CELT document G100070

Imeacht na n-Iarlaí

Tadhg Ó Cianáin

Edited by Paul Walsh

Imeacht na n-Iarlaí

1.

A n-ainm Dhé.

Ag so páirt do scéloib agus d'imthechtoib Uí Néill ón uair forfhágoip sé Eire. Ar tús buí O Néill a ffochair Iuistis na Héirenn, Sir Artuir Sitsestar, a m-Baili Shláine. Do ghlac sé leitir ó Sheón Bat dia dardaoin, in seachtmadh lá Septembris, a aois in Tigerna in tan sin míle agus sé chétt agus seacht p.4 mbliadhna. Buí ar in litir remhráite go ttáinic Maguidir Cúchonnacht Maguidir, Donnchadh O Briain, Matha óg O Maeltuile, Seón Rat, go loing fFrangcaigh a gcomhairrchiss Uí Néill agus Ierla Thíre Conaill go cuan Suiligi Móire as urchomair Rátha Maoláin a fFánait. Gapuis O Néill a ched ag in Iustis in sathorn 'n-a deghaidh sin. Téid an oidhche sin gus in Mainistir Móir, áit a mbuí Sir Geróid Modhar. Ar n-a mhárach dó go Srádbaili Dúna Dealgan. Gluaissis dia luain p.6 as in Srádbaili tria bhealach mór in Fhedha go Bél Atha in Airgit, tar Sliap Fuait go Hard Macha, tar Abainn Móir, go Dún Genainn, gus in gCraoip .i. baile oiléin dia bailtibh. Dogní sé comnaidhe agus oirisemh ar in Chraoibh dia máirt. Gluaisidh a n-ainm Dé dia cédaoin ón Chraoibh tar Sliap Síoss. Buí an oidhque sin a Muinntir Luinigh ar comhgar Locha Beigfhine. Ar n-a mhárach dó go Bun Diennoide. Buí i n-a chomhnaidhe ó aimsir mhedhóin laoi go comthuitim na hoidche. Iar sin léigis tar Fersait Móir ar Loch Feabail é gach ndíreach go Droichet Adhamnáin. Buí mac Uí Domnaill Cathbarr mac Aoda meic Magnusa ar a gcionn annsin. Gapsat go Ráith Mealltain, an lá ag soillsiugadh orra in tan p.8 sin. Eirgit go Ráith Maoláin áit a mbuí in long adupramar ar angcairip. Fuaratar Rugraighi O Domnaill, Ierla Thíre Conoill, gus na daoinibh uaisle remráite maille re mórán d'oireacht agus do lucht lenamhna in Ierlae ag cor stóruiss bídh agus dighe asteach 'san loing.

2.

 2 Tiaghaid asteach ar bord loinge timchiol mhedhóin láei dia haoine do shonnradh. Tógbhaid a seólta ainnséin. Léigit ar comhghar in chuain iad. Cuirit lucht dá bhát do thógbáil uisque agus d'ierroidh connaidh. Beiris mac Mheic Suipne Fánat agus drong do dhaoinibh in tíre a ttóraigheacht orra. Troidit re aroile. Is ar éigen tugatar foirionn na mbád uisque agus connadh leó. Timchiol mheadhóin na hoidhche cétna sin tógbhait a seólta an athuair. Léigit amach go comhfhairsing sa ffairgi iad. Bá taitnemhach féith-chiúin an oidhche go ngaoith anier-ndesss. Mesait annsin dol asteach go h-Aroinn a riachtanus a less bídh agus dighe do thabairt chuca. Eirgiss ainfine imarcach agus doinionn dermhair maille re ceó agus fleachadh dóip as gur hinnarbadh ó chomhghar in tíre íad. Gabhait in fhairrgi go comhfairsing. Ba marthanach in stoirm agus in míchiúnus sin go medhón oidhche buí ar a gcionn. As a haithle dírgit a gcúrsa cléláimh re Tír Conaill tar chuan Sligigh gach ndíreach go rapatar as urchomhair Chruaiche  p.10 Pátraic a gConnachtoip. Imeglaigit ainnséin loingess in rígh buí a gcuan na Gaillbhe do thegmháil riú. Léicit amach sa ffairrge iat do dénomh ar in Spáinn gach ndírech dá mad éidir leó. Bátor ier sin trí lá dég for fairrge maille re hainfine imarcaigh agus re droich-shín chonntabartaigh. Tug comhfhortacht adpol dóip mar do chuiretair sa ffairgi a ffoilenmhain na loinge cros óir buí ag O Néill i n-a roipe rann-chuid don chroich chésta go n-imat religiass oile. A fforcionn na haimsire sin tegmhaidh do chúiss ingantuis dóibh a gceirt-mhedhón na fairrge dá sheapac bhega .i. merilliúin do thoirling forsan luing. Ro gapadh na seabaic. Do bethaigedh as a haithle.

3.

Dia domhnaigh in dechmadh lá fichet Septembriss táinic in gaoth go coimhdhíreach a gcertaghoidh na loinge. Gapsat na marnélaigh do láimh, ó nach roibhe ar comas dóip dol don Spáinn, go mbeittis a gcuan Croissic issin m-Britáinn fo chionn dá ló go n-oidhche. Comhairlighit na tigernaidhe  3 bátor san loing, do bíthin teirce a mbídh agus a ndighe go háirighthe, fós do brígh a ffuaratar gusin tan sin do docomal agus meirten na fairrge, gur uo himairgidhe dóip a léigen gach ndíreach gusin fFrainc. A gcétóir dírgit a gcúrsa gusin fFrainc. Dá lá agus dá oidche dóip ar siobal fo lán seóil. Ní rángator tír ar doman in comhfhad sin. Fós ní maith ro fhitirset cia in cósta áirigthe ba himfhoixe dhóip.

4.

Timchiol mheadhóin laei dia máirt adchíd trí longa adhbalmóra ag ascnamh ón aird uo dhess mar do thicfaitis ón Spáinn. Ge gur imeglaigset in loinges sin gur mesatar gur d'armáil ríg Saxan ar ttoigheacht 'n-a n-íermhoirecht iad, brethnaigit aca féin gur uo ferr dóip dénomh orra do chor a gconáich a gconntabairt, mad náimde iad, nó madh catoilce, d'ierroidh scél agus eóluis orra, inás bheith san guasacht dermhair a mbátor a ttaep seachráin agus aineóluis agus teirce dighe. Riccit féin agus in loinges ar comhghar a chéile deóigh laoi. Eirgis ainfine adpol in tan sin as nach rángator féin agus in loinges go p.12 cenn aimsire toigeacht a gcóir chomhráidh re aroile. As a haithle tra laprait re lucht na loingsi. Ierroit scéla orra. Innissit gur do chríchoibh Lochlann a mbunadhus, go rapsat ag térnódh tar aiss ón Spáinn go a n-atharrdha badéin. Adbertsat gur sa ffairrge fFleminnaig bátar-san d'áirigthe. Mar do buí in cuan sin ar comghar chósta na Saxan ní mór gurab ann ba rómhaith lesna maithib sin tegmháil a n-aois na huaire sin. Fós ní roipe pilóit fessach nó eólach sa chuan sin aca. Gapsat ag foilenmhain na loingsi remráite gur ben comdhorcha na hoidhche a radharc díp.

5.

Adbert Frangcach áirigthi buí san loing: Ná bíodh dibergóit nó imsníomh oraip, a mhaithi, ol sé; treóraighfet-sa ria n-éirgi gréine amárach a ttír sa Normainnti,  4 prouensi oirrderc gabhus le ríg na Fraingce, sibh. An Chruinne, prímhchathoir oireghdha gapus le rígh na Spáinne, chom ar thriallsat ó thús. Do mhét na scíssi agus in docomail ro fhuilngetair ní mór nach roibhe a urdail do deigh-inntinn agus do shupailchip aca fo dol a ttír sa Normainnti agus mar do ragdaoiss sa gcathraigh sin. Dírgit a gcúrsa gusin gcuan sin. Timchiol medhóin oidche éirghiss in fhairrgi i n-a tonnoibh tul-borba tinnesnacha trén-tuinnsemhacha dóip. Trócaire na Trínóite ru-s-tesairc gan in long co n-a mbuí innte do bháthadh. Drong do na daoinibh uaisle bátar uas taiste, ní mór nach rapsat a gconntabairt a mbreth amach a gcertmedón na fairrgi ó láidire na gaoithe agus ó línmaire na ttonn. Ba héicen dóip a seólta do legad la tolgán agus trethan na ttonn, an long do léigen do réir thoile Dé ar a haradhain féin seachnóin na fairrge.

6.

Bátor dá oilén gabhus le rígh Saxan, dar comhanmanna Gorgi agus Garsíi, a n-imfhoixe dóib. Muna bheith legadh na seóltae bátor a gconntabairt dermhair a gcomhmbualadh fo nechtar don dá oilén sin. Nó dia raghdaois a ttír ó n-a ttoil uodéin, nír uo saigidh deghcharat a gcéin dóip gnúissi na p.14 n-eritchedh náimhdidhi n-éttrócar bátar ar a ccionn isna hoilénoip. A moch-shoillsi na maitne adchíd go follus na hoiléin ar a gcomhghar. Du-s-rat in Frangcach remráite aithne forra. Adbert gur uo Saxanaigh bátar dia n-inotacht agus dia n-aittreabadh.

7.

Tógbhait a seólta ainnséin. Léicit ar siobal iat. Iar ffágbháil radhairc na n-oilén adconnarcatar go comhfhairsing talam na Fraingce. Ar ttoigheacht ar comhghar in chuain dóip gapuis crith-egla agus imfhaitchess in Frangcach. Adbert go roibi aimsir imchian ó ro buí sa chuan ria sunn, go mbuí a n-ainffioss  5 agus a gconntabairt dermhair um eólus dingmálta do dhénomh asteach sa chuan. Gar ier sin adchíd bátt beg Frangcach ag ascnamh chuca. Fochtait scéla dia fhoirinn. Adbertsat tra gurap ó Ruadhán dóip, prímh-chathair oirrderc gapus le ríg Franc. Tairgit gné chomhadh dóip ar eólus do dénomh astech sa chuan. Geallait a dénomh. Bátor rompa agus na ndeaghaidh car in chaomh-laithe. In tan ro-íssligh in ghaoth deóigh laoi agus nach roipe ar comus don loing dol asteach sa gcuan, gapsat tra muinnter na beg-loingi a gcead acasan. Atbertsat nach roipe maith aca re a dénomh dóip, nach ierrfaitiss lóighigheacht na mathessa nach dernsat. Dírgit féin a gcúrsa go Roán. Gidheadh chena ro sheólatar chuca-san gan mhoille aroile bát i n-a mbuí pilóit Rodháin. Tic tra in pileót ar bord loinge chuca a gcomdhorcha na hoidhque. Tógbait a seólta. Bátor ar siobal seachnóin na hoidhche. Ar maidin ar n-a mhárach treóraigidh in pilóit cétna iad a ruibér Rodháin ar in taep bho deass don chuan nua dar comainn Harboure de Grace. Timchiol meadhóin laoi dia dardaoin, lá S. Pronséiss do shonnradh, in cethramadh lá Octobriss agus in t-aenmad lá fichet dóip ar fairrge, tiagait a ttír a mbaili beg ar brú in ruibéir chétna dar comhainm Cilbuf. Dognít gné chiúnais agus chomnaidhe ann in méide buí rompa don ló gus in oidhche ar a gcionn. Persa d'uiresbaidh ar chét  p.16 isseadh bátor sa loing. Ní roibi do shupstaint digi aca ag fágbáil na loingi acht cóic galúin beóra agus ní badh lugha nó énbairille amháin uisce.

 p.18

8.

Ar n-a mhárach tra buí guibernóir in baile a ffochair Uí Néill ar a medhón laoi. Bronnaiss dó na seabaic édála ingantacha sin ro gabadh for in ffairgi. Tar éiss mhedóin laoi glacait bádaidhi. Cuirit in chuntaois agus ingen Uí Domnaill, na leinimh bátar mailli riú, páirt dá ndaoinibh uaisle agus dá p.20 lucht  6 coimhideachta co n-a ttrongcaib san athghairid triasan ruibér go Rodhán. Gabhuiss O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhe agus na daoine uaissle bátar maille riú, seacht ffir dég dóibh, ar eachraidh gusin mbaile ar in ruibér chétna dar comhainm Laboill, seacht léige ó Chilbuf, agus ó Chilbuf síos gusin gcuan nua deich léige. Ar n-a mhárach tra re hucht in baili d'fágbáil dóibh adchíd guibernóir Chilbuf chuca. Cuiris gné riastála orrae. Adubairt go gcaithfediss dol do láthair ard-mharuscail na Normainntí. Ro umhlaigset chuige sin. Gabhsat aitherrach eachraidhe. Gluaissit begán buidhne gusin mbaili dar comhainm Liegeuuaie, airm a mbuí in maruscal, seacht léige dég ar comgar na Britáinne. Gabuis in maruscal chuige go ro-onórach degh-aigtheach iad.

9.

Imthúss na mban uassal, gluaissit as Cilbuf a mbádoibh. Bátor seólta tógaibthe sealat aca, sealat oile ag imramh. Mar sin dóibh go comhdhorcha na hoidhche. Impaidhiss in lán mara i n-a n-aghaidh maille re nert agus láidire in ruibéir as gur cuiredh tar a n-ais aimser imchian íad. Ba dífhaisnéissi re a innissin mar do thigedh tuile agus aithbhe in ruibéir sin. Ní roibhe tra cúiss imthnúith aca re guasacht nó ainfine dier fhuilngetair ar fairrge a n-athfhégmhuis a ffuaratar do dhocomhal agus do chonntabairt a mbáiss in tan sin, acht amháin buí fíon agus uisce ar comus dóibh a n-inbaidh a ttarta. Ticit drong do lucht aittreaptha in tíre go mbádoibh maithe dia gcomhfhortacht. Eirgit an oidhche sin go baile beg buí ar brú in ruibéir. Ar n-a mhárach fuarator aimsir romhaith. Céimnigit seachnóin in ruibéir go rángator baile eguilsi dar comhainm Mainistir Sanct Seoirsi ar in taep ba thuaidh don ruibér. Oirissit ann an oidhche sin. Cuirit teachtaire go Rodhán do threórugadh gach riachtanuis cóistighi agus bhaigínidhe rángatar a les. Téigit co n-a n-uile chuideachta go Rodhán timchiol mhedhóin laoi dia domhnaigh.

10.

 7 Seachnóin na haimsire si buí Maguidir agus na  p.22 daoine uaisle bátor a gcoimhiteacht na ttigernadh so fo riasta a Laboil. Messait go rapatar na mná uaisle co n-a gcuideachta a mbraighdenus mar nach ffuaratar én-fhocal dá scéloibh. Aithrister dóib deóigh laoi dia domnaigh a ndol tairrsibh go Rodhán. Gabhait triar do na daoinibh uaisle bát. Imrait seachnóin na hoidhche. Rángatar Rodhán a mocha laoi dia luain. Innissit scéla na ttigernadh mar do éirigh dóip a ttaep a riastála agus iad i n-a persanoibh badén do dol do láthair in ard-mharuscail go Liegeciuaie. Ba himeglach imomhnach iad san ier gcloss na scél sin. Rugator scéla ar n-a mhárach orra gur scríp in guibernóir le posta go rígh Frangc dia fhoillsiugadh go ttángatar san a ttír mar adupramar, agus dia fhioss créd badh indénta riú, agus go gcaithfediss foighite do bheith aca fo bheith i n-a gcomnaidhe go rochtain direxioin in ríg dia saigidh.

11.

Eirgiss Matha O Maeltuile a posta go Pairis. Ba luaithe posta in guibernóra do láthair ríg FrancMatha. Fuair freagra. Filliss tar a aiss. Buí in rí ag filleadh ó fhiadhach. Téid Matha i n-a láthoir. Labruis aghoidh a n-aghaidh friss. Adféd dó uile imthúss na ttigernadh, mar do cuiredh in gné thoirmeisc sin orra fo ríghacht na Fraingce do shiopal go breith augdarráis in ríg orra. Adbert in rí go honórach degh-aigtheach gur glac letreacha ar chúiss na ndaoine uassal roimhe sin, gur scríp gus in nguibernóir dia ttaop. Téid Matha do láthair secretáir in rígh. Adubairt in fer sin nach tticfadh urchóid ar bith do na maithibh as chúiss in braigdenuis agus go madh taosga deigh-fhreagra ón rígh ag breith orra nó Matha do thérnódh tar a aiss.

12.

 8 Dorala ambasadoir rígh Saxan sa gcathraigh  p.24 in tan sin. Buí ag dénomh a lán-díthill aidhmillte agus urchóide do na maithip dia madh éidir leiss. Téid sin a ndímhaoiness agus a mí-tharbha, óir ní thug in rí audiens nó éisteacht go fedh trí lá dó, acht ag dol d'fíadhach gacha laithe. As a haithle sin mar do buí a dheimin aige na tigernaidhe do bheith a n-áit badh hinnill leó, adubairt go ndeachatar ó n-a chomachtoibh, agus dia ttegmhadh nach raghdaoiss, nach dingnadh féin urchóid ar bith do dhaoinibh uaisle ar a gcuirfidhe d'fiachaibh a n-atharrda bhunaidh d'fágbáil ar son a gcreidimh agus a n-égcomhthroim, fós go roibhe ar comus do na huilip chatoilcip gabáil gan buaidhirt ar bith tré ríghacht na Fraingce. Léigiss in t-ombasadoir duine uassal do threibh na h-Alban a posta go Lundain dia faisnéis do rígh Saxan go ttángatar na daoine uaissle si a ttír sa fFraingc agus nár chuir in rí toirmesc orra fo gabáil triasan fFrainc. Buí in duine uassal sin a Rodhán sa tigh ósta a mbátar na mná uaisle in oidhche sol tángatar na tigernaidhe.

13.

Ar ttoigheacht do Mhatha óg go Rodhán, mar fuair deimin scél gurab é ordugadh agus direxion fuaratar san gabáil go Flonndrus ó thúss, agus gan gabáil gach ndírghe don Spáinn go mbeitiss a fFlonndrus, gluaisis féin a posta go Flonndrus dia innissin do mac Ui Neill, corenél na nEirinnach a fFlonndrus fo chomachtoip ríg na Spáinne, go ttángatar na tigernaidhe si as Eirinn, gur éirigh buaidhirt agus aineólus fairrgi dóibh, a tteacht a ttír a ríghacht na Fraingce, gné thoirmeisc do chor annsin orra as nár léigedh dóip comhghar na sligedh gus in Spáinn do gabáil, do bíthin gur uo héiccen dóip dénamh ar a gcert-agaidh go Flonndrus go rabhatar ag a iarraidh ar in chorenél teacht i n-a gcomdháil go coicrích na Fraingce, fós paspart agus barántus in arsdiúc  9 d'fagáil  p.26 chuca coimhinann agus buí barántus ríg Franc go comrac a rígachta badéin.

14.

Dia sathairn do shonnradh tig guibernóir chathrach Rodháin gusin dú a mbátar na mná uaisle. Ro fhógair dóibh in gcathraigh d'fágbáil gan mhoille in lá cétna sin, nó térnódh tar a n-aiss gusin loing óa ttángatar. Gabhait sen sin 'n-a imsníomh agus 'n-a dhupachus chuca, óir do messatar gur do bíthin míchinnemhna d'éirghi do na tigernaigibh fuaratar féin in fhógra thul-obann sin. Tré chúis impide agus onórachuis ro aontaigh in guibernóir dóip as a haithle furnaidhe isin gcathraigh gusin luan buí ar a gcionn. Um thráth esparta dia domnaig tigit na tigernaidhi maille re paspart agus barántus rígh Franc go Rodhán.

15.

Bátor sa gcathraigh an oidhche sin. Ar n-a mhárach tra, in cóicedh lá dég Octobriss, gluaissit as Rodhán én-marcach dég ar fhichid ar eachraidh, cúpla cóiste, tri uaigín, timchiol dá fhichid dia gcoiss. Do dheachaidh guibernóir Chilbuf agus mórán do dhaoinibh uaissle in baile dia ttiodhlacadh sealat ón gcathraigh. Gapsat a gced ag in nguibernóir. Glacait barántus ríg Franc uaidh. Tucsat dó mar íoc a sligedh, ge gur thaissealbh a aingidheacht agus a dhroich-inntinn roimhe sin dóip, timchiol dá fhichid éiccin tunna saloinn buí sa loing ar a ttángatar.

16.

Ba haoibhinn éxamail faircsin chathrach Rodháin don fforadh-chnoc ard oiregdha i n-a ndernsat na maithe si ceilibhradh di eroile. Ba hadpal a métt agus fairsinge na cathrach 'sí ro-dhaingen ro-láidir go n-ilimat daoine, go loingess línmhair, go gcéidhe bo lór feabhus, go ruibér ro-mhaith chéimniges sechnóin in tíre go roich Pairis. Línmaireacht mhór d'oilénoip ro-aoibhne ar in ruibér go n-imat fínemna agus do chrannoip torthacha. An talamh is comthroime  10 agus ba ferr aittrebugadh agus ba torthaighi dier thadhaill na hEirinnaig sin go meinic gusin tan sin timchuairt in ruibéir.

17.

Búi in creidemh catoilce agus comachta na heguilsi naoimhe go ro-oirrderc ro-láidir a Rodhán. Bátor tri tempaill  p.28 dég ar fhichit do themploib porráiste sa gcathraigh agus coimhthinóil cheithre mainistrech ndég d'ordoip riaghalta gusin státús is onóraighe chostusaigi a fformhór na crístaighechtae.

18.

Iar ngabáil láimhe ar imtheacht do na maithib si bátor tra seacht léige ó Rodhán an oidhche sin a uillage beg dar comhainm Labourshuire. Ag fágbáil Rodháin dóibh tarla gné sheachráin agus aineóluis eidir Aodh óg O Néill, mac Briain mheic Airt, agus in chuideachta. Fillis O Neill Maigbhethadh go Rodhán a n-íermhoracht mheic Briain. Tarla mac Briain don chuidechta. Ier ttérnódh do Maigbhethadh ó Rodhán lenuiss slicht-lorcc marcshlaighi oile ro fhágoib Rodhán. Ní tharla dia muinntir badéin é go rángatar Arass.

19.

Ba nemhonórach in t-ósta fuaratar na maithe sin isin mbaile mbeg ndeireóil adupramar, ge tharla gur uó sgiemhach torthach aoibinn in talomh ro thaistilset othá Rodhán gusin dú sin. An baile beg a nglionn ro-aoibhinn ar abhainn roi-dheiss. A moch-shoillsi na maitne ar n-a mhárach as sin dóip trí léige go baile dar comhainm Nueuochattel. Oirissit ann gor éistset aiffrenn onórach canntaireachta agus orgán go ndernsat a medhón laoi. Gluaisit in lá cétna gusin mbaili dier comhainm Oumalle, cóig léige. An diúc dier uo selb in baile sin, buí in tan sin ar innarbadh agus deóraidheacht ó rígh Frangc a fFlonndrus a ffochair an arsdiúc. Ro buí a uile chíos agus tighernus dia thógbáil chuige go Flonndrus. Léigit as sin iad an oidhche sin gusin mbaili dar comhainm Poeise, cóic léige. Ge go rángatar deóigh  11 agus ier nóin laoi in baile sin, fuaratar betha imqubaidh agus áit chumhsanta ba cosmail. Atá caisslén daingen go mbárdaibh láidire ó ríg Franc sa mbaili chétna sin. Nir uo imchien in slige in lá sin, acht ba cnocaighi ghairbhe riasganta nemhthorthaighe í oldáit na sligthe oile.

 p.30

20.

Ar n-a mhárach dóib go prímh-chathraigh oiregdha oirrdirc sa fFrainc dar comhainm Amiaunce .i. aird-gepta cosnamha na Fraingce, sé léige bhega. Do congbhadh sealat a ndorus na cathrach iad go rochtain direxioin ó guibernóir in baile chuca. Eirgit asteach as a haithle. Ier ndénomh a medhóin laei dochotor go tempol ro-breghdha ro-dhealraigtheach dar comainm tempall Muire. Taisselbthor tra dóib cenn Eóin Baptaist. E a ngloine cristail soilléir sofhaircsena do na huilip do bhiadh dia láthoir go n-ilimat fert agus mírbal. Cruinn-chathoir dhess dhaingen in baili sin chom a ttic ruibér ón fhairrge ar a ttathaigit báid gusin mbaili re socomhal agus comfhortacht na fairrge. Atá in ruibér cétna sin ier n-a chomhtharraing agus ier na chomhroinn a ndíbh rannoip dég seachnóin na cathrach, go riachtanus a les droichet ar gach bengán fo leith díp. Ier ttérnódh tar aiss ó thempull Muire dóib gabhait a post-eachraidh nár uo holc. Léiccit go gepta Flonndruiss íad. Ar in taep astigh do ballaigip na cathrach adchíd port ro-dhaingen ba lór láidire ag lucht na cathrach dia thógbáil go n-iliomat lochta saothair agus oibre. Ar in taobh amoig do na ballaigip taispentar dóib na treinnsighe talman agus na daingnidhe díchra dorónadh la ríg Franc in tan buí siege nó forbaissi aige ar Amens, a n-aimsir a beith a seilb ríg na Spáinne, ier n-a gabáil go glic uassail-inntlechtach roimhe sin re trí cuidechtoib Eirenncha.

21.

As sin dóib cóic léige go biláiste beg dar comhainm Pountau. Ba nemhshásta bátar an oidhche sin. Mar dorala a n-imfhoixe chomraic na Fraingce agus Flonndruiss íad, ní mór nach roibhe  12 gné imfhaitchis ar dhroing aca. Tugsat ar fhormhór a ndaoine beith suas i n-a n-armaibh ag forchoimét dóib an oidhche sin, agus ge tharla go rapatar go lór a dhaingne as focal agus as onóir rígh Frangc, ní lughaide-sa-chách ro-imeglaighset mar do chonnarcatar drem dá ndaoinibh ro gap aitherrach sligedh ag toigeacht go h-Amens, trúp mór marcshlaighi  p.32 go n-eachraidh ro-mhaith go n-éidigip pláta go pistaloibh.

22.

A moch-dheghóil na maitne ar n-a mhárach eirgit a n-ordugadh a gcossanta dá léige as sin go coicrích Flonndruiss agus na Fraingci. Comhnaighit ann begán aimsire. As a haithle léigit go h-Aras iad seacht léige. Ní mór nach roibhe gné d'imegla na sligedh orra uidhe in laithe sin d'áirigthe. Ar ndol asteach sa prím-chathroigh sin dóip timchiol mhedóin laoi in t-ochtmadh lá dég Octobris dognít oirissemh agus comnaidhe gusin luan buí ar a gcionn. Magbethadh ro sgar riú ag fágbáil Rodháin fuaratar rompa sa gcathraigh sin é, ge gur mhessatar go mór go madh baoglach in slige dó. An guibernóir buí ó rígh na Spáinne sa mbaili, glacuiss féin agus maithe na cathrach na tigernaidhe si chuca go subhailceach onórach. Ticit ar cuairt dia saigidh go mbangcéd maith agus go ffíntoibh. Cuirit athair onórach maille re cóistigip taitnemhacha dia ttreórugadh gusna prímh-eguilsib oirrderca bátar sa gcathraigh. Taispentar ilimat do religiassoibh ro-naomhtha mór-lóigigheachta dóibh ar a mbuí rann-chuid mhór don chroich chésta, cenn S. San Sem, cuid d'folt Muire Madalén, cupa as ar ibh in Slánaigtheóir féin deoch in tan buí a gcolainn daonna ar in saogal, go n-imat dí-áirmhe oile. Ticis Eogan Mag Mhathgamhna, in doctúir, i n-a gcomhairrchiss ó Doua gus in dú sin.

23.

Prímh-chathoir oirrderc oireghdha in chathair si sí ro-dhaingen láidir daoineachoir degh-fhoirgenta ní is móo dheissi nó Amens, acht gan ruibér ar a comghar.  13 Státúss onórach a gcert-mhedhón na cathrach ar a mbíonn gárda láidir do gnáth-muinntir in baile féin go sírraidhe. Gárda oile do shaighdiúirip in rígh ag geptaigip in baile  p.34 d'oidche agus do ló. Cúirt ro-mhór agus tempol Muire. Cathair ard-easpoig na prouensi gusin reilic is ferr agus is onóraighe a fformhór na crístaigheachtae ar in taep amoigh do ballaigibh na cathrach. Isin egluiss Muire sin ro thuit do nemh prímh-lóchrann lassamail cíera. Do ratsat lucht aittreptha na cathrach fo dera sépél onórach do thógbáil ar in taop astigh do na ballaighip fo chomhair in lóchrainn naemtha sin d'imfhaitchess námat dia rochtain. Dá chéd bliadain imlán ar adhnadh agus ar comhlasadh don lóchrann d'oidhche agus do ló, ní ro caithedh tra én-lethórdlach amháin de frissin ré sin. Feacht n-aon ticc aroile banscál áirigthe do dhénomh urnaigthe gusin altóir ar a mbuí in lóchrann. Ro ingantaig go mór métt mírbal agus grássa in lóchrainn. Ro fholáir in mhí-cheinneamain fuirre ar go ffessadh créd in mital d'áirigthe dia mbuí in lóchrann. Amhoil fuair in séipél go huaigneach agus lucht coimhétta an lóchrainn seachnóin na cathrach téid ar amus in lóchrainn, glacuiss dia lámhoip é, benuis screapall beg don chiaraigh de. Gabuis tra in lóchrann ag comhlassadh agus in chéir ag tionadh agus ag legadh. Bidgaiss in ben ier n-a fhaixin sin. Ba haithmhélach imnáir lé a ndoróine. Ar ndol amach assin reccléss teacmhait lucht coimhétta in lóchrainn di. Ba machtnadh dermhair leó mar fuarator in lóchrann dia chomhchaithemh. Oirrdercaigther in scél fon gcathraigh. Comhchruinnigit clier agus meic eguilsi in baile 'mun aird-easpog. Cuirit a gceist agus a n-ingantus dermhair mar do éirigh don lóchrann. Innissit lucht a choimhétta gur fhágoibset i n-a aignedh badéin é ag dol fon gcathraigh dóib, gan duine saegalta i n-a fhochair acht in banscál remráite, ar ttegmháil na mná dóip ar a ttoigeacht astegh san egluiss, go ffuaratar in lóchrann  14 ag tinadh agus ag leghadh agus ar n-athrugadh a staide. Du-s-radadh in macaomh mná do láthoir. Dorónadh tra examen agus scrúdadh gér uirre. Ro adoimh a ffiadhnuissi Dé agus na heguilsi naoimhe gur ben screapal beg don lóchrann. Du-s-rad a coibhsena as a haithle. Comhairligit an chlier ieromh an lóchrann do mhúchadh agus a chomhdach go sírraidhe a fforaithmhet a mór-mhírbhal. Adhantor agus soillsigther a prímh-fhéstoibh uaisle é. p.36 Mairidh fóss ag dénomh fert agus mírbal, na mílte do dhaoinibh ag toigheacht chuicce agus uaidh dia n-oilithre d'adhradh agus d'ettorguide naemhMuire óighe n-a fiadhnuissi. Fuaratar na maithe si a thaispenadh.

24.

Dia luain in t-aonmadh lá fichet don mhí chéttna ceilibrait do lucht na cathrach. Eirghit cóic léicce oile go cathraigh oirrdirc dar comhainm Doua. Gapsat muinnter na cathrach go ro-onórach chuca iad. Toirlingit ag coláiste Eirennach buí ar costus rígh na Spáinne sa mbaile. Doghnít féin oirissemh sa gcoláiste. Léicit forgla a lochta coimhiteachtae fon gcathraigh. Bátor i n-a gcomnaidhe gusin aoine buí ar a gcionn. Beiriss orra as Flonndrus an t-athair onórach Flaithrí O Maelconaire, prouincial uird minúir S. Pronséiss a n-Eirinn agus in doctúir Roibert Mac Artuir. Rissin ré aimsire si gabsat ag siobal ar choláistibh na cathrach. Glacait coimhthinóil na gcoláistidhe chuca go ro-onórach subhailcech íad mailli re uersaidhip agus oráidip laitne grégissi agus bérla do dénam dóip. Ro chomhairimh aon don chuideachta a gcoláiste na iesuuit begán d'uiresbaidh ar dá chétt dég a n-én-choláiste amháin.

25.

Prímh-chathoir chomhfhairsing neimhsciamhach teghdhuisidhi inaid foirgenta Doua acht amháin na coláistidhe. Ruibér ar a tticcit báit ón ffairrge ar n-a chomhroinn ar dó p.38 thríthe. Ge tharla gur do na seacht ttíribh dég prouens Artoes agus prouens Flonndruiss an ruibér sin amháin eidirdealaiges etorra. Ba torthach aoíbhinn go n-imat messa agus cruithnechta agus deghthoradh  15 go gcoilltib roi-dhessa in prouensi sin Artoes.

26.

Dia haoíne in seissedh lá fichet don mí so gluaissit na maithe si go cathraigh oirrdirc oile dar comhainm Turnuie secht léige ó Dhoua. Fuirighit do bíthin deighenaigh laoi do beith aca a ndorp ar in sligidh trí léige ó Thurnae. Buí ar in sligidh rompa fert agus adhnacal naoimh Eirennaigh, Sanct Linard a ainm. Dogní Dia imat mírbal tríd. Ar n-a mhárach gusin gcathraigh dóip. Adchíd a ndoras na cathrach tor comhdhaingen cloch conrótacht la Iuil Sessair in tan buí sige nó forbhaissi aige fon gcathraigh a n-inbaidh chocaidh chatharrdha na Rómhánach. Anuas ó a bharr téighther asteach air, óir ní fhuil doras ar doman air. Ro cosnadh tra la lucht a hinotachta an gcathraig go séitreach sonairt a gcert-agaidh Iuil Sesair agus an tsenaidh Rómhánaigh an tan sin. Atá a gcroinicil agus a fforaithmhet ag lucht a hai ttreptha nár gabadh agus nár togladh riem go haimhdeónach í.

27.

Glacuit lucht na cathrach na maithe si chuca go ro-onórach airmhitneach. Cuirit cóistidhe día saighidh as go gcéimnigdiss sechnóin na cathrach d'faixin a heguilsi agus a daingnig co n-a hingantus go huilidhe. Tieghait as a haithle ar cuairt go haird-easpog na cathrach. Ru-s-taispein é féin go supailceach ilghairdeach dóib. Oirissit tra gussin luan buí ar a gcinn annsin.

28.

Ruibér ro-aoibhinn ar n-a chomhroinn a ttríp  p.40 rannoibh go ttrí ndroichetoibh deig-dhénmhacha ar n-a gcomhshuidhiugadh triasan gcathraigh, sí féin i n-a prímh-chathraigh oirrdirc arsanta go sen-teghdhuisip dessa degh-fhoirgenta, go n-imat sliús chomhfhostus agus imtheilges in t-uisce mar is lainn agus mar is toltanach re lucht na cathrach. Caisslén láidir lán-daingen ag a ffuil cennus agus uachtaránacht ar in gcathraigh uile ag rígh na Spáinne sa mbaili gusin ruibér ar n-a chomhtharraing 'n-a mhóirthimchioll.

Tadhg Ó Cienain do scribh isan Roimh 1609.

 16

Míle saighdiúir, go síorraidhe co n-a n-uile ríachtanus a less órdanáiss mhóir agus munisioin ar doman, ag bárdacht agus ag forchoimhétt in chaissléin. Reigléss onórach astigh aca ar imfhaitchess go mbíadh comhthathaighi etorra amne agus lucht na cathrach. Mar do bátar tra sligthe salchae agus ard-bhóthair imchomhga aimhréidhe ó Doua go Turnae, ní hinnill rug fer a scríptha agus a fhaisnéissi so mess nó brethnughadh ar in región agus ar in talmhain móir-thimchiol in prímh-róitt.

29.

Dia lúain an t-ochtmadh lá fichet don mí chétna céimnigit assin gcathraigh sin. Bátor tra a mbaili bheag dhess dhaingen, Aat a ainm, seacht léige ón gcathraigh remhráite. Tig guibernóir in baili tar ballaighip amach i n-a gcomdháil agus dia nglacadh chuicce go honórach airmhitneach. Do-dheachaidh badéin a persain día ttreórugudh go a ttighthibh ósta. Comhscaoílter uile ordanáss in baile mar onórachus agus mar shupailcibh a ttoigeachtae. Tig féin go maithip an bhaile dia n-áithreóss as a haithle. Taissealbhuiss a shupailche co n-a dheig-inntinn dóip. San mbaili sin tra dorala Caiptín Seón Blint a ngairessún. Buí go háilghen cennsa forffaoilidh rompa san.

30.

Ar n-a mhárach dhóip seacht léige ó Aat go Noutre p.42 Dam de Hauer. Ar in sligidh rompa gapait tria baile dhess buí ria sunn a seilp rígh Franc a n-inbaidh in chocaidh do bheith ann. Mar nach deachaidh cíoss an bhaile a ttorbha don rígh, gabuis deich míle ar dá fichit míle ponnta ó dhiúc de Haura ar bith-dílseacht an bhaile. Inginn a ainm. Tíaghait tra an oidche sin go Noutre Dam. Fleachadh agus ferthain dermhair aca seachnóin na sligedh.

31.

