CELT document G100080

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill

Lughaidh Ó Cléirigh

Edited by Paul Walsh

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill

 p.2

1. Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill as Leabhar Lughaidh Uí Chlérigh

[1]   1a RO TUISMEDH émh clann adhamhra dUa Dhomhnaill (Aodh m Maghnusa m Aodha Oicc m Aodha Ruaidh m Neill Ghairbh m Toirrdhealbaigh an Fhíona et cetera). An Inghean Dubh ingen Semais m Alaxandair m Eoin Chathanaigh Mec Dhomhnaill do shiol Cholla Uais m Eachdhach Doimhlein roba bainseitigh dUa Dhomhnoill ⁊ rob isidhe mathair an robtar aireghda dia chloind. Itiat anmanna a fferscal ier nurd gheine Aódh Rúadh, Rudhraige, Maghnus ⁊ Cathbarr.

[2]  Dála an cheidmheic dibhsidhe Aodha Ruaid do radadhsidhe iarna gheinemain fochettoir dia oileamhain ⁊ dia leasughadh do shaorchlandaibh soichenelchaibh Chenéil Chonaill Gulban m Néill ⁊ nirbho hiadsomh namá ro ett eisidhe for altrom ⁊ oilemhain acht ro ghabhsat araill do Chenel Eóghain m Neill ar robadh derbh leo do raghadh ni de madh dia roisedh co haois infhedhma. Ro ghabhsomh iaromh for fás ⁊ for forbairt araoi chrotha ⁊ chaoimdenmha alaig ⁊ erlabhra egna ⁊ ergna ionfhais ⁊ oirbertais goro leth a ainm ⁊ alladh fo chóicc coigedhaibh Éreann eidir Ghallaibh ⁊ Gaoidhealaibh cid riasiu rainicc tar áeis mhacdhachta ⁊ ro choimhlion a chóig bliadna décc. Attchuas immorro do Dhanaraibh Duibhlinne adbhchlos ⁊ erdhercas an meic sin ⁊ basedh do ruimensett occa ina menmain na baoi a aithghein dErendchaibh fri haithe a anfaladh ⁊ dioghalta greisi a cheineoil dia lecthi co haois fherrdhata. Ro haisneidhedh dhoibh beos gurro thairrngirset faidhe ⁊ lucht remhaisneisi ⁊ tiorchanta na todhochaidhe co ttiocfadh a ionnsamailsiumh no bherad mesccbuaidhredh forrasom ⁊ for inis Ereann archena feibh ro thingheall Columb Cille mac  p.4 Feidlimidh naoimhfhaidh amra do Chenel cConaill ⁊ fer lán do rath ⁊do deolaidheacht an Spiratta Naoim bail atrubhairt:

  1. Tiocfaidh fer an engha aird
    dobera golmairg in gach tir
    bidh é sin an donn diadha
    is biaidh .ix. mbliadna ina righ.

Atberat foirend co mbadh é Cáillín Fiodhnacha ro thairrngir. in marg.

[3]  Araill ann dana ro omhnaighsett na Goill chetna eisiomh ⁊ an tIarla Ua Néill (Aodh m Firdorcha m Cuind Bacaigh m Cuind) do ernaidhm a ccodaigh ⁊ a ccaradraidh fri aroile ina naghaidh  1b uair roba deirbirisidhe dia thuistidhibhsiomh ó chein mháir ⁊ ba hi deirbhfiúr an Aodha Ruaidh remhebertmar roba comhmáim ⁊ roba cédmhuinter don Iarla Ua Neill Siobhan inghen Uí Dhomhnaill a comhainm. An tUa Néill ro hoirdnedh i ccennus for Chenel nEoghain feachtt riamh ⁊ dia ngoirthi anmuim an tan sin (Toirrdelbhach Luineach mac Neill Chonallaigh m Airt m Cuind m Enri m Eoghain) ba riarochsidhe do Ghallaibh don chur sin ⁊nírbho tualaing follamhnadh a fhlaithiusa la heineirte ⁊ anfobhracht ⁊ no biodhsonh dogres occ ionnlach ⁊ occ etarcosaoitt an Iarla Ui Neill frisan Justis ⁊ frisan Seanadh ar omhan a aithrioghtha lais ar as imne ba oisidhe hi ttuile a ratha ⁊ a aoise an tan sin ⁊ ba scciath imdeghla ⁊ irscclaighe dar cenn a cheneoil. Ba haire sin ro ghabsat Goill Atha Cliath Duiblinne aimhires ⁊ mithoimhdin de (gerbho riarach dhoibhsiomh gósin) ar an ccaradradh sin baoi dho fri Cenél cConaill ⁊ do ruimensett occ aibh comba lor dacomhal ⁊ diomfhostadh fri dligheadh for Chenel cConaill ⁊ Eoghain a erghabailsiomh an Aodha Ruaidh ceni baoi acht ina ghiolla biucc an ionbaid sin conadh ar na fothaibh remhraite ro sccrúdsatt na Goill chetna a chuimreach cidh riasiu ro soisedh lais forbhadh an neith ro omhnaighsett do thocht asa loss.

[4]  Ba hamhlaidh forcaomhnagair an ghabhail hishin. Ro hiorlamhaighedh bairc mbelduibh mbraflangaicch (im fheil  p.6 Micheil do hsonnradh anno 1587) ind Ath Cliath cona foirind fhoirniata fhírmisgnigh go naidhmibh iorghaile ⁊ go ttrealmaibh troda leo fri hurscclaighe ⁊ iomghuin ind aghaidh a neassccarad gona fforthain fiona ⁊ corma fri creic ⁊ connrad i ndon cendaigeachta dus an ttairsittis eill ngabala for Aodh Ua nDomhnoill. Ba tria airle an Justis Ser John Parrot ⁊ na Comhairle archena ro gnithe indsin co hionfhoilghidhe. Basedh a ord an Justis a bheith fri laimh righ Saxan i ccendus for inis mBanbha co diuidh teora mbliadhan. Ó ro baoi gach aidhme ba hadhailg ind eallmha lasan luing remraitiu ⁊ iar ttoidhecht na gaoithi andess gach ndírech fosroghluais an mbairc a cliotharchuan Duibhlinne amach  2a ind iomdhomain an aigein gurro sheólustair seach rind Ettair badhthuaidh laimh chle fri hor nÉrenn co riacht co senchuan Súilighe hi crich Chonaill m Néill. Ro airis aimsidhe fo erchomhair Ratha Maoláin amach forsan bfairrge. Caistiall eisidhe baoi for ur na tragha. Ro fothaighedh ecclas fri hurd ⁊ oiffrenn do Mhaire mathair an Choimdedh hi ccomhfhochraibh dó ⁊ ba mendat airrderc fri hiomathaigid laoch ⁊ chlerech na ccrioch ccomfhogus. Lá Cloinn tSuibne conrótacht ⁊ atiatt ro aittreabhsat an mbloidh thire baoi fri himealbhord an chuain gusan moir móir ⁊ araill cenmothá indsin. Do Chenél Eoghain m Néill dhóibh iar mbunudhus ⁊ a hAlpain do dheochatar an dú sin ⁊ robtar iatt ba tuairgnide catha do righ ó cConuill ind agaidh a eascaratt.

[5]  Tuirthechta na luinge imroráidhsem hi tosaigh iar ttuidheacht di gusan ccuan for ionchaibh Ratha Maolain amail atrubhramar do relccit a seola fri lar ⁊ ro suidigit a hangcairedha dia himfhostad hi comhfhochraibh an chalaidh. Docomhlat dream dia foirind for tír iarttain ind eccoscc cennaigedh fo dheilbh siodha ⁊ caenchomhraic ⁊ gabhaitt for brath ⁊ taiscceladh for creic ⁊ connradh frisan ccách docuirethar fora ccind ⁊ addamhat co mbaoi fion ⁊ cormaim leo isin luing. O ro clos la muintir an dúnaidh an ní sin ni tharttsatt hi foill acht ro ghabhsat for cendach an fhíona ⁊ an lenda immale ⁊  p.8 oc comhól fora chele combtar mescca. Iar bfios scél don chrich ina ccomfhogus doionálat a ndochum ⁊ batar ag sainol combtar subaigh amail a cceli. Nirbo cian dóibh samlaidh conustudhchaidh Aodh Ua Domhnaill fecht áiniusa for celidhe don bhaile la baos ⁊ reabraidh fora bhaoithreim ⁊ for cuairt macdachta co ndírim dóccbaidh na criche ina chaoimthecht. O rocloathar éccin an ni si la haos an braith imsoat as for cúlaibh dochum a luinge. Ro faoidhitt daileamain ⁊ deoghbairedha an dúnaidh ina ndeghaidh do chuinghidh fíona dona  2b haoidedhaibh dusfangatar. Asberatsomh nat baoi leo ní badh móamh oldás ní nosfiúrfadh an fhoirenn ⁊ nachasrelcctís uadaibh for tír do shaigidh nach aoin acht má no thísedh uathadh daghdhaoine ina ndochum don luing foghebhdais a ffrestal ⁊ a ffiadhugadh don teruairsi do ruaraidh aca dia ffion.

[10]  Iar ffios scél do Mac Suibhne (dfhior an dúnaidh Domhnall) na daileamain do dhiúltadh imón ffion ba hadhnár lais indsin conadh í airle do rionchoiscc a ainshén dó a thigerna (Aedh Ua Domhnaill) do thochuiredh don luing. Ba sodhaing ón a thoghaothadhsomh an ionbaidh sin uair ni bhaoi aon dia deghchomhairlidhibh dia oidedhaibh nach dia ollamhnaibh ina chaoimhthecht do remhiomthús na do shédugadh comhairle dhó ⁊ ni rainicc tar aois coicc mbliadan décc ⁊ ni thainic a gaos nach a ghliocus an tan sin. Ba samhlaidh ón don aos baoth borrfadhach batar ina fharradh gidh iatt ba sine araoi naoisi. Iar ccrúdh a ccomhairle don fhoirind ainegnaidh ro lasatt amach luingíne mbicc do rala for ur na tragha ⁊ imraiset gusan luing moir go mbatar or fri hor. O ro fhittir an fianlach báttor isin luing go mbaoi Aedh ettorra ro fháiltnighsett friú araoidhe ni relccitt anonn chuca acht uathadh daoine feibh ro thingheallsat im Aodh Ruadh im Mhac Suibhne et cetera. Ro freastlaitt ⁊ ro fiadaighitt do shaine bídh ⁊ lenda gurbhat subaigh soimhenmnaigh. An tan ba háine dhoibh occ ól ro gatta a nairm forra ⁊ ro hiadadh comhla an taiste tara néis ⁊ do rata i naragal foiriata bail naro chumaingset engnamh nó  p.10 eisiomol do ghniomh i nagaid a namhat ⁊ erghabhthar Aedh ⁊ in roba lainn leó don lucht do deachattar anonn dia saigidh. Dothaott tra sccéla na gabhala fon ccrich hi ccoitchinde ⁊ doeccmallatt na comhfhochraibhe dochum an chalaidh dus an ttáirsittis baogal for aos na  3a celge. Ni bhaoi ba desodhain ar ro batar i niomdhomain an chuain iar sreangtharraing chuca a nangcairedh fulaing ⁊ fostadha ⁊ ni rabhattar longa nát laoidhenga aca dia ttograim nach dia ttárrochtain. Dusficc ann a ccumma chaigh Mac Suibhne na tTuath Eoghan Óg atacomnaic. Ba haitte don Aodh eisidheicc ⁊ ro ghabh occ eráil ghiall ⁊ aittire oile dara éisi. Nirbo torbha dhósomh ón ar ni baoi hi ccoiccedh Conchobair m Nessa géill no ghabtais dara éisi dóigh ba fora iarair daonloss do dheochattar.

[7]  Dála na luinge imroraidhsem ⁊ na fairne baoi innti o ro fhorbhsat an toiscc imma ttangatar ⁊ doberatt leo in roba toisccidhe do braighdibh ⁊ daittiribh an tíre imsoat as for ccúlaibh la trethan an tsrotha go rangatar an muir móir. Seolaitt iarsuidhe la tuinnsemhaibh na gaoithi aniartuaith fri hor nÉrenn sairdhes friothroscc na conaire remedeochatar gurro ghabhsatt hi ccuan Duiblinne doridhisi. Atchlos fochettóir fon ccathraigh uile a ttuidhecht samhlaidh ⁊ don Justis ⁊ don Chomhairle sainredh ⁊ Aodh Ua Domhnaill hi forchomed leó. Ba faoilidh iadsomh dia rochtain chuca ⁊ nirbhó fora sheirc itir ⁊ ro thochuirsett eisiomh gan fhuireach dia saigidh co mbaoi eineach i nionchaibh friu ⁊ gebhit occ iomaccallaimh fris ⁊ occ athchomharc sgel do ⁊ ba do thaisceladh ⁊ inchreachadh fora airrdhibh ba móamh ro batarsomh. Fodeóidh tra ro forcongradh eisiomh do chor hi ccaistiall comdhaingen clochdha bhail i mbatar soerchlanna mac Míledh hi cuimbreach ⁊ hi cimbidhecht occ foimhtin ecca ⁊ oidedha ⁊ araill duaislibh na bFionnghall dusfangatar an insi fecht riamh ro ghabhsat báidh ⁊ condalbhus fri Gaoidheala ind agaidh na nGall dusficcset  p.12 fadheóidh a criochaibh Saxan do ghabail na hinsi forra dibh linaibh. Basedh rob aines ⁊ rob aireacc toile dhoibh do lo ⁊ dadaig isin carcair comdhúnta i mbatar a mbith occ éccaoine  3b in imnid éttualaing ⁊ occ aisnéis in ainchridhe anffoil no himbertha forra eitir Ghallaibh ⁊ Ghaoidelaibh ⁊ occ coistecht frisna gúbhrethaibh no coiccerta ⁊ frisan midhiach ⁊ frisan míimbirt do bretha for soerchlandaibh soichenélchaib mac Mileadh ⁊ na fFionnghall hi ccoitchindi.

[8]  Iomthusa Aodha Uí Dhomhnaill baoisidhe samhlaidh hi cumma chaich ina chuimbreach fri ré teora mbliadhan ⁊ theora mis occ cloistecht frisan daorbhroitt i mbatar Gaoidil. Ba tochombracht ⁊ ba galar menman ⁊ ba sniomh adhbhal lais a beith ionuss ro baoi ⁊ nirbhó ara dhaigh bhadhdein acht fobhith an éccumhaing éccomhadhais i mbatar a cháirde ⁊ a chomhfhuilidhe a urradha ⁊ a ardtóisigh a neimedh ⁊ a naoimheccalsa a fhiledha ⁊ a ollamain a fhomhámaighthe ⁊ a oireacht for athchur ⁊ for ionnarbadh i nailechriochaibh sechnón Éreann. Nó bhíodh occa innethemh ⁊ occa scrúdadh dogres caidhe an tesrus elúdha foghébadh. Nirbhó sodhaing dhósomh ón an ní sin ar dusfucctha hi cubhachail foiriata isin caistiall gach noidhche dia iomchoimhétt condusficcedh teirt ara bhárach. Ba imne baoi an caistiall hisin ⁊ lethanchlais lándomhain lionnuiscci ina uirthimcheall ⁊ clardroichet comhdlúta fuirre fo erchomhair dorais an dúine ⁊ gasradh gruamaineach na nGall amuigh ⁊ istigh imon dorus dia dhúrchoimhéd cona diccsedh aon táirsibh anunn nach amach gan athchomarc don fhianlach allmhardha. Ara aoi ni bhi friothaire ar nach ffaghthar faill fadheóidh. Fecht naon dia mbaoi Aodh co ndruing dia aos comtha i ndeiredh geimridh doshunnradh i nurthosach oidhche riasiú do rata isna cubachlaibh foiriata i mbittís gach noidhche basedh arriacht leó téittréfedh rofhoda do breith gusan ffeineistir baoi fora nionchaibh ⁊ dusrelccet sios frisna suainemhnaibh goro tharbhluingset for  4a san urdrochat ro baoi allamuigh do dhorus an dúnaidh. Baoi idh imremhar iarainn asan ccomhlaidh fria tarraing chucca amach do neach tan badh adhlaicc. Do rattsatsomh balc lán glaice do chrond comdaingen tresan idh ar na  p.14 tíosta co tinnesnach dia ttograim asan dúnadh. Bai ócclach do shainmhuintir an Aodha hi foichill a nelúdha ⁊ do ralasidhe dhoibh iar ttoidhecht amach ⁊ di lannchloidhemh lanchotatt lais foa choim ⁊ do ratt i llaimh inn Aodha. Do bert Aodh cloidheamh díbhsidhe diaroile laoch amra do Laighnibh do shiol Chathaoir Mhóir m Feidhlimidh Firurghlais Art Caomhanach atacomhnaic. Ba háirsidh iorgaile ⁊ ba toisech iomghona eisidhe. Do rat iaromh sciath for lorg dona hógaibh tre shráittibh ⁊ slighthibh an bhaile. Cidh iatt na forchoimhedaidhe tra niro rathaighset i nellmha an telúdh ⁊ ó do rattsat dia núidh na hócca do imthecht docengatt fochétóir do shaigidh dorais an chaisteoil amail as déne conrangatar ar andar leo no tháirsitis i traite. Iar rochtain doibh gusan dorus forfeimidh forra a erslagadh nach an ccomhlaidh do shrengadh anonn conustarttsat fria ttoghairm chuca an lucht do rala isna tigibh batar ar ionchaibh an dorais don taobh araill don tsráit. Iar ttocht fon toghairm doibhsidhe ro ghattsat an crann baoi tresan idh eiste ⁊ doléccet an comhlaidh suas do lucht an chaisteóill. Do dheachattar drong mhór do lucht na cathrach for lurg na nócc atrulattar uadaibh. Ni baoi bá desodhain uair batarsomh allamuigh do mhúraibh an bhaile siú ro rathaighitt ar robtar ersloicthe óbela doirsi na rioghchathrach isin ionamm docoislet ina ndochum ⁊ dolengat tar chladaibh tar garrdhaibh ⁊ tar múraibh imechtrachu an bhaile gurro scuchsat for reidh an tsleibhe baoi fora nionchaibh badhdess gach ndíreach.  4b Sliabh fotta foirlethan eisidhe. Asé ba cladh coiccriche eitir Gaoidhealaibh choiccidh Gailian ⁊ Gaill Duibhlinne. Batar iomdha a shlighthi ⁊ a chonaire ara aoi nísrelicc a nomhan doibhsidhe ascnamh isna conairibh coitchenna. Niro ansat dina dia reimim go rangatar tarsan ruaidhshliabh ramattach hisin iar sccis aistir ⁊ imthechta fot na hoidhche. O robtar scithig tuirrsigh tiaghaitt gusan ccaillid cliothardhlúith tecomhnagair fora ccind ⁊ airisit innte gusan muichdhedhoil. Doberat laim for imthecht iarsuidhe ar nirbho láininnill leó airisiumh isin bfiodhbaidh la homhan ⁊ cridhenbhás a súir ⁊ a niarrata dia naimhtibh.

 p.16

[9]  Nírbho coim ria ccioth do Aodh Ua Domhnaill a elúdh uair nirbo tualaing asccnam laa oes cumtha asin ionadh a mbaoi doigh robtar athgaoite ilchrechtnaighthe a throighthe toinngheala tanaidhe lá haiten ⁊ la himdresaibh la haimhreidhe ⁊ la hiomdhoraidh an tsléibhi tarsa ttudhchaidh ar ro heitirdeilighit a assa fria throighthibh iar ndíoscaoiledh a nuamann ⁊ a naidhmchengal lásan ffleachadh ná fuairset gósin. Ba saeth mór ⁊ ba galar laa aos cumtha ná ro éttsat leó é ní bad síriu ⁊ ó naro cumhaingset ní dhó tiomnaitt celebradh ndó ⁊ fagbhaitt bendachtain occa. As fair desidh laisiomh iarttain (iarna fhágbáil i nuathadh buidhne) a fher muintire do fhaoidedh go aroile duine uasal do shoerchlandaibh choiccidh Gailian do reccaimh hi ccaistiall hi ccomhfhochraibh do dus an ffoighbedh innilles no iomshnadadh occa Félim Ó Tuathail a shlondadh. Ba cara don Aedh riasan tan sin (andar lais) ar do choidh fecht for ceilidhe chuga isin ccuimbreach i mbui i nAth Cliath ⁊ ro naidmset a ccarattrad dibh linaibh cecib tan docuirethar neach uaidibh for ionchaibh aroile gurbo hiomairgidhe  5a laisiomh dol for eineach Fhélim araba an chottaigh sin ro ershnaidmsett. Docoisle ass an techta bail a mbui an Félim ⁊ atfétt dhó an toisg ima ttanuicc. Ba faoilidhsiomh riamh ⁊ ro thingheall a thoirithin an Aedha im gach ni ba toiscide dia ccaomsadh. Araoi ni conrairleiccsiott a charaitt nach a chomhfhuilidhe dhó a dichleith nach a diamhlugadh ar uamhan smachtchana na nGall dia aithe fair. Ro fess forra iaromh a beithsiomh isin bfiodhbaidh feibh atrubhramar ⁊ atraghat an cách atchualaidh fora iarair ⁊ dorelccet cona luirg fora fhoillecht. O rob erdhalta la Félim ⁊ lia braithribh cách oile dia fhoghbháilsiomh as fair desidh leo iad budhdein dia erghabail ⁊ a breith gusan ccathraigh for cúlaibh dochum an tSenaidh. Do gníth samlaidh. O rainicsiomh co hAth Cliath robtar subaighe an Senadh imshodhain ⁊ do ronsat neiffni ⁊ brigh mbicc don uile ghiall ⁊ aittiri atrula uaidibh ⁊ batar buidhigh don toicthen ro thathchuir chuca doridhisi. Gerbha  p.18 mór a nainchridhe ⁊ a néccratus dhósom an cétna fecht ba huille an fecht tanaisi ara elúdh uaidhibh ⁊ do bretha geimil glaisiarainn foa feibh as cuimhgi conrangatar ⁊ ro cuiredh isin ccarcair cettna ⁊ ro both iga fhriothaire ⁊ ica fhorchoimhétt ionnus as ferr ro fhétsatt. Atchlos go comhchoitchenn fo chrich nErenn a éludhsomh samhlaidh ⁊ a erghabhail doridhisi. Ro lá socht mór for Ghoeidhelaibh desidhe ⁊ ro maolaitt menmanna a miledh ⁊ aiccenta a nanradh ⁊ croidhedha a ccuradh acc cloistecht an sgeoil hisin. Robtar iomdha rioghna ⁊ romhná ⁊ inghena áille uichtgheala occ dubha ⁊ dérchaoi foa dhaighin. Robtar ile soerchlanna soichineoil ag lámhchomairt ⁊ acc acaoine co hinfhoilgidhe ara aba ⁊ nirbhó lugha deilligh forsan druing  5b frisa mbai a cháirdine ⁊ a choibhdelachus inás ro lá forsan lucht frisa mbátar a mifholta ⁊ a eccratus. Ba soidheithbir doibhsiomh ón uair rob é saoilechtain na sochaide conadh trítt dusfiocfadh a ffoirithin on daoire ⁊ on dochraitti dermháir i mbattar occ Gallaibh.

[10]  Baoisium samhlaidh isin ccarcair chéttna fot na bliadna go deiredh geimhridh doridhisi go hoidhche Nottlacc Stell doshonnradh anno 1592. An tan robo mithigh la Mac na hÓighe a elúdhsomh arrainicc feisin ⁊ araill dia aos comtha eill forsna coimhéttaidhibh i nurthosach oidhche riasiú do ratta isin prainntigh ⁊ gattaid i ngeimhle díobh. Atraghatt iarttain gusan ffiailteach ⁊ suaineamh siothfhoda leo ⁊ dorelccet sios lasan suaineamh tresan fféltigh go riachtatar gusan cclasaigh ccomhdhomain forcaomhnagair i niomthacmhang an dúnaidh. Ro dringset iarsuidhiu frisan mbruach alltarach go mbatar for ur na clasach don taobh araill. Itiatt géill atrulatar ass imaraon frisan Aodh Énrí ⁊ Art da mhac Seaain m Cuinn Bacaigh m Cuinn m Énrí m Eóghain. Ro bhaoi aroile gille tairisi occ athoigidh chuca don chaistiall i ndon echlaighi frisi relccet a run condusrala tul i tul tan ba hadlaic co mbuí deolus rompo. Lotor ass iarsodhain tresan sraittshlighid sreathbuidhnigh  p.20 baoi for ionchaibh an dúnaidh gan airfhius gan fhoirchloistecht do neoch ar ni tuctha imonair acht amail gach naon do lucht na cathrach uair niro ansat cách do thathoigidh no do thadhall eitir thighthibh na trénchathrach an trath sin ar ba tosach oidhche doshunradh ann ⁊ niro dúnaitt doirsi na cathrach bheós. Rangatar tarsan ccathraigh sechtair fon samhail sin. Ro leablaingset tar aimhreidh ⁊ iomdhoraidh na ndúnchladh  6a ndioghainn ⁊ na ndaingenairbhe ndermháir ro bui fri cathraigh anechtair go rangatar for reidhibh an ruaidh-shléibhe remedeochaidh an tAodh isin cétna heludh atrula. Ro eitirdheligh dorchata na hoidhche ⁊ tinnenus an techidh an tí ba siniu dia naos comtha friú .i. Enrí Ua Néill. Eisiumh an tAodh bo soamh dona soerchlandaibh. Nibtar fóiltigh iattsomh imon etarscaradh. Atraghat ass ara aba ⁊ a ffer muintire dia remhimthús. Gebidh an adhaigh for snidhe ⁊ ferthain a fros fírneimhnech fleochaidh ⁊ a slamm slemaintiugh snechtaidhe co narbho sodhaing dona saoirfheraibh soichineoil a siobhal lasan doinind ⁊ lásan diéttghadh uair ba hamlaidh batar gan fhorbruta iar nuachtar iarna nágbail isin ffialtoigh tresa ttúdhchatar.

[11]  Ba móo deilligh an dianaister annamh ainmeinic forsan Art inás for Aodh ⁊ ba haidhlescce ionmoille a cheimim ar as imne baoisidhe ⁊ é collnach remhairshliastach ⁊ ba cianfhoda ó ro cuimrighthi isin carcair i mbuí Nírbo samhlaidh don Oedh ar ni rainicc tar aois macdhachta ⁊ niro anustar dfhás na dionfhorbairt an ionbaidh sin ⁊ ba háith éttrom eisiomh desidhe ⁊ ba hutmall ésgaidh a imthecht. O ro rathaighsium Art occa eneirtiugadh ⁊ iomthruime a chéime asedh do roine fris a lámh do chor fora ghualoinn ⁊ an laimh naill ar gualainn an ghille. Doieghat as fon ionnus sin tar muinchind an maighshléibhe. Robtar scithigh tuirsigh iaromh ⁊ niro ettsat Art leó ni ba síriu ⁊ ó na fuairsiot fosaighitt i ffosccadh allbhruaich iomaird isind ermhona baoi ara mbelaibh. Iar nairisiomh dhóibh ainnsidhe faoidhit a ngiolla uadhaibh lia scelaibh go Gleand Maoilugra bail i raibe Fiacha m Oedha. Glenn daingen diothoghlaidhe  p.22 ⁊ no gnathaightís Gaill Duiblinne cona niodnaibh catha iomshuidhe ⁊ ionnsoigidh fair dia chreachadh ⁊ indredh.  6b Nó chosnadh an tí Fiacha co ferrdha friu co bfarccbaithe iolar cenn lais ⁊ ni chumgaitis ní dho acht ara aoi gerbat iomdha iolardha a nionnsoighthi ⁊ gerbo calma a ccongaibh chatha nírbo riarachsomh dhóibh cen baoi i mbiú. Gach giall ⁊ gach cimbidh no elaighedh uaidibh ni thairis no théigedh acht as chuicce no dáiledh ⁊ ba hedh a chetna huidhe dol go Glend Mhaoilugra bhail a mbaoi an Fiacha atrubhromor ar basé a dhúnárus. A chumat cetna dona giallaibh rémraitiu as chuige ro dhalsat fadheisin ⁊ ro fhoidhset a ngiolla. Ó ranaicsiomh airm i mbui an Fiacha atféd a scéla ndó ⁊ an ionnus fosragaibh na hocca ro élátar asin ccathraigh ⁊ nachasbértha i mbethaidh forra muna tista dia ttoirithin i ttraitti.

[12]  Lasodhain do roega an tí Fiacha fianlach dia oes gradha do neoch batar tairisi lais diobh ⁊ ro erb forra techt lásan ngille for ammus na nócc. Atraghat fochetoir febh ro herbadh friú ⁊ docomlat ass ⁊ fer fo bhíudh leo ⁊ aroile fo lionn ⁊ cormaim go riachtatar gusan sliabh bhail hi farccaibthi na fiora. Monuar ámh nirbhó soinmheach sádhal suidiugadh ⁊ samhugadh na soerchloinne sin for cind na ccuradh do deachatar fora niarair. Ni rabhatar brothracha nat brecána inat éttaighe cumhdachta foa ccorpaibh dia ccaomhna ar fhuacht ⁊ oighredh na ga irbhshíne geimriutu acht ased ba coilctheacha cottalta foa ccaoimhchnesaibh ⁊ ba cerchaille foa ccennaibh colbadha cladharda ciomhaisgheala cloichshnechta ag reódh da gach leth iompaibh ⁊ ag iomuaim a nionar nuirettrom ⁊ a sreabhoinnleintedh snathchaol fria sethnachaibh ⁊ a nassan imleabhor ⁊ a niallchrann fria noircnibh ⁊ traighthibh comba samhalta lasna fiora dusfangatar nárbot daoine itir iatt acht base a ccubat dfhottaib an talmhan chena baoi ann iarna nionfholach isin sneachta uair niro ráthaighset  7a bedhgadh ina mballaibh acht marbtis mairbh ⁊ as imne on bátorsomh acht madh beg. Lasodhain tuarccabhait an laochradh asa lighe iatt ⁊ fororchongartsat forra ní  p.24 don bhíudh ⁊ don lionn do thochaithemh ⁊ ni hétus uatha uair gach deogh no eabdais dusrelcctís hifrithisi fora mbeolaibh sechtair. Acht chena ro thathamair an tí Art fódheóidh ⁊ atradhnacht an dú sin. Dala an Aodha roscongaibh an chormaim iarsin ⁊ ro batar a briogha for forbairt iarna hól acht a dhi chois namá ar as imne batarsidhe ina mballaibh marbha gan mothugadh iar nat ⁊ ionbholgadh frisan reódh ⁊ frisan sneachta. Cuiritt na fir for iomochur eisiomh gusan ngleann atrubhramar. Do rata hi ttigh deirritt i ndiamhair an dlúithfhedha. Ro both iccá leighes ⁊ leasugadh ann da gach ni ba toisgidhe co ttorracht teachta co dichealta dia áithreós ⁊ dia fhios sccél óa chliamhain Oedh Ua Néill. Do rattsomh lamh for imthecht iarsuidhe iar mbreith don techta fair. Ba duiligh dhósomh triall foran turus sin oir niro chumhaingsett na leghe freapadh dia thraighthibh i ttraitte iarna ttreghdad don reódh remhepertmar ⁊ ba héiccen da nach oile a thurccbail for eoch ⁊ a ghabáil eitir a dhib lamhaibh doridhisi tan no tharbhlaingedh. Baoisimh amen coro etarsccarsat leighe a di ordain fris iar ttrioll ar rochtain dia athardha budhdein. Faoidhis an tí Fiacha dirim marcach lais isin adhaigh dia shnadhadh tar abhainn Life .i.obh fil i coiccrich coiccidh Gailian ⁊ na Midhe. Ro batar ettarnaide ⁊ aos coimheta ó Ghallaibh Duiblinne for áthaibh édoimhne na habhann ⁊ fora conairibh coitchenda ótchlos dóibh Aodh Ó Domhnaill do beith i nGlionn Mhaoilugra ar nach elaidhedh tairsibh co cóiccedh Conchobair ⁊ nach élataís na cimbidhe archena atrula imaraon ris asan ccathraigh gurbhó heiccen dona hóccaibh ara aba gabháil i ngarfhoccus don chathraigh tar  7b áth ndoraidh niomdhomhain ro bhaoi foran abhainn go rangatar gan rathucchadh gan fhorchloistecht dona Gallaibh co mbatar for iorlainn an dúine a nurthosach oidhche. Ro bhaoi an lucht lásro treccedhsomh hi tosach iarsan ccetna helúdh hi trechumusc an diorma .i. Felim Ó Tuathail cona brathair iar ttocht doibh dia shnadadhsomh ⁊ dia chomairce amail chách dershnaidhm ⁊ do chengal a ccottaigh ⁊ a ccairdesa friss. Maraidh an cottach sin beos ⁊ méraidh co diúidh mbetha  p.26 eittir Cenél Conuill m Néill ⁊ sliocht Cathaoir Mhóir m Feilim Firurglais. Tiomnait celiobradh ⁊ fagbhaitt bendachtain oc ároile iar naidhm a ccarattraidh amlaidh sin.

[13]  Dála Aodha hUi Dhomhnaill iar nimthecht doibhsidhe uadha ⁊ iarna fhágbáil na oenar acht an toenóglach .i. Toirrdelbach Buidhi Ó Ógáin do deachaidh fora iarair isin nGlenn nairrderc: do shainmhuintir ind Aedha Uí Néill dóisidhe ⁊ no labhradh bérla na ttuath nechtrond ⁊ rob aithnidh eólach etorra dóigh no biodh i niarsháile an Iarla Uí Néill tan dusficcedh fria thosccaibh go cathraigh Átha Cliath. Robtar iolardha bheós cairde an tí Aedha Uí Néill dona Gallaibh fadhéin uair dobeiredh tiodhlaicthe ⁊ tuarastail mhóra óir ⁊ argaitt dhóibh tar cenn gabhála aige ⁊ labhartha ara shon isin tSeanadh. Ba dána an tócclach imna tuccaidibh hisin ⁊ nirbho himecclach im ghabháil tre gnaithshlighthibh na nGall. Lotar ass iaromh Aodh Ua Domhnaill ⁊ eisiumh for dibh neachaibh ána uttmalla i ródaibh raoindírghe ⁊ i sligthibh salcha na sein-Mhidhe go mbatar for ur na Bóinne ria mattain edh gairitt o Inbher Colptha siar. Ro cumhdacht cathair airrderc lasna hallmarchaibh fecht riamh occ Inber Colptha forsan abainn ⁊ droichett tairsi dana. Droichet Atha do gairthi don baile hisin ⁊ basedh conair choitchend Gall ⁊ Gaoidel gabháil tresan ccathraigh. Acht chena nisrelicc a nomhan doibsidhe gabhail treithe conadh edh do rónsat gabáil go hur na habhann atrubromar bhail i mbiodh iascaire  8a dínnimh deróil ⁊ lestar becc occa fri hiomluchtadh. Do chotarsomh isin ccurach conusfarccaibh an portiomarchurthaigh forsan mbruach alltarach iar ttabhairt a loighe co saidhbhir dhó. Ba maith laisiomh a mhenma ara mhétt fuair darccat ⁊ ba machtnadh mór lais ar niro étt a urdail riamh ó nach ndruing dia ttard a churach. Gaibidh an fer céttna lasna heocha tresan ccathraigh condusrad chucca iad don taobh araill don abhainn.

[14]  Tieghait fora neachaibh ⁊ lottar ass iarsuidhiu ina réimim go mbátar míle céimend fó dí ón abhainn. Atchiatt doire dosach díoghainn ara ccionn an conair ro ghabhsat ⁊ dúnchladh  p.28 díomhor ina uirthimcheall amail bidh lubhghort. Ro buí dúnárus airderc (dia ngaror an Mhainister Mhor) la hoglach naireghdha dona Gallaibh fria taobh an doire ⁊ ba deirbhiris dAodh Ua Néill eisidhe. Tairbhlingittsium ocon dúnchladh chétna ⁊ tieghaitt istegh cipiondus uair rob eolach maith a fher muintiresium isin maighin sin. Scorait a neich ⁊ doghniat airisiumh hisuidhiu. Luidhsiomh isin dúnadh ⁊ fogheibh a fhiadhugadh ann uair ba suaithnidh eisium an dú sin sainredh seach gach nionadh. Fosruair aragal ndeirrit do Aodh ⁊ do bert lais é ⁊ ro freastladh ⁊ ro friothailedh é iarttain amail robo lainn lais.

[15]  O roba laininnil leósomh an tionad i natrala ro ansat ann go ara bharach dadaigh. Doléiccet ass iaromh fora neachaibh feisne la capurdhorcha thosaigh na hoidche tar Sliabh mBregh ⁊ tre Mhachaire Conaill go rangatar go Traigh Baile m Buain ria mattain. Conrótacht cathair hisuidhe for ur na tragha lasan echtairchenél imroraidhsiom eitir Dun Delgan ⁊ muir. O robtar ersloicthe doirsi na cathrach isin matuin mhuich as fair deisidh leósomh gabáil gan anadh gan airisium treithe. Lotar iaromh fora neachaibh ina réimim gan rathugadh go riachtatar triasan mbaile samhlaidh ⁊ ni thugsat cach imonair co mbatar don taobh araill. As aire eimh rob éccen dóibh gabhail tresan ccathraigh tar  8b chonair naile uair ro bhátar forairedha ⁊ etarnaidhe óna Gallaibh isin coigcrich in gach enach erdhalta in gach séd ⁊ in gach sligidh in roba doigh leó Aodh O Domhnaill do thochar chuca amail ro baoi for abhainn Life ⁊ do ruimenset nisléiccfedh an omhan dó gabhail trias an ccathraigh cipindus. O rangatar tar sraitshlighthibh na cathrach robtar subaigh forbfaoilidh araba a tternáidh tar gach mbaogal baoi rempo ar niro imeacclaighset nach ní ar rochtain do hisuidhiu ar ba fo mámus Aodha Uí Néill baoi an chrioch fri cathraigh atuaidh. Lotar as go Fiodh Mór an adaigh sin do leiged a scísi ⁊ ba hinnill dóibh i mbith an dú sin gerbo garfhoccus do Ghallaibh iat. Ba cara ⁊ ba comhalta  p.30 dosomh an tí bui hisuidhe Toirrdhelbach mac Enri m Felim Ruaidh do shoerchlandaibh Cenéil Eoghain ⁊ ba hionann mathair dósaidhe ⁊ don Iarla Ua Néill. Ro fiadhaigedh ietsomh co hairmhitnech an adaigh sin ⁊ gaibit reimhibh ara barach tre Shliabh Fuait m Breoghain go rangatar gusan Macha badhthuaidh. Anait ann an adaigh sin fo dhichleith. Tiaghaitt ara bhárach go Dún Genainn m Cathbaidh bail i raibhe Aodh Ó Néill. Ba faoilidhsimh riasan aoididh do riacht cucca ⁊ do ratadh gan fhuireach i naragal uaigneach go hinfhoilgidhe gan rathugadh da nach aon isin dúnadh acht madh uathadh daos tairisi ro batar oga fhriothailedh ⁊ og airiug toile dhó oir ba riarach Aedh Ó Néill in ionbaidh sin do Ghallaibh Duibhlinne ⁊ nirbhó hail do tocht tara nerfhuagra acht co hinchleithe.

