar ollamhan Ua Madadháin, ⁊ Fionn Ua h-Anghluinn primh-thiompánach Ereann d'écc.

  20. Ua h-Uiccinn Sęan mac Fęrgail Óicc priomh-shaoí Ereann lé dán d'écc.

  21. Ua Caiside Cúile, ⁊ Catariona inghęn Choncobhair mic Cathail Meg Raghnaill bęn Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc.

  22. Donnchadh mac Maoileachlainn Chaoích Ui Bhirn co n-a dhís mac, fęr dhíobh a c-cionn a sheacht m-bliadhan do marbhadh a meabhail lásan c-cuid oile do sliocht Corbmaic Uí Birn.

  23. Cathal mac Donnchaidh mic Aodha do marbhadh la Conn Ciotach mac Aodha mic Eoghain, ⁊ la muintir Concobhair Mic Diarmada i t-Tír Bhriúin na Sionna.

  24. Sliocht Taidhcc Uí Concobhair co n-a c-caoraigheacht do theacht a h-Uíbh Maine, ⁊ suidhe dóibh i n-ucht an Chláir, ⁊ Tadhcc Ruadh mac Cairpre Uí Concobhair do gabhail leó. Indsaighidh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata fó n-a c-caoraighecht-somh i n-adhaidh-sin fęin, ⁊ Ruaidhri mac Corbmaic Mec Diarmada do marbhadh lasan ionnsaighidh-sin.

  25. Ruaidhri mac Feilim Uí Concobhair d'oirdneadh i n-ionadh Fhéilim Fhinn.

  26. Ua Domhnaill do theacht lá sliocht Taidhcc Uí Conchobhair co Tuillsce, ⁊ an caislén d'fheimghędh dóibh.

  27. Creach lá sliocht Taidhcc Uí Chonchobhair for Ua c-Concobhair, ⁊ for cloinn Ruaidhri Mec Diarmada i m-bóthar liath Baislice.

  28. Sliocht Taidhcc Uí Concobhair, ⁊ Tadhg Ruadh do dhol co n-a c-caoraigheacht i Maigh Luircc, ⁊ a ghuirt do ghearradh ⁊ a n-ullmhucchadh dóibh fęin and, ⁊ a dhaoíne féin do dhíochur ass.

  29.  p.1182
  30. Slóiccheadh lá sliocht Taidhcc Uí Concobhair ⁊ lá Mac Uilliam Búrc for sliocht Briain Bhallaigh Uí Conchobhair ⁊ a c-caislén do gabail ⁊ iad féin do dhíbirt as a n-dúthaigh.

  31. Creach lá Fęrgus mac Emainn mic Laoighsigh for Feargus mac Cathail mic Tomais ⁊ for Cloinn Amhlaoibh. Crech ele lais for Ua Maoileachlainn. Cręch ele lais isin Cuirrín Chonnachtach for cloinn Giolla na Naomh mic Domhnaill.

  32. Emann Dubh mac Rossa tighearna Chaladh na h-Anghaile d'écc, ⁊ Feidhlimidh mac Giolla na Naomh mic Domhnaill do gabháil a ionaid.

  33. Diarmait Buidhe mac Uí Ainlighi do mharbhadh lá Fęrccus mac Emainn i c-Coill na Cloiche, ⁊ Ua h-Ainlighi a athair, .i. Tadhg mac Giolla na Naomh do dhalladh dia cumhaidh. Ua h-Ainlighi do ghairm do Mhuircheartach mac Uaitne Uí Ainlighi i n-a ionad.

  34. Siubhan inghęn Murchaidh mic Taidhcc Glai bean Domhnaill Meg Cormáin d'écc.

  35. Maoilechlainn mac Uilliam Uí Cheallaigh do gabhail a meabhail lá Tadhcc mac Donnchaidh Uí Cheallaigh ⁊ mac Uí Mhainnín do mharbhadh i n-a fhiadhnaise ⁊ Maoíleachlainn do léiccean iar t-trioll.

  36. Emann Díolmhain tighearna Machaire Cuircne d'écc.

  37. Brian mac Taidhcc (.i. Mag Raghnaill) mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh a meabhail i Liath Druim lá sliocht a sheanathar fęin (.i. Tadg mac Concobhairda mhac Maoilechlainn) bai i n-a n-daltaibh ag á athair.

  38.  p.1184
  39. Caislén Liath Droma do ghabhail la Hoibęrd mac Taidhg Mhég Raghnaill, ⁊ lá sliocht Tomaltaigh Mec Diarmata, Cathal mac Mhaoílechlainn Meg Raghnaill do marbhadh isin c-caislen la Hoiberd a n-dioghail a dhearbhrathar. Caislén Liath Droma do gabhail d'Eoghan Ua Ruairc iar sin.

  40. Caislen Atha Luain do gabhail don Diolmaineach.

  41. Gęralt mac Dúnlaing Uí Bhrain tighearna Branach d'écc ⁊ Catháoír Ua Broin i n-a ionad.

  42. Eoin Ócc mac Eoin Mhóir a h-Íle do mharbhadh a mebail lá fear téd Ultach bai i n-a gradhaibh fęin Diarmait Mag Cairpre, ⁊ boill do dhenam de fein i n-a chionaidh.

  43. Fionnghuala inghęn Ruaidhri Meg Con Mara bęn Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Uí Briain d'écc.

  44. Conn mac Domhnaill Uí Concobhair Corc Mo Dhruadh do marbhadh la Cathal mac Uí Concobhair.

  45. Maidhm talmhan do thóbhruchtadh h-i Sleib Gamh dia ro mucchadh ced do dhaoinibh im mac Maghnusa Crosaigh Uí Ęgra, ⁊ lás ro marbhadh capaill ⁊ bú iomda, ⁊ iascc brén iomdha do thecht amach as ⁊ loch i n-a n-gabar iascc do fhás i n-a ionad.

 p.1186
M1491

    AOIS CRIOST, 1491.

  1. Aoís Criost, míle, ceithre ced nóchat, a h-aon.

  2. Eoghan mac Muirceartaigh mic Neill Óicc Uí Néill Muirceartach mac Airt mic Eoghain Uí Neill, ⁊ Sęan Ruadh mac Ruaidhri Meg Uidhir d'écc.

  3. O Cathain, .i. Sęan mac Aibhne mic Diarmatta do léiccean as a braighdenus ⁊ a chaoraighecht do bhęin dó do chloinn Mhagnusa Uí Cathain suil do fhidir neach dia thir fein a legean amach.

  4. Feidlimidh mac Aodha mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac Rudhraighe mic Emainn Meg Mathghamna, ⁊ Art Ua Neill dearbrathair Fheidhlimidh do denamh creiche i t-Teallach n-Geallaccain i n-a dioghail. Daoine iomdha do losccadh, ⁊ do mharbhadh leis.

  5. Coccadh anbháil etir Ua Neill, .i. Conn mac Enri, ⁊ Ua Domhnaill .i. Aodh Ruadh mac Neill Gairbh co na ro fédadh a siodhuccadh co n-dechsat araon do shaicchidh an Iustís Iarla Cille Dara, ⁊ a t-toidhecht uadh for cula gan sidh gan ossadh. Brian mac Aodha Gallda mic Neill Uí Domhnaill do marbhadh ar an c-coccadh-sin lá Henrí mac Enri Uí Neill. Ro coimhéid ⁊ ro imdęgail an t-Enri cedna an tir a c-cęin ro baoí Ó Neill h-i t-tigh gall.

  6. Eachmhilidh mac Még Aongusa .i. mac Aodha mic Airt do marbhadh i n-a tigh fein ar greis oidhche la cloinn Maoilechlainn mic Muircęrtaigh mic Eoghain Uí Neill.

  7. Ua Raghallaigh (Sęan mac Toirrdhealbhaigh mic Sęain) macaomh ócc aoidheadhach dearlaictheach deagheinigh do ecc h-i remhthus a ratha, ⁊ a adhnacail i mainistir an Cabhain, ⁊ Ua Ragallaigh do gairm do Shęan mac Cathail mic Eoghain.

  8. Cathal mac Toirrdhealbhaigh Uí Raghallaigh do tharraing Iarla Cille Dara ar Ua Raghallaigh Ócc co n-a braithribh ⁊ dioghbhala móra arbha, ⁊ innile, ⁊ airneisi do denamh lasan sluagh n-Gall. don tír, ⁊ Mac Mec Balronta do gabháil ón t-sluagh Gall lá cloind Cathail, ⁊ mac Emainn mic Tomais mic Feidhlim Uí Raghallaigh do marbhadh lásan sluagh h-isin.

  9.  p.1188
  10. Creacha mhóra lasan Iarla (Semus mac Tomáis) ar cloinn Glaisne mic Concobhair Ui Raghallaigh.

  11. Mag Craith h-i Tearmann do dhenamh do Ruaidhri mac Diarmata mic Marcais.

  12. AedhRuaidhri da mac Domnaill mic Aodha Óicc mic Aodha mic Raghnaill mic Donnchaidh Alainn Még Craith d'écc.

  13. Murchadh mac Eogain Még Craith d'écc.

  14. Hanri mac Hoibęrd mic Semais Diolmhain do mharbhadh a athar fęisin Hobęrd d'ęrchor do sgin ⁊ é fęin do dol dochum na Romha as a los.

  15. Fliuchdhoinęnn mhór h-i samhradh na bliadhna-sa ⁊ isin fhoghmhar ar cind go m-ba samhalta fri dílinn go ro mhęth arbhanna na h-Erenn.

M1492

    AOIS CRIOST, 1492.

  1. Aoís Criost, mile, cethre ched, nochat, a dó.

  2. An t-Oificel Ó Duibhidhir .i. Aodh d'écc.

  3. Ruaidhri (.i. Ua Concobhair Ruadh) mac Feidhlimidh Uí Concobair, fęr sona re sídh, fear crodha ré coccadh d'écc iar sęndataidh tocchaidhe ⁊ a adhnacal h-i t-Tuillscce.

  4. O h-Áinlighi Giolla na Naemh mac Domhnaill taoíseach Cenél Dobhtha do mharbhadh la a chenel feisin.

  5. Coccadh adhbal mhór etir Ua Raghallaigh Ócc .i. Sęan mac Cathail mic Eoghain ⁊ Cathal mac Toirrdhealbhaigh mic Sęain mic Eoghain, do-rónadh creacha mora la Cathal for Ua n-Gobhann. O Gobhann dia lęnmhain, ⁊ a écc suil do impaídh.

  6.  p.1190
  7. Síth ⁊ osadh do denamh eitir Ua n-DomhnaillO Neill go Beltainne.

  8. Conn mac Airt mic Cuinn Uí Conchobhair do mharbhadh lá muintir Iarla Cille Dara tre urchor cuaille tucc sé ar succradh ar an Iarla.

  9.  p.1192
  10. Conn mac Uí Dhomhnaill do geimhliucchadh lá a athair.

  11. Sęan mac Cairpre Uí Neill do marbhadh la cloinn h-Ui Anluain ⁊ lá cloinn Remainn Uí Anluain h-i t-Traigh Baile Dúine Dealccan.

  12. Feidhlimidh mac Toirrdhealbhaigh mic Aedha Uí Neill do mharbhadh lá Henri mac Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.

  13. Corpmac mac Aodha mic Pilip Meg Uidhir d'écc.

  14. Colla mac Donnchaidh Mec Domhnaill do mharbhadh i n-a tigh fęin do chaoir thęineadh ⁊ an tęgh do losccadh, ⁊ triúrcęthrar do lęthmarbhadh ann don chaoír cedna.

  15. Brian mac Emainn Mec Domhnaill, ⁊ a mhac do mharbhadh lá cloinn Még Mathghamna ⁊ lá cloinn t-Sęain Bhuidhe Meg Mathghamna.

  16. Aibhne mac Aibhne Uí Catháin, Gofraidh, ⁊ Sęan Gallda, mhac Shęain (.i. Ó Catháin) mic Aibhne mic Diarmada do mharbhadh la Ualtar Mac Uidhilín ⁊ la h-Eóin Cathánach mac Eóin mic Domhnaill Bhallaigh, ⁊ lá Tomas Ua Cathain brathair a n-athar uair as ar a tharraing tangattar do denamh an mharbhtha h-ísin.

  17. Mac Gille Fhinnéin .i. Toirrdhealbhach mac Briain mic Enrí Chrosaigh, ⁊ Feidhlimidh Ruadh mac Donnchaidh Mec Gille Fhinnein d'écc.

  18. Mág Craith (.i. comharba tęmpaill Dabheócc) Diarmait mac Marcais mic Muiris mic Niocoil mic Andriasa d'écc.

  19. Pilip mac Uilliam Meg Uidir do mharbhadh lá h-Ua c-Cathalán i m-baile Risdęird mic an Ridere Belle.

  20.  p.1194
  21. Toirrdhealbhach Ballach mac Uí Conchobhair Failge .i. mac Cuinn mic an Chalbhaigh, ⁊ Mac Con Mara (Cumeada) mac Sęain Mec Con Mara d'écc.

  22. An Calbhach mac Uí Conchobhair Failghe .i. mac Cathaoir mic Cuinn mic an Chalbhaigh do mharbhadh lá cuid do muintir mic Iarla Urmumhan (Semus mac Sęain mic Semais Buitiler) .i. le Maigistir Gart, ⁊ Maighistir Gart féin do gabhail fó cedóir la h-Iarla Cille Dara.