Ar n-a mhárach trá. 31. Octobriss ticc mac Uí Néill, corenéil na nEirinnach, chuca go mbuidhin ndermhair ndeigh-innill  17 do chaiptínibh, do dhaoinibh uaissle do Spáinneachaibh agas d'Eirinnchaibh agus do gach nasión archena dia mbátor. Dia sathairn buí ar a gcinn táinic marcués Spinnala, ard-general armála rígh na Spáinne a fFlonndrus, go n-imat do dhaoinibh ro-onóracha chuca ó Bruxel. Dogní forffáilte friú. Glacuiss chuicce go honórach iad. Do-rad cuiredh dóip chom a medhóin laói ar n-a mhárach a m-Bruxel. Ro aontaighset chuigi sin. Téid trá in marcéiss do shléchtaine go hegluiss Muire búi ar comhghar dóip. Gar ier sin adchíd secretáir in arsadiúc chuca dá iarraidh orra bheith a ffochair in arsadiúc in luan buí ar a gcionn a Marimount, foraoiss fiadaigh buí ag in arsadiúc naoí léige ón mbaili sin. Ar n-a chlos sin don marcéss gabuis a ched. Léigiss tar a aiss go Bruxeil é. Cuiriss chuca san ar maidin dia domhnaigh a riachtanus a less cóistidhe agus eachraidhe as go raghdaoiss go hinnill onórach do láthoir in arsadiúc.

32.

Ier n-éisteacht aiffrinn dia domnaigh in cethramadh lá Nouembriss gluaissit na tigernaidhi a gcóistighip p.44 a ndaoine uaissle agus a lucht coimhideachta ar eachroidh. Rángatar in lá sin go Neeuel cóic léige uaidhip, baile dess daingen i n-a mbuí gairessún ón rígh. Guibernóir Spáinneach ba huachtarán sa mbaili. Tig co n-a shaigdiúirip i n-a gcomhdháil. Forffáiltighis friú. Ier ttoirling dóibh du-s-rad eochracha in baile go hUa Néill. Diúltaiss O Néill na heochracha. Dorad in guibernóir cuireth dóip chom a suipéir an oidche sin. Ní ro aontaighset tra in cuiredh sin. Buí in guibernóir a ffochair Uí Néill an oidhche sin. Du-ss-rad lucht ciúil agus múissice agus raingce i n-a choimhitecht. A n-inbhaidh chodalta dóip cuiriss sarsen maior in baile d'ierroidh focail na faire ar O Néill. Tug O Néill buideachus dó san. Do íerr air féin an focal do thabairt uaidh mar dobeiredh gach n-oidhche.

33.

Gluaissit ar n-a mhárach, an guibernóir dia gcoimhitecht tar tórainn in baili. Tiaghait go Bench cóic léige uaidibh, airm a mbuí in t-arsadiúc. Tic diúc de Suna, in secretari, Don Rodrico, maior dommo  18 in arsadiúc, go gcóistigip maithe agus go ndaoinibh uaisle onórachae i n-a gcomhairrchiss. Fáiltighit a n-ainm in arsadiúc friú. Téid in diúc badéin issin chóiste a mbátor. Ar ndol dóip don mbaili toirlingit ag páláss in maior dommo. Bátar ann sealat mar do buí in lá go ffleachadh ndermhair roimhe sin. Ro cuiredh tra a lucht coimhitechta agus a n-eachradh a n-áitibh comhnaidhe. Tiaghait as a haithle d'féchain séipéil in arsadiúc.

 p.46

34.

As sin dóip gusin páláss. Tigiss Infanta ingen rígh na Spáinne agus in t-arsadiúc go dorus in páláiss i n-a gcomhdháil. Glacuit chuca go ro-onórach airmitnech forffáilteach degh-aightheach maille re cúirtissighip móra íad. Beirit leó dia gcodal-tigh íad. Bátar sealat ag comrádh agus ag coimhfhíerfaighe sgéul di eroile. Gabhait a gced. Eirgit féin agus diúc de Sana agus diúc de Oumal agus mórán do dhaoinibh uaissle oirrderca oile do dénomh a medhóin laoi. Gluaissit as a haithle, cóistidhe agus aitherrach eachraidhe ó' n-alteiss leó, go mbátar tar a n-ais an oidhche sin a Neeuel. Ní nem-onóraighi-sa-chách fuaratar an oidhche sin oldáss an chéd-oidhque.

35.

Ar n-a mhárach tra dóibh go Noutre Dam. Oirissit ann an oidhche sin. A moch-dheghóil na maitne léigit go Bruxel iat trí léige. Ticc corenél Francisco go línmhairecht do chaiptínip Spáinneacha agus Eadáilleacha, Eirennacha agus Flonndrusacha, i n-a gcomdháil amach assin gcathraigh. Gluaissit uile tria shráidip oireghdha in baile go rángatar dorass páláiss in marcéiss. Táinic in marcéiss féin agus nunsiuss in pápa agus ambasadóir rígh na Spáinni agus diúc de Suna dia nglacadh as a gcóistighip. Ier fforffáiltiugadh re aroile go línmhar dóip tiaghait assa haithle ar halla in marcéiss. Bátor sealat ag bríathar-chomrádh re aroile. Eirghit 'n-a dheaghaidh gusin tteghduis i n-a ngnáthaigedh in marcéiss a chuid do chaitheamh. An marcéiss badéin ba hé ro shuidigh cách. Cuiriss O Néill  19 i n-a shuidhe i n-a ionadh féin a gcert-édan in búird, nunsius in pápa dia láimh dheiss, íerla Tíre Conaill dia láimh chlí, clann Uí Néill agus Maguidir síoss ón ierla, ambasadóir rígh na Spáinne agus diúc de Umaar ar in taop oile síoss ón nunsius. Coimhlín in búird do dhaoinip uaissle oirmhitnecha onóracha cenmothá sin, an marcéiss badéin agus diúc de Suna ag fír-chionn in buird as comhair Uí Néill. Ba lór a onóraighi agus a ró-chostusaighi ar bith, dia madh p.48 rí no-biadh ann, láin-fheabhus in medhóin laoi dorónsat. Nír uo messa-sa chách in bangcéd. Do taispenadh pláta óir agus airgit astigh nár uo himnáir do rígh nó prinnsa sa crístaighecht do bheith aige. Bátor sealat ag conuersáit agus ag áines bhríathar. Gabhait a gcet maille re buidhechus do thabairt dia chéile. Léigit tar aiss an oidhche sin go Noutre Dam iad.

36.

Baile beg édaingen édlúith in baile sin, acht chena nír toghladh agus nír gapadh go haimhdeónach ríamh re náimhdib é. Ní do nert lámh nó do línmhairecht sochraide nó do daingne ballaidhi dorala sin, acht fiodhair agus pictúir agus dealbh Muire mírbhailighi atá a n-egluiss Muire sa mbaili doghní ilimat fert agus mírbal chom a ttigit ilmílte do na regiónoibh comhfhoixe dia n-oilithre d'adhradh agus d'edorguidhe naemh-Muire óighe. Feacht n-aon ro chuir Gramuiriss agus scristóiridhe na heguilsi catoilce léiger ar in mpaile sin. Na canóin riaghalta gusin ordanáss mór ro sgaoiltidhe friss. Is amhloidh tógaibhthe do na náimhdip bean uassal go n-édaigip glé-glana, naipicín gléigeal in-a dess-láimh sí n-a sessomh ar in mballa i n-a ffrithchétfaidh. Ro-ss-gap issin naipicín ina huile peiléir ru-s-caithedh frissin mbaili gan cumhsgugadh cloch gan brissedh balla gan marbadh duine. Ro léigedh síoss go cennuiss áilghen ar in taep astigh don bhalla na peiléir ar in talmhain assin naipicín. Mairit fóss go marthanach issin reiccléss a fforaithmhet na mór-mírbal.  20 Ní mar neach nemh-láidir trá do mesfaidhe in fer do thóigébadh én-pelér amháin ó thalmhain díbh. Tógbhait na náimhde ón mbaili mar doconnarcatar na móir-fherta. Gach línmhaireacht aimsire riemh ro shuidhset náimhde i n-a thimchiol táinic a chosnam go mírbhaileach do grássoibh Dé agus naomh-Muire óighe. On pictúir agus ón imháidh sin amháin sloinnter agus ainmnigther an baile agus is bladh bheg sin d'ingantus a móir-mírbal.

 p.50

37.

A n-aimsir an léigir adupramar do bheith ag Graumoreiss ar in mbaili adbeart aroile caiptín díomsach dia muinntir tré bhogássaigh urlapra agus tré dhánacht glóir fhochuidmidh agus fhanamhait go raghadh féin asteach san egluiss agus go mbenfadh a lámh don imháidh, ós dá mírbailibh buí an baile dia imchosnamh. Gar ier sin éirghis deabaidh agus dechétfaid eidir shlóghaip in bhaile agus in námhait. Eirgiss in caiptín remhráite go mbrígh agus go mborrfadh n-adhbal-mór a gcoma cháich ar in troid. Bentar a dhí láimh de. Ro gabadh é badéin. Admhaiss chena a ffiadhnuissi na himháidhe agus in popail gur chan in méide sin d'uabhar-bhriathraibh mí-tharbhacha. Atáit in dí láimh re a ttaispenadh go follus issin reclés.

38.

Gar ier sin issedh ro taisspenadh do Graumuiriss ar foláiremh aingil na cléláimhe cainneal ba lór métt sa doman do chor da himdénomh, a lán púdair do bheith a n-inmhedhón na coinnle, imdénomh cíera ar in taep amoigh. Cuiriss tré chúiss cheilcce teachtaireacht go huachtarán na heguilsi. Adbeart gur gap aithmhéle agus aithreachus dermhair é 'mun iarroidh sin do thabairt ar in reclés onórach i n-a mbuí an imháidh mhór-mhírbailech, gur chuir lóchrann ciera a gcomartha aithreachuiss agus leapar-gnímha dia saighidh. Ro íarr a n-impidhe agus a n-athchuingidh an lóchrann do bheith ar comhlassadh do ló agus d'oidche a ffiadhnuissi na himháidhe go forcionn a thochaithmhe, ier sin tra go gcuirfedh lóchrann oile i n-a ionadh.  21 Deimhin leis sen tra madh dia loisgthe in lóchrann go roichedh in púdar, ier gcomhlassadh don púdar, go mbrissfidhe agus go loiscfide in egluis co n-a mbiadh innte, go tticfadh losgadh agus milledh in baile dessidhe. Gapuiss in t-uachtarán agus in chlíar an teachtaireacht go messarrdha iomqubaidh chuca. Adhnait agus comhlassait in lóchrann a ffrithchédfaidh agus a ffiadhnuissi na himháidhe.

39.

Ar mbeith aimsir áirigthe mar sin go ttáinic a gcomhfhoccus agus a n-imfhoixe don áit i n-a mbuí in púdar,  p.52 aroile oidhche, ier n-íadhadh agus ier gcomhdhúnadh uile dhorass na heguilsi, timchiol mhedhóin oidhche do shonnradh, benait cluig agus ceóláin na heguilsi go mírbaileach uaidhip féin go gclos fon mbaile uile íad. La sodhain tra éirghit in chlier agus muinnter an baile a gcétóir. Ar ndol dóip go dorass in recléssae dogeibhit na doirrsi foriadhta ar a gcionn. Ticc in t-aistreóir gussna heochrachaibh. Tiaghait astech assa haithle. Fuaratar in lóchrann ar lassadh a ffiadhnuissi na himháidhe agus na cluig ag comhmbuain. Ba machtnadh agus ba hingantus dermhair leó.

40.

Smuainit agus tuigit ier sin gur go mírbhaileach forcaomhnagair in chúiss agus in chaingen. Léicit ar a nglúinip iatt. Gapsat ag aithrighi agus ag urnaighthe agus ag etorghuidhe naemh-Muire óige a ffrithchétfaidh na himáidhe. Ar mbeith treimhsi agus selat fon samhla sin dóibh, a n-inbaidh in lóchrainn do chomhloscad gusin púdar, mar ná ro thuigset in popal rúndiemhoir na mór-mhírbal, síniss a láimh gusin lóchrann. Ódchonnairc uachtarán na heguilsi sin du-s-rad aithne gur do bíthin adhgaill agus urchóide do beith sa lóchrann ro sínedh in lámh agus ro bensat na cluicc. La sodain tra íermúchaidh in lóchrann. Sochtait na cluig a gcétóir. Comhthairrngit in chlier rann-chuid beg don maiste ro buí a gcert-lár in lóchrainn. Airighit boltanugadh an púdair. Sgaoilit begán don lóchrann. Ba hamhloidh forcaomnagoir nach roipe leth-ordlach amháin gan chaithemh  22 agus gan chomloscadh de gusin áit i n-a rapatar suim áirigthe do bairillighip púdair ar n-a gcomhshuidhiugadh sa lóchrann. Atá immorro in lóchrann cétna gusin púdar gcealgach re a thaispenadh aniú go follus a fforaithmet na mór-mhírbal.

41.

Dia haoine, in nómadh lá Nouembriss, gluaissis O Néill agus in t-ierla gussna maithip bátar maille riú as Noetor Daam. Bátor an oidhche sin a prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha, Louáine a hainm, secht léige. Buí O Néill a ttigh óstae dar comhainm tegh an impire, an t-ierla a ttigh oile. Oirisit tra fon innus sin go cionn deich lá. Ier sin tic Sir Uuilliem Stanlui, senridire saigdiúirthe Saxanach buí a  p.54 seirbhíss rígh na Spáinne, go morán do dhaoinibh uaisle dia fféchain agus ar cuairt chuca. Ro glacsat assa haithle cúpla páláss onórach issin gcathroigh ar gné chíossae a fforcionn gacha míossa.

42.

Dia domhnaigh do shonnradh in cóicedh lá fichet Nouembris tochomhláid na maithe si, deichnemhor ar fichit marcach dóip. Ba háil leó dol don Spáinn. Ro fhagoipset a mná uaissle agus drong oile dia lucht coimhitechta a Louáin. Fuaratar tra ar a gcionn a Sídona trúp marcshlaighi an arsadiúc dia ro herbadh dol dia ttidhlacadh. Bátar an oidhche sin a n-dorp bheg, Puruue a ainm, sé léige do droich-shligidh gránna.

43.

Ar n-a mhárach dóip a fflichshneachta dhermhair go Namures trí léige. Ar ndol asteach issin gcathraigh dóibh beiriss post ó Bruxel go letreachoibh ón arsadiúc orra dia fhógra dóip gan ascnamh ní badh sía go breith aitherraigh direxioin orra agus térnódh tar aiss aríss go Louáine. Léicit sen in dara post gusin arsadiúc ar go ffesdiss fáth a ttoirmeisc. Bahé ordugadh fuaratar filledh go Louáin. Do-gnít amhloidh. A ffritheing na conaire dóip sé léige go baile beg dar comhainm Uafer. Ní mór immorro nach roibhe gné imfhaitchis  23 agus choimhegla orra an oidhche sin do bíthin édaingne an baile agus in námhait, armáil Graumores, a n-imfhoixe agus a gcomhghar dóip. Ar n-a mhárach tra in nómadh lá fichet Nouembriss, dia dardaoin ar aoi laithe sechtmaine, go Louáin dóibh sé p.56 léige. Airissit agus comhnaighit a Louáin gusin ochtmadh lá fichet Februaríí buí ar a gcionn.

44.

Ro buí immorro sneachta adpal-mór agus oighreadh frissin ré sin ann as go nimtheóchdiss eachradh agus cóistidhe agus uaigínide uile locha, aibhne agus ruibéir in tíre. Do grássoip Dé ro roichedh la hordaibh riagalta na heguilsi a gcúrsa aiffrenn, tráth agus senmór agus ernaigthe do dénomh isna heguilsip. Aroile athair Eirennach d'ord Sanct Pronséiss, Diermait Ó Conchubair, ó Chiennacht Ghlinne geimin, ro inniss a ffiadhnuissi Uí Néill gur fhulaing an urdail sin d'fuacht in comhfhad buí ag celibhradh in aiffrinn móir issin mainistir gur shilset páirt dia mhéoraibh frassa fola.

45.

Baoi leac oigridh adpal ar ruibér Anuerp. Ba gnáth re lucht na cathrach dol gacha laithe do chaithemh aimsire agus d'finnfhuaradh a n-aigenta ar in leic. Laithe n-áon dia ndeachatar go línmhar dronga aca ag caithemh bídh agus dighe, ag reapradh agus ag raingce, teighiss in leac ó aidhbhle agus ó línmhaire na ndaoine agus ro-ss-léic béiceadh adpol-mhór ós p.58 áird. La sodhain tra tic gné imdheghla agus eidirdealoighthe eidir sí agus in tír. Mar fuair in ruibér ro-láidir an comhthuitim sin san leic, agus í ar scaradh frissin tír, gluaississ leiss í co n-a roibhe ag marcaighecht uirre. An lucht ro buí ag fastaeim, ag áiness agus ag aoipness roimhe sin, ní mór nár uo toltanaighe leó beith astigh go comhnaigtheach a gcert-mhedhón na cathrach ináss beith ar in seóltóracht sin, bídh nach beittiss a n-aighthe ar in sen-fhairrgi ar a gcomhghar. Eighit agus gáirit. La sodain in lucht bátar ar tír, cuirit méid  24 áirighthe do chórdoibh cnáipe agus do refedhoibh agus do pícidhip chuca. Ba toil la Dia go rángatar anacal agus tairrtheachtain acht cóic persana amháin.

46.

Bátor na maithe si tra a Louáin a n-aimsir na notlac buí ar a gcionn maille re menmain maith agus re degh-chaithemh aimsire, mar is onóraighe chostusaighi ba héittir leó. Ticdiss tra maithe na cathrach d'ilghairdiugadh inntinne dóip go n-ilimat d'innstrumeinntibh ciúil agus múissice, do lucht raingce agus clessaigheachta. Daóine úaisle Spáinneacha bátar sa gcathraig, ba gnáth leó beith ag imthathaigidh orra.

47.

Rucatar scéla as Bruxel orra gur cuiredh Corbmac mhac an barúin, derbráthair Uí Néill, go Saxoip, a chor a mbraighdeanus a ttur Lonndan, tigerna Beinne hEttoir agus barún Dealpna a láimh a gcaislén in rígh a m-Baili Atha Cliath, fós gur marpadh Mag Mathgamhna a n-Eirinn le guibernóir  p.60 Saxanach buí a Muineachán in uair sin, baile longpuirt Meg Mhathghamhna badéin. Go gar assa haithle rug orra gor cuiredh Brían O Néill, mhac Airt mheic in bharúin, chom báiss le Sar Artuir Sitsetsar, giústíss na h-Eirenn. Bíth nár uo ro-mhaith fuair in giústíss in básugadh sin re a dénomh, araoi sin tra ba neimh-ingnadh ainchridhe agus aingidecht inntinne do beith aige don Brían sin, óir is meinic ro dhísligh féin co n-a shlóghaibh na slinnéin dó in airet bátar araon a gcomh-chomharsnacht cocaidh a tTrían Congail Chláireinigh mic Rughraidhe, agus do bhen a chrecha agus a airccthe de go lán-marbadh a dhaóine. Ro chuirsetar tra ina huile droch-scéla sa gné doimenman ar na maithib si, acht chena tucsat altugadh buideachuiss don trínóit nemhdha um gach éin-chinnemhain no theigémadh dhóip. Gar ier sin fuaratar scéla ba maith leó .i. Mag Mathgamna do mharthain.

48.

Lá na hEpefane i n-a deghaidh a n-inbaidh agus a n-aimsir mhedóin laoi ier n-éistecht aiffrinn isna heguilsibh éirghit  25 lucht aittreptha na cathrach dia ttighthibh agus dia tteghduissip. Tarla do beirt saighdiúir d'áirighthe go ndechator astech i n-aroile egluis naem-Muire óige. Forcaomhnagoir tra delb agus imháidh Muire go ffiodhair a meic i n-a hucht forsan altóir, coróin mór-lóig derscnaigthe dealraighthech  p.62 deiligthe derg-óir forsan deilp Muire, aroile for deilb in meic. Ba headh immorro ro chomairligh in diapal dóib sen dealb Muire agus a meic do chomshárugadh agus do dérach 'mun dí choróin agus a léiccen gussin fFrainc assa haithle. Ar ccinneadh na droch-chomairle éirghiss in dara fer suass forsan altóir. Ro-ss-ben go mí-thrócairech mí-chinnemnach a coróin do deilb Muire. Du-s-rat a láim in dala n-ae. Síniss a láimh gusin lenom, óir ba háil laiss a choróin do buain de. Cuiris tra in lenb a láimh badéin a gcert-agaidh a láimhe sen d'imchosnamh a choróine. Bidgaiss agus crithnaigiss in droch-duine. Gabuis gné aithméle ge nár uo haithrechus fírinnech. Léigit assin egluiss iad. Eirgit go tigh ósta áirigthi issin gcathraigh. Ier ndénom a medhóin laoi nochtait páirt don scél do beirt ban buí issin tigh. Assin gcathraigh dóib assa haithle. Ascnait ierom for sligidh na Fraingce. O aimsir medhóin laoi go comhthuitim na hoidche dóibh ag comhaister agus ag sír-shiopal agus ótha sin go moch-shoillsi na maitne. Ar n-a mhárach gapsat fordal agus merugad sechnóin na hoidche.

49.

Ar ttoigheacht immorro don chléir gusin egluiss deóigh laoi ba hesbadhach aithmélach imnáir leó mar rángatar in delbh Muire gan choróin eidir. Ní fhitirset tra créd dodéndiss. In dís sin ro goid in choróin do sonnradh, ier mbeith ar comhaister dóip ó medhón laói go maidin, is amhloidh fuaratar iad araon astigh a n-egluiss Muire ag soillsiugadh don ló  26. Ar toigheacht do díss do mhac-cléirchip áirigthe isin reclés a moch-dheghóil na maitne ro-s-fuaratar in beirt saighdiúir remráiti astig go gcoróin Muire fo oxail in dala n-ae. Dobheredh ierraidh meinic ar a himfholach fo n-a brat. Ní roibi tra sin ar comus dó. La sodain timairgit agus comchruinnigit clier na heguilsi go gcomarsnachaibh comfoixe na cathrach. Ráinic a coróin gusin deilb Muire. Ergapthor in díss amne. Oirrdercaigther in scél mírbaileach sechnóin na cathrach. Ro-s-adaimhset immorro in dís sin a móir-fhiadhnuissi chille agus tuaithe na cathrach amoil tarla dóib ó thúss go deiredh. Ní thucsat claonadh nó clethramh ar bith don scél acht mar atá i n-ar p.64 ndíaigh, fóss go roipe gné do sceloib in sceóil ag na mnáib remráitte. Nír cuiredh tra pennait nó docomal ar doman orra in airet bátar ag dénomh na hadmhála so acht uile-innissin in sceóil ó n-a ttoil badéin. Téit fioss na móir-mírbal go Bruxel agus go prímh-chathrachaibh oirrderca na ríghachta. Iar sin tra ticc ordugad ón arsadiúc go guibernóir na cathrach fon dís sin do chrochadh. Dorónad samhloidh. Ro nochtadh na mná as a haithle agus nír gapadh comha no cennach dár thairccset gan a ngéir-sgiúrsadh go himnáir aithmélach seachnóin na sráide agus móir-thimchell in mhargaidh móir.

50.

An t-ochtmadh lá Februarii [1608] ticc gné fhleachaidh agus fherthana issin aimsir. Gluaissis méide éiccin tuile isna mionaib ge nár brissetair leaca oigridh na prímhabhann. An ruibér gabus go Louáine buí bengán beg ar n-a chomh-tharraing ar in taep amoigh do na ballaighibh agus a n-imfhoixe don dí pálás a mbátor na tigernaidhe. Buí glaissín beg- shrotha ba lór laighet ar doman ag dol gusin mbengán remhráiti, é ag céimniugadh óta gáirdín  27 ro buí eidir in dá páláss. Aroile fer do muinntir in ierla buí ag dol re toisc éiccin gusin pálás i n-a roibhe O Néill, adchí bradán ro-mhór a poll beg tabhuill buí forsan nglaissín. Tairrngidh arm a gcétóir. Marpuiss in bradán. Rug leiss do láthoir in ierla. Tic assin do láthuir Uí Néill. Tángator tra in méide ba himfhoixe dóip do mhaithip na cathrach d'féchain in bradáin. Ingantach leó a roi-mhéd agus a fagbáil mar a ffríth. Adupratar nach ffacatar féin in gcéin bátor i n-a mbethaidh agus nach gcualator ó a seinnseroip rompa go ffríth bradán ar ruibér Louáin nó ar in mbengán sin d'áirigthi roimhe sin ríemh.

51.

Bátor tra na maithe si a Louáin gussin ochtmhadh lá dég don mí chétna. Eirgit ier sin go Maiclín, prímh-chathoir oirrderc do prouensi Flonndruis. Ier ndénomh a meadhóin laoi a ffochair Sar Uuilliam Stanlui léigit tar abhainn móir téid ó Bruxel go Hanuorp iad. Oirisit an oidche sin a mbaili beag ro-baoi a gcomhfhochraibh na p.66 habhann. Maiclín dono cathoir oirrderc is lór métt ar n-a comhshuidiugadh a nglionn ro-aoibhinn. Roi-dhes a tighthi agus a tegduisidhi deg-dénmacha. Ruibér is lór métt agus feabhus triasan gcathroigh, é ar n-a chomhroinn agus ar n-a tharraing tré uile shráidibh in baili, go n-imat droichet, go mbádoib línmhara. Prím-thempall ro-mhór a gcert-meadhón na cathrach 's é ar n-a imdénomh agus ar n-a oibriugadh go ro-shaothrach deig-feruistighi, go n-altóiribh peinntélta dealraigthecha degh-ímháidheacha gusin gclocáss is aidbhle agus is airde a fformhór na crístaigheachta. Fert agus adhnacal naóimh Eirennaigh isin egluis sin. Do-rinne Día ilimat fert agus mírbal trítt. Ba mac do rígh Eirenn é. Ro-mhór airmhitnigit agus adhamraighit lucht na cathrach tomba agus fidhair in naoimh sin do bíthin oirrderca na mírbal do-rinni Dia tríd. Lóchrainn lasamla chiera ós a chenn d'oidchi agus do ló go seruís Dé go síorraidhe.  28 Atá ospitél ar mhaithip in domain isin chathraig i n-a ngapthor gach én-duine galraighthe don uile nasión ar chostus rígh na Spáinni.

52.

Ar n-a mhárach dóib go Hanuerp. Ar in sligidh rompa gabait tar ruibér ro-mór tic ó Gant. Leac oigridh adbal-mhór ar in ruipér. Beirit a n-eachroidh ar ardadhnoibh leó go methón in tsrotha ar in leic. Cuirit ainnséin a mbátoib íad do chéidhe oighridh, 'n-a mhac samhla a ttír don taobh araill. Rángator fort atá as urchomhair chathrach Anuerp, Cenn Flonndruiss a chomhainm. Fágaibset ann a n-eachroidh. Dodeachator badéin a mbáttoibh gusin gcathraigh. Ier ngabáil tighi ósta éirgit d'fhaixin chaisléin Anueirp. Mesait agus brethnaigit cách go ffuil in caislén sin i n-a méide féin ar oibreachoip lán-daingne na crístaigeachta. An ruibér ar n-a chomhtharraing i n-a móir-thimchioll. Mile Spáinneach go sírraidhe d'oidche agus do ló ag a bhárdacht go ro-imat canón riaghalta agus ordanáiss móir gusin uile chomghar agus ríachtanas ricit a les. Eagluis roi-dess aca astigh. Dá gunna p.68 móra práiss 's íat ar n-a suidiugadh go hártt, sé troigthe dég ar fichit in gach gunna. Ní mór nach gcuirit trí léige d'athchor a pelér, mar aithrisit in uárda. Ní léicit nasión ar bith oile d'fhéchain nó do brethnugadh na hoibre acht Spáinneach nó Eirennach amháin.

53.

Céimnigit ier sin timchuairt bhallaidhi in baile. Ge nach sét samhla tra re daingne in chaisléin in balla, ar aói sin atá a gcosmhailes, óir atáit cóic troighthi fichet a ttighi a mhúir agus a thairimtheachta gan an caislén ochta do chomhairem go ro-imat do sconsaigip is lór lán-daingne 'sa doman, iad féin ag coimhétt dia chéile. Díog móir-lethan timchell in balla. O aidple na leice oigridh ní fhettamar a doimhne. Ge tharla gur fhóbair go tteigémadh sgiúrsad urchóidech do lucht na cathrach ar in leic oigridh go gar roimhe sin, amhoil  29 atá i n-ar ndíaigh, bátor tra timchiol fiche míle persa in tan sin ag reabradh ag raingce a n-éinfheacht uirre. Go haimsir esparta do na maithip si ag déxain na cathrach. As a haithle tiaghait dia lóistínibh.

54.

Ar maitin ar n-a mhárach éirghit ar cuairt gusin gcoláiste Eirennach buí issin gcathraigh. Ba roi-dhes teghduis-línmhar go scoláirip imdha in coláiste sin tra. Eistid aiffrenn onórach canntairechta go n-orgánoib comhmbinne ceólmhara go n-imat d'innstrumainntib múisice agus gach oirfitidh archena. Petarca, duine uassal onórach do threip na Spáinne, buí ós cionn in choláiste. Nír gap uaidip gan bangcéd onórach do chaithemh maille fris. Ruc leiss iad as a haithle d'fhaixin a thighi badéin. Du-s-rad d'Ua Néill agus don íerla dá ímháidh Muire óighe neoch do-rónadh don chrann oirrderc i n-a ffríth in dealp Muire mhírbhaileach dár comhainm Noutre Daam do Buaiss ru-s-fríth go gar roimhe sin agus shlánaighes go línmhar laithemail, do mór-grásoib Dé agus Naemh-Muire, lucht treabhlaite galoir agus essláinte. Eirghit d'fhéchain tighi agus gárdín in bourgomáigistir, ard-oifficigh in baile. Ba roi-dhess aoibinn in taispénadh sin co n-imat p.70 do delbhoip agus pictúiribh apsal naemh agus firén ier n-a n-imdénomh do marmar glé-glan. Assidhe gussin dú i n-a ndingentaidhe na gloinidhe. Examail ingantach inntlechtach innus agus cruth mar do-rónadh agus mar do hullmaigedh ó thús in teine a ndéntar iad. Buí ar comhlassadh go sírraidhe d'oidche agus do ló fri ré én-bliadna dég roimhe sin. Madh dia ndeachadh scur nó cosc ar a hadhnadh agus ar a comhlassadh én-uair amháin, ní lugha-sa-chách nó cúic céd pon do caithfidhi re n-a cor suas an athhúair sol ticfadh én-ghloine amháin ullamh este.  30 As sin dóib go státúss ro-onórach buí a gcert-mhedhón na cathrach. Ba roi-dhess daingen dess deig-dénmach in tegh sin, acht do bíthin in chocaidh buí ann in tan sin, ní roibhe tathaighe air. Eirghit go tegh oile ro-oirrderc dár comhainm gestús. Atáit tra seomraidhe codalta go tteghduissip tomhaltuiss ag gach traibhléraidhe d'uile naisión sa chrístaigecht urdhalta san tigh sin. Cathair Anuuoirp immorro i n-a méide badéin ar chathrachoip saidpre dessa daingne dí-thoghlaide degh-fhoirgenta na crístaigheachta, go ruibér ro-aoibhinn, go gcomhghar mara agass tíre i n-a himfhoixe.

55.

Ascnait assin gcathraigh tar éiss mhedhóin laoi trí léige. Riccit ruibér Gant. Eirgit go baile beg ar brú in ruibéir i n-a ffuil caislén daingen ag in rígh. Céd saigdiúir go sírraidhe dia bhárdacht. Milbruc a ainm. Ar n-a mhárach dóib go Filfort, baile ro-dhaingen i n-a ffuil caislén láidir ag in arsdiúc. Gach aon d'uaisslip an tíre atruilles dia mí-ghnímharthaibh badéin báss d'fhagháil do-geip mar chúiss impidhe agus onórachuiss gan báss fiadhnach nó follus a ffiadhnuisi cáich d'fhagháil, tochuirter iatt gusin gcaislén gcétna sin. Faoí Dia acht in guibernóir ní himda persa ar talmain is fessach créd an oigedh nó in báss geipit, acht ní thérnoíghit tar aiss amach go bráth.

56.

Eirgit in lá sin badéin go Louáine gussin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-arsanta. Comhfhairsing a ttimchúairt a ballaidhi. Rannchuid di bán gan aittreabadh nó inotacht, sí des degh-fhoirgenta, go ro-imat tempall agus mainistrech,  p.72 go línmhaireacht ord agus degh-sheruíssi Dé. Tempall Petair a gcert-lár in baili ar n-a dénomh agus ar n-a oibriugadh go ro-mhaith go ndeilbh ndeiligthe ndealraigthigh Muire óige do-gní go follus laithemail imat fert agus mírbal, go leith-chéd altóir onórach go pictúirip peinntélta,  31 seiruíss Dé go sírraidhe for gach n-altóir díop. Míle beg ón gcathraigh cúirt roi-dhess ag diúc de Ascot, sí ar n-a himdénomh agus ar n-a hoibriugadh go ro-shaothrach mór-chostuiss, go ruibér ro-mhaith ag a timchiolladh, go ngáirdínip deigh-dénmhacha inntleachtacha uisgemhla. Sépél ro-onórach ar dheissi in domain ar n-a chomdach lesin diúc badéin as urchomhair na cúirte i n-a ffuil pictúir, stair agus tomba in diúc, go starthachaibh agus go pictúirip a sheinnser roimhe ó Adhamh anuass. Ar ruibhér na cúirte cétna sin muilionn ro-inntleachtach do-ghní a n-éinfheacht bleith in arbha agus sgoltadh in adhmaid gan lámh-chongnamh ar doman acht a oifficech dia dírgadh i n-a aignedh cóir.

57.

Día dardaóin do shonnradh in t-ochtmadh lá fiched Februarii 1608 triallait na maithe si gus in Edáill, dá fher dég ar fhichit dóip ar eachraidh. Cóiste ag a mnáip uaissle. Fágbhaitt díss mac Uí Néill, Seán agus Brian, an barún mac in ierla, agus Aodh mac Cathbharr, O Coinne agus Seáan O Hágáin agus drong oile dá ndaoinibh uaissle agus día lucht lenamhna a fFlonndrus a ffochair in chorenéil.

58.

Bátor an oidhche sin tra a mbaile dier comhainm Uuafer ceithre léige ó Louáin, trúp marcshlaighi in arsadiúc  p.74 dia gcoimhiteacht agus dia ttiodhlacadh. Ar n-a mhárach dóibh sé léige do dhroichshligidh gránna go Namures. Oirissit ann an oidhche sin. Táinic tra guibernóir na cathrach línmaireacht do dhaoinibh maithe d'fhorffáiltiugadh friú agus dia nglacadh chuca go hiomchubaidh onórach. Cuiriss cuideachta go leith saighdiúir dia ttiodhlacadh ar n-a mhárach d'imegla námat día rochtain. Fo bhíthin aimhréidhe uiscemhla na sligheadh rompa fágbhait a gcóiste sa gcathraigh sin. Cuirit a gcailleacha ar eachroidh.  32 Gabhuiss in corenél co n-a lucht coimhideachta a gced friú annsin.

59.

Cruinn-chathoir dhess dhaingen dheghfhoirgenta in baile sin go tteghduissip ro-maithi deig-dénta ar n-a suidhiugadh a nglionn ro-aoibhinn. Ruibhér ro-mhaith ar n-a chomhtharroing agus ar n-a chomroinn go línmhar thríthe, go n-imat droichet, go mbádoip línmhara. Caisslén ro-láidir ag rígh na Spáinne ar foradh-chnoc ard aoipinn uas an gcathraigh ag a ffuil commanndar, cennus agus uachtaránacht ar in mbaili uile, go marcshlaigh móir go saigdiúirip línmhara go sírraidhe.

60.

As sin dóibh go Mars ocht léige. Tigit saigdiúiridhe in baili i n-a gcomhairrchiss léige ón mbaili. Bátor ann an oidhche sin. Baile beag daingen i n-a ffuil fort ag an rígh go sochraide láidir in baile sin tra.

61.

Ar n-a mhárach día domhnaigh 2.] Martii sé léige dóip go baile dar comhainm Bastoinn. Ní rángatar a less tiodhlacadh in lá sin. As sin dóip sé léige go Harlon, baile gapus lessin rígh.

62.

Ar n-a mhárach dia máirt go baile le diúc de Loréne ceithri léige. Bator conuaidh leó go nuigi sin. Annsin chomraicess agus etorscaruss ferann in ríg agus duthaigh diúc de Loréine re aroile. Fort ro-dhaingen ar n-a imdénamh lessin diúc sa mbaili sin go mbárdoip láidire línmhara d'imdheghoil p.76 agus d'imchosnamh tóronna a thíre ar chomharsnachaibh. Ní mór immorro léigther d'fhéchain nó do brethnugadh in daingin sin amháin. Ba ro-olc aimhréidh uisgemoil na slighthe ó Namures gussin dú sin, go gcoilltip imdha, go tteirce n-aittrebadh. Eirgit in lá cétna sin dá léigi go baile dar comhainm Feilirs.

63.

Ar n-a mhárach dóip secht léige go baile posta dar comhainm Malatur. Gabhait in  33 lá cétna sin tria baile roi-dhess Countflaune. Buí ruibér ro-docomhlach go ttuile ro-láidir ar a roibhi droichet tríd. Fuair an t-athair Tomáss Strong agus Magbethadh contabhairt báitte ar in ruibér sin, óir ro trascradh a each fo gach aon aca. Ba héiccen dóip gan a snámh do dhermat.

64.

As sin dóip cóic léige go Pontemountson, baile láidir dess le diúc Lorén i n-a ffuil páláss ro-mhaith ag in diúc. Oirissit ann dá oidche. Léicit daoine rompa gussin diúc dia fhoillsiugadh go roipe a ttriall chuigi. Ruibér ro-oirrderc triassan mbaili go ndroichet is lór feabhas, caislén ro-daingen go mbárdoip línmhara ar chnoc ard uassa, agus is uaidh ainmnigther in baile.

65.