[16]  Dala Aodha Uí Domhnaill iar ccor scísi a aistir ⁊ imnidh de isin dunadh fri ré cetheora noidhche cona láibh do bert laimh for imthecht ⁊ tiomnais ceileabrad do Aodh Ua Néill ⁊ fagbaidh bhendachtain occa. Docuirethar dírim mharcach lais dia shnadhadh ar chuanaibh ⁊ ceithernaibh go ranuig co hoirer Locha hEirne. Ba cara dhósomh triath an tíre sin ⁊ ba brathair hi rainn a mathar  9a Aodh Mháguidhir atacomhnaic. Ba faoilidhsidhe dia thuidhecht chucca ⁊ fogheibh a fhiadhucchadh co hadhamra lais. Do bretha ethar derscaighthe duibhshlemhain a dhochum ⁊ dothaot ind ⁊ fágbhaidh bendachtain ag Maguidhir. Iomraiset ass iersodhain gusan ccael ccuarchumhang baoi forsan loch remhepertmar bail hi toet ass an obh adbhchlosach iaichiomdha frisi ráiter Érne. Bá dia athardha feisin an feronn hisin. Dusnáirthetor araill dia oes tairisi ⁊ dia shainmhuintir badhdhein ⁊ doberat eocha ána utmalla ina dhail an dú sin ⁊ lotar aissidhe co hÁth Seanaigh. Baoi caistiall comdaingen hisuidhiu for ur an atha tuargaibhthe i ttosach la sinnser an Aodha (Niall Garbh m Toirrdelbaigh an Fhíona anno 1423). Ba dúnárus adhamra ⁊ iostadh flatha dia chenélsom an caistiall ⁊ dia athair sainredh ar asé baoi hi cennus na criche an ionbaidh  p.32 sin ⁊ ba hé fosracaibh araill dia shainmhuintir ag comhdha an chaisteóil ⁊ robtar failtigh na fiora fri damhna na flatha dusfainicc ⁊ doleccet cuca istegh.

[17]  Baoisiumh i ffos hisuidiu coleicc corustarcomlaiset an tír (do neoch baoi ina chomfhochraibh) dia shaigidh bail i raibhe. Nírbhó herusa éimh eisidhe ar as amhlaidh baoi an chrioch ina céide creach ⁊ caibden ag Gallaibh ⁊ ag Gaoidelaibh ⁊ atrachtatar deabhtha ⁊ dechétfaidhe dermára etorra féin armedhón co narbot riaraig dia fflaith amail roba téchta doibh ar ba forusócclach an ionbaidh sin é ⁊ nirbhó tualaing tathugadh a thuath ná ernaidhm a ngiall nach a naitire ó ro herghabadhsomh ⁊ dana deilligh an tsendata fair siú roba sen coleicc. Ótchiatt Gaill Duiblinne an chrioch samhlaidh fororchongarsat forsan ffianlach baoi uaidibh i ccoiccedh Olneccmacht ar  9b oile sochaidhe dhíobh do thuidhecht hi tír Conuill m Néill. Batar iad robtar codhnaig forsna hibh forro herailedh tocht hisuidhiu Caiptin Wilis ⁊ Caiptin Conuill. Docuislet ass co ndíbh cétaibh laech tar Duibh tar Drobhaois tar Eass Ruaidh ⁊ niro ansat dia réimim go rangator Dun na nGall for ur Iasccaighe. Baoi Ó Domhnaill isin mbaile co nuathadh sochaidhe ⁊ niro fhédsat nach ní dhó. Ro bhaoi mainistir bhláith bhennchobhrach hi comhfhochraibh an chaisteoil allathiar for ur na tragha ⁊ ba he Ua Domhnaill attredbairt durd S. Franseis fecht riamh anno 1474 ⁊ doieghatt a sruithe ⁊ a céledha Dé eiste an tan sin for techedh ⁊ iomghabháil na nGall. Airisit na Goill isin mainistir ⁊ doghniat puiple ⁊ pailliúin do thegdhuisibh diadha deirrite ⁊ do chubachlaibh claruaighte na cceledh nDé ⁊ na mac mbeathadh. Ro chuirset dina an mbloidh tíre ro bhuí ó Bernus Mór co hÉrne ⁊ go Glenn Coluimb Chille m Feidhlimidh co fomamaighthe fóthaibh ⁊ ba héccen i ngéill ⁊ a naittiri do thabairt dóibh uair ba hadhbhal uaman ⁊ imegla Gaoidel an ionbaidh sin ria slogaibh Saxan ⁊ ria laochraidh Londan (gemadh uathadh doibh) ar allmardhacht a ninnill ⁊ a néccuiscc ⁊ ar iongnaithe  p.34 a nerradh ⁊ a nerlabra ⁊ la fogarthorman a ttrompadh ⁊ a ttapúr ⁊ a ccaismert catha la grain ⁊ géraitecht a ngaiscced ⁊ a ngallarm ar narbhó hadhma eolaigh Erendaigh riamh gósin. Gabthar lasan uathadh sloigh sin atrubhramor caistiall baoi for eochairimeal an chuain di mile céimend o Dhún na nGall siar. La hUa mBaoighill an baile taoiseach togaidhe do Chenel Conuill Gulban. O rob innill lasna Gallaibh cétna airm i mbátar ⁊ braighde na criche fora ccomuss  10a nó tiegtais triasan ccrich co coitchend na ndéisibh ⁊ na mbuidnibh na ndeisibh ⁊ na ttriaraibh do ghaid a mbidh ⁊ a mbethamhnais forro ⁊ ni antais ag breith a nagh niomthrom ⁊ a ccethnat cclumhfhoto chuca dogrés. Gabhait ag tóchuiredh fuillidh slóigh ⁊ sochaidhe dia soigidh do dhul tar Bernus Mór dinghreim ⁊ dargain na tíre ⁊ dia huiledilghend ima crodh ⁊ ima cethraibh ⁊ dia tabairt fo dhaoire ⁊ fo dochraide fodheóidh. Acht cena uair narbho lainn la Dia an dilghenn ⁊ an droichdhiach do ratsat Goill for lucht na criche ina nathardha dílis badhdhéin dusfucc lais an macthairngertach morghlondach (Aodh Ruadh m Aodha m Magnusa) co Cenél Conuill m Néill dia furtacht ⁊ dia foirithin dia snadadh ⁊ dia soeradh aran ainffine nettrócar nechtronn feib dusfainicc Moyse m Amra i toirithin tuaithe Dé dia saoradh aran ndaoire nEgeptacdha.

[18]  An tan ba háinemh dona Gallaibh foran abairt atrubhramor as ann atcas dóibh an Ruadh atrula do thuidhecht don tír. Rosgabh crioth omhain ⁊ imegla iatt ⁊ ba fair deisid leó deirghe na criche dia ccaomhsatais ⁊ ba fó leo na tístais inte ittir. Dála Aodha Uí Dhomhnaill ro thochuir an tír chucca ⁊ niro an friú colléicc (ótchuala milledh ⁊ mídhiach na mainistrech) go ranuicc go Dún na nGall eineach hi nionchaibh frisna Gallaibh. Ara aoi ni tarttsat an tír éisiomh hi foill gan tocht foa thoghairm (do neoch ro charsat é) na néisibh ⁊ na mbuidhnibh amail as déine conrangatar. Lasodhain ro lásom  p.36 a thechta ar ammus na nGall dia radha riú gan iomfhuirech no essnadadh isin ecclais ni ba siriu ⁊ nach gebh tha forra tocht an conair badh lainn leo acht nama go ffarccbatais dia néis a mboi leó do bhú ⁊  10b do bhroid do chrudh ⁊ do chethraibh dionnmus ⁊ déttáil na críche archena. Fágbait ieromh fochetoir feibh ro forchongradh forra ⁊ robtar buidhigh do rochtain a nanmonn leo ⁊ imsoat ass for cúlaibh i coiccedh Olnéccmacht o ttúdhchatar. Iar nimthecht doibhsidhe i mís Febra dusrinntaiset na braithri for cúlaibh dochom na mainestri ⁊ gabhaitt occa herglanadh ⁊ occa hathnuadhachadh dar ési an fhianlaigh allmhardha ⁊ oc dénomh a nuird ⁊ a noiffrend amail ba gresach leó ⁊ occ adhmoladh an Choimdedh oca atach ⁊ oga etarghuide setal naile dar cend a ccaratt ⁊ oesa a ffoghnamha ⁊ dar ceand Aodha Uí Dhomhnaill sainred ar asé dusfucc ina ffritheing dia sosadh psailmcetlaidh ⁊ dia narus ailtoirithnech ⁊ rostoifnestair an ainffine allmhardha uaidhibh.

[19]  Dála Aodha Uí Dhomhnaill luidhside co hAth Senaigh ifrithisi ⁊ deisidh ind ⁊ do bert leighe chuga do choimcighsin a choss ⁊ niro fhétsat freapad do coro heitirdhelighthe a dhi orduin fris fodheoidh ⁊ nirbo hoghshlán co diúidh mbliadna. Arái sin nisrelccsium de frisan ré sin gan dénomh secip ní ba toisccidhe do thathugadh tuath do mhalairt ⁊ do mudhugadh mheirleach ⁊ daithe a anffaladh ara essccairdibh. Bóisiomh ina othairlighe amail atrubhramar ó Iomelcc co hApril. Otchísiomh adhuaire na haimsire errchaidhe ar nimthecht ⁊ erthriall na síne samhrata chucca ba foda lais ro bhói ina othairlighe cen deirghe an phuirt a mbaoi ceni chonrairleiccsett a leghe dhó ⁊ basedh do róine tara nerghaire techta do chor go Cenél Conuill do neoch roba riarach dia thuistidibh dhiobh ⁊ a ttarcclomadh ⁊ a ttionól a dhochum allathair don tsliabh airderc .i. Bernus Mór Thíre hAedha. Dusratsom asendadh  11a láimh for imthecht ina ndáil ⁊ doionálat chucca i mbuí allathiar don tsliabh atrubhramor.  p.38 Dusficc ann Ua Baoighill Tadhg Ócc m Taidhg m Toirrdelbaig tóiseach togaidhe do Chenel Conaill. Dosfainicc ann Mac Suibhne Thíre Bóghaine Donnchadh mac Maoilmuire Meirgigh m Maoilmuire m Néill. Basé an tres fer no bhíodh i tóisighech t amhsaine la righ ó cConaill Mac Suibne Fánatt ⁊ Mac Suibne na tTuath an dias naile. Batar iatt tangattar isin toichestal chéttna allathair don tsliabh Ua Domhnaill a athairsiumh Aodh mac Maghnusa m Aedha Óicc m Aedha Ruaidh cona chomáim .i. an Inghen Dubh inghen tSémais m Alaxandair m Eoin Chathanaigh mathair an Oedha ⁊ inghen Mic Cailin a mathairsidhe. Ba feirrde dana a tuidhechtsidhe isin dail ar así ba cend airle ⁊ athchomhairc do Chenél Conuill ⁊ gerbhó fosaidh ionmálla ⁊ gerbo hadhmolta i nairrdhibh mná ro bhaoi croidhe curaidh ⁊ inntinn fhiannusa aice illeith fria forngaire ittir forsan ccách conetestair ⁊ fora cele sainredh occ aithe a huilc ⁊ a héccora for gach naon donairilledh ⁊ no bhiodh buidhne iomdha a hAlbain ⁊ araill dÉirendchoibh fora cor ⁊ fora commus ⁊ fora tuillmhe ⁊ fora tuarustal badhdein dogres ⁊ go sainredhach in airett baoi a mac (an Ruadh) hi ccimbidhecht ⁊ hi cuimreach og Gallaibh. Tainic dana isin comhdhail chetna Mac Suibhne na tTuath Eóghan Ócc m Eoghain Óicc m Eoghain Mhóir m Domhnaill ⁊ Mac Suibhne Fánatt Domhnall m Toirrdelbaigh m Ruaidri. Básé ionadh erdhalta in ro dhalsat na maithe dib linaibh i cCill Mac Nénáin i neitirmhedhón triochait chéd Cheniúil Luighdech fri Lenainn antuaidh airm in ro halt Columb Cille m Felim m Ferghusa an naomh amra do Chenél Conuill ⁊ robadh dó ro fothaighedh an cheall cétus ⁊ as inntesidhe ro hoirdnighthe Ua Domhnaill hi cennacht na criche ⁊ basé airchindeach na cille  11b céttna nó oirdnedh ⁊ robadh ar ónóir ⁊ ar airmhittin do naomhCholumb dognithi dina indsin la Cenel cConaill. Batar imorro dronga diáirmhe  p.40 do Chenél Conaill na tangator hisuidhe don chur sin. Ba dibhsidhe Aodh m Aedha Óig m Aedha Ruaidh. Ba diobh sliocht an Chalbaigh m Maghnasa m Aedha Óicc. Ro batar bheós drong mhór do Chlainn tSuibhne na ttrechumuscc iarna ttofann asa ttír ó chéin mhair ⁊ as ann ro aittrebhsat for ur Locha Feabhail m Lottain ⁊ asiatt ba túisigh niomghona ⁊ ba tuairccnidhe catha don Chalbhach Ua Dhomhnaill ⁊ dia shiol na deghaid. Ni tainic ann O Dochartaigh (Seaan Óg) taoisech triochait chéd hInsi hEoghain m Néill uair asé an triocha chét sin rainic dEoghan ó Chonall do chuid ronna ⁊ dusfuit co Ceinel cConaill hifrithisi. Batar drong mhor do mhuintir Gallchobhair gan techt and amail chách tria mhioscais ⁊ mhírún. Iar ttarcclomadh an uathaidh slóigh sin hi ccenn a chéle ro eitirdhelighset a nairigh ⁊ a nuasail i maighin for leith ⁊ gabhait acc crúdh a comhairle ⁊ oga scrúdadh ⁊ oga reimhdeiccsi cionnus no foibertais a namhaitt ⁊ no bertais foa reir doridhisi an cách atrula hi rudrachus uaidibh ⁊ a mbaoi ind esaonta friú do Chenel Conaill fodhéin. Ba fair deisidh lasna maithibh ⁊ la hUa nDomhnaill feisin (o ro airighestair a eneirte ⁊ aidhble a aoisi) a thighernus do thelgedh dia mac .i. do Aodh Ruadh ⁊ Ó Domhnaill do ghairm dhe. Ro mholsat cách hi ccoitchinde an chomhairle hisin ⁊ ro gnithe samlaidh. Do rattadh an tairchindeach dia saigidh Ua Firghil atacomhnaic. Ro oirdnestairsidhe an tAodh Ruadh hi ccennacht na críche la forchongra ⁊ la beandachtain a athar ⁊ do roine ord an anma feib as techta roba gnath dia chenél gósin ⁊ dogara O Domhnaill de. Gabhait clérich  12a na cille occ ettarghuide an Choimdedh dara chend ⁊ occ cantain psalm ⁊ hymon ind onoir Crist ⁊ an Choluimb atrubhromor im hsóinmhighe a fhlaithiusa amail fa bés dóibh. Ba hisin tres laithe do mhis Mai doshondradh ro gairmedh a ghairm fhlatha dhesiomh don chur sin. in marg. 1592

 p.42

2. An Chéad Bhliadhain, 1592

[20]  Tuirthechta Aodha Ruaidh iaromh o ro hoirdned ind ionadh a athar amhail roba téchta nísrelicc eisreidhedh na ettarsccaradh ó aroile don uathadh slóigh do rala na fhochair eittir traightheach ⁊ marcach go ranuicc isin ccoiccrich go Cenel Eoghain m Neill ar ba holc a fhola friu an tan soin uair batarsaidhe occ forran fora thírsiumh ó ro lá laige ⁊ eneirte fora athair ⁊ o ro herghabadh é badhdéin la Gallaibh. Fáth oile ann dana ar robtar iad Cenél nEoghain ba coill fosccaidh ⁊ ba dos didin dogres da gach aon do Chenel cConaill fadhein nó friothardadh ⁊ no imresnaigedh i nagaidh a fflatha fírdhilis ⁊ nirbho dóibhsidhe namá acht da gach neach i nechtairchrich no bhiodh i frithbhert nó ind eccraittes fri Cenel Conaill ara mioscais ind. Araill beos nirbot cairdemail ⁊ nirbot caratradh imoroile don chur sin Ua Néill (Toirrdelbach Luineach m Néill Chonallaigh) ⁊ an tIarla Ó Néill (Aodh m Firdoirche) roba derbhiris dhósomh ⁊ dia athair dogres conadh arna fothaibh sin ba forra duthraccair dula i ttossach do fhromadh a chédgaisgidh ⁊ dimbirt a ainchridhe ⁊ a bharainde. Iar rochtain don uathadh slóigh sin i cCenel Eoghain ro chroithsett ⁊ ro indirsett an roba coimhnesamh dhóibh don chrich. Gontar airlighther gach aon rob inéchta ara rugsatt an slógh. Fuairsett édala iomdha bó ⁊ damh ⁊ gach indile archena isna comhfhochraibhe dóigh ni deachattor raibhthe rempu. Niro shaoilsett tra an tir Aodh Ruadh do eirghe hi ttraitte asan lighe othraiss a mbaoi ⁊ ni thardsat dia nóidh ⁊ ni bhaoi for menmain doibh teicheadh ria cCenél cConaill ó chein mháir.

[21]   12b As ann tra baoi dúnáras Uí Néill (Thoirrdhealbaig Luinigh) an ionbaidh sin ar an Srath mBan bail hi comhraic  p.44 an da senabainn fosragaibh díle na dedhaidh fri aroile .i. Fionn ⁊ Modharn ⁊ nirbo gnath aithtreabh na airisiumh Uí Neill hisuidhe gusan tToirrdelbach hishin. Niruó moide sainsherc Aodha Ruaidh im Ua Néill óttchuala gorro dhálsomh a dhochum (dia nertadh i naghaid Ceneil Conaill ⁊ Aodha m Firdhorcha m Cuinn Bacaigh ropa cara ⁊ roba cliamhain dósomh) di caiptin airrderca Caiptin UUilis ⁊ Caiptin Fulort a nanmanna co ndib cédaibh laoch leó co mbátor lais an tan sin ⁊ ni antais dogres acht acc brath ⁊ taiscceladh an tíre ina ttimcheall. Ba tochradh menman ⁊ ba coimbrisedh cridhe la hAodh Ua nDomhnoill Gaill Duibhlinne do denomh eolais a athardha nach an chuiccid archena ar niruo herusa naidhm a muintiris frisan ccách atchluined hi ccáirdine fri Gallaobh ara aidhble ro bui a netargna ⁊ a neolus occa ⁊ ara dhaithe ro imbirset a nainchridhe gan fhochann fair. Iar nindredh an tíre dhósomh amail atrubhramor soais for ccúlaibh dia chrich feisin.

[22]  Níruo cian an iodhnaidhe baoi for Aodh Ua nDomhnoill iarsuidhe an tan do dheachaidh dia sechtmhaine doridhisi do indredh Tíri hEoghain. Doiaghaitt aithtreabaigh an tíre an dara fecht cona ccrudh ⁊ cona ccethraibh cona nionnmhasaibh ⁊ cona hiolmhaoinibh fora theichedh ⁊ fora iomghabhail bhail as siriomh conrangatur. Téidsiomh cona shlogh ina leanmhain ⁊ ina lurcc co ranuicc Cianachta Glinde Geimhin ⁊ ó dothoett i niomdomhain an tíre as ann atchuas dó Ua Nell (Toirrdhealbach) cona shochraide Gall ⁊ Ghaoidheal ⁊ cona shlogh archena do bith ina ccomfhochraibh ⁊ ina nurfhoichill. Ótchualasomh tra an ní sin ro gairmitt fochettóir a chomhairligh ⁊ a chuingedha catha cuga ⁊ o do riachtattur atféd na sccéla cétna dhóibh ⁊  13a an toiscc ima mbuí occa ttoghairm co nepert friú: Atchualusa éiccin la haos fesa ⁊ eólais gurab derbharoscc airrderc o chein gach sluagh nach saigh saighfidher. As de ata lemsa indsin ar esiomh dia bfarccbham an chrioch don chur sa  p.46 ⁊ cul do thochar friar naimdibh nonlenfaitsidhe forar lurg ⁊ forar ffoilliucht diar ffobairt co feochair inar ndiúidh ⁊ bidh derbh leó gurab tlás ⁊ timme fodera dhuin gan a nionsoigidh itir. Madh edh doghenaimne cétus a ffobairtsium hifechtsa co hamhnus aindiuid nisrelccfe an uamhan ⁊ an cridhenbhas dóibhsiomh nach don ainffine echtronn filet imaille friu ar ttograim dorídhisi.

[23]  Ro mholsat cach archena an comhairle hisin. Doghniatt iaromh fair amail atrubhairtsiumh ar do bertsat fobairt biodhbadh ⁊ ammus aindiarraidh forra i midhmedhón laoi doshondradh. Otchiattsomh Cenel Conuill dia saigidh niro ansat friú acht tieghait fora niomghabail gó aroile caistiall ro bhuí for bru na Roa abhann isidhe fil hi Cianachtaib Glinne Geimhin. Ba daingen dithoghlaidhe an caistiall uair ro bui clochall cairrgidhe do thaoibh dhe cona lamhtha a leim don leth dia mbui. Batar iolar múr ⁊ mórchlasach ⁊ cladh ccomhdaingen don taobh araill de cona lamhtha ní dhó. Ba dion slóigh ⁊ sochaidhe an caistiall hisin ⁊ niruo herusa a iomshuidhe itir. O rangatarsomh fo dhaingen an dúnaidh riasiú rainicc la hUa nDomhnaill cona shlogh rochtain remhibh geibidh O Domhnaill longport don taoibh araill don abhainn go ara bharach. Dála Uí Chatin Ruaidri m Magnusa m Donnchaid m Seain tóisiuch an tíre faoidhis a thechta do shaigidh Uí Dhomhnaill ⁊ scribhenn lais. Asedh bui hisuidhiu ocá agra gurbho dalta dhósomh Ó Domhnaill riasan tan sin ⁊ goro nenaiscc a charatrad o chein fris ⁊ ro fháidh chucca ba hiomairccidhe dhó (andar lais) araba an charatraidh hisin an ccreich dusfainicc fora fhaosamh ⁊ comairce do leged dho an ionbaidh sin ⁊ nachasreilccfed chucca doridhisi dia mbethsiomh fora lurcc. Ro thingheall beos da threalam décc marcaigh do Ua  13b Domhnaill ar shaoire ⁊ shnadadh don chách do deachatar fora ionchaibh don chur sin.

[24]  Soais Ó Domhnaill for culaibh acht namá ro airis isin ccrich diarbo ruidhles na bú dia ttartt comairce go cenn theora noidhche cona láibh oga lot ⁊ occá lainmhilledh go riacht  p.48 fodheóidh goa thír feisin. O ranaicsiumh goa dhunarus go Dun na nGall desidh hi suidhiu ⁊ do bretha a leighe chucca do choimchighsin a choss ⁊ anaidh occa othrus fri ré dá mhios ⁊ ro lécc cumhsanadh dia shlogh an airett sin. Ba foda laisium ro bhui Ua Neill cona Ghallaibh gan fhuabairt frisin ré sin. Ro tarccomladh a shlogh dia shaigidh iar ttairccsin an da mhíos atrubhromar ⁊ docoislet ass tar Bernus Mor tar Finn tar Modhairn gusan Srath mBan bhaile i mbatar na Gaill ⁊ Ua Néill dus an ttairsittis a mboeghal. O na fargbhatar na Gaill daingen an dúnaidh dia ffobairtsiomh amail ba menmarc dhóibh basedh do rónsat teinte ⁊ tendála dadúdh ⁊ dadhandadh hi cetheora hairde an bhaile ⁊ niro sccarsat fris gurro loisgset ⁊ gurro indirset a mbui do thoighibh fri múraibh sechtair ⁊ gur roscuirset dar cend do ráith comba lór do thochar neich for iomroll ⁊ aineól an dluimhcheó diadh do deachaidh edh imchian on mbaile ⁊ ba isin ochtmadh decc Iulii do ronadh indsin. O na tangatar tra na Gaill danacal nach dimdheghail an bhaile forra fagbaitsium é iarna orccuin samhlaidh ⁊ tieghaitt dia ttigibh cen nach frithbheirt friu.

[25]  Iomthusa Aodha Uí Néill (an Iarla) atfiadar sunn settal naile o ro airighsiomh iomthnudh ⁊ aininne a deirbhfhine badhdein fri hUa nDomnaill ⁊ saorchlanna Cheineoil Conuill uile acht madh beg ⁊ a mbeith ag fubthad Gall Duibhlinni fair asedh do roine saigidh an airriogh ro bui fri laimh righ Saxan i ninis Érenn .i. UUilliam Fiz UUilliam. Asé roba Justis an tan sin ⁊ ó do dheachaidh ina dochom atbert fris co ndusfiocfadh O Domhnaill fo chora ⁊ chaonchomrac chucca dia ttardadh anacal ⁊ iomshnadhadh  14a dhó araba an élúdha atrula. Tingheallais an Justis co bfuighbithe amail ro hiornadhmtha uadhsomh. Scriobhthar protextion ieromh febh do rionchoisg Aodh Ó Néill don scribhnidh ⁊ do rat an Justis a láimh fair ⁊ do ratsat an Senadh archena. Ro dhál an Justis  p.50 chuga gusan ccathraigh fil for brú Tragha Baile m Buain eittir Dhún Dealgan ⁊ muir. An Srátbhaile atacomhnaic ⁊ atbert nachasbéradh Ó Domhnaill seacha badhdess go hÁth Cliath. Cieileabhrais Aodh Ó Néill don airrigh ⁊ don tSenadh ierttain ⁊ msói dia thigh ⁊ niruó cian an iodhnaidhe do roine an tan ro asccná i ttraitte isin sétt ⁊ isin sligidh ó Dhún Genainn m Cathbaidh siartuaidh gach ndireach go rainicc Dún na nGall airm a mbaoi Ó Domhnaill. Niro rathaighitt goro tharbluingset an diorma forsan ffaithche. Robtar foiltigh remibh an cách baoi fora ccind iarna ffios sccél. Baoi Ó Domhnaill ina lighe fora iomdaidh othruis ⁊ niro chumhaing eirghe i neallmha do fhiadhugadh na naoidedh do riachtatar a dhochom ⁊ ó na caomhnaccair ittir dothaett Aed Ó Néill dia aithreos góa iomdaidh ⁊ attféd dhó an toiscc ttudhchaidh. Athbertsomh nárbó lainn lais ⁊ narbhó slán a mhenma dia dhul i freacnarcus na nGall ó ro chedaigh an taoinDia dó etorsccaradh friú ara dhaithe ⁊ ara aidhble ro imbirset a nanchroidhe fair gan fhochann cidh riasiú robadh díor mithoimhdin do thabairt dó acht ara aoi nó ragadh laisiomh diamadh edh badh tol dó. Ba duiligh dósomh tuidhecht an turus sin uair robtar créchtnaighthe a chossa ⁊ niro híocait do ráith o ro benad a di ordain de febh atrubhramor. Bátar hi ffarradh aroile an adhaigh sin acc cinnedh a ccomhairle ⁊ ó ro chinnset ón docomhlat as ara bharach dírim marcach ⁊ niro ansat dia réimim (acht madh inn oidhchibh namá) go rangatar Srátbhaile Dhúine Dealgan. Foghaibhit an Jústís fora ccind an dú sin febh do ringheall. Tairbhlingit an dhíorma for iorlainn an dúine ⁊ faoidhitt  14b ann an adhaigh sin. Ó Domhnaill tra ó náro chumhgustar céimniugadh fora chossaibh acht mano thisedh for eoch dusficc an Justis fodhein dia shaigidh airm i mbuí ⁊ fáiltnighis riamh ⁊ dílghais dó an télúdh do róine ⁊ gach cion archena.

[26]  Iar naidhm síodha ⁊ caratraidh dhósomh fris an Justis asa haithle celeabhrais dó ⁊ fágbaidh bennachtain. Do bert iaromh laimh for imthecht. Doghni Aodh Ó Néill an ccéttna  p.52 iar ndénomh a thoscca amail roba data lais. Iompait dibh lionaibh friothroscc for culaibh an chonair tudhchatar óa ttighibh co ttorrachtatar go Dún Genainn. Batar athaidh isuidhiu occ fledhugadh ⁊ occ airiucc tuile guruó mithigh la hUa nDo mhnaill imthecht ⁊ ó ro thriallsomh indsin etorscaraidh don chur sin frisin Aedh naile gerbho haidhlescc leó ina ndís imscaradh do bith etorra. Dothaot iaromh Ó Domhnaill go riacht go Dún na nGall ⁊ airisis coléicc ina ligiu othrais doridhisi ó focherd a uaman de tria iornaidhm siodha ⁊ caonchomhraic frisan Justis. O ro haisneidedh don fhoirinn batar i frithbheirt frisiumh do Chenel Conaill a chodach ⁊ a charadradh do naidhm dhósomh frisna Gallaibh dusficcett fochéttóir go fomhámaighthe fo shidh dia shaigidh ⁊ dobertsatt a oighréir ndó fobith narbot tualaing tochar no tairisium fris (gerbhat iolardha a nóicc) ar as treisi flaith fiora.

[27]  Ba hedh indso inas aireghdha don lucht dusfangatar fo chóra chuccasomh. Donainicc ann ccttus Aodh m Aedha Duibh Uí Domhnaill sinnser sleachta Dálaigh m Muirchertaigh cenmothá Aodh m Maghnusa ⁊ ba fris do samhailte a beith hi cendacht na criche dia éisi. Fer seghainn soibhésach cennais cairdemhail eisidhe co neineach co naoidhedhchaire ⁊ co nengnamh féindidh ar fhéindidhecht fili ar fhilidhecht ⁊ ba fris atbeirthi seachnón Erenn hi coitchinde guruo heisiomh glún deidhenach gaisccidh Ghaoidel uair ba samalta do Lugh m Cén no do Throilus m Priaimh ar mharcaigheacht. Ba haithghin do Choin na  15a cerda ar ni thelccedh nach norchar niomruill ⁊ as ing má ro thérna neach riamh forar fhuiligh no forar fhoirderg feibh robo bés don ghaisccedhach Graegdha do Aichil m Peil ⁊ dana ni dheachaidh i cath nó hi cliathach i niomaireg nó i niomarghail na gonfadh neach éiccin cipindus. Ba fer diogalta ⁊ aithe a anffhaladh amail Conall Chernach m Aimirgin cona frith a bhaoghal cein baoi i mbiú. Acht  p.54 chena nirbo nár nó meabhal dósomh amail ro fhás ⁊ ro ionfhorbhair airbert ⁊ aindiúidecht détlacht ⁊ dánatus an riaghaire ríoghda rémhthiorchantaigh thairis .i. Aodh Ruadh m Aodha m Magnusa oir ba fer dúr dochoiscc dana degherlabhrach go ngnúis sochraidh suilbir go namhainsi ⁊ co náirde aignidh go ninntlecht ⁊ co naireag menman go ffos ⁊ go ffollamhnacht flatha go ttomaithemh ⁊ go nurepraic ina fhorchongra cona lamhtha urthuasacht a fhorngaire nách a bhreithre amail biodh é an Cesair airderc fora scriobhait filidh samail na tesda hisin. Conadh aire sin nárbho hadhbhar adhnaire ⁊ nárbo damhna dímiadha dAodh m Aodha Duibh Uí Domhnaill ina da nach aon dia bunaidhfhremh ina ré an macthairrngertach mórghlondach atrubhramor dia fhoruaisliugadh ar do roiscce do ilchenélaibh na hinsi in ro genair ó chein mháir ⁊ dana ba dalta dhósomh fadéin an tan ro bui ina mhacbhrataibh gerbo foirmteach fris don chur sin imónfflaithius.

[28]  Dusfainicc chugasomh fon ccruth ccétna Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaigh m Magnusa m Aodha óig dia ngaror Aedh Dubh. Ba fer dian deinmnedach díchonnairchel esidhe ósé aingidh eccratach go neimh nathrach go luinne leomain. Ba géraitt gaile ⁊ gaisccidh ba cenn sloigh ⁊ sochaide fri cath ⁊ fri coccadh acht nama ba foirmteach frisiomh amail cach gerbo hi deirbshiur an Aodha roba bainchele dhó. Dorala caratradh oile etorra ar ro halta an tAodh ina macdhacht occá thuistidhsiomh ara aoi ni tria shainsheirc dusfainig acht ba ar oman itir. Dothaot ann bheós O Dochartaigh .i. Seaan Ócc m Seaain m Felim m Conchobair Charraigh taoisioch triochaitt chéd Insi hEoghain m  15b Neill. Ba tuiridh catha ⁊ ba hécclonn iorghaile ⁊ ba costadh sloigh iar sraoined forro an fer dothaott hisuidhiu. Acht ara aoi ba tria rinn ⁊ fhoebhar dusfucc Ó Domhnaill ina  p.56 mhuinterus geruo hanglonn. Ba imne omh: boisiumh an tí Ó Dochartaigh og tochuiredh Uí Dhomhnaill chucca i naires dála dhó do dheilbh síodha fris ⁊ ro chuinnigh chucca gan tocht isin dáil acht madh dá mharcach décc ⁊ bad samhlaidh tísedhsomh ina dhochum don taoibh araill. Niro naisg lugha na daingen fair ⁊ niro shirestair rátha inaid aitire acht madh sin. Dusficc Ó Domhnaill isin dáil ⁊ ni thard lais acht an lion atrubradh fris. Tanaicc tra O Dochartaigh don taoibh naile an lion céttna co mbatar tul hi ttul. Ba sníomh adhbal la hUa nDomhnaill ⁊ niruó miadh nó maisi lais aontóiseach dia mhuintir dhilis badhdein do bhith occ frithbheirt ⁊ occ forran fris conadh é ní do róine ionnsoigidh foithibh co ffeirg ⁊ co bfuasnadh go raoimidh for Ua nDochartaigh cona mhuintir ⁊ geibhther é badhdein ⁊ do bert lais ⁊ donucc egimel glaisiaroinn foa ⁊ nisrelicc ass conustard a óighréir ndó ⁊ geill ⁊ aitire fri comhall dogrés. O roba fomámaighthe Ó Dochartaigh ⁊ Cenél Conuill archena gusna hibh ro batar hi frithbeirt fris dhósomh ro gabh occ follamhnugadh a fhlatha febh roba téchta og coscc meirle ⁊ migniomh og tofann chuan ⁊ caibden ⁊ occ riagadh gach aoin no bhíodh fri slaitt ⁊ aircheall co narbo héiccen do chách deithittin im chomdha a nalmha ná a ninnile acht donesairtis for chona ⁊ cheachair namá go mbuí an chrioch gan cosnamh gan comoirb gan nach frithorgain ó chách fria cheile ⁊ no thuiltís an dí námhait for aoindérgadh ar nisreilgedh a nomhan dóibh foraithmhet a ffaladh diaroile. Bá daoineach dálach caithmech conghaireach aistreach essadhal aircctheach ionnsaighthech ro thochaith Aedh Ruadh Ua Domhnaill an cheittbliadhain sin do fhíorthosach a fhlatha ⁊ as forbairt baoi fairsidhe occa gach bliadain diaidh i ndiaidh co ttangatar a thiughlaithe.

 p.58

3. An Dara Bliadhain, 1593

[29]  in marg. 1593. An 2 bliadain. O ro dheisidhsium (.i. an 24 Ianv. 1593) ina shuidhe flatha ⁊ ina iostadh aireachais i Lethber for ionchaibh a namhat Ua Néill Toirrdelbach Luineach ro ghabh occ imbeirt  16a a ainchridhe ⁊ a eccraitiu fair dia thofann asa fhlaithius ⁊ dia enertugadh hi foimhtin Aedha Uí Néill do oirdnedh ina ionad. Do deachaidh for bail dósomh an remhdheccsi do roine uair do rochair an flaithius fodheoidh do shaigidh Aedha Ui Néill ⁊ do ratt Toirrdelbach Luineach oenta ⁊ aittittin dó imon ainm as Ua Neill do ghairm dhe. Dogaror iaromh ⁊ leigidh an tí Toirrdelbach uaidh na Gaill ro bator lais ó do deachaidh i ccottach ⁊ hi ccairdes Uí Dhomhnaill. Hi mís Maii doshunnradh do roinesiumh indsin anno Domini 1593. O roba siodach Ó Domhnaill frisiomh do ratsatt an da Aodh cóicced Conchobhair m Nessa foa smachtchain siodhamail coleicc ⁊ ro bensat a ngéill ⁊ a naitire diobh dia nacomal ⁊ dia ccuimbrech fri tairisi dogres. O do bert Ó Domhnaill Aodh dia úidh gurbho tairisi ⁊ guruo hinnill lais an coiccedh uile an tan sin ro chuimnigh a mhifholta fodhéin fri Gallaibh ⁊ baoi occa fhoraithmhet on modh ccétna do Ghaoidhelaibh archena aidhble a nanffaladh friú ⁊ a nderghensat dulc ⁊ daindligedh ó chéin mair fri siol Ghaeidil Glais. m Niúil ag goid a ttochais ettarscartha ⁊ nemhetarscartha forra oga ttabairt hi ccarcraibh ⁊ hi ccimbidhecht oga riagadh tria ainchridhe ⁊ aininne ⁊ bad imne do meltais a ré co diúidh mbetha in gach tan no gebtáis eill nó baogal forsna Gaoidelu ⁊ dana atfet dóibh gurro fhaoidh feisin a thechta ⁊ a scribhend do shaigidh na Spáinne do thochuiredh conganta sloigh i nagaidh na nGall ⁊ gurbo lanshaoilechtain lais a ttuidhecht i ngaruair. Ba fíor dósomh indsin ar ro lá epscop Chille hAlaid  p.60 a ttechtairecht co righ na Spáinne déccaoine a imnidh fris ⁊ dernaidhm a chairdesa ⁊ chairdiusa chloinne Miledh archena. An tepscop imorro ni forrainicc lais soadh for ccúlaibh lia scélaibh an tan ro fhaoidh an taoinDia techta na caomhnaccair erchoitmhedh fris fora chenn ⁊ do bert lais dfhios an alltair ⁊ ní thainic bheós. Ro ghabh greim dhóso mh an gresocht sin uair ro adhain ⁊ ro adaidh eccratus ⁊ éttairisecht iar ninmhedhon i saorchlandaibh slechta Miledh Espáine fri Gallaibh Duibhlinde  16b gurbhó hé aoininnethemh ⁊ aondúthracht baoi ina menmandaibh uile iompúdh for Ghallaibh gurro fhásatar deabhtha ⁊ déchetfaidhe etorra ier ttrioll la haslach ⁊ la hetarghuidhe Uí Dhomhnaill for Ghaoidelaibh lá reladh ⁊ lá foraithmhett i nderghensat na Goill forra riamh ⁊ fora sinnseraibh gósin. O ro fhitirsiomh cách do choimheirghe daoinmhenmain isin coccadh duthraccair ro fhaoidh techta ⁊ scribhenna co hAlbain do thochuiredh fuillidh slóigh damsaibh dfindedhuibh ⁊ daos tuarustail.

[30]  An tan atchlos la hAodh Mhaguidhir tigerna na ttuath im Loch nErne an terthriall do rinnscain Ó Domhnaill ba fó lais gomadh é badhdeisin cétna-imrordaighfidhe isin combáidh choccaidh hisin. Ba fer díumsach iomtholtanach eisidhe co mét menman co náirde aignidh miledh ar mhiltnecht greitt ar ghniomaibh goile ⁊ gaisccid tigerna ar thiodhnacal go niolar nócc ⁊ ndaoine lais. Focharttsomh araill dia shainmhuintir isin ccoiccrich baile i raibhe ócclach amra do Ghallaibh gurro ortsat ⁊ gurro oirccset an baile. Feacht naile dia ndeachaid Máguidhir Aodh (tria chomhairleccedh ⁊ tionchosg Uí Domhn aill) ⁊ basí conair do luidh go líon a shochraitte tria dheiscert Breifne Connacht láimh clé fri Loch nAillinde tria uachtar Ua nAillealla triasan cCorann tar droichet Mainistrech na Búille aisidhe co machaire Mhaighe hAoi dia ngaror Machaire Chonnacht. Ro léicc scaoiledh da sgeimheltaibh i ndobharshoillsi na maittne muiche imon tír ina thimcheall. Ba hann do rala do ghoibhernóir choiccidh Connacht (Sir Risderd  p.62 Biongom) a beith an adaigh sin aran ccnuc hi comhfhochraibh Tuillsce occ coistecht re sgélaibh an tíre ina thimcheall. Do reccaimh díreim dia mharcshluagh occ siredh na noirer ccomhfhoccus don telach fora mbaoi an goibhernoir ⁊ ni rathaighset nach ní la dallchiach na camháire condusralatar ⁊ Máguidhir cona mharcshluagh tul hi tul gan cedugadh da nach ndruing dhíobh. Ro thriallsat marcshluagh an goibernóra soadh ina ffritheing ⁊ ro bás ina lenmhain aga leódh ⁊ ledradh la Mág  17a uidhir ⁊ laa mhuintir go rangatar gusan maighin i mbai an goibhernoir fodhéin. Ro mudaigedh lais don chur sin neach uasal airderc do Ghallaibh UUilliam Clifort a chomhainm co seiser marcach cenmothasomh. Sóither for Mháguidhir doridhisi isin conair chéttna ⁊ ro bás occa thograim go riacht ina chipe catha ⁊ ina choirighthibh comhnarta. O ro fhittir an goibernóir narbó torbha dhó saigid forru ro shai for ccúla ⁊ robadh lánbhuidhe lais térnúdh amail do érná. Do rochrator échta móra ó Mháguidhir don ruathar sin .i. Émann Mac Samradháin priomháidh Arda Macha do rala tria ainshen ina fharradh ⁊ an tAb Máguidhir (.i. Cathal) Mac Gafraidh ⁊ mac a derbhrathar. Acht chena gerbo liach lais na maithe sin dia thesbaidh rug lais in ro tionóladh ⁊ in ro tiomairccedh do chrudh ⁊ do chreachaibh na criche chucca ⁊ do luidh on longphort gó aroile co cobhsaidh ceimrighin go rainicc go Feraibh Manach.