  23. Creacha móra la Cathal mac Toirrdhealbhaigh Ui Raghallaigh, ⁊ le cloinn Mécc Mhathgamna (.i. Rémann) GlaisneBrian, ⁊ le Giolla Pattraicc mac Aodha Óicc Mécc Mathghamhna (ar tarraing Chathail Uí Raighilligh) ar Ua Raghallaigh .i. ar Seaan mac Cathail mic Eoghain, ⁊ ar a braithribh archęna.

  24. Creacha mora ele la h-Ua Raghailligh ar cloinn Glaisne Uí Raighilligh, ⁊ mac Sęain Buidhe Mecc Mathghamhna .i. Eoghan do mharbhadh a t-tóraighecht na c-creach-sin lá cloinn Glaisne, ⁊ Gearóid mac Émainn mic Tomais mic Feilim Ui Raighilligh do gabhail ar in tóraigecht cedna.

  25. Sęan Buidhe mac Eoccain mic Rudhraighe mic Ardgail Meg Mathgamhna d'écc h-i f-Féil Tighearnaigh.

  26. Domhnall mac Enri mic Eoccain, ⁊ Giolla Pattraicc Mac Cathmhaoíl do ghabhail ⁊ Mac Cathmhaoil (.i. Emann) do mharbhadh la cloinn Remainn Mhég Mhathghamhna .i. GlaisneBrian. Ro marbhadh, ⁊ ro gabhadh sochaidhe oile don chur-soin cenmothat-sidhe. Domhnall tra do eludh as caislén Muineacháin h-i c-cionn t-sechtmhaine iar n-a ghabhail.

  27. Ua Cléiricch Tadhcc Cam ollamh Uí Domhnaill i n-eiccsi h-i filidheacht ⁊ a sęnchus fęr tighe aoidhędh coitchinn do thrénaibh ⁊ do truacchaibh d'écc iar m-bręith buadha ó dhomhan ⁊ ó dhęmhan.

  28. Pláigh ionggnáthach isin Midhe .i. pláigh cętheora n-uair fichęt, ⁊ gach aen tęicchędh tar an re-sin nó téarnadh, ⁊ ní ghabhadh naoidhin nó leinb bęcca.

  29.  p.1196
  30. Mac Iarla Urmumhan do teacht i n-Erinn iar m-bęith athaidh foda h-i Saccsaibh. Sluaiccheadh laisidhe, á h-Ua m-Briain co n-a bhraithribh, ⁊ la Mac Uilliam Cloinne Riocaird i n-duthaigh Buitilerach ⁊ umhla Buitilerach do thabhach do mac an IarlaGaoidhil Laighean do gabhail leó. An Mhidhe do milleadh lasan sochraide-sin. Sráid na c-Caorach i n-Áth Cliath do losccadh on Iustis. Sídh do dhenamh iar sin ętorra ⁊ an Iustis .i. etir mac Iarla UrmhumhanIarla Cille Dara, .i. ionad a athar féin ag gach aon diobh ⁊ ionadh an Rígh i n-Erinn, .i. an cloidheamh ⁊ gach ar bęn lais do cor i n-orlaimh Airdęspuicc Atha Cliath nó go ręidhighędh an ętorra ⁊ co c-cuireadh ar an c-córaidh iatt. Bá h-é fochann ar ar léicc Iarla Cille Dara a oific .i. an iustisecht de, ⁊ trés ar éirigh a barántus Gall Midhe fó dháigh ná ro chongainsiot lais i n-acchaidh mic Iarla Urmumhan.  p.1198 Tangatar uilc iomdha do Ghallaibh treimhit-sidhe uair ro crechadh ⁊ ro loiscceadh go coitchęnn iatt as gach aird i n-a t-timcheall lá Gaoidhealaibh iar na t-tréiccęn don Iarla.

  31. Hoibęrd mac Maol Ruanaidh Meg Raghnaill adhbhar toísigh Conmaicne Réin na b-Fomhorachsé fir dhécc maraon ris do mharbhadh, ⁊ do losccadh i t-tęmpall Cille Trenain for bru Sionna lá sliocht Cathail Óicc Mécc Ragnaill, ⁊ lá Muintir Chearbhalláin.

  32. Creach lá h-Eoghan Ua Ruairc i n-Uibh Briúin na Sionna dia ro marbhadh mac Uí Birn (Cathal mac Muircęrtaigh mic Taidhg mic Corbmaic).

  33. Forbhaisi la Conchobhar Mac Diarmata tighearna Maighe Luircc for Charraicc Locha Cé, ⁊ Ua Domhnaill da chor dhi do druim siodha.

  34. Caislén Bhaile na h-Uamhadh do aithdenamh lá sliocht Aodha Mec Diarmatta.

  35. Concobhar Ócc mac Conchobhair mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh lá sliocht Maoilechlainn Meg Raghnaill.

  36. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, la h-Ua Ruairc ⁊ lá h-Eoccan Ua Ruairc h-i Muintir Eolais do thabhach tighearnais Uí Ruairc a cloinn Maoilechlainn, ⁊ a b-fęimghędh uime ⁊ an tír do mhilleadh eitir arbhar ⁊ fhoirccnęmh. Mag Raghnaill do ghairm dhóibh d'Uilliam mac Ir i n-acchaidh Maoilechlainn mic Uilliam baí athaidh fhoda isin taoísighecht i n-a aenar.

  37. Muirceartach mac Mathghamhna Uí Bhriain do écc da ghonaibh i t-Tuadhmumhain iar n-a lot ar an sluaiccheadh remhraite .i. sloiccheadh mic Iarla Urmumhan.

  38. Anluan mac Mathghamna Uí Briain do marbhadh la sliocht Donnchaidh Uí Bhriain.

  39. Aodh Mac Flannchadha ollamh Tuadhmumhan i f-féinęchus, ⁊ i m-bręithęmhnas, d'écc.

  40. Tadhcc mac Sęain mic Taidhcc Mec Donnchaidh, ⁊ Corbmac mac Concobhair  p.1200 mic Domnaill Caim do chomhthuitim lé aroile ar an n-Gaebaigh, ⁊ aroile diobh do chiorrbhadh a cheile an mhéid do erna dhibh.

  41. Brian mac Neill GalldaEimear a mac do ghabhail i mebhail lá Gallaibh Cairrge Fęrgusa, ⁊ a thiodhnacal do chloinn Chuinn mec Aędha Buidhe.

  42. Mac Rudhraighe Mec Uidhilín co sochaidhe móir do troigheachaibh amaille fris do mharbhadh lá h-Ua c-Cathán.

M1493

    AOIS CRIOST, 1493.

  1. Aois Criost, Mile, ceitre ched, nochat, a trí.

  2. An t-Oificel Ua Lucairén, (Eogan,) saoi cléirigh d'écc.

  3. O Néill, .i. Conn mac Enri mic Eoccain lamh tiodnaicthe séd ⁊ maoíne fear crodha coccthach do mharbhadh i meabhail lá a dearbrathair féin Enri Ócc.

  4. Ua Domhnaill do dhol i t-Tir Eoccain ar tarraing Domnaill mic Enri mic Eoghain, ⁊ Ua Neill do ghairm do Dhomhnall, ⁊ braighde an tíre do ghabhail dó cenmothá Ó Cathain, ⁊ O Mealláin. O Neill eile do ghairm d'Enri Ócc (i n-acchaidh Domhnaill) lá h-Ua c-Catháin ⁊ lá h-Ua Meallain, ⁊ nir bhó techta uair bá h-é Domnall an sinnsior.

  5. Domhnall mac Eoghain mic Eogain mic Neill Óicc Uí Neill do marbhadh la droing do muintir Airt mic Cuinn mic Enrí Uí Neill.

  6. Ua Mordha Conall mac Dauidh do mharbhadh fa chaislén Bhaile na m-Bachlach h-i  p.1202 c-Crich Bhulbach la dręim do muintir Iarla Cille Dara, .i. Gearóit mac Tomais Ui MhordhaUa Mórdha do dhenamh do Niall mac Domhnaill.

  7. O h-Anluain, .i. Emann Ruadh mac Murchaidh do marbhadh la cloinn Aodha mic Eoghain Uí Neill.

  8. Mac Artáin Pattraicc mac Aodha Ruaidh d'écc.

  9. Fionnghuala inghęn Uí Concobhair Fhailghe, .i. an Calbhach mac Murchaidh bęn Uí Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhiona, ⁊ ro ba bęn iaramh d'Aodh Bhuidhe mac Briain Bhallaigh, bęn do coimheid a febdhacht iar n-écc na n-deighfhear-sin fri ré naoí m-bliadhna cęthrachatt go h-ionnraic onorach craibhdhech caonduthrachtach d'écc an 25. Iul.

  10. Caitríona inghęn Aodha Ruaidh Még Mathghamhna (bęn-sidhe Uí Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhaigh mic Sęain mic Eoghain) d'écc.

  11. Niall mac Sęain Buidhe Uí Neill d'écc i n-a braighdęnas.

  12. An Ua Neill (.i. mhac Enrí mic Eoghain), .i. Domhnall ⁊ Enrí Ócc do thochar fri aroile ag an n-Glasdromainn, ⁊ briseadh ar Domhnall co n-a mhuintir. Mac Dhomhnaill (.i. Raghnall) consapal Gallócclach Uí Néill co n-a triur mac, Somairle, Ruaidhri, ⁊ Tuathal, ⁊ Emann mac Mec Domhnaill Mhóir, .i. Mac Colla mic Toirrdhealbhaigh mic Giolla Ęspuicc, Mac Ruaidhri mic Aodha Ballaigh Mhec Domhnaill, DubghallDonnchadh Ócc mac Donnchaidh Meg Domhnaill, Emann mac Sęain Buidhe Uí Neill, Aodh Breifneach mac Sęain mic Airt, Ua h-Aodha, .i. Fęrdorcha mac an Bhallaigh Uí Aodha ⁊ drong mor ele do mharbhadh ann cenmothát.  p.1204 Ro gabhadh ann Niall mac Sęain Buidhe Uí Neill, Aedh mac Domhnaill mic Enri Uí Neill, ⁊ Donnchadh mac Cathmhaoil co sochaidhibh oile.

  13. O Domhnaill, .i. Aodh Ruadh co n-a chloinn Conn, ⁊ Aodh do dhol mór-sluagh go maithibh Iochtair Connacht im Ua Ruairc Féilim mac Donnchaidh mic Tighearnain Óig im Eoghan mac Tighearnáin mic Taidhcc adbar tighearna Breifne an tan-sin im Domhnall mac Eoghain Uí Conchobhair tighearna Iochtair Connacht, ⁊ iar n-a t-tionól co n-a sochraide go h-aonbhaile, tucc Ua Domhnaill a acchaidh for choicceadh Uladh soir gach n-díreach co ráinicc Trian Conghail, assidhe i Lęth Cathail, assidhe i n-Uibh Eachdhach, ⁊ assidhe i n-Oirthearaibh. Ro h-oirccędh ⁊ ro creachadh Lęth Cathail lais don chur-sin ⁊ gach tír tres a n-deachaidh dá m-baoí i n-éccraitte fris. An c-cein tra boí-siomh for an turus-sin ro thionoil Ua Neill, .i. Enrí Ócc mac Enri mic Eoghain a sochraitte im Macc Mathgamna, .i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe, im Mag Aongusa, Aodh mac Airt mic Aodha co líon a sochraide, ⁊ co sluagh diairmidhe cenmothát-sidhe. Ruccsat an sluagh iomdha-sin for Ua n-Domnaill i m-Beandaibh Boirche co ro iadhsat roimhe ⁊ 'n-a dhiaidh. Ro fuilngędh ⁊ ro h-iomchradh an t-anforlann-sin lá h-Ua n-Domhnaill co cobsaidh comhnart co rangattar a shluagha lais i n-a n-iomláine tar dodhaing na conaire. Iar rochtain do na maithibh cechtardha go h-aon maighin ro ordaighsęt ⁊ ro choraighsiot a sochraide aghaidh i nd-aghaidh. Ro fearadh coimhlęng fiochdha ainiarda, ⁊ iomairecc amhnus aiccmheil ętorra. Ro chuimhnigh cách díobh a sęngoimh, ⁊ a nua fhola dia 'roile. Acht cęna ro mhebhaidh maidhm fo dheóidh for Ua Neill co n-a sochraite. Ro marbhadh in tan-sin lá h-Ua n-Domhnaill, Sęan Ruadh mac Donnchaidh Mécc Mathgamhna co sochaidhibh ele, ⁊ ní ro léicc dorcata dhęiridh an laoi ⁊ thosaigh na h-oidhche do sluagh Uí Domhnaill an maidhm do lęnmain amhail ro ba  p.1206 lainn leó conidh ędh do-righensat foslongport na h-oidhche-sin do gabhail bhail in ro sraínsęt an maidhm-sin Bheinne Boirche. Ro asccnáttar dia t-tighibh iar n-á mharach iar m-bręith bhuadha ⁊ cosccair gach tíre gus a rangattar.