Céimnigit as sin ar in taop chlé don ruibér trí léige, a mbáttoip ier sin tar in ruibér. Eirgit go Nancside dá léige, prímh-chathoir in diúc badéin. Ba ro-aoibhinn éxamail in  p.78 talomh tria ar gapsat in lá sin go línmhairecht ffínemhna agus cruithneachta, go gcoilltip mes-torthacha, go n-imat n-aittreabadh. Timchiol dá léige ón gcathraigh ar foradh-chnoc ard aoipinn caislén ro-dhaingen go mbárdoip línmhara. Ann bíd clann in diúc ag a ttegusc agus ag á ttapairt suass a n-inbaidh a n-aóide. Cuiriss tra in diúc cóistide agus daoine uaisle i n-a gcomhdháil sealat ón chúirt. Ier ttoirling dóip tic stíbhard in diúc dia ttochuiredh gusin páláss mór. Gapait a leith-scél do bíthin a n-aisstir an oidhche sin. Ier n-éistecht aiffrinn ar n-a mhárach tic in fer cétna go gcóistigib maithi i n-a gcomhairrchis. Eirgit ier sin don páláss. Bátor ag sibal agus ag spaisteóracht a ngalari ba lór métt agus feabhus agus deissi sa doman in comhfhat buí in diúc issin eagluiss ag éistecht aiffrinn. Ticis in diúc ón egluiss as a haithle. E féin a n-édach imchubhaidh.  34 Drong dia dhaoinip uaisle ag comhrádh friss. A dhíss mac i n-a deghoidh. Gárda roi-dhess. Páitside línmara ar gach taop de. Ar ndol dá halla cuiriss tigernaidhi móra i n-a gcoinne sen. Téighit dia láthoir. Glacuis chuicce go honórach forffáilidh iat, a chlann mar an gcétna. Bátor sealat ag imagallamh agus ag áines bhriathar re aroile. As a haithle suidit ar a medhón laoi. Seiser dóib, an diúc co n-a díss mac, O Néill, in t-iarla agus in barún. Imat do daoinib uaisle ro-onóracha ag feithemh orra. Beiris leis dia sheomra codalta i n-a deghaidh iad. Bátar ann sealat. Gabuit a gced. Eirgit dia lóistínibh. Ierla ba hard-stíuartt don diúc i n-a gcoimhitecht. Fógrais a péin móir gan ór nó airget do glacadh uaidip in airett no-beittiss issin chathraigh, acht a n-uile chosstus frisin ré sin do beith ar in diúc.

66.

Prímh-chathair oirrderc oireghdha ar dhaingne láidire daoineachaire na región gcomhfhocus in chathair-si. Díog ro-domain móir-thimchell a balla. Trí gepta ar druim a chéile go ngárda línmhar. Ceithri slata dég a ttighi in balla gan in caisslén ochta do chomhairiomh. Ar in táob uo dess don chathraigh cúirt derscnaighthech degh-oibrigthi ag a cor suass lesin diúc, go ndá páláss ro-onóracha ar n-a suidiugadh go hinntleachtach. Baile mór ar n-a thógbáil móirthimchell  p.80 na nua-chúirte sin comchengailte risin sen-chathraigh. Dá thempall roi-dhessa, coláiste costusach, mainistir ro-mhaith go gcoimhthinól capusínech ar n-a gcor suas lesin diúc a n-imfhoixe na nua-chathrach. Sa sen-chathraig badéin imat do reclésoip roi-dhesa, tempall díp i n-a ffuil in ceathramadh rann do chorp Sanct Seóirsi ier n-a chomdach go ro-onórach airmitneach a gcomhraid airgit go n-imat gcloch lonnradhach.  35 Sen-páláss ro-mhór roi-dhess ag in diúc uodhéin isin gcathraigh go ngaleri is lór feabhus go tteghdhuissip línmhara lóghmhara mór-dhaoineachoire. Teinis-cúirt ro-mhaith i n-a mbítt clann in diúc go ndaoinibh uaisle ar comhgar seomra codalta in diúc i n-a mbí faircsin agus radharc reabhraidh agus cluithide na ndaoine uassal aige. Stápla lán-fhota go n-imat gcruinn-each roi-dess nár uo mór isin chúirt as urchomhair in páláiss. Pláss i n-a mbít marcshlach agus daoine uaisle ag giústáil agus ag marcaigheacht, ag comhmbrissedh lannsaidhe ar bruinnib agus ochtaip aroile agus a chéile.

66.

Ar n-a mhárach immorro éirgit na maithe si go gcóistigip ón diúc go hegluiss Sanct Niclás dá léigi ón chathraigh remráite. Taisselbhthor dóip aroile do lámhoip S. Niclás. Gluaissit asside go baile beg ar brú in ruibéir rémh-epertmar, Luueaniell a ainm. Dia máirt in t-aonmadh lá dég do mí mhárta céimnighit as sin ocht léige gusin mbaile dar comhainm Saungdi. Ba ro-mhaith in aimser agus na sligthe frissin ré sin. Ar n-a mhárach dóip tar sliap Sanct Martín tria shlighthibh doirpe docomhlacha go n-imat sneachta agus oigrid. Comhnaigit sealat a mbaili bheg, dú a n-imchomraic agus a n-etorscar dúthaigh in diúc agus in Almáinn re aroile. Ferann in diúc ro fhágoibhset i n-a ndeghaidh go n-imat ffínemna  p.82 agus cruithneachta agus gach degh-thoraidh archena, go ruibéroibh ro-aoipne, go maighnesoip mór-fhairsingi sroth-imdha uiscemhla, go gcoilltip comharda cnuas-torthacha ar ruibér Nancsií dar comhainm Marsee. Secht tteghdhuissidhi ag in diúc i n-a ndingentor agus i n-a n-ullmhaighther salann. Mellion amháin téit a ttorbha don diúc gacha bliadhna do bíthin chíssa na secht ttegduisidhi sin.

Tabair bennacht for anmain in scribhnóra.

 36Cathoir beg oile sa tír as a ffagann in diúc én chéd dég tucsaoit fhína mar chíoss gacha bliadhna. Or agus airget dia bhualadh dó do gnáth. Ní hé gach én rí coróntae sa crístaigecht sháraigess a gcíss agus a ttorbha a tigernuis gacha bliadhna é. Comfhat a dúthaighi cóic léigi dég ar fichit sí mar gárdín a gcert-medhón na crístaighechta gan umhla nó urraim do rígh nó prinnsa fon uile doman, sesmhach sírraide láidir nem-chlaon a gcreidemh eguilsi Dé.

68.

As sin dóip go Bounhom én léigi amháin, an céd-baili ba himfhoixe dóip don Almáinn. Tar in sliab dóib dá léige go baile dar comhainm Ceizerspell. Gabait tria glionn ro-aoibhinn i n-a roipe ruibér ro-mhaith, go n-imat ffínemhna agus degh-thoraidh, go mbeg-bailtip desa línmhara. An oidhche sin dóip trí léige go cathraigh n-oirrdirc dar comhainm Columbier sí ro-daingen láidir daoinechair. An mag is áille fhairsingi chomthruime degh-thorthaighe a fformhór na crístaighechta ar a comhghar. Eiritchide immorro atáit dia hinotacht agus dia haittreabadh. Bátor ann an oidhche sin. Ar n-a mhárach dóip gusin ruibér dar comhainm Campser eidirdealaiges eitir in rann sin don Almáinni agus páirt don m-Borgondíí, dúthaigh gabhus lessin arsadiúc, tría prím-choill dhairghennaig droipeóil p.84 diamair. Samhalta tra fri dá léige a fod. An oidhche sin go baile beag dar comhainm Hotmers, cóic léige uile.

69.

Gapait ar n-a mhárach triasan mbaili dar comhainm Niderharga léige, gusin ruibér ro-oirrderc .i. in Réen. Ascnait go Basalea, cathair des daingen arsanta oiregdha atá ar n-a comhshuidhiugadh ar in ruibér sin. Droichet ro-maith a gcert-medhón na cathrach tar in ruibér, go mbáttoib línmhara beires comgar chuici agus uaithi óthá Flonndrus agus mór-thimchell in ruibéir.  37 Eritchide thrá lucht a hinotachta agus a haittreptha. Tempall ro-mór a gcert-mhedhón na cathrach i n-a ffuilit dealpa agus pictúiridhe Luter agus Caluuin agus mhóráin do droch-ughdaroip diabhlaidhi oile. An chathoir sin amne stát fo leith lé féin gan umhla nó cennus ag ríg fon domhan uirre. Is í amháin iss prímh-gepta do dúthaigh na Susser dar comhainm Eliuesia. D'imfhaitchess chomhaonta na n-eiritchedh fágbhait in chathoir ass a haithle. Eirgit dá léige clé-lámh risin ruibér go baile beg daingen, Leistel a ainm. Catoilce lucht a aittreptha. Is gnáth a m-Basalea gné chustaim do bhuain as eachroidh na ndeóradh agus na ttraibléir thairmchéimnigit triasan tír. Ba comchomthrom aoibhinn an slige ag com-chéimniugadh rissin ruibér a nglionn lán-fhada go n-imat ndegh-thoraidh. Dí shliap arda go n-imat fínemhna agus degh-thoraidh i n-a thimchuairt.

70.

Ar n-a mhárach dóip cóic léige gusin mbaile dar comhainm Sursei. Sliap ard aoibhinn go n-imat crann giúaiss agus d'fiodhbhaidh oile dia ttairrngther pic ar in sligidh rompa. Ascnáit in lá sin tré dá baile dar comhanmanna Oula agus Ophinga siad go mballaigibh ro-daingne  p.86 ar brú na Réene. Bentor custam as a n-eachroidh in gach baile díp.

71.

Tar ruibér na Réene dóibh ar n-a mhárach, dia domnaig in seissedh lá dég do mhí Mhárta, ar droichet lán-fhata go gcomhdach ro-maith ós a chionn go huilide. Fágbuit gné chustaim ag doirseóiribh in droichit. Gabhait tria baili roi-dhess dar comainm Desampach. Asside tra go prímh-chathraigh oirrdirc, Luserna, dá léige lánfhota. Catoilce tra lucht a hinotachta. Nunsius in pápa sa chathraigh sí ar n-a suidhiugadh ar in Réen go mballaigibh ro-dhaingne go tteghdhuissip deghfhoirgenta  38 dessa línmhara go n-ilimat bád agus ethor. Trí droichit tar in ruibér. As sin dóip tria loch chomhfhairsing a mbáttoip co n-a n-eachraidh. Naoi léige a chomfhat, léige amháin i n-a leithet. Ampse a ainm. Sliap Alpa i n-a mhóirthimchell. Ar imramh dóip triasan loch go rángator baile beg, Fliella Pourlacu, a n-aimsir mhedhóin oidhche. Comhnaighit ann an oidhche sin.

72.

Ar n-a mhárach tra, lá fhéile Pátraig do shonnradh, in sechtmadh lá dég do mhí Márta, gapait go baile beg oile, Flelan a ainm. As sin dóib tré shliap Alpa. Buí immorro an sliap línta lán do shneachta agus d'oighredh, do shligthib agus do chassrachoip caol-chumhga corracha. Rángatar droichet comhartt buí i nglionn ro-domain, Droichet in Diabail a chomhainm. Aroile d'eachroidh Uí Néill ar a roibhi páirt dá airget dia imachor, timcheal sé fichit éigin ponta, tuitiss síoss re beinn an ailt imaird oighreta  p.88 shneachtaigi buí as urchomhair in droichit. Fríth saothar dermhair ag tabairt an eich amáin aníoss. Cinniss agus comhairligiss in t-airget anmhain ag imchoimhét in tsrotha aggairp imdomain ainiarmartaigh gabhus faoi in droichet tria cert-lár in ghlenna. Bátor tra an oidhche sin a mbaili beg dar comhainm Pede Montain. Sé léige a n-aister in lá sin.

73.

Ar n-a márach léiciss in t-ierla tar sliap Alpa é. Airississ O Néill sa mbaili adupramar. Léiciss drong dia daoinibh d'athiarraidh in airgit. Ge gur fhulaingset gné shaothair, acht chena ba dímhaoin dóip. Fo bíthin snechtamhla chorraighi oigreta in tsléipe rompa, ní mór go mbuí ar comus dóip ar n-a mhárach bheith ag marcaighecht acht mar is gnáth tar sliap Alpa. Bátor doimh  39 ro-láidire go slemhnánoibh i n-a ffoilenmhain ag treórughadh gacha méide nár uo hinaistir dhíbh tar in imdhoraidh. Sépél onórach a ffír-mhullach in tsléibhe ar n-a imdhénamh agus ar n-a chomhdach a n-onóir S. Gotardo. Uaidhe ro-s-gap in rann sin don sliap ainmniugadh. Tegh ósta imchubaidh i n-a ffaghait deóraidh agus lucht gabála na sligedh comhfhortacht bethadh re a chennach a n-imfhoixe dó. Nír uo rígróit rígdha agus nír uo sligthe comthroma coimhlenga ar eachroidh égcennaiss uaiprigh aimhriadhta na sligthe i n-ar gapsat ón sépél sin a gcétóir, acht ag toirnemh don sliap sligthe oigreta clochacha caol-chumhga corracha go rángator go baile dar comhainm Airola. Trí léige amháin anacair agus  p.90 docomal in tsléibhi. Gabhuit assa haithle tré ghlionn ro-aoipinn go rángatar gusin ngepta dar comhainm Gepta Iffrinn. Buí scríptha uassa a ttengaidh Edáillisi, fo péin báiss, gan duine ar doman do dol faoi nó thairiss acht le custam do dhíol. Nír dhermait tra in doirseóir gan in custam d'iarraidh agus d'fagáil. Slighe garp chorrach chumhang aimhréidh go n-abhainn ndocomhlaigh ndoirp rompa go rángator Faido. An t-íerla ag furnaidhe friú annsin a ttigh ierla don tír bhíoss go forfáilidh onórach re gach ndeóradh agus re gach aos n-anaithnidh chéimniges triassan sligidh. Dobeir proinn agus tomhaltus go hullamh degh-thapaidh dóibh. Ní mó nó leth-choróin amháin dhíluss gach aon aca sa chionn cunntuis re máigistir in stápla ar son na heachraidhi, gan in seomairlín ináid oifficigh in tighi do dermat ós a chenn sin. Oirissit ann an oidhche sin tra. Sé léige a n-aister.

74.

Ar n-a mhárach dóip tria glionn ro-aoibhinn, é go n-imat fínemhna  40 agus cruithnechta agus degh-thoraidh agus gacha messa archena, go maighnessoip mór-fhairsinge, go ruibér roi-dhess, go min-srothoip fír-uisce. Eirgit go baile dess daingen dar comhainm Belunsona, ocht léige. Trí caissléin láidire ag a ffuil cennus agus uachtaránacht ar in mbaili agus ar imfhoixe na sligedh ann, go mbárdoibh láidiri línmhara.

75.

Ar n-a mhárach dóip ag céimniugadh triasan nglionn chétna. Riccit páirt oile do shliab Alpa dar comhainm Mons Senerum. Coillte línmhara ar gach taep don sligidh sí aimhréidh clochach corrach docomhlach díaistir, bíth nach roipe sneachta uirre. Búi ilimat fínemhna ar bennoip agus ar taepoibh in tsléibhi timchuairt na sligedh. Rángator glenn ro-aoibhinn oile, Lucana a ainm. An  p.92 oidhche sin dóib go baile ro-mhór dar comhainm Caput de Lacu, sé léige.

76.

Assidhe dóib co n-a n-eachroidh a mbáttoip tria loch Lucana eidirdealaighess in Edáill agus Eliuesia, dúthaigh na Susers, re aroile. Trí léigi amáin tarsna agus leithet an locha. Sé léige is dá fichit issedh ro chéimnighsed do dúthaigh na Susers sí láidir ro-dhaingen aimhréidh sléptemail daoineachoir droich-shligtheach, gan cennus umhla nó uachtaránacht ag rígh nó ag prinnsa for talmain orra. Stát éxamail ingantach áirigthe iad badhdén. Toghait tra a rogha deissi do guibernóracht in tíre gacha bliadhna. A cethair dég immorro do prímh-chathrachaibh oirrdherca aca. A leith i n-a gcatoilcip, araill i n-a n-eiritchibh siad ó choinghioll agus ó mhinnoip móra coimhchengailte re aroile chom a n-imdhítin agus a n-imdheghla badhdéin ar in uile chomharsain fon doman do thriallfadh fuachtain nó frith-chétfaidh friú  41 an tarbha puiplidhi do chongbáil suass go messarrda imqubaidh. Anmanna na gcathrach remhráite immorro Luserna, Basillea, Ualis, Soluturum, Iug, Sesnort, Buriegh, Uernu, Uríí, Ueredinasdea, Glaris, Friburg, Siafusial, Appensel. Atá immorro do thuaruscbáil ar lucht an tíre si gurab íad is fírinnighi dhírghe neimhfhealltaighi nemhchoillemhnaighe ar a ffocloibh fon doman. Ní léicit tra slad nó duine-mharbhadh do dénomh i n-a ttír gan díghailt a gcétóir. Ass foirfeacht a ffírinne issíad amháin iss gárdae do ríghoip agus prínnsaighibh catoilce na crístaigheachta.

77.

Eirgit na maithe si a ttír a mbaili bheag dar comhainm Codelacu. Assidhe go cathraigh ro-mhóir ro-oirrdirc  p.94 don Eadáilli, a comhainm Comma, ar n-a suidhiughadh ar brú locha lán-fhairsing, loch Comma a ainm. Téid immorro ceithre fichit léige seachnóin na h-Almáinne. Tar in loch sin amne ticc riachtanus a less fína d'formhór gacha méide is imfhoixe dó don Edáill.

78.

Dia domhnaigh do shonnradh in tress lá fichet do mhí Mhárta, ier n-aiffrenn d'éisteacht dóibh, éirgit gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-adhamhra .i. Milan, ocht léige. Slighthe ro-mhaithe rompa, an lá go ffleachadh agus go ndoininn ndermháir. Comhnaighit ag léiccen a scíssi a haithle a n-aistir gusin gcétaoin buí ar a gcionn. Iarla ro-mhór ro-onórach, ar láin-fheabhus sen-saigdiúir in domain i n-a chomhaimsir fóss, mar do dhearp a bhuaidh agus a chonách catha agus a deigh-chinnemain go follus fiadhnach don chrístaigheacht, count de Fonte a chomhainm, búi i n-a árd-guibernóir agus i n-a úachtarán ó rígh na Spáinne uassan gcathraig sin tra agus uassan Lumbardi go huilidhi. Cuiriss ambasadóir in rígh tarla  42 issin gcathraigh in tan sin .i. ambasadóir Luserna d'forffáiltiugadh friú san agus dia nglacadh go honórach. Eirgit na maithe si i n-a persanoip badhdéin do láthoir an ierla dia cédaoin. Gapuiss chuicce go honórach airmhitneach íad. Bátor tra imat do daoinibh uaisle go ngárda ro-mhór ar gach taep de. Oirissit trí sechtmhaine imlána sa gcathraigh. Fri ré na haimsire sin onórachus dermhair ag in ierla i n-a ttimcheall.

79.

An chathoir sin tra acht Pairiss sa fFrainc agus Lisboarn a ríghacht na Portengál ar prímh-chathrachaibh  p.96 móra na crístaigechta. Gné chompráiti agus chommórtuiss eidir sí agus in Róimh agass in Naples. Atá ar n-a suidhiughadh go comhfhairsing dlúith daoineachoir deigh-innill ar ferann chomthrom choimréidh go pálássoibh agus go ttegduissibh deigh-dénta degh-fhoirgenta. Ruibér ro-maith chéimnighess ó loch Couma ar n-a chomroinn go línmhar tríthe go n-imat ndroichet. Ticc mórán do shochar na cathrach agus an tíre ar in ruibér sin ó Chouma agus ón Almáinn. Caisslén láidir ar daingne in domhain, míle saighdiúir Spáinneach go sírraidhe ag a bhárdacht d'oidhche agus do ló co n-a n-uile chomhgar agus riachtanus a leith-imiol na cathrach ag a ffuil a cennus agus a huachtaránacht. Cóic céd gunna mór ar n-a gcomhshuidhiugadh ar in gcaislén. Guibernóir ar leith fo láimh in ierla uassa. Ní línmhar a léicther ann acht Spáinnig agus Eirennaigh amháin. Páláss is lór feabus ag in íerla badhdéin a gcertmedón na cathrach. Cuidechta shaigdiúir do gnáth i n-a n-armoibh mar gárda i n-a thimchill d'oidche agus do ló. Prímh-eglus na cathrach, Sancta Maria del Duomo, a n-imfhoixe in páláiss. Atá immorro i n-a hegluiss ro-mhóir roi-dheis go gcóic srethoip do cholomhnoip marmair go ttairimtheacht marmair. Sépél onórach ar n-a chomhdach fo altóir  43 mhóir in tempaill, airm a ffuilit imat do thaisibh naom agus fírén. In mhacroidh oirrdherc ro bássaigedh la h-Iruath mac Antepater ag ierroidh Chríst, fer is deichnemor díop sa sépél sin. Lá na macraidhi gacha bliadhna taisselbthor a gcuirp agus a gcolna do na huilip. As urchomair na prím-altóra móire adhnacol agus tomba chardenál Borromeo ba hardespoc sa gcathraigh naoi mbliadhna p.98 roimhe sin. O fuair bás messait cách a bheith naomhtha agus atá canosásion chom a dhénta go hobonn sa Róimh air.

80.

Ticcit tra na maithe si ar cuairt gusin egluiss remráite deiredh laoi áine in chésta. Adchítt ilimat do chédoip fer a prosession onórach go ttóirsigibh comhlasta ciera i n-a n-uirthimchell, a ngnúissi agus a n-aighthe ar n-a n-imfholach as nach aitheóntaidhi iad. Bátar ag gér-sciúrsadh, ag coimletrad agus ag comthuarcain a gcorp agus a gcolann gur uó cródherc na sráide agus na heguilsi a sibhlaitis dia ffuil agus dia ffulradh. Ba mór immorro in grád agus in scrúdadh croide a gcoimdécsain.

81.

Eidir themploibh agus mhainistrechoip co n-a n-uile choimthinól ord agus sacart trí tempaill is dá fichit is dá chéd sa chathraigh, gan rím ná áiremh ar imat sépél do tógbadh le daoinibh uaissle chom a ndeuósion do choimhlínadh. Altóir ro-maith ar n-a comhdach in gach pláss margaidh seachnóin na cathrach a mbítt aiffrinn gacha laithe. Trí tempaill porráiste isin chaisslén. Stásion agus luaigigeacht a ttemploib agus a reclésoibh na cathrach deich lá is ceithri fichit sa mbliadain. Ní gnáth fir agus mná a n-éinfhecht ag stásion díb, acht roinnit in aimsir timchell in medhóin laoi. Secht prímh-eguilsi ag a ffuilit uile lóighighecht secht prím-eglus gcatharrdha na Rómha issin chathroigh. Ba hé in tres Grigóir dég in pápa do shonnradh dorad na grássa sin don chardenál  44 Sérlus Boremeus ba hairdespog a Milan in tan sin. Anmanna na n-egluss tra, an prím-eglus mór Sancta Maria del Duomo, S. Simplisiano, S. Uictor al corpo, S. Ambrosio maiore, S. Nastaro maiore, S. Laurentio maiore, S. Steffano Parimente maiore. Ilimat reliciass do thaissib naomh agus fírén isna temploibh sin tra. Gach lá pátrúin ticit lucht ceirde na cathrach a prosesion onórach mórthimchell na reclés remráite go mbratachoib p.100 agus stannardoip. Dobheirit imat almsan agus dérce uaidibh ag prímh-egluiss na cathrach. Sé laithe sonnradhacha chom déirce gacha bliadhna, lá áirigthe ag gach gepta sa chathraigh go fiú sé ngepta, chom im tempaill móir do chor suass. D'fiachaibh ar lucht inotachta na cathrach badhdéin almsa agus offráil do dénomh ag na geptaigibh is comhgaraighi agus is imfhoixe dóibh. Acht amáin bennugadh agus coissreacadh na sacramente naomtha, neimhionann sermoniass agus ord ceilibartha don chathraigh si agus don chúirt Rómhánaigh, óir ro lensatar stair agus sermoniass in naoimh oirrdirc S. Ambróss. An cethramadh bliadain dég ar tríbh fichtip ar tríbh cédoip d'aois in Tigerna issedh ro gairmedh airdespog a Milan don naem sin .i. S. Ambrós. Ba hé amáin faoi Dia du-s-ratt in Edáill go huilidhi fo chuing chreidmhe agus crábaidh. Conrótacht leiss badhdéin sé reiclésa ro-mhaithe agus ospitél sa gcathraigh. A chorp agus a adhnacal a ttempall díp i n-a ffuil sámhad agus coimthinól manach. Comhainm in laithe dodeachaidh a seilbh na hespogóide taisselbthor a chorp agus a cholann go bliadhnamail. Onórachus agus supáilce mór go línmhairecht almsan agus déirce ag a dénamh sa gcathraigh agus seachnóin na díosis uile in lá sin. Lá na hEpifane do shonnradh, eagluss  45 Eustorgioss i n-a ttaiselbthor airc na ttrí rígh dodeachator d'aithreóss Críst a n-aimsir a lenbachta, go píssa don ór doratsat dó, dobheirit uachtaráin na heguilsi in lá sin ar son Dé crodh do nónmhar ógbhan. Imat déirce immorro agus do deigh-ghnímarthoibh bennaigthi ag a ndénomh sa gcathraig sin, acht is eimilt iad re a n-uile-fhaisnéis.

82.

Gapait tra na tigernaidhe si a gcead ag count de Founte in dara lá dég Aprilis. Degh-aightheach forffáilidh é rompa ag toigeacht, tuirseach i n-a ndeghaidh. Doratt dóibh mar chomartha cuimhnigthe buiden do rápéroip agus do daigéroib ro-dessa, go mbeirtibh cloch uaissle cumdaigh, p.102 ar n-a gcomhóradh go huilidhi, go gcressoip agus haingersoip comdáora. Bátor an oidche sin seacht léige a mbaili dar comhainm Lodi, cruinn-baili dess daingen i n-a ffuil gairessún ag rígh na Spáinne. Slighthe ro-mhaithe tria thalmain torthaigh aca in lá sin, an oidhche doinennta uiscemail toirneach teinntighe.

83.

Tochomhlait ar n-a márach seacht léige go sen-chathraigh sonnradaigh dar comhainm Pesense. Ruibér ro-oirrderc a n-imfhoixe na cathrach. E ro-mór ro-lethan. Ingantach re lucht a nemthathaighi mar téigit daoine agus eachroidh thairiss a mbádoip, óir is báid oile go gcordoibh cnáibe bhíoss ag a n-imluadh go hinntlechtach gan seólta gan imramh. Ainm in ruibéir El Po. Sen-chaislén daingen go mbárdoip línmara láidire go ffaithche gcoimhréidh is lór feabhus agus imfhairsingi isin gcathraigh. Dá beg-loing dessa go tteghduisip lonnradhacha ag diúc de Parma ar in ruibér i n-a mbí féin ag áines agus ag caithem aimsire sechnóin in ruibéir an tan ba toil leis. An sruth sin amne etorscarus agus eidirdealaighes dúthaigh diúc de Parma agus in Lombardíí re aroile.

84.

 46Ar n-a mhárach dóip go Parma, dá léige dég. Ruibér ro-aoipinn rompa forsan sligidh go ndroichet lán-fhata ba lór díen-fheabhus, go n-imat do ruibéroibh oile. Ier ttoirling dóip ag cathraigh Parma tig íerla onórach don tír d'forffáiltiughadh friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm diúc de Parma. Táinic ar n-a mhárach immorro go gcóistighip ro-mhaithe i n-a gcomhdháil dia ttreórugadh gusin airm a mbuí in diúc. Gabuis tra in diúc chuicce go honórach airmhitneach iatt. Bátor sealat ag imagallamh agus ag áiness briathor re aroile. Gapait a gcead as a haithle. A n-imfhoixe gáirdín in diúic taisselbthor p.104 dóip lipartt agus dá leóman. Eirgit d'faixin chaissléin ro-dhaingin atá ag in diúc sealat ón prímh-chathraigh. Cosmailes innill agus imdénumh agus suidhiughadh dó agus do chaisslén Anuoeirp a fFlonndrus agus do chaisslén Milan san Eadáill. Armáil fichet míle fer eidir marcshlaigh agus troigtheach, go línmhaireacht munisioin agus in uile riachtanuiss, go mbárttoib láidire línmhara, ar in gcaisslén sin. Obair thalmaidhe ar n-a tógbáil go hinntleachtach a fferann chomthrom choimhréidh a gcert-medhón chuirrigh imdomain uisgemail an caisslén sin tra. An t-íerla onórach adupramar i n-a gcoimhiteacht frissin ré sin. Beiriss leiss chom a páláiss badhdéin iad. Ier ndénomh a medhóin laoi taispentar dóip cúpla camhall. Ba hingantach a ffaircsin. Eirgit go teghduiss stuidéir in ierla. Orgáin ingantacha adhmait ier n-a n-oibriugadh dia lámhoip badhdhéin, go n-ilimat leapar canntaireachta agus starthach sa stuití sin. Celiprait don ierla. Tiagait dia ttigip óssta. Ascnait assin gcathraigh as a haithle cóic léige gusin mbaile mbeg dar comainm Region, airm a ffuil pictúir agus dealp naemh-Muire óighi dogní imat fert agus mírbal do ghnáth.  47 Cathoir Parma thrá sí ro-dhaingen láidir dess daoineachair go ttigthip agus go tteghdhuissip deigh-dénta degh-fhoirgenta. Ruibér ro-mhaith is lór feabhus ag céimniughadh tríasan gcathraigh. Droichet ro-mhaith go mbádaibh imdha ar in ruibér.

85.

Dia máirt in cóicedh lá dég Aprilis tochomhlaid na maithe si dá lége dég gusin mbaili dar comhainm Bologna. Ascnait in lá sin tria fort ro-dhaingen gabhus le diúc de Parma. Assa haithle tra tar ruibér ro-aoibhinn eidirdealaighes agus etorscarus dúthaigh diúc de Parma agus dúthaigh diúc de Modona re aroile. Gabhait immorro tré prímh-chathroigh Modona. Triall agus ullmhugadh mór ag a dénomh sa chathraigh sin trá d'oirchill reabraidh agus giústála in láoi ar n-a mhárach. An lá sin do shonnradh buí mac in p.106 diúc ag tabairt ingine dhiúc de Sauoi dia thigh. Gabhait a mbádoip tar ruibér Pannara etorscaruss in diúiceacht sin agus ferann buird in pápa. Caisslén ard ar n-a imdénomh a gcert-mhedhón in ruibéir doghní comhfhortacht mór a n-aimsir tuile agus ainfine d'eathroibh agus do bhádoip a thairimtheachta. Eirgit go baile beg dess daingen lessin pápa, Castel Franco a ainm. Go Bolonia assa haithle. Cardenál ro-onórach sa gcathraigh cuiriss drong dia dhaoinibh uaissle d'forffáiltiugadh friú agus día nglacadh go honórach airmitneach i n-a ainm dia ttochuiredh chuige ar a suipér. Gapait tra a leithscél fo bhíthin a n-aistir an oidche sin.

86.

Ar n-a mhárach immorro téid O Néill do láthair in chardenáil. Gabuiss chuige go ro-onórach airmitnech forffáilidh é. Bolonía immorro prímh-chathoir ro-mhór ro-dhaingen dhaoineachoir dheigh-dénta degh-fhoirgenta go línmhairecht reclés agus mainistrech. Corp an erláimh uassail adhamra oirrdirc  48 Sanct Domnic a ttempall onórach sa gcathraigh, Sanct Sém a chomhainm. Páláss ro-mhór is lór láin-fhebhus ag in chairdenál badhdéin a gcert-medhón na cathrach. Tipra fhír-uisce ar n-a suidhiugadh go hinntlechtach assa ffuilit imat srepán ag coimh-éirghe súas a ffír-áirde as urchomhair in páláiss. Ascnait na maithe si assin gcathroigh. Eirgit go baile dar comhainm Sanct Niclás. Assidhe go fort ro-dhaingen lessin pápa dar comhainm Fattio Sancti Petri. Céimnigit tra an oidhche sin go cruinn-baili dess daingen, Imola a ainm, seacht légi.

87.

Dia dardaoín in seachtmadh lá dég don mí chétna ascnáit tria fort ro-dhaingen gabhus lessin pápa, Castel Burneis a chomhainm. Tria chathroigh ro-mhóir oile dóip, Faensa a hainm, go baile mór, Farlingrando a chomhainm. An oidhche sin dóibh go baili mór oile dar  p.108 comhainm Sensena. Deich léige ro aisstrighset in lá sin. Caisslén ro-láidir go mbárdoibh línmhara laidire ag in pápa sa mbaili sin trá.

88.

Ar n-a mhárach dóip trí léige go fort daingen lessin pápa, Salignano a ainm, go prímh-chathraigh n-oirrdirc n-oireghdha dar comhainm Riminí. Annsin rángatar radharc agus faircsin forsan ffairgi dar comhainm Adricatia. Uirre amháin conrótacht an prímh-chathair oirrderc adhamra, Uéniss a hainm. Fiche léige ón gcathraigh remráite go cathraigh Ueníss. An oidhche sin dóip clé-lámh re fairrgi gussin mbaili mbeg Catolica. Deich léige a n-aister in lá sin. Ba ro-mhaith na slighthe aca.  49 Talomh torthach aoibhinn go n-imat fínemhna agus cruithneachta agus gach degh-thoraidh archena móirthimchell na sligedh amne. Iomat do thoraip dessa daingne ar brú na fairrge ag in pápa d'imfhaitchess na tTurcach do thecht do dénamh urchóide na h-Edáille.

89.

Dia domhnaigh ier n-éisteacht aiffrinn an fichetmadh lá don mí chétna ascnait go prímh-chathroigh n-oirrdirc gabhass le diúc de Borti, Pensaro a comhainm. Assin dóibh go cathroigh ndeiss ndaingin oile .i. Feno, go prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha oile gapus lessin diúc chétna, Sinigaglia a comhainm, sí ar n-a suidhiugadh go hinntlechtach ar ruibér ro-aoipinn go línmhaireacht sochraide dia himchosnam. Ní mór do daoinip dhomain léiccit d'faixin in chaisléin ier n-inmhedhón. Tegh ósta ba lór feabhus agus deissi sechtair na cathrach. Ruibér roi-dhess go ffaithchi nóinínigh sgoth-shemraigh chomthroim chomh-fhairsing p.110 a n-imfhoixe in ósta-thighe sin tra. Deich léige ro aistrigset in lá sin.

90.

Ar n-a mhárach dóibh clé-lámh re fairrgi gusin prímh-chathraigh n-adhamra n-oirrdirc .i. Ancona. Trí caissléin ro-dhaingne ag in pápa sa gcathraigh sin go mbárdoip láidire línmhara co n-a n-uile riachtanus. Cennus agus uachtaránacht na cathrach agus imfhoixe in chuain aca. Ascnait as a haithle go Loreta. Naoi léige a n-aister. Comhnaigit agus airissit immorro an oidche sin. Ar n-a mhárach tra dognít turus na heguilsi bennaigthe mór-lóigighechta sin. Comhnaigit issin mbaili in dara hoidche.

91.

 1

Do réir mar fuaramar scríptha a sen-starthachaibh, a n-ainm Dé laipeóram uaite do ilibh .i. begán do mórán ar shupáilcip Loreta: Séppél Loreta immorro buí ar n-a ordugadh agus ar n-a thogha ón Athoir nemdha cien-aimser ria n-a thógbáil for talmain do threibh Iesse. A prím-chathraigh oirrdirc adamra oirdnide, Nasaret Galale,  50 conrotacht in tegh sin ó thúss. Ann ro chomhnaig agus ro thairissimh Iaicim agus Anna, athoir agus máthoir náomhMuire óighe. Ann fóss ro coimpredh, ro geinedh, ro hoilemhnaigedh in naem-ógh. Isin tegh chétna sin du-s-rat in t-archaingel uassal Gabriel in techtaireacht ón Athoir nemhdha go naomMuire triasa ttáinic saoradh na hAdhomh-chloinne ó chintoip agus turcbháloip peacadh na seinnsear. Isan tegh sin tra gan caillemhain a hóghachta isseadh rugadh ar Slánaigtheóir Issa Críst. Ro hoilemhnaigedh as a haithle ar geil-chíchoip p.112 naomh-lachtmhara na hóige go riacht in t-aingel do neim dia erbadh agus dia fholáiremh fuirre dol co n-a Mac ar innarbadh agus deóraidhecht gusin Eigipt ar teithedh Iruaith meic Anntipater intan ro bássaighedh in mhacraidh oirrderc adhamra. An dara bliadain dég d'aoiss in Tigerna térnoidhit tar aiss ón Eigipt gusin tegh cétna. Ann tra ro thochaith in naom-ógh a laithe agus a haimsir ar in saoghal ó sin suass. Ass immorro ro-ss-tógaipset aingil agus archaingil in choimdedh chumhachtaigh a corp naomhtha go nemh n-ainglidhi go follus fiadhnach do na huilip chomhfhoixib. Iar gcumsanadh don naem-óigh ar nemh bátor tra apstail agus descipail in Tigerna i n-a gcomnaidhe sealat sa teagh sin. Cinnit agus comhairlighit ier sin a bennugadh agus a choissrecadh assa mbíadh amháin i n-a teghduiss agus i n-a dhuirrthech etorguide in choimdedh chumachtaigh aca. Ullmhaigit na hapstail amne dia lámhoip bennaigthe badhdéin croch ro-mhaith mírbaileach a ffiodhair agus a fforaithmet chroiche Críst. Fiodhair-dhealp agus imháidh naemMuire óighe íer n-a himdénomh do lámhoip Lúcáiss suiiscél, issí amháin is  51 mírbailighe gan imressain fon uile dhoman. Atáit immorro ar n-a gcomhshuidhiughadh isan sépél sin. Fo bhíthin a imat fert agus mírbal agus naomhthachta du-s-ratsat lucht inotachta agus aittreptha prím-chathrach Nasaret ro-onóir go priuiléid ndermháir ndíchra dó. Na régióin chomhfhoixe ag a chomhmóradh mar in gcétna.