[31]  Atchuas tra do Ghallaibh Duiblinne indsin. Ro lionait do lonnus ⁊ dinnire. Ro herfhogradh iertain lasan Justis for morshloigedh Midhe Laighen ⁊ Leithe Mogha dul hi coicced Conchobair isin foghmar doshonrad daithe forra i nderghensat ⁊ do ratt a ccennus uile don Iarla Ua Néill ce nirbo lainn lais dol isin toichestal sin ⁊ beos do Mharuscal an Iobhair. Ro fhorchongair dina an Justis for goibhernoir choiccid Connacht cona mbaoi do shlogh o Shionainn go Drobhaois dul ina nairisidhe co hÉirne. Iar tteglamad an chetnashloigh sin atrubhramar docomhlat reimibh go Loch Eirne ingine Buirg  p.64 Buireadaigh allanair. Sir Henri Bingel ridere amra do Ghallaibh ase ba tóiseach niomghona don tslogh. Dála Oedha Mhéguidhir iar ccloistecht scél an tslóigh eachtrand focherd a bhú ⁊ a innile fora niomghabhail go Tír Conuill m Néill fothuaidh ⁊ do rionóil slogh mór dia thír budhéin damhsaibh ⁊ daos tuarustail ailechrioch ⁊ do Chloinn tSuibhne Tíre Conuill ⁊ ro bhaoi cona shloghbuidhnibh don taobh araill don loch ⁊ consníset frisan sluagh nechtrand cona relccset seacha siar. Docomhlat as an sluagh Gall  17b laimh clí frisan loch go rangattar gusan abhainn dothoett asan loch. Baoi áth sainredach fuirresidhe fri hiomathoigidh don chách ba toiscidhe Ath Chuile Uain chomhainm ⁊ ba hédomain an ionbaidh sin é. Fobrait na Gaill an táth an seisedh la do October do shonnradh. Ro bui Máguidhir cona shlógh don dala leith don áth i foimhtin na nGall. Consniset friú co ferrdha athaidh fhoda. Níruo sodhaincc dógbaidh Fer Féne a nursclaighe uair robtar diairm iatt an tan sin i naithfhegadh na nGall la hiolar a néidedh nallmharda ⁊ a ngabhladh nglaisiaroinn ⁊ a ngunnadh ngranaoiblech occ diobhragadh ⁊ occ imthealgadh a nubaillmheall luaidhe ⁊ a ccaor ttaidhlech tteintidhe go ffoirrgitis na fiora don taobh araill don abhainn gan nach friothorgain friú fadeisin. Baoi do lionmhaire a laech ⁊ dainetargnaidhe a narm goro fhiorsat an derbharusc fodheoidh .i. luigidh iolar for uathadh uair ni foraelangtar an óccbadh Eirendach friotairisiomh friu niba siriu. Sraointer forra iaromh ón áth. Gontar airlighther dronga díobh ⁊ atrulattar ass fon ffiodhbaidh a nermór ar roba garfhoccus dóibh í. Gontar Aodh Ua Néill hisuidhiu ⁊ ba fó lais dáigh na gabhdais Gaill aimhires de. Tiaghaitt an sluagh Gall tairis coléicc ⁊ gabhait lámh clí frisan loch allanair dus an tairsitís édála cruidh no cethra ⁊ o na tairthetar iompait dia ttigibh ⁊ dorelgett eisrédedh dia slogh.

 p.66

[32]  Iar ttocht do ghoibhernoir coigidh Connacht ⁊ dIarla Tuadhmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co heochairimlibh Erne co sochraide coigidh Connacht imaille friu soait ina ffritheing go Mainistir na Búille ⁊ doiaghat iaromh dia ttigibh amail do deachatar an slogh naile. Acht chena fosrágaibh Ua Neill (Aodh) ⁊ an Marascál drechta dermara dóccbaidh ⁊ do shoighdiúiribh Gall i ffarradh Conchobhair m Conchobair Ruaidh Mhéguidhir ro buí i neissídh ⁊ i néccraites fri Máguidhir dogrés im chendus na criche. Ua Domhnaill dana ba tochradh mór menman ⁊ aiccenta laisidhe na Gaill do thionntúdh  18a samhlaidh. Ara aoi sin ó naro shaighsett fair níro shaigh forra ara anfhúirithi ro bhaoi ⁊ ro fagbhaitt dream mór dia mhuintir isin ath rémhráite do ratt hi furtacht Mhéguidhir ge ro iomghabh é feisin ar fhoraileamh Uí Néill uair ro buí techtairecht etorra fo dhichleith gan ráthucchadh dona Gallaibh. Bátar dina Goill ⁊ Gaoidil iarsin occ coistecht fri aroile gan nach friothorccain o cheachtar nae fri aroile fri teoraibh míosaibh geimhridh co hIomulcc na bliadhna araill anno 1594.

 p.68

4. An Treas Bliadhain, 1594

[33]  in marg. 1594 an treas bliadhain. I neacmhaing na rée ⁊ na haimsire sin ro theglaim an Justis sluagh mór gan rathucchadh don chách lasar mhioscais. Dusficc tar na criocha bator comhfhoiccsi gan nach niomfhuireach go ranaig i traitte co hInis Ceithleann for Loch nEirne i neitirmhedhón Criche Monach. Ba heisidhe dunárus ⁊ ba port oireachais Méguidhir Aodha ⁊ gach aoin no hoirdnighthe hi ccennus na criche. Ba dúnadh daingen ⁊ ba múr dithoghlaidhe fri slogh nechtrand acht na batar na ffoimhtin an tan sin. Deisidh an Justis i forbhaisi forsan dunadh ⁊ gabhaitt an sluagh for togail an mhuir feibh conrangatar ⁊ nirbo torbha dhoibh indsin co ttarttsat araill dia aos iomchoimheda an baile uadaibh fodheoidh dar cenn lóighi. O ro bhaoi an baile for commus an Justis Ser UUilliam Fitz UUilliam fáccbaidh triocha laoch dia chomhdha forsan ccách frisro hettarscartha cona congaibh techta do bhíudh ⁊ darm ⁊ soaidh as feisin for cúlaibh doridhisi. Foraighit iaromh for gach leith gan chreich gan orgain for aroile fri ceitheora míosaib o Februari co hJun. Ba hadhnár lá hUa nDomhnaill Aodh Ruadh a fhod ro bhuí gan tocht i ffortacht Mhéguidhir ar asé ro aslaigh an coccadh ⁊ ba fora fhorchongra ro hadhnadh ar tús. Basedh fodruair dósomh gan dul i nellmha ina fhoirithm amail roba menmarc lais a beith occ iodhnaidhe ⁊ occ iomfhuirech frisna hAlpanchaibh do ringheall chuga for amhsaine. O roba foda laisiomh ro batarsidhe gan tuidhecht tarcclomtha Cenel cConaill lais coleicc ⁊ dothoet reimibh cona shlogh co hInis Ceithleann. Deisid isuidhe i forbhaisi forsan dúnadh o thosach Jun co medhón August goro chroithsett goro airccsct ⁊ goro indirset a mbuí fó mhamus na nGall  18b hi crich Airghiall ⁊ i mBreifne Uí Raighilligh co ttarttsat a mbú ⁊ a mbeócheathra i lón slóigh dia namhsaibh ⁊ dia naos tuarustail.  p.70 Batar na Gaill i fos an tan sin isna portaibh gabhala inro ghabhsat for fecht riamh .i. mainistir Mhuineachain Cluain Eoais hi crich Airghiall ⁊ mainistir an Chabhain isin mBreifne uair ba i neacclusaibh na naomh ⁊ na mac mbeathadh ba meince a nairisim og creachadh ⁊ occ indredh na ccrioch ⁊ og gabhail i ngiall ⁊ a naitire.

[34]  Iomthusa Ui Dhomhnaill buisidhe cona shochraide i forbhaisi ⁊ ind iomshuidhiu for Inis Cethlenn co hurthosach Fochmhuine feibh atrubhramar coro scaich a mbiadh don fhianlach batar isin ccaistiall acht madh beg. Ó ro fhedatar Gaill Duiblinne co mbatarsomh samlaidh faoidhit techta gusna Gallaibh batar hi coigedh Olnéccmacht dia fhorchongra forro tuidhecht go lóintibh bidh ⁊ dighe leó gusan ccaistiall. Tarcclamait na Gaill sluagh mór i naoinionadh amail ro forchongradh forro co mbatar cóig ced décc laech dóccbaidh armtha co ndruing dfherbaidh Midhe do Breifne Uí Raghallaigh ⁊ do Bhiongamachaibh coigidh Connacht. Iar tteglomadh doibhsidhe gabhaid occ báigh ⁊ occ bubthadh forna Gaoidhealaibh ⁊ occa thinghealladh go ttaotsadais hi toirithin an baile dia naimhdheoin acht chena nisrelic a noman dóibh tuidhecht i ttraitti. Batar Gaoidil ina ffoimtin cecib tan dusfiocfadais.

[35]  Tuirthechta an nAlpanach do ringheall fora namhsaine do shaigidh Uí Dhomhnoill dusficcettsidhe murchoblach mór go Loch Feabhail m Lottain eitir Cenél cConaill ⁊ Eoghain coro ghabhsat fos isin ecclais nairdirc dianad ainm Doire bhail inro bendach Criomhthann mac Fedhlimid m Ferghusa dia ngaror an Columb cennais. Atfiadhor dhóibhsiomh co mbuí Ó Domhnoill for slóigedh isin ccoiccrich febh atrubhramor. Foidhitsiom techta dia thochuiredh chuca ⁊ scribhenna. Ó rangatar na techta co hairm a mbuí Ó Domhnaill doberat a litre dó. Airleghais iat. Basedh a ttothacht .i. Domhnall Gorm Mac Domhnoill ⁊ Mac Leóid na hAra do thocht fo thoghairm Uí Dhomhnaill foran murchoblach atrubhramor go riachtatar an Doire remráitiu ⁊ muna thisedhsom i traitiu dia ffostadh  p.72 amhail ro gheall go soifidis ina ffritheing dia nathardha gan essnádadh gan iomfhuirech.  19a Iar nairlégadh na scribeann dUa Dhomhnoill ro luigh socht mór fair co mbuí gan labhra athaidh fhoda occa scrúdadh ⁊ reimdéccsi cidh do ghenadh. Fecht ann ba hadhnár lais a ghealladh do nemhchomholl frisna hAlbanachaibh iarna ttochuiredh chucca hi ciana. An dala fecht ba hiomomhan lais na Gaill remepertmar do thichtain i furtacht an dúnaidh dia ffargbadhsomh an longphort conadh fair deisidh occa fodheoidh a shlogh do fhágbáil isin longphort ⁊ isin iomshuidhe a mbátar ⁊ e budhdhéin co nuathadh daoine immaille fris do dhul for ammus na nAlbanach dia ffostadh arna hepertais goach fris. Luidh iaromh dírim marcach co hairm i mbatar. Feraidh fáilte friu. Ro freastlait ⁊ ro friothailit ieromh fri teora hoidhchibh cona láibh do lendaibh inmesccaibh ⁊ da gach erndail tuara ba deach isin crích.

[36]  Ceileabhrais Domhnall Gorm dUa Dhomhnoill ⁊ fosragaibh a brathair ba soamh occa go ccóig cédaibh laoch dóccbaidh armtha ⁊ do laochraidh leidmhigh. Airisidh Mac Leoid an coimhlíon céttna ⁊ fostais Ua Domhnaill iad díbh linaibh. Ba suaichnidh on ietsomh hi tréchumuscc Fer Fene la saine a narm ⁊ a nerraidh a naladh ⁊ a nerlabhra ar asedh ba hédgudh dhóibh dianechtair breacbruit ioldathacha i forciupal gó nesccataiv ⁊ oircnib a ccresa tara náirdnibh allamuigh dia mbrataibh drong dhiobh co ccloidhmhibh benndornchuir itiet móra mileta ósa fformnaibh. Ba héiccen don laech a dhi laimh do thabairt i naonfhabhall ind urdurn a chloidimh an tan no benadh a béim de. Araill dhíobh go bfiodhbhacaibh féthshnoightibh feidhmnertmhara go sreangshnáithib secrighni siothchnáipe ⁊ go saighdibh srúibhgéra siaineteacha.

[37]  Dála na nGall otchuas doibside deirghe an longphuirt dUa Dhomnaill ⁊ go bfargaibh a shluagh dia éisi isin bforbhais i mbátar ⁊ a nermhor deludh dia ttighibh ar therce lóin dusficcitsidhe i noibne la cloistecht an sceóil go mbátar ind imeal Criche  p.74 Monach fri Loch nÉirne aniar. Ótchualaidh Maguidhir a ttocht tar or a chriche do bert a shochraide lais for ammus na nGall .i. a mhuintir ndílis bhudhdhéin ⁊ derbhrathair Uí Néill Corbmac m Firdorcha m Cuinn Bacaigh go  19b ndruing dia mhuintir ⁊ do Chenél Eóghain m Néill ⁊ sochaidhe damhsaibh Uí Dhomhnoill ar nisrelic a nomhan dóibhsidhe techt tar breithir no tar erfhuagra a fflatha uair ro forchongair forra airisiomh isin longphort co ttisedhsomh doridhisi dia soigidh ⁊ niro scaich a lóinte febh ro scaich don chách atrulatar asin longphort. Ó rainicc Máguidhir ⁊ an lucht remhepertmar i ngarfhoccus don tslogh echtrand deisidhetor fora ccind for áth ndoraidh ndoibheoil in rob erdhalta leó a ttochar chuca isin conair tudhchatar ⁊ nírbhó cian a niodhnaidhe an dú sin an tan do riachtatar an slogh Gall ina ccend. Ba hessmuinterdha an fiadhugadh fuairset ón fhianlach bátar isuidhe. Ferthar gleo amnus aindreanda etorra go raemidh fodheóidh forsna Gallaibh ⁊ fosrágaibhset iolar cend do shoichenélachaibh ⁊ doichenélachaibh ⁊ édála aidhble deachaibh ⁊ groidibh batar leó fo lóintibh bidh ⁊ dighe gusan dúnadh góar thriallsat conadh óna bairghenaibh ⁊ ona briosgaibh iolardha ro fáccbadh occan áth don chur sin ro ghabh an táth ⁊ an maidhm an tainmniugadh airderc .i. maidhm Átha na mBriosgadh. Soaitt Midhigh ⁊ Raghallaigh (ina tterná asan maidhm sin díobh) ina sgeolangaibh sgaoilte sgaindrigthe co Bréifne Uí Ragallaigh. Basí conair inro luidh Seoirsi Óg Biongom gusan lucht ro len é asan iomarghoil sin tre Lergain cloinne Cobthaigh Ruaidh Mheg Shamradhain tre Breifne Uí Ruairc ⁊ aisidhe co Sligech. Hi mí August do rónadh indsin. Otchualatar oes coimhéta chaisteoil Insi Ceithlenn sraoineadh foran slógh ro thriall tocht dia ttoirithin ro bensat céill dia ccabhair ⁊ do bertsatt an baile uaidhibh do Mháguidhir ⁊ do ratsomh foesamh doibh co ndoriodhnacht tresan tír go riachtatar bhail in rob innill leó.

 p.76

[38]  Dála Uí Dhomhnaill ier ffostadh na nAlbanach dósaidhe docomhla go Crich Monach do thuidhecht isin iomshuidhe chettna i raibhe for Inis Ceithliund. An tan baoisiomh iarna shétt atchí chugu araill dia amhsoibh ro bátar occ sraoinedh an mhadhma forsna Gallaibh cona nédélaibh leó. Atfiedhot a sccéla amail forcaomnagair. Ba faoilidhsium dhibhsidhe acht namá ba tochomracht lais na baoi feisin isin  20a tachar ar nach éláidedh as dona Gallaibh i natrula dhíobh. Soais Ua Domhnaill cona Alpanachaibh for ccúlaibh ⁊ ro airis ina thír go rugsat techta Mhéguidhir fair hifrithisi dia aisneis dhó co mbui an Justis (Ser UUilliam Russel) ag tómaithemh ⁊ ag tinghealladh techt go hInis Ceithlenn dia gabhail an dara fecht. Ar ccloistecht na sccel sin dUa Domhnaill ro teccmalta a shlogh lais eitir urradh ⁊ deóradh ⁊ docomhlá go Crich Monach. Fosaighis iaromh hi Tír Cennata fri Loch nErne anair. Doghniat an slogh botha ⁊ belsccátha ainnside ⁊ anait samhlaidh ó dheiredh August go 5 dOctober. Otchualaidh an Justis Ó Domhnaill do bheith ina urfhoichill ⁊ Maguidhir cona shochraide dib linaibh ó ro fhittir co ttiocfadh Ó Néill ina ttoirithin ro ághustair iad co naro fhágaibh Áth Cliath an tan sin. Ó roba deimin la hUa nDomhnaill nach ttiocfadh an Justis co hInis Ceithlenn don chur sin iompáis ina fhritheing dia thír ⁊ ro léicc a Albanaigh uadha ier neirnedh a ttuarustail dóibh ⁊ ro gheallsat chucca doridhisi i nurthosach samraidh ar ccind anno 1595.

 p.78

5. An Ceathramhadh Bliadhain, 1595

[39]  in marg. an 4 bliadhain. Baoisiom i fois iaromh ier nimthecht dia amhsaibh go midhmhedón erraigh. Tangatar iliomat duaislibh coiccid Meadhbha do shaigidh Uí Dhomnaill frisin re sin go mbatar for amhsaine lais ier na ttofonn asa ttir la hansmacht Gall ⁊ ni antais dogres acht aga atachsomh ⁊ og áilghes fair im thuidhecht daithe a nanffaladh forsna hallmarchaibh ⁊ dorgain ⁊ dindredh aosa ind iomfhulaing ⁊ na ttuath robtar fomhámaighthe dhóibh. Ro baoi imorro dia ainchridhe sium ⁊ dia indíre fri Gallaibh guruó sodhaing a aslach fair a niondradh ⁊ a norgain dia ccaomhsadh. Basé mendat sainredh ro taiscéladh dia indredh hi tosach Rath Croichen Croiderge for Magh nAoi m Allghubha i neitirmhedhón na nGall bhail i mbatar a mbeochrodh ⁊ a nindile. Niruó herusa dhósomh on innsin uair do ratsat na Gaill coicced Connacht uile foa mámus go mbatar i forbhuisi i ndúinibh diothoghlaidhi ⁊ i portaibh gabhála na criche ⁊ fora bernadaibh boegail .i. drong diobh isin caistiall  20b fil for ur na senabonn fosragaibh an díle na dedhaidh dia ngaror Sligech ⁊ aroile dhíbh i mBaile an Motaigh dúnadh daingen fil hi comhfhochraibh don chnuc airderc do Chéis Chorainn Cruitire. Sochaidhe dhíobh isin Port Nua múr daingean eisidhe ro chlaidhset na Gaill eitir Loch Cé ⁊ Loch nArbhach. Araill díobh hi mainistir mhonach fil for brú na Seghsa obh isidhe dothaot a Loch Teichet dia ngarar Buill an tan sa. Dream oile hi tTuillsce i netirmhedón Mhaighi hAoi fri Raith Cruachan anairtuaidh. Ro baoi goibernóir coiccid Connacht Sir Risderd Biongom i Russ Commáin. Ridire crodha eisidhe ⁊ asé ba hairrigh fri laimh an tSeanaidh forsan ccoigedh uile febh atrubhramor. Ba duiligh diochumhaing da nach miodhlach ammus do thabairt forsan ffianlach remhebertmar  p.80 dia ccreachadh nách dia nindredh la hadhuath ⁊ la hurgrain a narm ⁊ ind innill lásan dimhigin ⁊ lásan dimbrígh do rónsat do Ghaoidelaibh o chein mháir. Ara aoi tra as fair desidh la hUa nDomhnoill dol foran slóighedh ar impide ⁊ ar asslach na nuasal ⁊ na naireach ro acaoinset i nimnedh fris.

[40]  Ro tarcclomtha ⁊ ro tionóiledh Cenel gConaill lais co mbátar occ Ath Seanaigh. Luidh ass iaromh cona shlógh an treas lá do Marta tar senshruth Samhaoire lámh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh tar imealbhord mBreifne go Braittshliabh ⁊ aissidhe co Tir Thuathail. Gabaid longphort hisuidhe co maduin. Lotar as ara bhárach tre dithreabhaibh ⁊ fasaighibh na criche gan airiugadh gan fhorchloisteacht gusan abhainn go Búill fri Loch Cé anair. Tieghaitt an slógh taran abhainn i nurthosach oidhche ocon ionad dia ngaror droichet Chnuic an Bhiocara. Aissidhe dhóibh co taoi tóithenach tre Magh Luirg an Dághdha ⁊ tre Mhag Aoi an Fhinnbheandaigh go riachtatar la dobharshoillsi na maidne go Cruachanraith Aoi. Acht chena gerbo hiomdlúith iomfhoccus aittreabadh ⁊ áitiugadh imon ríoghráith ⁊ geruo hiolardha a mbúar ⁊ a mbótháinte a neachradh iomluath  21a allmhardha a ndaimh ⁊ i ndaighinnile ⁊ gen go relccset a les gan a scceimhealta do sgainredh no a nógbadh deisréidedh ó aroile do chuingidh cruidh no cethra (uair foghebhtais a ffolartnadh dhíobh ⁊ da gach édáil ba menmarc leó genmothá ór nó argat) nírbo hedh sin do ronsat itir acht as fairsing foirlethan ro scaoilset ó aroile do mullach na rioghratha uair do deachaidh drong dhíobh fo dhuthaigh Uí Chonchobair Ruaidh ⁊ Uí Aínlighe ⁊ araill go droichet Beoil Atha Mogha ⁊ dream oile taran Caislén Riabhach siar. Do riachtatar na sirthe sárluatha sin uile cona nairgnibh ⁊ cona ngabhalaibh do neoch ro chumhaingset do chomhghluasacht no do chor rempu do almhaibh ⁊ dinnilibh ier medón laoi isin ló chedna go hairm a mbaoi Ó Domhnaill co hOilfinn. Ba cianfhoda riasan tan sin naro tiomairgedh ⁊ naro teglamadh cuttroma ná coibhéis diaro tionóiledh do chreachaibh i  p.82 naoinionadh dairccthibh aonlaoi la neach do shiol Ghaeidil Glais m Niúil. Dothoet Ua Domhnaill cona shlógh ina réimim ionmall imthechta tar imealbhord Mhuighe hAoi lámh dhes fri senAth Slisen ⁊ go hUibh Briúin co rangatar co hur Sionna ar asedh do thaeit si anairtuaidh gach ndíreach eitir Uíbh Briuin ⁊ Conmaicne Rein. Gabhaid longphort hisuidhe an adhaig sin.

[41]  Tuirthechta an ghoibhernora Risderd Biongom atchuas dósaidhe O Domhnaill do thriall riasiu tainic don tír ⁊ ro baoi ina fhoichill amail as deach ro fhéd ⁊ ba fó lais a thocht itir uair andar leisiomh ní thernaidhfedh for ccúla gan aithmhela. Dorecclaim chucca na Gaill bator i forbhaisi isin ccrich i ccoitchinne as gach mennat i mbator ⁊ dálais chuicce iett gusan Seghais dia ngaror an Búill ar as ann ba doigh lais Ua Domhnaill do ghabhail ag soadh dhó dia thír. Tangatar isin toichestal sin na Gaill batar i forbhaisi occan Sliccech i mBaile an Motaigh ⁊ isin Port Nua go mbatar i mainistir na Búille. Tangatar isin toicheastal céttna na Gaill batar  21b hi cClúain na cCaisseal. Tanaic an goibernóir feisin go nGallaibh Rossa Commain lais ⁊ go ndruing móir do Ghaoidelaibh imaroen friú go mbatar occ Raith Cruachan ⁊ doieghatt for sliochtlorcc na sluagh ⁊ na ccreach ⁊ gerbo sodhaing a lorg do breith (ar nirbo sliocht siondaigh for oighredh eng ⁊ foillecht an chreachshloigh baoi rempu) ba sain conair ro chingset la diuidh laoi ⁊ la hurthosach oidhche iar na mesgmherugadh la háilghius ⁊ la tinnenus a ttarrachtain ⁊ a ttograim uair basedh lanshaoilechtain na nGall gurbo hi an chonair i ttúdhchaidh Ua Domhnaill don tír nó asgnáifedh doridhisi occ soadh ina fhritheing. Ó Domhnoill tra (ó ro glé an lá cona lanshoilsi ara barach) ro fhorchongair for a ghiollanraidh ⁊ for gach aon dia shlógh da narbhó heol arm dimbirt nó diomluadh i nagaidh a námhat asccnamh gan fhuireach laa ccreachghabhálaibh ⁊ laa nédálaibh do shoigidh na Sionda gó aroile áth domhain baoi forsan abhainn frisi raiter Ath Chille Trenáin. Do rónadh fairsiomh indsin  p.84 fochettóir ⁊ lottar tarsan abhainn gan nach mbaogal gombator forsan mbruach alltarach i cConmhaicne Maighe Rein frisi raiter Muinter Eolais an tan sa.

[42]  Iomthusa an ghoibernóra Risderd Biongam ó do bert dia úidh Ó Domhnaill cona shlogh do fomghabhail ⁊ do sheachna na sligedh tarsa ttudhchatar don tír ro fhaoidh techta gusna Gallaibh frisar dhálustair occ mainistir na Búille dia ttochuiredh chucca do dhul dóibh uile i lenmhain an tsloigh donainig dinnredh na criche ⁊ ona ruccsat fair i traitti nocharbo háil dó saigidh foran slógh naile go nanfhuirithe co ndeachatarsomh desidhe tar Sionainn sairtuaidh resiu táirthettar na Gaill acht madh uathadh dia namhsaibh ro fgaibhset dia néis do chathugadh tara ccend ⁊ dia nimdheghail ina ndiuidh. Dusfáirthetor drong mhór do ghlaslaith an tsloigh Ghall ⁊ dia noes diobhraicthe iaidsidhe ⁊  22a doberatt deabaidh dóibh gurro créchtnaighit ⁊ gurro gonait ile etorra. Cidh fil ann tra acht do dheachatar Cenél cConaill darsan abhainn fodheóidh ier mbuaidh ccosccair. Soais an goibhernoir cona Ghallaibh for ccúlaibh ⁊ nirbhó slan lais a menma ar ba méla lais indredh an tíre tairis. Do thoet Ó Domhnaill cona shlógh ina nuidhedhaibh imthechta dia ttigibh co nédalaibh aidhble ⁊ co bfoilte móir. Anait samhlaidh occ léigen a scísi go deiredh nearraigh.

[43]  O ro chomfhoiccsigh cedtosach na síne samhrata doibh ro ghab ailghes ⁊ iomtholtan Ua Domhnaill do thuidhecht isin ccoicccrich doridhisi do fhuabairt na ttuath ro batar i ngeillsine Gall ⁊ roba riarach doibh dia ttabairt for ccúlaibh ina mhuinterus ⁊ ina charatradh do chosnamh a nathardha fri Gallaibh nó dia nindredh muna thiostais itir. Lasodhain do recclomtha a shlogh lais an 18 do April. Basedh a ccétna huidhe tar senshruth Samhaoire lamh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh co rangatar go Ros Inbhir an adaigh sin. Airisit co madain isin maighin sin. Tiaghait ara bharach co Cill Fhergo. Doghniat omfhuireach hisuidhe co ruccsat deiredh a sloigh forra. Doieghat ieromh  p.86 tresan mBreifne co Braittshliabh. Batar adhaigh longphuirt ann ⁊ doghniat a nairle iaromh. Basedh ro chogairset cecip cruth foghabtais eill forsna Gallaibh bator i mainistir na Seghsa robadh fó leó. As imne batarside co ndíbh cédaibh laoch i forbhaisi isin recclés hisin ⁊ ro fhásaighset na criocha bátar comhfhoiccsi dhóibh for gach leth gombtar dithreabha gan ionatocht gan aitreabadh. Asedh aireacc arricht la hUa nDomhnaill fodheóidh ro dhelaighestair dírim marcshluaigh asan tslogh dia shainmhuintir ⁊ foididh uadha iat hi conair naile tar Búill gusan mainistir ⁊ atbert friú dol do thaiscceladh for thain bó baoi occ na Gallaibh dia mbrégadh ⁊ dia ttarrang tar chladhaibh ⁊ múraibh na mainestrech gusan maigh réidh a ndedhaidh a mbu dus an ccaomhsadais an slogh tuidhecht  22b etorra ⁊ an daingen uair atchuas dUa Dhomhnoill go mbui cétt lulgech leó dia mbethamhnus.

[44]  Imsái Ó Domhnaill ass cona shlogh i sligidh ndeirrit dia diamhlugadh la himealbhord Locha hArbhach allanair ⁊ co Coirrshliabh na Seghsa. Rathaighit naoill G bátor i forbhaisi isin Port Nua eitir Loch Cé ⁊ Loch Arbhach seiselbhe an tsloigh ag gabhail társa. Gabaitt occ diaindiubragadh a nubhaillmheall luaidhe ⁊ og praplosccadh a bpúdair do thabairt scél ⁊ rabaidh dona hógaibh bátar isin mainestir arna tardadh an slógh breicc iompo ⁊ ná tíosta forra gan rathugadh. O rainicc Ó Domhnoill tarsan cCoirrshliabh budhdhes ro ghabh foss iffiodhbaidh ndeirrit bui ind iomfhoccus na habhann i netarnaidh forsna Gallaibh co teirt ara barach.

[45]  Dála an diorma ro foidhedh do thaisceladh foran ccreich atchuadhomor dusficcetsidhe isin dedhóil muich gusan mainestir ⁊ doberat ambu uaidibh coleicc. Atgniat na Gaill guruo celg ro hinnledh fora ccind ⁊ niro deraighset an daingen acht airisiomh ann. An tan tra ro ben Ua Domhnaill ceill dia  p.88 ttuidhechtsom asin mainestir for reidh an mhaighe i lenmhain a mbegshelbha bó roba dainimh doibh dia ttesbaidh an tan sin atracht asan etarnaidh a mbói ⁊ gabhais seacha fiartharsna Maighe hAoi cona miledhaibh goro lerdioghlamadh lais ⁊ goro lainchreachad a ndoruaraid diobh an cettna fecht ⁊ luidh reimhe gach ndireach go ranuicc co heochairimlibh na Sionna sair.

[46]  Dothaot tarsan abhainn go Conmhaicne Rein ⁊ roghabh longphort i Liathdruim Mhuintire hEólais ⁊ airisidh ann cona shlogh co ttairnicc leó celeabhradh na Casg ⁊ an tan ro shaoilset a esscaraid eisiomh do shoadh dia athardha ni hedh sin baoi ina menmoinsiomh acht ro hochuir chuicce co hinchleithe drong do lucht na criche ⁊ atbert friú dol isin coicccrich do brath ⁊ do thaisccéladh forsna tuathaibh batar i ngellsine  23a Ghall. Do chótor iaromh la forchongra na flatha do thaisccéladh isin Anghaile. Tuath isidhe inro threabhsat araill duaislibh Conmaicne do shíol Fherghusa m Rosa. Siol fFerghail a slondadhsaidhe ⁊ robtar fomhamaighthe do Gallaibh an tan sin. Batar imeacclach dia ttréccedh ar robadh garfhoccus a ccomhaighthes diaroile. Ro fhóidh beos Ua Domhnaill techta co hAodh Mhaguidhir dia thochuiredh chucca ⁊ ro dhalustair fris isin ccoiccrich cetna. Dusficcsidhe amail ro hiarradh.

[47]  Soait oes an braith for cculaibh co ffios scel ⁊ baoghail na criche dUa Domhnaill. Docomhla as ieromh cona mhiledhaibh luan Casg do shonnradh tarsna beilghibh ro thionchoisccset a thoisigh conaire dhó go rainicc ria matuin don Anghaile. Oirccther an da Anghaile ⁊ an chrioch uile for gach leth leo cona farccaibhset miol ninnile óthá Sliabh Uillind Fhoebardeircc m Find dia ngaror Sliabh Cairpre indiú go Glaiss Berramoin frisi raiter Eithne bail inro baidedh Eithne inghen Eachdach Feidhligh. Do ratsatt tra muinter Ui Domhnaill fo throimnéll teinedh an tír ina ttimcheall gurbhó smúitcheo dobhardha duibhchiach dorcha dethaige an coibeis baoi uasda etarbhúas gurbo lór dia lot ⁊ dia lanbaoghlugadh  p.90 dia mbeith iomchosnamh friu nárbo suaithnidhi ⁊ narbo soilléiri doibh a naithenta ⁊ a naes comhghaisgidh (diamtais eitirchian uaidhibh) oldát a naimhde ⁊ a mbiodhbhadha bunaidh.

[48]  Baoi caistiall isin ccrich Longphort Uí Fherghail a ainm ar asé ba dúnarus dósaidhe ⁊ don tí no bhiodh hi ccennus na criche dia chenél. Ba dúnadh daingen dithoghlaidhe eisidhe ⁊ dusfuit gusna Gallaibh an ionbaidh sin. Do ratsot ieromh Gaill fer soim dia sainmuintir ind dia iomchoimhéd ⁊ geill ⁊ aitire an tíre lais Criostoir Broun a ainm. Ba haitheach a hucht treóin eisidhe illeith fri dimhiccin ⁊  23b tarcasal do thabhairt for uaislibh ⁊ uirriogaibh an tire for gach leith de. Gabhthar an caistiall la hUa nDomhnaill ⁊ do rattadh Criostóir ⁊ a chliamhain ass a mbroitt cona mnáibh dibh lionaibh. Do rochair dana Hoiberd .i. mac Ferghusa m Briain lasan slogh ⁊ ba duaislibh a cheiniúil eisidhe. La Maguidhir dofuitsiomh. Iorghabhthar Conchobhar m an Phriora Ui Raghallaigh la druing naile don tslógh. Ro marbadh ⁊ ro mudaighedh daoine iomdha leó an lá sin nach ttabharthar for aird a nanmanna sainredhacha la taobh na sé ngiall décc do shaorchlandaibh soichenelchaibh na criche (bátar i naitire la Criostóir Broun fri laimh Gall isin longphort) do losccadh ar níro cuimhgedh a ttesarccain la treathan na teinedh ⁊ la loisccnighe na luathlasrach baoi in gach aird ⁊ in gach airchend don bhaile. Ro loisccedh leó beos an lá sin ceithre caisteoill oile do chaistiallaibh an tíre cénmothá an Longphort. Dobadh lionmhaire da nédálaibh da nairccthibh ⁊ da ccreachaibh inás amail ro fhédsat a ttiomáin ag fágbháil na hAnghaile dhóibh.

[49]  Lottar ass iar nindredh in tíre gurro ghabhsat longphort i Tealluch nDúnchadha an adhaigh sin. Doléiccet a sceimhealta ara bharach gusan dú imbatar Goill i forbhaisi isin ccrích .i. go mainestir conróttacht la hord San Fransces i niomfhoccus don Chabhán (longphort U Raghallaigh) ⁊ doberat leó gach édáil fora rugsat óná fuairseatt baogal forsna Gallaibh la daingeninnille  p.92 an ionaid a mbátar. Gabhait foss an adhaigh sin i Teallach nEachdach allathíar do Bhél Atha Conuill.

[50]  Robadh súaill an erndail ionnmhusa fora ttabhratais muinter Uí Dhomhnaill mórluach cruidh ⁊ cethra isna conairibh rempa i nor an da Breifne ⁊ i Feraibh Monach ara lionmhaire bátar leó ara fhod ⁊ ara imchéine uaidhíbh dia ttír ar laige ⁊ ar enirte gacha ceneóil cethra in ionbaidh sin. Nirbhó sádhal suantoirrchimeach ro thochaith Aodh Ruadh  24a Ua Domhnaill an tsechtmain sin ⁊ ba heitirchian o aroile a uidhedha ⁊ a imthechta ar ba dia sathairn ro bhensat a mhuinter a mbú do Ghallaibh mainestre na Búille ⁊ ro airgset Machaire Connacht. Ba dia mairt ar cciund ro chreachloisccset a shlóigh an da Anghaile amail atrubhramor ⁊ ba dia cédaoin ieromh ro shrethnaighset a shirthe imón cCabhán. Lotar Cenél Conaill ierttain dia ttighibh iar sóirthiugadh a neachtra. An Criostoir Broun remhráite baoisidhe i ngiallnus la hUa nDomhnoill gurro eirn uaidh a fhuasccladh .i. sé fichit ponnta.

[51]  Ro fes do Ghallaibh Duibhlinne Ó Néill do dhul i ccomhbáidh chogaidh na nGaoidhel ar asslach ⁊ fhoráileamh Uí Dhomhnaill ceni ba forréil fair coléicc ⁊ ge ro dichlestair airett ro fhett. O robadh deimhin las an Justis Ser Uilliam Russell ⁊ lásan Senadh archena náro chumaingsiomh fodhéoidh erchoittmedh a chiontadh ro fhóidhset deich ccéd laech cona ccongaibh thechta co hIobhar Chinn Tragha i fforbhaisi for Chénel nEóghain ⁊ ro thingheall an Justis feisin tocht cona shlogh i ngaruair daidhmilledh na criche ⁊ do chrothadh a dionn ⁊ a droibhel. La sodhain ro fhaoidh Ua Néill a thechta do shaigidh Uí Dhomhnaill dia aisnéis dho an turchomhrac trénshlóigh sin do beith occ tinghealladh co Tír Eogain. Ni fordhamhair a aignedh dUa Dhomhnaill coistecht an scceóil conadh edh doróine a shlogh do thecclomad chuicce fochetóir go haonmhaigin ⁊ tuidhecht co Tír Eóghain bhail i mbuí Ó Néill. Tiaghaitt imároen go Fochaird Muirtheimhne bhail i nderna an Cuchulainn airrderc an fhoicherd ghaisgidh. Doghniatt botha  p.94 ⁊ belsccátha frisin Fhochaird anair hi mís Mai doshonradh. Batar setal hisuidiu hi foimhtin an Justis do anacal ⁊ do iomchoimhéd an chóiccidh fair. Acht chena ro airis an Justis i nAth Cliath don chur sin iar ffios sccél dó go mbatarsom ina fhoichill amhlaidh.