  14. Briseadh for Ua c-Concobair f-Failghe (.i. Cathaoír mac Cuinn mic an Chalbhaigh) lá Mag Eochaccain (Semus mac Connla mic Aodha Buidhe) ⁊ mac Uí Conchobhair Tadhg mac Cathaoir, Mac Toirrdhealbhaigh Bhallaigh Uí Concobhair, Mac Airt Uí Chonchobhair, ⁊ da mhac Aodha Uí Mhaonaigh do ghabhail ann, ⁊ cethre fichit each do bhuain díobh.

  15. Toirrdhealbhach mac Taidhg Ui Concobhair, ⁊ Cathal mac Muircęrtaigh mic Feilim Uí Chonchobhair do crochadh lá h-Ua c-Concobhair f-Failge Cathaoír mac Cuinn, et cetera.

  16. Corbmac mac Diarmatta Mec Diarmatta tanaisi Maighe Luircc do mharbhadh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata.

  17. Creach la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata for sliocht Taidhcc Ui Conchobhair, ⁊ Conn mac Feidhlimidh Finn Uí Concobhair, ⁊ Tomaltach Ócc mac Tomaltaicch an Einigh Mec Diarmata do mharbhadh leo.

  18. Mac Con Midhe, .i. Tadhcc mac Concobhair Ruaidh mic Eachmarcaigh saoí fhir dhana ⁊ fhoghlainnteach do mharbhadh lá moghaidh dia muintir fęin, .i. mac Uí Chlumháin.

  19. Conchobhar mac Uí Dhalaigh Breifne d'écc.

  20. Conntae Cille DaraCeall Dara féin do losccadh lá mac Iarla Urmumhan.

  21. Semus Mag Eochaccáin taoíseach Cenél Fiachach mic Néill d'écc, ⁊ Laighneach a bhrathair do gabhail a ionaidh.

 p.1208
M1494

    AOIS CRIOST, 1494.

  1. Aois Criost, Mile, ceithre chéd, nochat, a cęthair.

  2. An Inghęndubh inghęn Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) bęn Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe Uí Neill d'écc.

  3. Cu Uladh mac Aodha mic Eoccain mic Neill Óicc Uí Neill, Eoghan mac Domhnaill Bhallaigh Még Uidhir, Brian mac Diarmata Uí DubhdaO Fęrghail Conmac mac Sęain mic Domhnaill mic Sęaain mic Domnaill an dara taoíseach do bhaí an tan-sin isin Anghaile d'écc.

  4. Giolla Pattraicc mac Mec Maghnusa Meg Uidhir d'écc, ⁊ a adhnacal i n-Dún na n-Gall an treas lá iar t-tain.

  5. Domhnall mac Eoghain Ui Conchobhair tighearna Sliccigh, fęr aghmhar ionnsaighthech fear agá raibhe ó Choirrsliabh co Bun Duibhe i n-a linn láin ⁊ i n-a tobar thécht do mharbhadh ⁊ do losccadh a meabhail ar greis i m-badbhdhún in caislein h-i m-Bun Fhinne la cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh (SęanBrian), ⁊ Ruaidhri mac Toirrdhelbhaigh Carraigh do ghabhail a ionaid.

  6. Tuathal mac Toirrdhealbhaigh na Mart Uí Neill, ⁊ trí fir décc dia mhuintir im Murchadh Ua Lorcáin do marbhadh lá Cloinn Chana, ⁊ lá cloinn Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.

  7. Toirrdhealbhach mac Donnchaidh mic Tomais Meg Samhradhain do mharbhadh la cloinn Eoccain mic Tomáis, ⁊ lá Fearghal mac Tomáis mic Tomáis Meg Samhradain d'urchor saighde.

  8. Eoin Bęrnach mac Maol Muire Mec Suibne co n-druing dia Gallóglachaibh do mharbhadh lá Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill mic Eoghain Uí Neill, ⁊ lá h-Aodh Ruadh mac Glaisne mic Remainn mic Rudhraighe Meg Mathghamhna, ⁊ a n-adhnacal i n-Ard Macha.

  9.  p.1210
  10. Maidhm for GhallaibhMág Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) ⁊ lá h-Ua Raghallaigh (Sęan mac Cathail, mic Eoghain mic Sęain) dú in ro marbhadh trí fichit d'uaislibh Gall, ⁊ in ro gabhadh braighde iomdha.

  11. Semus mac Mec Maghnusa do mharbhadh d'urcor do shaighit lá cloinn Chorbmaic Meg Samhradháin. Emann mac Corbmaic mic Maghnusa ro theilcc an t-urchor.

  12. Sliocht Eoghain mic Domhnaill mic Muirceartaigh do dhol h-i c-caislén Sliccigh.

  13. Iarla Cille Dara do ghabhail i n-Ath Cliath .i. la Saxaibh, ⁊ a chor tairis go Saxoibh.

  14. Domhnall mac Maoíleachlainn Még Raghnaill adhbar tighearna for a dhuthaigh féin do mharbhadh d'aon urchor saighde lá cloinn Feidhlimidh mic Giolla na Naomh mic Domhnaill mic Muirceartaigh Midhigh i m-Baile na Caradh.

  15. Semhus (brathair Iarla Chille Dara) do mhillead na Midhe an c-cein do bhaí an t-Iarla h-i t-tig an Righ.

  16. Iarla Cille Dara, .i. Gearóid mac Tomais, ⁊ Mac Iarla Urmumhan, .i. Semus mac Sęain mic Senais Buitiler do toidhecht ó tigh Rígh Saxan iar n-dénamh síodha ętorra, ⁊ Eduard Ponyuill Ridire Saxanach do theacht leó i n-a iustís i n-Erinn.

  17. O Domhnaill Aodh Ruadh co n-a sochraide do dhol fa chaislen Sliccigh ⁊ a bęith bladh mhór don bliadhain-si h-i f-foslongport i n-a timcheall, ⁊ daoíne iomdha do marbhadh uadh don chur-sin fa mac Mec Uilliam Búrc (Uilliam mac Riocaird mic Emainn mic Tomais) fa Uilliam mac Uí Ghallcubair, .i. Emann mac Donnchaidh mic Lochlainn, ⁊ fa Eoccan mac Corbmaic Carraigh Uí Ghallcubhair, ⁊ fa Domhnall Arannach, ceann fędhna Albanach do bhí h-i f-fochair Uí Dhomhnaill. Ro marbhadh bheos drong ele cenmothát-sidhe la uardaibh an chaislein, .i. le Brian Caech mac Taidhcc mic Eoccain,, lásan c-Calbhach c-Caoch mac Domhnaill mic Eoccain, ⁊ lá Muintir Airt isin samraidh do-rónadh innsin.

  18.  p.1212
  19. Alaxandair mac Gille Espuicc Mec Domhnaill, .i. fęr ionait Mec Domnaill do mharbhadh lá h-Eóin Catanach mac Eoin mic Domhnaill Bhallaigh h-i prid íd October.

  20. Sęan mac Eocchain Ui Dhomhnaill do crochadh le Cond mac Aodha Ruaidh Uí Domhnaill.

M1495

    AOIS CRIOST, 1495.

  1. Aoís Criost, mile, cęithre chéd, nochat a cúicc.

  2. Sęan Mag Uidhir mhac Piarais mic Muiris, pęrsún Dhoire Mhaolain, ⁊ airchinneach Chlaoin Innsi fear tighe aoidhędh coitchinn, ⁊ an pearsún Ua h-Aodha Padraicc d'écc.

  3. Ruaidhri mac Toirrdealbhaigh Charraigh Uí Chonchobhair tighearna Cairpre Droma Cliabh d'écc. Ro fhás imręsain eitir sliocht Domhnaill im tighearnus an tire, .i. eidir Fheidhlimidh mac Maghnusa mic Briain, ⁊ Ruaidhri Ócc mac Ruaidhri Bhallaigh, Muirceartach Caoch mac Magnusa Uí Concobhair. Ruaidhri Ócc, ⁊ Toirrdhealbhach mac Ruaidhri mic Briain do thuitim ré 'roile i n-Druim Chliabh h-i f-friothguin.An tír d'anmhain ag Fęidhlimidh de sin.

  4. Corbmac (.i. Mag Carthaigh) mac Taidhcc mic Corbmaic tighearna Musccraighe do marbhadh lá a dhęrbrathair fęin Eogan mac Taidhcc co n-a cloinn, fęr méadaighthe ⁊ onoraighthe na h-Eccailsi, ⁊ céd fhundúir mhainistre Cille Creidhe fear ro ordaigh saoíre an Domhnaig do chongbhail i n-a thír féin amail ro ba techta, d'écc, ⁊ Eoccan mac Taidcc do gabhail a ionaid.

  5. Maghnus mac Eoghain Ruaidh Mec Maghnusa tighearna Tíre Tuathail Maoilgairbh,  p.1214Muirchęrtach, mac Uaitne Uí Áinlighi taoíseach Chenél Dobhtha mic Aonghusa d'écc, ⁊ Domnall mac Ruaidhri Buidhe i t-toísighecht i n-a ionad.

  6. Tomaltach mac Corbmaic Bhallaigh Mec Donnchaidh d'écc.

  7. O Domhnaill do dhol d'ionnsaicchidh Righ Alban. Codach ⁊ comhaonta do chęngal dóibh im fhreccra a cheile im gach n-eiccęndáil do bhęnfadh friú.

  8. Conn mac Aodha Ruaidh co n-a shochraide do shuidhe i t-timchell Sliccigh ⁊ bęith ré h-athaidh ag forbhaisi sor an m-baile. Tionól adhbhal mor do dhenamh lá sliocht Eoghain h-i t-toirithin Shliccigh, .i. clann Ruaidhri Mec Diarmata, ⁊ Tír Fiachrac Muaidhe. Clann n-Donnchaidh, ⁊ Cuil Ó f-Finn do thocht slógh difhreccra dimhór ar amus an bhaile. Iar na fhios do Chonn go rabhattar na slóigh-sin chuicce, ro eirigh sidhe co n-a uathadh sochraitte im Eoghan Ua Ruairc tánaisi Breifne, ⁊ im sliocht Domnaill Chaim mic Mec Donnchaidh. Ro chingseat go nęimhlęscc neimęcclach as a m-bothaibh h-i c-coinne ⁊ h-i c-cęrt airrcis an t-sluagh (.i. go Beol an Droichit) co na baoí acht eadh a n-imdiubraicthe ętorra, ⁊ ní raibhe cáirde nó ossadh ag neach dibh fó chomhair aroile acht ionnsaicchidh a chele gan anadh gan airisiomh. Cidh fil ann tra acht an tan batar a n-iodhnadha áigh urlamh indiubraicthe aca as ann rucc Ua Domhnaill fęin orra a h-Albain, uair ní bhaoí acht aon adhaigh i n-a longport féin i n-Dún na n-Gall an tan ro triall d'fóiridhin a męic iar c-clos dó an anforlainn h-i raibhe. Iar t-tocht i n-ęitirmędhon a muintire  p.1216 d'Ua Dhomnaill tuccsat na slóicch cęchtardha tachar tulbhorb tinnesnach dia 'roile acht atá ní chęna do madhmaigheadh an sluagh aníos lá h-Ua n-Domhnaill amhail ba męinic lęis druim a namhat fris. Ro marbhadh don chur-sin Tadhcc mac Briain Mec Donnchaidh tighearna Ua n-Ailella, Eoghan Caoch mac Ruaidhri Uí Dubda tighearna Ua f-Fiachrach Muaidhe, Brian Caoch mac Taidhcc mic Eoghain, ⁊ Tadhg mac Domhnaill mic Eogain, ⁊ Cian mac Briain Uí Gadhra. Ua Gadhra fein .i. Diarmait mac Eoghain do ghabháil ann. Ro marbhadh, ro baitheadh ⁊ ro gabhadh sochaidhe do shaorchlandaibh ⁊ daorchlandaibh Connacht cenmothat-sidhe isin maidhm-sin Bheoil an Droichit. Mac Uí Bhuighill, Tadhg mac Néill mic Toirrdhealbhaigh do mharbhadh i friothghuin isin maidhm-sin. h-Ua Domhnaill do ionnradh ⁊ do orgain a éccrat uile isin c-crich i c-coitcinne co m-batar riaraighthe dhó.

  9. Tadhg mac Domhnaill Caimm do ghabháil toisigheachta Ua n-Ailealla.

  10. Mac Uilliam Cloinne Riocaird, .i. Riocart Ócc do theacht i n-Iochtar Connacht, ⁊ an mheid nár mhill Ua Domhnaill don tír roimhe-sin do mhilleadh lais.

  11. O Neill (.i. Domhnall) do denamh creiche ar Ua Neill ele (Enri), ⁊ drong do marbadh eatorra.

  12. O Neill (Enri), Mag Aongusa (Aodh mac Airt mic Aodha), O h-Anluain (Maoilechlainn mac Feidlimidh), ⁊ mac Még Mathghamhna (Giolla Padraicc mac Aodha Óig mic Aodha Ruaidh) do dhol sluagh i f-Fearaibh Manach, ⁊ Baile Mec Giolla Ruaidh uile do losccadh leó. Ro triallsat asidhe d'ionnsaíghidh Mheg Uidhir, ⁊ ro gheallsat muna b-faghdaís síth ó Mag Uidhir co millfidis a thír uile co Baile Uí Fhlannaccáin. Ar a aí ní h-amhlaidh do rala dhóibh acht battar da oidhche don  p.1218 taoibh thoir do loch acc Druim Ralach, ⁊ ní ro lamhsat dol tairis-sin i n-dúthaigh Még Uidhir, ⁊ ro marbhadh dna drong dhibh. Tucc Ó Neill Enri Ócc a bhręth fęin fo dheóidh do shíth do Mhág Uidhir don turus-sin.