 2

Ro buí immorro impire áirigthe íer n-a thogha issin Róimh an inbaidh sin, Heraclius a ainm. Coimhchengluiss a n-aghoidh reachta agus chreidimh eguilsi Dé fri Cosrat, rí na Persia. Scrissait agus innarbait in creidemh catolice as talomh Ierosolima go huilidhi. Tógbhait suass go hainffesach míchreidmheach gné dée, Mahomet a chomainm. Ní ro léicc immorro in t-imfhaitchess do lucht aittreptha na cathrach nó in régióin umhla nó adradh do chreidemh Dé sa naomh-shépél sin. An pápa in cethramadh Niclás buí issin Róimh trialluis cocadh agus conblicht a gcertaghaidh na n-eritched sin. Cuiriss páirt dia armáil go prímh-chathraigh p.114 n-oirrdirc fuil isin Aissia, Tripoli a comhainm. Cuirit léger fuirre. Ticit na rígha págánta adupramar dia comhfhortacht. A n-inbaidh na huaire agus na haimsire sin immorro gluaissis in teagh naomhtha so Loreta co n-a uile oibriughadh agus imdénomh, é ag a imachor do grássoibh Dé agus naemhMuire ar guaillip agus ar ochtoibh aingel agus archaingel in choimdedh chumhachtoigh. Toirlingit agus airissit ar foradh-chnoc aoibhinn adhamhra a magh choimhréidh chomthrom chomh-fhairsing a tTersato a rígacht Eschiouia timchell medhóin oidche do shonnradh in seissedh lá do mí Maíí don bliadain adupramar. Ba gnáthbhéss immorro la lucht inotachta agus aittreptha in tíre sin comhchruinniugadh ar in magh remráite isna laithip sin go fír-chinnte gacha bliadhna go subáilcip agus go sollamantus adbal-mór.  52 Ba machtnadh adpal agus ba hingantus dermhair leó ó 'dchonnarcatar in sépél sonnradhach agus ná fitirset cia leth ó ttudhchaidh. Eirgit ann astech assa haithle. Fogabhait ann dealbh agus pictúir naomhMuire óighe gussin gcroich remhráite. Messait agus brethnaigit íeromh gur uo hé tegh agus teghduis mírbailteach coimperta agus geinemhna mháthar in tSlánaightheóra é. Glacait imegla ndermhair fo dháighin gluasachta agus toighechta in tighe. Assa haithle tra gabhait cuca go hairmitneach onórach é. Dogeibhdiss ilimat do lucht galair agus essláinte na régión gcomhfhocus comhaisseg agus comhfhortacht a sláinte ann. Ro mhédaigh sin immorro deuósion agus innfheithemh na gcinedhach gcomhfocus gusin teagh sin amne.

 3

Aroile prióir ro-onórach ro-s-buí i n-a uachtarán a mainistir Sanct Seóirsi. Brethnaigit cách fo bhíthin a deigh-beathadh a bheith naomhtha. Allexandro a chomhainm. Gapuiss fiaprass teinntighe neimhneach in prióir. Earbais a threórugadh go naoímh-theagh Loreta. Gníther samhloidh. Ernaigiss agus etorguidhiss in prióir gusin naomh-óigh a ffrithchétfaid na himháidhe. Do connarcus don óigh naomhtha eachtra fholaigtheach agus rúndiamair ro-dhiadha in tséipéil oirrdirc adhamra sin d'foillsiughadh agus do thaisselbadh don naomh-prióir remráite. An prióir immorro,  p.116 mar ro buí naomhtha foghlomtha go n-imat egna agus rúndiamra ón Athoir nemhdha, ticcis in ógh naomhtha cétna a persain do briathradh agus do chomrádh fris. Iar n-a taisselbadh immorro go lóghmhar dealraigthech mírbaileach dó ba headh ro ráidh: Ag so meissi Muire máthair in tSlánaigtheóra as do chomhair neoch ro atchaiss agus ro etorguidhiss go línmhar. Cuir h'uile dhóigh agus inntinn agus h'innfheithem am Mac mírbaileach agus dia throcaire ro-d-fia sláinte.  53 An teagh naomhtha so trá, tuig gurab ann ro coimpredh, ro geinedh, ro hoilemnaigedh mé. Is ann fóss ro-m-toghadh lassan Athoir nemhdha mar mháthoir chorparrdha día aon-Mhac badhdéin. Ann fóss ro cheiliobhrainn trátha agus urnaigthe, immoinn agus canntaireacht, ag ettorguidhe in choimdedh chomachtaigh. Ann fóss ro-m-póssadh do réir in reachta agus ru-s-gabhus mar chéile la Iosep fírinneach. Ro choimhétas mh'óghacht gur glacus ón Athoir nemhdha in t-uassal-toirrchess triasa ttáinic comhsháoradh na hAdhomh-chloinne ó peacoibh agus turcbáloip na seinnsear. Ro imchrass go honórach assa haithle fri ré náoi míoss go rugass go mírbaileach grássamail, gan saothar, gan dochar saegalta, gan docomhal nádúrtha, gan milledh mh'óghachta, Dia agus duine a n-aoinpersain issin tigh sin amne. Ro oilemhnaighess issin tigh chétna, ro bethaiges ar cíghoip m'ochta, ro imchras agus ro altromus as a haithle go ttáinic in t-aingel do neimh dia erbadh oram ascnamh lem Mac gusin Eigipt for teithedh Iruaith meic Anntipater. Iosep díer ttreórughadh agus ag comfhortacht dúinn seachnóin na sligedh. In dara bliadain dég d'aoiss mo Mheic térnoídhemaoít tar aiss gusin tigh gcétna. Oirissim agus comhnaighim ann as a haithle an gcéin ro buí a mbethaidh ar in saogal. Ar ndol damh ar nemh n-archainglidhe du-s-fic Eóin bruinne gusin gcuid oile do na hapstaloibh d'aittrebadh agus d'inotacht in tighe. Doghnít tabernacul agus ionadh onórach airmitnech adhamra urnaigthe de. Scaoilit badhdéin seachnóin in domain as a haithle do réir aithne in choimdedh chumachtaigh do shíoladh chreidimh agus chrábaidh. Athraigis in teagh go mírbaileach ier sin  p.118 go ráinic gusin log so. Foillsigther immorro agus comhoirrdhercaighther let in stair agus in eachtra so agus na naomh-scéla do na huilip chomhfhoixibh agus ro-d-fia sláinte ó mo Mhac glórmhar grássamail si.

 4

Tigit a gcétóir ilimat do légiónoibh aingel agus archaingel de neimh a gcomairrchis  54 agus a gcomhdháil na naómh-óige. Gabuiss a ced ag in athair naomhtha sin ieromh. Fo bhíthin ruithenta lógmaire shubháilcighe in boltanaighe dhíadha glórmhair buí ar gach taep di dogeibh in t-athoir sláinte a gcétóir. Du-s-rat in t-athoir altugadh buide don naomh-óigh agus dia Mac mírbaileach. Aistrighis dia thigh ier sodhain. Aisnéidhiss na scéla sin do na huilibh adchídh.

 5

Ráinic tra clú agus alla agus oirrdercass in sceóil gusin uachtarán buí ag guibernóracht an tíre, Nicolauss Fransisfane a chomhainm. Treóraigis chuicce an t-athair remráite ar go ffessadh deimin agus bunadhus na mór-mírbal. Ier n-a gcloss dó cuiris d'fiachaibh fair ascnámh gan moille gach ndírech go prím-chathraigh Nasaret d'fioss agus do dearbadh an sceóil. Cethror immorro do daoinibh oiregdha oirdnidhe adhamra onóracha in tíre i n-a choimhiteacht. Rángatar Nasaret. Buí tra in slige go soirp socomhlach aca. Fochtait imthúss agus turthechta in tigi do maithib na cathrach. Adfédsat dóip uile scéla agus eachtra agus mírbaile in tige in airet buí aca badhdéin agus a thógbáil uaidhip assa haithle ar guaillibh agus ar ochtoip aingel go mírbaileach agus ná fitirset cia leth do deachaidh. Araoi sin tra toimsit na teachta fundaimint in tige, a fod, a lethet, a himthacmhac. Térnoidhit tar ais go Tarsato. Ba cudruma coimhinann don tegh íer n-a thomhus in tan sin frissin tomhus dorónsator a Nasaret. Iarsna huile dearpthoip sin immorro dognít lucht aittrebhtha na gcathrach gcomfhocus agus an régióin go huilide onóir agus airmitin adbal-mór mun tigh, go n-imthathaidhi línmair, go ndeuósion ndíchra. Seacht míssa ar tríbh bliadhnoibh ro buí in teagh i n-a chomhnaighe issin inadh remráite. Imeglaigit immorro aittreabaigh in tire ainmíen agus ansmacht, borrfadh agus díberg an impire .i. Heraclius. p.120 Tic asside gné nemhthathaidhe  55 agus mainnechtnaige deuósioin agus imfhuaire i n-a gcroidhedhaibh do beith don naoimh-theagh oirrderc adhamra so, as nach ttucsat adhradh nó onórachus dó mar ba gnáth. Ba toil immorro lassin Mac mhór-mhírbaileach agus lassan gcoimdidh gcomachtach an teagh do athrugadh assin dú a mbuí. Tógbhait aingil agus archaingil leó i n-a staid agus i n-a innioll badhdéin gan cumhscughadh cloch nó clárach. Ascnait seach mór-fhairrge gcoimhleathain gcomfhairsing Adriatica. Ní hairissedh leó go riachtsat gusin Edáill. Toirlingit a prímh-choill chomhdhlúith a prouensi Marca a gcomhfhoixe sen-chathrach Recanati. Laureta comhainm na baintreabaighe uaissle dier uo sealp go sainigthe in choill sin chena. Ar aoi sin cuirit na poipleacha a ngnáthugadh dealb Muire Loreto do chomhghairm don pictúir. Aóiss in Tigerna in tan sin míle ar dá chéd ceithre bliadhna dég ar cheithri fichit, in dechmadh lá Septembris. Ger uo comhdhlúith aimhréidh imdorcha in fhiodhbadh sin isin aimsir seachmataigh, ar aoi sin chena ba ruithen-sholus dealraigthech glórmhar ón soillsi ainglecdha ro-dus-fágoibset na haingil issin tigh naomhtha agus i n-a uile timchuairt agus tochealladh. Messait agus brethnaigit lucht a faircsena gur uo teinnte agus tennála bátor iar n-a gcomadhnadh issin ffidhbhaidh.

 6

Bátor tra aodhairidhe ag forchoiméd a ttreód ar a comhgar. Ar ffaixin an ingantuiss adpail éxamail fágbuid a ttréda. Ar teithedh dien-tinnesnach iad gusin prím-chathraigh remráite. Adfétsat tra dia ttuistidip in scél uathbásach ingantach forcaomhnagoir. La sodhain tra attrachtsat lucht na cathrach éirgi athlamh aoinfhir. Ascnait gusin ffidbhaidh a ttraide.  56 Iar ffaixin an ingantuiss adbal-móir dóibh gabuis omhan agus imecla dermhair iat. Eirgit dronga aca go gcrith-egla agus go gcomhfhaitches sechnóin na fidbaidi as a haithli. Rángator immorro i n-a cert-medhón. An teagh onórach airmitneach íar n-a imdénomh go haughdardha inntlechtach go ffidhair-dheilbh Muire óige agus na croichi césta ann ier n-inmedhón. Bidhgait  p.122 agus ingantaigit la sodain. As a haithle tra ba hí a ttoimdin agus a mbaramail gur uo torchur-shét tidlaictheach ro dírigh in t-Athoir nemhda Dia uile-chomachtach chuca. Léicit ar a nglúinib íat. Adhrait agus ernaigit agus etorguidit in coimde comhachtach go n-altugadh buidhi go línmar fo bíthin na méide sin dá mór-shupáilcip éxamhla do thaissealbadh dóibh. Fóss dognít oráite agus caintic coimmbinn i n-a ttengaidh uodén. Ro chansat a mbriathraib millsi gur uo bennaigthe aoinDia uile-chomhachtach, fós bennaigthe diadha glórmhar in naomh-ógh thrócaireach, máthoir in Mheic móir-mhírbailigh, ro thoiligh agus ro thidlaic dia mór-grássoib badhdéin a macsamhla sin do naom-thaispénadh thrócairech do thaisselbadh go mírbaileach éxamail ingantach dia popal bocht. As a haithle trá térnoidhit na maithe si a ffritheing na conaire cétna go riachtsat gusin gcathraigh remhráite.

 7

Ba gnáth-béss la lucht na cathrach ier sin in gach uile aimsir imthathaidhi ro-onórach maille re uisitátion agus reuerens go n-imat adhartha Dé agus naemMuire óighe do dénom isin tig si amne. A aois galair agus essláinti agus gach treablaidi archena ag foghbáil chomfhortachta agus imaisic a sláinte gacha haimsire isin teg so do grásoibh Dé  57 agus do thrócaire óghMhuire a ffrithchétfaidh na himháidhe agus na croichi adupramar. Dia bhíthin sin immorro ticdiss ilimat do dhaoinip ó na régiónaip oile do dénomh turaiss agus deuósioin agus oilithre gusin naoimh-theghdhuis sin ier n-oirrdercughadh a mhór-mhírbal. Ba gnáth le himat eiritchedh agus bithbenach, mar ro buí in teagh a ndíthreb uaigneach imdorcha agus comhthathaidhi na n-oilithrech chuice agus uaidhe, teacht do dénomh sladaigheachta agus duine-mharptha ar a chomfochraip. Ar n-a fhaixin sin immorro do Dhia uile-chomachtach earbuis ar dhroing dia ainglip an sépél d'aitherrach agus do threórugadh go magh coimhréidh comhfhairsing buí ar comhgar na fidbaidhi remhráite. Dognít samhloidh. Comhshuidhigit é ar gáirdín-chnoc aoibhinn oirrderc oireghdha go línmhaireacht luibinn degh-bholtanach. Daoine  p.124 uaissle do lucht na cathrach, díss derbráthor díeroile, ba leó bith-dílsecht in magha sin tra. Ro buí imthathaidhi ghnáthach gusin sépél ar in magh sin do shonnradh fri ré imchein. Dogeibhdiss na daoine uaissle imat óir agus aircit agus gacha maithessa archena día thorbha. Glacait féin ier sin aingideacht fhích-mheiscneach agus imthnúth adpal-mór re aroile. Ní mór nach bíttiss gach laoi ag fóbairt chomhmarptha a chéile. An mháthair ó ar gheinsetair ba congnamh imbressna agus etorchossáide dóibh, óir in mac ba hinmaine agus ba díchra serc agus annsacht lé, adbeiredh fiadh na huilip gur uo leiss in magh tré fhír-chert gan chomhroinn don fhior oile. Eirgiss ier sin cogadh agus conbhlicht eidir na derbráithrip amne fo chomhroinn torbha in tsépéil. Ar n-a fhaixin so do Dhia uile-chomachtach, augdar agus bunadhus  58 na huile h-síthchána agus imbressna, réidhighiss go mírbaileach deabaidh agus dechétfaidh na nderbráithrech remhráidhsemar. Cuiriss dá mór-chomachtoip glórmhara aingil agus archaingil d'imluadh agus do choimhthreórugadh in naemh-shépéil gur chomhshuidhighset é a n-inmedhón agus a gcert-lár in ríg-róid rígdha thairmnigess eitir prímh-chathraigh Recanati agas in sen-fhairrge, ionadh áirigthe ar nach roibhi cennus nó uachtaránacht no selb sonnradhagh ag én-duine fon uile dhoman. Atá issin dú sin gusin tan sa. Ag sin amháin in tres imirci agus athrugadh dorónadh leiss ier riachtain dó tar fairrgi.

 8

Assa haithle sin immorro ingantaigit daoine simplidhe neimheacnaidhi issin tír éxamhlacht agus ingantaighi eachtra agus imircedh in tséipéil. Cuirit i n- for inntinn-chroidheadhoip lochta na cathrach gné fondaiminti do chor n-a urthimchell, óir ro imeglaighset tré ainffioss a athrugadh uaidip in cethramadh feacht. Teaglamait immorro agus comhchruinnigit lucht na gcathrach gcomhfhocus agus an tíre go huilidhi. Dognít go lán-obbann gné oibre agus fondásioin timchuairt in tsépéil. Bátor tra na hEdáilligh agus lucht na régión gcomfhocus ag imthathaidhe go lán-línmhar fair. Ba machtnadh  p.126 dermair leó métt agus imat a fhert agus a mhírbal co n-a uile eachtra agus imtheachta. Ar n-a fhaixin sin don óigh naomhtha bliadain áirighthe d'aóiss in Tigerna, míle ar dá chétt sé bliadhna dég ar cheithri fichit, ro fhoillsig mar so síss uile scéla agus turtheachta in tséipéil.

 9

Aroile senóir naom-arsanta go ndegh-airilte agus go gcaóin-bhéssoip dorala i n-a gnáth-chomnaighe ar comgar in tsépéil. Ro gnáthaigedh a imthathaidhi go meinic maille re deuósion díchra agus re dúthracht inntinni.  59 Taisselbuiss in naemh-ógh í badhdéin cétna a persain dó. Adfétt dó feip ro innis don athair irisseach Alexandro, prióir Tharsato, toighecht agus imthecht agus uile eachtra agus imthúsa in tséipéil ón chéd-uair riam gusin tan sin, a aistriughadh agus a imachor go mírbhailech ar guaillip agus ochtaibh aingel agus archaingel, an aimsir agus an inbaidh i n-a nderna gach athrugadh agus gach imirce dia nderna. Earbuiss agus foláiris fair ina huile scéla sin d'oirrdercugadh agus d'fír-fhaisnéis do na huilip poipleachaibh no-bheitiss i n-a chomhgar. A gcétóir téit in senóir go cathraigh Recanati. Aisnéidiss na scéla mírbaileacha do lucht inotachta na cathrach gusna huilibh choipnessoibh. Gapait tra na poipleacha d'formhór na scéla so go héttrom nemfhoirpthe míchreidmheach chuca. Is suaill nach ag fochuidmedh agus fanamait bátor fon senóir. Ar aoi sin chena mar do chonnarcatar ilimat na ffert agus na mírbal gacha laithi, cinnit agus comhairligit do chomhaonta aroile sé fir dég do roighnip na ndaoine ba crínna foghlomtha chocubhassaigi fírinnighe a prouensi Marca do thogha agus a gcor go Nasaret Galalee do chomhshaothrugadh bunadhuis agus séicréide scél in tsépéil. Gapsat tra na sé fir dég remhráite loingess co n-a n-uile riachtanus aistir agus imtheachta. Ascnait assa haithle. Dírgit a gcúrsa tar cuan Adriatico. Mar sin dóib go riachtsat cuan agus caladh-port a Sinonia. Asside gan mhoille go magh Tarsato. Innissit immorro agus coimderpait  p.128 aittrebthaidhe agus lucht inotachta an tíre agus in maga sin do shonnradh mar do tháinic agus mar do thoirling in naoimh-thegh oirrderc adhamra sin ar in magh remráite,  60 a fherta agus a mírbaili in céin ro buí ann, mar ro thaispein naemMuire ógh dia mór-thrócaire í badhdéin d'Alexandro, go ru-s-fét eachtra agus uile scéla in tsépéil, dol Alexandro gusin gcethror remráite go Nassare do promad agus do dherbadh an sceóil, agus sin d'fagáil go huilidhi mar atá i n-ar ndíaigh, agus an sépél do thógbáil uaidip assa haithle agus ná fitirset fon uile doman cia leth dochóidh. Léicet sein ar siopal gach ndírghi iat go ro riachtsat Nasaret. Ba guasachtach imomhnach na sligthe rompa trésan m-Barbiass bátar i n-a náimdip bunaidh agus i n-a scristóirib creidim Críst. Ar ndol dóip go Nasaret rángatar in t-inadh áirigthe gusin ffundaimint for ar comhshuidhigedh an teagh ó thús. Messait agus toimsit iaramh a fhod agus a lethet agus a imthacmac fri compáss in tige ro-dus-fágoibset i n-a ndeghaidh issin Edáill. Ba cutruma coimhinann dóibh. Eistit ier sin ina huile dherptha agus scéla ru-s-bátar ag lucht na cathrach um dháighin in tighe, a ttaop a thógbála agus a chomhshuidhigthe ó thúss agus a imtheachta go mírbaileach ingantach assa haithle. Doratsat creidemain gur uo fír-bríathra foirpthe gach ar chan in senóir issin Edáill, gur uo hé sin an teagh fírinneach buí ar in inadh remráite ar n-a threórugadh go mírbaileach éxamail do mór-chomachtoibh an choimdedh chomhachtaigh in gach dú i n-ar chomhnaigh diaigh a ndíaigh gur oiris as a haithle isin log bennaigthi i n-a ffuil. Iar sin tra térnoidhit na hEdáilligh dia ttír. Fuilngit imat guasachta agus mertin mara agus tíre sechnóin na sligedh. Ar rochtain a n-atharrda badhdéin atfétsat tra go follus  61 ina huile derptha agus scéla fuaratar um dhála in tighe. Creidit tra ina huile chinedhaigh ro-s-bátar sa prouensi gur uo fír gach ar chansat. Doratsat altughadh buidhi do Dia uile-chomachtach. Adamhraighther agus oirrdercaigther an scél fo na régiónoip  p.130 comhfhoixibh. Dognít cách ieromh métughadh onóra, tathaidhi agus deuósioin don sépél. Ní hiat na hEtáilligh amháin bátar tathaigeach air, acht ilimat ó régiónaibh oile do macoibh egailsi d'uile ordoib ríagalta na crístaigechta.

 10

Aroile duine uassal irisseach ro buí a n-aoiss foirpthe, a n-imfhoixe don sépél remráiti ro buí a aittreb agus a inotacht. Batar maithe a degh-airilte agus a cháin-béssa. Paulus dela Silua a chomhainm. Ba gnáth-bés dó uisitátion meinic agus tadhall gnáthach ar in sépél naomhtha sin go línmar gacha laithe. Oidhche n-aon a fféil natiuitatis Beate Marie Uirginis dó issin sépél ag adhradh agus ag etorguidi naemMuire óighe, adchonnairc día shúilip corparrda in soillsi ro-mhóir .i. prímh-lóchrann lassamail ag toirling anuass ar in sépél. Ba hí a thoimdin agus a baramail dá throigh dég i n-a chomhfhat go sé ttroigtibh i n-a lethet. Dá uair in chluig riassan ló do shoillsiugadh ba hedh ro thoirling samhloidh. Deich mbliadhna diaigh a ndiaigh comhainm na hoidche sin do shonnradh agus a n-inbaidh na huaire cétna don duine uassal ag faixin rúndiemair na mór-mírbal. Ní ro fhaisnéis frissin ré sin do neach. Aimsir aithgerr ria mbáss cuiriss techta do thochuiredh espoig Recanati go n-espogoibh maithi oile. Adféd tra dóibh na mór-mírbaili éxamhla ingantacha forcaomhnacair issin sépél co n-a uile derbthoibh agus deg-chomarthoibh. Deimin lasna sruithibh sin amne gur uo hí in naom-ógh badhdéin ináid aingil uaithe ro-s-ficedh comhainm na féle  62 uaissle ro ráidh-sem d'onórugadh agus d'airmhitniughadh an tsépéil uassail adhamra. Comhoirrdercaigther ier sin in scél fo na régiónoibh comfhoixibh amail is folluss.

 11

Feacht n-aon du-s-riacht espog chathrach Recanati dia oilithre go Loreto, Terremano a chomhainm. Dogní a thurus. Ier gcloisteacht ilimat fert agus mírbal an tsépéil térnoidhiss ar ais go cathraigh Recanatí. Duine fírénta uassal Paulus Rinaltinus ro buí issin gcathraigh in tan sin, ro dearp don tigerna-easpog, a ffoirfecht aoissi agus aimsire a shen-athar badhdéin, gur mhinnaig go fiadnach go ffacatar  p.132 a shúile féin in sépél ag a imachor tar in ffairgi ar guaillibh aingel gu ro thoirling go mírbailech ingantach issin ffidbaidh remráiti. Aroile prióir áirigthe ro buí issin chathraigh chétna sin, Fransisco a ainm, dorat a minna a ffiadhnaissi in espoig Terremano go ro minnaig a sen-athair badhdéin fo n-a chubhus a fforcinn sé fichet bliadan dia aoiss go ffacatar a shúile féin in sépél ag ascnamh agus ag céimniugadh tar in ffairge gur thoirinn agus gur thoirling go mírbaileach isin diamar-choill adupramar, go roibhi féin ag urnaigthe agus ag etorguide in choimdhedh chomhachtaig agus naemMuire óighi go meinic isin inadh sin ann, an dara feacht ag dol go cnoc na deissi derbráthor, in tres fecht ag ascnamh gusin dú i n-a mbaoi. Fo bíthin na n-ilimat derptha sin tra cinnit agus comairligit na cinedhoigh d'éin-inntinn amháin gan examen nó cúiss amaruiss badh móo do chor a leith in tsépéil. Go háirigthe ós a chenn sin, ilimat a fert agus a mhírbal gacha laithi, gér-scrúdaiss sin inntinn-chroidedha na régión agus na gcinedach gcomhfhoccus chom adhartha agus creidemna dó.

 12

 63Buí aroile duine uassal adhamra issin fFrainc ria sunn, Petro Orgentoris a chomainm. A gcathraigh oirrdirc Granobile ro buí a inotacht agus a chomhnaighe. Ro theacht mhnaoi a dhingbála, sí ro-uassal go ndeilb nderscnaigthigh do threibh ro-onóraigh issin fFrainc, dier uo comhainm Donna Antonia. Gapuis tra ben oile issin gcathraigh gcétna doigh étta, imthnúith, agus acaissi di imon ffer-scál remhráite. Dealbhuis breachta diablaidhechta agus draoithechta, ídhalachta agus ainchreidmhe, i n-a haghaidh. La sodain gabuis mire agus dássacht dífhulaing in chéid-ben. Ro thréic a céill agus a cétfaidh. Brethnaigit lucht a faircsena gur uo droch-spirut buí ag inotacht innti amoil ba hoirrderc i n-a dheghaidh. Ascnais in duine uasal gusin mban-scál remráiti ag iarraidh caomhna agus comfhortachta di in gach reclés agus in gach ionadh bennaigthe mírbaileach adcloss dó seachnóin na Fraingce. Nír uo tarba dó. Treóraigidh ier sin go prímh-chathraigh Melan issin Edáill í, go huasail-eclais S. Iulio, dú a ngnáthaigdiss lucht na haicíde sin do  p.134 shonnradh fóirigthin agus comhfhortacht a riachtanuis agus a n-anacra d'foghbháil go meinic mírbaileach. Sealat dóip issin reclés sin, acht chena ba dímhaoin a ttoisc. Céimnigit go cathraigh Madonain as a haithle, go prímh-thempall oireghdha i n-a ndingentaidhe a sét samhla sin d'fertoib agus mírbailip go línmar .i. tempall Gemeniano. Urnaighit agus etorghuidit ann. Ní fhuaratar comfhortacht bheós. Tochomhlait tra as a haithle go prím-chathraigh na Róma. Fri ré mísa go comlán dóip issin Róimh a prím-thempall Petair Uaticano. Coloman adhamra oirrderc mírbaileach go ngrát  64 imremar ieroinn i n-a uirthimchell isin tempall, neoch atá aniú agus ó do buí Críst ar in saogal so ag buain droch-spirut demnaidhe as lucht a imthathaidhi, do grássoibh Dé, go follus fiadhnach don doman. Ní meinic térnoidh ón choloman sin fer nó ben ar a mbiadh an anacair sin gan comfhortacht d'fagáil. Sealat áirigthe gacha laithe go forcinn na míssa sin don ban-scál remráiti astig fo iadhadh issin ngráta a ffochair in cholomain. Nír uo tol la Día comhaiseg a sláinte d'fogbáil di bheós. Ier sin tra gluaissit in chuideachta so go comhthuirsech díbergóideach. Acht trócaire Dé amháin, ní mór ná ro chuirsetar súil do chabair. Mesait go díchéillidhe mídhóchusach, ó nach deachaidh a ttarpa dóip prímh-thurus mór-oirrderc dia ndernsatar, ascnamh agus céimniugadh go a n-athardha bhunaidh agus gan ní badh móo do thurus do dénamh go forcionn bethadh na mná uaissle. Aroile ridire uassal d'ord Malta ro buí ag térnódh ó thuruss Loreto tegmaic dóib-sen forsan sét. Bennachoid cách dia chéle díp. Coimfhierfaigit scéla aroile. Adfétsat tra a n-uile eachtra agus imthechta agus amoil forcaomnagair dóip. Adhamhraighis agus oirrdercaigis in rittiri remráite ferta agus mírbaili naoim-shéipéil agus fidair-deilpe agus sompla-chroiche Loreto. Comhairligiss dóib-sen ascnamh go Loreto. Fo bíthin gach a ndernatar-san do státion agus d'oilithre a prím-eguilsip oirrderca oile is súaill ná ro glacsat gné mídóchuiss, óir ro mesatar nach rachadh a ttarpa dóip turuss ar bith dia ndingnedís. Iarruiss an ben uasal a n-athchuingidh  p.136 a treórugadh go Loreto. Gníther samhloidh an seachtmadh lá dég Iulíí,  65 aoiss in Tigerna in tan sin míle ar cheithre chét ocht mbliadhna ar cheithri fichit. Aroile canánach onórach ba huachtarán issin sépél, buí go ndegh-bhethaidh, Steffanus Fransigena a chomhainm. Du-s-riacht i n-a gcomdháil go maccléirchip imdha maille fris. Beiriss gusin sépél iad. Ar ndol astech dóip sléchtait, etorghuidhit agus urnaigit a ffrithchétfaidh agus a ffiadhnuisi imháide Muire agus na croiche remráidsemar. Ro-s-gní in t-athair onórach sin ord coniurátion do réir uird agus forcetail na heguilsi Rómhánaighe chom na ndroch-spirut ndemnaidhe d'innarbadh asin mnaoi uassail. Nír uo himchien dóip ier sin in tan ro fregairset secht ndemain a n-éinfhecht as cert-medhón na mná uaisle do briathraibh neimhnecha náimdemhla dó. La sodain tra fágbuiss én-spirut amháin demnaidhe in ban-scál. Toirlingis ar lóchrann lassamail ciera ro-s-buí issin sépél. Ní roibhi ar comus dó a fágbáil, acht buí ar n-a chrochadh leis go follus do na huilip. Adbert do glór neimnech gur uo Sordo a ainm. Assa haithle tra fágbuiss in darna droch-spirut í. Adbert gur uo Herot a chomainm agus gur tria n-a aimsiughadh agus áidhbhirseóracht táinic marbadh dhiúc de Burgondi ro buí ag cothughadh agus ag tógbáil chreidimh agus crábaidh eguilsi Dé. Ier sin ro gremoig do lóchrann oile dia mbuí issin sépél. Du-s-rat a chert-aghaidh gránna gráinemail forsan athair remráite. Nochtaiss agus glomhaiss a draint-fhiacla imdorcha adhéitche. La sodain ro chan go follus do sherp-glór dhiablaidhe: Ní tusa ro innarb sinne assin aittrep i n-a rabamar i n-ar gcomnaighe re haimsir imchéin, acht mór-thrócaire mírbaileacha Muire. Beiriss in canánach na deóraidh uaissle adhamra sin leiss  66 día teghduis badhdéin an oidche sin. Onóraigiss agus fiadhaigis friú. Ar n-a mhárach dóip gusin sépél naomhtha. Guidhit agus adhrait agus urnaigit go díchra gusin naomh-óig a ffiadhnuisi a pictúire. Ro gní in t-athair in t-ord forcetail agus celipartha cétna. Fágbuis spirut oile demnaidhi in mnaoi n-uassail. Adbert gur uo hé a ainm  p.138 Horríbile. Beiris i n-a bheól go neimhnech náimhdighi ar lampa airgit go soillsib línmara buí crochta issin sépél. Aisnéidis go poiplidhi fiadnach gur uo hé badhdéin tria n-a anchomachtoib diablaidhi ro foláir ar popul Iruaith Eoin Bauptaist do díchennadh. Ro éig agus ro scret as a haithle agus issead ro chan: A Muire, a Muire, is dien dígaltach náimdemoil sírraidhe ataoi i n-ar n-agaid. Lo sodain tra gabuis in t-athair agus cách archena ag etorguide naemMuire. Táinic in cethramadh spirut assin mnaoi n-uasail. Do-s-rat a ainm ós airtt .i. Aroto. Is meissi, ol sé, trem inntlecht agus trem ealadhnoib diaplaidhi ro chuir fo inntinn Iruaith meic Antipater in macraidh oirrderc adhamra do díchennadh for ierroidh Críst a n-aimsir a geinemhna. Ier sin a gcétóir, ní ba neimnighe oldás in coicéle cealgach oile, gremaighiss agus coimlenuis di eroile lampa dia mbuí isin sépél. Du-s-rat as a haithle a aghoidh go reacht agus go ffraech neimhe ar chách agus do shonnradh forsan athair. Adbert ier sin: A Mhuire ógh, is nert-láidir nemchoimseach do mór-chomachta mírbailecha mór-thrócaireacha, óir iss tré do mór-grássoip trócairecha ro dhíchuiriss agus ro innarbuiss sinne assin sossadh-chomnaighi i n-a rabhamar.  67 Ar gcloistecht na mbriathor sin don athoir cuiris d'fíachaibh ar in diapal a n-ainm Iossa Críst agus Muire óighe gach a mbuí do senchuss agus do scéloip in tigi sin aigi d'foillsiugadh dó a ffiadhnuissi cáich a gcoitchinne. Fregruis in diabal dó: Ag so, ol sé, go fírinneach teagh Muire óige, máthair in choimdedh chomachtaigh. Adbert in t-athair d'inchreachadh agus do grennughadh in droch-spiruit gur uo briathor-chealga brégacha ro chan. Ní headh go fírinneach, ol sé, acht issí in naomh-óg ro-m-coiméiccnigh um fhírinne na mbriathor so do fhaisnéis; agus dia derbadh sin ro thaispéin don athair go neimnech náimdighi in t-ionadh áirigthi agus in áit chinnte isin sépél i n-a mbuí in naomh-ógh in tan táinic in t-archaingel do neimh lesin techtairecht ón Athoir nemda, fóss in t-inadh i n-ar shessoimh agus i n-ar oiris in t-archaingel in céin ro buí ag tabairt na techtairechta uaidh. Ro fhaisnéidh ilimat do  p.140 scéloip agus mírbailip in tigi cenmothá sin ar forchongra in athar. A haithle na mbriethor sin gerruis in t-athoir comhartha agus signum na croiche césta. A gcétóir immorro tuitit trí spiruit dia ndupramar go mbátar fo chosoip in athor, an cethramadh spirut crochta frisin lampa, gan ar comus do nechtar aca comhfhortacht nó fóirithin di eroile. Cuiris in t-athoir d'fiachaibh ar in gcethror sin, as ucht in chomdedh chomachtaig agus naomMuire óige, co n-a mbátar do droch-spirutoib isin mnaoi n-uasail coiméirgi suass a ffraigtip na firmeinnte agus gan urchóidiugadh di ní badh mó. Iar sin tra sceinnit trí demoin oile asin mnaoi remráite. Du-s-rat gach aon scret agus éigem adpal-mór adhuathmar ós aird. La sodain tra éirgit a mórseiser a ffiadnuisi na poiplech d'éin-eitil aérdha énamail go ndechatar issin aer etorbuas a gcoimitecht na gaoithe glóraighi.  68 Tuitiss in ben uassal a gcétóir a ttaissip agus a ttáim-néloibh báiss. Ro mesatar cách a beith marp gan anmain. Ro-s-tógbadh a corp forsan altóir atá a ffiadhnuisi na fiodhair-delbe mór-mírbailigi adupramar. A gcenn trill ier sin ro hathbeóaigedh in ben uassal. Eirgis i n-a suide as urchomair cháich. Du-s-rat signum na croichi césta fo a gnúis. Tug altugadh buide dermhair don Mac mór-uilechomachtach agus dia máthoir mór-mírbailigh uman trócaire ndímóir dorónadh fuirre .i. athchor agus innarbadh na seacht ndiapal este ier n-aittreabadh agus ier n-inotacht ier gcéin máir dóib innte ier n-inmedón. Eirgiss as a haithle cen galar gan essláinti. Du-s-rat almsana móra do chomdach na heguilsi móire fuil timchuairt in tsépéil. Altaigit ina huile poipleacha la Dia co n-a máthair glórmhair na mór-mírbaili forcaomnagair. Ascnaiss in ben uassal agus a fer co n-a lucht coimhitechta go a n-athorrdha bhunaidh. Rángatar slán. Bátar ag comhfhognom do Dhia agus do Muire go a n-égoibh diaigh a ndiaigh a ndeig-bethaidh mharthanaigh go fforaithmhet agus go ndeuósion lán-línmar ar Loreto mírbaileach. Ba gnáth a mac-samhla sin do mírbailip ag a ndénom isin sépél naomhtha sin go follus fiadhnach do na huilip itir  p.142 chill agus tuaith, acht is eimilt a uile ferta agus mírbaile re a ffaisnéis. Ar aoi sin tra laipeóram aoin-scél amháin mírbailech ier n-a derbadh tria cloich áirighthi don sépél.