[52]  Bói laoch andgaidh ainiarraidh dona Gallaibh  24b ind ionbaidh sin isin ccaistiall ro bhoi for ur senabhann Sligighe hi forbhaisi co ndib coegat laech immaille ris Seoirsi Ócc Biongom a ainmsidhe. Ba tóiseach niomghona ⁊ ba caiptin coccaidh é fri laimh ind airrigh do rala for coicced Medba an tan sin .i. Risderd Biongom. Iomthusa an tSeoirsi atrubhramar ro sheolustar lucht lunga lamh dhes fri hor nErenn sairtuaidh co ranuicc senchuan Súilighe i ccrich Conaill m Neill an tan ro baoi Ua Domhnaill cona shlogh hi Tír Eogain. Ro baoi mainistir ainnsidhe for ur na tragha tuargaibhthe ar onoir ⁊ ar airmitin do naomh-Mairi mathair an Choimdedh. Tieghait fon mainistir ⁊ doberot esti hi mbúi inde détghadh oifreind ⁊ daidhmibh edbarta coirp an tSlainicedha ⁊ dedalaibh oile archena. Soait for cúlaibh co rangatar co Toraigh dú inro bendach an Columb airderc. Inis isidhe fil fo erchomhair na criche amach atuaid gach ndireach forsan ffairrge edh imchian ó thir. Ro chroithset neimhedh an naoimh ⁊ an innsi uile cona fargaibhset míol ninnile innte. Atfiadhar dUa Dhomhnaill aidhmilledh an tíre dia eis do choblach echtrond. Ticcsidhe dia thír do tharrachtain na hoirccne. Nirbo foda an iodhnaide dósomh ierttain an tan do riacht sccéla chucca an Justis cona shlógh do thocht co Tir Eoghain. Soais Ó Domhnaill friothroscc doridisi co ranuicc airm a mbúi O Neill ind aires dala frisan Justis secip conair no chingfedh. Ba fóilidh Ua Néill remibhsiomh ⁊ atracht a menma dia fhaicsin. Gabhait occ friothaire ⁊ occ forchoimhett an Justis eineach ind ionchaibh fris. Niro shaighset fair ⁊ ní mo ro shaighsiomh forro acht namá nicon relcet eisreidedh dia shlogh do chuingidh chruidh no chethra comba héiccen don Justis fodheóidh iompúdh doridhisi co hAth Cliath o na caomhnagair ní dona Gaoidhealaibh.

 p.96

[53]  Tuirthechta an tSeoirsi remhráite ier ffilledh dhosaidhe gusan Sligech ni foda  25a an ré foraélaing coimsidh na nuile dho gan a aithe fair an dímiadh do ratt deacclais na hi naomhMairi ⁊ deacclais an Choluimb atrubhromor. As imne on arriocht. Baoi duine uasal do choiccedh Medhbha for amhsaine i ffochair an tSeoirsi co ndib laochaibh deg dia shainmhuintir ina choimhthecht Uilleacc a Burc a chomhainm. Mac sidhe Rémainn na Scuab m Uillic na cCeann m Riocaird ⁊ cenib do Ghaoidelaibh dia chenelsom ba sain modh ⁊ bes doib ara fhott ó ro aitrebhsat in ninse ⁊ nirbo lugha sainsherc na nGaeidel imna Gallaibh inas a sercsomh ar robo cumma omh mioscais ⁊ ainchridhe Gall Duiblinne im chechtarnae dhíobh. Do ronta dimhigin ⁊ tarcusal mor forsan Uilleacc lasna Gallaibh sin oga mbui forsan amhsaine. Ro lionsomh dfheirg ⁊ do lonnus ⁊ baoi occa scrúdadh doghres cisi cruth no aithfedh a dimiadh forsna Gallaibh ⁊ tuidhecht i muinterus Ui Dhomhnaill iar sin uair ba menmarc lais iornaidhm a chairdesa fris. Baoisiomh samhlaidh occ brath ⁊ occ taisceladh foran Seoirsi cipindus conusfuair i mbaoghal ina aragol la naon ⁊ ro thub fris a eccoir ⁊ a aindlighed fair ⁊ nochon fhuair freccra badh ní dhó ⁊ o na fuair gebidh claidhep ndo co ttobacht a chend da chuilmheidhe. Gabhthar in baile la hUilleacc ieromh ⁊ ro fhaoidh a thechta co hÁth Seanaigh. Ro lásat muinter Ui Domhnaill a ttechta dia shaigidh co Tír Eoghain airm a mbói. Atfiadhat a sccel dUa Dhomhnaill. Atcuas dUa Neill ierttain. Robtar subaidhi dib linaibh. Dothaott tra Ua Domhnaill dia thigh iar ccelebradh dUa Néill ⁊ niro airis acht i noidhchibh go rainicc gusan Sliccech cona shochraide lais. Foghaibh failte hisuidhiu ⁊ do ratt Uilleac a Burc an caistiall dó. Fosaighis isin mbaile athaidh samhlaidh ⁊ ba sáimh lais a menma. Hi mis Iun doshunradh indsin.

[54]  Ba hisin ré sin do rala do laech amra do  25b Gallaibh tocht fo sccélaibh an bhaile co ttribh cédaibh laech ina fharradh. Ba caiptin coccaidh ⁊ ba toisech niomghona eisidhe Uilliam  p.98 Mos a shlondadh. Ticcsidhe co hEss Dara cidh resiú rofitir sccela Uí Dhomhnaill ⁊ ni choemhnaccair iompudh i ttraitiu an tan rangator muinter Uí Dhomhnaill don toebh oile don abhainn co mbátar eineach i nionchaibh ar gach taobh don droichet ro bhaoi forsan abhainn ⁊ nach ba móomh oldás edh diobhraicthe baoi etorra. Ni baoi conair gusna Gallaibh acht trésan droichet ⁊ niro fhedsat muinter Uí Dhomhnaill dul treampa amail roba menmarc leó acht chena ro horta caiptin amra dona Gallaibh lásn a diobhraicthibh do ronta etorra desiú ⁊ anall. O tainicc dorchutu na hoidhche ro élaidhset ass na Gaill febh as déine ronuccsatt dialaile ⁊ niro rathaighitt co matain. Ro lensat na hóicc iat isin dedhóil tar muinchind an tslebhe ⁊ ni ruccsat forra ⁊ ba méla mhór leó a ttérnudh uaidibh amlaidh sin. Soait for ccúlaibh gusan Sliccech doridhisi.

[55]  Ro fhágaibh Ó Domhnaill drong dia amhsaibh ⁊ dia aos tairisi hi ccaislén Sliccigh dia iomchoimhéd ⁊ ba slan lais a mhenma fodháigh an bhaile do bith fora chomus. Luidhsiomh iertain cona shlógh darsan Éirne badhthuaidh co ranuig dia thigh go Dún na nGall. Baoisimh i foss go medhón August. Atcoadhatar dósomh tasccar murchoblaigh do theacht i Loch Feabhail an tan sin. Ba hé ba hairech foran ccoblach hisin .i. Mac Leoid na hAra (oilen fil i nAlbain dianad ainm Ara as uaidhe ro ghabhsomh ainmniugadh) sé chéd laech a lion ⁊ basedh fosroghluais do bheith for amhsaine la hUa nDomhnaill. Itiat airm batar leó fiodhbhaca féthshnoidhthe ⁊ saighde srúibhghera ⁊ lannchloidhme lethanfhoda cona nurdhornaibh debhendacha. Dothoet Ua Domhnaill airm i mbátar ⁊ rosfost fri ré theora mios ⁊ ba hi medhón an mhís August remhraitiu doshunradh indsin. Do ronta a ccoind  26a medh for choartaibh ⁊ brugadhaibh ierttain go relccet a scís iarna mórshaothar muiridhe ⁊ combtar ellmha a lóinte. O robtar fuirithe iaromh do ratt Ó Domhnaill lais iat gusan Éirne ⁊ a shlógh archena do dul hi coigedh nAilealla. Docoislet as iaromh tar Drobhaois  p.100 tar Duibh tarsan Sligech tar Ess nDara tar muinchinn Slebhe Gamh gusan Luighne ⁊ aissidhe co Goisdealbachaibh. Baoi dúnadh daingen hisuidhiu Caistiall Mór Meic Goisdelbaigh do goirthi dhe. Dofuit gusna Gallaibh febh do rochratar caistialla an chuiccid archena. Ro shuidigh Ó Domhnaill a longphort imon dúnadh ⁊ ro gabh ag fubthadh ⁊ occ tomaithem for oes coimhéda an chaisteoill. Ba ferrde dhósom omh indsin ar rob éigen don bharda fodheoidh an baile do thabhairt uaidibh dUa Dhomhnaill. Do ratsomh iaramh commus an baile dona hibh diarbo toich ⁊ ro thingheallsat techt ina muinterus ⁊ foa thoghairm gach tan badh tol dó ⁊ bhéos airisiomh dogres hi combáidh chogaidh na nGaoidel.

[56]  Luidh dana Ó Domhnaill ierttain ⁊ niro airis co ranuic Turlach Mochán. Caistiall eisidhe fil i ndúthaig Meic Fheoruis. Ro ghabh occ iomshuidhe an dunaidh sin. Gebhitt a muinter for togail an mhúir ⁊ niro sccarsat lamha fris go ragbhatar an caistiall ar eigin ⁊ co ttardsat as i ngiallnus righdamhna an tíre Risderd mac Meic Fheorais co ndruing do mhaithibh an tíre imároen ris ⁊ in ba deach do mhaoinibh ⁊ ionnmusaibh an dúnaidh. Ro scaoilset iaram a sceimhealta fá Chonmhaicne fá Mhuintir Murchadha fa leithimeal an Mhachaire Riabhaigh ⁊ fa Thuaim Da Ghualann goro chroithset an chrioch for gach leth dhíobh ima crodh ⁊ ima hinnile. Soait for ccúlaibh co nédalaibh iomdha. Do rala tra goibhernóir an choiccidh Sir Risderd Biongom hi ccomfhochraibh do shluagh Uí Dhomhnaill an tan sin. Beist as annsomh ro bhaoi i nÉriu in ionbaidh sin dona Gallaibh esidhe. Cóicc céd décc laech armtha éidithe eitir traighthech ⁊ marcach a líon. Otchualaidhsidhe Ó Domhnaill cona shlogaibh do dul tairis siar hi cConnachtaibh ⁊ gach ni da ndergheine in gach conair i ndeachaidh ro bhaoi ina  26b urfhoichill ⁊ ina erchomair occ iompúdh dhó ⁊ doléige i nathghoirit gacha conaire in robadh dóigh lais Ó Domhnoill do thochar ina chend. O rofhitir Ua Domhnaill an ní sin  p.102 ro bhaoi for iomghabail na nGall febh as deach ro fhed ar ba derbh lais gurbo mór deithitin an tsloigh imma ccrudh ⁊ ima ccreachaibh ima nédáil ⁊ ima ninnile ⁊ robadh moa a shaoilechtain ⁊ a thairisin asa shlóghaibh im chothugadh caithghliadh ⁊ im chosnamh cathlaithreach ria ndul i seilbh édala i nesccarad inás an tan robtais deaithe gan deithitin iompaibh itir. Araill ann dana robtar lia dona Gallaibh oldat i mbátorsom ⁊ bheós ceni ba liaa ba duiligh frithbert fri Gallaibh an ionbaidh sin ar fheabhus a nairm ar allmardhacht a néididh ⁊ ar iongnaithe a ninnill cén go rugsat Gaoidhil ar eólus a nairmimberta iertain i ngaruair. Dála Uí Domhnaill ránuicsidhe cona shloghaib ⁊ cona ccreachaibh ier midhmhedón an tres laoi co muinchind Slebhe Gamh. Bátar dina na Gaill occ dianasccnamh na conaire ina ndochum amail as déine ro fhédsat ó Baile an Mhótaigh fothuaidh. Ro eitirdheligh Ua Domhnaill dírim marcach fora cciund do shaigidh ugra forra ⁊ dia niomfhostadh itir ar na faghbhatais giollanradh na aes diairm nó diomaóin dia shloghsomh i mbaogal. Ránuicc Ó Domhnoill gan nach ffriothorgain tarna tri droichetaibh droichet Chúile Maoile drochat Baile Essa Dara ⁊ droichet Sligigh co riacht cona shlógh ⁊ cona chreachaibh i niomfhochraibh Glenda Dallain.

[57]  Iomthusa an ghoibhernora Sir Risderd Biongom ó na tárraidh greim for slogh Uí Dhomhnaill dusficc fora ffoilliucht gusan Sliccech. Gabhaidh longphort isin mainistir amail fa bés do Ghallaibh arisemh isna naoimheccailsibh ⁊ ro baoi occa sccrúdadh ionnus no fhoiberadh an caistiall for mhuintir Uí Dhomhnoill. Ro fhoidh immorro Ua Domhnaill isin maduin ara bhárach buidhin mbig for eochaibh ána udmalla do breith airdmesa forsna Gallaibh ⁊ dfhios scél an dunaidh ⁊ na nócc bátar uadh isin caistiall.  27a Ó rangatar co himealbhord na habhonn atchiat na Gaill sáncn sechnón an bhaile. Ro bai ócclach uallach iomtholtanach i farradh Risderd Biongom an tan sin ⁊ ba mac fethar  p.104 dhó eisidhe Caiptin Mairtin do gairthi dhe. Asé ba tóiseach diorma lasan goibernóir. Ba hé rind agha ⁊ iorghaile baoi la Gallaibh coiccidh Olnéccmacht. No bhiodh occ ráitseachaibh ⁊ occ baighbriathraibh for Aodh Mháguidhir dogrés ⁊ for gach naon ara ccluinedh ainm nó alladh no clú láimhe do Ghaoidelaibh i lleith fri marcuighecht sainredh. Ni forroélangairsidhe déccsi a namhat don taobh araill don abhainn gan a ffuabairt. Geibis a each ⁊ gabhait an díorma archena. Otchiat muinter Uí Domhnaill iadsomh dia saigidh doiaghatt ass amail as déine conrangatar. Tieghaitsidhe ina leanmhain ⁊ nístairthetor. Soait for cúlaibh. Atfiadhat muinter Uí Dhomhnaill a scela don tslógh febh do glenta co mborrfadh ⁊ díumus ⁊ gurab la luas a nérma atrulatar ass. Iar ccloistecht na sccel d'Ua Dhomhnaill baoi occa scrúdadh ⁊ reimdéccsi ionnas nó fhóibéradh na Goill ⁊ no béradh múin iompa. Asedh arriochtt lais fodheóidh do roégha chucca an céd marcach robadh deach dia shlogh go ttribh céttaibh traightheach on mudh ccétna cona ttrealmaibh diobraicthe .i. fiodhbhaca feidhmnertmara cona saighetbolccaibh srethlionta ar ní rabhatar a naitherrach daidhmibh diobraicthi aca an tan sin acht mad beg. Lotar as go riachtatar locc i narbhó hinnill leó an chealg do hsuidhiugadh. Ba moamh oldas míle ceimend ón tSligech. La sodhain ro fhoidh Ó Domhnaill araill dia mharcshlógh for ammus na nGall dia mbréccadh chucca gusan airm i mbuí dia ccaomhsaitis ⁊ atnóe dhiobh gan tochar frisna Gallaibh ⁊ na badh  27b adhnár leó teichedh rempu acht a mbeith occa ttaraing go fóill bicc i ndedhaidh alaile conusttarttatais gan airiugadh dóibh gusan suidhiughadh sreithchelge ro sámhuigedh fora cciund. Lotar ass na hoicc feibh ro forchongradh forra ⁊ do ghniset amail conaitecht Ó Domhnaill. As infechtain ma conrangatar ur na habha an tan ro leablaing Caiptin Martín fora eoch ier na ffairccsin (amail as deine no chingfedh cu i ndail a fiadaigh erdhalta) ⁊ ro leablaingset buidhin móir do marcshlogh na nGall archena. Tiaghaitt  p.106 iaromh for ammus na nócc atchonncator amail as déini ronuccsat dialaile. Otchiat muinter Uí Dhomhnaill iattsomh dia saigidh febh ba menmarc leó ro fhagaibhset an maighen i mbátar ⁊ do relccett reimhibh fora nérim ⁊ gebitt céttus occ socairthennadh a sriainmhírend i ngiongobaibh a ngredh ngroidermach ⁊ a neachradh nuttmall nanbhsaidh dia ffosadhchongmhail i niomfhochraibh na nallmharach ⁊ dia mbrégadhtharrang gosan bhail i mbuí Ó Domhnaill. Nirbhó cian dona hóccaibh samlaidh an tan rob éiccen dóibh fodheóidh beith occ sporadh ⁊ occ echlosccadh a neoch a naoinfhecht ⁊ a naonfhabhall la luaisgribe na herma ronuccsat na Gaill ina ndedhaidh dia ttáirthechtain. Gabhaitt muinter Uí Dhomhnoill ag diainimrim ⁊ ag durasgnamh na conaire febh as diochra conrangatar. Docuirethar deiredh for oén dibhsidhe dia aimhdheoin conarbo tualaing a aos comtha do fhrestal la hionmoille a eich conustard i ffoill ⁊ hi mbaoghal occa bhiodhbadaibh guruo heiccen dó tar terthugadh a thigerna tochar frisna Gallaibh o rob erdalta lais a mharbadh do mhaighin. Felim Riabach Mac Daued ainm an tí hisin. Iompaissidhe a aighid for Chaiptin Mairtin ar asé ba nesomh dhó  28a dona híbh ro bátar ina ttiarmhórthadh ⁊ asé ba tóiseach niomghona do mharcshlogh na nGall ⁊ é hi rémhthús na conaire. Ro bhaoi fogha áith amhnus lasan fFélim rémhraite dia diobhraccadh tan ba hadhlaic. Do ratt a mhér isin suainemh ⁊ ro chroithestair go calma an ccraoisigh ⁊ tarlaic erchor don fhogha go feidhmnertmhar for ammus Chaiptin Mairtin conustarla tar imelbhord an éittidh allmhardha i nderc a ocsaille gach ndíreach gurro threaghdustar a chroidhe ina chliabh feibh atruilletor a mighniomha ar ba handgaidh éttrocar an tí ro gonadh ann ⁊ ba hadhbol a mhioscais imna Gaoidhealaibh ⁊ bátar iolardha a ainbretha in gach maighin i mbiodh isin ccoigedh hi ccoitchinde ótha Luimneach go Drobhaois a llos a bhrathar. Lasodhain iompáit na Gaill for ccúlaibh iar nguin a ttréinfhir ⁊ a ttóisigh iombualta ⁊ doberat leó for iomochur foén i fanntaisibh écca go rangatar an baile. Ro écc iaromh an adhaigh sin. Robtar ile osnadha ⁊ mallachta bocht ⁊ aidhilgnech ro sharaighsiomh imo seilbh  p.108 ndílis bátar ina chaoimhthecht og asgnamh dfhios an alltair ⁊ ag celeabhradh dhó don cheanntar don chur sin. Otchonnairc Ó Domhnaill na Gaill do shoadh tara nais ruslion do lonnus lanadhbhal frisan laochraidh ona tárraidh mian a mhenman ⁊ alghus a inntinne forsna hallmharchaibh amail do ruimen cétus. Dusficcet fianlach na fásfhuabarta hi freacnarcus na flatha (gerbo doiligh dhoibh itir ar aidhble a fhuasnaidh) ⁊ attfiadhat amail do rala dhóibh ⁊ ro thoingset uile dar cend an churaidh ro ghon Caiptin Mairtín na buí ní nonbéradh ass muna tardadh an taonfhorgomh sin genmothá cumhachta an Choimdedh. Ro fhéthnaighestar ferg Uí Dhomhnaill ⁊ ro thláthaighestair a aiccnedh desidhe ⁊ atchuas do ara bharach go  28b nérbhail an caiptin amail atrubhramar. Robadh lughaide dia shniomsomh innsin ceni ba slán lais a mhenma do raith ier tternádh na nGall amail atroneset ⁊ iar ndul dia chelg ⁊ dia etarnaidhe for nefni acht marbadh an aoinfhir rémhepertmar.

[58]  Iomthúsa an ghoibernóra iar nécc a bhrathar ⁊ a gormeic ro línsidhe dfheirg ⁊ daininne ⁊ ro forchongair fora shluagh dol fón mainestir ⁊ crannchaingel ⁊ cubhachla na cceledh nDé do blodhadh ⁊ do brisedh ⁊ a fholartnadh do thabairt chugasomh dia cclaraibh comhdhlúta caomhfhuaighti ⁊ dia sailgibh sonairte sémhshnoidhti ar go ndernadhsomh trealmha toghalta mór dhíobh. Do rattadh iaromh chuga inro chuinnigh. Donucctha iolar saor ⁊ oibrighthe iomdha dia ionnsoighidh. Dorónsat teghdhuise taithchengailte tréndaingne troda donaibh sailgibh ⁊ donaibh sleamhanchláraibh hisin ⁊ cumhdaighthi clarthairrngeacha ciomaisdirghe cobhsaidhe fri cathugadh do churadhaibh estibh. Do fucctha seichedha bó ⁊ damh forro dianechtair. Do ratta rothadha remdhirghe ralachdaingne fóithibh dia ffogluasacht gusan dúnadh. O robtar eallmha na gnioma gliúchláraidh gailléccosccda hisin ro líonta do laechraidh ⁊ do láithibh goile ⁊ do ghasraidh gaisccedhach na nGall. Do rattadh iaromh foghluasacht nallmardha fair la dorchata urthosaigh na hoidhche coró suidighthe tul i tul fri huillinn an chaisteóil. Gabhait for toghail an mhuir ierttain.  p.110 Gidh iat lucht an chaisteóill dana nírbhó meirbh ⁊ nirbho tim ro ghabhsat for freastal aésa na toghla uair ro bhátar saoir isin dúnadh ina nurfhoichill ⁊ gabhaitt occ blodadh an bhalla fóa nerchomhair dia ndiobhraccadh i ttosaigh. Tiaghait a laith ghaile for taiblibh an dúnaidh ⁊ doleccet forra anuas ile do chairrgibh cenngharbha cobsaidhe ⁊ do thromchlochaibh tuinidhe tulammais gurbhot mion 29abhaighthi mórblodhta gach ní frisi ttegmhatáis go talmain. Tiaghaitt aroile dhiobh for fenestribh ⁊ forlesaib an chaisteóill ⁊ gabhait occ diubhraccadh a nubhaillmheall luaidhe ⁊ a ttorannchaor tteintidhe forra gurro foirrghit an fianlach bátar isna cumhdaigibh claraidh don chloichthres sin ⁊ dá gach cenél diubhraicthi archena docorathor dhoibh cona bai bá dia nuirthrialladh itir. Ni forroelangtar na Gaill a ccréchtnugadh ni ba moamh ó naro fhétsat ní don dúnadh acht cuirit a ccaithchliatha diobh ⁊ fágbhaitt a ttighe troda ⁊ a tteghdhuise toghalta múr ⁊ soait ina ffritheing ité beóghonta ⁊ robtar buidigh do breith a nanmonn leó. Ba tochomracht mór ⁊ ba sníomh adhbal lasan airrigh Risderd Biongom na caomhnaccair a anchroidhe ⁊ a innire dimbirt forsan ccaistiall ⁊ forsna híbh batar ind ⁊ ó naro chumhaing soais fora ais isin conair i tudhchaidh tar Choirrshliabh na Seghsa ⁊ tar Mag nAoi m Allghubha go ranaic Ross Commáin. Ro airis ainnsidhe ar basé a dhunárus ⁊ nírbo slán lais a mhenma iar marbadh a brathar uadha ⁊ iar nindredh an tíre thairis.

[59]  Soaidh dana Ó Domnaill iar mbuaidh ⁊ teitt tarsan Samhaoir sairtuaidh ⁊ leiccid uadha na hAlbanaigh bátor for amhsaine occa ⁊ ro eirnestair a ttuarustla friú. Nírbhó foda an iornaidhe dUa Dhomhnoill go ttainicc doridhisi gusan Sligech ⁊ ro bris caistiall Sligighe cona farccaibh cloch for cloich de ar uamhan na nGall dia ghabhail gan rathogadh dósomh. Ro brisedh beós lais trí caisteóil décc do chaistiallaibh Connacht ⁊ do bert geill ⁊ aitire ó nach aon rob omhan lais do  p.112 fhrithbeirt fris nó dia aimhríar itir. Dothaot ina fhritheing tarsan Érne badhthuaidh ⁊ ro fosaighestair occ léiged a scísi go mí Dhecember.

[60]  Batar tra uasail ⁊ airigh coigidh Olnéccmacht occa nionnarbad ⁊ ogá ttofonn asa ttír lasna Gallaibh cénmothá i mbaoi i muinteres ⁊ hi ccaratradh Uí Dhomhnaill diobh. Dusfangatar sochaidhe dia saorchlandaibh ⁊ dia  29b ndaorchlandaibh do shaighidh Uí Domhnaill do éccaoine a nimnidh ⁊ a néttualaing fris. Deithbhir ón ar ba hé a post cothaighthe ⁊ a ndos didin ⁊ a sciath imdheghla ar gach nanbhuain. No chongbadh dana a nuaisle ⁊ a nairigh ina chaoimhthecht ⁊ ina ccomthanus badhdein. Do beiredh beos coindmedh sechnón a thíre fora brughadhaibh ⁊ fora choarttaibh dia naos dínnimh deróil dia naitreabthachaibh ⁊ dia naos anffann enirt. An tan tra do beiredh ina ttir badhdhéin iatt no forchongradh fora mhuintir hi ccoitchinde congnamh cruidh ⁊ cethra etha ⁊ arbha do dháil dóibh ar dhaigh ionatochta ⁊ aithrebe a ttíre doridhisi. Dusfainicc dina Teabóid a Búrc m Uáter Chiotaigh m Seaain m Oiliuerais i ccumma chaigh do acaoine a anforlainn fri hUa nDomhnoill ⁊ aroile saorchlanna genmothásomh. Ba trogh laisiomh a neccaoine ⁊ a niomchosaoid ⁊ ro tingheall go ttuasailcfedh on daoire ⁊ ón dochraitte i mbatar diamadh é bad fortail ⁊ go ttiubhradh ina nathardha iad doridhisi. Lásodhain ro forchongair fora amhsaibh ⁊ fora oés tuarastoil ⁊ for oes diolmhain a chriche co ndiccsittís lasna huaislibh rémhepertmar isin ccoiccrich dia nertadh i naghaidh a namhatt. Doghniatt samhlaidh febh ro eráilsiomh forro. Tiaghaitt lásna huaislibh co coigedh Meadhbha ⁊ gabhaitt for iondradh ⁊ orgain na nGall ⁊ gach aoin do rala hi ccottach ⁊ hi ccaratradh friu. O mhedhon fochmhuine dhoibh foran apairtsin go medhón gaimhridh.

[61]  Iomthusa Uí Domhnaill iar léiccen a scísi dhósaidhe setol foda febh atrubhromar do iomaircc a shlogha i mí December doshunradh ⁊ do dheachaidh i ccoigedh Meadhbha ⁊ basí conair do luidh tarsan Sligigh tar Traigh nEothuile ⁊  p.114 tre Thír Fhiachrach Mhuaidhe tar Muaidh fadhein ⁊ go Tír nAmhalgadha m Fiachrach m Eachdhach Muighmedhóin. Ba sain ceinél ro aitrebh í an ionbaidh sin ⁊ na tuatha diarbho toich ó chein mháir. Búrcaigh  30a slondadh an cheneoil rotusnaitreb an tan sin. Ba do Fhrancaibh a mbunadhchenél ⁊ a criochaibh Saxan do deochator an dú sin ⁊ ba tria nert na Saxan ro chedghabsat an chrioch. Ara aoi sin niruo lugha mioscais na nGaoidel lasna Gallaibh ollttáitte. MacUilliam Burc ba hanmaim oirechais do thigerna na tíre ⁊ niro gairthi fri ré iar ffortamhlugadh forra dona Gallaibh. Ro batar dana iomat ruirech ⁊ rioghdamhnadh dhíobhsom ⁊ nirptar cora friaroile imón anmuim ar andar la gach aon díobh ba dó buddéin ba dú cendus ⁊ tigernus an tire. Donangatarsidhe ó bhiug co mór fo ghairm Uí Domhnaill iar ttocht do don tir ⁊ ba dúthaigh doibh cia no thiestais uair ro laiset Cenel cConaill fo chios doibh ó chein mháir ⁊ niro toibhgithi fri re la grain ⁊ geraitecht Gall ⁊ la haidble a neirt ⁊ a ccumacht. Atiet na maithe bator i frithbeirt fri aroile imon tigernus Uilliam Búrcc o Shruthair a sinnsersidhe uile, Daued an Fhraoich, Risderd mac Demain an Chorrain, Oilueras m Seaain m Oiluerais, Emann mac Tomais an Mhachaire ó Chongae, Teaboitt na Long mac Risderd an Iaraind, Seaan mac Riocaird m Seaain an Termainn, ⁊ Teapoitt m Uateir Chiotaigh m Seaain m Oiluerais.

[62]  Dosfangatar isin chomhdail cetna hi cuma chaigh do shaigidh Uí Domhnaill toisigh ⁊ baruin an tíre Mac Goisdelbaig Seaan Dubh Mac Siurtain .i. Emann an Machaire ⁊ Mac Domhnaill Galloglach .i. Marcus mac an Abbadh ⁊ Mac Muiris .i. Emann ⁊ Ó Maille .i. Eoghan. Ba hiarna ccomairlisidhe ⁊ iarna ttoghae no hoirdnighthi tigerna foran tír ⁊ i Raith Eassa Caoide do gairthi an tanmaim as Mac Uilliam de ⁊ ba he Mac Teapoitt no goiredh. Oro theglaimsiut na maithe  p.116 sin uile attrubhramar co hUa nDomhnaill cusan maighin cetnae do rónadh la hUa nDochartaigh Seaan Og (febh ro forchongairsiomh fair) cetheora lorgbuidhne dia sloghaibh druim ar druim i niomthacmang an lesa ⁊ na laochratha imaccuairt. Ocht ccéd .x. dia amsaibh ⁊ dia aes tuillme ⁊ tuarustail fri cnes na rioghratha isin cetna buidin. O Dochartaigh fodhéin ⁊ Ó Baoighill Tadhg Ócc co nglaslaith Thíre Conaill allamuigh diphsidhe isin cuairt tanaisi. Na tri Meic Suibne cona ngallocclachaibh dianeachtairside Fir Connacht cona ttoichestal don leth amuigh dibsidhe uile. O Domnaill feisin cona aireachaib ⁊ uaislibh ina srethchiorcaill bodba for dua na ratha ⁊ ni lamadh neach dia uaisle no dia airmhidnige tocht ina fhreacnairc isin raith acht an tí no forchongradhsomh  30b do ghairm chucca ar nuair. Gebidh ieromh occá sccrúdadh ⁊ remhdhéccsi frisna maithib batar ina fhochair cred doghenadh frisna huaislibh imon anmuim oga mbatar frithbeirt ⁊ cosnamh. Rostochuir chuige barúin ⁊ toisigh an tire ier nurd dia athchomarc chuca imaseach cia dona huaislibh no oirdnigfedh hi cendus na criche. Mac Domhnaill ⁊ Mac Muiris ⁊ Ó Máille basedh atbertator ó oenghuth guruo don tsindser Uilliam Burc roba techta tigerna do ghairm uair assedh roba gnaithbés doibh oirdnedh an tsindsir ar belaibh an tsoisir. Ro raidh Mac Goisdelbaigh ⁊ Mac Siurtain guruo do Theaboit mac Uateir Chiotaigh m Seaain m Oiluerais robadh dior gairm flatha ar ba seirigh seitriuch eisidhe i lló ⁊ inn adhaigh i tír ⁊ i coiccrich ciambadh uathadh ciambadh sochaide dó.

[63]  Iar ccrúdh a chomairle dUa Domhnaill ba fair desid lais fodeoidh cennus na criche do thabairt do Theapoit mac Uateir Chiotaigh ⁊ ro fhorchongair for Mac Teapoit Mac Uilliam do ghairm de. Do ronadh fairsiumh indsin uair ro goiredh anmuim de fiadh na slóghaibh í coitchindi ge ro batar araill dia chenel ba siniu ar aoi naoisi ⁊ ba moamh gairm olta. Ara aoi sin ase do deachaidh cettus cugasom for athchur ⁊ ionnarbadh asa thir ⁊ do rairrngert dho co ttiobradh ina duthaig doridhisi dia ccaemsadh. Araill beus baoisidhe i tuili  p.118 a aoisi ⁊ a engnamai fri foimtin itnnidh ⁊ éttualaing an chogaidh i mbaoisiom ⁊ dana fris sin basé an tí Tepoit ba móamh mioscais lasna Gallaibh don tslondadh isin ⁊ ba lugaide no gebtais Gaoidhil aimiris de a bith an tuchtsin. Ro herghabadh Oliueras mac Seaain ⁊ Émann mac Tomais an Machaire ⁊ Seaan m Riocaird m Seaain an Termainn ⁊ do bretha i ngeimliph la hUa nDomhnoill condusfuccait co Tír Conaill. Do bert geill ⁊ aitire ele ó araill dona huaislibh batar occ cuingidh an tigernais for laimh an Tepóitt ierna oirdnedh isin fflaithius. Dothaet Ó Domhnaill iartain (ier ttochaithiumh na notlacc dhó i mbaruntacht Chille Mhedoin ⁊ isna Brighibh i Cloind Muiris) tar Muaidh Ua nAmhalgaidh co Tír Fiachrach ⁊ ro oirdnestar tigherna foran tír sin. Ba de do ghoir anmuim do Thadhg m Taidhg Riabhaigh m Eóghain Uí Dubhda. Asé tra Ó Domhnaill ro ghoir Ó Cellaigh don Fhiordorcha mac Ceallaigh m Domhnaill m Aedha na cCailleach ⁊ Mac Diarmada Muighi Luircc do Chonchobhar m Taidhg m Eoghain ⁊ Mac Donnchaidh Thíre hOilealla do Muirghius Chaech m Taidhg ⁊ Mac Donnchaidh an Chorainn do Rudhraige mhac Aodhae ⁊ O hEghrai Ri abhach do Fhelim m Conchaisil.  31a Níruó deacmhaic són ar ro bator a sinnsirsidhe fo chíos ⁊ cháin do Chenél cConaill dogres ⁊ ba cubaidh samlaidh cia badh e O Domhnaill no oirdnedh ina natharda iadsomh ⁊ dogaradh na hanmanna atrubhramar. Ba sain re do roinesiumh indsin. Do ratsomh dana Ó Ruairc ⁊ Mac Diarmata ina natharda iarna niondarbadh la Gallaibh ⁊ nirbo hiadsomh namá acht gach aon do Ghaoidhelaibh coigidh Meadhba ro eitirdelighestair frisna Gallaibh do roine an ccétna friú.

 p.120

6. An Cúigeadh Bliadhain 1596

[64]  Iar bforbadh na ngniomh remhraite doleicce Ó Domhnoill cona shluacch tarsan Sligigh sairtuaidh an 15. Ianuari i nurthosach na bliadhna so. 1596. in marg. 1596. an 5 bliadhain ⁊ do deachaidh tar Duibh tar Drobhaois ⁊ tarsan Samaoir budhthuaidh. Ro airis ina chrich feisin gan foghluasacht co hurthosach samhraidh iartain. Bá hisin cétshamhain sin sainredh dusfanicc aroile duine uasal ó Righ na Spáine an 3. Pilib. Alonsa Copis ba hainm don duine uasal ishin. Ba hi tuccait fodosroghluais co hinis mBanba daithreos ⁊ dfhios sccél na nGaoidel uair robtar aos codaigh ⁊ coimhchengail Gaoidhil Fodla do Righ na Spaine ara ttuidheacht ón Spain feacht riamh ⁊ do ratsat drong do shruithibh ⁊ do shenchaidhibh Fer fFeine hi foraithmhet ⁊ i cuimhne don Righ tuirtheachta ⁊ scela mac Mileadh ⁊ dana beos anlucht ro laithi forlonguss lasna Gallaip a hinis Erind iar ngaitt a nathardha foraib no tiaghtaois deccaoine i nimnidh frisiumh ⁊ fria shindseraib o chein máir. Dusfainig an teachta cipindus febh atrupramar. Así conair ro sheolastair a lunga lamh dheas fri hor nÉrenn aniar gurro ghaph port i crích Boghaine hi ccuan na cCeall mBeg sainredh. Foghaib failti hisuidhiu la huaislibh na criche ier na fhios scél ⁊ do deachator araill dhíobh do eólus lais tré Bearnus Mór co rainicc Leithbhior airm i mboi Ó Domhnuill an tan sin. Ro fiadhaigedh co forffaoilidh amhail ba dú fri ré theóra noidhche cona láibh ⁊ ro ghabh ag athchomharc sgél an chogaidh atchuala focerdsat na Gaoidhil forsna Gallaibh. Attcoadhathar dhósomh coleicc. Atbertsomh gurbho dia naithreós ⁊ dia ffios scél do deachaidh for forchongra an Righ ⁊ nach ccaomhnagair dol airm a mbaoi Ó Néill no anadh ni budh siriu la tindenuss  p.122 uair ba homhan lais dia ccloistis Goill a thocht co hÉrind  31b co laifetis longus remibh foran séd. O ro fhitir Ó Domhnaill gurbo fíor a nebhairt ⁊ an baoghal i mpóisiomh ro sgriobh lais gusan Righ asa ucht budhdein ⁊ a hucht Uí Neill ⁊ a hucht na nGaoideal archeana. Basedh tothacht an sgribind do chuingidh conganta sloigh ⁊ sochaidhe airm ⁊ iolfnaobhar i nagaid a namhat ⁊ dia saoradhsomh iat on daoire a mbatar occa mbiodhbadaibh dogres (ag gaitt a nathardha forra ⁊ aga saobadh on ccreidiom catholacda Romhanda ro priotchaidh naomhPatraicc dia senaib ⁊ dia sinnseraip ⁊ ro chongaibhset o chein mhair) combtis fomhámaighthe dó do shior ⁊ dia shíol ina dedhaidh. Do rat ieromh an techta laimh for imtheacht ⁊ fágbaidh bendachtain. Téit Ua Domhnoill lais isin sligidh ⁊ niro scar fris go ara bharach ⁊ ro lá araill dia amhsaibh lais isin séd dia shnadhadh ar chuanaibh ⁊ cethernaib go ranaic darsan mBernas rémhráitiu. Sliabh doraidh doibeoil eisidhe ⁊ ba hadbha chuan ⁊ caibden fri slait ⁊ aircell cen co rostoifnestair an tAodh Ruadh hishin ar nisrelgsidhe slatt na orccain isin crich ó ro hoirdned i flaithius co farccaibh an innsi colleicc conadh aire atberthi an Riaghaire rechtach desiomh ara mhed no riaghadh do choillidhib ⁊ chuanaib ⁊ daes gach uilc archena. Dála Alonsa Copis rainiccsidhe gusan bpurt a ffargaibh a lunga ⁊ teitt innte ⁊ dobearat muintir Uí Dhomhnaill a fholartnadh feóla lais isin luing daigibh imreamra ⁊ do chethnattaibh cluimgheala. Ro baoisim i foichill na gaeithe anair cecib tan dusfiocfadh. Ro sheolustair fodeoidh la cédthinfedh na gaithe anairtuaidh laimh cli fri hor nErenn siairdhes gach ndireach co rainicc don Spain.

[65]  Iomthusa Uí Domnaill ro buisidhe i ffos go tosach Jun. Niruo cian dó iertain an tan rugsat techta ó Mac Uilliam fair dia aisneis dho co ttanaic generail cogaid na Bainríoghan Ser Seon Norais co himelbhord a chriche turchomrac slóigh  p.124 mhóir ar dháigh co ccuirfedh coigedh Connacht uile i naenfhabhall daenrann ⁊ daoinleith la Prionnsa Saxan. Atiet na hairig ⁊ na huaisli batar i sochraide an ghenerala Iarla Tuadmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co lion a shloigh ⁊ Iarla Cloinne Riocaird Uillec m Riocaird Saxanaigh m Uillic na cCenn cona thoichestal. Acht chena atbertis cach i coitchindi an tan sin naro tiomairgedh ⁊ náro tionoladh fri haimsir imchéin inn Érinn a hucht Prionnsa Saxan coimlíon i mbatar for an slogh sin. Ni thard Ó Domhnaill na sgela sin atchoas dó i foill nach for dáil uair robtar fuirithe eallmha a shlúaghsomh do thecht i ccoigedh nAilella cidh resiú  32a ro siachtatar na teachta. Scriobhthar litri ⁊ scribhenna la hUa nDomhnaill go Gaoidelaibh an choiccidh ⁊ ro dhálustar chuga iat gusan iarthar airm atcas dósomh an sluagh echtaircheneóil do ghabail longphuirt.