  13. mhac Ui Anluain (.i. Felim) Murchadh RuadhGiolla Pattraicc do mharbhadh le cloinn Aodha mic Eoghain Uí Neill, ⁊ la cloinn Cairpre mic Aodha Uí Néill.

  14. Mag Samhradháin (Feidlim mac Tomais mic Fęrgail mic Tomais mic Briain Breaghaigh) taoiseach Teallaigh Echdhach do bháthadh ar Loch Crannóicce Caille an Mhuilinn, ⁊ Domhnall Bęrnach a dearbrathair i n-a ionadh.

  15. Mac a Ghirr Giolla Patraicc mic Giolla Pattraic ele d'écc.

  16. Maghnus Maol mac Remainn Riabhaigh mic Duinn mic Con Connacht Meg Uidhir do mharbhadh la Pilip mac Emainn Mheg Uidhir, ⁊ lásan n-Giolla m-Ballach mac Con Connacht Még Cafraidh.

  17. Ua Duibhghęnnain Cille Ronain (Dubthach mac Maoilechlainn mic Matha Ghlais) ollamh Muintire Maol Ruain saoí lé seanchus fęr tighe aoidheadh coitchęinn ⁊ fear ro ba saidhbhre i c-cęthraibh, ⁊ i n-innilibh dá m-baoí i n-Erinn re h-ealadhain d'écc i n-a thicch féin h-i c-Cill Rónáin iar sęndataidh toccaidhe iar m-breith an bháire leis ó dheamhan ⁊ ó domhan.

  18. Domhnall Ua Maol Chonaire ollamh Shil Muirędhaigh mic Fęrgusa d'écc, ⁊ Ua Maol Conaire i n-a ionad .i. Sęan mac Torna, ⁊ Donnchadh mac Athairne.

  19. Mac an Baird Tíre Conaill, .i. Aedh, Ó Bręislein, Eoghan mac Eoghain mic Pętrais ollamh Még Uidhir lé bręithęmhnus, Brian mac Somhairle Még Caba, ⁊ Ticcęrnain Ua Dobhailén d'écc.

  20. Cond mac Aodha Ruaidh Uí Domhnaill co n-a fędham bhicc mhóir (as aire at-beirthi fędhan bhęcc mor fri fędhain Chuinn ar ba gnaithbhés dó-suidhe gan tęcclamadh slóigh lánmhóir cenmothá dá fichit décc tuagh fri h-airisęmh ⁊ fri h-iombualadh, ⁊ tri fichit marcach fri tograim ⁊ tarrachtain lochta madhma) do dhol gusan sochraitte rémráite do shaighidh Mhęic Eoain na n-Glinnędh, óir do h-aisnęidheadh do  p.1220 Chonn gur bho h-e Mac Eóain aon ba dęrsccaighte bhęn, each (.i. Dubh A Coite), ⁊ cú baí i n-a comhfoccus. Ro fhaidh-siumh techta riasan tan-sin do chuinghidh an eich. Ro h-éradh ei-ssiumh imon eoch, iar n-a thinghealladh do Chonn d'aon dia mhuintir. Ni ro h-airiseadh lais-siumh co rainicc tar dodhaing gach conaire baoi roimhe co riacht co n-a fhędhain m-bicc móir gan rabhadh gan rathucchadh isin adhaigh go tech Meic Eoain ⁊ ergabhthar Mac Eoain lais fo chedóir, ⁊ baoí a bhęn, a each, ⁊ a chú co n-a uile mhaitheas ar cumas Cuinn, uair frith an t-ech ⁊ se h-eich décc amaille fria isin m-baile don chur-sin. Ro creachadh na Glinne uile la muintir Chuinn ar a bharach. Do-bęrt iaramh óghaisęcc a maoine uile (do neach ro ba lé) do mhnaoi Mhęic Eoain, ⁊ ro lęicc a fęr a geimhel chuice iar rochtain tar Banna siar, ⁊ do-bęrt an t-each go c-cręchaibh ⁊ co n-édalaibh aidhble lais co riacht Tír Aodha, ⁊ ro fhurail na cręcha do léccean for a férgortaibh. Do-thaęd iaramh fo chédoir co n-a muintir dęirbhdílis fęin, ⁊ gusan lín sluaigh for caęmhnaccair do neoch bai fomhámus a athar Uí Dhomhnaill, ⁊ ni ro h-airiseadh lais co riacht tar Sionainn, iaramh isin Mumhain co ro lęircreachadh  p.1222 lais Magh Ó c-Coinchind i n-duthaigh Mhég Cárthaigh. Ro shuí iaramh i n-a fhrithing co n-oirccnibh, edalaibh, ⁊ cręchaibh iomdhaibh lais co ráinicc iar m-buaidh tar Eirne go Dún na n-Gall. Ro rannadh lais-siumh annsin i n-aęn lo acc Ard na Tinędh Aoíl na cręcha-sin tucc a duthaigh Még Carthaigh san Mumhain, ⁊ cręcha Mhęic Eoain na n-Glinnędh a h-Airthęr Uladh. La ré choicc seachtmaine décc do-ronaitt innsin la Conn mac Aodha Ruaidh Uí Domhnaill.

M1496

    AOIS CRIOST, 1496.

  1. Aoís Criost, Mile, ceithre ched, nochat, a Sé.

  2. Glaisne mac Remainn mic Rudhraighe Még Mathghamhna do mharbhadh i n-a thigh féin h-i MuineachánGiolla Patraicc mac Még Mathghamhna ⁊ la a dhęrbhrathair ele Rudhraighe. Clann Meg Mathghamhna, .i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe iad-sidhe, ⁊ ní thangatar acht se sgolócca décc leó do denamh an marbhtha-sin isin oidhche. Ro gabhadh Rosa mac Maghnasa mic Aodha Ruaidh Meg Mhathghamhna leó isin tigh-sin. Brian mac Remainn Meg Mathghamhna, ⁊ clann Glaisne mic Remainn Meg Mathgamhna do dhol ar creich ar Mag Mathghamhna (.i. Aodh Ócc) cona chloinn a c-cionn t-seachtmhaine iar marbhadh Glaisne, ⁊ an chreach do bhręith leó, ⁊ dream do mharbhadh uatha cęchtarnae. Baile Meg Mathgamna (.i.Aodh Ócc) do losccadh iar sin la Brian mac Remainn mic Rudhraighe.

  3. Giolla Pattraicc mac Még Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh, mic  p.1224 Rúdhraighe) do mharbhadh h-i f-fiull lá h-Ua n-Anluain (Maoileachlainn mac Feilim) ⁊ lá a dhęrbrathair Ardgal, ⁊ a dearbhrathair Emhęr do ghabhail an lá cédna. Mag Mhathghamhna co n-a chaoraigheacht ⁊ clann Maghnusa Még Mhathghamhna do dhol h-i c-cęnn h-Ui RaghallaighGall iar n-denamh an marbhtha-sin forra. Brian mac Remann ⁊ clann Glaisne mic Remainn do dhol co na c-caoreaighecht h-i f-Fearnmaigh h-i f-fearann Meg MathghamhnaGiolla Padraicc.

  4. O Domhnaill (Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh) do dhol i n-Oirghiallaibh do chongnamh lé Brian mac Remainn Még Mathgamhna, ⁊ a n-dol asuidhe i l-lęnmhain Még Mathghamhna i m-Breifne Uí Raghallaigh, ⁊ an mhęid ro imtighsęt don tír gusan c-Cabhan, ⁊ cuid Uí Raghallaigh don Cabán féin do losccadh leó. Creacha, ⁊ oirccne, millte ⁊ móiredala do dhenamh lá h-Ua n-Domhnaill don chur-sin ar Galldacht Machaire Airgiall, ⁊ ar rann Még Mhathgamhna ag soadh dhó i n-a fhritheing.

  5. Mag Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) d'écc iar m-bęith dall athaidh roimhe-sin, ⁊ Brian mac Remainn Meg Mathghamna do ghabhail a ionaidh.

  6. O Briain, ticchęrna Tuadhmumhan (Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh) d'écc, ⁊ a dearbhrathair an Giolla Dubh d'oirdneadh i n-a ionad.

  7. O Mathghamhna an Fuinn Iartharaigh (Fingin) féichęamh coitchionn daonnachta ⁊ einigh Iarthair Mumhan saoí eccnaidhe i l-Laidin ⁊ i m-Berla, d'écc.

  8. O Dochartaigh (Brian mac Domhnaill) d'écc, ⁊ O Domnaill Aodh Ruadh) do gairm tighearna i n-a ionad do Shęan Ua n- Dochartaigh.

  9. Mac Suibhne Thíre Boghaine, .i. Maol Muire d'écc, ⁊ a adhnacal i n-Dún na n-Gall.

  10.  p.1226
  11. O Dubda Uilliam mac Domnaill Ballaigh d'écc, ⁊ O Dubda do ghairm i n-a onadh do Bhrian Ócc mac Brian Uí Dhubhda.

  12. O Flannaccáin Tuaithe Ratha d'écc, .i. Gillibert mac Corbmaic mic Giolla Íosa.

  13. Eięmhear mac Briain mic Neill Gallda Uí Neill do mharbhadh h-i f-fiull, ⁊ a dearbhrathair eile Eoghan do sccathadh an lá cedna lá a n-dias dearbrathar féin, Conn RuadhFeilim.

  14. Tighearnán mac Cobhthaigh mic Airt Uí Ruairc do mharbhadh h-i fiull lá Feargal mac Cathail Bhallaigh, ⁊ lá cloinn Uaithne mic Cathail Bhallaigh Uí Ruairc.

  15. Caislén Atha Sęnaigh do ghabhail ar bhardaibh Uí Dhomhnaill lá h-Aodh mac Uí Dhomhnaill.

  16. Síth do dhénamh d'Ua Dhomhnaill etir Cairpreachaibh, ⁊ Feidhlimidh mac Maghnusa mic Briain i t-tighearnus forra, acht nama caislén Sliccigh do bęith acc an c-Calbhach c-Caoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí Chonchobhair.

  17. Conn mac Uí Dhomhnaill do gabhail forbhaisi fa chaislén Atha Sęnaigh, ⁊ Mag Uidhir Sęan mac Pilip mic Tomais do techt ar t-tarraing Aodha mic Uí Dhomhnaill do chur Cuinn on m-baile, ⁊ Conn do chur co h-aimdheonach dhó uadha. Aodh, ⁊ Mag Uidhir dá lęnmain iar t-tain go Dún na n-Gall, ⁊ bladh don bhaile do losccadh leó a t-tús laí. Conn co sochraide Tíre Conaill, Innsi h-Eoghain, ⁊ Dartraighe Meg Flannchaidh do iompúdh a t-toraighecht ar Aodh, ⁊ ar Mág Uidhir, ⁊ a lęnmhain go Tęrmann Dabheocc. Mág Craith Ruaidhri mac Diarmada mic Marcais comarba an tęrmann cedna do thocht i n-a c-cęnn, ⁊ a fhoccra dhó do Chonn ⁊ do Conallchoibh gan a chomairce fęin no comairce an tearmann do sharúcchadh ar Mág Uidhir. Nír fhaomhsat-somh sin acht ro lęnsat Mag Uidhir baí ag imtheacht ar eiccin a los a lamha. Ro ghabh Conn co n-a shochraide an chonair coitchęnn forra gur bho h-eiccęn dóibh ionnsaicchidh móna ⁊ criathraigh baí fór a c-cionn dú in ro fhaccaibhseat deich n-eich ar chéd, ⁊ in ro sraoíneadh for mhuintir Még Uidhir, ⁊ in ro gabhadh é  p.1228 budhéin, ⁊ in ro marbhadh dá fear dhécc do dhaghdhaoínibh go sochaidhe oile im Brian Mag Uidir (.i. mac Briain mic Pilip).

  18. O Fęrgail (Rudhraighe mac Cathail) d'écc.

  19. Mag Samradháin Domhnall Bearnach taoiseach Teallaigh Eachdhach do mharbhadh i meabhail ag an altóir i t-Teampall an PuirtTadhcc mac Aodha mic Eoghain Meg Samhradhain, ⁊ atád na builleadha do buaileadh chuicce h-i c-corraibh na h-altóra.

  20. Mag Uidhir (Sęan) do legeadh amach do Chonn iar t-tionol do tearmannachaibh an chúiccidh chuicce dia thabhach ⁊ dia chuinghidh fair.

  21. O Cuirnín Ruaidhri, ⁊ Eogan Ócc mac Eoghain mic Aodha Uí Dhalaigh d'écc.

  22. Sęan mac Eoghain Uí Domhnaill do bhásucchadh lá Conn mac Aodha Ruaidh.

 p.1230
M1497

    AOIS CRIOST, 1497.

  1. Aois Criost, mile, cęithre chéd, nochat, a secht.

  2. Mainistir na m-Brathar h-i c-Carraicc Fhęrccusa do ghnoúcchadh on Roimh tre impidhe Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe Uí Neill docum na m-Brathar Mionúr de Obseruantiae, ⁊ se braitre décc do coimthionól Dúin na n-Gall do dhol na seilbh a uiccil na céd Fhéle Muire san fhóghmhar iar c-cor bręithe leó.