 13

Báoi aroile ardespog onórach airmitnech a prímh-chathroig Cambria a rígacht na Portengál. Odcloss dó clú agus alla agus oirrdercus ilmat fert agus mór-mírbal sépéil Loreto is ead ba menmarc agus ba hinntinn toltanach leis sépél do thógbáil agus do chomdach  69 a n-onóir agus a n-airmitin sépéil Loretolo. Ro siacht gusin Róimh. Buí aimsir imchian issin Róimh ag siúit lessin pápa ag a iarroidh a n-athchuingidh agus mar grássoip aon chloch amháin do sépél Loreto do thabairt dó badhdéin as go mbiadh aigi mar reliciass onórach issin sépél ba menmarc leiss do thógbháil i n-a espogóide féin issin Portengál. Iar n-aimsir imchéin du-ss-rat in t-athoir naomhtha maille re comairle agus re foghar ro-mhór an aiscidh agus an athchuingidh sin dó. Cuiriss a letrecha agus a aithne co n-a shéla mór go prióir Loreto dia erbadh fair aon chloch amháin don sépél naomhtha do thabairt don airdespog adupramar. Sagart altóra in airdeaspoig badhdéin mar thechtaire dearptha frisna letreachoib. Ier rochtain Loreto dóip taisspénait augdarráss agus aithne in pápa agus na cúirte Rómhánaighe don prióir. Ní ro léic imegla in pápa don prióir, ge gur dobrónach díbergóidech leiss, gan a aithne do choimhlínadh. Ascnáis in t-airdespog ón Róimh go cathraigh Thrent. Adbert go ndingnadh oirissemh agus comhnaighe issin gcathraigh sin go roichedh in gcloich gusin sacart altóra é. Benuis in prióir agus maccléirigh na heguilsi aon chloch amháin assin sépél. Ier ffogbáil na cloichi don athoir gluaisis as Loreto an céd lá do mhí Decembris do shonnradh, asside go cathraigh Ancona. Ro fhágoipset Ancóna in tres lá don mí chétna. Bátor ar siopal car gach aon laithe go forcinn na míssa sin amne, siad badhdéin co n-a n-eachroidh go mbrisedh croidhe saothair agus docomail agus gach imdhoraidh archena frisin ré sin. Ier sin rángator Terento. An t-airdespog ar a gcinn ag furnaidhe friú isin gcathroigh. A gcétóir ru-s-fuaratar a n-eachraidh uile báss  p.144 fo bhíthin a ffuaratar do sáothar agus do dhocomal ag imchar na cloichi.  70 Taisselbuis in t-athoir remráite an gcloich go sécréidech onórach don airdespog. Forffáiltigis uile chroide agus inntinn an airdespoig ier n-a faixin. Adbert ier sin sol do raghadh assan gcathraigh sin go gcuirfedh comdach agus imdénomh óir agus aircit i n-a hurthimchell, go gcomraidh nderscnaigthigh ndegh-oibrigthigh, go peinntéladh ndealraigthech sechtoir. Ro forbadh agus ro críchnaigedh go habaigh ullamh gach ní de sin. In tan ba toltanach lassan airdespog ascnamh go a atharrdha bhunaidh gussan gcloich leiss gabuis tra galor agus essláinte neimhnech é gur uo comhfhocus báss dó. Do reglamadh uile doctúiridhe agus fisice na cathrach dia innsaigidh. Adbertsat ná fitirset fon uile dhoman crétt badh cúiss essláinte dó nó cinnus ro buí aca comfhortacht ar bith do dénomh dhó. Ier sin do deachaidh in t-airdespog a n-égcruas agus a n-aimnirte adbal-móir. Ro thócoibset na doctúiridhe de ier gcor aithne i n-a aghaidh. Ó 'dchonnairc sagart altóra in airdespoig sin ba hedh ro taisspénadh i n-a menmain agus i n-a inntinn dó, ó dochuaidh leighess saogalta don airdespog, leiges spiratáilte d'iarraidh dó. Bátar cúpla do chaillechoip dupa onóracha a ndá mhainistir issin gcathraigh. Ro messatar cách a mbeith go ndeigh-bethaidh naomhtha. Eirgiss in sacart gus in dú a mbuí aroile díp. Ro égnaigh lé uile threplait agus anacair an ardespoig. Ro ierr uirre a n-onóir Dhé uile-chomhachtaigh agus naomMuire óighe guide ar a shon. Adbert in naomh-chaillech: Guidhfetsa fom dhíthill ar a shon agus ticidh-si dia in tres laoi dom aithreóss. Briathraigiss ier sin frisin dara ban-scál. Tingealluis mar in gcétna. Tic in tres lá. Fochtuis diaigh a ndiaigh do na caillechoip an dorónsat amail ro geallsat. Fregruis in dara ben dó agus isedh ro ráidh: Dorónusa tra mo dhíthill etorguide agus urnaighthe ar a shon  71 acht chena ba dímhaoin damh. Ní foláir dó go ro aisige a ndorat as naomh-shépél ógMhuire Loreto. As a haithle sin ba héittir go tticfadh do grásoip Dé agus d'fertoip na bantigerna comhaiseg  p.146 a shláinte d'fagáil dó. Téid ier sin gusin dara cailligh nduib. Ba coimhinann comhlapra dóibh. Bidhguiss agus ingantaighiss in sacart la cloisteacht na mbríathar sin, óir ba deimin leiss gussin tan sin nach roipe fiss scél nó séicréide na cloichi ag aoinneach issin gcathraigh acht ag in ardespog agus aigi badhdéin. Ier sin tra téid gussin ardespog go múich agus go ttoirrsi ndermhair. Adfét dó uile scéla agus briathra na mban-naomh. Gabuis aithméle agus aithreachus adpal-mór an t-airdeaspog. Aitchis agus etorguidiss naomMuire ógh. Du-s-rat a choipsena di aroile athair irissech. Admhaiss go truaighmélech tuirseach díbergóidech gur uo dímsach uaipreach ro ierr a n-aiscidh agus a n-athchuingidh ar an pápa gusin gcúirt Rómhánaigh an sépél uassal-naomhtha do bloghadh agus do urissedh. Ro thingheall ier sin fognomh frichnamach agus seruíss sírraidhi go forcinn a bhethadh do dénom do Muire maille re comhaisseg na cloichi go naomh-shépél Loreto. Lá sodhain tra trialluiss in t-airdespog in sacart remhráite gussin gcloich for sét Loreto ó chathraigh Trent timchell medhóin laoi dia haoine. Ní mór go rángatar amach assin gcathraigh amáin in tan fuair in t-airdespog comfhortacht ro-mhór ón uile treplait buí fair. Bátor a gcathraigh Ancona timchell medhóin laoi in luan baoi ar a gcinn gan saothar, dochor nó docomhal d'foghbáil dóip féin nó dia n-eachraidh seachnóin na sligedh. Eirgiss post ó chathraigh Thrent i n-a ndeghoid go scéloip sláinte in airdespoig go mbuideachus ndermhair agus go n-altughadh ndíchra do Muire óigh.  72 La sodain tra ro theglaimset sámhadh agus coimthinól Loreto agus lucht inotachta agus aittrebtha in tíre la cloistecht in sceóil. Ascnaid ieromh go cathraigh Ancona a gcoinne agus a gcomdáil na cloichi. Cóig léige ba hedh ro aistrighset. A prosesion onórach dóip ag térnódh go Loreto in dara feacht, go ndá míle laoch agus cléirech go lóchrann lán-mhór lassamail cíera a láimh gach aoin, an gcloich remráite ag a himachor go honórach airmitneach ag prióir na heguilsi. Bátor tra na hilmhílte do shlóghaip agus do shochaidhip cenmothá sin issin prosesion. Ar rochtain  p.148 Loreta dóip dírgit agus comhshuidhigit an gcloich i n-a hinadh agus i n-a hadbadh badhdéin amail ro buí ria sunn. A gcétóir immorro gremaigiss agus coimhlenuis an chloch go mírbaileach éxamail ingantach dia coicéilip comadhusa cloch-chomharsnacha oile mar nach biadh etorscaradh etorra riamh ón chét ló gussin tan sin. Atá go folluss re a taisspénadh do na huilip issin sépél ón uair sin anuass. Fiodhair na croiche céssta innte do shonnradh a gcuimhne agus a fforaithmet na mór-mírbal. Athascnáiss an t-athair remráite go ro riacht cathroig Thrento. Ro-s-fairnic in t-airdespog ar a chinn gan neimh gan galar gan doilgess mar nach gcomhairsedh urchóid fris, gur comhmóradh agus gur hoirrdercaigedh ainm Muire óighe agus onórachus a naoimh-shéipéil mór-mírbailigh trésna fertoibh adhamraibh sin.

 14

O'd-chonnarcatar immorro na haithrecha naomtha ru-s-bátar i n-a pápaidhip issin Róimh an ilimat fert agus mírbal so, ó ré agus ó reimhess in dara Paulus .i. in cóicedh pápa dég ar dá chét bátar a gcathaoir Petair issin Róimh gusan inbaidh sin, aóiss an Tigerna in tan sin míle ar cheithri chétt ceithri bliadhna ar trí fichit, du-s-rat in pápa so badhdéin, in dara Pauplus remráite, na loghaidh imlána so do  73 mhaithem a chinadh a peacadh agus a thurcbál do gach aon téid maille fri hinneithemh agus aithrechus agus lebargnímh do thurus Loreto, ó aóiss na haimsire sin gusin tan so, gach uile pápa dia ttáinic isin Róimh, go fedh dá pápa ar fichit go reimhess in athor naomhtha so Paulus Quintus, a aois in Tigerna in tan so míle ar sé chéd ar naoi mbliadhnoibh, ardaighit agus onóraigit mór-lóigidhecht Loreto diaigh a ndíaigh maille re daingniughadh gach priuiléide dia ttardsat na pápaidhi rompa dó. Messait agus brethnaighit cách gurab é Loreto, gan imressain gan cúiss chompráite nó chommórtuis ar bith, aoin-tegh amháin is onóraighi airmitnighe naomhtha mhírbailighi mór-lóighidhechta fon uile doman. Doratsat tra na pápaidhi remráiti ro-línmaireacht bronntanus agus deuósion don teg so as go ffuil ro-shaidbir costusach gusin uile riachtanus rices a les. Rígha agus prinnsaighi  p.150 agus daoine uaisle catoilce na crístaighechta ag cor ilimat do sheótoib uaisle onóracha óir agus aircit, clocha uaisle, bruit onóracha ildathacha, culaidheacha aiffrinn d'ilraidh agus d'éxamhlacht na n-uile dath, go slapradhoip derc-óir a presantoip agus a ndeuósion gusin tig si chena, mailli re deuósion in uile násion don chrístaigecht bít ag imthathaidhi chuice agus úaidhe. Fuair O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhi agus na daoine uaissle Eirennacha bátar maille friú, radharc agus taispénadh in óir-chiste sin. Ní rángatar roimhe sin riem a séd samhla.

 15

Pápa áirigthi dar comhainm {} dorat mar ardughadh glóire agus onórachuis don sépél naomhtha so, ro ordaigh aonach agus lá margaidh lá áirigthi do mhí Decembris gacha bliadhna do bheith i n-a fhochair, a bheith coimdíless do násion sa chrístaighecht toigecht gusin aonach sin. Dobheirit in lucht sin tra gusin mbaili agus gussin tír archena in uile riachtanus agus socomal ricit a less, as go ndeachaidh sin a ttormach agus a saidbres adbal-mór don mbaili agus don tír go huilidhi.  74 Is gnáth in línmairecht sin d'fertoip agus do mírbailip ó aimsir go haimsir issin sépél naomtha sin agus do shonnradh a n-inbaidh agus a n-aimsir na n-aonach so, dia mbeittis tengtha in domain a gcenn aon-duine, nach roichfedh leiss a rímh, a n-áiremh, a ttuiremh nó a ffaisnéiss. Ba himairgide són tra fo bíthin nár uó duine talmaidhi nó corparrda amail Adhomh ro cruthaigedh don talmain choitchinn ro inotaig agus ro aittreb ann acht ar Slánaigtheóir Iossa Críst ar n-a duiniugadh go mírbaileach on Athoir nemhdha a mbruinne na naomh-óighe, fóss nach do chnáimh duine amail Eupa ro cruthaigedh í, acht a geinemain i n-a hóig genmnaigh isin tigh sin amne a n-agoidh chúrsa nádúrtha. Ní trí haingil amháin ro bhátor issin tig si chena coimhinann agus buí ag in uassal-athair Apraham, acht comnaighe agus tairissemh an uile ord aingel agus archaingel. Ann fóss buí sossadh agus comnaighi ar Slánaightheóra Issa Críst fri ré naoi míss a mbruinne na náomh-óighe ó n-a ffuair in tegh sin adhamhrugadh agus oirrdercughadh fo bhíthin gurap ann amháin ro coimhchengladh diadhacht agus daonnacht Meic Dé bhí.  p.152 Messait cách mar inadh naomhtha sliap Taboir agus is fír són. Iar ffulang chroichi páissi agus martra d'Iossa Críst is de do-dheachoidh as a haithle ar deiss a athor. Is uaissle onóraighe airmitnighe adhamra in tegh so chena fo bíthin gurab ann ro geinedh agus ro hoilemnaigedh an Tigerna, gurab ann fós ro coimpredh ro geined agus ro hoilemnaigedh a mháthair mhírbaileach agus ro thochaith a huile laithe agus aimsir acht madh beg ar in saogal. Mestor bheós mar inadh naomhtha onórach oirdnidhe in tomba i n-a roibhe corp ar tTigerna marp gan anmain denuis-tréidhe agus as ar éirigh ó mharpoip as a haithle. Ba himairgidhe són tra. Is uaissle onóraighi airmitnighe go mór in tegh in ro geinedh, in ro hoiledh é, i n-a roibhi cien-aimsir beó ar in saogal, i n-ar thomail bíadh agus deoch go meinic aimserrdha; i n-a nderna supáilque agus conuersáit re n-a desciblaib, a ndénadh urnaighthe agus etorguidhe gusin Athair nemda gacha laithi.  75 Mess agus brethnaig ó éiffecht agus aughdarrás uile theghdhuissidhi agus inadha bennaigthe rúndiamra mór-lóighighechta mír-bailecha in domain, tuicc agus creid nach ffuil cúiss chompráide nó chommórtuis eitir in tegh so agus aoin-inadh díp. Is é amháin is uaisle onóraighi oirrderca adhamra oirdnidhe bennaigthi mírbailighe dhiadha trócairige éxamhla ingantaighe. Is éittir tegh Dé agus a máthar do chomhgairm ar in saogal so de ier n-a imchor agus ier n-a thairmchéimniugadh go mírbaileach ar guaillip agus ochtoip aingel agus archaingel in choimdedh chomachtaigh.

 16

Doratsat tra rígha agus prinnsaighe agus aoss gach titail archena do chatoilcip na crístaigheachta in gcoibhéis sin do bronntanus óir agus aircit, do chlochoip uaisle, do sheódoibh éxamhla ingantacha airmitnecha, don uile innstrament na heguilsi naoimhe ó deuósion díchra dó go ffuil ar thigthib saidbre costusacha na crístaigechta gusin prímh-egluis is deissi deg-fhoirgenta deig-dénmaighe a fformhór na crístaigheachta go srethoip do cholomhnaib marmair aíngil i n-a urthimchell go ttairimthecht chomthrom choimhréidh do chlochoib coimlethna marmair. Sibal laoi go n-oidhche  p.154 óthá Loreto go leith-imel ríghachta in Turcaigh. Cocadh agus conbhlicht go sírraidhi suthain eittir in pápa, cenn na heguilsi, fer inaidh Dé a ttalmain, agus in Turcach, ar aoi sin cena dia línmaire fecht agus slóighedh dorónsat na Turcaigh issin Edáill agus ar comhghar in baili do shonnradh, táinic tré grássoib agus mírbailip naomMuire óighe ná ro urchóidighset ó beg go mór do Loreto oldás do lucht a aittrebtha agus a inotachta, fós na ro chaomhsat toigeacht fo dá míle go leith i n-a imfhoixi ríamh.

 17

An pápa dar chomhainm in dechmadh Leo conrótacht leis  76 múr daingen díthoghlaidhi, go n-iúdúsaip deptha agus dechétfaidhi agus go túroip treapar-dhaingne trén-láidire, go n-ilimat canón riagalta agus gach ordanáiss móir archena, co n-a n-uile riachtanus i n-a móir-thimchell agus a uir. Trúp marclaighi gárda línmar saigdiúir go sírraidhi suthain ón pápa ag a imchoimhét d'oidhche agus do ló ar nach ttairsitis bith-náimhde na hecuilsi a bhaogal.

 18

Cebé dianab áil turus mór-lóigidheachta Loreto do dhénomh ní foláir dhó go ru-s-tarda dia úidh gurab o deuósion díchra agus ó innfheithemh fírinneach aistrighess chuicce agus nach ó chúis no chaingin saogalta nó aimserrdha. Ier ttabairt a choipsen go huilidhi gan urchuidmedh fon doman an sacrament naemhtha do chaithemh. Seachnadh tra agus imgabadh droich-descipal gussin uile chúis as a tticfadh peacadh marptha. Madh dia ttegmha immorro egluss isin mbaili i n-a n-oirisfe in t-oilithreach gach n-oidhche, dénadh sléchtaine go n-urnaighthe ndíchra ndúthrachtaig go naomMuire. Bíodh nach biadh eglus issin mbaili dénadh-san urnaigthe go séicréideach rúndiamair a n-aimsir luighe agus éirghe i n-a chubhachal chodalta. Eistedh aiffrenn gacha domhnaigh do shonnradh. Ní seachbaidh go ttarta go fiú a chomhaing déirc agus almsa do bochtoip agus d'aidhilgneachaibh in choimdedh chomhachtaigh. Madh día tteghma go nach biaidh ar commus dó in déirc do thapairt úaidh taisselbadh tra a dheigh-inntinn do na bochtaibh. Canadh Aue Maria amháin do ráith anma gach aoin. Dia nu-s-teacmha  p.156 athtuirsi inntinne nó díbergóit dhoimenman chuice tardadh fidhair agus signum na croiche césta i n-a urthimchell. Smúainedh ier sin ar páiss Críst nó ar supáilcip agus trócoire naomhMuire óige, ar in mbás is airchionn  77 do gach aon, ar breithemnus laoi brátha, ar glóir agus aoibhness agus adpchloss in flaithemnuiss uachtaraigh a ffrithchétfaidh na Trínóide nemdha, naomMuire óige, aingel agus archaingel agus naoi ngrádh neimhe ná tairmdheachator, ar pientoip dírimhe dofhaisnéisi iffrin a ffrithchétfaidh Lucifer co n-a daosgor-shlógh demnaidhe, airm a ffuil agus i n-a mbiaidh imat agus éxamhlacht ina n-uile pien agus todhérnamh tré bith sír, airm a mbiaidh crith for détoip agus toleagadh rosc, fuacht agus gorta, tess agus tart, dorchato dermair dífhulaing, comhaonta agus comhaittreb fri gnúissip daoscar-shloigh demnaidhe, nó tugadh dia úidh páiss agus martra aroile do na hapstaloip uaisle adhamra, nechtair do naomhoip nó d'fírénchaibh dier fhulaingset báss agus martra ar in mbith ffrecnairc si ar son Dé uile-chomhachtaigh, nó smuainedh éicin oile díadha d'inotacht agus d'aittrebadh i n-a chroidhe a n-áit agus a n-inadh in droch-smuainidh amne. Bídh go hairech innill urnaigtheach seachnóin na sligedh. Tardadh dia aoídh ná ro chaille mór-lóigidheacht a deagh-thuraiss fri buaidhirt agus aimsiughadh in adhuerseóir. Dia no-s-teacmha magh sciemach scoth-shemrach go-n-imat mbláth agus gach degh-thoraidh archena fris, smuainedh ar shoillsi, ar ghlóir, ar aoipness pardhuiss. La cloisteacht chelipartha na hénlaithe smuainedh ceól comhmbinn agus claiscetal ceólmhar aingel agus archaingel na Trínóide nemdha. Ruibéir ro-aóibhne agus min-srotha fír-uisce do thegmáil dó, smuainedh tra sásadh agus glóir neimhe naomh-ainglidhi. Ier ttegmáil dó a nglenntoip doimhne dorcha agus a ndroibéloip diamra docomhlacha smuainedh ar pientoip éxamhla uathbásacha agus ar dhorchacht dífhulaing dofhaisnéissi iffrin.

Tadhc O Cienain do scrip agus tabairsi mile [b]ennacht for a anmain et cetera 1609.

 78

Ascnáidedh agus céimnigedh diaigh a ndiaigh gacha laithe, do réir a neirt agus a chomhaing, nó go roichidh forcinn a thurais. Tuigedh tra agus smuainedh ó n-a uile chridhe go ffuil a reimhes agus a ré ar in mbith ffrecnairc si ag a tochaithemh gacha laithe go ru-s-siasat fo dheóigh gusin gcrích ndeigenoigh.  p.158 Ní foláir do na huilip go ro oirichlit go hairech imomhnach imchoimhétach in slige sin, óir issí amháin crích déighenach agus cinnem fhír-chinnte gach aoin. Mad éitir leis ticedh ó ló gusin mbaili as go mbiaidh aimsir imchupaidh sléchtaine agus urnaighthi issin naom-reclés bennaigthi aigi sol raghus día chodal-tigh. As a haithle tra caithedh in sacrament naomhtha ier ttabairt a uile choibsen do léir ó chroide ghlan. Dénad in turus ierdain ó innfheithemh agus ó deigh-inntinn tessaide spiritáilte go n-aithrechuss n-imlán i n-a peacoip agus i n-a dupáilcip, go fforaithmet páissi Críst agus breithemnuis brátha, go ngrádh foirbthe dia chruthaigtheóir agus dia chomharsnachaibh, go n-altughadh buide agus reuerens ro-onórach don naomh-óigh nemdha fo bíthin gurap i n-a hainm agus i n-a honóir ro-s-fuair in teagh bennaighthe grássamail sin an uile mór-lóigidheacht agus priuiléit. Aitchedh agus etorguidedh in Mac mór-chomachtach agus a máthoir mírbailech a ffrithchétfaid na fidair-deilpe Muire agus na croichi ro remráidhsemar um sláinte anma agus chuirp d'fogbáil dó badhdéin ón choimsigh chomachtach ar impide agus ar foláiremh na naom-óige, a uile riachtanus imchubaidh cenmothá, deg-stáit agus grása in pápa agus in chreidimh chatoilce agus lochta a chothaighi, go macoip eguilsi Loreto do shonnradh, go supáilcip in naoim-shépéil badhdéin. A fforcinn a thurais madh  79 éidir laiss canadh in psalm Te Deum laudamus, nó tucadh do réir a inntinne buidechus adpal-mór don Slánaigtheóir fo bíthin a threóraigthe gusin naoim-theagduiss mór-loigidhechta sin. Tabradh dia úidh ier sin na ru-s-tegma d'aimsiughadh nó do chathugadh in aidberseóra dó, a haithle a thuraiss agus a oilithre, míchinnemain nemchonáich assa gcaillfedh in degh-thurus mírbaileach mór-lóigidechta du-s-róine. Oirrdercaigit agus innissit agus adhamhraigit na hoilithrigh do na huilip chinedhachaibh ru-s-tegmat friú in méitte bus cumain leó d'fertoip agus mírbailip in tighi sin tra, as go ngabait lucht a nemthathaidhi imthnúth adbal-mór chom a thuruiss agus a chuarta do thabairt, as a ticfa saoradh agus comfhortacht  p.160 anma agus cuirp dóib badhdéin go scris ngalar agus aingcisi agus gacha dodhaingi archena, go nglóir agus go n-adbchloss don Athoir nemda agus do naomhMuire óigh ro thoirbir na mór-grássa sin dó. Gacha sathairn go sírraidhi cantar a gcanntairecht commbinn go n-orgánoip ceólmara agus go múisice gné letán ro chuirset an eglus amach a n-onóir do Muire d'oirrdercugadh agus d'adhmolad na fidair-deilpe adupramar.

 19

Guidhmit-ne tra aitchimit agus adhramait in coimde comachtach ro-dus-cruthaigh agus ro-dus-cennaig in Adhomhchlann, in naom-ógh nemda ru-s-fuair na mór-mírbaile si don sépél uassal éxamail si, go ru-s-tardat dúinn ar in mbith ffrecnairc si slighi a n-ascnaidfem, a gcéimnigfem, a ttreóraigfem gussin sossadh nemda agus gusin síodh suthain, go ná rabam a n-inotacht nó a gcomhaittreb re diapal co n-a daoscar-shlogh, acht a n-aontaidh aingel agus archaingel, uasal-aithrech agus fháidhedh, naomh agus naomh-ógh in domain, a n-aontaidh apstal agus descipal meic Dé uile-chomachtaigh, a n-aontaidh déachta aguss daonnachta meic Dé,  80 a n-aontaidh naoi ngrádh neimhe ná tairmdhechator, a n-aontaidh naomMuire óighe, isin aontaidh is uaisle nó gach áontaidh, a n-aontaidh na naomThrínóide uaisle, Athair Mac Spirut naómh. Ailem trócoire Dé uile-chomhachtaig tre impidhe naomMuire go ríssam go ro aittrepam an aontaidh sin in secula seculorum. Amen.

92.

Iar n-atach agus ier n-etorguide naomMuire óige agus a meic mírbailigh issin sépél naomhtha sin agus ier ndénamh a tturais do léir do réir uird na heguilsi, ceilibhraiss O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhi agus na maithe ru-s-bátar maille friú, don fhiodhair-dheilp grásamail, don chroich ro ráidhsemar, don naom-shépél diadha, don prímh-egluiss archena. Ascnaid agus céimnigit for sligidh na Rómha an tres lá fichet aprilis, dia cédaoin ar aoi laithi sechtmaine do shonnradh, 1608. Gabhaít tre prímh-chathraigh Recanati aon léige amháin óthá Loreto, iar sin go cathraigh Maserata, ria ndeóigh laoi go Tolentino. Seacht léigi ro aistrigset in lá sin.

 p.162

93.

Ar n-a márach dóip triasan mbaili dier comhainm Ualsimára tre baile oile Poluerina. Assa haithle tra go Mutsia go Nueuocasa, naoi léige uile. Dá loch chomfhairsinge, do leith-leith na sligedh in lá sin. Iar sin dóibh go baile dess daingen dar comhainm Sarauale, des-lám fris ba hedh ru-s-gapsat, as a haithle tre baili ro-fhata édlúith Uerchianno gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier comhainm Fulino. Baoi aroile díthrebach go ndeigh-bheathaidh a scailp comhadhpail cairrgi do leith-imel na sligedh. Duirrtheach agus aittreb dia lámhoip badhdéin ar n-a imdénomh leiss a n-inmedhón na cairrgi cenn-gairpe sin. Eirghiss in t-íerla agus an barún, Maguidir agus mac Uí Domnaill, drong do daoinibh  81 uaissle dia gcoimhiteacht, do dénomh oilithre agus turaiss ótá Fulino gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier chomhainm Assidhis, airm i n-a ffuil corp in naoimh-érloimh uassoil oirrdirc adhamra oirdnide, id est, Sanctus Fransiscus, dier comhlán in chrístaighecht go huilide dia shupáilcip agus fertoibh agus mírbailip, for ar mhuidhset cóic créchta a ffidhair agus a fforaithmet páisi Críst agus na gcóic n-áladh do shonnrad. Atá immorro a chorp go n-onóir agus  p.164 go n-airmitin, go ffertoip agus go mírbailip, a soilér thalman ag a chongbáil suass go grásamail éxamail ingantach gan buain aigi frissin talmain faoi nó frissin boutain uassa chenn. Ní cetaigther lessin egluiss a fhaixin acht mailli re haughdarráss agus ced spesialta ón pápa. Generál in auird minúir sechnóin na crístaigechta gusna cétoip do bráithrip agus d'aithrechoibh onóracha for a gcinn issin mainistir. Gabhait chuca na hEirennoigh sin go ro-onórach forffáilidh. Ier sin dognít a tturas mór-lóigidhechta. Taisealpthar ilimat do roignibh relicias dóip. Ascnaidhit a n-iermoracht Uí Néill ierdain.

94.

Gabuis O Néill go Montefalto. Aroile reclés issin mbaili sin i n-a ttaispéntar go follus do na huilibh corp Sancta Clara ro buí i n-a hingin ag diúc Lombardi, ier gcomchlaochlúdh bethadh dá chét bliadan roimhe sin, sí go ndeigh-bethaidh naomhtha ar in saogal. Ní mór aittherrach nó claochlódh ar bith doróine a corp, acht mar do bhiadh i n-a toirrchim codalta. Céssadh Críst eitir a lámoip bennaigthe. Ord onórach chaillech ndup ro bennaigedh i n-a hainm badhdéin ar gach taopa di. In tan ro scoiltedh a croide ier n-a hégoip ru-s-fríth stair agus instrament páissi Críst ier n-a gcruthugadh agus ier n-a n-imdénomh ann, fidhair chroiche agus choróine, chassúir agus pinnsúir, sleigi agus sgiúrsa, go ttrí ttairrngibh.  82 As a haithle sin tra ro-s-fríth trí gema uaisle oireghdha i n-a croidhe. Cutruma comthroma coiminann comméide dóip. Aon chloch amáin díb do chor a meidh thomuis dobeir comthrom don dí cloich oile. Feacht n-aon dia ro tescadh screpal beac dieroile chloich ndíp, an screpal amne do chor a meidh thomais, dobeir comthrom cert do na trí clochoip. Messait tra agus brethnaigit diadhairidhi na heguilsi agus tráchtairidhi in screptra naoimhe gurab a ffidhair agus a fforaithmet na naemTrínóide  p.166 nemda athair mac spirut naómh is comhshuthain coimhinann cutrama ro cruthaigedh na trí gema lógmhara sin a gcert-medhón croidhe na hóighe gusna hairrdhenoip ro ráidhsemar. Aroile do méroip Sancta Anna .i. naom-máthair óg-Muire, corr-mhér a clé-láimhe do sonnradh agus in uile reliciass adupramar re a ttaispénadh do na huilip gacha laithi a ffochair cuirp na ban-naoime uaisle issin eagluis sin.

95.

Ier ndénom a thurais d'Ua Néill agus día lucht coimitechta issin reclés sin ascnaidhis as a haithle go ro siacht gussin prímh-chathraigh díer comhainm Spoleto léigi sí daingen daoineachair ar n-a comhshuidiughadh ar ferann chomthrom choimhréidh do lethtaop sléibhe ro-airtt. Is meinic immorro urchóidigess tuile teinnesnach tolcánach trén-tuinnsemach in tsléibi sin do lucht inotachta agus aittrebtha na cathrach ier n-inmheadón. Gnáthaigit gné dhroichet thairmchéimniges adiu agus anaill uas na sráitibh itir theghduissip na gcomharsan a n-inbaidh agus a n-inam in tuile threathain sin do bheith aca. A cethoir dég d'eguilsip onóracha uassan gcathraigh ar lethtaop in tsléibhi. Sépél is lór feabhus i n-a fhír-mhullach go n-ord S. Pronséis gusin altóir is daoire dheissi dealraighthighe issin rann-chuid sin don Etáill. Caislén lán-daingen go mbárdoip láidire línmara ag in pápa isin gcathraigh.  83 Droichet ro-maith is lór comháirde issin doman ier n-a imdénomh go hinntlechtach óthá in caistél go leith-imel in tsléibhi.

96.

Gluaisit na maithi si ar n-a márach go Strectura, go Terni, go Nerni, go Hotriocli. Aon léige dég issedh ro ascnaidset in lá sin. Dia domnaigh in t-ochtmadh lá fichet aprilis 1608 céimnigit rompa ier n-éstecht aiffrinn go Teuere, cathair i n-a mbít báit ag imchor daoine agus eachraidhi tar ruibér ro-láidir na Tipiri. Asside tra go Borgeto, go Ciuita Castellana, go cathroigh Rignano go Castel Nouo.  p.168 Dá léige dég issedh ro aistrigset. Ba hécnach dóip ótá sin clogáis agus ballaidhi na Rómha.

97.

Ar n-a márach dóip go Prima Porta trí léige. Furnaigit ann an oidhche sin. Léicit daoine rompa gusin Róimh. Ier sin go Pounte Male dá léige. Du-s-riacht Petrus Lombardus ardespog Aird Macha agus prímáidh na h-Erenn go ndescipal onórach i n-a choimitecht go línmaireacht cóistidhi ó chardenáloip i n-a gcomdáil agus i n-a gcomairrchis cusin dau sin. Téit stíuartt gach aoin fo leith do droing áirigthi do na cardenáloip i n-a gcoinne d'forffáiltiugadh friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm na gcardenál. Eirgit a cóistidhip as a haithle. Céimnigit go ro riachtsat in Róim. Porta Popule comhainm an gepta do shonnradh ar a ndeachsat astech isin gcathraigh. Gluaisit ier sin go ro-onórach tré prímsráidip oireghdha na Rómha. Nír hairissedh leó go ro riachtsat prímthempall Petair in Uaticano. Scuirit a n-echraidh ann. Eirgit astech isin eacluis. Dognít sléchtaine. Timchillit a modh thurais na secht prímh-altóra príuiléidecha mór-lóigidhechta fuilet isin egluis. Ascnaidhit ier sin go pálás ro-onórach ro ordaigh naomhthacht in pápa dóip a m-Burgouechio Sancti Spiritus. Bátar tra cóic cóisti dég gusin sé d'eachroidh  84 ag comhtharraing gacha cóiste acht madh beac ag tairmchéimniugadh  p.170 dóip tria prímh-shráidip comfhata na cathrach in lá sin do shonnradh. A haithle a n-aistir agus a n-imthechta oirissit agus comnaigit ag léicen a scíssi agus a merten gusin domnach ar a cinn.

98.

An cethramadh lá do mhí maíí domhnach ar aoi laithi sechtmaine aoiss in Tigerna in tan sin míle ar sé chét ar ocht mbliadhnaibh ro thoiligh naomhthacht in pápa dóip as go ragdaois i n-a persanoibh badhdéin dá láthair in tres uair ier medhón láoi. Cuirit na cardenáil buidhen do chóistidhip ro-mhaithi go n-eachraidh ba lór feabus agus deissi issin doman i n-a gcomhairrchis dia gcoimh-threórughadh gusin dú i n-a mbaoi in pápa. Eirgit gussan páláss ro-onórach dar comhainm Monte Caualle. In t-athair naomtha Paulus Quintus ar a gcinn annsin. Ar ndol dia láthair dóip gabuis chuice go ro-onórach grássamail móránta forfáilidh iad. Ier sin doratsat badhdéin co n-a lucht coimhitechta diaig a ndiaig póic dia chois bennaighthe maille fri humhla agus reuerens. Bátar tra timchell uaire do ló i n-a láthoir, é onórach supáilcech degh-aigthech ag comfhierfaighi a scél agus a n-echtra frisin ré sin. Gabhait a gcet ier mbenedixion mbennaigthi d'fogbáil. Dobeirit altugadh do Dia agus don athair naomtha fo bhíthin a onóraighi airmitnighi ro thaisspéin a shupáilce mór-thrócairecha dhóip. As sin dóip go cardenál Burgeis mac derpsethar in pápa. Ba fáilidh rompa. Ier sin gussin páláss i n-a mbátar díss derbráthar in pápa. Fáiltigit friú. Ro gapsat as a haithle go hambasadóir rígh Frannc ro buí ag fágbáil na cathrach ar n-a márach do shonnradh. Comnaigit cusin día dardaoin buí ar a gcinn. Bátar tra cardenáil na cathrach  p.172 frissin ré sin ag cor méitte áirigthi do dhaoinibh uaisle adhamra agus d'oifficechaibh ro-onóracha d'forfáiltiughadh friú aguss dia nglacadh go hairmitneach as a n-ucht badhdéin.

99.

 85A haithle a scíssi agus a n-aistir cuirit rompa cuairt do dénomh ag na cardenéloip diaig a ndiaigh i n-a pálássoip badhdéin. Dia dardaoin do shonnradh in t-ochtmadh lá maíí éirgit do láthoir chardenáil Colona, sen-Rómánach uassal d'fír-threib in tsenaidh Rómánaig. Gabhuis chuigi go honórach. Acht atá ní chena, do rónsat cuairt fo leith ag gach aon do sheacht gcairdenáloip dég ar fichit diaig a ndíaigh. Bátor uile tra go degh-aigthech forffáilidh onórach rompa. Bátor cóicer cardenál oile issin gcathraigh nach rángatar a ffaixin sol do fhágoipset in gcathraigh.

100.

Día dardaoin desgabála do shonnradh in cóicedh lá dég maíí gacha bliadhna dobeir in pápa benedixion generáilte go follus do ua huilip catoilcip theagmus as a urchomhair. An lá cétna sin chena ro togadh do na maithip si bheith a páláss chardenéil Ascoli a ffrithchétfaidh páláis móir in pápa. Is gnáth lasna hilmíltip do daoinip toigheacht d'ierroidh in benedixion sin. Iar sin adchíd an t-athoir naomhtha ag teacht ar ailiff 1 aird aoibhinn fuil a leith-imiol in páláiss sí ar n-a himfholach do bratoip saitín agus síoda d'éxamhlacht na n-uile dhath. É féin ag a imchor go honórach airmitneach a gcathaóir dheiligthe dealraigthigh sí ar n-a comdach d'ór agus do miliuent deirg, a choróin derg-óir ier n-a himchengal do démont agus do chlochaibh uaissle um a chenn. An chloch uassal ro buí ag comdúnadh a bruit éxamail ro chosain {}. Na cairdenéil agus na hespoig i n-a urthimchell go canánchaibh agus maccléirchip thempaill Petair. A gárda saigdiúir Suser ar gach taepa de. Dá thrúp ro-mhóra marcslaighi ba lór dian-fheabhus  p.174 isin doman, eitir arm eachroid agus éideadh co n-a persanoip urdhalta, as a urchomair.  86 Eirghiss in t-athair naomtha as a haithle. Du-s-rat benedixion bennaigthi grássamail mór-lóigidechta do na huilip chatoilcip ro bátar as a urchomair. Gluaississ issin innioll chétna gusin páláss as a haithle. Ro seinnit na trompaidhi maille re commbualadh na ndromaighi íer sin. Ro scaoiledh ordanáss mór in páláiss agus Chaisléin na nAingel diaigh a ndiaigh. Do badh cúiss ingantuis le fer a nemthathaidhi bheith ag faixin a ttrethain agus a ttormáin eitir chóistidhip agus eachraidh agus ordanáss. Ro buí cardenél Ascoli go forfáilidh supáilcech frisna maithip si. Ier ffogbáil benedixion an athor naomhtha dóibh du-s-rat-san bangcéd onórach costusach dóip. Eirgit assa haithle dia pálás badhdéin.