[66]  Lasodhain doleige Ua Domhnaill i ccenn tséda cona shlogh lais tarsan Érne siar tar Sliccech lámh dhes fri srúibh Slébhe Gamh tré Luighne ⁊ tré chrích Gaileng co ranuicc fodheóidh i nairis dala fri Seón Noruis airm i mbui occ fubthad ⁊ occ báigh techt dindredh na criche mana thárttadáis géill ⁊ aittiri uaidhibh. Ó rangatar dina techta Uí Dho mhnaill go Gaoidelaibh an choigid amail atrubhromor dusficcetsidhe gan essnadadh gan iomfhuirech fon toghairm hisin. Tainic ann céttus allanair Ua Ruairc Brian Og m Briain na Múrtha m Briain Ballaigh m Eóghain go sochraide chatha Ó mBriúin. Tanaic ann Ua Conchobhair Ruadh Aodh m Toirrdhelbaigh Ruaidh a himelbhortt Mhaighe hAoi fri hÁth Slisen anair. Tanaic ann Ó Ceallaigh (Ferdorcha) a hUibh Maine anairdhes fri Sionainn aniar. Tanaic ann Mac Diarmatta (Conchobar Ócc) a Muigh Luirg an Dághda fri Coirrshliabh na Seghsa anairdhes. Tangatar ann bheós na hí ro aitreabhsat an ccrích ó Choirrshliab go muir hi tuaiscert an choiccidh edhón an da Mac Donnchaidh ⁊ an dá Ó Eghra ⁊ Ó Dubhda. Iar ttorrachtain na nGaeidel go hait noénbhaile fosaighitt for ionchaibh Seon Norais ar gach taoibh don abhainn dianad ainm an Rodba.  p.126 Ro baoi iomaithigidh desiú ⁊ anall fri sídh ⁊ chaonchomhrac etorra ⁊ niba hedh ón iar ffior acht ba do brath ⁊ taisccéladh ⁊ do thabairt bréicce im aroile dia ccoémhsatais. Baoi dana Mac Uilliam Teabóitt m Uateir Chiotaigh co líon a thionóil isin toichestal sin Uí Dhomhnaill. Anait athaidh an tucht sin einech ind ionchaibh aroile go ttairnectar a lóinti lásna Gallaibh. O ro scaich ieromh a mbiadh doibhsidhe as fair deisidh leó deirghe an phuirt a mbáttar  32b ó na caomhnagatar ní dona Gaoidelaibh. Doghniett samhlaidh. Soaitt friothroscc ⁊ niruó slán la Seon Norais a mhenma ar niruó gnath lais a iompúdh a hiethaibh éccratt imne. Dothoett Ua Domhnoill ⁊ na Gaoidil archena dia ttighibh go subach soimhenmnach.

[67]  Otchíett Senadh Duiblinde gaisccedh ⁊ geraittecht Gaoidel dfhás ⁊ dinfhorbhairt ⁊ gombtar eolaigh i nairmimbirt ⁊ i nerndailibh an choccaidh ro imecclaighset remhibh. Adhbhar oile beos ima ro omhnaighsett an ernaidhm caratraidh ⁊ combagha fri Righ na Spaine ⁊ an long remhraiti do riacht ón Spáin amail atcadhatar doibhsiomh. Así airle arriocht lásan Senadh ⁊ lasan cComhairle dhesidhe techta do chor do shaigidh Uí Néill ⁊ Uí Dhomhnaill dfhuláiremh ⁊ daslach síodha ⁊ coenchomraic forra. Basiat techta do tagoadh lasan Senadh fri hiomluadh naithiscc na siodha etorra ⁊ na Goidil Iarla Urmhumhan Tómás Buitiler a anmaim (a Saxaibh dusfangatar an cenél dia mbaoi: ro baoiside i naois enirt sendata an ionbaidh sin) ⁊ airdepscop Caisil Maolmuire Mac Raith. Dusficcetsidhe lásan techtairecht go rangatar gusan ccathraigh fil for brú tragha Baile m Buain dia ngaror an Srátbhaile. Ro fhóidhset techta dú i mbói Ó Néill do reladh na toscca ima ttudhchatar. Foidhis Ua Néill na sccela cétna i ndochum Uí Dhomhnaill. Ticcsidhe ieromh dirim mharcach co hairm i mboi Ó Néill. Doieghatt dib linaibh co Fochaird Muirtheimhne for ionchaibh tragha Baile bhudhthuaidh. Tanaic an tIarla atrubhromar ⁊ an tepscop for ionn na tolcha cettna.  p.128 Atféttad dona flaithibh an toiscc ima ttangatar ⁊ atbertsat gorbho ferr córa oldas ceallach ⁊ no biadh iomaithbir chaich diobh for aroili mana dernta an sídh.  33a Atchuadhatar doibh na comtha do rairngirtsat an Senadh uaidhibh tar cend an tsí odha .i. dílsiucchadh choiccidh Conchobhair dhóibhsiomh génmothá an mbloidh tíre fil o Dhún Delgan co Bóinn ro tallta dhe ó chein mháir lásna Gallaibh ⁊ na tístais na Goill forro tar toroinn acht namá Gaill Cairrge Ferghusa do léccedh fri creic ⁊ connradh do shíor ⁊ na Gaill batar i cCairlinn ⁊ ind Iobhar Cind Tragha ón mudh ccédna ⁊ dana na tochradaois maoir ináit airríogha forra no a ccumat naile do thobhach chíosa nó chána acht namá cecip cíos do bretha fora sinnseraibh do iodhnacal dóibhsiomh go hÁth Cliath ⁊ na cuingifithe geill na aitiri forra acht madh sin ⁊ foghebhdais an ccé tna na Goidhil atrachtator ina ccomhbáigh cogaid i ccóigedh Olnéccmacht.

[68]  Iar ttairccsin a aithiscc ⁊ a orfhuighill don Iarla atracht Ó Néill ⁊ Ó Domhnaill ⁊ a mbátar ina ffochair do chuingedhabh an choigidh asa náitibh s uidhe ⁊ doieghat don taobh araill don tealaigh. Gabhaitt ag crúdh a ccomhairle ⁊ occ airlegadh gniomradh na nGall ó ro chédghabhsat an innsi cétus gusan tan sin. Ba sodhaing dóibhsiomh ón uair bátar meabhra leó ⁊ la hUa nDomhnaill sainredh dóigh baoisidhe ag coistecht friú na ceitheora bliadna ⁊ na teóra míosa ro bhuí isin ccarcair in Ath Clíath ⁊ ba hi sin aicept as moamh ro meabhraigh ona cimbidhibh focerdta isin ccarcair imaroén fris ⁊ bator hi ccuimhne ⁊ i foraithmhet lais ⁊ atbert gurbhót cédluithigh toghaóthaigh tingheallta Gall dogrés ⁊ gurbho tria gúthairrngire ro ghatsat a nathardha for Ghaoidelaibh choiccidh Ghailían ⁊ choiccidh Conraoi m Dáire ⁊ ni hedh namá acht cecib neach dia ttallsat a ttír inn Ériu bá tria thangnacht ⁊ bhreiccshith do bertsat dhe. Bidh imne doghenatt fribhsi  33b an ionbaidh bus  p.130 teirci bhar ccongaibh chatha ⁊ coccaidh ⁊ bhus tana bar ccliath ghabhala ⁊ an tan gétar foroibh na Góidhil atracht in bar mbáigh ria sunn diaidh i ndiaidh ⁊ faghabhat cecip ní chuinghifett ar bar ttrégadh. Doberat na Gaill bréig iomaibhsi ainnsihde ⁊ saigfit foroibh an tan foghabhat co hainerlamh anfhuirithe ibh i nuathadh arm ⁊ eidedh ócc ⁊ erredh madh síth dognethi friu ⁊ gan rátha náid aitiri forro fri comhalladh fribh in do rairrngirset dhaoibh. Adhbhar oile bheós. Ro athchuirsidh a charatradh for Righ na Spáine madh sith dognethi ⁊ bidh nár ⁊ bidh meabhal daoibh gó do dhenomh frisan tí na hepir goi ⁊ chomhalnafus inro tharrngair ⁊ robadh ainffíor már daoib aimhiris do ghabhail de ⁊ dina fris sin nít cobhrathar uadh doridhisi tan beithe i rriochtain a leas iar soadh foraibh dona Gallaibh. Ro mholsat araill dona maithibh a nerpert ⁊ ro aentaighsiot frisna haithiusccaibh sin ro fhuighill. Batar foirenn oile dibhsidhe lasar lainn an sidh do dénomh ⁊ atbertsaitsidhe ba hiomairgidhe denamh an tsiodha ⁊ bad aithriuch muna dhernta. Monuar ámh ba fíor dóibhsiomh inro raidhsiot cidh ierttain uair batar iomdha mna ⁊ miondaoine ⁊ forusócclaoich do chotar écc duacht ⁊ ghorta fodaighin an choccaidh hisin. Robtar iomdha beós laech lonnainnsclecha ⁊ tóisigh troda ⁊ soerchlanna soicheneoil do chóttar aidhedha anaipche etorra disiu ⁊ anall fobithin an chocaidh chétna. Cidh fil ann trá cecip les nó aimhles donainicc ass ba héiccen an sídh do thairmescc tria aslach ⁊ forchongra Uí Dhomhnaill. Iompais an tIarla ⁊ an tepscop co hAth Clíath ⁊ atfétsat don Justis ⁊ don Chomhairle a ndiultadh imón sith ⁊ a ffreagra óna Gaoidelaibh.

[69]   34a Lasodhain ro láiset an Senadh a scela co críochaibh Saxan gusan mBainrioghain Elizabeth. Ro ghabh ferg ⁊ lonnus isidhe. Ro tionóiledh ⁊ ro teglamadh iolar ndaoine lé dia ccor co hÉrinn cona congaibh théchta da gach nadhailge archena conarbho lugha olttát fiche míle does tuarustail ⁊ do amhsaibh ro bhátar i nurfhoichill choccaidh na nGoidhel. Ro  p.132 cumhscaigedh an goibernóir ⁊ an tairrigh baoi for choiccedh Medbha an ionbaidh sin a cendacht an chóigidh .i. Ser Risderd Biongom cona bhraithribh ⁊ ro gairmit co hÁth Cliath ⁊ ro cuiritt aissidhe co Saxaibh. Dusfainicc aroile i nionadh an ghoibernora ba ferr oldas ⁊ ba firiu gealladh dona Gaoidelaibh i mís December doshunnradh. Coneus Clifort a chomainm. Ridire airderc eisidhe araoi ngarma ba huasal iar ffuil ba fer tiodhnaicthi sed ⁊ maoine. Ro tharmnaigh dhósomh indsin uair ro soait chucca drong mhor duaislibh coiccid Medhbha ara dheghairilledh. Ro soait chucca céttus Ó Conchobhair Ruadh Aodh m Toirrdelbaig Ruaidh m Taidhg Buidhe ⁊ Mac Diarmata Mhuighe Luirg Conchobar mac Taidhg co mbatar ina mhuinterus ⁊ ro naidhmset a ccura friss. Tainic bheós Ó Conchobair Sliccigh a criochaibh Saxan isin bhfoghmhar doshunradh .i. Donnchadh mac Cathail Óig m Taidhg m Cathail Óig ierna oirdnedh hi ccendus ón mBainríoghain for ilchédaibh slóigh ⁊ saighdiuradh i nurfhoichill in roba comfhoccus dó dUltaibh ⁊ do Chonnachtaibh do chennsughadh fria laimh. Ticcsidhe co Connachtaibh fochétuair do thochar fri Cenél Conuill ⁊ do chath friú i ccombáigh na nGall uair roba mór a mifholta frisan ccenél hisin ó ro dhelighestair a chelsine friú la forran ⁊ forlonn Gall ⁊ narba riarach dhóibh amhail ba dúthaigh dó ⁊ cia no beithsiomh co fomhámaighthe dUa Dhomhnoill nírbhó cóir iongnadh de ar ro bhaoi Brian m Eachdach  34b a shinnser samhlaidh do Niall fa soamh inás ro batar clann Mhoingfhinne archena ⁊ as la Fiachra mac Eachdach ro halta antí Conall Gulban ⁊ hi cóigedh Olnéccmacht boi a domnus cen co rusléiccestair hi foill ó rosghabh an mbloidh tíre fil frisan Samhair atuaidh co Loch Feabhail iar nairther ⁊ iarna gabhail a los a lámha dhósomh ro rann í fora braithribh ⁊ do ratt an triochait chéd fil ó Abhainn Mhóir sairtuaidh co Call Caoin ag Loch nÉirne do Chairpre mac Néill dia dherbhrathair ⁊ ó ro threabhsatt sliocht Briain m Eachdach an feronn iar ndíobadh Ceineoil Coirpre acht madh becc ro lásat Cenel  p.134 Conuill fo chíos ⁊ sluaigedh doibh budhdeisin araba fheroinn a mbrathar. Níruó machtnadh eimh dheisidhe cia no thairisedh Ó Conchobair Sliccighe a muinterus ⁊ hi celsine Uí Dhomhnuill ⁊ cia budh riarach dhó cen frithbheirt fris acht chena ro dlecht an ccéttna do Chonnachtaibh coléicc cénmothá sin uair ro foruaislighset siol Néill m Eachdhach for Ghoidhealaibh ó chein ⁊ as doibh ba duthaigh righe na hinsi.

[70]  Dála an Uí Chonchobair imrordaighsem ó rainiccsidhe co cóigedh Medhbha ro failtnighset a oés cottaigh ⁊ cairdesa riamh ⁊ ro lionsat a aés gradha ⁊ tairisi duaill ⁊ do diumus dinnire ⁊ dimtholta dia thuidhecht ⁊ ro ghabhsat og báigh ⁊ occ bagar occ táinsiumh ⁊ og tomhaithemh for Cenél cConaill. Muinter Airt a slondadhsaidhe ⁊ asiad ba tairisigh dfhior a ionaidsiomh dogres. Otchualaidh Ó Domhnaill a ttuidhechtsomh fris ⁊ a mbaighbriathra ⁊ a ndul hi ccomhbáigh Gall na agaidh níro airis fri teglamad a shloigh do léir go ttoét tarsan Sligech siar cona amhsaibh ⁊ cona oes tuarustail lais go rusoirg an toes tairisi ⁊ ionmhaine imroraidhsem ro bui la hUa cConchobhair in gach dú i mbátor i mendattaibh mothardaingne ⁊ i ndroibhélaibh  35a diamra cona fargaibh míol ninnile leó ⁊ ni roscroith don chrích acht ietsomh namá cia roscoigill dóibh gósin ara ndínnimhe ⁊ ara nderóile lais cen go rosbrost a mbriathra borrfadhacha a nainchridhe ⁊ a ninnire feisin na coemhnacctar do dichleith a norccain forra. Gabaid Ua Domhnoill longphort ierttain hi mBréifne Connacht fri Sliabh Dá Én anoir. Ro oiris ainnsidhe conustorracht a shlogh dia shaighidh as gach dú i mbátar.

 p.136

7. An Seiseadh Bliadhain, 1597

[71]  Iar na tteglamadh samhlaidh a ndeiredh Ianuari .1597. in marg. 1597. an 6. bliadhain docoislet tresan cóiccedh sairdhes hi triucha chéd Ua nOilealla aisidhe don Chorann tre chlár Mhachaire Chonnacht hi Cloinn Chonnmhaigh hi crich Maine m Eachdach. O do riacht i neidirmhedhón Ó Maine ro léig sernadh ⁊ sreathnugadh dia sgeimhealtoibh sgríobluatha fo thuaith an Chalaidh ⁊ fo uachtar an tíre ⁊ donangatar cona nairccthibh creach ⁊ cethra cona mbroitt ⁊ cona mbóghabáil i ndiúidh laoi co baile Atha an Ríogh airm i mbóí Ó Domhnoill. Ro dhalustair Ua Domhnoill Mac Uilliam Búrc (Teabóitt) chuga gusan dú sin. Tainiccsidhe fo ghairm Uí Dhomhnaill. As ann tra baoi an baile hisin edh mbeg o Ath Cliath Medraighe sair. Ba daingen díothoghlaidhe eisidhe ⁊ niruo soirbh ammus fair. Ara aoi ro ionnsoighset an slogh an dúnadh ⁊ focherdat teinnte ⁊ tennála fria dhoirsibh for gach leth cora hadhannait comladha claruaigti an chaomhdúnaidh dianechtair. Doberat chuca iaromh dréimiredha dimora ⁊ áradha imleabhru ⁊ ro lásat fri múraibh ⁊ balladhaibh an bhaile coro freasghabhsat for taiblidh tiugharda an tréndunaidh for gach taobh. Ro leabluingset araill diobh dona taiblibh go mbátar forsna sraittibh ina sesomh iar nguin ⁊ airleach druinge dia ndeghlaechaibh. Doléccet na doirsi óbhéla don tslogh asa haithle co ndiccset for lár an baile. Gabhaitt for toghail na ttighedh taisccedha ⁊ na tteghdhus ccumhdachta ⁊ na ccubhachal ffoirieta ro bhuí isin dúnadh co ttarttsat eistibh a mboi inntibh dionnmhasaibh ⁊ déttálaibh coro chroithset an chathair coléicc. Robadh cosccar adhbhal  35b lá muintir na Bainríoghan an rioghchaistiall sin do bhuing don fhianlach ro lingset an baile hisin diamadh iad budhdheisin nó beith occa chosnamh friú. Acht chena robad doiligh díochumhaing dréim frisan tí buí hisuidhe nách fria mhuintir cén baoi an Coimdhe ⁊ an conách ag congnamh lais.  p.138 Bá dírímh doimhesta ina ttugadh da gach erndail edála asin mbaile sin dionnmhus ⁊ diolmhaoinibh dumha ⁊ diaronn derradh ⁊ dédach ⁊ da gach ní rangatar a leas an lucht batar occá ionatocht ⁊ oga aittrebadh do thegar ⁊ do theglomadh chuca as gach aird ó chein mair gósin.

[72]  Airisidh Ua Domhnaill cona shlogh isin mbaile an adhaigh sin. Fágbaitt an baile ara barach iarna orccain. Doléccet a scceimhealta do chreachorgain Chloinne Riocairt da gach leith don abhainn. Ro creachadh ⁊ ro cuartaigedh la druing dona sgeimeltaibh sin ó Lethraith go Muigh Senchomladh. Ro loissccedh ⁊ ro léirsgriosadh lasan lucht naile dhiobh ó bhaile Atha an Riogh ⁊ ó Raith Goirrgín siar go Rinn Mhíl go Medhraighe ⁊ go dorus na Gaillmhe. Ro loisgedh leó dana Tegh Brighde fil for ionchaibh na cathrach cétna .i. Gaillimh ainmnighther ón abhainn forsro báidedh Gaillimh inghen Bresail. Dogniat foslongphort ⁊ fianbotha fulacht ⁊ feolchombach suan ⁊ samhchodal an adaigh sin eitir Uarán Mór ⁊ Gaillimh occ Cloich an Linsigh. Dotháet Ó Domhnaill cona shlogh ara bharach go Mainestir an Chnuic i ndorus na Gaillmhe ar dháigh iomagallmha fri lucht na cathrach dus an ffuighbedh caomchludh dia nerradhaibh iongnaithe ⁊ dia sédaibh soinemhla uaidibh for araill dona creachaibh batar occa ar nirbhó sodhaing dia mhuintir ina mbaoi do chrodh ⁊ do chethra oca do thiomargadh nach do thiomain leó dia nathardha ⁊ dana robad menmarc laisiomh gan tiontúdh dia thir (munbadh aidhble édála a shlóigh) go rochtain dó go Gort Insi Guaire i Cenél Aedha na hEchtgha. O na fuairsiom an roba lainn lai s o lucht na cathrach ba fair desidh occa filledh  36a ina fhritheing go rainicc tria cheirtmedhón coigidh Connacht gan anbhuain gan uiregla gan fhaitches gan fhuireachrus go rochtain dó tarsan Sligech tar Duibh tar Drobaois ⁊ tar an Samhaoir badhthuaidh.

[73]  Tuirthechta Uí Chonchobhair Sliccigh atfiadhar sunn setal naile: tarcclomtha sluagh mór lais do Ghallaibh ⁊ do  p.140 Ghaoidhealaibh do theacht gusan Sliccech i mí Februari gar biocc iar nIomulcc. Do rala O Domhnaill an tan sin i cCalraighe i foslongphort fri Sliccech anair hi foichill forra ⁊ a naires dála dhóibh. Do bert fuabairt amhnus forro resiú rangatar gusan Sligech. Ro theichset riamh ⁊ do retláiset aire acht madh uathadh tarrastoir dhíobh occ Tráigh nEothaile. Gontar baiter drong mhór dhiobh. Ro marbadh ann dana mac do Uilliam Búrc .i. Riocard mac Uilliam m Risdeird m Oileuerais ⁊ araill nach airmhither sunn. Soais Ó Conchobair for cúlaibh ⁊ niba slán lais a menma im thuidhecht an turais sin. Tanuicc Ó Domhnaill dia thigh ⁊ doléicce eisreidedh ⁊ sccaoiledh dia shlogh con telcctis a scís acht namá fosrágaibh aés amsaine ⁊ tuarustail hi coiccedh Meadhbha i foichill coccaidh Uí Chonchobhair ⁊ na nGall ⁊ Niall Garbh Ó Domhnoill dia deirbhfhine badhdeisin i ttaoisigheacht leó. Gabhuitsidhe for innradh ⁊ aidhmilledh na nGaoidelthuath remideochatar hi combaigh na nGall ⁊ Uí Chonchobair con tarttsat for ccúlaibh doridhisi drong mhor dhíobh. Tanuicc ann cétus Mac Diarmada (.i. Conchobar) túisiuch Mhaighi Luirg fil fri Coirrshliabh na Seghsa anairdes co rusnenaiscc a mhuinterus ⁊ a churu fri hUa nDomhnoill an dara feacht ⁊ co ttaratt a oighriar ndó febh roba bés dfhior a ionaid dogres. Do rónsat toisigh na ttuath fil fri sliabh atuaidh go muir an ccétna ⁊ do rattsat a ngéill ⁊ a naitirc dUa Dhomhnoill fri comhall gach neith ro thingheallsat.

[74]  Ba i neacmuing na ree sin .i. i mís April donainicc long ón Spáin go nuathadh foirne daithreós na nGaoidel. Ro ghabh port hi ccrich Conuill m Néill hi cuan na cCeall mBeg sainredh hi Tír Boghuine iar niarthar allanair don ghlionn inro bennach an Columb airderc. Tangatar aissidhe  36b airm a mbuí Ó Domnaill go Dún na nGall. Roptor foiltigh cach diob fri aroile ⁊ ro fiadaighitsiomh co hairmhittneach la hUa nDomhnaill ⁊ do rat asccadha con ⁊ each doibh ⁊ iomsoiset ass for cúlaibh ⁊ doberat sccela na criche leó.

 p.142

[75]  Tuirthechta Meic Uilliam Burc atfiadhar sunn. Ro toifnethar asa thir la hiomfhorran a cheniuil badhdeisin ⁊ la geraitecht Gall uair ro naidhm Ua Conchobair Sliccigh codach ⁊ caratradh eitir a chliamhain (mac Meic Uilliam Burc) .i. Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn m Dauid m Emainn m Uillicc ⁊ an goibernóir Sir Coneus Clifort coro hathchuiredh ⁊ gurro hionnarbadh lasna maithibh sin cona ttionol Mac Uilliam Teabóitt m Uatéir Chiotaigh asa athardha gurbo héiccen dó ascnámh go Cenél Conuill m Néill. Iar tteacht dósomh airm a mbaoi Ó Domhnaill dacaoine a imnid fris ro airis ina fhochair go midhmhedhón samhraidh. Doghní Ó Domhnoill sloighedh a ndeiredh Jun go cóicced nAilealla con tulaidh tar Muaidh Ua nAmhalgaidh. Ni chaomhnaccator an chríoch frithbert fris go ttarttsat a ngéill dhó. Do bertsomh do Mac Uilliam. Ro sai Ua Domhnaill ina fhritheing iar ffágbhail na criche fo aittitin ⁊ umhla do Mac Uilliam ⁊ fosrágaibh Rudraighe Ó Domhnuill (a derbhrathair badhdhéin ⁊ rioghdamhna Ceneoil cConuill) na fhochair dia nertadh i nagaidh a namhatt go slogh mór dia miledhaibh traighthech ⁊ dia amhsoibh tuarustail imaroen ris. Ba foirmteach tra Teaboid na Long fri Mac Uilliam imon fflaithes ⁊ dana beós nirbhó sainshercach im Ó nDomhnoill dia oirdnedh fora belaibh. Nirbho lugha immorro mioscais Uí Chonchobair Sliccigh im Chenel cConoill ⁊ im Mac Uilliam conad aire sin ro ghabh ailghes ⁊ occobar iat dibh linaibh im aithe a nanfaladh ⁊ a neccrattais for Mac Uilliam ⁊ for Cenel Conuill sainredh. Basedh do ronsat i ngaruair iar nimthecht Uí Dhomhnaill slogh mor do Ghallaibh ⁊ do Ghoeidhelaibh do theglomadh ⁊ saigidh for Mhac Uilliam co rostoifnisiott asan tír cona mhileadhaibh uair ni forroelangair an foirlion baoi ina aghaidh ⁊ ó ro thriallsomh cona ógaibh fágbhail an tíre do iomaighett  37a rempa cethra ⁊ innile na criche cona naitreabhthachaibh tar Muaidh Ua n Amhalgaidh ⁊ tre Thír Fhiachrach Mhuaidhe co rangatar Sliabh Gamh ria nadaigh. Gabhaitt occ asccnamh an tsléibhi fott na hoidhche.

 p.144

[76]  Iomthusa an airrigh Coneus Cliofort o focherdsomh Ó Conchobair ⁊ an slogh atrubhrumar do thofann Meic Uilliam asa thir ro thochuir chuige an lion as lia forcoemhnaccair do shochraide. Donangatrar ann an da Iarla batar isin ccoigedh Iarla Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain ⁊ Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxanaigh m Uillicc na cCeann ⁊ a macsaidhe Riocard Barún Dúin Coillin, ⁊ Murchad m Murchada m Diarmada Uí Briain Barún Innsi Uí Chuinn iaitsidhe uile cona sochraitte. O do riachtatar co hairm a mboi an goibernoir doieghat uile for cind Meic Uilliam cona óccaibh an conair na coemnacctar do sheachmall ⁊ in robad deimin lais i foghbhail chuga edhón gusan ccaistiall fil for abhoinn mhoir fri Sliabh Gamh anoir ⁊ Sliabh da Én aniar Cuil Maoile a ainmsidhe. Ba conair choitcheann ⁊ ba sétt suaithnidh an mennot hisin. Baoi an goibhernóir isin caistiall an adhaigh sin ⁊ slogh mór do ghleire laoch armtha eidighthi narbo lugha olttatt coig céd décc a lion i foichill forsna Gaoidhealaibh. Atcoas do Mac Uilliam ⁊ do Rudhraige Ó Dhomhnoill an goibernoir do thocht rempo forsan slighidh naro fhedsat diomghabhail. As fair deisidh leo ó rangattar ria mattuin tar muinchinn an mhaighshlebhe atrubhromor saigidh gusan abhainn foa nerchomhair a ngarfhoccus don chaistiall ⁊ a ccethra ⁊ a ninnile a ngiollanradh ⁊ a nglaslaith ⁊ an drong bá diairm aca do léccad uatha i sligidh ba hinnille inás edh imchian ón ccaistiall. O ro batarsomh uathadh daoine a naithfhegadh na nallmharach niró shaighset forra acht dol tarsan abhainn gan rathugadh dóibh amail naro shaoilset ⁊ basedh doruimnet co ndernsat innillios ⁊ iomshnadadh dia ccrodh ⁊ cethroibh ⁊ giollanraidh o ro ghabsat feisin a ccomfhochraibh an chaisteoil for belaibh an tsloigh echtronn ionn us gomadh iatt on foibérta tar cenn a muinntire. Ni hedh do rala dhóibhsiomh éimh an ní ba menmarc leó acht do chótorsomh tarsan abhainn go mbatar don tóibh araill  p.146 gan ráthugadh gan fhorchloistecht. Ba isin tan sin atracht an goibernoir cona allmharachaibh asa suan la sestan ⁊ seiseilbe an tsloigh acc dol tarsan abhainn.  37b Ba méla mór lasan goibhernóir a ndul seice resiú tarraidh greim forro. La sodhain atchualator buiredhbeicedh na mbó ⁊ na ndamh ⁊ allghlor na nanm ann néicciallach ag coimhfhreccra a chéle ⁊ fogharnuall oesa a niomána ⁊ a naegairedh allanair diobh isin dedhóil muich. Doleiccet a marcshlógh na ndrongaibh ⁊ ina ndiormaibh fo chomghair na cceathra dus an ttairsitís. Dusnairthet on dírímh dona hinnilibh ⁊ atrulat as aroile dibh. Gonait drong mór dona gillibh ⁊ does na hiomanu. Niro fhedsatt a slogh feisin a nedrain nach a nanacal la hanforlonn ⁊ iomat an tsloigh do rala fora nionchaibh. Tieghait na Gaeidhil ass samhlaidh co rangatar tar san Éirne badthuaidh ⁊ niro lensat na Goill ar ndol táirsibh doibh an céttna fecht amail ro aisneissiom. Soais an goibernoir ina fhritheing ⁊ nirbho slán lais a menma ótrulatar a namhait aire ierna bfaghbáil in uathadh ⁊ ier ngabháil forro i náit niomchumhaing amail rongab. An 29. Juni do rala ind sin.

[77]  Donanuic tra Justis nua i nÉrind i tosach mís medhóin an tsamhraidh doshunnradh .i. Lord Borough Tomás a ainm. Batar iomdha iolardha an ógbadh iorghaile ⁊ an fianlach tachair ⁊ troda do bert lais ina chaoimthecht. O do riacht ro gabh orlaimh cloidhim an Rígh chuga ⁊ ro cumhscaighedh lais Sir Uilliam Russel baoi ina Justis fri ré theora mbliadan gósin. Do benadh lais bheós generalacht an chogaidh do Sir Seon Noruis ⁊ ro oirdn é baddein isna céimibh sin. Ro forchongradh lásan Justis sin for ghoibernoir choiccidh Olnécmacht tocht co lionmar léirthionoilte for Cenel cConaill isin cend thiar do choiccedh Conchobair daithe anfaladh ⁊ eccraitis  p.148 Gall forra. Niruo héislisech ro freastladh an forchongra sin lásan ngoibhernóir ⁊ robad slaindiodhnadh mór lia mhenmuin día ttisedh de a ainchride ⁊ a innire do dhiogail for Chenél Conuill Gulban m Neill seach cách. Ro tarcclomadh ⁊ ro tionoiledh lais in roba riarach dhó do Gallaibh ⁊ do Ghoidelaibh an choiccidh ⁊ ro dháil ina ndochom go mainistir na Búille an 3. la do August. Do riacht cédamus isin toichestal sin Iarla Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain. Asé ba tigerna for gairbhfheronn Luighdech Mend m Oenghusa Tírigh fil frisan Luimneach atuaidh ar sé an Lugaidh hishin ro ben an mbloidh thire atrúbhromor do choigedh Olnéccmhacht goro threabhsat a shiol ina dheadhaidh. Donanuicsidhe go ttionol na Tuadhmuman ima  38a roén ris. Tainicc Iarla Cloinne Riocaird isin toichestal chédna co leirthionol a thire ina fhochair ⁊ cona mhac Riocard mhac Uillicc m Riocaird Saxanaigh do shliocht Uilliam Conquerer. Do Fhrancaibh iar mbunadhus ⁊ a criochaibh Saxan do dheochator a cenel an dú sin conad uaidibh ainmnighther an feronn. Tanaicc dana Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn cona shochraide. O Conchobair Sligigh Donnchad mac Cathail Óig m Taidhg m Cathail Óig ⁊ Ó Conchobair Ruadh Aodh m Toirrdealbaigh Ruaid co llion a muintire immaille friú. Ro fhaoidh immorro an Justis drong dia shochraide go Gaillimh go ttardataois gonnadha móra dia saighidh gusan Samhaoir.

[78]  Iar tteglamadh an tsloigh co háit naonbaile go mbatar hi mainistir na Seghsa da bhanna ar fhichit do mhiledhaibh traighthech ⁊ deich mbanna marcshloigh do ghlere glanshloigh cona ccotúnaibh comdaingne cruaidhiaroinn ⁊ cona semonnlaighnibh siothfhoda slinnlethna ⁊ go ngunnadaibh gutharda gérradharcacha ⁊ co cclaidhmibh caoilghera cottaidrighne cona niomdornaibh aille iomdhlúithe ⁊ co ccathbharraibh cíorchroma coccuasta gurbó lanshaoilechtain leó na baoi acmuing a bfreastail hi cóiccedh Conchobair m Nesa la hallmhardhacht ⁊ ainetarghnaidhe a nairm a néittidh ⁊ a ninnill uair ni rabhatar trealmha diobhraicthi lásna Gaoidelaibh an tan sin acht madh beg ⁊  p.150 nibtar éitighthe foa niontsamailsiomh. Do asgnáttar iaromh na sloigh sin go Sligech ⁊ asaidhe co hÉirne. Gabhait longphort an adaigh sin ós ur Samhaire. Ba fair deisedh leó isin muichdhedhoil ara bharach ionnsoigidh na habhann foa nerchomhair gerbho deimin leó na baoi aon áth ó Chaoluiscce go hEss Ruaidh gan iomchoimhet ó Ua nDomhnoill fair. Ó ro chinnset foran ccomhairle hisin ro chéimnighsiot co hÁth Cúil Uain an tsainredh ina ttuintibh troma toirtemhla gurro doirtset i naoinfhecht ⁊ i noenfhabhall dia shaigidh. Ro ghabhsat na coimhedai dhe batar an dú sin ag cosnamh an átha friú amail as deach ro fhettsat ceni bátar lion a chosnamha frisan anforlonn do riachtatar chuca. Ba fuilech fobartach ro gabhsat for freastal a namhat gurro lingset an ler sloigh an táth dia naimdheoin forra fo dheóidh. Acht chena do marbhadh ⁊ do baithedh echt mór annsin on tslógh echtaircheneóil .i. Barún Inse  38b Uí Chuinn Murchadh mhac Murchadha m Diarmada m Murchadha Uí Briain uair baoisidhe eitir a muintir ⁊ iomdomain an atha dia nimdheagail for ghuasacht gurro haimsedh go hindilldírech eisidhe do phluicmheall peleir ina oxaill i nurosccladh a eididh pláta gurro threghdustar é on derc ocsaille go aroile ⁊ gero batar a ceathair no a cúig do miltibh fer ina uirthimcheall niro chumaingset a anacal nách a fhoiridhin gurro eidirdeligh fria each hi fudomhain an átha conadh amlaidh s in do rochair an daighfhear. Niro ansat an slógh fri tógbáil a chuirp ina fria adhnacal amail robad dior acht ro asgnator reampa ina réimim go rangatar co Sith nOédha ós ur an essa. Dia Sathairn araoi laithe sechtmhaine ind sin. Ro ghabhsatt longphort an dú sin ⁊ araill díobh isin mainistir mhonach baoi for ur Uinnsinde. Batar amlaidh sin ó ghar biucc ria medhón laoi dia Sathairn go madain an Luain ar ccind.

[79]  Tuirthechta an loingis imrordaighsiom i ttosaigh ro toghairmedh lásan ngoibhernóir ón nGaillimh día shaigidh ro lásat an drong forsro herbait tocht an turus sin a loingeas forsan lionnmuir i nGaillimh fri hiomchor ⁊ iomfhulang a ngunnadh nguthard nadhbhalmhór nainettargnaidh do dhian-  p.152 blodadh ⁊ do dhíoscaoiledh dúintedh ⁊ daingenchaistial a namhat. Ro cuirit intibhsidhe gach ní ba hadhlaic don tslógh archena. Seolait asendadh lamh des fri tuaiscert an choiccidh go rangator gusan Éirne dia Domhnaig sainredh. Ro ghabhsat caladhphort for ionchaibh Insi Saimher ⁊ do chuirset ina mbaoi leó dia niomfhulang citir bíudh ⁊ cormaim ⁊ da gach erndail rangatar a les an ccein no beitís occ iomshuidhe an chaisteóil isin insi dia Luain. Ro tairrngit leó an tordanás mór i tír ⁊ ro shuidighset eneach i nionchaibh don dúnadh baoi for ur Atha Senaigh. Do riachtatar an lucht batar isin mainistir gurro fhosaighset uile for iond Sithe Aodha i nuirthimcheall an ordanais. Gapait iaromh og fraisdiubhrugadh a ccaoirmheall ccomhthrom ⁊ a ttorainnphelér tteintidhe co cclos a bfuamanna ⁊ a bfogharthormán i fod nimchein  39a uaidibh. Ro lásot nuimhir díairmhe do roignibh a loechraidhe fo bhun an baile co ttrealmaibh toghalta muir leó ⁊ go néittedh niomdhaingen niarnaidhe im chorpaibh na ccuradh ⁊ go ccathbarraibh comsholusta ima ccendoibh. Baoi lebhenn lainderdha do chruindsciathaibh coimhlethna cruaidhiaroinn ina niomthacmhang anechtair dia nimdheghail for diobhraicthibh na druinge dichoinnercle deghlaoch do rala isin dúnadh. Batar gan anadh gan ionnuaradh ogan imdhebaid sin co cenn tri la ⁊ theora noidhche Luan Mairt ⁊ Céttaoin. Acht chena nirbo torbha dona hallmharchaibh an fhuabairt do ratsat ⁊ ba ferr dhoibh na digsitis an turus tudhchatar uair ro dailte asan dúnadh forra froischetha caor ttaidleach tteintidhe a gunnadhaibh fosaighthe fírdhírghe ⁊ a musccaetaibh morchostais. Araile do chloichthres carrag cenngarbh ⁊ tromchloch tuinidhe do shailghibh do shonnaibh do rala for taibhlibh an dúnaidh conarbho díon no daingen dóibhsiomh a ccuairsceith coimhrionnta no a ccathbairr coinnleacha corbat mionbrúite mudaighthe i medón a neittedh niarnaidhe dona tréndiubraicthibh tarlaicthi forro. O ro mudaighit na milidh go mór ón mudh sin ni foraolangdar fuireach fria nairleach ni ba siriu.  p.154 Do ratsat a ndromanna fria naimhdibh. Meabaidh maidhm diobh gusna scoraibh. Gabhaitt oes an dunaidh occa ndiubhragadh ina ndedhaidh goro marbhait dirimhe ⁊ cinnteach ar eccinteach diobh. Atrulat as aroile diobh ite beoghonta biothainmeach.

[80]  Basedh do rala dUa Domhnaill beith i teirce slóigh ⁊ i nuathadh sochraide an Satharn donangatar an tromdhamh doiligh diogaltach sin dia thír. Ro chruinnighset ⁊ ro tharccloimset a thoicheastal ria medhon laoi dia Luain ina dochom ar nírbat eisledhaigh dogres im thuidecht fo thoghairmsiumh gach tan no chuingedh cuca toidhecht ina dhail. Dothaot ann cétus Maguidhir .i. Aodh co lion a mhuintire. Do riacht ann dana Ó Ruairc Brian Óg mac Briain m Briain Ballaigh m Eogain cona thionol. O do ruachtatorsomh go hUa nDomhnaill niro leigedh ciúnus nó cumhsanad i llo no i noidhche don ghoibhearnoir nach dia mhuintir. No chuirdís sluagh Uí Dhomhnaill ciomhsa an champa  39b Chonnachtaigh ina cheirtmhedhón ⁊ a lár ina leithimeal ⁊ niro leigedh a nomhan nó a nuiregla dhóibh a neachra no a nairnéis do chor for inghelt tar imealbhord an longphuirt inechtair la haidhble an iomchuimhge a mbátar occa mbiodhbhadaibh. No bíodh iomruagadh ⁊ imdhiubhraccad gach laoi eitir an marcshlogh adiú ⁊ anall fri ré na ttri lá ro bhatar an sluagh Gall occ ionnsoigidh an dúnaidh. Ro gonait ⁊ ro treghdait sochaide etorra sáncn an airet sin acht namá ba móo ro crechtnaighit an sluagh Gall oldát na Goedhil. Ba dona huaislibh ba herdeirc ro gonadh uaidibh an tan sin Ua Conchobair Sligigh Donnchadh mac Cathail Óig. Ro soadh for mharcshlogh na nGall fodheóidh isin treas laithe gusna scoraibh co mbatar mescc ar mhescc frisna traightheachaibh. Scarait iaromh friaroile ⁊ ni tria shainsherc ro scarsat acht uaman aroile dia netarghaire.