  3. Conchobhar mac Corbmaic mic Tomaltaigh tighearna Maighe Luircc do mharbhadh a meabhail la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata, ConcobharTadhg, ⁊ Tadhcc mac Ruaidhri do ghabhail a ionaid gan fhręsabhra.

  4. Eiccneachan mac Neachtain mic Toirrdealbhaigh an Fhíona Uí Domhnaill do mharbhadh h-i f-foslongport Ui Dhomhnaill (.i. Aodh Ruadh) lá a dhalta Conn mac Aodha RuaidhGearalt mac Domhnaill mic Feidhlimidh Uí Dochartaigh, ⁊ la Brian mac Meg Flannchaidh, et ceteri. Torcratar araon lá h-Eiccneachan, Eoccan mac Toirrdealbhaigh Gallda Uí Dhomhnaill, Mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh Gallda, Eoccan mac Aodha mic Donnchaidh na Coilleadh Uí Domhnaill, Feidhlimidh mac an Ghiolla Dhuibh, ⁊ Toirrdealbhach mac Cathail mic an Ghiolla Dhuibh Uí Gallcobhair, Donnchadh Balbh Ó Firgil, ⁊ sochaidhe ele nach airimhthear.

  5. Sith do dhenamh don Ua Neill (Domhnall, ⁊ Enrí Ócc) a n-dęireadh an ęrraigh ⁊ mac Domhnaill (Aodh) do léiccęn amach gan fhuasccladh, ⁊ comadha móra d'eachaibh ⁊ d'éidędh do tabairt lé h-Énrí Ócc do Dhomhnall dar cęnn anma tighearna do lęiccęn de.

  6. O Domhnaill Aodh Ruadh do chur a thighearnais de an sechtmadh calainn Iunii (.i. dia h h-Aoine) acc Tęmpall Carna i t-Tearmonn tré ęssaonta a chloinne fria 'roile, ⁊ O Domhnaill do gairm da mac do Conn dia Mairt i n-a dheadhaidh.

  7. Uatér mac Riocaird A Búrc do dhol cobhlach do congnamh lá h-Ua n-Domnaill Ócc Conn mac Aodha Ruaidh i n-aghaidh a dearbratar ele Aodh Ócc. Iar t-tocht h-i t-tír dóibh, ⁊ iar n-dol do Conn ina c-cęnn sraoíntear forra dibhlínibh la h-Aodh ⁊ ro beanadh ermhor a n-arm, a n-éideadh, ⁊ a lóin díbh. Aodh féin do gabhail lá  p.1232 h-Ua n-Domhnaill (Conn) a c-cionn lá iar sin, ⁊ a chor i láimh h-i c-ConnachtaibhUáter mac Riocaird A Burc go Conmhaicne Chúile.

  8. Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Conn ar Mac n-Diarmata Muicche Luircc, .i. Tadhcc mac Ruaidhri Mec Diarmata. Ní tangattar i n-a thoischęstal do Chonnachtaibh cenmotá uathadh an tan-sin, .i. Feidhlimidh mac Maghnusa Uí Concobhair tighearna Cairpre, ⁊ Eoghan Ua Ruairc tanaisi Breifne co n-a sochraide. Do-ronadh toichęstal adbal la Mac n-Diarmada for a c-cionn isin t-Sęghais uair tangattar an Ua Chonchobair co na t-tuathaibh ⁊ co na t-taoíseachaibh i n-a thóir ⁊ i n-a thionól. Do-chóidhsiott bladh mhór do slógh Uí Dhomhnaill ar eiccin i m-Bealach Buidhe an Choirrshleibhi im Mhac Magnusa Uí Concobhair ⁊ im Eoghan Ua Ruairc, ⁊ im Niall n-Garbh Ua n-Domhnaill. Cathal Ua Ruairc do mharbhadh uatha co sochaidhe oile isin m-Bealach Buidhe don chur-sin. Mórshluagh Shil Muirędhaigh do eirghe h-i mędhon an t-sluaigh, ⁊ madhmucchadh for Ua n-Domnaill. Feidhlimidh Ua Conchobhair tighearna Cairpre do ghabhail ann, ⁊ da Mac Suibhne, .i. Mac Suibne Fanatt Ruaidhri, Mac Suibne Connachtach (.i. Mac Suibne Baghaineach) Eoghan, Donnchadh na n-Ordócc mac Uí Dhomhnaill, da mac Tuathail Uí Gallchubhair EoinToirrdhealbhach, da mac Domnaill Mec Suibne Fanat EoinDomnall Ócc, da mac Mec Suibhne Bághainigh, Niall, ⁊ Eoghan Ruadh, Gearalt mac Domhnaill mic Féilim Uí Dhochartaigh, fisiccidh Uí Dhomhnaill, mac Eoccain Ultaigh. Ro beanad bęos an Chatach Colaim Cille amach, ⁊ do marbhadh a maor (.i. Mag Robartaigh). Ro gabhadh dna ⁊ ro marbhadh sochaidhe oile isin maidhin-sin cenmothat-sidhe. Eoghan Ua Ruairc do imtecht gan gabhail gan mharbhadh as in maidhm-sin.

  9.  p.1234
  10. Conn mac Cuinn mic Neill Uí Domhnaill d'écc.

  11. O Neill Enri Ócc mac Enri mic Eoccain do dhol sluagh mór i t-Tír Conuill ⁊ mórán do mhilleadh dhóibh h-i f-Fánaitt ar tús. O Domhnaill Ócc (.i. Conn) d'eirge don t-sluagh iar b-fágbháil Fhanatt dóibh ag Bél Atha Daire ag Lęnainn. Maidhm do shraoineadh for Ua n-Domnaill (.i. Conn), ⁊ é féin do mharbhadh ann (.i. an 19. October) co n-ocht f-ficit dia sochraide araon ris, ⁊ a dhias brathar (Niall GarbhDomnall) do gabhail. Mac Mec Suibhne bheos, ⁊ sé fir décc cénmotat-somh. At iad na daghdhaoíne ro marbadh a b-farradh Chuinn an tan-sin Domhnall mac Maghnusa Ruaidh mic Neill Uí Domhnaill, Emann mac Fęidhlimidh Riabhaigh mic Neill Ghairbh, Brian mac Uí Bhuidhill .i. Toirrdhealbhach mac Neill, Domhnall mac Tuathail Uí Ghallchubhair, Emann mac Donnchaidh mic Tomaltaigh Uí Ghallchubhair, Conchobhar mac Sęain mic Conchobhair Uí Domhnaill. Niall mac Conchobhair mic Felim Riabhaigh Uí Domhnaill, Conchobhar mac Aodha mic Concobhair na Laimhe Uí Buighill, Conchobhar mac Murchaidh Mec Suibhne d'fearaibh Fánat, ⁊ Uilliam mac an Espuicc Uí Ghallchubhair, et ceteri. Dia Mairt do shonnradh an 14. calainn do Nouember ro sraoíneadh an maidhm-sin. Acc soadh d'Ua Neill i n-a frithincc, ro gabhadh caislén na Dęircce lais, ⁊ ro fhágaibh é ag Niall Ua Neill. Rainicc dia thicch iaromh co c-coscar ⁊ co n-édalaibh. Ro gabh Aodh Ruadh a thighearnus doridhise do thoil ⁊ daoíne.

  12. Mac Uí Domhnaill, .i. Aodh mac Aodha Ruaidh do léiccęn as a bhraighdęnus (.i. an seachtmhadh íd Nouember), ⁊ Uátér A Búrc do theacht lęis i t-Tír Conuill. Tarccaidh Ua Domhnaill Aodh Ruadh an tighearnus mhac Aodh Ócc .i. Aodh Dubh ⁊ nochar gabh-som sin uadha, ⁊ iar n-a fhéimgędh dhó ro gabhsat araon acc follamhnucchadh  p.1236 a b-flaithis ag cęnnsucchadh a c-comharsan ⁊ a c-coiccrich ro triallsat dol a n-anumhla orra tria chogadh chloinni Uí Domhnaill fria 'roile.

  13. Feilim mac Muirceartaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh Uí Néill do mharbhadh lé Domhnall mac Aodha Óig mec Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh h-i Ros Earcáin. Domhnall féin do mharbadh lá sliocht Domhnaill Chaoíl Uí Neill a meabhail.

  14. Brian mac Con Uladh mic Aodha mic Eoccain mic Neill Óicc Uí Neill d'écc.

  15. Muirceartach mac Aodha Óicc mec Aodha> Buidhe Uí Neill do mharbhadh lá cloinn Fhęidhlimidh mic Muirceartaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh Uí Néill.

  16. Niall mac Uí Neill, .i. Enrí mic Eoccain d' écc.

  17. Elinora ingęn Tomais (.i. iarla Cille Dara) mic Sęain Caim bęn Uí Neill (Conn mac Enri mic Eoccain) d'ég.

  18. Maidhm do thabhairt ar Ua f-Feargail Cédach mac Tomais mic Cathail mic Tomais ⁊ ar a bhraithribhSęan Ruadh mac Cairpre mic Laoighsigh dú inar marbhadh Cédach féin, a mac Laoíghseach, Domhnall mac Sęain mic Briain tighearna Cloinne h-Amlaoibh, Gearalt mac Aodha Óicc tighearna Maighe Treagha, ⁊ sochaidhe ele.

  19. Glaisne mac Sęain Uí Anluain do mharbhadh la cloinn Uí Bhrain.

  20. Murchadh mac Conmhaic mic Sęain Uí Fhęrgail do mharbhadh lá Brian Buidhe mac Rúdhraighe mic Sęain Uí Fhęrgail.

  21. Aodh Buidhe mac Uí Ruairc (Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tighernain Óicc) do mharbhadh lá cloinn Taidhcc mic Cathail mic Tighearnáin Uí Ruairc.

  22. EimearTuathal da mac Meg Mathghamhna (.i. Aodh Occ mac Aodha Ruaidh) do mharbhadh lá h-Oirthearaibhcęithre fir dhécc dia muintir amaille friú. Maghnus RiabachMaghnus Ócc Ó h-Anluain co c-caoccait d'Oirthearaibh do thuitim leó-somh.

  23. Domhnall mac Rosa mic Tomáis Óicc mic Tomáis Még Uidhir d'écc.

  24.  p.1238
  25. Mac Donnchaidh an Chorainn, Brian mac Maol Ruanaidh mic Tomaltaigh d'écc.

  26. Domhnall mac Maoilechlainn Uí Bhirn tobar feile Ua m-Briúin na Sionna, ⁊ Tadhcc Ruadh mac Cairpre Uí Conchobhair d'écc.

  27. Tadhcc mac Maoílechlainn Meg Raghnaill do mharbhadh lá mac Murchadha Meg Raghnaill amhail ro dhligh.

  28. An Giolla Dubh mac Feidhlimidh Buidhe do mharbhadh h-i c-Cluain Plocáin lá sliocht Taidhcc Uí Conchobhair.

  29. An Calbhach mac Cairpre Uí Conchobhair do marbhadh h-i c-carcair d'aon urchor saighde.

  30. Tadhcc Ua Rodacháin comarba Caillín fęr náchar urusa tuarusccbháil a mhaithęsa do thabhairt ar aird ar a méd, ⁊ ar a h-aidhble, d'écc i n-a thicch budh dhéin.

  31. Gorta adhbhal i n-Erinn uile isin m-bliadhain-si, ⁊ isin m-bliadhain na deadhaidh co n-ithdís na daoíne biadha nach alainn ré a n-innisin, ⁊ nach clos do rochtain mias n-daonna riamh.

 p.1240
M1498

    AOIS CRIOST, 1498.

  1. Aois Criost, mile, cęithre chéd, nochat, a h-ocht.

  2. Mac Maghnusa an t-Seanaidh, .i. Cathal Ócc mac Cathail mic Cathail mic Giolla Patraicc mic Matha, ⁊ra. Fear ticche aoidhędh coitchinn, ⁊ biatach h-i Sęnadh Mec Maghnusa, cananach coradh i n-Ard Macha, ⁊ i n-epscopoidecht  p.1242 Clochair. Pearsún Innsi Caoín, deaganach Locha h-Érne, ⁊ fęr ionait epscoib h-i c-Clochar fri ré chúicc m-bliadhan décc ria n-a eitsecht. Comhrair coimheata eccna, ⁊ ealadhan a tire buddhéin. Craobh cnuasaigh na canóine, topar désheirce ⁊ trocaire fri bochtaibh, ⁊ aidhilccneachaibh in Choimdheadh. Bá h-e-sidhe ro thęglaim ⁊ ro thionóil leabhair airisin iomdha as ro scriobhadh leabhar airisin Bhaile Mec Maghnusa dhó budhdhéin, ⁊ a écc don galar bhreac an .10. Calainn April dia h-Aoíne do shonnradh isin seasccattmhadh bliadhain a aoísi.

  3. O Neill, Enrí Ócc mac Enri mic Eoccain, ticchęrna Chenel Eoccain do mharbhadh i t-tigh Airt mic Aodha mic Eoccain Uí Neill i t-Tuaith Eachadha mhac Cuinn mic Enri mic Eoccain ToirrdelbhachConn clann ingine an Iarla, a n-dioghail a n-athar (Conn) ro marbhadh la Hénri fecht riamh.