101.

In sathorn buí ar a gcinn in t-ochtmadh lá dég maíí 1608 do deachaidh in t-ierla go ndroing do na daoinibh uaisle do dénomh turais mór-lóigidechta seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Oidche domnaigh chingcíssi do shonnradh ro buí espart sollamanta ag in pápa isin sépél dier comhainm Capella Paulinus. Du-s-riacht tochuiredh ar na maithib sin chom an espairt. Eirgit uile a gcétóir acht amáin ro buí gné égcruais fiaprasa ar in ierla. Ro togadh inadh onórach d'Ua Néill a n-imfhoixe an athar naomhtha as a urchomair badhdéin. Ier gceileabhrad in espairt onóraigh ticit buiden do bhráithrib sanct Dominic, timchell dá míle éicin bráthar, do láthair in pápa. Ro bátar tra a modh prosesioin ier ttogha generáil áirigthi orra badhdéin agus ar a n-ord sechnóin na crístaigeachta in lá sin. Doratsat uile deóigh a ndeóigh póic do choiss in pápa. Dobheir benedixion dóibh agus do chách archena. Gluaisis dia pálás ier sin. Eirgit cách dia ttigthibh.  87 Domhnach cingcíssi do shonnradh ro buí státion onórach go loghadh na n-uile peacadh a prímh-eclais S. Spíritus. Do-deachatar na maithi si chom aiffrinn agus esparta ann. Seruís  p.176 Dé ar onórachuss na crístaigeachta go huilidhi issin egluiss go n-ilimat sacart ro-onórach agus do preghláidip príuiléidecha gussin gcóraigh channtairechta ba lór dien-fheabus issin doman go ndá péire nó a ttrí d'orgánoibh ceólmara comhmbinni go ro-imat d'innstramainntip múisici agus ciúil cenmothá sin.

102.

Ar n-a mhárach dia luain éirgit orpháin na heguilsi sin a prosesion onórach go tempall Petair. Drong do gárda in pápa a remhthúss na sligedh rompa agus ar gach taep sagart onórach airmitnech ro buí i n-a ierla agus i n-a chommendator uassin egluiss go maccléirchip na heguilsi go huilidhe siad go gcanntairecht chomhmbinn ag céimniugadh i n-a ndeghaidh. Eitir fer-scáil is ban-scáil ba hedh a nuimhir re a gcomhairemh triar ar cheithri fichit ar cheithri chéd. Bátar tra móirsheiser ar dá fichit ar tríbh cétoip d'óg-mhnáibh díb sin. D'fer-scáloip óga ná ro sháraigh in t-aon ba sine a cheithre bliadhna dég sé fir dég ar chéd. Clann in pápa comgairmther díp so fo uíthin nach mór go ffitirset cách aithre bunaidh mhóráin díp, acht grássa an athar naomhtha dia n-oilemain agus dia gcongbáil suass ar son Dé. Tré gráta áirighthi ieroinn comhchuirther gach lenbán díp astech issin eacluis ria gcoimhlínadh cheithri ló go n-oidche dia n-aoiss ar in saoghal. An coimhlín ná ro gap baistedh roimhe sin díp baitsither an tan sin íed. Tógoibhther suas ón aimsir sin amach gach aon díp a ttaop oilemna agus foghloma agus gach taparta suass is imchuibhde archena go cor deigh-chríche orra. Is gnáth ueronica .i. naipicín uassal oirrderc mls unit="ms page" n="88"> mór-mírbaileach ro chomail ban-naomh in chomhanma sin do gnúis geil-deirg gruadh-chorcra agus do glan-aghaid glórmair chréchtnaighthi ar Slánaigtheóra Issa Críst in tan ro buí fo dhaoirsi agus docomal agus aimhnirte fo lámhoibh námat n-éttrócar ag imachor chroichi a páissi agus a martra gussin gcoróin spíne um a chenn a haithle a ffuair do péin agus do  p.178 pennait roimhe sin, do taispénadh don chloinn si in pápa in lá sin é. 2 Atá go ffidair dheilbhi agus aigthi Críst ier n-a choimhlínadh agus íer na uassal-peinntéladh go mírbaileach éxamail dia fhuil luachmhoir badhdéin. Ro taisselbadh dóip íer sin cenn na sleighe slinn-leithne do chuir Longinus tre chompar croide Críst in tan ro buí marp gan anmain a gcrann na croichi. Bátar na hóg-mhná tra a n-édaigip maithi dessa, drong díb go n-innill agus go ndeilp n-imchubaidh. Ro póssadh sé mná dég in lá sin díp, an pápa ar n-íc a ttinnscra. Mar chúiss onórachuis agus sollamantuis do na hóg-mnáip pósta sin ní lugha ná dá míle persa fuair fésta agus fledhachus a S. Spiritus in lá sin agus an oidhchi do shonnradh a ffécmhuis sámaidh agus choimthinóil gnáthaigh na heguilsi badhdéin.

103.

Prímh-eaclus dhiadha onórach ro-chatharrdha S. Spiritus ar n-a comdach ó thúss le násion áirigthi don Germáinn dier uo comhainm Saxonie. Ba hedh a ainm as a haithle Sassiae. Ier n-eitirdealugadh agus ier gcomhscaradh dó frisna Germáinneachaibh du-ss-rat in pápa Innosensius Tertius onóir agus airmiten ro-mór dó go mbronntanus agus deuósion dermháir go saidpress císsa agus ferainn. An pápa dier uo comhainm Sextus Quartus do-rat ro-ardughadh mór i n-a uile riachtanus don reclés so.  89 Ro thógoip agus ro chomdaigh ilimat do theghdhuissibh onóracha costusacha deigh-dénmacha ann. Mestor agus brethnaighther tra, ar in taep amoigh d'ainm in pápa, dia impriulacht agus dia ríghacht, do gach mital óir agus aircit comhmbuailter dhó, go roipe in tegh so amháin a gcompráit chíssa gacha bliadhna friss, óir ba fiú timchell fichet míle coróin gacha míssa é. Iar n-a fhaixin sin don stát Rómhánach ro benatar rannchuid agus uirbhernadh go fiú dá míle coróin gacha míssa de. Ro choimhchengailset sin fri beathaidh in pápa. In méide is lugha dhe ocht míle dég coróin aige-sen gacha míssa. Tic  p.180 sin timchell cheithri míle dég is dá fhichit míle ponnta gacha bliadhna. Cebé do messfadh gurab mór agus gurab dírimh an betha agus an tigernuss aoin-eguilsi amáin so tuigedh tra gurap adhpal agus gurab difhaisnéissi in daidhbhir agus in bhuaidhirt atá i n-a deghaidh. Ní lugha tra nó deich míle persa co n-a n-uile bhethaidh chostus agus gach riachtanuiss archena ag a ttabairt suass a ngioll ar in tig sin a ffégmuis na heguilsi agus innte ier n-inmhedhón gach aon-ló issan mbliadhain. Ospitáil onórach mor-chostuiss ar láin-fheabhus na crístaigheachta issin egluis sin ar a mbí gabáil go gnáth agus forffáilte grássamail fris gach n-aon don uile násion issan crístaigeacht do lucht trebhlaide agus essláinte galoir agus fiaprassa, go ndoctúiribh onóracha inntlechtacha agus go leagoip láin-eólcha dia ffrestal agus dia ffritheóilemh. An méide is lugha dhe céd coróin ón tigh mar chrodh fris gach mnaoi dá ndupramar pósfus fer. An chóra cléirech canntairechta gusna haithribh is onóraige agus is ferr seruíss Dé a fformhór na crístaighechta uile issin egluis sin. A n-imfhulang agus a gcongbáil suass a mbethaidh agus a n-édaigib imchuibhde onóracha mailli fri comdach agus comfhoirgneamh na heguilsi do gnáth ar chostus agus chíos in reclésa sa badhdén.  90 Congbáil suass agus onórachuss in uachtaráin atá ag guibernóracht uassin egluiss co n-a dhescipal úas a chenn so. Mesait agus brethnaigit cách go ffuil ar na daoinip is onóraighe shoirbhe shuaimhnighe nemmbuaidirthe betha agus tabairt suass issin crístaigheacht uile. Mainistir ro-mhaith go gcailleachaibh dupa línmara ar costuss na heguilsi ier n-a himdénomh agus ier n-a comdach fo íadhadh a ballaidhi. Na hóg-mhná adupramar, gach aon díp gabhuss spirut genmnaighechta do láimh is chuca téighit. Is aca teagaiscther agus tógoipther suass go huilidhi iad go tteacmhann do gach aon díp in fortún agus in chinnemain bhus toltanach la Día. Imat immorro maigistrech ag teacusc agus ag foghloim isin egluiss gacha laithi don chlann-mhaicne si in pápa. Teaguiscit trá creidemh  p.182 eguilsi Dé, canntaireacht agus múissice agus léighenn agus gach foghloim imchupaidh archena dóip go mbeirit ar gné dia gcéill agus dia ttuixin, gach aon díp gussin tabairt suas bus toltanach leiss badhdéin do réir mar thaispénus Dia dia supáilcip dhó. Messait cách fri torbha puiplidhi ann féin íer n-inmhedhón an tegh so fo uíthin go ffuil a uile riachtanuss agus imfulang ann badhdéin. Ní hé amháin acht atá in méide sin do na huilibh chethroip agus treótoip aigi go ttarttann feóil re a cennach d'formhór in tsenaidh Rómánaig co n-a uile riachtanus badhdéin. Fóss atá d'ilimat fínemhna agus do mhaighnessoip mór-fhairsinge cruithnechta agus gacha degh-thoraidh archena aige, ní imfhuilngess dronga móra do na Rómánchaibh ós cinn a riachtanuis; d'eachraidh áloinn adhbal-mhóir Edáilligh agus do greghoip is lór méd agus deissi isin doman, dogní eachraidh mór do na Rómhánchaibh mailli fri saothar agus tinrumh uile thoisci agus timthirthecht an tighi badhdén.  91 Ar úairip áirighthe go línmhar bíd timchell míle persa do lucht fiaprusa tessaighi teinntighi agus gacha essláinti archena a n-ospitáil in reiclesa remhráite. Adeirit cách gurap é in tegh sin gan imbressain aoin-tegh amháin is dércaighi thrócairighi shaidbhre chostusaighi issan crístaigheacht agus is bith-bhuaine onóraighe seruíss Dé agus is fearr i n-a ffuil gach éin-ní inndénta a modh imqubaidh. Stair agus fidhair chroiche Críst issin egluiss a rann-chuid ro-onóraigh mírbhailigh ó ffuair in egluss adhamhrughadh agus oirrdercugadh dogní ilimat fert agus mírbal gacha laithe, go ndessláimh S. Andriass, go mórán relíciass do thaisip naomh agus fírén mór-luaighidhechta oile. Armass na croiche sin tra atá ar mac-cléirchibh agus sámhadh agus chomhthinól na heguilsi co n-a huile chethroip.

104.

Día dardaoin do shonnradh in naomadh lá fichet Maíí 1608 comhainm in laithe ro cuiredh coróin ar in athair  p.184 naomhtha Paulus Quinctus cuiris cardenál Burgesiuss aroile dia dhaoinip uaissle mar thechtaire onórach do thochuiredh na ttigernadh so chom aiffrinn sollamanta ro buí ag onóir an athar naomhtha a prímh-thempall Petair. Ro toghadh thra inadh onórach agus áit imchubaidh dhóip a n-imfhoixe agus a gcomhghar in pápa. Bátor badhdéin agus ambasadóir rígh na Spáinne go línmhaireacht do prinnsaigip móra oile a n-aóin-inadh. Ba haoipinn onórach airmitneach oirrderc adhamhra in t-aiffrenn mór-lóighidhechta ro buí annsin. Naomhthacht in pápa badhdéin día rádha go n-idhbairt chuirp Críst. An chóra cheóil-bhinn chomhmbinn ba chaointétnamaighi channtaireachta isan crístaigheacht uile ar gach taobha de.  92 Do métughadh glóire agus onórachuiss an laoi sin d'áirigthi dorónadh canonsásion ar bhan-naoimh uassail adhamra ro buí isan Róimh dá chétt bliadan roimhe sin Sancta Fransisca Romana a comhainm. Ro tuigedh tra agus ro scrúdadh as a deigh-bethaidh ar in saogal so, triasa nderna Dia d'fertoibh agus do mírbailip tríthe, go roibhi betha naomhtha aice. Onóraighther a hainm agus adhamhraigther issan egluiss agus oirrdercaighther go huassal airmitnech eitir bhan-naomhoibh, acht is eimhilt re a fhaisnéis gach a ndernadh do stát agus d'onórachus agus do dhegh-sermoniass a n-urthimchell a naomhthachta. Cebé do bhiadh do láthair in radhairc adhamra ro buí annsin ba héitir lais a rádha nach ffacatar a shúile riamh compráit nó  p.186 baramail dó ar dhiadhacht ar ghlórmhaire ar onóraighi ar cheólmhaire ar stát saoghalta co n-a uile subháilcip archena cenmothá sin. Ar gcríchnugadh in aiffrinn gussin sermoniass amne dobheir in t-athair naomhtha benedixion bennaigthi do na huilip chatoilcip ro bátor dia láthoir. Do dheachaidh dia páláss ier sin. La sodain tra seinnter agus comhmbuailter trompaidhi agus dromaighi in gárda itir marcshlaigh agus troighthech. Comhscaoilter ier sin uile ordanás mór agus beag Chaisléin na nAingel agus in páláis mhóir. Ro bátar na sráide ar comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh ó threthan agus ó thorann-chless na heachraidhi áille andrennda égcéillidhi Edáilligi ag trén-tarraing a gcóistidhi go tairptech tric tolgánach trén-tuinnsemhach tinnesnach. Rángatar na tigernaidhi si chom a páláis badhdéin iar sin. Du-ss-riacht chuca pressántaidhi onóracha fuair naomhthacht in pápa isan sermonias amne .i. bascaoit airgdidhe, cúpla do choilmnibh gléigheala, buidél órthaidhe co n-a lán fína,  93 bairgen aráin ier n-a comhóradh.

105.

Domhnach na Trínóide i n-a dheghaidh sin éirgit na mná uaisle do láthoir náomhthachta in pápa. Gabhuis chuige go honórach sulchair degh-aighthech iad. Dobeirit diaigh a ndiaigh póic dia choiss. Dorat benedixion dóibh. Fillit dia ttigh. Rángatar immorro formhór ord agus mhac-cléirech in tsenaidh Rómhánaigh go línmhar agus go ro-onórach airmitnech adhamra a prosesion go tempall Petair in lá cétna sin mar uaissle agus mar oirrdhercass don mban-naoimh ro remráidhsemair. Ascnaidhit as a haithle óthá tempall Petoir go ro riachtsat Sancta Maria Noua airm i n-a ffuil fert agus tomba na ban-naoimhe uaissle sin. Ro bátor tra imat do mhíltibh persa eguilsi. Nír cuimhgedh rímh nó áiremh forra re a n-imat-línmaire. Adhnait na Rómhánaigh teinnte agus tennála i n-a pálássoip agus a n-imdoirsip a tteghdhuissighe go n-ilimat do choinnlip agus do lóchrannoip lasamna uas a ttighip. In tairimtheacht uas Chaislén na nAingel ar n-a coimhlínadh  p.188 do shoillsip éxamhla. Pictúir ilair agus dragúin ar n-a ndealbadh go hinntlechtach aigentach suadhamail uas Chaislén na nAingel siad ar n-a n-imdhénomh agus ar n-a gcoimhlínadh ó púdar ar in taop astigh. Timchell chluig Aue-Maria do bhuain deóigh laoi adhantor teinnte isna heónoibh éxamhla ingantacha sin. La sodhain tra scuchait agus comhlassait a n-aoinfheacht agus a n-aon-fhábhall go ro léigset caora agus casracha go gcethoip toirneacha teinntighe trichemh-ruaide ós aird innus gur choimhlínatar méid áirighthi don aér etaruas uassan gcaislén do na cethoibh agus do na  94 frossoibh teinntidhe ro léicset. Ba lór do chúiss úathbháiss agus ingantuiss in domain fri fer a nemhfhaixena gusin tan sin bheith ag a ffaircsin. Gabhait as a haithle tra ar bheith ag comhscaoiledh lámhoigh re aroile gus a chéile ass na seomraidhip agus as na teghdhuissibh éxamhla inntlechtacha aigentacha ro hullmhaigedh i n-a n-inmhedhónaibh go ttairnic crích agus comhchaithemh a n-uile chostuis.

106.

Día dardaoin chuirp Críst du-ss-riacht ordugadh ón athair naomhtha gusna maithibh si as go raghdaois i n-a persanoibh badhdéin ochtar do roighnibh a ndegh-dhaoine d'imachor chanabí ro buí uassan sacrament naomhtha sí a lámhoip in pápa ag a himchor go honórach a modh prosesioin óthá prímh-thempall Petair in Vaticano go ro riacht tempall Sanct Sém a mBurgouesia, as sin aríss go ro riachtsat tempall Petair. Do deachatar-san do láthoir naomhthachta in pápa. Ro imchradar an canabí uassan sacrament naomtha agus uassan pápa, acht ní fhuaratar Eirennaig riamh a compráit sin d'onóir agus d'airmhitin. Ingantaigit na hEdáilligh go mór a mac-samhla sin d'onóir agus do supáilcibh d'foghbáil dóibh, óir atbertsat dronga díp nach meinic go ffuair én-násión amháin isan doman ríemh bheith ag imchor in chanabí. Ambasadóiridhe uile rígh agus prinnsaidhe catoilce na crístaighechta doralaighset issin gcathraigh an inbaidh sin, ba gnáth-bhés bunaidh leó diaigh a ndiaigh gacha bliadhna a  p.190 seal d'imchar in chanabí d'foghbháil. Ba hétmar imthnúthach ingantach leó mar nach ffuaratar a imchor in lá sin do sonnradh.

Tadc do scriobh agus bennacht for a anmain 1609.

 95

Ba honórach airmitneach aoipinn in prosesion, óir bátor formhór ord riaghalta agus uile ord agus chomhthinól prímh-eglus gcatharrdha na Rómha ann go n-imat prinnsaidhe agus diúcaidhe agus mór-thigernadh. Nír uo lugha leó oldás míle lóchrann lasamna ciara. Seiser ar fhichit eitir ardeaspoig agus subespoig i n-a ndeghaidh sein. Sé cardenáil dég ar fhichit as a haithle. An pápa ag imchar na sacramente, na tigernaidhi Eirennacha agus na daoine uaisle ochtar a gcoimhlín fon chanabí. A gárda saigdiúir Suser a móir-thimchell in pápa agus ar gach taop de agus i n-a deghaidh a dhí thrúp móra marcshlaighi. Bator na sráide coimhlínta ó dhaoinip as a haithle. Samalta fri cách nár uo lugha oldás cét míle ro bátar. Iar rochtain tempaill Petair dóibh léicis in pápa in sacrament naomhtha forsan prím-altóir móir. Ier sin ro-s-léic ar a glúinibh é. Du-s-gní sléchtain etarguidhi agus urnaigthi. As a haithle tra dorat benedixion do chách a gcoitchinne. Eirgis dia pálás íer sin. Téigit na huile ro bátar ann dia pálássoibh agus dia gcoimhtheghdhuissibh.

107.

An sathorn ro baoi ar a gcinn do shonnradh gabais Maguidir .i. Cúchonnacht Maguidhir a ched ag na maithibh si. Léicis gussin Naples é, prímh-chathair oirrderc oireghdha gabhus fri rígh na Spáinne, léigi ar dá fichit léige ón Róimh. Sémus mhac Eimir meic Cúuladh meic Aodha Ruaidh Meg Mathgamhna go n-uathadh oile i n-a choimhiteacht agus immailli friss.

108.

 1

Dia dardaoin in dechmadh lá don mí chétna éirgis O Néill agus in t-ierla co n-a mbátar i n-a gcoimhiteacht do thurus seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Ro  p.192 buí barántus agus augdarrás in athar naomhtha leó as go ffuighbhedíss taissealbadh uile reliciass gach aoin-eguilsi gusa roichfitis. Tinnscnait tra agus tossaighit a n-ainm Dé a tturus mór-lóigidhechta ag Sancta Maria Maiora.  96 Iar ttapairt a gcoipsen agus ier gcaithemh na sacramente naomhtha taisselbhthor dóib cenn S. Bibiana, cenn Marcellina pápa, aroile do lámhoibh Tomáis apstail, stóil S. Giralamo, stóil go nanfuinn agus go rann-chuid oile do chulaidh aiffrinn S. Tomáiss espoig Cannturbí, an cliabán i n-a roibhi in Slánaightheóir a m-Beithil Iudda, na cét-ghipail ro chuir in naomh-ógh i n-a urthimchell a n-inbaidh a lenbachta, mailli fri hilimat relicias ro-onórach oile. Acht mailli fri ced spesialta ón pápa ní gnáth a ffaixin acht ier medhón laoi gach domhnaigh cásc go sírraidhe. Agus is amhloidh thra ro tócbhadh agus ro cumdaigedh in prímh-eclus sin ó thús: Aroile duine uassal onórach airmitneach ro buí issan Róimh feacht n-aill, Ioannes Patricius a chomhainm, ro thecht commaim a dhingbála acht chena ní ro tuismedh ierdraighi ar doman etorra. Bátar tra go n-imat conáich agus sobharthain saoghalta. Cinnit agus comhairligit aca badhdéin oigre díless dingmhála do dénomh do naomh-Muire óigh ar a n-uile innmhus agus maithess agus a idhbairt go huilide ó a n-uile croide i n-a seruís agus i n-a subháilcip. Feacht n-aon du-s-riacht spirut ainglide gussan mnaoi n-uassail remráite a ffidhair amra agus aislinge. Atbert fria go ro erbadh agus go foláiredh for a fer coiméirgi a gcrepscul na maitne muiche ar n-a mhárach, secip foradh-chnoc ard aoipinn i n-a tteicémadh imat snechta agus oigridh dó, eaclus onórach do chomdach do Mhuire isin dáu sin. An cóicedh lá do mí Augustus sin do shonnradh. Aimsir theinntide thessaide neimhneach is gnáth mun samoil sin do bliadhain isin Etáill uile agus isin Róimh d'áirigthi.

Forior gér ataid scela derptha agoinni o urchoid aeir na Romha. Ane 24. Septembris 1609 ro hadhlaicedh mac agus oigri diles dingbala Ui Neill .i. Aodh O Neill, barun Duin Genainn, adhbar tigerna Cheneil Eogain agus an taopa uothuaidh d'Eirinn gan imreasain gan fresapra.

 p.194

 97Attracht in duine uassal la cloisteacht in sceóil. Ascnaidhiss gussin dau i n-a ffuil in reclés. Du-ss-fairnic an cnoc línta lomlán do shneachta agus d'oighredh. Ba machtnadh són. Eirgis gussin espog ba huachtarán uassan rann-chuid sin don chathraigh. Is amhloidh tra forcaomhnagair go ro taissealbadh sét samhla na haislinge sin badhdéin don tigerna espog in oidhche chétna sin. Tochomhlait ieromh díp línaibh go n-imat díairmhe oile immaille friú. Rángatar gussin maigin i n-a mbuí in snechta. Timaircit agus tógbait é dia lámhoibh badhdéin. Ier sin comhdaighther agus comhthógaibhther prímh-eglus chatharrdha chostusach cháin-dénmhach is lór mét agus feapus issan uile doman ier n-a bennugadh agus ier n-a coisrecadh a n-onóir na naomh-óighe issin inadh chétna sin.

 2

As a haithle tra do dheachatar go hegluis S. Lauráss míle céimenn seachtair ó ballaigip na Rómha. Ier ndénomh a tturais do réir auirtt na heguilsi taisselbhthor dóip aon do na clochaibh dia ro tuairgedh Steffán martír gusin leic gcoimhlethain mharmair for ar léicedh corp S. Lauráis ier n-a róssadh for greidil. Is écnach do na huilip páirt dia fhuil agus dia fulradh fuirre ueós go n-ianoip gloinidhip i n-a fuil rann-chuid dia fhuil agus anbhroth, cuid d'ieronn na greidle ar ar róssadh agus for ar commbruithedh é. Isan egluis chétna sin atáit cuirp S. Laurás agus S. Steffáin martír, soigthech bennaigthi i n-ar baistedh ban-náomh uassal dier uo comhainm Lucilla maille fri hilimat relicias oile. An t-impire Constantinus Magnus ba hé ru-s-tógoibh agus ru-s-comhdaig in eglus sin a n-onóir na naomh-martír remráite. Siluester pápa issé ru-s-bennaigh in naoimh-eglus sin.

 3

 98 Térnóidhit na maithe si astech tar ballaigip na Rómha in dara feacht. Eirgit go S. Cruce a n-Ierusalem. Doghnít a tturus. Taisselpthor dóibh aroile soigtheach i n-a ffuil páirt d'fuil luachmhoir Íssa Críst, gussin spongia i n-ar chuirset in cinedh Iudaidhe domblas ae in dragúin gusin ffínéacra chuice a gcrann na croichi, dí delg don choróin spíne, do mesfadh fer a ffaixena nach ssia oldás cóic laithe  p.196 dég ó do benadh iad, an tairrnge dochuaidh tria throigthip an tSlánaightheóra a gcrann na croiche sé ro-láidir imremhor mullach-lethan mael-rennach ier n-a imdénamh d'íerann uassal aithlegtha in méide is lugha sé hordlaighi i n-a chomhfhat, go titul na croichi ro scríb Piláid dia lámhoip badhdhéin a laitin a ngrégis a n-eabhra IHS NASARENUS REX IUDEORUM ier n-a chomdach go ro-onórach go n-ór go n-airget go gclochaibh uaisle éxamhla ingantacha lasan mban-impir n-oirrderc Elena máthair Constantin móir, aon do na deich ttallannoip fichet ar ar reacadh an Slánaightheóir an coimde comachtach Issa Críst la Iudáss Scariot, trí píssa móra don chroich chésta, go rann-chuid ro-mhóir do chroich ghadaidhe na des-láimhe, gusan gcoirrmér ro chuir Tomás apstal a gcneidh an taoip in t-ochtmadh lá do shonnradh ier n-eisséirghe an t-Slánaigtheóra immaille fri hilimat reliciass ro-onórach oile. Constantinuss óg mac Constantinus móir ba hé conrotacht agus ru-s-tógoip in prímh-eglus naomhtha sin for impidhi agus foláiremh Elena sí ar n-a bennughadh fri sanctuss Siluester pápa.

 4

La sodain tra éirgit ier sin go prímh-ecluis ardespoig na Rómha .i. in pápa S. Iohannis Lateraní a comhainm.  99 Ier ndénamh a tturaiss taisselbhthor dóip cenn Acarías athair Eóin baiste, cenn S. Pancratius ro buí trí ló go n-oidhchi ag coimhsileadh fola cró-deirge feacht n-aon dia ru-s-loiscset eritchide agus scristóiridhe in chreidimh chatoilce an n-eglus so tra .i. S. Iohannis Lateraní, páirt do thaissip Muire Madalén, slinnén S. Lauráss, fiacoil Petoir, an chailíss as ar ibh Eóin bruinne digh neimhe for foláiremh an impire éttrócair aingidhe Domisianuss agus do chomhfhortacht Dé ná ro urchóidigh dó, an slabhradh aggarp ieroinn dia mbuí in naomh-apstal uassal adhamra Eóin bruinne cengailti cruaidh-chuibrighthe óthá Efeso go ro riacht gussin Róimh gusin édach día ro éirigh sé slán go hopann a haithle a bássaighthe do réir inntinne na n-Idal agus na n-anchrístaighe,  p.198 rann-chuid ro-mhór do thaissip bennaigthi Eóin baisti, páirt d'folt naomhtha agus do gruaig bhennaigthe naomhMuire óighe gussin gcéid-léinidh doróine sí dia lámhoibh badhdéin dia haonMac mírbaileach mór-chomachtach Ísa Críst, an tubháille ro chomail an Slánaightheóir do chossoip na n-apstal dia lámhoip badhdéin ier n-innlat a gcoss uo chétóir a haithle an tsuipéir deighennaigh riasan páis, an cassúr dia ro bhuailetair in cinedh iudaide na clóithe coimhremhra agus na tairrngidhe aggarpa iernaidhe go míthrócaireach nemh-choigealtach tria chossoip agus lámhoip in Tigerna Íssa Críst a gcrann na croichi gusin gcoróin spíne um a chenn gussin édach purpur ro fhógair Piláid do chor i n-a urthimchell, páirt d'fuil luachmoir an Tigerna, scealp do chrann na croichi césta, mo chrech Aódh  100 sudarium .i. an t-édach sonnradhach ro coimhlegadh for ghlan-ghnúis chréchtnaighthi an Tigerna ier n-a chor isan tompa d'imfholach a aighthi, páirt don fhuil agus don uisce ro scuch as chneidh an taoip an tan ro gon an dall Longinus an Tigerna go nemhchoigeltach a gcrann na croichi gusin sleigh slinn-lethain, cenn Peatoir agus cenn Póil siat a ngráta imremhor ieroinn uas prímh-altóir na heguilsi. Gach línmairecht aimsire taisspéntor iet ro thoilig naomthacht na pápaidhe diaig a ndiaigh trí míle bliadan do loghadh a peacadh agus a thurcbál ag gach aon don senadh Rómánach do biadh ó deuósion agus innfheithem do láthair in tan sin, gach aon du-s-fic ó prouensip oile dia ffaixin sé míle bliadan do maitheamh a peacadh ag gach aon aca, na daoine ticit ó rígachtoip agus ó régiónaib oile imchiena dia tturas dá míle dég bliadan do maithem a uile peacadh ag gach aon gusan tres rann dia pecthoib agus dia cintoibh ar maithemh aca. Ceithri colamain roi-dhessa as urchomair na prím-altóra móire siat ar n-a n-ullmhughadh do brás ar n-a gcomhóradh go delraigthech ar in taep amoigh, coimlínta  p.200 ier n-inmedhón don talom naomhtha ier n-a treórugadh ó Ierusalem gusan dau sin. Augustus impire ba hé ro chomdaig na colamain sin don chonách catha ro éirigh dó forsan ffairrgi. Adbeirit aroile gurap neptúin ro bator. Oratorium ro buí ag Eóin bruinne ag etorguide in choimdedh chomachtaig an tan ru-s-buí a ngiallna la Rómánchaibh sé ar n-a chomhshuidiugadh fon altóir móir. Isin egluis chétna sin in naomhaltóir bennaigthi ro-n-buí ag Eóin baisti in tan ro buí isan díthreb,  101flesc Mhaoissi agus Aroin, an bord dia ro thomail in Slanaightheóir in suipér deigenach a ffochair a apstal agus a dhescipal. Titus in t-aonmadh impiri dég ro buí isan Róimh is é ru-s-treóraigh ó Ierusalem cusin dau sin bliadain ar cheithri fichet d'aois in Tigerna. Mairidh aniú go nuaide nemchríon nemarsaigh go hécnach dona huilibh an colomhan comhfhata coimremor do marmar derg, ru-s-scoilt ó mullach go talmain a n-Ierusalem an tan ro thoirbir agus ro thimain an Slánaigtheóir a gcrann na croiche a anmain a lámhoip an Athar nemda agus atbert in manus tuas commendo spiritum meum, gusin leic do mharmar derg for ar chuirsetor in cinedh iudaidhe crann-chor for faidp agus étach Críst, go sompla agus go ffidhair na ndíslighi ro bátor aca; dá leic onóracha oile i n-a ffuil tomhus méite agus airde Issa Críst agus naomhMuire óighi ar in saogal so, an t-omar comadbal cloichi i n-ar baistedh Constantinus mór la Seluester pápa. Isan omar chétna isedh baister gach uile duine don Turcia agus don chineth iudaidhe agus don ainchrístaigecht go huilidhi in méide díp impaidhes isin Róimh fo chuing creidmhe agus crábaidh. Atá tra isan egluis sin sépél ro-onórach ro buí fri ré imchéin i n-a sheomra codalta agus cumsanaidh ag an impiri Constantinus sé ar n-a bennugadh a n-onóir Eóin baisti ro  p.202 chuir ann ilimat reliciass ro-onórach go rann-chuid móir don croich chésta. Isan ecluis chétna sin fuil in coloman coimremar do marmar derg dia ro gairm in cailech i n-Iarusalem a haithle na páisi gar riasan eisséirgi choimdheta. A n-imfhoixi na heguilsi ospitáil lán-mór ro-chostusach ro tógbadh ier gcéin mháir la sen-chinedh uassal don tsenadh Rómhánach  102 .i. Colona. Imat trócairi agus déirci agus leigis ag a dénam isan ospitáil sin ar lucht treblaite galair agus essláinte.

 5

Feacht n-aon dia ru-s-gap treplait lupra agus essláinti neimneach dhásachtach an t-impiri Constantinus mór ro-s-baoi go n-anacair agus go ndocomal n-adpal-mór, nír chuimgetair doctúiridhe teacaiscthi ináit fisicidhe fáthacha comfhortacht nó caomhna do dénomh dó. Ro baoi a pennait agus a peirical anbháil. Aroile senóir glic naomh-arsanta dorala issan chathraigh comhairligis don impiri go ro thochuiredh Seluester pápa ru-s-buí ag a díthladh badhdéin a ndiamroibh agus a ndroibéloib a sliap chorrach chomadbal ceithri míle dég ón Róimh. Gníther samloidh. Ar rochtain naomhthachta in pápa do láthair umhlaigis in t-impiri ó a uile chroide agus innfheithemh do chreidem Críst do réir na heguilsi catoilci agus ier ngabáil baisti issin omar remráiti dó ba hógh-shlán uo chétóir gan doig gan galar gan lupra gan essláinti. Ro timain in t-impiri in pálás so i n-ar comhdaigedh an eclus don pápa do chéid-neithibh. E ba sossadh comhnaidhe dó badhdéin gussin tan sin. Siris a n-athchuingidh ar naomhthacht in pápa in eglus so do bennachadh agus do choissrecadh a n-ainm agus a n-onóir Eóin baiste agus Eóin bruinne. Gníther samhloidh in dechmadh lá do mí Nouembris ro buí for a ccionn. Ocht mbliadhna dég ar tríp cétoib aois an Tigerna in tan sin. A n-inbaidh agus a n-aimsir in chonsecrátioin do beith ag a denomh ro thaispéin pictúir diadha agus fidhair fír-naomhtha an choimdedh chomhachtaigh í féin go follus mírbaileach. Atá aniú uasan altóir móir.  103 Ro loiscedh in eglus so la hainchrístaigibh agus la  p.204 scristóirip chreidim Críst feacht fo dhí agus ní ro urchóidigh ó bheag go mór don pictúir acht atá go solus lógmar dealraigthech.

 6

As a haithle tra éirgit na maithi si go Scala Sancta díer comhainm an staighre naomhtha a gcomhfhochraibh agus a n-imfhoixe don prímh-egluis remráite. Ocht gcoiscéim fhichet a gcomhfhat in staigri sin sé ar n-a oibriughadh do chlochaibh comhfhata coimhlethna gléigheala marmair. An pálás sainigthi sonnradhach i n-a mbuí Piláit a gcathraigh Ierusalem ba hann ro suidhigedh agus conrótacht ó thús. An tan tra go hergapadh an Slánaightheóir Iossa Críst la hIudachaibh aimhirseachaibh a n-aimsir a páissi is triasan staigri chomhard sin rucatar ceangailti cruaidh-chuiprigthi a ffrith-chétfaidh agus a ffiadhnuisi an breitheman Piláit é. On trén-tarroing tric thuinnsemaigh nemchoiceltaigh mhí-trócairighe du-s-ratsat dó ro trascradh é a gcert-meadhón an staigri as gur doirtedh páirt dia fhuil luachmoir. Mairidh ueóss slicht-lorcc na fola fír-uaisle fírinnighi forsan gcloich. Gráta iernaidhe uas a cenn dia himchoimét. A fforcinn an staigri atáit trí doirrsi do mharmar aoin-gheal ru-s-bátar a n-Ierusalem ar n-a suidiugadh a pálás in Piláit chétna sin. Ro gap in Tigerna triasna tríbh doirrsip sin ria ndol do láthair Piláit dó. As urchomhair an staighre tabernacal onórach dier comainm di sancta sanctorum. Atá immorro for na sépéloip is línmhaire reliciais mhór-lóighidhecht isan uile crístaighecht. Ann atá fidhair agus pictúir Iossa Críst doróine Lúcás suiscél dia lámhoibh badhdéin  104 an tan ro baoi Críst forsan saogal so a n-aois agus a n-aimsir a dá bliadhan dég sí ar n-a comdach go honórach airmitneach adhamra go n-ór go n-aircet go gclochaibh uaissle ingantacha éxamhla. An tres Niclás ro baui i n-a pápa issin Róimh ba hé du-s-róine consecrátion forsan sépél naomhtha sin for impidhe S. Lauráss martír. Ní línmhar tra oscailter nó taisselpthor an naomh-shépél sin ier n-inmedhón. Go bráth  p.206 ní théit ban-scál fon doman for a doras astech. For a nglúinip éirgit ina huile chinedhaigh suass triasan staigri naomhtha. Gach aon téid ó deuósion agus ó innfheithemh ghlan trí bliadhna do mhaithemh a peacadh ar gach én-choiscéim fo leith aige, gusin tres rann dia uile peacthoibh agus turcbháloip íer n-a loghadh aige. Is imaircidhe do na huilibh go rapait ag aithrighe ag urnaighthi ag etorghuide an choimdedh chomhachtaigh go gcongain chroidhe i n-a n-uile dupáilchip fri seirc nDé agus coibhnessamh ag ascnámh triasan naomh-staigri bennaigthi mór-lóigigechta sin.