[81]  O ro rathaighset na Gaill gaisccedh ⁊ geraitecht na nGoidheal dfs ⁊ dinfhorbhairt tairsibh amail náro shaoilset ba méla mór leo tuidhecht an turus tudhchator trea bfarccaibhsiot  p.156 dia ccuradhaibh imon ccaistiall ⁊ la sluagh Uí Dhomnaill don leith naile ⁊ gabhail forro isin ccúil chumhaing i teacomhnagair i teannta occa nesccairdibh cona baoi ina ccumang soadh for cúlaibh do shaigidh an átha tarsa ttangatar i ttosach ina ionnsoigidh nach átha naile ótha Loch Éirne ingine Buirg gusan muir móir. Ó do riachtatar an sluagh Gall dia scoraibh nírbho sáimh contuilset ⁊ nírbhó menmnach rugsat as an adaigh sin la huamhan ⁊ cridhenbhás Cheneóil cConuill ar ba derb lásna Gallaibh guruó hasa leósomh a noidedh ar énlathair inás a neineach do breith. Gabaid an goibhernoir na hIarladha ⁊ na maithe atrubhramor ag crudh a ccomhairle ó urthosach oidhche dia Cedaoin go muichdhedhoil maidne dia Dardaoin dus cidh doghendais imon nguasacht nanffoil baoi for cind doibh conadh fair deisidh leo fo dheoidh ó ro gle banshoilsi an laoi forro asgnamh fori nionchaib asan maigin i mbatar do mhullach Sithe Aodha dionnsaigid na habhann uas ur Essa Ruaidh i fail narbho conair choitchend do daoinibh riamh gósin acht namá muna digsitis curaidh no trenfhir tairsi hi ttart samhraidh  40a do fhromhadh a neirt ⁊ a niadhachais. Deithbir on ar basedh anmuim an ionaidh sin ro ionnsaighset forsan abhainn Cassán na cCuradh. Ro bhaoi dana nert mór oga ngresachtsomh chuga don chur soin .i. eigen ⁊ uaman gurro doirtset i naoinfhecht ina naonbroin dluith deinmnedaigh gusan abhainn foa nerchomair. Duthraiccset an drong ba tóisencha ⁊ ba déidhencha dhiobh go mbadh i neitirmhedhón an tsloigh no suidighthe iad araba uathbhais ⁊ ainetarghnaidhe na habhann fora cciund ⁊ ar imegla ⁊ cridhenbhás a namhat dia ttograim ina ndiúidh. Ro fhagaibhset a ngunnadha móra ⁊ a nordanás ⁊ gach ní baoi leo naro chumhaingset diomochor eitir biudh ⁊ digh ⁊ gach naidhilge archena. Do bertsat iaromh a nuchtbhruinne foran sligidh nagairbh nannaimh nainmeinic sin ⁊ ro baoi do threisi ⁊ do thrennert hi sruth na senabhann (amail roba bés di) ⁊ dainetargnaidhe na druimleice duibhshleimhne  p.158 mar chonair coitchinn do thromshlógh ⁊ dana deneirte ⁊ do adhlaige na nGall desbaidh airberta bith gurro baidhit ile dia fferaibh dia mnáibh dia neachaib ⁊ dia ccaiplibh go rucc trethan an tsrotha i fudhomhain Eassa Ruaidh iatt ⁊ aisidhe siar gusan muir móir.

[82]  O ro rathaighset lucht an dúnaidh an sluagh ag elúdh samhlaidh gabhaitt occá ndiobhraccadh amail as deine conrangatar. Ro freccradh iaidsidein ón foirinn do rala i rémthus ⁊ ranuic gusan mbruach alltarach. Ro ghabsat occ deabaidh tar cenn na druinge roba dedhencha co cclos a fuamanna ⁊ a ffogharthorman ⁊ a mac alla fóna criochaibh comfhoiccsiu co mba samalta leo corbo he toirneach ⁊ trethan na ndúl nemhaicsidhe atchualator a huachtar aeieóir ⁊ a fírchleithe firmaimenti. An tan tra atchualaidh Ó Domhnaill diubhraicthe na debhtha ⁊ mac alla na hiorghaile atracht asa phupull fochétóir ⁊ atrachtsat an sluagh archena. Tieghait ina ttrelmhaibh troda co tinnesnach ⁊ docoislet ass dochum  40b na habhann do tharrachtain na nGall amail as déiniu ronuccsat dia alaile. Ní tháirsiot greim forro go mbátar forsan mbruach araill don abhainn. Ro gonaitt ro baidhit iliomat do dheiredh an tslóigh ⁊ ni derghensat acht brigh mbicc de ó do érnátar a nuasail ⁊ a nairigh a ttoisigh iomghona ⁊ a lucht céimenn ⁊ cadhusa. Robtar buidigh iai tsidhe do breith a nanmonn ó dhiubhraicthibh dirghe domhainchréchtnaighthe lochtta an dúnaidh ⁊ tarsan sruth ndermháir ndífhreccra tarna tudhchatar trenfhir gan tuisledh gan tiughdhail riamh remposomh.

[83]  Do thaót dina Ó Domhnaill ina lenmain darsan abhainn acht namá niba sain conair docengat. O do dheachaidh an goibhernoir cona shlógh tar Eirne samlaidh focherd a mhuintir ind inneall ⁊ i norducchadh. Do ratt a dhaimh ⁊ a groidhe infhedhna fén ⁊ cartadh (batar lasan slogh diomfhulang a lóin ⁊ a naidhilge archena) a ngiollanradh ⁊ a noés diairm ⁊ gach aen no gonta dhíobh etorra ⁊ moir. Baoi feisin cona díormaibh  p.160 daghshlóigh cona amhsaibh ⁊ cona ógbaidh don taoibh araill ⁊ ro la a oes diubraicthe fora mbélaibh dursclaighe ⁊ diomchosnamh dar cenn a nuasal ⁊ a naireach cona héta a ttacmhang na a ttimchealladh ara fheabhus ro suidighit. Ara aoi sin ro fhersat muinter Uí Domhnoill deabaidh diochra friu goro gonta ile etorra desiú ⁊ anall ⁊ go ffarccaibhthe eich ⁊ daoine an lá hisin. Gabaitt na Gaill an tucht sin lámh des frisan muir. Ferthar glés fleochaid forra iertain ⁊ ba hainaicenta a med. Ro foirghitt na fiora desidhe gorbo hinbfechtain don loechraidh a nairm diomluadh la haidble an fhleachaidh. Ba moamh ro laisidhe for mhuintir Uí Domhnaill oldás forsna Gallaibh iarna ndiétgadh uair ro fhagaibhsiot a fforbhrata a nasana ionnfotta ⁊ a niallchranna ⁊ aroile dia nétgadh la tinnenus ⁊ la trice na tograma do tharrachtain na nGall. Batar an di shochraide foran apairt sin occan imdheabaidh ro raidhsemor ⁊ occ téttarrochtain boeghail aroile go riachtatar tar Drobhaois tar Duibh ⁊  41a go Magh cCéitne. O robtar sccithigh muinter Uí Dhomhnaill don tograim iompáit ina bfritheing ⁊ atrulat na Goill dia ttighibh fo mhéla ⁊ aithis. Acht chena robtar subhaigh forbfaoilidh araba a neludha asna gaibthibh i mbatar ⁊ ní dernsat acht brigh mbicc dia ffargaibhsiot o do érnatar feisin. Nirbhó samhlaidh dUa Dhomhnaill niro fholartnaigh dhósomh a mmelachtnugadh gan slan a mhemnan dfhaghbhail forra ⁊ ro ghabh occ mairgnech ⁊ occ mifir co mor ima tternúdh uadh an tucht sin. Bátar hi Sliccech an adaigh sin. Basedh a ccetna huidhe ara bharach dadaigh i Mainistir na Búille ⁊ an tres oidhche hi tuaith Atha Liacc. Hi fel eitsechta na hí naomh Maire ⁊ hi coicc decc August araoi laithe mhís gréine atrulatar an sluagh sin dar Samhaoir.

[84]  O do rionntáiset na maithe sin dibh lionaibh dia ttighiph nírbho suanach sádhal ro thochaith Aodh Ruadh Ua Domhnaill cona shochraide i mbuí rempa don fhoghmhar sin uair gach  p.162 tan no thómhaithedh eigendáil nó anfforlonn o Ghallaibh for Ua Néill (Aodh m Firdorcha) nó fhaoidedh litri ⁊ techta co hUa nDomhnaill déccaoine a éttualaing fris dia áil ⁊ dia athchuingidh im thocht dia chobair ⁊ dia chomfhurtachtt an tan ná faghbhadais Gaill a bhaoghal badhdein ⁊ na leigedh a noman dóibh bith occ forran fair. Ba doiligh dichumhaing do nach naon naile na hastara eitirchiana na sluaighthi siublacha ⁊ na deabhtha duilghe no fhreastladh hi coiccedh nAilella ina thír badhdein ⁊ gach tan nó theigedh i Tír nEoghain hi tóirithin Uí Néill. Nirbho cian baoi Ua Domhnoill i ffos iar nimthecht an ghoibernóra ⁊ na nIarladh amail ro rémhaisneidhsiom an tan tangator techta Uí Néill do shaigidh Uí Dhomhnaill dia aisnéis dhó co mbuí an Justis (Tomas Lord Borough) Iarla Chille Dara (Henri m Geróitt) co sochraide Gall fer Midhe ⁊ Laighen occ tocht co Tír Eóghain ar tharraing ⁊ ar thionchosg Toirrdhelbaigh m Énri na nGárthadh m Felim Ruaidh Uí Néill ⁊ ro fhaoidh  41b chucca tocht co líon a thionóil dia chobhair ⁊ dia nertadh i nagaidh a namhatt ⁊ ro thingheall bheos cecip tan naile do riccfedh Ua Domhnaill a les tocht dia chomhfhurtacht co ttisedhsomh ina thoirithin cen esnadadh gan iomfhuireach. O ro erlegh Ua Domhnaill na litre ro fhorchongair fora thoichestal tionol as gach aird ina dochom fochettoir uair nírbhó lainn lais Ua Néll do bith isin éigen i mbuí gan a lá bágha do thabairt leis. Deithbir ón ar niruó coimdigh coro chin dia ccenél araon dias lasar dhile ⁊ lásar thocha aroile oldatt an da Aodh sin batar codhnaigh ⁊ bátar flatha fora cenelaibh an tan sin. Dothoet iaromh Ó Domhnaill i traitte co hairm a mbaoi Ó Néill co ndíorma moir dia mharcshlogh ⁊ dia mhiledhaibh imaroen fris ⁊ aroile diobh ina lenmhain ar niro airis siomh ina nóighe friu la tinnenus ar uaman na nGall do thuidhecht i Tír nEogain cidh riasiú tisedhsom gusan maighin i raibhe Ua Néill.

[85]  Dála an Justis ⁊ na nGall atrubhramor tangatarsidhe co slogh lánmhór líonmar leirthionoilte go Droichet Átha aisidhe  p.164 co Traigh Baile go hArd Mhacha conar ansat co rangatar co hur Abhann Móire. Foghabhat Ua Néill ⁊ Ua Domhnaill cona sloghaibh fora ccind an dú sin. Nirbho sodhaing saigidh foran bfochla leomain ⁊ for an ned ngribhe do rala tul i tul friú. Airisis an Justis cona shlogh ⁊ ro ghabh longphort i ngarfhoccus don abhainn ar ba derbh lais narbo réidh dhó nách dia shlogh asgn ámh fora nagaidh ni badh síre. Ba fuileach faebrach crechtach croilinnteach debthach diubraicthiuch an fiadhugadh fos ruair an Justis cona mhuintir o shlogaibh Uí Néill ⁊ Uí Dhomhnaill ag cosnamh a ccriche ⁊ a ccaomfhorba friú. Nirbho ní an do righensat do chalm a riamh na iaromh occ imdiden a nathardha ara neccraittibh i naithfhégadh an roba díor dhoibh do dénomh dia ffestais an tan sin na huilc iomdha do rala dhóibh cidh iarttain robadh eimilt daisneis an  42a or sa. Acht chena niro léigedh suan na sádhaile codladh na comhnaide ionnsoigidh na anadh dhoibh i lló na i noidhche gan deabaidh ⁊ diaindi ubhragadh forro dogrés ona Góidelaibh gurbo dírimh inro marbhait ⁊ inro mudaighit dia marcshlógh merdha moirmenmnaigh ⁊ dia noccbaidh amnais aindiuid ⁊ dia neachaibh aille allmhardha.

[86]  Aroile laithe i necmaing na ree batar an tucht sin ro ghabh ailghes an Justis do dul for ind na telcha do rala ina chomhfhoccus do midheamhain ⁊ do mhóirdhegadh an tíre ina thimchell ⁊ ba ferr dó na tísedh an toisg tudhchaidh uair do regaimh araill don gasraidh Ghoidelaigh tul hi tul dó isin maighin sin ⁊ fighit iomaireg amhnus aindrenda ⁊ deabaidh dána doiedrána frisan Justis ⁊ fri hIarla Cille Dara ⁊ frisna maithibh do rala ina caoimhthecht gurro marbadh leo aran lathair sin ardmhaor an tslóigh co ndruing mhóir do chaiptínibh ⁊ do dhagdhaoinibh nach ttabhartor a nanmanna i foraithmhet nach hi cuimhne cénmothá inro marbadh dia ndaosccorshlogh. Do marbhadh ann dana derbhrathair mná an Jústis. Ro mudaighedh beos araill do muintir Iarla Chille Dara ⁊ ro gonadh an tIarla feisin. Gidh e an Justis tra ni thérnaisidhe gan crechtnugadh asan iomaireg sin. Meabhaidh maidhm forra  p.166 gusan tenn ⁊ gusan tairisiomh baoi leo gusan ccampa ⁊ munbadh a fhoiccsi doibh baoisidhe ni ragadh sceolanga uaidibh ina mbethaidh chucca. Iarla Chille Dara dana rob éigen dó ceileabradh don Justis fobithin a chrechtnaighthi ⁊ triall dia thigh ⁊ ó do riacht co Droichet Atha atbath isin mbaile sin do neimh ⁊ do thiachair a ghon. Rugadh a chorp dia thaisbenadh da chairdibh co Cill Dara ⁊ ro hadnacht leo e i nothairlighe a shen ⁊ a shinnser go nonoir ⁊ go nairmhittin amail robadh díor. Dála an Iustis ro shai ina fhritheing ara bhárach go ranaig go hArd Macha ⁊ ba for imochor i nárach nó hi carpat baoi a chorp oga thairisibh ⁊ oga shainmuintir an lá sin. Rugadh iarttain co hIubar Cind Tragha ⁊ atbail annsin dia ghonaibh. Iompait an sluagh Gall dia ttigibh fo mhela ⁊ aithis amhlaidh sin. Ro thriallsat Cenel Conaill ⁊ Eóghain  42b soadh dia ndúinibh ⁊ dia mbailtibh bunaidh go subha ⁊ co soimhenmain iarsan ccosgar sin. Tiomnais Ua Domhnaill celeabradh dUa Neill ⁊ rob aidhlescc la cechtar nae dhiobh scaradh friaroile.

[87]  Ba foda lá hUa nDomhnaill batar Goill coigidh nAilella i saimhe gan ammus forro ⁊ forsan lucht ro nenaiscc a ccura friu fodheóidh ⁊ do róine a muinterus frisiomh iarna tregadh a ttosach. Ba dibhsidhe O Conchobira Ruadh (Aedh m Toirrdelbaigh Ruaidh). Ba mioscais la hUa nDomhnaill eisidhe óro ernaidhm a muinterus frisna Gallaibh gerbho cara do feacht riamh. Baoísiomh oga sccrudadh ionnus no oirgfedh a chríoch.Ba duiligh émh eisidhe uair ba hinnill iomdhoraid an mendat i mbui an tÚa Conchobhair hisin ⁊ ba gharfhoccus dó airm i láifedh a innile ⁊ a mhaoine archena ar iomgabail a eccrat mana tiosta gan rathugad fair. Ro thingheall Ó Ruairc dhósomh nachasrelgfedh Ó Domhnaill dia orgain gan rabhadh ⁊ airchisecht úadhasomh dó. As fair desidh la hÚa nDomhnaill a shlogh do theglomad ⁊ dol isin coicced. Do choidh din goro airis fri Glenn nDallain aniairdes Gabaid longphort isuidhiu. Basedh muinbeach do ratt im  p.168 Ó Rúairc dus an oirgfed Ó Conchobhair tairis foidhis techta chuga dia thochuiredh ina dhail gusan longphort ⁊ dia radh ris tocht ina dhochum arabarach gan nach niomfhuirech itir. Ua Ruairc imorro niro shaoilsidhe amhlaidh sin derach an longphuirt dUa Domnaill go ttisadhsomh chuga. Basedh aireag menman arriocht la hUa nDomhnoill iar ccor a thechtadh do thochuiredh Uí Ruairc fosrágaibh a longphort iar midhmhedon laoi ⁊ dusrelcce darsan Sligech badhdes ⁊ niro airis co rainicc go Coirrshliabh na Seghsa. Ro gabh foss biucc hisuidhe gurro thochaithset a miledha araill dia lóintibh ⁊ coro léiccsiot a scís ⁊ arna tieghtais darsan sliabh badhdhes la banshoilsi an laoi. Oro fhortamhlaigh dorchata tosaigh na hoidche frisi mbatar occ furnaide for soilsi an laoí docoislet as tarsan sliabh tar Seghais tar Muigh Luirg an Dagdha ⁊ dar muinchind Muighe hAoí ria matain. Do relccet sccaoiledh  43a día sceimhiultoibh sin dedhóil fo dithreabhaibh ⁊ deirritibh na criche cona fargaibhset míl ninnile ó Ath Slisen co Badgna. Iompait iaromh ina ffritheing co ccosgar ⁊ go ngabhalaibh i omdhaibh amail fa bés doibh. Ba hadhnar la hUa Ruairc dcnomh na hoirgne gan rathugad ndó. Ní bo lugha ba méla ⁊ ba haithis lasan Goibhernóir Ser Coneus Cliofort orgain na criche ro baoi foa mamus gan cathugadh dara cend gemadh i a oided robad erdhalta lais ⁊ duthragair dul i ndedhaidh Ui Domnaill dia relgedh a nomhan do. O rainicc O Domhnaill cona shlogh dia ttigib batar a ffos i subaighe ⁊ i saimhe fri ré an ghaimridh og coistecht fri coigedh Meadhbha. Niro cloathar nach gniomh nairderc etorra an airet sin acht namá ro nenaisc Ó Ruairc a charatrad frisan airrigh remraite Sir Coneus tria bithin na hoirgne atrubhramar ⁊ la hett ⁊ iomfhormat fria brathair feisin Tadhg Úa Ruairc ar nirvo reidh eatorra dib linaib im roinn a fforba ⁊ a ccriche gerbtar clann enathar.

 p.170

8. An Seachtmhadh Bliadhain

[88]  in marg. 1598. an 7 bliadain. Basi aimser inro ernaidhm Ó Ruairc a chor frisan Goibernoir i forbha Ianuari .1598. Nirvo fóilidh Ó Domhnaill do chloistecht an sceóil uair ba lucht cotaigh an cenél dia mbui Úa Ruairc da shinnseraibh o chein mhair ⁊ ba brathair dho eisiomh feisin conadh arna fathaibh sin narbhó menmarc lais ammus fair no inreadh a chriche amail chach ⁊ ro fhittir comba héiccen eisidhe mana soadh for culaibh hi combáigh na nGoidel uair ro heitirdeal ighthe a chotachsom fri gach naon ro naidhmedh a charatradh frisna Gallaibh. Ro ghabhustoir oga ail ⁊ oga etarghuidhe co hinchleithe an cettna fecht im shoadh ina fhritheing og tomaithemh ⁊ og bubthadh fair an fecht naile dia nanadh airm i mbui. Gabais O Ruairc occ coisteacht fris co hurthosach samraidh. Ro imeglaigh ainnsidhe inredh a thire otchonnairc narbot treisi na Goill olttat na Goidil ⁊ asedh do róine techt fo ghairm Uí Domhnaill ⁊ inro ataigh fris do denamh ⁊ do bert a oighriar ndo amail ro chuinnigh fair.

[89]   43b Tuirthechta Uí Néill setal naile: batar dírimhe a dheabhtha ⁊ a dunoirgne frisna Danaraibh gurro ortustoir iliomat dia namhsaibh ⁊ dia ttoiseachaibh iomghona. Ro innir na túatha batar oga tturgnam ⁊ foa mamus coro chriathrastair na criocha frisan mBofhinn atúaidh go Traigh mBaile genmothat na duine ⁊ na daingenchaisteoil hi ttartsat a laechradh ⁊ a laith gaile i fforbhaise for Chenel nEoghain ⁊ forsna hAirgialla do rala fria ttoebh. Ni dia ndichleith eimh na dia nerdhibhadh na tartsom na comramha hisin for aird comramha ⁊ gniomradha na nGaoidel archena ⁊ ni fordal na iomroll ro baoi forn ima fforaithmet acht ardhaigh na bad édaigh frinn a ffithire forcthe fealmacacha a nollamhain ⁊ a nanshruith beos ⁊ na hepertais corbo huaill ⁊ imtholta ⁊ maoidh-  p.172 mhighe fotruair duin dul fora mbelaibhsiomh do ríomhthuirem tres ⁊ tochar a ttriath a ttaoisech ⁊ a ttrenmhuireach. Araill ann dna atbertais ba do tharcusal ⁊ do thathaoir a neccsi ro gnithe. Araoi tra aisneidhfeam an mbeg sa dairsccelaibh na hEoganchloinne dar terthugadh a ffiledh .i. cath an Atha Buidhe óro chuidighset Cenel Conuill.

[90]  As imne forcoemnagair eisidhe: do rala port gabhala occ na Gallaibh for Abhainn Moir frisan Macha atuaidh ⁊ ba i nionbaidh síodha ⁊ coenchomraic conrotsad cetus ⁊ ro cumdaighedh an dara fecht lasan Iustis Tomas Lord Buruogh fri foimdin an choccaidh gurbo mur dithoglaidhe daingen criadh ⁊ tuir troda fora thaiblibh imaccuairt forsa mbatar senestri ⁊ forlesa fri diubragadh eistibh. Focerttsat na Gaill tri céd laech do roighnibh a lath ngoile isin port i forbaisi for Cenel nEogain. Ro chuir dina Ó Néill an coimlion cedna fria nucht ar na tistais diondrad na ttuath for nach leith ina ttimcheall. Fecht naile do dheachaid Ó Domhnaill i toirithin Uí Néill oro fhitir an eccendál i mboi. Ro acaoin Úa Néill a imneadh fris fodaigh an phuirt remhraite ⁊ atbert gurbo scith lais buith occa fhorcoimhed do shior amail no biodh dogres.  44a Atbert Ó Domhnaill ba cora co mór ammus do thabairt fair dia thrasccradh ⁊ dia chor dar cend ma conniostais oldas na tuatha do lot ⁊ dinredh asa los ⁊ narbo sodhaing dona curadhaibh bith hi caithfheis chianfhoda. Ro aontaigh Ó Néill frisan aithesg sin. Forcongartsat dib linaib fora muintir fuabairt an phuirt. Do beratt íaromh ammus calma fair amail ro herbadh friú. Ro gonadh ro marbadh drong mhór uaidibh ⁊ ni tarraidhset ní dhe. Ro delighset fris íaromh ⁊ tiaghait dia ttigibh.

[91]  Baoi Ó Neill ag coistecht friú ierttain coro scaichset a lóinte acht madh beg. Oro airigh iatsomh samhlaidh ro gabh longphort fora mbelaibh etorra ⁊ an Mhacha na tisedh slogh naile dia ffurtacht asin eiccendáil ghabaidh i mbátar, Oro fes don tSenadh ⁊ don Chomhairle a mbeithsiomh gan  p.174 bíadh ⁊ gabhail forra dÚa Néill amail rongabh tarcclaimset slúagh mór do glere gasraidhe Gall co mbatar cóig mile eiter troighthech ⁊ marcach do ógbaidh armtha eidighthe cona ccongaibh techta da gach ni ba toisccidhe. Do rata Henri Beging hi ttóisighecht forra. Rittire airdheirc imtholtanach eisidhe ⁊ ba don tSenadh fadein dó. Iobhar Cinn Choiche mic Nechtain a dunárus. Oro fhitir Ó Néill íattsomh do thionol faoidhis a thechta do thochuired Uí Dhomhnaill resiu batar fúirithi na Gaill.

[92]  Ticcsidhe co lerthionól a loechraidhe eiter traighthech ⁊ marcach ⁊ araill do choigedh Olneccmocht ina fharradh. Tangatar tra Gaoidil coigid Conchobhair isin toichestal sin co tinnesnach. O robtar fuirithe eallmha na Gaill dusnangatar fochetuair a ccédna huidhe co Droichet Atha. Aissidhe co Traigh Baile Duine Dealgan. Ieromh don Iobhar ⁊ go hArdmhacha. Fosaighit i suidiu co relccset a scís. Fosaighitt na Gaeidil don leith araill i comfhochraibh dhóibh eatorra ⁊ an port remhraite. Gabhait occ friothaire ⁊ occ foichill for aroile ⁊ ag tómaithem ⁊ ag baigh briathar. O roba mithigh  44b lasna Gallaibh fortacht a muintire atraghat i mucha do ló ⁊ gabait oga néittedh dionaraib examhlaibh íarnaidhe ⁊ do chathbarraibh ciomhusarda comhsholusta ⁊ do scíathaibh allmardha díarann imrighin aithleghtha. Ro ghabhsat a slegha slinnlethna semannchruaidhe asendadh ⁊ a mbíála belfhoda blaitheglannacha ⁊ a ccloidhme dirghe défhoebracha ⁊ a lanna lanfhoda lethfhaobhair ⁊ a ngunnadha gutharda granaoibhleacha corbho hinfeachtain dia naithentaibh a netargna mana aithenta íat fora nerlabra lasan leibhenn sciath ⁊ cathbarr ⁊ éittedh ro baoi foraibh dianechtair ag díchleith ⁊ diamlugadh a naighthech ⁊ a neinech ⁊ la hiliomat a narm archena dia ccomfholach.

[93]  Gabhaitt a nairigh chatha ⁊ a ttoeisigh iomghona asa haithle occ suidhiugadh na laechraide ⁊ na lath ngaile ina nionattaibh erdhalta co mbatar a ttroighthigh na ttri lorccaibh druim ar druim i ndedhaidh aroile. Fochertsat a lóinte ⁊ a naidhilge archeno i medhón etorra. Do ronsat eitedha catha dia  p.176 marcshluagh ina sreithbuidhnibh suidighthe dia ndíbh leithibh. Ro lasat ealtadha ána uttmalla día namhsaibh ettroma ⁊ dia naos diobhraicthi allamuigh dia marcachaibh dia nursclaighe ⁊ imdeghail. Nirbo herusa éimh tuidhecht reóthasomh imaroen gosan tuinithe ttairismech i mbatar a ttreóin ⁊ a ttóisigh a ccuingedha catha ⁊ a nairigh iorgaile ⁊ dia ttísta itir nírbhó sodhaing saigidh forsan nett ngribhe ⁊ forsan ffochla leomhuin i mbatar laechradh Lundun la hallmhardhacht ⁊ iongnaithchiu a narm ⁊ a néittidh ⁊ a ninnill ⁊ lá a niolardhacht ⁊ la a naidhbhle fadhesin úair ní thalla for menmain ⁊ nistá i ccuimhne la sruithibh senorda ná la reraigh refhoda cor theglaimset fir Saxan samhail an tsloigh hisin do chath fri Gaoidhelaidh oro innsaighset céttus an insi forro. Ro ghabhsat og mallascnamh na conaire fon ionn us  45a sin a ccomhdháil na nGoeidheal.

[94]  Tiaghaittsidhe ina trealmaibh troda go tinnesnach foa nerchomhair. Ba sain inneall ⁊ éccosg doibsidhe ar nibtar éidighthe na Gaedhil foa nionntsamailsiomh acht madh beg ⁊ robtar diairm i naithfhegadh na nGall acht namá ro bator a ffolartnadh do shlegaibh slinnlethnaibh ⁊ do laighnibh lethanghlasa leo cona ndícheltraibh daingne daghuinsionn inntibh. Ro batar leó cloidhme dirghe defhoebhracha ⁊ tuagha tana taidhleacha fri trasccairt treinfhir. Ni rabhator fhleascca náid ecclonna forro febh baoi for biailibh na nGall. Itíet na haidhme diobhraicthiu do rala leó foghadha fethshnoighthi ⁊ fiodhbaca feidhmnertmara cona saighdibh sruibhgéra ⁊ gunnadha glésoibne do gnas forsna Gallaibh.

[95]  Ro ghabh Ó Néill ⁊ O Domhnaill ag gresachtlaoidedh na ngalgat ⁊ ag maoidhem na miledh ⁊ ag tionchosg na ttreinfher ⁊ asedh atbertsat friú: a deghmhuinter ar síad na huaimnighther sibh ⁊ na gebidh grain ríasna Gallaibh ar allmhardhacht a ninnill ⁊ ar iongnáithchiu a neittidh ⁊ a narm ⁊ la torainnbeicedh a ttrompadh ⁊ a ttapúr ⁊ a ccaismert catha ⁊ ara niomatlionmairecht feisin ar as derbh deimin comad forra bus roén isin lo bagha sa aniú. As de ata linn ón ar atáithisi  p.178 for fíor ⁊ atát an lucht oile for goí oga bhar ccuimriuch i ccarcraibh ⁊ oga bar ndichendadh do ghaitt bar nathardha ndílis foroibh. Ata dna lansaoilechtain linn co neitirglefi an la sa aniu eiter fhíor ⁊ gaoi febh atbert Morann mac Maéin an senárusc airderc 'ni frith ni fuighbhither breithemh bus firiu cathraé 'amail atchlos lind o ar ffiledhaibh ⁊ do rionchoisccsiut dhúin ó chein mháir. Araill ann dna as asa dhaoibh bar nathardha feisin do chosnamh fri hainffine echtaircheineóil oldas athardha neich oile do thiomghaire iarna bar ttofann as bar ttír ndílis fil in bar selbh ó ré .3500. bliadan daoís domhain gusan laithi si aniu.

[96]  Atbertsat na húasail ⁊ na hairigh corbo fíor dona flaithibh ar fhuigheallsat. Ro ghabh greim doibsiomh  45b an dúirghresacht do rónsat forna deighfheraibh uair atrachtatar menmanna na míledh ⁊ aiccenta na nanradh goro lion bruth ⁊ brigh ⁊ ailges imberta arm Conaill Eoghain Airghialla ⁊ Uibh Eachdach Uladh la haithesgaibh a fflath ⁊ a ffiorchodhnach ⁊ ro thingheallsat doibh na tiubhratais troigh for ccúlaibh ⁊ no foidhemtais a naidedh for aonlathair riasiú robadh raon forra. Fath oile dna ima ro eirigh aiccenta na nóg. Atchoadhatar doibh coro thiorchan naoimhBerchán faidh Dé co ttiobartha cath an dú sin for Ghallaibh Duiblinne la hOedh Ó Néill ⁊ lasan ccoiced archena uair ro thingheall co ttiocfatais ina thoirithin ⁊ Cenél Conaill sain redh. Ro chroitset na curaidh na heperadh an fáidh naomh goa. Asé ro fhoillsigh doibh cétus remhtherchanta an naoimh aroile fili airderc do shainmhuíntir Uí Domhnoill do rala ina fharrad foran sluaiged fri haireg tuile dhó Ferfesa O Cleirigh a chomhainm. Ro iomchomhaircsidhe cia hainm baoi foran maighin sin. Ro háisnéidedh dhó. Atbertsom gurro thairrngir naoimhBerchan sraoined for Ghallaibh an dú sin ria nAedh Úa Néll amail atrubromar ⁊ gurbo meamhair lais fri re fhoda an tairchetal do roine an firnaomh ⁊ ro ghabh acc gresacht ⁊ occ laoided na  p.180 laechraidhe amail ba du dia ionntsamail co ndebhairt innso:

  1. A ccath an Atha Buidhe
    as lais thuitfit na Danair
    íar ndíthugadh allmhuireach
    bid faoílidh fir o Thoraigh.

[97]  O thairnic dona maithibh a muinter do theccoscc ⁊ do thréinghresacht ro suidighit ierttain ina nionataibh iomairgidhe fo erchomhair na nallmharach ⁊ ro bhui urspraic forra ona flaithibh na rémhthíastais hi comdháil na nGall co ndusficcdis i ffail i mbatar cluidh ⁊ clasacha ⁊ úamhfhochladha talmhan ro chlaidhset an Gaoidelshluagh for ciund na nGall an conair in rob erdhalta leó a ngabhail. O ro chomhfhoiccsighset na Goill doib ro seindit a stuic ⁊ a nadharca ⁊ a ccaismerta catha gurbho hadbar adhuatha ⁊ urgraine daradaibh anffanna anárrochta ⁊ do aos oirmeta anaichnidh coisteacht fri caismertaibh  46a na ccath nechtrann. O do rúachtatar an sluagh Gall darsan ccedna lethanchlais lándomain ro claided fora ccind atraghat Gaoidil ina nagaid ⁊ ro chomhghairset dhoibh go dighair dásachtoch. Rob eiccen dia ttosach anmhain re hiomghuin ⁊ oirisiomh re himdhiobhragadh. Ro ferait froischetha fogadh nionnchaol nuirettrom doibh ⁊ saighet sruibgher ⁊ ubhaillmheall luaidhe. Gabhaitt na Goill occa ndiubhraccadsomh fon ccumma ccétna a coelghunnadhaibh certa cobsaidhe ⁊ a muscaéitibh moralaidh go ccloss a ffúamanna ⁊ a bfogharthormán i fedhaib ⁊ i fáscoilltibh i coccuasaibh carrac ⁊ hi cumhdaighthibh cloch na ccrioch ccomfhogus. Ro gonait ro crechtnaighit dirímhe don tsluagh cechtarda lasna coimdiubraicthibh acht nama ba sia amh ro soichtis diubraicthiu na nGall. Ba hedh airmimbert do ronsat na Goidil desidhe ro heisreidhit imna Gallaibh imaccuairt ⁊ ro iadhsat ina niomthacmhang ⁊ ro dhluthaighset a ndeabaidh frisna Danaroibh coro lásat na heitedha catha ro bui forra dianechtair ⁊ an toes diobraicthi ⁊ an óccbadh imechtrach inntibh ar medón coro  p.182 foirrghit na Goill deisidhe ⁊ do diobhraicthibh na nGaoidel lá dlus ⁊ doscoilte an daingin tsámhuighthi i tardsat a ttóisigh troda ⁊ a nairigh iomairg íad. Rongab ferg ⁊ lonnus an laechraidh for gach leith íar ccomoirt iar cciorrbadh ⁊ iar ccrechtnugadh a ccarat ⁊ a ccoigledh ⁊ naosa ionmhaine fora nionchaibh. Batar athaidh fhoda ⁊ re imchien foran abairt sin oc iomrubadh ⁊ occ airlech aroile gurro tanaigedh tiugh ⁊ tuinighthi an tsloigh Ghall ⁊ gurro hoirbernadh a nairigh ⁊ a nuasail.

[98]  Oro dheonaigh an Fiadha forordha ⁊ an Coimdhe cumhachtach cosgar ⁊ cathbhúaidh an laoi sin dona Gaoidelaibh ro chedaigh do laech sainredach dona Gallaibh íer ccaithemh a mbui do phúdar lais dul gusan mbairille ba coimhnesa dhó dona bairillibh pudair batar for imochor aca i neitermhedhón an tsloigh do fhorlionadh a bulgphócóide doridhisi ⁊ an tan  46b ro righ a láimh gusan púdar ro ling mindrithle narba mór asan maisde baoi for adhannadh lais isin mbairille ⁊ aissidhe in gach bairille co aroile gurro togbait i nionaibh ⁊ i nellaibh aeieoir etarbhuas in roba comfhoccus don ionadh i ttarrusair eiter ógbaidh ⁊ eachaib airm ⁊ eidedh ⁊ gach ní archena rob adhlaic leo do beith ar an lathair sin aca. Ro cumscaigedh dna an gonna mor bhaí leo for iomochor asan maigin i mboí gó aroile ionadh la treathan ⁊ la tendaltacht an tiormphúdair ag trenlasadh co niulla nimhe. Baoi beós an tealach ina ttimcheall ina haoinmeall dorcha duibchíach go cenn athaidh íerttain co narbo herusa do neach uaidib aithne do thabairt for fhior dia mhuintir budhdein tar aon dia eccraittibh. Acht chena ro horta generáil an tsloigh Gall ⁊ a ccuingidh catha .i. Henri Beging ⁊ iliomat día núaislibh ⁊ dia naireachaibh imaroén ris. Ro mheabaidh tra forsna Gallaibh lasodhain amail as gnaithbhes don tslogh fria netarscarthar a naireach catha ⁊ a ccenn costadha ⁊ comairle. Gabhait na Gaoidil aga leódh ⁊ occa leadradh oga marbadh ⁊ occa mudughadh na ndeisibh na ttriaraibh na fichtibh na ttriochtaibh na ccuiribh na ccédaibh go rangatar isteach tar na muraibh medhonchaibh i nArdmhacha. Imsáiset a nglaslaith ⁊ a ngiollanradh  p.184 ⁊ ro ghabhsat ag fódhbadh an fhianlaigh atrochairset isin ccath ⁊ oc dichendad na druinge a robtar beoghaoite ann. Batar dírimhe a nédála derradhaibh anaichenta examhla. Airisit Gaoidil og iomshuidhe Ardamacha ind gach áird do chetheoraibh airdibh an bhaile conar leiccset neach inunn no alleth fri re teora noidhche cona laibh. I neacmaing na rée sin ro lasat na Gaill a ttechta do shaigidh na nGaoidel dia chuingidh chuca a chomairléccadh dhoibh derach an phuirt remhepertmar a mbatar a muinter i forbhaisi fri re fhoda ⁊ co nairléiccthi dia lucht iomchoimhéda tocht slán dia saigidhsiomh co hArdmhacha iar bfágbáil  47a an bhaile la hÚa Néill ⁊ a chedugadh dhóibh díb linaibh soadh ina ffritheing a hArdmhacha.