  4. Domhnall mac Enrí mic Eoccain Uí Neill (dia ro gairedh Ó Neill roimhe-sin) do thionol a charatt ⁊ a chlęmhnadh co h-énionad, .i. sliocht Rémaind Meg Mathghamhna, ⁊ ionnsaicchidh dóibh co Dún n-Gęnainn. Battar seal imón c-caislén, ⁊ adhaigh ar in c-Crois c-Caibhdęnaigh. Feilim mac don Ua Néill-sin (.i. Enri Óg mac Enri) do tharraincc Neill mic Airt Uí Neill go líon a sochraide orra isin maidin dia Mairt ⁊ a f-faghbhail i n-a c-codladh, ⁊ fuardhúsccadh namat do thabairt forra, co ro sraoínit iat, ⁊ sochaidhe mór do mhaithibh an chúiccidh do mharbhadh an tan-sin. Bá dibh-sidhe Henri mac in Domhnaill remhráiti, Mac Cathmaoil Giolla Patraicc, Feilim mac Remainn Mecc Mhathghamhna, mac Semais  p.1244 mic Eochadha Móir Még Mhathghamhna, ⁊ Maoileachlainn mac Féilim Ruaidh, mic Cuinn, mic Cuinn Még Mathghamhna co n-druing móir d'oireacht ⁊ d'aos gradha slechta Rémainn Mhég Mathghamhna. Ro gabhadh ann dna Aodh mac Mécc Mathghamhna, .i. Brian mac Rémainn ⁊ ro bęnadh díobh forccla a n-each ⁊ a n-eideadh uile. An t-í lás a n-dernadh an tarraing-sin (Feilim) ro gonadh-sidhe i n-a chionn d'forgomh do ghae ⁊ at-bath a c-cionn a nomaidhe.

  5. Conn mac Muirceartaigh mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá cloinn Briain Bhacaigh mic Emainn Ruaidh Uí Anluain.

  6. Niall (.i. Niall Garbh) mac Aodha Ruaidh mic Neill Gairbh Uí Dhomhnaill d'écc i n-a bhraicchdęnus.

  7. Domhnall mac Neachtain mic Toirrdhealbhaigh mic Néill Ghairbh Uí Domhnaill d'ég don galar brec.

  8. Indsaicchidh do dhenamh d'Ua Domhnaill (.i. Aodh Ruadh) ar cloinn Airt I Neill. Clann Airt ⁊ é fein do thochar fri aroile. Briseadh for cloinn Airt, ⁊ Maoileachlainn mac Neill mic Airt do mharbhadh la h-Ua n-Domhnaill, a lęnmain iaromh gusan c-Caislén Maol. An caislén do ghabhail, ⁊ seacht m-bęirte décc éideadh do bhuain as, ⁊ cúicc braicchde décc do ghabhail ann im da mac Enri Bacaigh (.i. Feilim ⁊ Aodh) mic Ruaidhri mic Eoccain Uí Néill, im Neachtain mac Eoghain Uí Dhomhnaill, ⁊ im mhac Éigneacháin Uí Dhomhnaill.

  9. O Catháin Sęan mac Aibhne d'écc, ⁊ Tomás a dearbhrathair do ghabhail a ionait.

  10. Caislén Dúingęnainn do ghabháil la fęr ionaid Righ Saxan i n-Erinn Iarla Chille Dara Gearoid mac Tomais tanaicc ar tarraing Uí Domhnaill Aodha Ruaidh, ⁊ Toirrdealbhaigh mic Cuinn Uí Neill, Mhég Uidhir Sęan mac Pilip, ⁊ Dhomhnaill Ui Néill co n-a cloinn ⁊ co n-a chairdibh. Báttar dna ermhór Gaoidheal an chuiccidh amaille friú a t-timchell an bhaile co ro ghabhsat é fo dhéoidh le gonadhaibh móra,  p.1246 ⁊ ro fuaslaicceadh do bhraighdibh iomdha bai ann, im Domhnall mac Uí Domhnaill do bhai ré bliadhain h-i laimh, ⁊ im Art mac Uí Neill Mhóir (.i. Enri) co n-a dhís mac ⁊ co m-braighdibh ele cenmothát. Ruccsat ettala aidhble as, ⁊ ro marbhadh leó Conn mac Eoghain mic Toirrdealbhaigh Ruaidh Uí Neill isin c-caislén. Ro fháccaibhsiot an baile acc Domnall Ua Neill iar sin.

  11. Tomas Ócc mac Tomais Iarla mic Gęróid Iarla, ⁊ Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc Meg Carthaigh do leanmain Eoghain mic Taidhg mic Corbmaic Mheg Cárthaigh a t-toraighecht creiche, Eogan buddhein co n-a dhias mac, O Sullebhán Beirre Pilip mac Diarmata co n-a mhac Tadhg an Chaonnaigh Ó Suillebhan, ⁊ Brian Ócc mac Suibhne co sochaidhibh oile do mharbhadh leó don chur-sin.

  12. Donnchadh mac Uí Dhomhnaill mac Tuathail Uí Gallchubhair (EoinToirrdhealbhach) do thocht a Maigh Luircc as a m-braighdeanus.

  13. Slaine inghean Airt Ui Neill an bęn Męic Uilliam Cloinne Riocaird (Uillecc mac Uillicc ele) d'écc.

  14. Sadhbh inghęn Airt Uí Néill an bhęn baí acc Rémann mac Pilip Meg Uidhir d'écc.

  15. Mairghrécc inghęn Domhnaill Bhallaigh Meg Uidhir bęn Uí Flannagáin (.i. Gillibert) Tuaithe Rátha d'écc, ⁊ a h-adhnacal in n-Dún na n-Gall iar m-buaidh n-aithricche. As lásan lanamain-sin ro cúmhdaiccheadh sepél i n-onóir DhéNaomh Muire ar Achadh Mór Baile Uí Flannccáin.

  16. Maine mac Maoilechlainn mic Matha Mec Maghnusa do mharbhadh i m-Bothaibh Muintire Fialain la cloinn Cathail Uí Ghallchubhair.

  17. O Cuirnín Conchobhar Carrach d'écc.

  18. Mac an Bhaird Oirghiall d'écc don phláigh.

 p.1248
M1499

    AOIS CRIOST, 1499.

  1. Aois Criost, mile, cethre ched, nochat, a naoi.

  2. Lochlainn mac Giolla Chalma biocaire Chuile Maine, clereach eccnaidhe, craibdech d'écc.

  3. O Briain an Giolla Dubh diar bhó h-ainm Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain tighearna Tuadhmhumhan d'écc, ⁊ Toirrdealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain do gabhail a ionaid.

  4. Tadhcc mac Diarmatta (.i. mac Ruaidhri) tighearna Muicche Luircc fear aghmar ionnsaighteach, ⁊ fear ro ding a omhan for gach tír i n-a thimcheall d'écc for Carraicc Locha Cé iar m-breith bhuadha ó dhęmhan ⁊ o dhomhan, ⁊ Corbmac mac Ruaidhri Mec Diarmada do gabail a ionaidh.

  5. O Domhnaill Aodh Ruadh do dhol ar Galldacht h-i c-ceann fhir ionaitt Righ Saxan.

  6. Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh Corbmac mac Airt fear dercach deigeinigh d'écc, ⁊ a adhlacadh h-i c-Cluain Eoais.

  7. Brian mac Meg Uidhir (Sean mac Pilip) do ghabhail lé cloinn Briain Mhég Uidhir.

  8. Donnchadh mac Concobhair mic Aodha Meg Uidhir do marbhadh le fearaibh Luircc, .i. la cloinn Toirrdhealbhaigh Uí Maele Dúin.

  9. Magnus mac Gofradha Óicc mic Gofradha Ruaidh Még Uidhir do mharbhadh la Teallach Eachdach.

  10. Caislén Bona Drobhaoisi do ghabháil lá mac Ui Dhomhnaill (.i. Donnchadh na n-Ordóg mac Aodha Ruaidh) ar bhardaibh I Dhomhnaill. O Domhnaill féin co n-a mac p.1250 Aodh Ócc do dhol imon c-caislén. Mag UidhirPilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir do thocht i n-dóchum Uí Domhnaill ⁊ a mic airm a m-battar. Donnchadh na n-OrdóccPilip do thochar fri aroile co ro thuaircc cách a cheile dhiobh. Ro marbhadh dna each Donnchaidh, ⁊ ro trasccradh é fęisin go ro gabhadh é lá Pilip ar in lathair-sin, ⁊ dos-rat d'Ua Domhnaill fo cedóir. Ro gabhadh tra an baile iar t-tain isin ló cedna. Tucc Ua Domhnaill Donnchadh doridhisi do Mág Uidhir co rucc leis dia thigh dia comhda i n-giallnus. Do-rad Ua Domhnaill iaramh tri fichit bó do mac Toirrdhealbhaigh a lócch a chosccair.

  11. Maoíleachlainn mac Murchaidh mic Taidhcc Mhég Raghnaill do ghabhail lé Conn Carrach mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc, ⁊ lá Sęan mac Tighearnáin Uí Ruairc a thabhairt leó ar Inis Ochta for Loch Mec Nén. Rudhraighe mac Toirrdealbhaigh Meg Uidhir d'ionnsaicchidh an locha forra, ⁊ an mhac-sin Uí Ruairc do mharbhadh leis, ⁊ Mac an Chaoích Mhég Fhlannchaidh co n-a mac, ⁊ Maoileachlainn mac Murchaidh do thabhairt lęis dia thigh. O Domhnaill Aodh Ruadh da fhuaslaccadh uadha iar t-tain ⁊ caislén Liath Droma do thabhairt d'Ua n-Domnaill arís ó mac Murchaidh (.i. Maoíleachlainn).

  12. Sluaiccheadh lá h-Iarla Chille Dara (.i. Gearoid mac Tomáis mic Sęain Chaim) Iustis na h-Ereann h-i Connachtaibh, ⁊ Ath Liacc Maenaccáin do ghabháil dó for cloinn Uilliam Uí Cheallaigh, ⁊ a thabhairt do chloinn Aodha mic Briain. Clann Uilliam Uí Cheallaigh d'ionnarbadh dar Suca siar. Caislén Tuillsce do ghabhail don t-sluaiccheadh-sin lais for shliocht Feidhlimidh (.i. Feidhlimidh Cleireach), ⁊ a m-braighde do thabhairt dó d'Aodh Ua Conchobhair don dara tighearna baí for Shíol Muirędhaigh. Caislén Rosa Comáin, ⁊ an Caislén Riabhach bheós do gabhail lais don dul-sin.

  13. Aodh Ua Conchobhair do dhíochur as a dhúthaigh la Mac n-Diarmata, ⁊ lá comhaontaidh Shíl Muireadhaigh tar Sionainn siar.

  14. Mac Uilliam Búrc do tharraing d'Ua Chonchobhair, ⁊ do chloinn Uilliam Uí Cheallaig. Caislén Atha Liacc do ghabhail dó, ⁊ a thabhairt do chloinn Uilliam  p.1252 Uí Cheallaigh, ⁊ Conchobhar Ua Ceallaigh an dara tighearna baoí for Uibh Maine do ghabháil and, ⁊ a thabhairt do Mhaoíleachlainn mac Taidhcc mic Donnchaidh amaille lé braighdibh oirrigh Ua Maine, ⁊ láintighearnus Ua Maine do ghabháil dó don chur-sin.

  15. Caislén Tuillsce do ghabhail lá Mac Uilliam, ⁊ lá h-Ua c-Conchobhair, Mac Cairpre mic Briain do mharbhadh ann d'urchor do pheilér, ⁊ braighde sleachta Feidhlimidh, ⁊ a c-caislén do thairbhirt d'Ua Chonchobhair. Sídh Ui ChonchobhairMhęic Diarmada do dhénamh lá Mac Uilliam, ⁊ braighde uatha diblinibh lá comhall dia 'roile, .i. Eoghan mac Uí Concobhair, ⁊ Cairpre mac Uí Conchobhair.

  16. O Domhnaill Aodh Ruadh do dhol sluagh ar Mac n-Diarmada Corbmac mac Ruaidhri ⁊ ní ro airis co rainic co Corrsliabh. Iar ná fhios-sin do Mac Diarmada ro thionoil-sidhe sochraide Maighe Luircc, ⁊ Tuatha Connacht do chosnamh Coirrsleibhe fria h-Ua n-Domhnaill. Iar ná airiucchadh-sin d'Ua Domhnaill ro gabh timcheall go Muintir Eólais, ⁊ tainicc tar Sionainn ag Caislén Liath Droma go rainicc Magh Luircc. Rucc ar creachaibh ⁊ ar édalaibh iomdhaibh ⁊ ro ghabh for orccain an tíre. Iar na cluinsin-sin do Mac n-Diarmata tainic h-i c-cęnn Uí Dhomhnaill, ⁊ do-rinne síth suthain fris, ⁊ ro ioc a chíoscháin go h-umhal fria h-Ua n-Domhnaill. Do-rad dó an Chathach, ⁊ na braighde do bhí h-i Maigh Luircc ó mhaidhm an Bhealaigh Bhuidhe co sin.