 7

Glúaissit na maithe si as a haithle óthá Scala Sancta gusin prímh-eclais n-oirrdirc S. Sebastian a comhainm. Gapait tra forsan sligidh gusin sépél n-adhamra dier comhainm Domine quo uadis. Is amhloidh forcaomhnagair ainmniugadh an tsépéil remhráiti ó thús: feacht n-aon dia ro bhaói ingreim foilenmain agus persecution ag anchrístaigip, ag scristóiribh na heguilsi a ndeghaidh prinnsa agus uachtaráin na n-apstal naomhtha .i. Petor, smuainis Petar an Róimh d'fágbáil Uch uch ro chraidh agus ro treghd bass Aoda ar gcroidi.  105 agus dol dó a ndiemhroip agus a ndroibéloibh agus a ffoithribh fássaigh sechtair for imegla a bhássaigthe acht ge ro baoi i n-a pápa. Ar ttoighecht go haonda duaithnidh go hinadh in reclassa sin dó adchonnairc an Slánaigtheóir i n-a chomdháil. Adbert Petor ier ttabairt aithne fair “Domine quo uadis” .i. 'a Thigerna cia leth raghair'. Atbert an Tigerna: “Ragat gussin Róimh as go ffuiléngat croch agus céssadh agus martra an dara fecht.” Atbert Petor: “A Thigerna is do chúis inghrema agus inchreachaidh oramsa adeir bhar n-onóir-si na briathra sin agus raghat-sa tar mh'aiss gusin Róimh agus fuiléngat báss agus martra ar bar son-sa.” Ba fíor són. Fillis Petor gusin Róimh. Ro buí innte go ro bássaigedh é mar uassal-martír onórach adhamra amail is follus do na huilibh.

 p.208
 2

Rángatar Sebastian prímh-eglus ro-onórach conrótacht la ban-naoimh ro uassail do threip na Rómhánach badhdéin .i. Sancta Lucina a n-onóir S. Sebastian. Taibernacul ro-onórach issan egluis sin airm a mbaoi corp Petair agus corp Póil fri haimsir imchéin. Gach aon tra raghus astech ó deuósion agus o chongain cride isan ionadh sin atá a chudrama do logadh a peacadh aige ionnamail agus dodhénadh turass tempaill Petoir agus Póil. Eirgit a n-uamaidh thalman as a haithle Semiterium Calistí a comainm .i. relec Calisti. Ro hadhnacht isan reilic sin ceithri míle dég ar trí fichit ar chéd míle martír. Isan uamaidh sin tra ro bhíttiss apstail agus descipail  106 an Tigherna for imgabáil agus for teithedh na n-anchrístaigedh. Ro hadhnacht immorro ocht pápa dég ier n-a mbásugadh mar martíreachaibh uaissle adhamra oirrderca la heiritchidhip aimhirseachaibh issin uamaidh sin tra. Atá maithemh agus loghadh na n-uile peacadh ag gach aon téit ó deuósion agus ó chongain cride tríthe. Isan egluis sin tra aroile do na saigdip dia ro básaigedh S. Sebastian gussin gcloich mbennaigthi marmair for ar shessoimh an Slánaightheóir an comhfhat aimsire ro buí ag briathradh fri Petor apstal ag in sépél remhráite dier comhainm Domine quo uadis agus atá foillicht a choss issin ailigh ueóss. Atá tra corp S. Sebastian agus corp na ban-naoimhe uaisle adhamra Sancta Lucina agus corp Steffáin pápa issin egluiss chétna sin maille fri hilimat relicias oile.

 9

As a haithle sin tra éirgit go Cauarello .i. inadh aoibhinn onórach go mbortt marmair go n-imat sreabhán d'fír-uisce fhinnfhúar ar n-a gcomhtharraing go hinntleachtach éxamail ingantach lassan senadh Rómhánach ier céin mháir a gcomdháil an impire. Iar ndénomh a medhóin laoi issin inadh sin dóip éirgit go tempall Muire na sanuissi. As a haithle go hegluis ro-onóraigh mhór-lóigidheachta oile  p.210 Tria Fountania a comhainm airm in ro díchennadh in tí Pól .i. doctúir na gcinedhach agus ier n-a díchennadh uo chétóir du-s-rat a chenn trí léimenna diaigh a ndiaigh. Ro mhuidhset tra teóra tipraite d'fír-uisce fhinn-fhuar oigreata assin talmain tirim in gach maighin a ndo-rat na teóra léimenna sin.  107 Atá ann ueós in colún marmair for ar díchennadh é go ndíb cennoip Anustatius agus Uinsentius martír maille re himat díairme oile. Ar comgar na heguilsi sin tra mainistir ro-onórach dar comainm Scala Celi .i. dréimire nime. Fo altóir móir na heguilsi uaimh i n-a ffiuilit taisi agus adhnacal deich míle martír. Taisselbthor a ttaisi do na huilibh. Ní héittir a nglacadh nó a ngluasacht. Feacht n-aon dia ro buí S. Bernard ag rád aiffrinn agus ag idhbairt chuirp Críst forsan prím-altóir remráite adchonnairc dia shúilip corparrda aingil agus archaingil an choimdedh chomachtaigh ag treórugadh na n-anmann ó piantoib purgatóra gusin fflaithemnus uachtarach agus gusin sosadh nemdha. Atá do príuiléit ag in altóir ón uair sin anuas anam do breith as paurgadóir gach línmairecht d'uairip aderthor aiffrenn uirre. Ord Sanct Bernard is sámadh agus is coimhthinól isin mainistir si tra. Ro taisspénadh dóip cenn S. Sonnonius ro buí i n-a ard-chaiptín ar deich míle agus ar dá chét saigdiúir siat immorro ar n-a mbássugadh uile a n-aoin-fhecht isan Róimh ar son chreidimh Dé agus na heguilsi naoimhe, fós ilimat reliciass ro-onórach mór-lóigidechta oile.

 10

As sin dóip go tempall Póil. Dognít turus a shecht prím-altóir mór-lóigidechta. Taisselbthor dóib aon do lámhoip S. Anna, an slabradh aggarp iernaidhe dia mbaí Pól cengailti cruaidh-chuibrigthi an tan ro-n-baí a ngialna lasna Rómhánchaibh, cenn in samaritana, aroile do méroip S. Niclás, mailli re himat relicias ro-onórach oile. Atá immorro corp Timmoteus naomh  108 ro buí i n-a descipal díograisech ag Pól ar in saogal so isin egluis sin, corp Selsus, corp Iulianus, corp Basilisa, maille re corpoip móráin don  p.212 macraidh oirrdirc adamra ro básaigedh la Hiruath mac Antipater in tan ro baoi ag ingreim agus ag foilenmain for Críst. Crucifix ro-onórach mírbaileach isin egluis ro lapair feacht anaill agaidh a n-agaidh fri ban-naoímh uassail dier uo comhainm Brigita agus í ag dénomh urnaigthi n-a fiadhnuisi ro buí in tan sin i n-a banrígain a rígacht Suesia. Fo prímh-altóir móir na heguilsi in dara leith do thaisip Petair agus Póil. Constantinus mór is leis conrótacht in eglus so ó tús a n-onóir agus a n-airmitin Póil apstal fo uíthin gurab isin inadh sin d'áirigthe ru-s-fairnegadh cenn Póil go mírbaileach éxamail ier n-a thescadh dia cholainn, agus ier n-a comdach uo chétóir du-s-rat do ráith a anma don pápa Seluester coimhinann agus dorat prím-thempall Petoir agus prímh-thempall Eóin. A n-aon-ló amháin ro bennaig agus ro choisric Seluester pápa tempall Petair agus tempall Póil. Coimhinann cutruma in lóigidheacht ro fhágoip aca araon acht amáin cebé dodénadh turus tempaill Póil gacha domnaigh fri ré bliadhna a coibéis agus a aurdail do loghadh a peacadh aigi agus do ragadh do thuras IerusalemSanct Sém mór na Galissi.

 11

As a haithle tra éirgit go tempall Petoir in Vaticano prím-chathaír Petair isin Róim. Gabait forsan sligidh go sépél beg dar comhainm sépél Petair agus Póil. In tan ro hergabadh Petor is Pól la Rómhánchaibh aimhirseachaibh ro treóraigedh amach asin gcathraigh gusin dau sin iat.  109 Ceilibrait di eroile. Ier sin du-s-ratadh in tí Pól dia díchennadh go Tria Fontania fo bíthin go roibi léx ag na Rómánchaibh gan neach d'fír-threib in tsenaidh Rómánaigh badhdén do básugadh acht fri cathraigh anechtair. Petor immorro ro baí i n-a Galaleus du-s-ratadh astech tar ballaigip na cathrach go sliap ro-ard do shecht prímh-shléibtip na Rómha dier comainm Ianicolo. Treóraigit é gusin gcnoc don sliap dar comainm Montorio. Cuirit croch  p.214 chomart i n-a sesomh dó go gclóithibh imremra aggarbha iarainn i n-a chosaip agus i n-a lámhoibh. Ru-s-fuair féin mar athchuingidh báis a chrochadh agus a básugadh a ndeghaidh a chos as a mbeith neimhinannus martra agus básaigthi dó fria n-a Thigerna. Conrótacht immorro la rí na Spáinne .i. Fardinando mainistir ro-onórach isin inadh sin a n-onóir Petoir, a hainm gusin tan so S. Petro Montorio. Atá aniú go sámadh agus go gcoimthinól d'aithrechoib ro-onóracha d'ord S. Pronséis. Du-s-rat immorro in t-athair naomhtha an pápa Paulus Tertius ro-imat logadh agus maithemnuis na peacadh agus na tturcbál do lucht cuarta turais agus taistil na heguilsi si amail atá a gcloich marmair fuil uas fordoruss sépéil ro-onóraigh atá a gclaustor na mainistrech isin áit sainighthi an ro bássaigedh Petor.

 12

Ier ndénomh turais seacht prímhaltór príuiléidech thempaill Petair dóip taispéntor tra cenn in apstail uassail adhamra S. Andriass dóibh sé ar n-a threórughadh gusin Róimh feacht naill la prinnsa na Muraighe a ré agus a reimhes in dara Pius do bheith i n-a pápa agus do deachaidh badhdéin cétna a persain  110 dá míle ó ballaigip na Rómha sechtair go Ponte Molle a prosesion ro-onórach do glacadh chinn in naom-apstail uasail ón prinnsa. Ro taisselbadh dóip as a haithle cenn Lúcáis suiscél, cenn Sanct Sém óig, cenn S. Sebastian, cenn S. Tomáis espog Cantorbi, cenn S. Amando, lámh Steffáin martír, lámh S. Cristoforus martír maille fri hilimat oile do thaissip naom agus fírén. Fo prímh-altóir móir na heguilsi in dara leith do thaisibh Petoir agus Póil. Taipernacul ro-onórach uas uillinn descertaigh na prímh-altóra móire airm i n-a ffuil volta sancta .i. an aghaidh naomhtha .i. an naipicín ro chomail an ban-naomh uassal adhamra Veronica do glan-ghnúis chréchtnaigthi an tSlánaigtheóra Issa Críst in tan ro bháoi fo dhaoirsi agus fo mhartra ag imchar na croichi césta. Is follus agus is écnach do na huile dhaoinibh pictúir agus fidhair ghnúissi agus aigthi an Tigerna dia  p.216 fhuil luachmoir chró-deirc issin naipicín sin, cenn na sleighi slinn-leithne dia ro goin in dall Longinus agus dia ro thregd go nemchoiceltach compar croidhe Críst in tan ro buí marp gan anmain a gcrann na croichi. An Turcach mór ba hé ru-s-tidhlaic na seóit adhamra oireghdha sin gusin pápa .i. in t-ochtmadh Innocentius. Atáit aniú go ffertoibh agus mírbhailip éxamhla ingantacha. Gach aon do threib na Rómha bíss do láthair a ttaispénta ó innfheithemh agus deuósion trí míle bliadan do loghadh a peacadh aige, sé míle bliadhan ag gach neach do rígachtoip nó prouensip oile, dá mile dég bliadan ag eachtor-chríchaibh oile imchiena ainiúil gus  111 in tress rann dia peacadh ar n-a maithemh agus ar n-a loghadh ag gach aon aca acht go tticit ó deuótion agus ó chongain cridhe. Isin egluis chétna sin corp S. Simon agus S. Iud .i. díss naom-apstal ro-onórach, corp S. Cristostus, corp S. Gregoriuss pápa, corp ban-naoimhe uaisle S. Patronella. A n-imfhochraib sépéil Petair deich gcolamain chasta chompássacha chaín-dénmacha do marmar aoingheal. A ttempall Solman a nIerusalem is eadh ro tógbadh agus ro hullmaigedh ó thúss. Ar in taop chlé don altóir móir aon cholún amháin casta mharmair, gráta ieroinn i n-a urthimchil. In tan tra ro bíodh an Slánaightheoir ria nimfhulang na páisi a gcathraigh Ierusalem ag senmóir ag teagusc ag dispóirecht agus apcóideacht lasan chinedh n-iudaidhi ba gnáth leis sessamh fri hucht in cholúin sin agus a guala nó a uille do léicen leiss ar uairip. Is follus tra sin as na fertoibh agus as na mírbailip doghní Dia tríd, óir na persana i n-a mestur droich-spirut aimsigthe aidberseóracht agus tochuirter astech fo iadhadh in gráta sin, ní mór díp nach ffaghann sláinti agus comfortacht a gcétóir. Taispéntar dóib ro-imat radharc éxamail oile. Constantinus mór is leis ro-n-comhdacht agus ro tógbadh in eglus so ó thús. Ro idhbair as a haithle do ráith a anma don pápa Seluester mar dorat tempall Póil agus  p.218 tempall Eóin. An t-ochtmadh lá dég do mí Nouembris issedh ro bennaigedh agus ro coissrecadh é lasan pápa chétna sin aois an Tigerna in tan sin trí cét bliadhan ar tríbh bliadhnoibh fichet. Ro thoilidh agus ro aontaidh naomthacht in pápa ro-imat logadh agus indulgens ag gach aon dodénadh a chuairt agus a thurus o deuótión;  112 sé mhíle bliadan ar ocht mbliadhnoib fichet gusin tres rann dia uile peacadh ar n-a maithemh agus ar n-a loghadh ag gach aon dogní turus na secht prímh-altóir mór-lóigidechta príuiléidecha fuilit a ttempall Petair, acht is imaircidhi dó gu ro théchta serc nDé agus coibnessamh maille fri cungain cride i n-a peacoibh agus i n-a dupáilcibh. An chatháir cranngaili i n-ar shuidh Petar féin gusin mbrat ro cuiredh uas Petar agus uas Pól ier n-a mbásugadh issin tempall so tra. Seacht mbliadhna do logadh a peacadh aige gach línmaire aimsire chéimneóchass sé a n-aghaidh in staigri marmair fuil as urchomair dhorais an tempaill agus raghus do dénamh urnaigthi astech a sépél Petair. Cros chomhartt cheithireochair chomhfhata chaíndénmach d'aon chloich amháin is fír-airde isin chrístaigecht uile ar n-a comhshuidiughadh go hinntlechtach aughdarrdha as urchomhair in dorais mhóir. Ceithri leoman do brás ier n-a gcomhóradh fuithe uas trí hinneónaibh marmair uas a chéile. Cros ier n-a comóradh go dealraigthech ar n-a himdénamh do brás i n-a fír-mullach. Sixtus Quinctus bráthair d'ord sanct Pronséis ru-s-tógoibh agus ro chuir i n-a coimhsesamh airm a ffuil anosa. Adeirit drong do lucht inotachta agus aithreptha na Rómha gur chosain a cor i n-a sesamh amháin deich míle ar dá fichit míle coróin. Snáthat Petair a comhainm. Deich mbliadhna do logadh a peacadh ag gach aon chanus tri paitrecha agus trí Aue-Maria as a hurchomair. Gach aon do-s-gní uisitátion nó imthathaidhe ó deuótion ar in prím-egluis so Petair ó fhél Muire na  113 sanuissi .i. an cóicedh lá fichet do mhí mhárta gusin gcéd ló augustíí .i. fésta Sancti Petri ad Uincula, atáit dá míle dég  p.220 bliadan do loghadh a peacadh aigi, agus gach línmhairecht aimsire dénus én-chuid díp sin a ffésta éigin spesialta d'féstoibh na heguilsi badhdein, atá in uile logadh sin dúpalta aige. Ag sin amháin prímh-eglus chatharrdha les nach héitir eglus nó obair fon uile doman do chor a gcompráit nó a gcommórtus, óir issí is mó dheisi dheigdénmaighe for bith, is ferr colúin agus tairimthecht marmair agus is saothraighi airde fhír-fhairsingi fo thalmain agus uas talmain. Uile stuadha comharda an tempail ar in taep astigh ar na gcomhóradh uile go lonnradhach dealraighthech éxamail. Cenn luaighi fair ar in taop amoigh. Samhalta la cách go mbeitis fichi míle fer i n-a n-armoibh i n-a sesomh a n-aoinfheacht forsan tairimthecht atá fair ar in taep amoigh. An pálás is mó agus is deisi agus do derrsgnaigh do pálásoip in domain ag in pápa ar a uillinn tuaiscertaigh. Obair ro-chatharrdha ag in pápa Paulus Quinctus ar in egluis sin gach én-lá isin mbliadhain agus dá ttugadh Dia saogal nádúrtha do réir a chomplexa agus a persan dó, is inmesta go nderscnóchaidh sí d'uile oibreachaibh in domain ge nach ffuil sét samhla di amail atá. Imat taispénta ro-onórach agus relicias mór-lóigidhechta cenmothá sin issin prím-egluis so Petair agus do brígh gurab eimilt labairt ar gach aon fo leith díp, gach aon dianab áil a ffaircsin dogépaidh re a n-uile thaissealbadh a fféstaibh uaisle imchuibdi íad.

 13

A fforcinn in turais mór-lóighidheachta sin éirgit na maithi si dia páláss. Airissit agus comhnaigit ag léicen a scísi agus a mertin a haithle a tturais neoch ba subáilceach  114 dia n-anmannoibh agus ba saothrach dia gcolloibh.

109.

 1

Laibheóram begán briathor ar eóluss na Rómha annso síoss mar is ferr fuaramar fria scrúdadh é agus sinn ag inotacht isin Róimh fri haimsir imchéin anossa. Atáit sé tempail ar dá fichit ar dá chét tempall innti gan na seacht prímh-eguilsi do lapramar do chomhairemh orra sin. Aon díp side tempall roi-dhess atá for foradh-chnoc ard aoibinn ar comhghar in páláiss i n-a mbuí comnaidhe na ttigernadh so, Honofrius a chomhainm, suas o des go coimhdírech ó  p.222 Gepta S. Spiritus. Radharc agus faircsin na Rómha uile ass gusin tTibir ag ascnam agus ag céimniugadh tríthe, fós radharc méide áirigthi do shliabh Alpa agus don Edáill mór-thimchell na cathrach. Ameno comhainm an chnuic áirighthe don sliabh for ar tógbadh an eglus. Ord Benedict is sámadh agus is coimthinól innte. Is aire ro hainmnigedh Honofrius fuirre: baí aroile rí amra oireghdha for san Persia fecht n-aill ro thecht mhnaoi a dhingbála. Ba supáilcech airmhitnech oirrderc adhamra in rí sin acht chena ní ro tuismedh clann nó ierdraighe ar doman dó. Ba tuirsech dibergóidech dobrónach leis gan a oigri díles dingmála do bheith ag luamhairecht a ríghi agus a fhlaithemhnuis i n-a dheghaidh. Iar mbeith treimhsi imchian fon dogra agus fon doimenmain sin is eadh ro scrúd agus ro fhorbhair i n-a menmain é badhdéin agus a chomhmaim go roignip a ndeghdhaoine a sruithi agus a senóire do dol gusin egluiss, an Trínóit nemda do atach agus do etorguide i ffrithchétfaidh na sacramente naomhtha maille fri troscadh aurnaighthi agus oilithri um aon tuismedh amháin cloinni dfagáil dó. Gníther samloidh. Eirgit gusin egluis. Aínit urnaighit  115 cíít a peacaidh agus a ndubáilce co n-a n-uile riachtanus agus amghar. Ro éist an coimdhe comachtach gerán agus égnach na ffírén so. Du-s-fáinic tra dia fertoibh agus mhírbailibh a fforcinn aimsire aithgirre as a haithle go ttarla toirrches don mbanrígain. Ba lúthgháireach ilgairdeach lasin ríg agus la maithibh rígachta na Persia uile ódclos deimin agus deaarbh in scéoil sin. Sen-námha arsanta na ffírén n-irissech .i. in diapal ro-ss-gap étt agus imthnúth adpal fo bíthin in tabartuis agus in tidhlaicthi sin dfagáil don rígh on Trínóid nemda. Is edh ro dholp agus ro scrúd i n-a menmain mailísigh mhíchinnemhnaigh fecht n-aon ru-s-fuair baogal ar in rígh agus é a n-airegal uaignech, éirgis dia innsaigidh a n-aibít oilithrigh imthruaigh. Adfét in rí scéla de. “Oilithrech athtruagh tuirsech mé. Ro shiplus formhór in domain ag dénamh turais agus treideanuis. Mesait cách mo beith naomhtha agus go ffuil spirat fháidetórachta innam ier n-inmedhón agus is truagh lim, a rí na Persia, mar do mealladh  p.224 agus mar do toghaothadh thussa lessin mbanrígain.” “Cinnus ón”, ol in rí. “Ni hannsa”, ol in t-oilithrech; “adbiur-sa frit tré briathraibh fíre. Ba himshnímach athtuirsech let agus í an coimhlín so do bliadhnoibh ad choimhleapaidh gan clann nó ierdraighi agoip. Tarla dissi adaltrannus agus peacadh gránna do dénomh tar do chenn sa as go ffuil taebhthrom torrach in comhfhat so d'aimsir. Ná léic-si in chlann sin do baistedh nó do bheathugadh for do sheilp, agus ar imegla go tticfadh cenél comhaigthech do thruailledh fír-fhola na ríghachta, foláir morc mór tinedh do dénomh agus ar in uair a ngeinfider an chlann sin teilgter let a gcertmedhón na teinedh trichemh-ruaide sin í.”  116 Mesais an rí go neimhghlic fo bíthin chealcc agus chathaighthe an aidhbirseóir gur uo fír-bhriathra gach ar chan fris agus gur uo duine naomhtha é agus creidis gach ní ro ráidh. Iar ttuismedh chloinne don mbanrígain cuiris an rí comhchruinniugadh ar roignib a deghdaoine go huilide agus teilcis dia lámhoip badhdéin an mac ro buí ag in mbanrígain a gcertmedhón teinedh romhóire tuc fodera do dénamh. Tarla an mac ar a dá ghlún go dírech isan teinidh. Féchuis uassa. Tógbais a dí láimh a ffidair chroisi agus umlachta don Trínóit nemhdha. Ro buí an bhanríghan for a glúinibh a ffrithchétfaidh in rígh dia atach agus día etorghuidhe as nach básaighfedh an t-aon-mac fuair ó Dhia, maithe na rígachta mar in gcétna, acht chena ba dímhaoin dóibh. Do grássoibh na Trínóide ba follus don rí agus do chách archena aingel Dé uassaibh isin aér agus ro fhorchongair forsan rí an mac do thesarcain, a chor dia bhaistedh, Honofrius do thabairt mar ainm fair. Dogní an rí samhloidh ar comairle an aingil agus ní ro erchóidigh an tene don mac ó beg go mór. Gabuis aithmhéle adbal-mór agus aithrechus dermair an rí agus smuainis gur uo hé an diabal táinic chuici a richt an oilithrigh agus dorat fo n-a inntinn an mac do chor isan teinidh. Is eadh ro scrúd i n-a menmain, ó do thesairc Dia an mac agus a síthcháin a peacaidh, a idhbairt do Dhia agus don egluis. Eirgis go mainistir d'ord Gerelamo agus riagal Benedict aca .i. ord díthreabach. Ro chuir an  p.226 lenamh dia bhaistedh. Ro fholáir Honofrius do thabairt mar ainm fair do réir theguisc agus aithne an aingil. As a haithle tra idhbraiss  117 agus toirbhiriss as a lámhoip badhdéin do thigerna-ab na mainistrech é a n-onóir na naom-Thríonóide nemhdha. Gabuis an tigerna-ap an bronntanus naomhtha sin chuice go sulchair agus nír uo háil leis a chor assin mainistir amach dia oilemain agus ro buí a ffrithchétfaidh na riaghla co nach tíssadh banscál for bith astech tar ballaighip na mainistrech. Tarla eilit ghléigheal go ngaimnín a comdhatha i n-a fochair a páirc na mbráthor. Eirgis an t-ab gusin dau i n-a mbauí. Ergabthar leis in laogh buí lé. Cuiris in t-ógmhac dia saigidh. Ba cennuis aumhal áilgen ru-s-gabadh an dalta sin lasan eilit. Ro buí Honofrius trí bliadhna comhlána ag a biathadh for lacht na heillti. Ticedh chuici d'oidhque agus do ló go leithimiol na páirce as urchomhair na mainistrech. Ro buí-semh ag fáss agus ag forbairt frisin ré sin. A fforcinn na haimsire sin mesait na bráithri betha dhaonnaighi do thabairt dó. Ba gnáthbés dó-san gach a ffaghadh do bairgenoip agus do blúireach uaidip do breith amach go a buime oilemna. Laithi n-aon ro-s-baoi ag dol amach gusin eilit. Bairgen aráin lais. Ro-s-fuair naomhMuire ógh agus a Mac mírbaileach i n-a hucht a ffidhair a lenbachta for a chionn issin páirc. Fáiltighis a uile chroide ier n-a ffaixin. Du-s-gní umla agus reuerens. Adbert as a haithle: “a Thigerna, lenamh sipsi; meisi lenamh oile. Ag so mo bairgen aráin díp. Guidim sip ier n-a glacadh díp ná hithidh í innamail agus ithim féin.” Glacuis an Tigerna an mbairgin a lámhoip Honofrius. Du-s-rat dó as a haithle. Ro fholáir fair go ru-s-tardadh don tigerna-ab. Bátor sealat ag lenbacht agus ag diamair-naomthacht chomhráidh re aroile. Gabuis Muire agus a Mac a gcet as a serbhóntaighe díles umal as a haithle. Téit Honofrius gusin mbairgin do láthair in tigerna-ab.  118 Ní mór go ráinic leis a himchar fo bhíthin mar do fháss agus mar do fhorbhair ó lámhoibh an dúileman dia glacadh. Ba machtnadh adpal lassan tigerna-ab agus lasna bráithribh archena an mhéide ro  p.228 fháss forsan mbairghin. Mesait agus tuicit aca badhdéin gur go mírbaileach éxamail ingantach ro-s-fuair Honofrius an taispénadh sin.

 2

Ro buí rath diadha a ffoilenmhain Honofrius óir ro lín d'egna agus d'foghloim agus do shupáilchip an Spirait naoímh. Fóss ro fhorbhair a mhét a mhaissi agus a mhiadhamhlacht. Fecht n-ann ro thoghsat an t-ord Honofrius mar uachtarán orra badhdéin. Ní ro fhaomh-samh an togha sin. Atbert go raghadh fo dhiamraibh agus droibhéloibh for ierroidh an leinb chompánta dorala dó a n-ucht naomhMuire óighe isin páirc ria sunn. Ní ro gabh toirmesc. Ceilibrais don tigerna-ap, do na bráithribh archena. Léicis go fássach na h-Eigipte é. Ag toigheacht dó ar comhghar an fhássaigh adchí an lóchrann teinntidhe for comhlassadh issin aér etorbhuass. Bidgais agus comhchrithnaigis la sodain. Léicis for a glúinibh é. Feacaidh for aithrighi agus aurnaigthi. Tic aingel Dé i n-a chomhdháil agus adbert fris: Ná ro-t-imeglaigther, a uassail, a Onofrius, óir ro fortachtaigh Dia duit agus is mar chomharrdha mírbaileach deit ro thaissealbh an lóchrann lassamna adchí. Fáiltighis Honofrius la cloisteacht uríathar an aingil. Du-s-rat altugadh buide mór do Dia. Eirgis isin díthrebh as a haithle. Ag ascnamh astech a ndroibhél deirrit diemhoir dó adchonnairc chuice senduine ro-arsanta a n-aipít oilithrigh nó díthrebhaigh. Forffáiltighis an senóir ier n-a fhaixin uochétóir, óir ba lainneach lúthgháireach lais an macaómh óg aoidedhach go rath agus go supáilcip diadha i n-a choimhitecht do chor chuice.  119Treóraigis leis é as a haithle gusin duirrtheach ndeirrit ndiemhoir, airm a mbáui a aittrebh agus a inotacht do ghnáth. Is amhloidh immorro buí an duirrtheach .i. bothnait beg chumhang fo bhun chroinn chomhaird pailme. Airisit agus comhnaigit ann a gcomhaontaidh aroile agus a chéile. Is edh ba tuara agus ba hacnamhadh dóibh toradh an chroinn pailme do thomhailt maille fri fír-uisque na tipraiti ro-s-buí fo bun an chroinn. Barrghar agus duilleabar an chroinn isseadh ba himdíten dóibh for dherdain agus doishín, fuacht agus tes. Nir uo himchien tra  p.230 dóip a gcomhaontaidh in tan ro-s-fuair in sendíthrebhach bás. Fágbuis a ttimna tholtanach an crann pailme gusin mbothnait mbic gusin ttiprait ffír-uisce ag Honofrius a n-oighrecht. Ro hadhlaicedh an senóir la Honofrius sealat beg ón chrann. Buí féin go n-aoine agus go n-urnaighthe fo bhun an chroinn sin fri ré deich mbliadan ffichet ag moladh agus ag etorghuide na Trínóite nemdha ag aithrighe agus ag urnaigthi do ló agus d'oidhque. Toradh an chroinn gusin ffír-uisce isseadh fo betha dhó frisin ré sin.

 3

Feacht n-aon dia ro smuain forsan gcompánach lenbaidhi dia mbuí n-a fhoilenmain, cuiris de uo chétóir in méide ro mhair d'iersma na senaipíte du-s-rat asin mainistir tricha bliadan roimhe sin. Fágbuis an crann gusan ttiprait gusin mbothnait. Gluaisis as a haithle seachnóin an díthribh. Aimser imchíen dó fon samhla sin gan comhfhortacht bídh nó édaigh. Ier sin tra téit a n-énerte agus a égcruass adpalmhór. Laithi n-aon dó isin imdhoraidh sin adchonnairc aingel in choimdedh chomhachtaigh chuici go proinn agus go ttomaltus do neimh. Du-s-rat-san altugadh buide dia Thigerna.  120 Coimhinann ro bheiredh an t-aingel an sásadh nemhdha .i. an sacrament naomhtha dhó gacha domnaigh dia lámhoibh badhdén agus do bheiredh an sássadh aimserdha seachnóin na seachtmaine. Deich mbliadhna fichet oile isin díthreb gan comhthathaigidh nó comaontaidh ó neoch for talmain acht cuairt an aingil. Finnfadh a chinn agus a ulchan, a ochta agus a chuirp archena, ba himdíten dó ar fhuacht agus tes frisin ré sin. A aittreb agus a inotacht fo barroibh crann. Smuainis a fforcinn na haimsire sin tra dol do thaistel agus do chomhsibal gacha méide ná ro shipal go sin don díthrep. A mbaoí ann confhaca a ndroibél dorcha a n-inmedhón na coilledh an duirrthech dess deirrit deighdénmhach. Ba machtnadh adpalmhór lais. Atchonnairc tra for a chomhghar senóir aosmhar arsanta. Eirghis for a amus. Mar atchonnairc an senóir an créatúir imthruagh anaithnidh sé ar n-a thuighi  p.232 agus ar n-a imfholach dia fholt agus dia fhinnfadh óthá a bhonn go a bhathuis bidhgais agus imomhnaighis agus ru-s-léic a ráon madhma agus ro-theithidh é. Ro-s-len Honofrius é. Siris fair a n-onóir na Trínóide nemdha furnaidhe agus airisemh i n-a chomnaidhe. Dearcuis an senóir i n-a dheghaidh. Suidhis Honofrius forsan talmain. Tuigis tra an senóir gur a modh umhla agus cennsachta agus nemhurchóide doróine Honofrius an suidhe. Ier sin du-s-riacht for a chomhghar go himeglach faitchesach. Fochtait araon scéla di eroile. Atfét an senóir gur uo díthrepach é badhdéin ro-s-buí fri ré imchéin ag inotacht agus ag aittrebhadh isin díthrebh sin, gur uo Pamplutius a chomhainm. Léicis Honofrius for a glúinibh é la cloisteacht an sceóil sin. Ro inniss a imthús agus a uile echtra badhdéin. Athchuinghis agus etorghuidis an senóir naomhtha  121 um Dhia do ghuide ar a shon. Odclos immorro lasin senóir gur uo heissen Honofrius ru-s-léic for a glúinibh é. Siris a n-impidhi agus a n-athchuingidh fair Dia do guide ar a shon. La sodain tra etorghuidit an Trínóit nemdha do ráith anma aroile agus a chéle. Ier sin atchonnairc an senóir an t-aingel do neimh go mbairgin agus go mbuidél fína ag toirling ar cúloip Honofrius. Ba dearb laiss ó sin suas gur uo duine diadha go ndeigbhethaidh naomhtha é. Bator sealat a gcomhaontaidh. Laithi n-aon dóip ag urnaigthi adchluin in díthreabach guth an aingil do neimh agus issedh ro ráidh: Honofríí, audita est petitio tua .i. a Honofri, ro héistedh h'ierratus. Ba móite sa chách grádh toltanach in díthreabaigh d'Onofrius cloistecht briathar in aingil.

 4

Laithi n-aon siris Honofrius a n-onóir Dé for in senóir a chulpa do éistecht agus apsulóit na heguilsi do thabairt dó i n-a auile peacthoip agus dupáilchip. Du-s-gní in senóir samhloidh. Ier ttabairt a uile choipsen d'Onofrius ro scar a spirat anma fria chorp ar mbreith buadha ó doman agus ó  p.234 deaman agus é eitir díbh lámhoip an díthreabaigh. La sodhain tra éirgis crith agus cumsgugadh adpolmór issin díthrebh i n-a n-uirthimchell agus gapait na croinn ag coimhletradh agus ag comthuargain a chéile seachnóin na fidbaidhi. Ier sin tra adchí an senóir na sé haingil go lóchrannoib lassamna go n-ilcheóloib éxamhla ag toirling do neimh ar gach taep do chorp Honofrius. Dá aingel oile i n-a ndeghaidh-sein, long thúissi a láimh nechtair aca, turibulum a láim in dara haingil. Comscaoilit supáilci agus boltanugadh na túissi mórthimchell an chuirp. Ba hécnach agus ba follus don senóir ag ternódh suas do na hainglip in dara fecht anam in fhíréin uassail Honofrius ag a imchar ag dí aingel díp a richt agus a ffidair choilmne gléigile.  122 Adchonnairc as a haithle an Slánaigtheóir badhdéin ag toighecht do dingnoip rígthighi nemda ag gabáil an anma sin i n-a lámhoip bad-deissin. Ba tuirsech imshnímhach an senóir a haithle a chompáin charthanaigh agus a choicéle comhaduis. Ro buí in méide sin d'foirfeacht aoissi agus d'aimneirti fair coná fitir fon uile doman cinnus do adhlaicfedh an corp. Gar ier sin atchonnairc an dá leoman lonna léidmecha chuici. La sodain tra crithnaigis agus commbidgais. Derbh leis go muirfitis na leomain é budéin maille fri coimhithe chuirp a chompáin. Iar sin tra ticit na leomain ar amus chuirp Honofrius. Léicit for a nglúinibh iet. Gapsat tra ag pócadh agus ag lighi a chos agus a lámh. Ro bátar ier sin ag commbualadh a gcos forsan talmain agus ag tabairt chomarthadh don senóir cia in t-inadh áirigthi in badh toltanach leis fert agus adnacal do chlaide. Ro thogh in senóir aroile inadh imchubaidh dóip. Gerrais co n-a throstán comartha na croichi césta isin talmain. Cumais fot agus leithet an adnacail. La sodain tra comhthochlait na leomain in talmain co n-a gcosoip. Treóraigit ieramh corp an érloimh uassail adhamra leó go mbuí for brú an adhnacail. Cuirit a ttalmain as a haithle do réir forchongra an díthreabaigh. Léicit fon ffidbaidh  p.236 iet as a haithle ier gcoimlegadh chloch agus chriadh forsan corp agus ier ngabáil a gceta go humal áilgen ag an díthrebhach. An comhfhat tra ro buí an t-adhnacal ag a dénomh teglamait agus comhchruinnigit uile fhiadhmíla agus ethaiti allta égcennuis an díthreib go léic. Ro bátor tra go taoi tostach táoithenach go ttairnic an t-adnacal. Comscaoilit seachnóin an díthreibh ieromh. Atá immorro rannchuit dia chorp go ffertoibh agus go mírbailip issin reclés remráiti. Atá immorro a anam a n-aontaid uassal- 123aithrech agus fháidedh, a n-aontaidh náemh agus náemh-óg in domain, a n-aontaidh apstal agus descibal, a n-aontaidh deachta agus daonnachta mic Dé uile-chomachtaigh, a n-aontaidh naoi ngrád neime ná airmdeachatar, a n-aontaidh aingel agus archaingel in choimdedh na ndúla, isin aontaidh is uaisle gach n-aontaidh, a n-aontaidh na naom-Thrínóide uaisle Athair Mac Spirat náomh. Ailim trócoire Dé uile-chomachtaigh tre impide in naoimh-érloimh uassail sin go ríssam go ro aittrepam an aontaidh sin in cecula ceculorum amen. Gar ier sin tic aingel Dé gusin díthreabhach. Earbuis fair athascnamh dia atharrdha ndílis badhdéin .i. gusin Eigipt. Du-s-gní samhloidh. Aisnéidis agus oirrdercaigis fiadh na huilip uile scéla agus betha agus naomthacht Honofrius et cetera.