[99]  Do chotar na maithe do chrúdh a ccomhairle imon ccaingen sin. Atbertsat foirend díbh corbo hiomairgidhe a légadh dona Gallaibh imthecht ardaigh fágbhala an phuirt ar ba treimhidsidhe do rala etorra ⁊ ro chuirset an cath. Ro gonta ⁊ ro marbtha iliomat dia muintir ⁊ ba cosccar mór leo a thrasccairt ⁊ a chor dar cend. Do batar aroile dibh oga thairmesccsidhe ⁊ occa rádh narbo coir na Gaill do thelgadh asna hiomchumhgaibh a mbátar ⁊ na fuighbithe i néislis doridhisi dia nernaitis uaidibh an tan sin. Ara aoi sin as fair deisidh lasna maithibh fo dheoidh a légadh úaidibh. Ro naidhmedh ratha etorra disiu ⁊ anall im chomall diaroile acht namá niro cheadaigset Gaoidil nach nerndail bidh archena arm ná órdanás púdar na lúaidhe do légadh la haon asan bport sin cénmóthá a thronc ⁊ a arm do legad lasan ccaiptín bui ann. Fosragaibhset na Gaill lasodhain an port ⁊ do ronadh a ffaosamh ⁊ a ccomairghe go riachtattur co hArdmacha. Lotar Gaill dib linaibh ara bharach a hArdmacha gusan Iobhar ⁊ dia ttigibh asendadh ⁊ ro lásat airdmhes fora slogh dus cia lion do esta forra ó thudhchatar fora ttirus. Basedh a lionsaidhe febh atrimhet a neolaigh dí mhíle ar chóicc cédaibh imá ngeneráil co nocht ccaiptinibh décc imaille fris dúaislibh ⁊ do dhaghdaoinibh. Acht atá ní chena atrulatar drong mhór dibhsidhe gan oidedh do ráith itíett crechtnaighthi ⁊ atrímhet  p.186 día tteasbaidh amail na hí ro horta. An deachmad lá do August i nurthosach foghamair do rattadh an cath isin. Do dheachaidh tra Úa Néill Ua Domhnaill ⁊ na Gaoidil archena dia ttigibh a haithle an chosgair sin ⁊ bá slán lásna maithibh a menma gebtar ile i nesbadha ⁊ níro la i sniomh nach i ndeithitin inro horta úaidibh úair nocha comhain cath fiora amail fil isin derbháruscc.

[100]  Dála Uí Domhnaill baisidhe  47b cona shlogh i ffos coléicc occ leiccen a scísi íarsan ccath sin an Átha Buidhe. Baoí dna dúnadh daingen dithoglaidhe hi ccoiccedh nAilealla isin cCorann doshunnradh Baile an Mótaigh a chomhainmsidhe. Batar Goill dogres fri ré theóra mblíadhan décc i forbhaisi isin dúnadh ishin dus an ttairsitis eill na criche ina comhfhochraibh ass ⁊ niro cuimhgedh a ghabhail forra an airett sin. Rosfuairsett araill dona húaislibh diarbo toich an baile ⁊ na feroinn robtar comhfhoiccsi dhó baoghal an bhaile gurro ghabhsat ar éiccin é forsna Gallaibh. Do Chloinn nDonnchaid an Chorainn na hí lásro gabadh. Cathal Dubh ⁊ Tomaltach Óg da mhac Cathail Mic Donnchaid iaidsidhe ⁊ ba dóib roba ruidhlius araoi ndúthchusa an dúnadh. Roba sníomh adhbal la Goibernóir an choigidh Ser Coneus Cliofort an baile do ghabáil fora mhuintir ⁊ ro ghabh occ aslach Chloinne Donnchaid imon dúnadh do thabairt dhó doridhisi ⁊ do rairrngir comhadha móra dia chind la taobh firdhilsi a forba doibh baddein ⁊ dia siol ina ndeadhaidh. Oro haisnéidedh dÚa Domhnaill indsin ro tarcclomad a shlogh lais i mís September ⁊ niro airis go rainic go Baile an Mótaigh ⁊ ro ghab occ imshuidhe in baile og báigh og bubthadh for Cloinn nDonnchaidh feacht ann mana thabhradais an baile dhó budhdhein seach cách. An feacht noile nó bhíodh oga náil ⁊ oga neadarghuidhe imó thabairt ndó dar cenn lóighe febh no brethaighfidis fein fair conadh fair desidh lasan cCathal ⁊ lasan tTomoltach atrubhramar an baile do thabairt dUa Domhnaill ⁊ dia chenél do shior ar ceithri ched ponnta ⁊ ar tri chéd bó. Óro naidhmsiot  p.188 a ccura cechtar nae amlaidh sin do dheachaid O Domhnaill fochetoir cona shloghaib lais i nIochtar Maineach. Ro creachad ⁊ ro coimhindredh i mboi fo mhámus Ser Teaboitt Diolmhain lais co ttartsat a shlogh leó a ffolartnadh do gach erndail edála archena  48a go Baile an Mhótaigh ⁊ do rat na ceithre chéd ponnta remhepertmor ⁊ na tri chéd bó do Chloinn nDonnchaidh febh ro naisccset fair. Do bert O Dochartaigh Seaan Óg naoi ffichit ponnta don argat sin dUa Domhnaill hi ccongnamh. Do rattadh an baile iaromh dUa Dhomhnoill ⁊ airisis ann iarttain.

[101]  I neacmhaing na ree sin dothoet Mac Uilliam Teaboit mac Uater Chiotaigh do shaigidh Ui Dhomhnaill do chuingidh conganta sochraide fair dia nertadh i nagaidh a eccrat. Ro fhaoidhsiomh dréchta dermára dia mhuintir lais día amhsaibh ⁊ dia oes tuarustail im Ua nDochartaigh Seaan Óg ⁊ im Mac Suibhne mBoghuinech Donnchad mac Maelmuire Mergigh. Do dheachaidh iaramh Mac Uilliam riasan slogh sin go toí tóithenach gan airiugadh gan fhorcloistecht (acht madh beg) tre gach tír tríasa ttudhchatar co riachtatar na hUmhaill ar as ainnsidhe bui crodh ⁊ cethra innile ⁊ áirnéis Rainn Mic Uilliam uile durmhor. Ro leiccedh eisreided ⁊ sgaoiledh da ffednachaibh díghaire diochoiscce ar fhud an tíre ina ttimchell goro theglaimset almha ⁊ airnéis buar ⁊ beochrodh na criche chuca do neoch nát buí for insedhaibh uisccidhe no for oilénaibh mara co mbatar a lordhaothain leó da gach cenel cruidh archena. Gerbhó sodhaing a ttograim ar thruime a ccreachghabhál rangatar gan guin gan gabadh cona nairccthibh ⁊ cona nedálaibh co Tír nAmhalgadha ⁊ Mac Suibhne co Tír Bóghuine ⁊ Úa Dochartaigh co hInis Eogain.

[102]  Ro leth tra an chomhghoil choccaidh fo chrich nErenn ierttain ⁊ ro goiredh Iarla Desmumhan an ionbaidh sin la nert Gaoidel do Shemus mac Tómáis Ruaidh dar terthugadh Gall ⁊ atracht isin ccogadh amail chach. Do Geraltachaibh a shlondadhsaidhe iar mbunadhus íer ngabáil ainmnighthe do  p.190 Geralt sainredh oro cettuismithi a chenél. A criochaibh Saxan do deochatar gusan insi día gabáil amail a cceliu ⁊ ro aittreabhsat hi ccriochaibh Fer Morc fri Sionaind indes. Ro naidhmset a ccaratradh fri macoib Míledh ier ttrioll ⁊ fogníatt dia nairbert bioth ⁊ béstatadh ⁊ bátor lán deinech ⁊ daoideachaire fón iontsamailsiomh. Dusficctís loechradh Londan ar úair gusan insi la forcongra a riogh do fhollamhnacht na ttuath día  48b ccon gbhail fri dligedh co ttarttsat na Geraltuigh atrubhrumor fo dhaoire ⁊ tarcusal amail Ghaoidela. Atraighset na Geraltaigh i ccogadh ina nagaidh fodheoidh. Ro toifnedh la Gallaibh iatsomh asan ccrich ⁊ ro diobhdhait uile doraith acht madh beg. Aen dibsidhe an Semus mac Tomais Ruaidh ro raidhsem ⁊ do ruimensett na tisadhsomh friu aran dinsem ⁊ aran tarcusal i mboi aca ⁊ do ronsatt brigh mbicc de uair ro bui mac na fiorfhlatha i ngiallnus hi cathraigh London .i. Semus mac an Geroitt do rinscain an coccad céttus m Semais m Seaain. Araoi sin do ghni an taoinDia rail don dercain ⁊ breo tealcha don aoibhil ⁊ araile dia samhlaighthibh. Ro thodhiusaigh bheós cenela íarna ndibdad fecht riamh. Imtha samhlaidh nírbo cóir do Gallaibh Duiblinne iongnadh de cia dognethe iarla do Shémus mac Tomais Ruaidh ⁊ cia no thisadh friusomh daithe a eccraitis forra. Tiaghaitt dronga mora chuga for amhsaine ⁊ do chongnamh lais a coigedh Medhba ⁊ a coiccedh Conchobair mic Nessa. Atrachtatar éimh Gaoidil coiccid Gailian isin ccoccadh ón mud ccetna edhón siol Cathaoir Móir mic Felim Firurglais. Batar dirime a ccomramha ⁊ a ccosgair dib linaibh do deabthaibh ⁊ diomarghalaibh for Ghallaibh doirgnibh ⁊ dadhantaibh ⁊ do gabalaibh cruidh ⁊ innile forsna tuathaibh bator foa mamus ⁊ foa smacht robadh eimilt daisneis no do thuirium.

[103]  Iomthusa Uí Dhomhnaill óro scaich lais gleodh gacha caingne ro remaisnedhsium ba hann baoi a airisiom ⁊ a chomnaidhe i mBaile an Mhotaigh. Ba foda lais ro batar Spainnigh gan techt hi toirithin Fer Feine febh ro thingheallsat conadh  p.192 aire sin ro fháidh a thechta don Spáin deccaoine imnidh ⁊ anfforlainn na nGaoidel fris an righ Pilib. Hi mi September i medhon Fochmaini do shunrad ro foidhit na techta. Ro thathamair an ti Pilib resiú do rionntaiset. Ni raibe isin chruinne scél ba móam uair ro leth a adbhchlos fon uile dhoman. Ma ro bui a aithghein dia eis isin mbioth as úadha feisin ro genair. Baoi tra O Domhnaill i foss i mBaile an Motaigh co feil gheine an Choimded ⁊ ó thairnic lais an tsollamain do airmhitniugad amail robad dior ro teglomait a shloigh dia shaigid do dhul isin ccoiccrich ⁊ ó do riachtatar co haonmhaigin foa thoghairm  49a ro asccná co hinchleithi gan airiugad gan urfhogra do rochtain ríam go Cloinn Riocaird (geptar omhnaigh imeglaigh aitreabaigh na criche reimhibh) go rainic gan rabadh gan rathugadh hi crepuscul na maidne muiche co Cill Colgan. Ar rochtain do an dú sin ro sccaoilit a sceimhealta uaidibh da gach leith imon tír ina timcheall tria chertmedhon Cloinne Riocairtt siar go riacht drong dhiobh ind iomfhochraib dOirecht Rémainn ⁊ aroile go Dun Guaire hi Coill O bFiachrach. Do marbadh ⁊ do mudaighedh ile do doichenelchaibh ⁊ do shoichenelchaibh leosoidhe. Itiet robtar airegdha dona soicheneloibh do rochratar ann Toirrdhealbach Buidhe ⁊ Brian da mhac Rosa m Uaithne m Maoileachloinn Uí Lochloinn. Ro marbadh dna lasan tToirdelbach sin occa imchosnamh badhdein aroile do chloind nDomhnaill Galloglach baoi i ffarradh Mic Uilliam foran sloigedh sin Aedh Buidhe Óg mac Aedha Buidhe m Maoilmuire a chomhainmsidhe. Do marbadh bheos la druing oile do mhuintir Uí Dhomhnaill dá mhac Uilliam mic Seaain ó Rinnmíl ⁊ mac Teaboitt mic Dabóg o Dhoire Uí Dhomhnuill ⁊ mac a mhic. Robadh ile fotha broin ⁊ ⁊ basgaire hi Cloinn Riocaird fobith a ttorchratar uaidhibh cenmothat na maithe sin. Erghabthar Mac Hoiberd ó Disert Ceallaigh .i. Uillíam mac Uillicc Ruaidh m Uillicc Oig la Maghnus Óg mac Aedha m Maghnusa derbrathair Uí Domhnaill. Ro leirthionoiledh crodh ⁊ creachairgthe na criche ina ttaintibh troma toirtemla ⁊ edala aidhbhle oile cénmothát la muintir  p.194 Uí Domhnoill gusan maighin a ttarrustair e badhdhein ⁊ gebtar iomdha amhais ⁊ ogbadh Iarla Cloinne Riocaird isin crich ⁊ gerbo duiligh don tir a nainbreatha dfhulang ar dhaigin a nimdidin fora neccraidibh rug Ó Domhnaill cona shlogh na creacha leó gan troid gan tachar go tancatar ina nuidhedhaibh ionmalla imthechta go Baile an Mótaigh. Niro tiomairgedh coibheis na cutromugadh dona creachaibh sin do búar biodhbadh inn aoinfhecht riamh go sin gusan mbaile sin ó conrotacht cédus eisidhe. Tieghait slógh Uí Domhnaill dia ttigibh iarttain.

[104]  An tan tra do rat Bainriogain Saxan dia huidh an choimheirge cogaidh do ronsat Gaoidil ⁊ araill do Fhionnghallaibh Érenn ina hagaidh ⁊ inro hortadh dia huaislibh ⁊ dia hardmaithibh dia hogbaidh ⁊ dia hamhsoibh i ccath  49b an Atha Buidhe ⁊ in gach maigin archena inro mudaigit a muinter sechnón Érenn ro la hi sniomh ⁊ hi toirsi ndermair isidhe conadh fair deisidh le ⁊ la Comairle Saxan Iarle of Essex do chur co hErinn isin mBeltaine ar cind gusan lion ced ⁊ cathbhuidhen ba móamh innisit liubair do thocht i nErinn a Saxaibh riamh go sin. Hi fiorthús Februari ro trialladh indsin .1599. As aire émh ro cindedh leó an tIarla of Essex atrubhramar do fhaoidedh go hErinn tar aon eile dus an bad ferr a chonach catha oldas conach na foirne dusfangatar inte ón mBainriogain fecht ríamh úair ba hesidhe ceim iomarbagha na Saxan ⁊ a rinn agha ⁊ iomaircc ⁊ ba tuairgnidh catha dia phrionnsa in gach maighin i fforcongradh fair dul isin Eoraip.

 p.196

9. An Tochtmhadh Bliadhain, 1599

[105]  in marg.: 1599. an .8. bliadhain. Dála Aodha Ruaidh Uí Domhnaill ba foda laisiomh ro batar a shlóigh occ leccad a scisi fri ré aoínmhíosa namá ara aoi ni fhittir sainredh caidhe an tionad i ragadh uair ni fhargaibhsiomh aird no airchend nait ionata innille hi ccoiccedh nAilella naro innrustair nó na tard geill ⁊ aitiri uaidhibh cenmotha an mbloidh thire frisan Luimnech atuaidh ro tallta don choiccedh ó chein edhón gairbfherann Luighdheach Meinn m Aenghusa Tírigh dia ngaror Túadhmuma an tan sa. Gidh isidhe dna ba saigidh ughra ⁊ deabhtha saigidh forna saorchlannaibh rusaitreabh .i. Dál Cais m Conaill Eachluaith m Luighdech Meinn sloinnter o Brian Bhóramha m Coinneittigh aniú Robtar crodha cosnamhacha an ceinel ór chinset. Ba fer cumhaing mair an flaith rosfollanhnaigh úaisdibh i fechtsa .i. Donnchad mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain Iarla Tuadhmhumhan. Ba teann a ghuth ⁊ a gniomh eitir Gallaibh Duiblinne ⁊ gerbhat mora mifholta an cheiniuil dia mbui fri slogaibh Saxan ⁊ é baddeisin do Ghaoidelaibh asé aoinfhear ba ferrdha fraoch misgnighe forcao mhnagair i ccrich nErenn og freastal ⁊ fosadhchothugadh an chogaidh fri Gaoidelaiv ar forailemh ⁊ ar forchongra Gall. Ba moide ómh saint ⁊ ailghes Uí Dhomhnaill dinredh a thire na tesmolta hisin. Nírvó sodhaing dósomh an ní sin ar daingininnille a dluithfhiodhbaidhe ⁊ a dithrebh doieolais ⁊ a beilgedh biothfhoda bordchutnag a haindreann ⁊ a himdhoraidh imechtracha archena. Fáth eile bhéos imar  50a dhuiligh a hinredh sidhe gémtais esinille a heochairimle ⁊ a hinmedhoncha la hiomat a loechraidhe ⁊ a lath ngoile ⁊ ar dhiumsaighe ⁊ innógbhail an ti ba forchongarthaidh forra edhon Iarla Tuadhmumhan. Ara aoi sin niro damair dÚa Dhomhnaill gan dul  p.198 dinredh na criche cipsi cruth. Do reglomtha a shlóigh lais co haonmhaighin go Baile an Mhotaigh ar ba heisidhe a dunarus o do ruaichledh leis a féil naomhMari mathar an Choimdedh isin mbliadhain remedeochaidh febh ro aisneidhsem.

[106]  Donangatar tra cettus Cenél Conaill ina toichestal gusan du sin .i. a derbhraithri badhdéin Rudhraighe Maghnus ⁊ Cathbarr cona sochraitte ⁊ Aódh Óg m Aedha Duibh m Aedha Rúaidh m Neill Ghairbh m Toirrdelbaigh an Fhiona: Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaig m Magnusa m Aedha Duibh: Ua Baoighill Tadhg Óg m Taidhg m Toirrdelbaig: O Dochartaigh Insi hEoghain Seaan Óg m Seaain m Felim m Conchobair Charraigh: Mac Suibhne Fanatt Domhnall mhac Toirrdelbaigh m Ruaidhrí m Maoilmhuire ⁊ Mac Suibhne Boghuineach Donnchad mac Maoilmhuire Mheirgigh m Maoilmuire m Néll. Tangatar beos ina thoichestal Maguidhir Aódh mac Conchonnacht m Conchonnacht m Conchonnacht m Briain m Pilib m Tómais ⁊ mac Uí Ruairc Tadhg mac Bríain na Múrthadh m Briain Bhallaigh m Eogain íaidsidhe uile co lion a ttionóil. Tangatar ann din na hi ro hoirdnedh laisiomh i ttigernus a nathardha hi coigedh Meadhba Mac Villíam Burc Teaboitt mac Vater Chiotaigh m Seaain m Oiliverais: Ua Dubhda Thíre Fiachrach Tadhg m Taidhg Riabaig: Mac Donnchaid an Chorainn Rudhraige m Aedha: Mac Donnchaid Tíre hOilealla Muirghes Caoch m Taidhg ⁊ Ua hEghra Riabhach Felim m Conchaisil: ietsomh uile co líon a muintire. Tanaig isin toichestal cetna O Conchobair Rúadh Aodh m Toirrdelbaigh Ruaidh m Taidhg Bhuidhe ⁊ O Ceallaigh Ferdorcha m Ceallaig m Domhnoill ⁊ Mac Diarmada Mhuighe Luirg Conchobar m Taidhg m Eogain ⁊ sochaidhe oile cenmothat somh robad eimhelt daisneis.

[107]  O do riachtatar na maithe sin cona sochraide i naendáil chugasomh go Baile an Mhotaigh ba fair desidh lais slúagh do legadh uadh i Rann Mic Villiam an airet no biadh badhdein  p.200 cona shlógh isin Tuadh  50b mumhain ⁊ ro ordaigh Mac Villíam ⁊ Niall Garbh Ó Domhnaill i cennas úaistibh. A ndálasomh cédummus lotar ina ttuinntibh tromshlóigh on ccenn thoir do Goisdealbhachaibh co hUmhall Cloinne Giobún. Ro ghabhsat for innredh ⁊ arccain a neccrat ⁊ a neimhdheala in gach tír tríasa ttodhchator cona fuairset troid na tachar deabaidh no diobhragadh robadh ní doibh: ar diamtais folaidh lucht an tíre do chor friu día bfestais gurbho híad namá batar ann do deachatar i nutmaille moir menman ⁊ ro bensat ceill día ccosnamh go comnert friú fobhith robadh dóigh leó O Domhnoill do bith ettorra ar medhón: uair ba derbh deimin la a biodhbadhaibh ciambadh sochaidhe doibh i naoinionadh ná bertais a chosgarsomh cembeith acht uathadh ina fhochair la haidhble an adhúatha ⁊ na hurgraine an uiregla ⁊ an iomomhain ro la fora easccairdibh in gach airm i mbatar. Do riacht imorro Mac Villiam ⁊ Niall Garbh cona slógh co hoilén Leathardain ⁊ rosfuabairset an baile go dighair dásachtach ⁊ cia ro trialladh a iomchosnamh co ferdha friú nirbó torbha don lucht ro thriall uair ro lingedh da gach aird ⁊ da gach airchend isin mbaile forra. Ro marbadh ⁊ ro mudaigheadh ocht ffir dhecc do maithibh Cloinne Giobun co ndruing mhoir oile génmothatsomh. Ro creachairgedh an baile leo íerttain.

[108]  Iomthusa Uí Domhnaill ro asgná ina réimim ionmoill imthechta gan seinm stuic gan comhghairm caismert ⁊ ba súaill má ro rathaighedh itir (gerbhó díochumhaing do nach flaith oile tionchosg na ndrongbuidhen ndúr ndorrdha ndiúmsach ndoiedrána batar lais niro clos guth ná glór seiselbhe na sestan úaidib i conair triasa ttudchatar) go rangattor co Cloinn Riocaird. Ni haithrestar a nuidhedha gó sin. Do ghniet airisiomh im thrath nóna ar an Ruaidhbeithigh eitir Cill Colgan ⁊ Ardrathuin. Adannat teinte ⁊ tendála ⁊ ro ghabhsat occ urgnamh a nairberta bith ⁊ oc etromugad a menbholg iarna nastar imchian ⁊ ria ttecht i cend mhórshaothair. Ba  p.202 dethbir gemtar scithigh occa nimfhedain ni badh sia an lucht donangator  51a a hoirer Toraighe íer ttúaiscert ⁊ ó Shrúibh Brain i nInis Eóghain. Ro bhaoi bheos araill do fhion ⁊ cormaim na Spaine occa dhail forsna flathaibh batar isuidhe co ngabsat occ sainól for aroile gan nach nimegla ind imchian óa natharda hi crich a mbiodhbadh. Contuilset iaromh biucc go midhmedhón oidhche.

[109]  Atrachtatar iaromh amail bidh eirghe naoinfhir la forchongra na flatha ⁊ do dheachatar hi cend tseda ⁊ imthechta tre ródaibh raoindirghe na criche go rangatar i muichdedoil na maidne isin cend toir do Choill O fFlannchadha do thriochait chéd Ceneoil fFermhaic i Tuadhmumain. Ro rann Úa Domhnaill a sceimhealta dia legadh uadha asan maighin sin. Do leig drong día mhiledhaibh traighthech im Thadhg Ua Ruairc ⁊ im Mac Suibhne mBóghuinech isteach badhthúaidh i mBoirind Connacht cona elaitis creacha na Tuadhmuman tairis fo dhithrebhaibh na daingenBoirne ⁊ ro dhálustair co heitirmhedón na criche chucca íat. Ro leicc an droing naile don taobh thes isteach co Baile Uí Ógáin na Coille Móire do Thulaigh Uí Dhedhaidh go dorus Baile Uí Griobtha. Imsáiset as sin badthuaidh go Druim Fionnghlaisi go Coradh Fhinde ⁊ go Cill Ingheine Baoith hi ccomdhail Uí Dhomnaill. Ro smachtsomh forna drongaibh sin ro fhaoidh uadh gan inredh na orgain neimidh eccailsi na eladhan cipsi ait a ttochrathar chuca. Dothaot tra Ó Domhnaill badhdein co ttiugh ⁊ co ttóthacht an tsloigh ina fharraidh tria lár Choille O bFlannchadha tre Bealach an Fhiodhfhail go Cill Ingheine Baoith i núachtar Dál cCais ria midhmedhón laoi an seachtmad la décc do mí Fhebhra do shonnradh. Do rattadh chuicce creacha Cheineoil Fermeic uile durmh or on Disert co Gleann Colaimb Cille ⁊ go Tulaigh Cumann ⁊ ó Chluain Soilchernaigh co Léim an Eich. Ni rainicc la Tadhg Ó Ruairc na la Mac Suibhne creacha ⁊ comhaircthe Boirne do thabairt leó i ccend Uí Dhomhnaill an adhaigh sin arna ttiomarccadh ⁊ arna ttiomsugadh doibh la a naidble ⁊ la a niomaittlionmaire.

 p.204

[110]  Do rala dna  51b do Mhaguidhir co ndruing dia mhuintir ina fharraidh dol do chor chuarta isin ccoiccrich. Do reccaim dho fora chinn aroile duine uasal do shaorchlandaibh Dál cCais go rosgon ⁊ ro ghabh ierttain Conchobar Ó Briain a ainmsidhe. Beiris Maguidhir lais é go dúnadh Conchobair buddhéin go hInis Uí Chuinn ⁊ baoí an caistiall for commus Meguidhir ⁊ ro an ind gó arabharach. Ro ghabh Úa Domhnaill longphort in adaigh sin hi cCill Ingheine Baeith ⁊ ba heitirchían essraoite ó aroile ro bhatar teinte ⁊ tendala a shloigh drong diobh i mBoirind Connacht ⁊ drong oile i triochait chéd Ó fFermaic ⁊ araill im Chill Ingine Baoith cenmotha an lucht naile ro batar im Mac Uilliam ⁊ im Niall Gharbh Úa nDomhnaill i nUmhall. O rosfortamhlaigh soilsi an laoí forsna rendaibh aidchidhe atracht Úa Domnaill ⁊ do bert a aghaidh for triochait ched Corcmodruadh go rainicc go Cill Fhionnabhrach. Ro leicc sgaoiledh da sceimhealtaibh badhdhes co hEidhnigh fon mBrentír fFermacaig ⁊ cCorcamaigh go dorus Insi Diomain go Cill Epscoip Lonain go Baile Paidín ⁊ tar a nais soir go Cill Fhionnabhrach do ridhisi airm i mboi O Domhnaill. Tainig Tadhg Ua Ruairc ⁊ Mac Suibhne Boghuineach go ccreachaibh Boirne leó dia shaigid gusan ionadh ccedna. An tan tra atchonnairc Ó Domnaill gach tealach ⁊ gach dinn dia mbuí ina uirthimchell occa niomfholach do chrodh ⁊ do chreachaibh (conarbo leir an talomh treotha ara dhlus ro daingendingit hi cend aroile lasan laechraidh ngruamdha ngnúsdordha batar ina iomthacmhang imaccuairt) asedh ro chinn aige soadh arabharach tria beilghibh biothfhoda baoghlacha na Boirne bennghairbhe. Airisis Úa Domhnaill cona shlogaibh in adaigh sin i cCill Fhionnabrach i mBaile Eoin Gabhann ⁊ hi cCathaoir Beneoin ar ni chaomhnaccatar longphort do ghabhail i naoinionadh ar robtar lionmara a ccreachghabhala cruidh ⁊ cethra broide ⁊ búalmha ⁊ dan bheos rob iomdha tigerna tire  52a ⁊ taoisiuch tuaithe cend céd ⁊ cuire (roba dífhregra brigh ⁊ borrfadh úaill ⁊ ionnógbhail iomtholta ⁊ aindiúmus ⁊ lasar dhuiligh umhla no aidide do thabhairt do nach naón naile) batar foran sloighedh sin.

 p.206

[111]  Dogniatt urgnamh a ffeisi ⁊ a bproinde iarttain ⁊ geibhitt og cnamhchombach for bhuar a mbiodbadh isin ccrich aineoil gan úamhan gan imegla acht amhail bidh ina ttir ndílis badhdein no beitis acht chena ro bhatar dronga sainredhacha i suidhe lásar dhoiligh an mídhiach ⁊ an mhíimbert do bertsat for almhaibh a nesccarat do thabairt forsan ccrudh baoi leo ina naitreibh bhunaidh bhudhdhein. Ro thuilset an slogh ier proindiugadh dhoibh gurbo reil lanshoilsi an laoi arabharach. Diuchtrais Úa Domhnaill asa shúan ⁊ ro ordaigh gan fhuirech na slóigh do asgnamh asin ccrich. Ro ordaigh a ngiollanradh a nglasláith ⁊ a naes diairm i rémhthus na conaire cona ccreachaib ⁊ cona nairccthibh ⁊ cona nédalaibh archena. Ro ching fein co maithibh ⁊ go roighnibh an tromshlóigh ina fharraidh i neitirmedon na conaire céttna i lurg na ndrongbuidhean ro ordaigh lasna creachaibh. Ro forchongair fora amhsaibh fora ógbaidh ⁊ fora aos diubhraicthe airisiomh fo dhiuidh do dheabaid tara cceann dia ttista ina lenmuin. Lotar iaromh i mucha do ló i sedshlighthibh na senBoirne sair go seiselbhe moir ⁊ go monghar nadhbhal. Ba fosaidh ionmall a nimthecht gan cudhnódh gan tinnenus ag iomain a ngroidhe ⁊ a ngabhál uair niro chumhaingset imrim a neach tria chairrgibh cuarchumhga cogúasta corrainghéra na cruadhBhoirne co mbatar a ttraighthech mescc ar mescc frisan marcshlach co rangatar i ccend tséda ⁊ imthechta a Cill Fhionnabhrach do Nuachongbhail don Turlach tria mhainistir Corcomodruadh tria Charcair na cCleirech co riachtatar i ndeoidh laoí gusan tuaith dianad ainm Medhraige anairtuaidh ' frisan mBoirinn ' gusan Rubha do shunradh i niarthar O fFiachrach Aidhne. Gabhait longphort hi suidhiu an adaigh sin. Adhannait teinti ⁊ tendála ⁊ aurgnait a mbíudh ⁊ contuilset a suantairthim  52b cottalta asa haithle co maduin. O rosionshorchaigh an la foran loechraidh atraghatt asa sccoraibh ⁊ gabhaitt occ ascnamh na conaire sairthúaidh ina ndrongaibh ⁊ ina mbuidhnibh for leith gan fhaitches gan uromhan. As aire ro batar na drongbuidhne for leith amhlaidh ar ná ruscumaisgtis a ccreacha fora cheile uair ro shelbaighset an slogh a saindilsi dhoibh ó rangatar tarsan mBoirind sairthuaidh. Niruo heiccen tóisigh conaire  p.208 ináit eolaigh sligedh riasan slógh ó sunn amach ar robadh coir iongnadh de dia mbeith fordol conaire for mhuintir Uí Dhomnaill ótha sin go Baile an Mhótaigh dóigh robtar ile a ccúarta isin ccoiccrich. Lotar arabhárach tri uachtar Cloinne Riocaird ⁊ go dorus Baile Átha an Riogh. N i haithrestar a nimthechta ó sin amach acht nama do rala Mac Uilliam ⁊ Niall Garbh cona ccreachaibh ina ccomhdhail i leithimel Ó Maine ⁊ dothaot cách uaidibh uile dia ttigibh go sédach somhaoinech menmnach moraigentach.

[112]  Baoí aroile file foircthi fíreolach isin Tuadmhumain an tan sin. Ba saoí shenchaidh ⁊ fir dhana eisidhe dollamhnaib an tíre dho Maoílín Óg mac Maoílín m Conchobair Mic Bruaidedha a chomhainm. Dusnáirthetar drong do shlogh Uí Domnaill araill do chrodh an fhiledh a ccuma na ccreach archena. Dothaot an file i ndedhaidh na gabhála co hairm i mbaoi Ó Domhnaill ar ba derbh lais oghaiseag a chruidh do fhaghbail úadha. Gebidh an file og fursannadh a fhesa ⁊ a inntlechta fiadh an fflaith donfairnic fora chinn ⁊ ag aireag tuile ndó ⁊ atbert narbó nár no meabail do Dhál cCais ná do mhuintir na Bainriogan Ua Domhnaill cona shlógh do bhreith na ccreach sin leo gan troid gan tachar gan guin duine oga niomchosnamh úair ro thairngir an naoimhérlamh Colam Cille m Felim co tticcfadh Aódh do Chenel cConaill no dhighéladh for Dháil cCais díosccaoiledh gríanáin Oiligh ⁊ araill dia chlochaibh do breith co Luimneach la Muirchertach Ua mBriain m Toirrdelbaig m Taidhg m Briain Bóraime ⁊ atbert an file gurbo doigh lais gurbo hesiomh an tAodh hisin. Ro ghabh  53a íerttain bloidh don tairrngire co nebert indsa:

  1. Mo dhoire mo doiregan
    mhárus ⁊ mhaireglan
    as mairg a Dhe tólaibh fer
    da bfuil a ndan a mhilleadh.
  2.  p.210
  3. Ar na rgain mo dho ire d il
    ⁊ ar sccaoiledh mhOiligh
    o sin amach go brath binn
    ni ghebhdait Dal cCais Érinn.
  4. É digheolus mhOileach óg
    an tAedh groidheach don gharbhrod
    an corp sleamain clu gan goid
    an foiltleabhar a Fanoid.
  5. Budh é sin an tAedh Enghach
    da ngiallfait tuir na Temrach
    as a fhuigfes monar ngrinn
    oil gach cuicidh in Erinn ⁊ reliqua.

Ba don airchetal adhmolta do righne an Maoilin cédna dÚa Domhnoill an rann sa:

  1. Do baoi a ndán a ndioghail Oiligh
    a Aodh Ruaidh do reac an fáidh
    tocht do shluaigh co hiathMhagh nAdhair
    atuaidh iarthar cabhair cigh.

Do rattadh iaromh óghaiseg a chruidh ⁊ a chethra cona forthormach don fhilidh ⁊ tiomnais ceileabradh dUa Domhnaill ⁊ fagbaidh bendachtoin occa.

[113]  Baoi tra Úa Domhnaill i mBaile an Motaigh i fos gan fecht gan sloigedh o dheiredh Februari go midhmhedhón samhraidh. Rugsat a thechta fair on Spáin i nurthosach Iuni ⁊ long leo a mbaoi arm dí mhile laech do mhanaoísibh moirleabra ⁊ do ghunnadhaibh glesoibne cona nai dhilge ⁊ cona naidhmibh téchta. Ro rannta i ndé ⁊ do rattadh an rann tanuise dÚa Néill amail ba hiomairgidhe ar as déroinn no bhiodh for gach naisccidh dusficcedh día saigidh on Spáin ⁊ basedh roba téchta dhoibh ó ré na sen ar níro dhlighset Cenél cConaill imfhorcraidh ó Chenél nEóghain acht techt ina ttionól an tan budh la Cenél cConaill righe nErenn ⁊ Cenél cConuill do dhul ina ttionól sonh an tan budh la Cenél nEoghain an righe.

 p.212

[114]  Dala an airrigh ro bhaoi frí láimh an tSenaidh for choiccedh Olnécmacht Ser Coneus Cliofort ro gaibsidhe occ baigh ⁊ bupthadh briathar for Úa nDomhnaill iar nindredh na Tuadhmhuman tairis ⁊ ro thingheall  53b tuidheacht gusan Sliccech co ndrongaibh dírimhe do laechraidh Londan lais condusfarccbad O Conchobair Sligigh ind daimhdheóin Uí Dhomhnaill ⁊ nachasrelctis a réim dhosomh ni badh siriu. Deithbir ón úair tainic Ó Conchobair Sligigh a Saxaibh i nerrach na bliadna remhainn ⁊ baoisidhe i ffarraidh Iarla of Essex tainic i nÉirinn im Beltaine na bliadna frecnairce febh ro comhairleigedh lasan mBainriogain ⁊ lásan cComhairle a chor co hEirinn im fheil Brighde amail atrubhramar reamhainn. Otchúalaidh Ó Domhnaill an tomhaithemh ⁊ an tarcusal dothaot fochetoir diorma marcshloigh ó Bhaile an Mótaigh go ranaic gan anadh gan oirisemh co hÁth Senaidh ind aires a shloigh ar daigh a ttionoil chucca gan dichell gan erchoittmedh go mbeith i ffoichill an Ghoibernora Ser Coneus Cliofort ⁊ an tslóigh remraitiu. O thangatár Cenel Conaill gusan Samhaoir airm a mbuí Ó Domhnaill tieghait táirsi i neitirmedhón samhraidh. Gabhaitt ag mallasgnam na conaire tar Drobhaois tar Duibh tar Maigh cCeittne na bFomharach. Ni buí cúdhnódh no tinnenus forra acht beith og tofann for aighibh allta oc áinius ⁊ cluithe condustáirsedh sccéla an tslóigh echtrond. Nirbo cían doibhsiomh samhlaidh an tan atchúas dÚa Dhomhnaill go ttainic Ua Conchobhair go hinchleithe úathadh daoíne go caistíall Cuilmaoile ro bui for eochairimlibh abhann móire edh goirit ó Es Dara sairdhes ⁊ go rug gabhail bhó ó druing do mhuintir Uí Dhomhnaill bator for ferghurt ⁊ for ingheilt seachnón na criche chuga inunn don baile sin. Ni bhaoi eimh dunadh no daingenchaistiall innill dósamh nach fora ccommus badhdein isin crich uile cénmotha an taonchaistiall hisin. Fororchongairt O Domhnaill fora mharcshsluagh gan anadh fria miledhaib traighthech co ristis an caistiall cona tairgedh la hUa cConchobair deroch an dúnaidh résiu ríostais an slogh. La sodhain ro leabhluingseat an marcshluagh fora neachaibh go hutmall anbhsaidh uair ni lamtha urthúasacht a  p.214 bhreithresiomh. Lotar íerom feb ronuccsat día alaile ⁊ gebit occ sporadh ⁊ eachlosgadh a neach go mbatar og an mbaile. Doléiccet  54a an slógh ina ndedhaidh gusan dúnadh. Ba daingen dithoglaidhe an baile buí i suidhiu ⁊ ba hinnill an tionadh a mbuí uair do rala abhann for gach leith dhe ⁊ fiodh coilledh comhdlúta don taob araill don abhainn do regaimh fris atuaidh conadh aire sin narbo sodhaing gabhail forsan tí las budh menmarc fagbhail an dúine. Ara aoi gabaidh O Domhnaill longphort ar belaibh an fhedha ⁊ ro thingheall na fuiccfed an iomshuidhe go mbeith O Conchobair ⁊ Cuilmaoilí ara chommus Dogniett an slogh botha ⁊ belsccatha. Ro hordaighthi lucht feithmhe ⁊ friothaire i noidhchibh ⁊ i láibh imón dunadh for gach leith. Do ronsatsaidhe dumacha críadh ⁊ cloch ⁊ dunchlaidh dímhora etorra ⁊ aos an imthelcthi ⁊ an diubhraicthe asan dunadh. Ro íadhsat samhlaidh for gach taobh dhe. Nó bítis droingdirmann a móra dia marcshlogh fora neachaibh isin fforaire o fhuined na nona co maduin naro elaidhedh Ó Conchobair uaidhibh i taidhe fholaigh na oidhche uair robtar buidig don aoinDia do bert chuca isin iomchumang a mbaoi.