  17. Creacha móra lá Brian mac Domhnaill (.i. Ó Neill) mic Enri ar Mac Domhnaill Cloinne Cellaigh .i. Giolla Padraicc.

 p.1254
M1500

    AOIS CRIOST, 1500.

  1. Aoís Criost, Mile, cúicc céd.

  2. Domhnall Ua Follamhain Epscop Doire, Brathair Minúr de Obseruantia do bhí go saothrach ar fud Ereann acc proicępt ⁊ acc sęnmóir fri ré triochat bliadhan ria sin d'écc .i. do galar medhóin, ⁊ a adhnacal i n-Áth Truim.

  3. O Ruairc (Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnáin) do écc ⁊ Eoccan mac Tighearnáin mic Taidhcc do ghabhail a ionaid.

  4. Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc d'écc.

  5. Brian Caoch mac Neill mic Sęain Buidhe mic Eoccain Uí Néill do mharbhadh lá Domhnall mac Sęain Bhuidhe Uí Neill, ⁊ lá muintir Aodha i n-doras caisléin Chind Aird.

  6. Tomas mac Aodha mic Briain mic Pilip na Tuaighe Meg Uidhir do mharbhadh la Tadgh mac Tomais mic Tomais Óicc Meg Uidir ⁊ la Muintir Mhucaidhein.

  7. Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh i t-Tír n-Eoccain co ro loiscc baile Uí Neill Dún n-Gęnainn, ⁊ co ro bhris an sęnchaislén, ⁊ co ro loiscc crannóg Locha Laoghaire, ⁊ a impúdh imshlán dia tigh gan frithbeart fris don chur-sin.

  8. Slóiccheadh lásan Iustís Gearóit mac Tomáis, iarla Chille Dara i t-Tír n-Eoccain ⁊ Slóicchead ele lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh co n-a sochraide co comrainic frisan Iustís ag caislén cloinne Sęain Bhuidhe Uí Néill, .i. caislén Chinn Aird ⁊ batar h-i f-forbaissi fair go ro gabhadh leó é. Tuccadh an baile iaromh do Thoirrdhealbhach mac Cuinn Uí Néill. Do-deachattar na maithe-sin dia t-tighibh iaramh. Iar soadh d'Ua Dhomhnaill don turus-sin ro gluais go nęimhlęscc nęmhsadhal h-i t-Tír n-Ailealla go ro creachadh leis sliocht Briain Mec Donnchaidh baí i n-ęsaonta fris, ⁊ tainicc dia thír iaromh.

  9. An Toirrdealbhach rémhráite (dia t-tard an Iustís caislén Chind Aird) ro gabhadh-sidhe lá h-Ua Neill (Domhnall) h-i c-caislén h-Ui Neill féin h-i c-cionn lęthráithe iar t-tain. Ro bęnadh a chaoraighecht de co ro fás coccadh mór h-i t-Tír n-Eoccain desidhe.

  10.  p.1256
  11. O Fearghail Rudhraighe mac Iriail do mharbhadh la Sémus mac Ruaidhri mic Cathail mic Uilliam Uí Fearghail i n-Inis Móir Locha Gamhna.

  12. O Brain Laighen Cathaoir mac Dúnlaing do mharbhadh lá cuid dia bhraithribh féin.

  13. Fęradhach mac Duinn Óicc mic Duinn Mhóir Meg Uidhir, ⁊ Brian mac Sęain mic Domhnaill Bhallaigh Meg Uidhir do mharbhadh lá cloinn Cuinn Uí Neill i m-Beól Átha na Marclach.

  14. Giolla Crist mac Eóin Fhinn Mec Cápa do mharbhadh ar greis oidhche i n-a tigh fęin lá h-Aodh mac Sęain Buidhe Még Mathgamhna, ⁊ creacha an bhaile do dhénamh lais.

  15. Da mhac Donnchaidh Óicc mic Donnchaidh Mhóir mic Aodha Meg Uidhir (SemusRemann) do mharbhadh lá h-Eóccan mac Donnchaidh Mhóir mic Aodha cédna.

  16. Sliocht Duinn mic Con Chonnacht Még Uidhir do dhol ar ionnsaicchidh ar Bhaile Meic Giolla Ruaidh, ⁊ an Giolla Dubh mac Concobhair mic Tomais Meg Uidhir do mharbhadh leó, ⁊ Domhnall Caoch Mac Giolla Ruaidh co n-a mhac, ⁊ Ruaidhri mac Domhnaill Girr Mec Giolla Ruaidh co sochaidhibh ele.

  17. Eóccan mac Fearadhaigh Bailbh mic Fearadhaigh mic Duinn mic Con Chonnacht Meg Uidhir do mharbhadh lá Gofraidh Mac Giolla Ruaidh i n-dioghail na druinge rémráite.

  18. Caislén do thionnsccnadh lá Pilip mac Brian mic Pilip ar carraicc Locha an Tairbh.

  19. Giolla Padraicc mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc Meg Uidhir do mharbhadh lá Niall mac Airt Uí Neill ⁊ lá a chloinn, ⁊ creacha mora do bhręith leó ó cloind Fhlaithbeartaicch.

  20. Sorcha inghęn Philip mic Tomais (.i. an Giolla Dubh) Mhég Uidhir, ⁊ Gofraidh Ócc mac Gofradha Ruaidh Meg Uidhir d'écc.

  21. An Barrach Mór do mharbhadh lé n-a brathair féin lá Dauidh Barra, .i. airchideochain Cluana, ⁊ Corcaighe. Dauidh do mharbhadh le Tomas A Barra, ⁊ lé  p.1258 Muintir Ceallacháin.

  22. Iarla Dęsmhumhan do thóccbháil chuirp Dháuidh a c-cionn fichęt lá ⁊ a losccadh iaromh.

  23. An Sionnach Muintire Tadhccáin (Cairpre) do mharbhadh lá Cond mac Airt mic Cuinn Uí Maoileachlainn.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Annals of the Four Masters

Title (supplementary): Volume 4

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Stephen Beechinor, Eoin Dunford, Beatrix Färber, Philip Irwin, Elva Johnston, Julianne Nyhan, and Daithí Ó Corráin

Funded by: University College, CorkProfessor Marianne McDonald via the CELT Project and Seoirse ó Luasa, An Caifé Liteartha, An Daingean, who donated a copy of the Annals of the Four Masters to the CELT Project.

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 67 940 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland

Date: 2001

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100005D

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Notes statement

The precise relationship between MSS 1–4 (below) is a matter for scholarly debate. Two views have been put forward, that of Walsh and Mooney (for bibliographical details of their publications, see below). According to Walsh, MSS 1 and 4 are what remains of the set presented to the patron, Ferghal Ó Gadhra; MSS 2 and 3 are the copies forwarded to Louvain for possible printing. According to Mooney, MSS 1 and 3 are the set presented to the patron, Ferghal Ó Gadhra; MSS 2 and 4 are what remains of the set forwarded to Louvain. It is more likely that Walsh's view is correct. For an excellent and fully documented discussion of the problem, see Nollaig Ó Muraíle, The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters, Celtica 19 (1987) 75–95.

Source description

Manuscript sources.

  1. (i) Dublin, Royal Irish Academy, MS 1220 olim C iii 3; paper; s. xvii; five hands, including Míchél Ó Cléirigh and Cú Choigcríche Ó Cléirigh; 522 folios. Annals from AM 2242 to AD 1171. Used by Dubhaltach Mac Fir Bhisigh, who refers to it as belonging to Fearghal Ó Gadhra. For a description of the MS, see Kathleen Mulchrone & Elizabeth FitzPatrick, Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy fasc. 26 (Dublin 1943) 3276-82; Nollaig Ó Muraíle, 'The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters', Celtica 19 (1987) 75–95: 88–92.
  2. (ii) Dublin, University College L, OFM, A 13; paper; s. xvii; an autograph copy but scribal signatures are absent in the body of the text. The hands resemble those of Míchél Ó Cléirigh, but there are other hands including marginal notes by John Colgan. Annals from AM 2242 to AD 1169. For a description of the MS, see Myles Dillon, Canice Mooney, & Pádraig de Brún, Catalogue of Irish manuscripts in the Franciscan Library, Killiney (Dublin 1969) 24–27; Paul Walsh, 'Extracts from the Franciscan manuscripts of the 'Annals of the Four Masters'', Irisleabhar Muighe Nuadhad, 1916, 17-24; Ó Muraíle, op. cit. 94–95.
  3. (iii). Dublin, Royal Irish Academy, 687 and 688 olim 23 P 6 and 23 P 7; paper; s. xvii; the scribes are Míchél Ó Cléirigh, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, and Conaire Ó Cléirigh, and two others. Annals from 1170 to 1616. For a description of the MSS, see Lilian Duncan, Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy fasc. 17 (1936) 2112–2114; Ó Muraíle, op. cit. 95; annals from 1170 to 1616); Paul Walsh, 'Manuscripts of the Four Masters (R.I.A. 23 P 6 and 7 [=MSS 687-8]) Ir Book Lover 24 (1936) 81-3; Ó Muraíle, op. cit. 95.
  4. (iv). Dublin, Trinity College Library, 1301 olim H. 2. 11; paper; s. xvii; the scribes are Conaire Ó Cléirigh; and two other Ó Cléirigh scribes. Annals from 1334 (beginning acephalous) to 1605 in 466 folios. For a description of the MS, see T. K. Abbott and E. J. Gwynn, Catalogue of Irish manuscripts in the library of Trinity College Dublin (Dublin 1921) 82–83; Ó Muraíle, op. cit. 92–94.
  5. (v) Dublin, Trinity College Library, 1300 olim H. 2. 9 and H. 2. 10; paper; s. xviii (1734-5) scribe: Hugh O'Mulloy (Aodh Ó Maolmhuaidh); a transcript of MS (i) made for John O'Fergus. For a description of the MS, see T. K. Abbott and E. J. Gwynn, Catalogue of Irish manuscripts in the library of Trinity College Dublin (Dublin 1921) 82).
  6. (vi) Dublin, Royal Irish Academy, 988 and 989 olim 23 F 2 and 23 F 3; paper; s. xviii; scribe not named; the text was transcribed in the house of Charles O'Conor of Belanagare, and apparently under his supervision. This is a transcript of MS (i). For a description of the MS, see Kathleen Mulchrone, Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 22 (1940) 2829–30).

Editions and Translations.

  1. Charles O'Conor (ed.) Rerum Hibernicarum scriptores veteres iii: Quatuor Magistrorum Annales Hibernici usque ad annum M.CLXXII. ex ipso O'Clerii autographo in Biblioteca Stowense servato, nunc primum uersione donati ac notis illustrati (Buckingham, 1826) [O'Conor's edition, though based on MS (i) is seriously defective].
  2. John O'Donovan (ed. & trans.) Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, from the earliest period to the year 1616. Edited from MSS in the Library of the Royal Irish Academy and of Trinity College Dublin with a translation and copious notes, 7 vols. (Dublin 1848-51; repr. Dublin, 1856; repr. Dublin, 1990.) [volumes i-ii: pp v-vi (dedicatory letter of the editor) + pp vii-liv (introductory remarks, including original documents) + pp lv-lxi (epistle dedicatory of Míchél Ó Cléirigh) + pp lxiii-lxxi (contemporary approbations of the work) + pp 2-1187 (text and translation) + pp 1189-93 (addenda and corrigenda); volumes iii-vi: pp 2-2375 (text and translation) + pp 2377-2494 (a genealogical appendix, including original documents) + 2494-8 (addenda et corrigenda); volume vii: pp 405 (indexes). There are three separate paginations: volumes i-ii, volumes iii-vi, and volume vii, each having separate pagination. The edition of volumes i-ii, AM 2242-AD 1171, is made from a corrected copy of Charles O'Conor's edition (Buckingham, 1826). This edition is based on MS (i) which was not available to O'Donovan. O'Donovan collated the text so derived with MS (v) and MS (vi) both eighteenth-century transcripts of MS (i). MS (ii) was not known to O'Conor or O'Donovan. The text of the remainder of the remainder of the Annals (volumes iii-vi) is edited from MS (iii) collated with MS (iv).]
  3. Owen Connellan, The Annals of Ireland, translated from the original Irish of the Four Masters (Dublin, 1846) [Annals from 1171 to 1616].
  4. Henri Lizeray, Le livre des quatre maîtres: Annales du royaume d'Irlande, depuis les origines jusqu'à; l'arrivée de saint Patrice (Leroux, 1882).