110.

In nómadh lá fichet Iuníi .i. lá féle Petair do shonnradh táinic ambasadóir ríg na Spáinne fri cíos rígachta na Napless gusin pápa. Ba honórach airmitnech cath-réimech du-s-riacht. Ro buí timchell a cóic nó a sé do chétoib marcach maille fri ro-imat cóistidhi go gcoisigib línmara a libhré ro-onóraigh. Each roi-dess bán go ndiallait mhór-lóigh ier n-a himfholach d'ór-snáithe a remthúss na sligedh, gné sparáin nár uo beg fo a brágait i n-a mbuí cíoss na Naples. Ar ndol do láthair naomthachta in pápa dó du-s-rat dia onóir an t-each gusin gcíos a n-ainm in ríg. Iar sin térnoidis dia thigh.

111.

Ba tuirseach nemgnáthach la hierla Tíre Conaill re mac Uí Néill, re mac Uí Domnaill in comhfhat ru-s-bátar i n-a ngnáth-chomhnaidhe isin Róimh. Smúainit agus comairligit  p.238 etorra badhdéin an Róimh d'fágbáil sealat, dol do spaisteóracht agus do glacadh aitherraigh aéir. Gluaisit a ttriar, buachail agus coisighi i n-a gcoimhitecht. Monuar nír soirb sóinmhech a tturus deóraidhechta. Eirgit go baile áirigthi ar comhghar na fairrgi for brú  124 srotha Tipir dar comhainm Ostia cóic míle dég ón Róimh. Dognít gné chomnaidhe ar gach taep don ruibér fri ré dá ló go n-oidqibh. Téit in doctúir onórach Domnall Ua Cerbhaill i n-a ndeghaidh. Térnoidit na maithe si tar ais gusin Róimh. Ní mór gur uo cúis ilghairdis dia gcairdip a ttoisc gusin dau sin óir mesait cách gur do hinadhoip is messa anffalláine aér mór-thimchell na h-Etáille uile an t-inadh sin d'áirigthi. Fóss nír dermait sé sin do thaispénadh dóip-sen óir ro gap fiaprass tessaighi teinntighi neimhneach an t-iarla an t-ochtmadh lá dég don mí chétna dia haoine do shonnradh ar aoi laithi sechtmaine 1608. Ar n-a mhárach dia sathairn gabuis in fiapras cétna mac I Domnaill .i. Cathbarr. Ro leagadh an barún isin ffiaprus an luan ro buí for a gcinn, fós Domnall O Cerbaill go gar n-a dheghaidh. An buachaill agus in coisighi ru-s-bátar maille friú gabait araon fiapras go lán-gairit i n-a dheghaidh. Ro buí an t-ierla go tteinnes ndíchra agus go ndocomal n-adpal fri ré én-lá dég. Dorat a uile choipsena. Gabuis chuice an sacrament naomhtha. Ro scar a anmain fria chorp. Fuair bás do moladh Dé agus na heguilsi ier mbuaidh ó doman agus ó deman timchell medhóin oidque dia luain. Ar n-a mhárach immorro dia máirt lá Sancta Márta an t-ochtmadh lá fichet do mi Iulíí ro hadhlaicedh in t-ierla a mainistir S. Petro Montorio. Sochraiti línmar agus torramh ro-onórach ar n-a n-ordugadh ó naomhthacht in pápa a prosesion onórach  p.240 go n-imat-línmairecht do lóchrannoibh lasamhain ciera go gcanntaireacht gcaoin-bhinn ttaidiúir ttuirsigh ar gach taeba de. E a n-aibít Sanct Pronséis mar do theguisg féin a cor i n-a urthimchell. Muiriss, buachaill in iarla, d'fagáil báiss in tress lá Augustíí. An t-ochtmhadh lá don mí  125 chétna ro-s-fuair in doctúir diadhachta Domnall O Cerboill mac Uaithne Uí Cherboill ó Moigh Dreithne a n-Urmumain báss et cetera.

112.

Scéla Meguidir. Ier mbeith dó fri ré secht sechtmain imlán issin Napless smuainis agus comairlighis dol don Spáinn. Gluaississ for fairrgi óthá in Napless do dénamh ar in prímh-chathraig n-oirrdirc n-adhamra darab comhainm Genua. Táinic féin agus a chuidechta a ttír go fedh én-oidque amháin isin áit a gcomraic sruth Tibir frissin ffairgi a n-imfochroib agus a n-imfhoixi an inaidh chétna i n-ar glacatar na maithe adupramar romhainn in droch-aér mímessardha anffalláin. Glacuis tuile agus dássacht fiaprassa neimhnigh náimhdemail Maguidir agus Sémus mac Eimir meic Cúuladh Meg Mathgamna. Treóraigther ier sin gusin prím-chathraigh Genua iat. Fuarator araon báss ier ttabairt a n-uile choipsen agus ier gcomhchaithemh na sacramenti naemtha in dara lá dég Augustíí 1608. Sé huaire an chluig amháin isseadh ro buí etorra gur uo lúaithi fuair Sémus Mag Mathgamna báss nó Maguidhir. Ge tharla tra nár uo línmar a gcuideachta nó a lucht lenamhna issin gcathraigh sin, ar aoi sin tra mar doclos a scéla agus a n-uaissle comchruinnighit suim áirigthi do chléir agus do daoinibh maithi na cathrach i n-a n-urthimchell a prosesion onórach go ro hadhnacht iet agus aibídidhi S. Pronséis umpa a mainistir oirrdirc bhráthor minúr issin chathraigh chétna sin.

113.

Ro buí in barún agus mac Uí Domnaill i n-a luighi issin ffiapras frisin ré aimsire si go huilide. Tochuirter do réir  p.242 teguisc na ndoctúiridhi iat go pálás onórach a monte Sitorio do glacadh aitherraigh aiéir ba ferr oldáss beith a m-Burgo airm a mbátar gusin tan sin.

Forior ní mor gur lan-binn na scela so.

 126 Ar mbeith dóip aimsir annsin fuair mac Uí Domnaill báss in cóicedh lá dég Septembriss. Is inmesta immorro nach don degh-fhortún nó don degh-chinnemain iss ferr tárraidh Eire an aurdail sin do degh-roignib mhac Míledh Espáinne d'foghbháil bháiss go hobann diaigh a ndiaigh a n-echtar-chrích imchéin ainiúil a gcoimhfhégmhuiss a n-atharrdha bunaid badhdéin. Ro hadhnacht tra mac Uí Domnaill a n-aipíd Sanct Pronséiss go sochraiti línmair laiss agus go ttorramh ro-onórach a prosesion i n-a thimchiol issin mainistir chétna S. Petro Montorio ar én-dénamh agus a n-imfochroib do thomba in iarla.

114.

Buí mac Uí Néill leith-bliadhain imlán i n-a luighi a pericail ro-marbthaigh agus a nguasacht báiss agus buideachas mór do Dhia ro thoiligh dó térnód ó báss sealat oile maille fri comhaisseg a shláinti d'fagáil, acht gurab é sin bladh do mhíchinnemain cháich agus dia ndíghbáil re haér neimnech náimdighi Ostia.

115.

In cét lá Augustíí .i. lá Lughnusa do shonnradh 1608 éirgis O Néill go tempall ro-onórach mór-lóighideachta darab comainm S. Petri ad Uincula .i. eglus ro-onórach ro tógbadh agus ro cumhdaigedh a n-ainm agus a n-onóir Petair apstail. Taisselbtor dó in slabradh imremar aggarp iernaidhi dia mbuí Petor cengailti cruaidh-chuiprighthi in tan ro buí a ngialna la Iudaidhip aimhirseachaibh. Fecht n-ann ro-s-buí in dara leth don slabhradh chétna isin Róimh. Du-s-rat Elena in bainimpir an dara rann gusin Róimh de. Ar n-a gcoimshínedh araon re aroile iadhait agus comhtháthait le chéile go mírbaileach éxamail mar nach biadh etorscaradh ar bith etorra remhe sin ríamh. Fós ba hé in slabradh sin  p.244 uaide féin ro sgaoil go mírbaileach comhainm in fhésta sin in tan  127 ro buí Petor a gcengal agus a gcruaidh-chuibhrech a n-Iérusalem. Ro taispénadh dó ier sin pictúir Mhaoissi meic Amhra ier n-a tarraing go hinntlechtach fínélta a marmar, rann-chuid ro-mór do chroich S. Andriu, go n-imat reliqias oile.

116.

An cóicedh lá dég don mí chétna .i. lá chéid-fhéile Muire éirgiss O Néill go hegluiss oirrdirc oile dier comhainm Sancta Maria in Trasteuere. Ro buí státion onórach mór-lóighighechta go loghadh na n-uile peacadh issin eglais sin. Ba hé in teg sin tra fo taibernacuil agus fo tegh comhchruinnighthe ag an senadh Rómánach fri ré aimsire imchéine. Comhairlighit as a haithle a thabairt mar inadh oirissimh agus comhnaidhe d'athlaochaibh trógha tuirsecha agus do sen-saighdiúirip arsanta ier sgithlim a lúthmaireachta agus a neirt. Ro buí aca fri ré fhota. Oidhche gheineamhna Críst .i. oidche notlac mór do shonnradh sguchaiss agus comhsgeinnis tipra imdhomain ola go mírbailech ingantach assin egluis sin. Ro-s-buí tra ag snighe agus ag tebersain mar badh sruth comhadpal fri ré laói go n-oidhche go ttéigheadh amach a n-inmedhón srotha Tibir. Odclos sin tra la Calisto Primo an seissedh pápa dég ier Petor conrotacht sépél onórach laiss uassin tiprait sin tra. Ro bennaigh ieromh an sépél a n-ainm naemhMuire óighe. Acht madh teagh Loreto amháin do bheith ier gcéin máir roimhe sin ier n-a thogha agus ier n-a bennugadh a gcomhainm Muire agus a Meic, ag sin céid-eglus ro bennaigedh a n-onórachuss do Muire issin crístaighecht go huilidhi. Fichi bliadan for díp cétoip aíss an Tigerna an tan sin tra. A reimhess in treass Grighóir do beith i n-a pápa issin Róimh ro métaighedh an eglus so leiss as go ffuil i n-a prímh-egluiss chatharrdha mhór-lóigigheachta. Fichi bliadan ar sheacht gcét aoiss in Tigerna an tan sin. Ferta agus adnacail a cethair do pápaidhip  128 issin egluis sin .i. Calistuss, Innocentiuss, Iuliuss.  p.246 Corp Quirinus espoig, maille fri hilimat oile do thaissip naomh agus fírén, issin prím-egluiss chatharrdha chétna sin.

117.

An cethramadh lá fichet don mí chétna .i. lá fhéile Parthaláin do shonnradh éirghis O Néill go hoilén oirrderc atá forsan Tibir dier comainm Insola Tiberina. Mainistir onórach go n-ord Sanct Pronséiss forsan oilén sin. Corp Parthalóin apstail issin mainistir sin ier n-a threórughadh lassin impir in darna Hotono óthá Beneuento gusin Róimh. Ilimat do thaissip naomh agus fírián cenmothá sin issin egluiss naomhtha sin, fóss pictúiridhe agus fidhracha Sancta Caterina, Sancta Agata, agus móráin do ban-naomhuibh uaissle adhamra oile, íer n-a n-oibriugadh agus ier n-a n-imdénomh go healadhanta inntlechtach éxamail issin staid agus issin innioll chétna a mbátor a n-aimsir a martra agus a mbássaighthi la Iudaidhip aimhirseachaib. Mainistir Eóin go n-ospitáil ro-mhaith, airm a ndingentar do gnáth imat déirce agus trócaire, forsan oilén sin.

118.

In nómadh lá fichet Septembris i n-a deghaidh .i. lá féle Míchéil téit O Néill go tempol Míchéil a m-Burgo. Gregoriuss pápa is laiss conrótacht ó thús. Aroile aimser imchien ro-s-buí pláigh adpal-mór issin Róimh. Fuaratar tra formhór lochta a haittrebhtha agus a hinotachta an inbaidh sin báss. Gluaissis Gregoriuss agus gach méide ru-s-mair do na Rómhánchaibh a prosetion onórach aithrigeach óthá mainistir Arass Celi go tempall Petair, fidair-dhealbh naomMuire óighi atá issin mainistir sin rompa. Ag céimniugadh dóip tar Droichet na n-Aingel fuil  129 for sruth Tibir adchonnarcatar dia súilibh corparrdha aingel Dé uasaip issin aeiér, cloidemh nochtaighthi línta lom-lán d'fuil chrói-deirg i n-a láimh. Toirlingis as a haithle forsan gcarraic gcomaird for ar comdaighedh Caislén na n-Aingel. Ar ffaixin naomhthachta in pápa dó cuiris a chloidemh i n-a  p.248 thruaill taisgedha. Tuigis in pápa agus in senadh Rómhánach asside ferc in Tigerna riú ar ttoirnemh. Atá foilliucht choss in aingil isin leic mharmair for ar thoirling ueós. Conrotacht tra in eglus so lassan pápa a n-onóir agus a n-airmitin Míchéil archaingil. Ru-s-fágoibh féin gusna pápaidhibh oile deóigh a ndeóigh imat loghadh agus maithemnuiss na peacadh aice. Ní ro gapsat tra bráithri Arais Celi gan in gcloich marmair remráite d'fogbáil dóib badhdéin a n-athchuingidh ó naomhthacht in pápa fo bíthin gur uo hí in fidair mírbaileach Muire buí leó ru-s-buí a remhthúss in prosesioin riasan pápa. Gnáthaigit na Rómhánaigh dol for a nglúinip suass issin staigri chomhard marmair for a gcéimnigther gusin egluis sin lá féli Míchéil do shonnradh.

119.

Dia cétaoin in treas lá Septembris téit naomhthacht in pápa a prosesion ro-onórach go maithibh na Rómánach a prosesion mailli fris óthá tempol Muire na n-Aingel go ro riacht Sancta Maria maiora agus an aoine ru-s-buí for a gcionn ó thempall Muire Menerua go Sancta Maria de Pace. Buí O Néill i n-a coimhidecht frisin ré sin.

120.

In cethramadh lá Octobris .i. lá Sanct Proinséiss éirgis O Néill go mainistir onóraigh darab comhainm S. Fransisco. Tegh bunaidh agus inadh oirissimh agus comhnaidhe aíne agus apstanaite S. Pronséiss issin Róim in reiclés ro-onórach sin. Sépél ro-onórach i n-a mbíd ag aithrighe agus ag urnaigthi agus ag etorguide in choimsigh chomhachtaigh issin mainistir cétna sin.

Tabair bennachtain for anmain in sgribnora.

 130 Crann ingantach éxamail oráistidhi issin mainistir chétna sin. Naomhthacht Sanct Proinséis ru-s-cuir a ttalmain ó thúss dia lámhoip bennaighthi badéin. Cóic cnapáin bhega chomhchruinne a ffidair chroissi for gach n-oráisti dia ffásann forsan gcronn. Baramail lasna diadhairidip agus la tráchtairigip inna screptra naoimhe gur a ffidair agus a fforaithmet na gcóic n-áladh ro shilset fuil S. Proinséis a gcuimhne agus a ndibergóit páissi Críst bít na cóic  p.250 cnapáin sin forsna horáistidhip sin d'áirigthi seach oráistidhip oile an domain. Dobeirit cách aithne forra in gach inadh a ngabait sechnóin na crístaigheachta. Taisselbthar dóip ier sin ilimat reliciass ro-onórach do thaissibh naomh agus fírén.

121.

In cét-lá Nouembris .i. lá samhna do shonnradh éirgis O Néill go Sancta Maria Rotunda egluss ro-onórach airmitnech adhamra conrótacht lassan senadh Rómhánach ier céin máir aimser imchien ria ngeinemain Críst. A n-onóir na n-uile dée ro tógbadh in egluss ó thúss. Coimhinann fot airde agus leithet di. En-fhuinneóc amháin i n-a ffuilit deich ttroighthi fichet i n-a fír-mhullach sí comhchruinn comfhairsing du-s-gní soillsi d'uile altóirip in reclésa i n-a fír-mhullach. Dorass na heguilsi ier n-a imdhénomh d'aon-chloich amháin itir dí ursain is fordhoruss, ocht ttroigthe fichet in a leithet, samalta a chomhairde fri dá píce deóigh a ndeóigh. Dealp Muire mhírbhaileach doróine Lúcáss suiscél dia lámhoip badhdéin a n-inbaidh agus a n-aimsir naomhMuire do bheith forsan saogal so issin egluis sin tra. Ceithri colaman dég ar láin-mhét cholaman na crístaigheachta go huilidhi siat ar n-a gcomhshuidhiughadh a ndorus na heguilsi. Innte atáit cuirp S. Anastatio, Sancta Ratio, ilimat do thaisibh naom agus fírén archena.

122.

 131 Assa haithle sin tra éirgis O Néill go tempall S. Gregorí in tress dég. Státion agus loghadh ro-onórach mór-lóigh ann an lá sin. E amháin ba háruss bunaidh agus ba histadh gnáth-chomnaidhe don Grigóir chétna sin. Runn-tápla ro-onórach marmair aoingil ann for a ngnáthaighedh sé comhshássadh bídh agus dighi agus gach dérce olchena do thabairt do bochtaip agus d'aidhilgneachaibh an choimdhedh chomhachtaigh gacha laithe. Fecht n-aon tig an Tigerna féin cétna a persain forsan mbord a mesc na ndeóradh, fer mar chách, mar shupáilcip agus mar airmitin dhó-samh fo bhíthin a dhéirci agus a thrócaire go ro lapair aghaidh a n-aghaidh friss agus é ag aurgnamh agus ag coimhriar  p.252 na mbocht. An darna bliadain ier pápa do gairm de ro bheannaigh an prímh-eglus sin a n-ainm agus a n-onóir S. Andriass apstail. Fuil a lámh badhdéin go ffiacail Petair go n-ilimat do thaissip naomh agas fírén issin egluis chétna sin.

123.

In fichetmadh lá do mí Nouembriss tic don Róimh ó rígh crístaighe na Fraingci do thaispénadh aidite agus umhlachta an rígh do naomhthacht in pápa agus do thabairt póice dia choiss as a ucht extraordinaríí ambasadóir, diúc de Neuers a chomhainm. E ba diúc a Retel, ba hard-prinnsa Arceis, prinnsa Porsian, marcéis an Oiléin, iarla Manudess, guibernóir agus leptinont generál fo láimh an rígh a prouensi Compania agus Bria. Karalo Consago Decleuess a chomhainm baiste. Ba honórach airmhitnech adhamra du-s-riacht an diúc astech is in Róimh, for Gepta na n-Aingel do shonnradh, ar comghar agus a n-imfoixe tempail Petair. Ro bátor tra trí fichit múl fo n-a 3  132 charáiste, airm a mbuí a libhré a pláta agus a chostus, a remhthúss na sligedh, bruit ingantacha éxamla ildathacha go mbroidinélacht agus go gcír-chimhsoip suaithenta sídaidhi uass a gcennoibh. Dá múl dég fo throngcoip dessa gerra peinnteáilte i n-a ndeaghaidh sein, brat do miliuent deirg ier n-a oibriughadh lá hór-shnáithe agus airget-snáithe uas gach múl, armus in diuc badhdéin ier n-a chomhtharraing go ro-inntlechtach in gach brat. Clarcraithe coimhlethna capcainn-reamra for gach múl síat uile d'airget aoingeal aithleghtha. Bacáin chomhfhata co n-uile bhúclaidhi agus tairrngide a srien agus a n-audhaim d'airget mar in gcétna. Cleitighe comharda go n-éxamhlacht na n-uile dhatha a ffír-airde uas cennoip na múl. Aradhna comhfhota coimremhra do shída dherg go sgoth-dhossaibh móra for a gcennoip ass sríen gach múil. Gárda mór marcshlaighi in pápa i n-a ndeghaidh sein ar ndol amach  p.254 assin gcathraigh la deruráthair in pápa Seón Bautista Burgeis a gcomdháil an diúc. Múil persan na gcardenál timchell dá fichet dóip go ffudclocaibh coimhderga i n-a ndeghaidh sein, searbóntaidhe cardináil for gach múl. Tríer do dhaoinibh uaisle agus trier trompóir assa haithle. Coissighi in diúc badhdéin go libré ro-ingantaigh fichi a lín for eachraidh i n-a ndeghaidh sin. Páitsidhe an diúc i n-a ndeghaidh dá fer dég dóip, a n-édaighi do meleuent buidi. Na Rómhánaigh timchell dá chét marcach do dhaoinibh uaissle ro-onóracha for eachaibh áille uaibreacha a n-étaigibh comhdhorcha i n-a ndeghaidh. Na Frangcaigh ceithri fichit marcach for eachraidh roi-deiss lúthmair luath-léimnigh degh-áudhaim assa haithle, co n-imat slabrudh  133 óir fo a mpráighdibh. Da fichit barún agus tigerna as a haithle siet a n-ordugadh deissi bátar a gcompráit stáit frisna Frangcachaibh acht a n-étaigi do bheith dorcha. Cethror do thrompóiribh in pápa agus a cethoir do dromatóirib in tsenaidh Rómhánaig i n-a ndiaigh sin. Edaighe derga dealraighthecha buí leó. Trí fichit marcach d'oifficeach agus do lucht fedhma in pápa i n-a ndeghaidh. Bátor féin agus a n-eachradh a n-étaigib derga. Buidhen mór d'uaislib in tsenaidh Rómánaigh as a haithle. Cethror do daoinip uaisle ro-onóracha do mór-thír rígh na Spáinne a n-étaigip dupa i n-a ndeghaidh. Fichi do dhaoinibh uaisle mór-thitail i n-a ndeghaidh, don Frainc dóip. Lóghmhar éxamail mór-lóigh a n-étaighi féin co n-a n-eachraidh. Diúc de Forsa go ndírim móir marcshlaighi do diúcaidhip agus prinnsaidhip na Rómha agus na h-Etáille archena i n-a ndiaigh sin. Ba lór a onóraighi agus a státúsaighe fon uile doman du-s-riacht diúc de Fors. Derbráthair in pápa as a haithle, gárda Suser in pápa i n-a urthimchell. Cethror marcach a n-étaigibh derca go gcolbhaip commóra airgit aíngil a remthús na sligedh roimhe. Dí leacaidh dég do muinntir in diúc agus seiser Suser a n-étaighip buidhi as a haithle. Beirt d'feroip gorma i n-a ndeghaidh, a n-étaighi  p.256 do damusc dherc go n-imat do lássaigibh lethna ór-snáithe. Cuingir d'eachraidh roi-dheis go ndiallaitibh do meleuent deirg ier n-a n-imfholach do broidinélacht ór-snáithi i n-a n-aice. In diúc badhdéin as a haithle, é for chruinn-each beg roi-dess bhán, futcloc do melement uinnsinn os é línta do lássaigip órraidhe for a dhiallait.  134 Bacáin chomhfhata choimhreamra in tsríen co n-a búclaidhip, go stiróipib na diallaiti, co n-a huile ballaibh, ier n-a n-imdénomh do derg-ór go huilidhi. Edach ro-onórach mór-lóigh uime badhdéin ier n-a uile-broidinélacht lá hór-snáithe. Mórán démont agus do chlochaibh uaissle coimchengailte a gcorda in hata ro buí for a chenn, acht chena ba nemhchomhnaigthech dia láimh ag sír-buain in hata sin de ag tabairt umhlachta agus cúirtissighi do lucht a fhaixena agus a forfáiltighi. Ro buí immorro patriarca Hierosolima dia dess-láimh, ardesspog Uitail dia chlé-láimh. Mounseignour de Breues i n-a ndeghaidh, ambasadóir gnáth ro buí ó rígh Franc isin gcathraigh, ardespog onórach for gach taep de. Bátar tra leithchéd eitir espoig is preláit onoraigh eguilsi as a haithle, múillidhi ro-dessa go ndiallaitib agus futclocaibh ba lór feapus fo gach n-aon.

124.

Ag céimniugadh astech tar Gepta na n-Aingel dóibh dognít tra na Rómhánaigh mórán ciúil. Ba línmar trompaidhe agus uile aightheacha ciúil agus múissice aca. Trompóiridhi in pápa ag in páláss mhór. Comhscaoilit gárda in páláis an ro buí d'ordanáss mhór agus beg aca in tan doratsat in marcshlach a ndromanna friú. Nír uo lugha sa chách la gárttae Chaisléin na n-Aingel ag sír-sgáiledh ordanáiss móir. Do mesfadh tra fer a nemfhaixena go sin ó fhuaim agus ó fhothromh in ordanáis mhóir ag a chomhscáiledh, ó lúth-léimnigh na heachraidhi aindiúiti áille aindrennda, go rabatar na sráitte agus na margaidhi trissa gcéimnighdiss for comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh. Ascnaidis an diúc ier sin tré prímh-shráidip oirrderca  135 na cathrach gusin stát agus gusin onóir gcétna n-a thimchell go ro riacht dia páláss neoch ba hurdhailte for a chomhair. p.258 Na páláiss agus na teghdhuissidhi for gach taep do na sráidip coimlínta ó dhaoinibh dia ffaircsin. Ier ndol gusin páláss don diúc ceilipruiss do na huile mhaithibh sin. Airisis agus comhnaigis gusin dia dardaoin buí dó for cionn. Eirgis tra do láthoir naomhthachta in pápa in lá sin do shonnradh. Ro buí immorro stát agus onóir nár uo lugha sa chách oldás stát in chédlaoi i n-a urthimchell in lá cétna sin. Formhór a dhaoine a libhré dubh-dhatha. A chulaidh agus a thruscán badhdéin go n-udhaim a eich ier n-a gcoimh-dessugadh do chlochaibh uaissle margarít agus do bugil granado. Bátar tra na Rómánaigh go ro-línmhar dia chommóradh. Taisselbthor dó in múissici agus na ciúil chomhmbinne chétna go gcomscaoiledh in ordanáis mhóir amail du-s-rónadh ó thúss. Ier ndol do láthair naomhthachta in pápa dó du-s-rat póic dia chois. Ro thaispéin as a haithle an patent agus in t-augdarráss ro buí aigi ó rígh Frangc um thoigheacht a n-ainm agus a persain in rígh badhdéin do láthair naomhthachta agus onóra in pápa do thabairt umhlachta agus reuerens dó, fóss go letrechoip láimhe in rígh ag tabairt supmission agus admhála umhlachta go ffoláiremh a serbíssi go sírraidhe for naomhthacht an pápa agus forsan tegduis apostolice sechnóin na crístaigheachta. Orator in rígh, Mauritio Bressio comh-fhoillsighis agus mínighis ina huile briathra sin do na huilib bátar ann.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Imeacht na n-Iarlaí

Author: Tadhg Ó Cianáin

Editor: Paul Walsh

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork and The RIA's 'Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge' Project, directed by Dr Úna Uí Bheirn, donated a proofed and marked-up copy of the text.

Edition statement

2. Second draft, revised and corrected.

Extent: 51,135 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2007

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100070

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. This electronic edition is based on a html file available on http://www.ria.ie/projects/fng/l015.html, which is used with kind permission of the 'Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge' Project, Royal Irish Academy, Dublin, and for which copyright rests with the RIA.

Source description

Manuscript sources

  • Dublin, Franciscan MS A 21; available at University College Dublin, Archives Department. For further details see Myles Dillon, Canice Mooney and Pádraig de Brún (eds.), Catalogue of Irish manuscripts in the Franciscan Library (Dublin Institute for Advanced Studies 1969); George D. Burtchaell and Thomas Ulick Sadleir (eds.), Report on the Franciscan manuscripts preserved at The Convent, Merchants' Quay, Dublin (Historical Manuscripts Commission 1906).

Editions/Translations

  1. Tadhg Ó Cianáin, Imeacht na nIarlaí. Téacs arna chóiriu ag Pádraig de Barra; réamhra agus tráchtaireacht le Tomás Ó Fiaich, (ed./éag.) Pádraig De Barra (Dublin/Baile Átha Cliath 1972). (Modern Irish version.)
  2. Nollaig Ó Muraíle (ed./éag.), Turas na dTaoiseach nUltach tar Sáile: from Ráth Maoláin to Rome—Tadhg Ó Cianáin's contemporary narrative of the journey into exile of the Ulster chieftains and their followers, 1607-8 (Rome 2007).

Secondary literature: A selection

  1. William Camden, Britannia (London 1610).
  2. Thomas Gainsford, The true and exemplary and remarkable history of the Earle of Tirone (London 1619).
  3. Fynes Moryson, A History of Ireland from the year 1599 to 1603 (2 vols, Dublin 1735).
  4. George Hill, The Montgomery Manuscripts, 1603–1706 (Belfast 1869).
  5. George Hill, The flight of the earls: or, The earls' own account of the causes which compelled them to leave Ulster in the autumn of 1607, with illustrations drawn from state papers. (Belfast: "Northern Whig" Office 1878).
  6. Charles Patrick Meehan, The fate and fortunes of Hugh O'Neill, Earl of Tyrone, and Rory O'Donel, Earl of Tyrconnel: their flight from Ireland, and death in exile (Dublin 1886).
  7. M. J. Byrne, Ireland under Elizabeth (Dublin 1903) [An English translation of Philip O'Sullivan Beare, Historiae Catholicae Iberniae Compendium (Lisbon 1621)].
  8. Henry Docwra, A narration of the services done by the Army ymployed to Lough-Foyle, in: Miscellany of the Celtic Society, ed. John O'Donovan (Dublin 1849).
  9. Philip Wilson, The flight of the earls: an unsolved problem of history, Nineteenth Century & After 55 (1904) 479-91.
  10. Michael Earls, The flight of the earls, Catholic World 104 (1917) 651-2.
  11. Seán Ó Faoláin, The great O'Neill: a biography of Hugh O' Neill, Earl of Tyrone, 1550-1616 (London 1942; repr. Cork 1970; Dublin 1981).
  12. James Carty (ed.), Ireland, from the Flight of the Earls to Grattan's Parliament, 1607-1782; a documentary record (Dublin 1951).
  13. Alexander Boyle, The flight of the earls, Studies; an Irish quarterly review 44 (1955) 469-78.
  14. Lughaidh Ó Cléirigh, The Life of Aodh Ruadh O Domhnaill: transcribed from the book of Lughaidh O Cleirigh, with introduction and notes by Paul Walsh. Pt. 1 (Dublin 1948-1957).
  15. Micheline Walsh, Some notes towards a history of the womanfolk of the Wild Geese, Irish Sword 5 (1961/62) 98-106.
  16. Brendan Jennings, Wild Geese in Spanish Flanders, 1582–1700 (Dublin 1964).
  17. John Lynch, Spain under the Habsburgs (Oxford 1965; 1981).
  18. Micheline Walsh, The last years of Hugh O'Neill: Rome, 1608-16, Irish Sword 3 (1958) 234-44; 5 (1962) 223-35; 7 (1965) 5-14, 136-46, 327-37; 8 (1966) 120-9; (1967) 294-303; (1968).
  19. Nicholas P. Canny, The flight of the earls, 1607, Irish Historical Studies 17 (1971) 380-399.
  20. Aidan Clarke, Pacification, Plantation and the Catholic Question, in: T.W. Moody, F.X. Martin and F.J. Byrne (eds.), A New History of Ireland, Vol. 3: Early Modern Ireland, 1534-1691 (Oxford 1976; 1989).
  21. Brendan Bradshaw, Sword, word and strategy in the Reformation in Ireland, Historical Journal 21 (1978) 475-502.
  22. Nicholas Canny, Flight of the earls, 1607, in: Rory Fitzpatrick (ed.), Milestones or millstones? Watersheds in Irish history (Belfast 1979).
  23. Mark G. McLaughlin, The Wild Geese: The Irish brigades of France and Spain (London 1980).
  24. F. W. Harris, The state of the realm: English military, political, and diplomatic responses to the flight of the earls, autumn 1607 to spring 1608, Irish Sword 14 (1980-81), 47-64.
  25. Aidan Clarke, The Genesis of the Ulster Rising of 1641, in: Peter Roebuck (ed.), Plantation to partition, essays in Ulster history in honour of J.L. McCracken (Belfast 1981) 28-45.
  26. Margaret Mac Curtain, The flight of the earls, in: Liam De Paor (ed.), Milestones in Irish history (Cork 1986) 52-61.
  27. Micheline Kerney Walsh, Destruction by Peace: Hugh O'Neill after Kinsale (Monaghan 1986).
  28. Nicholas P. Canny, Reformation to Restoration: Ireland 1534–1660 (Dublin 1987).
  29. Brendan Fitzpatrick, Seventeenth-Century Ireland: the war of religions (Dublin 1988).
  30. Micheline Kerney Walsh, Hugh O'Neill & the flight of the earls, (Rathmullen 1991).
  31. Jonathan Bardon, A history of Ulster (Belfast 1992).
  32. Gráinne Henry, The Irish military community in Spanish Flanders, 1586–1621 (Dublin 1992).
  33. Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion: the outbreak of the Nine Years War in Tudor Ireland (Woodbridge, Suffolk 1993).
  34. Robert A. Stradling, The Spanish monarchy and Irish mercenaries 1618-68: the Wild Geese in Spain, 1618-68 (Dublin 1993)
  35. John McCavitt, The flight of the earls 1607, Irish Historical Studies 29 (1994) 159-73.
  36. Marc Caball, Providence and Exile in Early Seventeenth-Century Ireland, Irish Historical Studies 29 (1994) 174-188.
  37. Micheline Kerney Walsh, An exile of Ireland: Hugh O'Neill, Prince of Ulster (Dublin 1996).
  38. Murray Smith, Flight of the earls? Changing views on O'Neill's departure from Ireland, History Ireland 4:1 (1996) 17-20.
  39. Mary Ann Lyons, Reluctant collaborators: French reaction to the Nine Years' War and the flight of the earls, 1594-1608, Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 19:1 (2002) 70-90.
  40. John McCavitt, The flight of the earls (Dublin 2002) [The author maintains his own website at www.theflightoftheearls.net]
  41. Jerrold Casway, Heroines or victims? The women of the flight of the earls, New Hibernia Review 7/1 (2003): 56-74.
  42. Hiram Morgan (ed.), The Battle of Kinsale (Bray 2004).
  43. Nollaig Ó Muraíle, The learned family of Ó Cianáin, in Clogher Record: Journal of the Clogher Historical Society 19 (2005), 387-436.
  44. Benjamin Hazard, Writings from Rome and Dublons from Spain: the O'Neills and St. Anthony's College, Louvain, in: John McGurk (ed.), Dúiche Néill: the O'Neill Country Historical Society, vol. 16 (2007).

Reception

  • Christophe Humble, The flight of the Earls: a drama (New York 1984).

The edition used in the digital edition

Walsh, Paul, ed. (1916). The Flight of the Earls by Tadhg Ó Cianáin, edited from the author’s manuscript, with translation and notes‍. 1st ed. xx + 268 pages. Maynooth: St. Patrick’s College.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100070,
  title 	 = {The Flight of the Earls by Tadhg Ó~Cianáin, edited from the author's manuscript, with translation and notes},
  editor 	 = {Paul Walsh},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {xx + 268 pages},
  publisher 	 = {St. Patrick's College},
  address 	 = {Maynooth},
  date 	 = {1916}
}

 G100070.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Editorial declarations

Correction: The file was proofed prior to donation, with editorial corrections integrated, and was proofed once more at CELT.

Normalization: The electronic text represents the edited text. The acute accent and the horizontal overstroke both denote a long vowel and have both been rendered as acute accent. Editorial corrections are tagged corr sic="" resp="PBW" with the corrected form given in the 'sic' attribute. Expansions are marked ex. Colophons and other notes by the author, given in footnotes by Walsh, are integrated. Text supplied by the editor is marked sup resp="PBW". A few editorial notes are retained and tagged note type="auth" n="". Text other than in Irish is indicated. The English version is available in a separate file.

Quotation: Direct speech is tagged q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, this break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the travel journal; div1=the section; div2=the sub-section; page-breaks are marked. Reference to manuscript pagination is tagged mls unit="ms page" n="".

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Personal names, group and place names are tagged.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: By Tadhg Ó Cianáin 1607-1609

Language usage

  • Text is in Irish. (ga)
  • A few words and footnotes are in English. (en)
  • A few words are in Latin. (la)
  • The word 'Amen' is in Hebrew. (iw)
  • One word is in Dutch. (nl)
  • One word is in French. (fr)

Keywords: histor; prose; 17c; travel journal; Flight of the Earls

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-09-29: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-07-27: Value of div0 "type" attribute modified, creation date inserted, content of 'langUsage' revised; minor modifications made to header. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2007-12-13: Additions to bibliography; file parsed; new wordcount made (using Open Office); SGML and HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2007-12-13: Additions to bibliography. (ed. Benjamin Hazard)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-09T11:51:28+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 2005-04-06: Header modified; milestones and expansions added; file parsed; HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  8. 2005-03-31: Additions to manuscript details and bibliography made. (ed. Benjamin Hazard)
  9. 2005-03-14: Bibliography compiled. (ed. Beatrix Färber)
  10. 2005-03-07: File converted to ASCII; existing structural and content markup adapted to TEI; header created. (ed. Beatrix Färber)
  11. 2005-03-07: Proofed and marked up HTML version of text donated to CELT. (ed. Úna Uí Bheirn, Foclóir Stairiúil na Nua-Gaeilge, Royal Irish Academy, Dublin)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T100070: The Flight of the Earls (in English Translation)

Source document

G100070.xml

Search CELT

  1. Possibly from French 'allée', 'a passage, gallery'. 🢀

  2. There is anacoluthon in this sentence. To correct it omit either 'is gnáth' or 'é'. The first alternative has been adopted in the translation. 🢀

  3. fona is repeated on the next page. This text seems faulty. 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top