Literature

  1. George Petrie, 'Remarks on the history and authenticity of the Annals of the Four Masters', Trans Roy Ir Acad 16 (1831) 381-93 [repr. O'Donovan, op. cit. i, pp vii-xix].
  2. Sir John T. Gilbert, 'The Celtic records of Ireland', Ir Q Rev 1 (1852) 588-700 [notice of O'Donovan's edition].
  3. Eugene O'Curry, Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (Dublin, 1861; repr. Dublin, 1878) 141-61 [note O'Curry's translation of John Colgan's remarks about Míchél Ó Cléirigh (143-45) and his sardonic comments on the Stowe sale of Irish MSS and the attitude of Lords Macaulay and Ashburnham].
  4. P. Mac Suibhne, 'A great historical work: the Annals of the Four Masters', J Ivernian Soc 7 (1915) 66-93.
  5. Paul Walsh, 'Extracts from the Franciscan manuscripts of the 'Annals of the Four Masters'', Irisleabhar Muighe Nuadhad, 1916, 17-24.
  6. E. J. Gwynn, 'Miscellanea', Ériu 9 (1921-23) 27-30: 27-8 [verse fragments in Annals of the Four Masters].
  7. Paul Walsh, 'Extracts from the Franciscan manuscript of the Annals of the Four Masters', in Paul Walsh, Gleanings from Irish manuscripts, 2nd ed. (Dublin, 1933) 69-85.
  8. Paul Walsh, 'The Four Masters', Ir Book Lover 22 (1934) 128-31.
  9. Paul Walsh, 'The convent of Donegal, 1632-36', Ir Book Lover 23 (1935) 109-15.
  10. Brendan Jennings, Michael O Cleirigh, chief of the Four Masters, and his associates (Dublin, 1936) [an inadequate account of the MSS, otherwise very valuable].
  11. Paul Walsh, 'Manuscripts of the Four Masters (R.I.A. 23 P 6 and 7 [=Dublin, Royal Irish Academy, MSS 687-8])', Ir Book Lover 24 (1936) 81-3 [repr. for the most part in a chapter of his The Four Masters and their work].
  12. Paul Walsh, 'Slips in O'Donovan's Four Masters, vol. V', Ir Book Lover 25 (1937) 100-02.
  13. M. A. O'Brien, 'Miscellanea Hibernica, 5: a wrong entry in AU and FM [A.D. 603], Études Celtiques 3 (1939) 365.
  14. Paul Walsh, 'The dating of Irish annals', Ir Hist Stud 2, (1941) 355-75.
  15. Canice Mooney, 'Irish Franciscan libraries of the past', Ir Ecclesiast Rec, 5th ser., 60 (1942) 223-4.
  16. Colm Ó Lochlainn, 'John O Donovan and the Four Masters', Ir Book Lover 29 (1943-5) 4-8.
  17. Paul Walsh, The Four Masters and their work (Dublin, 1944).
  18. Michael Duignan [notice of Walsh's Four Masters and their work], Éigse 4 (1943-4) 312.
  19. Helena Concannon, 'John O'Donovan and the Annals of the Four Masters', Studies (Dublin) 37 (1948) 300-7.
  20. Colm Ó Lochlainn, 'Annals of the Four Masters', Ir Book Lover 31 (1949-51) 126-8.
  21. Alexander Boyle, 'Fergal Ó Gadhra and the Four Masters', Ir Ecclesiast Rec, 5th ser, 100 (1963) 100-14.
  22. Cathaldus Giblin, 'The Annals of the Four Masters', in Liam de Paor (ed.) Great books of Ireland (Dublin, 1967) 90-103, repr. in Benignus Millett & Anthony Lynch (ed.) Dún Mhuire, Killiney, 1945-95 (Dublin, 1995) 135-43.
  23. David Greene & Frank O'Connor, A golden treasury of Irish poetry (London, 1967; repr. Dingle, 1990) 107-9, 200-01 [edition of restored text and translation of four verse epigrams that occur s. aa. 606, 614, 1022, and 1088].
  24. Pádraig Ó Súilleabháin, 'Nótaí ar thrí fhocal ó na hAnnála', Éigse 15 (1973) 20-22.
  25. Alan Mac an Bhaird, 'Dán díreach agus ranna as na hannála 867-1134', Éigse 17 (1977) 157¨C168.
  26. Breandán Ó Buachalla, 'Annála ríoghachta Éireann is Foras feasa ar Éirinn: an comhthéacs comhaimseartha', Studia Hibernica, 22-3 (1982-3) 59-105.
  27. Nollaig Ó Muraíle, 'The autograph manuscripts of the Annals of the Four Masters', Celtica 19 (1987) 75-95.
  28. Donnchadh Ó Corráin, 'Vikings II: Ross Cam', Peritia 10 (1996) 236.
  29. Nollaig Ó Muraíle, The celebrated antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-71): his lineage life and learning (Maynooth, 1996) 6-10, 100-101, 186-89.
  30. Nollaig Ó Muraíle, 'Cathal Ó Mac Maghnusa: his time, life and legacy', Clogher Rec 16/2 (1998) 45-64.
  31. Donnchadh Ó Corráin, 'Ad Annals of the Four Masters, 823-24', Peritia 13 (1999) 141.
  32. William O'Sullivan, 'The Slane manuscript of the Annals of the Four Masters'. Ríocht na Mídhe [Journal of the County Meath Historical Society] 10 (1999) 78-85.
  33. Daniel P. Mc Carthy, 'The chronology and sources of the early Irish annals', Early Medieval Europe 10:3 (2001) 323¡ª341.
  34. Pádraig A. Breatnach, 'Irish records of the Nine Years' War: a brief survey, with particular notice of the relationship between Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill and the Annals of the Four Masters'. In Ó Riain, Pádraig (ed.), Beatha Aodha Ruaidh: the life of Red Hugh O'Donnell. Historical and literary contexts (Irish Texts Society, subsidiary series 12) (London 2002) 124-147.
  35. Daniel P. Mc Carthy, on his website at http://www.cs.tcd.ie/misc/kronos/chronology/synchronisms/annals-chron.htm offers comprehensive information on two traditions of dating used in the Irish Annals, together with two ancillary articles, 'Chronological synchronisation of the Irish annals', and 'Collation of the Irish regnal canon'.
  36. Bernadette Cunningham, O'Donnell Histories: Donegal and the Annals of the Four Masters (Rathmullan, 2007).
  37. Edel Bhreatnach and Bernadette Cunningham (eds.), Writing Irish History: the Four Masters and their World (Dublin, 2007).
  38. Bernadette Cunningham, 'The Ó Duibhgeannáin family of historians and the Annals of the Four Masters', Breifne 44 (2008) 557-572.
  39. Bernadette Cunningham, 'John O'Donovan's edition of the Annals of the Four Masters: an Irish classic?' in Dirk van Hulle and Joep Leersen (eds.), Editing the Nation's Memory: Textual Scholarship and Nation-building in Nineteenth-century Europe (Amsterdam, 2008), 129-149.
  40. Daniel P. Mc Carthy, The Irish Annals: their genesis, evolution and history (Dublin 2008).
  41. Nicholas Evans, The present and the past in medieval Irish chronicles, Studies in Celtic History 27 (Woodbridge, 2010).
  42. Bernadette Cunningham, The Annals of the Four Masters (Dublin, 2010).
  43. Pádraig A.Breatnach, The Four Masters and their manuscripts: studies in palaeography and text (Dublin, 2013).

The edition used in the digital edition

O’Donovan, John, ed. (1848). Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, from the earliest period to the year 1616. Edited from MSS in the Library of the Royal Irish Academy and of Trinity College Dublin with a translation and copious notes.‍ 1st ed. Seven volumes. Volumes i—ii: pp v—vi (dedicatory letter of the editor)+ pp vii—liv (introductory remarks, including original documents) + pp lv—lxi (epistle dedicatory of Mícheál Ó Cléirigh) + pp lxiii—lxxi (contemporary approbations of the work) + pp 2—1187 (text and translation) + pp 1189—93 (addenda and corrigenda); volumes iii—vi: pp 2—2375 (text and translation) + pp 2377—2494 (a genealogical appendix, including original documents) + 2494—98 (addenda et corrigenda); volume vii: pp 405 (indexes). There are three separate paginations: volumes i-ii, volumes iii—vi, and volume vii, each having separate pagination. The whole work extends to 4167 pp. Dublin: Hodges & Smith.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100005D,
  title 	 = {Annala Rioghachta Eireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, from the earliest period to the year 1616. Edited from MSS in the Library of the Royal Irish Academy and of Trinity College Dublin with a translation and copious notes.},
  UNKNOWN 	 = {title},
  editor 	 = {John O'Donovan},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {Seven volumes. Volumes i—ii: pp v—vi (dedicatory letter of the editor)+ pp vii—liv (introductory remarks, including original documents) + pp lv—lxi (epistle dedicatory of Mícheál Ó~Cléirigh) + pp lxiii—lxxi (contemporary approbations of the work) + pp 2—1187 (text and translation) + pp 1189—93 (addenda and corrigenda); volumes iii—vi: pp 2—2375 (text and translation) + pp 2377—2494 (a genealogical appendix, including original documents) + 2494—98 (addenda et corrigenda); volume vii: pp 405 (indexes). There are three separate paginations: volumes i-ii, volumes iii—vi, and volume vii, each having separate pagination. The whole work extends to 4167 pp.},
  publisher 	 = {Hodges \& Smith },
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1848-51}
}

 G100005D.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 656–1258 of volume 4, being the years A. D. 1373 to A. D. 1500, in the chronology of the compilers. That chronology deviates from the historical chronology, but it has not been corrected in this edition. All editorial introduction, translation, notes and indexes have been omitted. Editorial corrigenda are integrated into the electronic edition. Missing text supplied by the editor is tagged SUP.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proofread 3 times. All corrections and supplied text are tagged. The Annals of the Four Masters is an extremely large and complex work. Any corrections of errors in the original text, as edited by O'Donovan, or in this digital edition are welcome. They will be credited to the scholars who make them.

Normalization: The electronic text represents the edited text. The editor's divisions of words have been silently changed to bring them into accord with CELT practice. All compound personal names are segmented in accordance with CELT practice.

Quotation: Quotation marks are rendered Q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: DIV0=the whole work; DIV1=the individual annals (i.e. the annalistic matter gathered under one year); DIV2=the annalistic entry; paragraphs are marked; passages of verse occurring within paragraphs are treated as embedded texts and the stanzas are marked LG and metrical lines are marked L. Page-breaks are marked.

Standard values: Dates, whether A.M. or A. D., are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd. The same applies to Roman calendar dates.

Interpretation: Personal names, place names (kingdoms, lordships, churches, monasteries etc.) and organisational names (kindreds, lineages, dynasties, peoples etc.) have been tagged. Social and professional roles (king, lord, bishop, abbot, priest, scholar, lector, scribe etc.) have been tagged. Technical terms are tagged. Content markup is complete, but subject to revision. All female personal names have been identified as such in the mark-up. Where possible, monastic sites have been identifed and where these are obscure a two-letter code for the Irish counties has been added.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “Annal” and “Event”, eg Annal M1373, Event M1373.0.

Profile description

Creation: The material for the twelfth century and before is by unknown authors in Irish monastic scriptoria; later medieval material is drawn from the collections of Irish professional learned families; the material for the seventeenth century is drawn from contemporary sources and observations. c. 550-1616, at various and unknown dates

Language usage

  • More than 98% in Middle Irish and Early Modern Irish. (ga)
  • Some words and phrases are in Latin. (la)
  • Some words are in English. (en)

Keywords: histor; prose; annals; medieval

Revision description

(Most recent first)

  1. 2013-12-03: File updated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2013-11-29: Bibliographical details updated. (ed. Fangzhe Terek Qiu)
  3. 2008-09-25: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-04T15:09:19+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 2005-04-13: Addition to bibliography, new wordcount. (ed. Beatrix Färber)
  7. 2005-03-11: Additions to bibliography. (ed. Beatrix Färber)
  8. 2002-12-10: Minor corrections, brought to CELT's attention by Bernadette Cunningham. (ed. Beatrix Färber)
  9. 2002-09-27: Updated bibliography integrated. (ed. Beatrix Färber)
  10. 2001-09-26: Revision and addition of content markup, number values; file reparsed; creation of HTML file. (ed. Beatrix Färber)
  11. 2000-09-24: Final checks, file parsed using NSGMLS; creation of html file. (ed. Beatrix Färber)
  12. 2000-09: Checking and revision of content markup using NSGMLS. (ed. Stephen Beechinor)
  13. 2000-08-18: Text parsed using SGMLS. (ed. Beatrix Färber)
  14. 2000-08: Division correspondence checked until 1433. (ed. Stephen Beechinor)
  15. 2000-07: Text proofed and content markup inserted. (ed. Eoin Dunford; Julianne Nyhan)
  16. 2000-06: Text proofed and content markup inserted. (ed. Beatrix Färber; Eoin Dunford; Julianne Nyhan)
  17. 2000-03: Text proofed and regularized from 1379 to 1500. Division correspondence checked from 1433 to 1500. (ed. Daithi Ó Corráin)
  18. 1998-05-25: File converted to ascii; header created; text parsed using SGMLS; mark-up normalized using SGMLNORM. (ed. Margaret Lantry)
  19. 1997-01-14: Text proofed and structural mark-up inserted. (ed. Philip Irwin)
  20. 1996: Text proofed to A. D. 1460. (ed. Elva Johnston)
  21. 1994: Text captured using Optopus. (ed. Students at Department of Irish History, UCC)

Index to all documents

Standardisation of values

  • Dates, whether A.M. or A. D., are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd. The same applies to Roman calendar dates.

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T100005D: Annals of the Four Masters (in English Translation)

Source document

G100005D.xml

Search CELT

  1. f: This passage is given as follows in the Annals of D.F. from which Dr. Leland has manufactured his account of the transaction: [...] Thady fitz Torly O'Brien, King of Tuamond, marched with an army in this Summer over the Shinan southwards [...] so that the Irish of Desmond and Iarmond all obeyed him; and he bribed the Goills, .i. old Irish of Linster, so that they were working his coming to Tara [...] 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top