[115]  Ro leth co coitchend fo Éirinn Úa Domhnaill do beith occ iomshuidhe an bhaile for Úa cConchobair. Ótchualaidh Iarla of Essex Ó Conchabair do beith isin airc ⁊ isin éiccen a mbaoi ba tochradh lais a chara ⁊ a chomhrann cogaidh do beith isin ngábadh i raibhe gan a fhurtacht dia ttísadh dhe. Conad aire sin ro fhaoidh a thechta do thoghairm an Goibernora ina dochum go Feraibh Ceall do chrudh a ccomhairle an dú sin cidh doghendais im dhálaibh Ui Chonchobair. Do dheachaidh an Goibernoir fochetoir la forchongra an Iarla dia shaigid ⁊ ro fhodhaimh gaibthi ⁊ guasachta móra ag dul tria Fheraibh Ceall go ranuic bhail a mbaoi an tIarla ⁊ baoi dí oidhche cona láibh ina fhochair occ sgrudadh a ccomhairle. Do rat an tIarla fuilledh sochraide don Ghoibernóir ⁊ ro aithin de an tan tísadh co hAth Luain a mbuí do mhiledhaibh ⁊ damhsaibh ⁊ doés tuarustail fo mhámus bainríogan Saxan hi ccoiged Olnéccmacht ⁊ a mbaoi beos do Gaoidelaibh i numhla ⁊ i naidide dhi ón mudh ccéttna do thionol chuga co haoinionadh ⁊ tocht  p.216 rempa dfhurtacht Uí Chonchobair for Úa nDomhnaill. Ro erb dan fair a fhorchongra for  54b Theabóitt na Long m Risderd an Iarainn m Emainn m Uillicc ⁊ ar Murchad na Maór m Domhnaill an Chogaidh m an Giolla Dhuibh Uí Fhlaithbertaigh ⁊ ar eirghe amach na Gaillmhe an storús do biudh ⁊ da gach naidhilge archena ⁊ an aidhme denmha caisteoil tainic o Shaxaibh go Gaillimh do breith i lloinges lamh des fri hor nErenn sairthuaidh co Sligech. An Goibernoir gusan sluagh atrubhramar do thocht for tír ⁊ Teabóid na Long gusan loinges sin na Gaillmhe do thocht for muir co comhraictis fri aroile i Sligech iar ccabair Uí Chonchobair a Cuilmaoili ⁊ ro smacht din an tIarla for an nGoibernoir gan soadh for ccúlaibh co ndernta lais caistiall comhdhaingen ⁊ cuirt clochaolta og an Sligech robadh cladh coigcriche ⁊ robadh cliath ghabhála fri hUltaibh dogrés. O do bert an Goibernóir laimh imna caingnibh sin do fhorbhadh ro cheileabhair don Iarla ⁊ ímsai ina fhritheing co baile Atha Luain ⁊ ro fhoráil for Theaboitt na Long tocht an turus remraite feibh ro forchongradh fair badhdein.

[116]  Dusficc íerttain co Rus Commain ⁊ ba sniomh adbal ⁊ ba hadhnár lais Ua Conchobair do bheith isin tennta anbfoill i raibhe ⁊ a fhod ro baoi gan toirithin úadha ar ba heisiomh feisin ro aslaigh fair tocht do brath ⁊ do thaiscéladh an tíre ⁊ dfhios scél Uí Dhonhnaill acht chena nírbhó ní lais tocht co heisinnill anfhuirithe día fhurtacht dóigh ro iomomhnaigh cosgar ⁊ cathbhuaidh aindiuidi ⁊ amhainsi an fhir ro baoi fora chind. Ro cuiredh ieromh lasan nGoibernoir tionol ⁊ teglamadh for a mbuí do Ghallaibh ⁊ do Ghaoidelaibh umal don Bhainriogain hi cóiccedh Connacht do neoch ro batar ó Eachtghe co Drobhaois ind amhsaine lé. Itíet na fionnGhaill ⁊ na Gaoidil donangatar i sochraide an Ghoibernóra clann Iarla Chloinne Riocaird .i. Riocard Barún Dúine Coillin ⁊ Tomas cona sochraide Teaboitt Diolmain co lion a thionoil O Conchobair Donn Aodh m Diermada m Cairpre cona thoichestal ⁊ Mac Suibhne na tTúath Maolmuire m Murchaidh Moill m  p.218 Eógain Óig baoi for fogail ⁊ diberg ó Úa nDomhnaill i farraidh an Ghoibernóra. O rangatar an lucht sin uile co  55a Ros Commáin co mbatar slógh dímhór danardha dúrchroidheach comba samalta lasan airrigh Ser Coneus nach baoi acmhang i ffrestail nach a ffregartha do dhaoinibh ag Ua nDomhnaill lotar iaromh a Ros Commain ocht mbratacha fichet co rangatar co Tuillsci. Aissidhe dhoibh go mainistír na Buille ⁊ ro gabsat longphort hi suidhiu. Dala Teaboitt na Long ⁊ Murchaid na Maor ⁊ an loingis remepertmar ro sheolsatsaidhe lamh deas fri hor nErenn febh ro herbadh friú go rangatar i niomdomain an chuain frisan Sligech aníar. Airisit ainnsidhe amail dorionchoisgedh dhoibh co ffestais scela an tsloigh oile ro dhail chuca an dú sin.

[117]  Tuirthechta Uí Domhnoill setal naile ó rainicc laisiomh an suidhiugadh do dhrud ⁊ do dhluthugadh frisan dunadh amail ba menmarc lais gona leicthi neach inonn no ille aca ⁊ na bui conair no esrus elúdha ag Ó cConchobhair asin ccaistíall do fhagaibh Niall Garbh O Domhnaill i tuisighecht an choimheda ⁊ ro thionchoisg é im gach ni ba díor do ⁊ ba sainsherc laisiomh do dhenomh dhó Luidh feisin cona shlogh co Coirrshliabh na Seghsa ⁊ gabais longphort i suidhe ar dháigh na tisadh an sluagh Gall thairis gan rathugadh. Buísiomh isin dunad hisin ón cédna fecht atchualaidh an Goibernóir do beith ag tionól chuga fri ré dá mhios co coig .x. August. Ro intshamlaighestair siomh é budhdhein on mudh sin fri Július Caesar an tan fosragaibh Decius Brutus ind iomshuidhe for chathair na Maisili ⁊ do choidh feisin cona shlogh do thochar frisan dí airrígh ra batar fri láimh Poimp forsan Espain Petrin ⁊ Aiffrin a nanmanna. Robtar subach soforfaoilidh muintir Uí Domhnaill fri reimhes an da mios atrubhramor ro batar isin dúnadh remhráite fri Coirrshliabh na Seghsa atuaidh ⁊ geruho heitirchian úaidibh imfhedain ⁊ tarrudh a lóintedh ni buí nach tesbaidh bidh forra frisin ré sin úair nirbo lugha oldat céd mile céimind imechuirtis araill dia lointibh for groidhibh ⁊ eochaibh a hInis Eogain m Néill a Fanoit Tíre Conuill  55b a  p.220 Goll a hIorgholl a purt Toraighe íer ttúaiscert. Nirbo heiccen laochraidh ná laith ghaile fri gaisccedh inait óicc armtha fri hursclaighe dar cend a mogadh nó a meanbholg acht asedh ba snádadh ⁊ comairce dhóibh gille ⁊ aradha ⁊ daoine diairm ⁊ lucht mighaisgidh ⁊ miodhlachais ⁊ ni lamhtha bein friú la huamhan Uí Dhomnaill arna forbriste a smachtchain.

[118]  O do ríachtatar scéla go hÚa nDomhnaill Teaboit na Long cona loingess do thecht isin ccúan frisín Sligech atúaidh ro fhaoidh araill dia amhsaibh na ffrithagaidh na tistais for tír go mbatar isin port foa nerchomhair eneach i nionchaibh friú. Nísfargaibhsiomh dan fithisi inait conairedha náid easrusa elúdha o Loch Cé frisin Seghais anair go Loch Techet allathiar gan lucht feithmhe ⁊ foraire forra na tísadh an sluagh seacha gan rathugadh cipindus. Atbertsat a thóisigh ⁊ a threabhainn a chonsail ⁊ a chomhairligh archeana ba tesbaidh mór día míledhaibh ⁊ ba tanaitte a ccliathghabhala fri Gallaibh an scaoiledh ⁊ an tesreidedh do ratt fora mhuintir .i. drong mhor dhiobh inn iomshuidhe an chaisteóil a mbui O Conchobair ⁊ araill fri huchtbruinne an loingis imroráidhsiom aroile dhiobh acc coimhett forsna conairibh atchúadhamar. Do ratsomh for dáil mbicc ⁊ for neifni fuighle na núasal ⁊ na naireach ⁊ atbert friú gurbo héiccen indsin ⁊ ro raidh bheos gurbo seinbhriathar o chein mháir nach ar líon óg brister cath acht tri nert an Choimdedh ⁊ secip neach thairisnighes isin Trionoitt asé as cosgrach ⁊ chreides gurab é an taoinDia shoas foran sochaidhe bhíos for gaí ríasan uathadh bios for fíor. As imne atamaoidne inar núathadh for fior andar linn badhdein ⁊ atát Gaill ina sochaide moir for goí ag goid bhar nathardha ⁊ bhar nairbherta bith foraibh ⁊ as usa dhaoibh co mór cathugadh calma seirigh séitrech do denomh tar cenn bar nathardha ⁊ bar nanma an tan ataith ar bar ccomus fadhein ⁊ bar nairm in bar lamhaibh  p.222 na an tan nobharbertha hi carcraibh ⁊ hi cuimrighthibh iar ngoid bar narm foraibh íer ccoimchengal bar mball la cadhladhaibh cruaidhrighnibh cnáibe  56a ⁊ iar mbrisedh ⁊ íer mblaidhrebadh araill dibhsidhe itibh beómharbh íerna bhar ccoimchengal ⁊ arna bhar nacomal for fenaibh ⁊ cartachaibh tria sraidshligthibh chathrach na nGall día bhar ttathaoir ⁊ dia bar ccuidbedh. Bendacht uaimsi foraibh a fhiormhuintir. Tabraid in bhar menmain an duthracht chalma no biadh libh an tan no bértha an midhiach ⁊ an drocháradhain sin foraibh (amail do radadh for ile da bar ccenél) gorab aniu isin lo bágha sa ricthi a leas cathugadh seitriuch do ghniomh do chosnamh bhar saoire daoibh a nirt bar lámh ⁊ a cruas bar ccroidhe an tan ataid bar ccorp ar bar ccomus ⁊ bhar nairm in bhar lamaibh amail na biadh eigin madh íat an sluagh Gall bus cosgrach. Na geibidh grain na imegla ria lionmhaire laochraide Lundon ná ria nallmardhacht a ninnill na a narm acht cuiridh bar ffreiscisi ⁊ bar saoilechtain isin Coimdid forordha. As derbh lemsa dia ttabraidh da bar naoidh a nabruimsi fribh go sraonfithi for Ghallaibh ⁊ combo libh cosgar. Batar na sloigh occ coistecht fri fuighlibh na flatha. Niruó duiligh dna dhoibhsidhe a chluinsin ceni beitis ind iomfhoiccsi ar airde a ghotha ⁊ a erlabra. Ro gheallsat cach i ccoitchinne co ndiongnaitis febh ro fhorchongair ⁊ ro aslaigh forra.

[119]  Iomthusa an airrigh Coneus Clio fort boísidhe fri re sechtmhaine oc fúr ⁊ occ foichill an erthrialla do roine fodheoidh. No bhidsidhe og baig briathar ⁊ og tathaoir ⁊ og tarcusal forsan tuaiscert gach laoi ⁊ oga radh go rachadh día naimhdheoin tarsan slíabh badhthuaidh. Roi bhaoi samhlaidh go fel naomh Muire mathar an Choimdhedh isin cuiged la .x. do August. Ro gheallsomh an la sin sainredh go mbeith i longphort Ui Dhomhnaill ria nadaigh ier maidhm fora muintir. Basedh roba monar do mhuintir Uí Dhomhnaill frisin ré ro baoisionh isin mainistir beith occa ttestugadh badhdhéin ⁊ occa nellmhugadh for cend an chathaigthe ⁊ i nerchomhair na herghaile ro dhálustar dia saigidh. Batar ag glaínniamadh ⁊ ag gles a ngonnadh ag griosghoradh ⁊ ag gríanad a ngran-  p.224 phudair  56b ⁊ ag builglíonadh a pocóidedh ag coimhleghadh a ccaor luaidhe ⁊ a nubhaillmheall niomthrom ag cróinnsmadh a ccraoisech ccruinnremhar ⁊ a ccealtrach catha ag liomhadh a lanchloidhemh lethanfhoda ⁊ a ttuagh ttáidhleach ttaitnemhach ⁊ ag ullmhugadh a nairm ⁊ a neittidh ⁊ a naidhilge catha archena. No bhíodh cleirech condail craibhdheach ⁊ sagart seghainn psailmchedhlach i farraidh Uí Dhomhnaill dogres fri hoiffrenn ⁊ fri hiodbairt ghlanruine cuirp Crist ⁊ a fhola ⁊ ba gnaithbhes dhó tan dusficced for fecht ⁊ for slúaigedh no cecip tan nó tomaithed égendail ghabaidh fair ro aoínedh tredhan ⁊ ro attmadh a thargbhala dia anmcharaitt íar ttain do chíedh a pheactha fiadh Dia ⁊ ro thochaithedh corp Crist asendadh. Ro aslaigh fora shluagh isin aimsir hisin aoín e fhele na hi naomhMairi do throsgadh. Ro celebradh oiffrenn do ara bharach ⁊ don tsluagh archena do neoch baí isin longphort sin ⁊ arroédsomh go maithibh an tsloigh imaille fris corp Crist co nairmhitin mhoir don Choimdhidh Iosa Crist ⁊ dia naomhmathair isa fél do rala ann. O do bertsomh día uídh baigh briathar baronnborb an Goibernora ag tinghealladh tocht dia longphortsomh an adaigh sin ró ataigh Mac na hOighe ro bhuí foa bhruinne ⁊ an Ogh feisin día ro aoín an lá ríamh ima himpidhe foran Athair nemdha ⁊ fora Mac im chendsa chetus dia anmain ⁊ ieromh diamadh edh nó dheonaighfe Dia dhó gombadh fair badh raón go bfarccboithi eisiom i neallach an chatha ⁊ na tísadh for cculaibh coidche acht a díchendadh día námhait siú ro melachtnaighthi amail roba menmarc lásan nGoibernóir. Tieghait an slógh íar neistecht an oifrend dia mbothaibh ⁊ puiplibh do thomailt a ttuara ⁊ a praindi ria ttecht hi ccend morshaethair ⁊ dan batar ocaraigh guirt ier naoine an laoi riamh doibh ar miadamlataidh do naómhMaire. Atraghat asa bpuiplibh co prapurlamh iar bpraindiugadh dhóibh co ffailte moir ⁊ co subha la met na saoilechtan buí leó búaidh ⁊ cosgar do breith fora naimhdibh.

 p.226

[120]   57a Tieghait for reidh an mhuighe do thaisealbadh a sochraide i noenmhaighin. Ro rann Úa Domhnaill a muintir i ndé asa haithle. Ro lá a ghille diana deinmnedacha ⁊ a ogbadh utmall anbfosaid ⁊ a oés diubhraicthi for léith gona ngonnadhaibh gutharda gerradharcacha ⁊ cona ffiodhbhacaibh tailce toinnmhíne ⁊ cona fogadhaibh fuileacha foibrigthe ⁊ gona nuilibh aidhmibh imthelccthi archena. Ro ordaigh tuisich troda ⁊ eccluinn imghona ⁊ tuir congbhala catha imaroén friú go fforsmacht úatha forsna hoccaibh dia ndrud ⁊ dinghe ⁊ dia ndluthugadh i ccenn an chatha cona sraointe forro ⁊ dursclaighe ⁊ diomghuin tara neisi tan ba hanfhuirithi a naidhme diobhraicthi. Do ratta a úasail ⁊ a airigh ⁊ a fhorusocclaigh isin dara leith a chodhnaigh ⁊ a chuingedha ⁊ a threnfhir tairismeacha ⁊ a ttuairgnidhe catha co cclaidhmibh daingne defhaobracha ⁊ go mbíáilibh blathshnoighthi béltana go manaoisibh moirleabhra muirneacha go sleghaibh seimneacha siothfhoda fri fosugadh fedhma ⁊ fri tairisiomh troda ⁊ tachair. Nirbo hionad daighérma nó díainimrime an dú sin conadh aire sin do roine traighthech dia mharcshluagh a mesc a mhiledh. Íar nderoinn a muintire dÓ Dhomhnaill ro fhorchongair forsan dala rann diobh i mbatar an toés diubhraicthe go rémthiegtais gusan slógh nechtrond do thochar friú ⁊ combtis íatt badh airidhi aigh ⁊ iorgaile día nguin ⁊ chrechtnuccadh resiú tíostais tar iomdhoraidh ⁊ aimreidh an tsleibhe ar ba hasaite soadh forro fodheoigh díamtais créchtnaighthe uadhaibhsiomh i ttosaigh ⁊ go mbeithsiom go ttiugh an tsloigh i naires dala foa nerchomhair do chath friú bhail in rob erdhalta lais a ngabháil. No bitis dronga dermhara do mhuintir Uí Dhomhnaill do ló ⁊ dadaigh imaseach oc foraire for ionn an tsleibhe na tiosadh an slogh echtronn tairis gan ráthugadh. Do rala drechta dhiobh an la sin sainredh ann ⁊ batar occ foircsi ⁊ midhemhain na mainistrech úaidhibh ⁊ na foirne batar inne. An tan ba glanruithneach an grian friú occ an bfairccsi atchíat an slogh ag airitin a narm ⁊ occ turgbhail a meirgedh ⁊ a mbratach ⁊ a seinm a ttrompadh ⁊ a ttápúr  57b ⁊ a ccaismert chatha. Ró láiset a scéla do shaigidh Uí Dhomhnoill go debadhach. Íar ccloistecht na sccél sin dÚa Dhomhnaill atbert frisan ffoirinn  p.228 ro ordaigh i rémhthus na conaire co ndianascnaitis remhibh do dheabaid frisan slogh resiu tístais tar moithribh an maighshlebhe. Lotar íaromh amail ro herbadh friú go nairde aignidh ⁊ go menmanraidh miledh la gach naoinfher aca go rangatar for ind an tsléibhe co tinnesnach ríasna Gallaibh. Leiccis O Domnaill ina ndeadhaid co cobhsaidh céimrighin gusan ffianlach ffosaighthe ⁊ gusna treinfheraibh tairisme ro thoghustair ina thimchell go mbatar isin ionadh erdhalta ⁊ isin dú in robadh deimhin leo na Gaill do thochar ina ccenn. Airisit ainnsidhe foa nerchomhair.

[121]  Iomthusa an tslóigh rémhthechtaigh ro ordaigh Úa Domhnaill isin tosaig gabaitt occ asgnámh na conaire hi ccomhdhail na ccath nechtronn co mbatar ucht fri hucht. Oro chomhfhoiccsighset diaroile do relccet na Gaoidil frosa fuileacha foithibh dfhoghadhaibh altchoemha uinnsionn ⁊ saithe saighet sruibghér síaineiteach a fidhbhacaibh foda feidhmneartmara ⁊ casaircheatha ccrunnchaor ccróidherg ⁊ ubhaillmheall luaidhe a gunnadhaibh ceirtdírghe caolradhairc. Frisninnlethar ó ogbaidh na Saxan dia samhlaigthibh fon ccumma cétna do gran aoibleach griosghortha glanlúaidhe a gunnadaibh glésoibne ⁊ a craosmhuscaetaibh cogúasta cíanfhoghracha combtar emhnaigh thi na himthtelcthi etorra desiú ⁊ anall go cclos a ffúamanna ⁊ a ffregartha ⁊ a ffogharthoirneach i ffoithribh ⁊ a ffiodhbadhaibh a ccaistíallaibh a ccumdaigib clochdha na ccríoch cconfhoccus. Ba machtnadh mor na digsiot aes oirmeta ⁊ aradha for dremni ⁊ dásacht la coistecht frisna caismertaibh catha ⁊ fri mac alla ⁊ torman an treindiubraicthe. Ro créchtnaighit curaid ⁊ ro loititt loechrad for dib leithib leo combot lir bomanna egha matan gaimhridh ind ath forsa ttaot diorma ag diainimrim lamha ⁊ leithchind ⁊ laarga na loechraidhe for gach leith na mbruirigh blodhtha ⁊ na conaimhredib combrisde ó chasarnaigh caorshoighnén cceirtleghtha ccrunn 58alúaidhe ⁊ la froischethaibh fogadh flannrúadh foibrighthi ⁊ saighett sruibhfhoda slinnchorránach ⁊ gach airm imtheila ccthe archena. Atbertsat a ttoisigh troda ⁊ a nairigh iomghonfri  p.230 muintir Uí Dhomhnoill gan airisiomh for ionchaibh na nallmharach acht go ttairmchealldais íad for gach toeibh do thochar friú. Lasodain ro iadhsat iompaibh for gach leith amail ro forcongradh forra ⁊ gabhaitt oga ndiubhraccadh ⁊ occ deabaidh friú go deinmnedach dichoinnircil coro láiset a neitedha catha intibh ar medhón la dlús ⁊ deine na deabhtha. Cidh fil ann tra acht ro dhilsighset na Gaill fadheoidh a ndromanna do threinfheraib an tuaiscirt.

[122]  Do rala O Ruairc tigerna Breifne Connacht an tan sin alla anair don Choirrshliabh i longphort for leith. Ro thingeallsaidhe dUa Dhomhnaill beith ind urfhoichill na nallmarach dia bfúabairt a ccuma cháigh secib tan no fhoiberadh somh cona mhuintir íad. Otchualaidhsidhe buiredhbhéiceadh na ttrompadh ⁊ na ttapúr toirneach ⁊ talamhchumhscugadh an tréindiubhraicthe atracht asa longphort cona loechraidh lais ⁊ tuargaibhsiot a niodna catha forra ⁊ niro ansat dia reimim go rangatar gusan maigin i mbatar muinter Uí Domhnaill ag gniomh an iomairg. Gabhaitsiomh occ claidhmead na ccuradh a ccumma chaigh ⁊ occa ndiobhragadh go ndiccset rempa ina roén madhma gusan mainistir remraitiu do neoch ro chumaing rochtain a nanmann leo. Niruo háilsedhach ro theichset for cculaibh ar niro dhéch aon úaidibh for charaid ina for choigeile ina dhiuidh ⁊ andar lásan tí ba toisencha díobh as é bhudhdein robadh deidhencha don tslógh uile. Ni rainig la muintir Uí Domhnaill airleach an neich ro fhedfadaois ar lionmaire an lochta ro theichset ann ⁊ ar úaite an tslóigh batar ina leanmhain ar ni rangatorsomh gusan ttuinnte sloigh a mbuí O Domhnaill an tan ro sraoineadh forra lasan ccédna buidin ro hordaigheadh laissimh i nurthosaigh na conaire. Rosfargaibhset na Gaill araoidhe iolar cenn ⁊ fodhbh lasna feindeadhaibh. Do marbadh dan an Goibernoir Sir Coneus Cliofort i nurthosaigh na hiorgaile go ffargaibhthi faon ina  58b lighe foran sléibh ⁊ é beoghaoíte ⁊ ba hainffios dona hóccaibh cia rucc a chédghuine acht namá ba hubhaillmheall luaidhe do chóidh treimhit ⁊ ni tharttsat  p.232 a noig aithgne fair co ttoracht Ó Ruairc fodheóidh gusan airm a mboí ⁊ atgnia guruo he an Goibernoir ⁊ fororchongart a dichendadh. Do ronadh íaromh gurbo tamhan tesggerrtha tornocht iar mbeim a chind de ⁊ iar na fhodhbadh.

[123]  Robadh móirécht an tí torchair annsin. Ba duiligh droichdhiach dimirt fair ⁊ niruó maith la Gaoidealaip an choigidh a oideadhsiomh uair ni epreadh goi friú ⁊ ba fer tiodlaicthe séd ⁊ maoine doibh é. Iar tternamh do oés an mhadhma gusan mainistir iompait muinter Ui Domnoill ina ffritheing ⁊ gabhait occ fodhbadh an fhianlaigh ro mharbhsat ⁊ og athghuin in oesa beóghoeite foghabhdais isin armaigh ⁊ oga ndichendadh. Tíaghaitt dia scoraibh iarttain co ffoilte moir ⁊ co subaighe ⁊ tugsat altugadh buidhe a ccosgair don Choimdidh ⁊ ro machtnaighset go mor a lúaithe ro mheabaidh forsna Gallaibh ⁊ aidhble a nuaille ⁊ a mborrfaidh occ saigid na hiorghaile ⁊ a nderghensat do bhaigh briathor ⁊ do thomhaithem forrosomh. Ba se aonglor na sochaidhe coleicc amail bidh a heinghion nó epértais nach a niort iomghona do sraoineadh forro acht corbo hi eatarghuidhe a duilemhan dÚa Dhomhnaill fótruair iar ttochaithemh glanruine cuirp Crist ⁊ a fhola dho hi tosaigh an laoi hisin ⁊ iar naoine ind onoir nahi naomhMaire an lá ríamh. Robadh dleacht dínsemh an tsaóghail a dalaibh an Ghoibernóra ar do bertha a chutromma dór ⁊ dargat ass mattain an laoi hishin diambadh hi cimbidhecht nó beith ⁊ an corp críadh asa ttiubhartha an erndail ionnmusa sin ni daoinleith ro gabadh laisidhe in nóin an laoí remraite dóigh rugadh a chorp día adhnacal co hOilén na Trionoide for Loch Cé i mbaruntacht Muighe Luircc hi contae Rosa Commain ⁊ a chend go Cuilmaoile i mbarúntacht Thire hOilealla i ccontae Sliccig hi ttaiselbadh dÚa  59a Chonchobair. Iomthusa na nGall iar ffilleadh úaidibh do muintir Uí Dhomhnaill do leiccet hi cenn tséda go tinnesnach for teicheadh in dorúaraidh diobh go rangatar da ttighibh fo mela ⁊ mheabhail. Fosaighit muinter Uí Dhomhnaill ina  p.234 puiplibh ⁊ ba saimh contuilset an adaigh sin iar mbreith cosgair dia mbiodhbadhaibh ⁊ iar marbadh a ccuingeadh catha ⁊ druing mhoir do aireachaibh ⁊ do uaislibh imaroen ris cenmothá i ttorchratar do mhileadhaibh ⁊ dóccbaidh ina fharraidh. Adhnaicit muinter hUí Domhnaill inro hortadh úaidibh ⁊ doberat leighe góa noes gonta ⁊ ótchualatar soadh dona Gallaibh friothroscc tíaghaitt go caistiall Cúilemaoile bail i ffarcaibhset ind imshuidhe for Ua cConchobair.

[124]  Ro haisneideadh dhósaidhe cathraoineadh Coirrshleibhe for Ser Coneus Cliofort ⁊ a thuitim la hUa nDomhnaill. Ba dichreidmeach lais indsin goro taisealbadh cend an Goibernóra dhó. Ba doghailseachsomh de sin ⁊ ro ben ceill dia chomfhortacht asan ccarcair i mbui conad eadh do róine techt for eineach Uí Domhnaill ⁊ a oighríar o gach mudh do thabairt dhó. Ba daghairle dósomh ón a chodach ⁊ a charadradh dershnaidhm fri hUa nDomhnaill ar robtar meince a chuarta i ccoigcriochaibh ⁊ go sainreadhach i ccricchaibh Saxan dus an bfuighbeadh cabhair no comfhortacht dia nertadh i nagaid a esccaratt an tan sin nó an ccaomhsad ionatocht nó aitrebh a chriche no a chaomhfhorba acht chena ni chaomhnaccairsiomh indsin coro nenaisg a mhuinterus fri hÚa nDomhnaill don chur sa. Ba feirrde dhosomh on ⁊ ro tharmnaigh ní dho ⁊ día thir hi ccoitchinne an caradradh hisin ar do bheart Úa Domhnaill dírimhe do bhuaibh deochaibh ⁊ dinnilibh ⁊ da gach cenel cruidh ⁊ arbha archena i congnamh dUa Chonchobair conadh friusidhe rus cédaitreabh a thir cidh íerttain. Tuirthechta Teabóit na Long atchúas dósaidhe fon ccuma chettna sraoineadh forsna Gallaibh ⁊ toitim a nairigh ⁊ O Conchobair do thabairt asin caistiall atchoadhamar. Ro chinnsiomh occa ina menmain gan frithbert fri hUa nDomnaill ní ba siriu ⁊ ro nenaiscc a charatradh fris iertain ⁊ do roine a shith ⁊ conrairleicc don loinges remhraite iompudh for cculaibh gusan nGaillimh doridhisi. Ro sai Ó Domhnaill cona muintir dia ttigibh  59b íar mbúaidh ccosgair ⁊ ccomhmaoidhmhe. Robtar menmnaigh cédfadhaigh Gaoidil don chur sin ⁊ robtar mifiri meirtnidhe muinter na Bainrioghan.

 p.236

[125]  Dala Ui Domhnaill baoisidhe i ffos iarsan ccaithgleo sin athaidh a mBaile an Motaigh ⁊ athaidh oile i Leithber i nDún na nGall ⁊ i mBaile Atha Seanaigh og aireag toile ⁊ occ ainius gan sniomh gan deithide gan uamhan gan uiregla do mhuir nach do thir fair andar lais. Amein dósomh o thosaig foghamair go mis December. In eacmhaing na ree sin do riachtatar techta dia shoigid co bfios scel leo co mbuí damhna deabhtha eitir Mac Uilliam Teaboit mhac Uateir Chiotaigh ⁊ Teaboitt na Long m Risderd an Iarainn. Niro fhodhaimh Úa Domhnaill gan dul do shiodhugad etarra co lion slóigh ⁊ sochaidhe ⁊ ó do dheachaid do dhuthaigh Cloinne hUilliam ro gairmitt na maithe remhráite ina dhochum ⁊ iar neistecht fochainn a nimresna dhó ro riaraigh etorra combtar siodaigh fri aroile ara fhorchongrasomh. O thairnic lais ernaidhm an tsiodha ro ghabh ailghes do chor chuarta i Cloinn Riocaird ⁊ ó ro asgna for a ionchaibh ní dheachaid tar Úarán Mor isteach don dul sin. Baoi fri re theora noidhche cona láibh i ccampa isin Machaire Riabach ⁊ hi comhfhochraibh na Gaillmhe. Do radadh i mbaoi do chreachaibh o chomhladaibh an baile mhóir amach dia shaigid daimhdheóin luchta na cathrach fadhein. Ro dolbhaitt sceóil iomdha asa los don chur sin gurro líonsat a mbaoi ó Ghaillimh co Leim Concculainn duamhan ⁊ duiregla do choimchriothnugadh ⁊ do chridheanbhás Uí Domhnaill ar andar la gach ndruing dhíobh ⁊ la gach taoiseach triochait chéd ba si a thuath budhdeisin cedna no oirgfeadh ⁊ ba sé a dhunarus robadh longphort dÚa Dhomhnaill cona shlogaibh iarna orgain leo. Acht chena nirbo hamhlaidh sin do rala doibh doigh ro fhill Ó Domhnaill dia thir afechtsa. Batar trá a mbuí hi ccoigead Uladh uile an tan sa ina linn láin ina ttapar techt ⁊ ina ttuineadh téigle gan gúais gona ná gabhala eighmhe na foireigne creiche na catha forra a haonaird dÉirinn ⁊ eagla an choigidh for gach entir ittir.  60a Ro thochaithestoir O Domhnaill ind aimsir asa haithle i sadhaile ⁊ hi soinmhighe co tosaigh samraidh ar ccind gan saigid vor neach gan neach do shaigidh fair Anno 1600.

10. An Naomhadh Bliadhain, 1600

[126]  (1600 an 9 bliadain in marg.). Inn eacmhaing na rée baoi siomh i fos ro teglomadh slógh lanmor la hUa Neill do dul do chor chuarta isin Mumain. Do rala Máguidir Aódh for an sloicched hishin. Ni hinister a nimthechta co riachtatar tar Corcaigh ⁊ tar Laoi badhdes gurro gabsat lonccphort eitir Laoi ⁊ Bandain i ccoiccrich Musccraighe ⁊ Cairbreach. Aon dona laibh (gar beag ria ffeil Patraicc) dia ro ghabh comtholta ⁊ accobhar Máguidhir dol do indredh na ccríoch ccomhfhoccus febh roba bes dho dogres tan no theighed i neachtairchriochaibh goro thairmcheimnigh direim marcach ⁊ traighthech asin longphort ⁊ niro hanadh leó co rangatar dorus Corcaighe ⁊ aissidhe co Rinn Chorrain dúnarus an Barraigh Oig hi Cenel Aodha. Soaitt ina ffritheing isin lo chetna co ccreachaibh ⁊ gabhalaibh iomdhaib co naro chumhaingseat muinter Mheguidhir rochtain gusan longphort an adaigh sin ar aidhbhle a nédála o do bo heigen doibh airisiomh in gach airm a ttarusair dorchata na hoidhche. Maguidir dan basedh ro chindsidhe saigidh an longphuirt an adhaigh sin cipindus.

[127]  I madain an laoi sin inro fhágaibh Maguidhir longphort Ui Neill ranuicc fios scel co Corcaigh go Sir Váram Salender (baoi ind ionadh Presidens da choigedh Mumhan) Maguidhir do deirghe an longphuirt amail fosragaibh ⁊ an leath i ndeachaidh. Nirvo heislisech ro freccradh na sccela sin la Sir Váram uair ro esccomhla fochettoir go ngasraidh ngruamoinigh ngrodurlaimh do mharcshlaigh merrdha mhisgnigh míorunaigh goro suidighit ⁊ goro samhaighitt ina srethettarnaidh seoilchelge isin enach indill erdhalta in roba derb leo Maguidhir do thochur ina ccenn. A mbatar ann conacatar Aodh ina ndochum con uathadh marcsluaigh febh robu lainn leó. Nirvo fora niomgabail do choidhsiomh gervo forreil do fora chind iatt siu do  p.240 deachaid ina ttrechunuscc acht ionsoigidh foithibh co dían dasachtach amail faolchoin fó chaorchaibh no leomhan fo mhathghamnaibh coma rala dosomh ⁊ do Varam ⁊ ro ghabhsat occ iomrubadh aroile dia foghadaib seimreamra seicrighne aithe uillennfhaobracha gurro threghdsat co tiachair troimchrechtach a cele co ttorchair fodeoidh Sir Varam Salender la Maguidir amail ba bés bunaidh dhó buaidh a bhiodhbad do bith occa  60b in gach airm hi ttochraitis fris go sin. Do rochrator tra coiccer do aireachaibh ⁊ do dhaghdhaoinibh oile la a aonlaimh cenmothatt daorchlanna ⁊ daosccarshluagh. Act chena ro fortamhlaigh an tsochaidhe for an uathadh fodheoidh gurbo heiccen do Mhaguidhir maighean an iomairicc do iomghabhail as e tretholl treghdaighthe ar snidhe ⁊ ar siledh a fhóla ina cróilinntibh cro dara chrechtaib sechtar ar ndith a nirt ⁊ a niadhachais ar scithlim a luith ⁊ a luathlamhaigh. Nirvo cian do choidh ierttain an tan naro fhodhaim dho gan tairbling dia eoch la taimnellaibh ⁊ enirte ⁊ do bert a uillinn faoi fri fod faoinlighe. Do riachtatar iaromh fiogracha an ecca ⁊ dorchata an bhais i ndochum an daighfhir co nerbhail gan fhuirech an 13 Mart.

[128]  Ba damhna éccaoine hi ccoicced Conchobair mic Neasa uile an daghdhuine do esda annsin ⁊ ba diol a adhmolta i lleith frisna dalaibh domhanda. Ba suairc seghainn soerlabrach ba duasmor deigheinigh derlaictheach cennais carthanach fri cairdibh níata nitheach fri a naimhdibh fer na tard troightheiched ria nuathadh no ria sochaidhe dia bhiodhbadhaibh oro ghabh a laocharma gusan laithe hisin fer na deachaid a cliathach no a cathlathair gan guin no marbadh duine fear ro mharbh ro mhudaigh dréchta dírime ⁊ cinnteach ar eccindteach don ainffine eachtaircheineoil frisa mbaoi ag cosnamh ⁊ ag cathugadh ag imdhiden a irse ⁊ a atharda co ttorchair leo don chur so. Ba hara bharach ier ro chtain sccél dia saigidh fuairset a muinter budhdhein ⁊ muinter Ui Neill corp an chaoimhfhir gurro hadhnaicedh leó é íarttain i cCorcaigh co miadach moronorach amail robadh dior.

 p.242

[129]  Soais Úa Néill dia thigh ⁊ ba ferr dhó féin ⁊ do choiccedh Uladh archena na deachadh isin turus sin cidh fodháigh oidhedha an aoinfhir sin do sgar friú don chor sin. Ro fhás imresain ⁊ esaónta anffóill isin samhradh ar cind hi Feraibh Monach eitir Conchobar Ruadh m Conchobair Meguidhir ⁊ derbrathair an Maguidhir isa hécc ro iomraidhsem Cuconnacht Ócc m Conconnacht m Conchonnacht im chennus na criche. Conchobhar tra ba toich dó aireachus ⁊ airdchennus Fer Monach araoi naoisi ⁊ sinnsirechta ciodh riasan Aedh Mháguidhir fadhein do rochair amhail atrubhramar ⁊ an tan ba doigh le Conchobar (andar lais) ná baoi frithbert imon ccennus íar nécc Conconnacht athair ind Aódha as ann ro  61a gairmedh a ghairm fhlatha do Aódh la Domhnoll m Aodha m Magnusa Uí Dhomhnaill (ríoghdamhna Cheneil cConaill) athaidh fhoda riasan tan sin. Robadh lanshaoileachtain lasan Conchobar Ruad remhraiti gomad lais cendas don chursa a llos a shinnsireachta a aoisi ⁊ a oirbertais a charadraidh ⁊ a choimfhialusa fri hUa Neill ar ba brathair dhó eisidhe i rainn a mathar doigh robtar di shiair diaroile a maithre dibh lionaibh ⁊ rob edh an ccedna aoininnethemh menman ⁊ aigenta baoi ag Ua Neill feisin cona chomairligibh archena. Do choidhsiomh do shaigid Ui Néill do chuingidh forlamhais a athardha. Dothoett din Cucondacht Ócc on mudh cettna airm i mboi Ó Domnaill dacaoine a eccumaing fris.

[130]  Ó ranaic Conchobar gusan dú i mboi Ó Néill ro faoidhit litre ⁊ techta do thoghairm Ui Dhomhnaill dia chedugadh dhó Maguidhir do oirdnedh isin fflaithes úair rob omhan lais barainn ⁊ fergluinni na harchon anglondaig do brosdad fris mana comairleicced an chaingen hisin do ⁊ Cuconnacht Ócc no neach oile dia chenel do oirdned i ccendus criche Monach dara erghairesiomh. O rangatar na teachta bhail i raibhe Ua Domhnaill ni tard i ffoill a ttoscca acht do deachaid dirim mharcach ⁊ troicchthech do roighnibh a muintire imo derbbrathair Rudhraighe ⁊ im Choincondacht Ócc ⁊ niro hanadh eo go rochtain doibh gusan dú i mbaoi Ó Néill cona mhaithibh  p.244 imbe ag crudh a ccomairle imon ccaingen chedna. Oro thairblingsim for iorlainn an dúine (.i. Dún genainn) ro erb fora chaoimthechtaibh oirisimh ina naonbroin aighthidhe for leith uadha. Ro fhaoidh Ó Neill a shainmhuintir ⁊ a thairisigh do fhiadhugadh na flatha dusfainicc ⁊ dia thochuiredh chucca do reladh a chomhairle dhó dus an ccaomsadh a chealgadhsomh tria chaonGhaoidheilg for aon airle fris feisin. Dosficcsimh fochedoir ⁊ robtar subaigh sofhorbfaoilidh cechtarnae dibh fri aroile. O ro dheisidh Ua Domnaill i farradh Uí Neill geibidsidhe for fursandad ⁊ foillsiugad  61b dUa Dhomhnoill na cesta ⁊ na caingne forcaomhnagair ⁊ ag tabhairt for aird gach tuccaide ro baoi for menmain dó im roba comadais lais tigerna do ghairm do Chonchobar Mhaguidhir. Iar mbeith dhósomh seatal ina thaoi ag coistecht fri fuighlibh na flatha Ui Neill atbert fodheoidh narbho tol do cipindus oirdneadh Conchobair isin cennus dóigh ba daoinleith ⁊ daonrann la Gallaibh Duiblinne ⁊ lasan ainffine echtaircheneóil no biodh do bhunad i nagaidh Ghaoidel an choiccidh ⁊ ná biadh a thairisim asa dhílsi tria bhithiu. Niruo slan la hUa Neill a menma don fhregra hisin do bert Ó Domhnaill fair ar ro fhittir narbo sodhaing frithbert na frithtagra fris im nach caingen fo ttardadh laimh.

[131]  Do deachatar na flaithe do fhledhugadh do shainól ⁊ do aireg toile asa haithle. Ro suidhigedh an tegh nóla iar nurd Ua Domhnaill eineach i nionchaibh fri hUa Neill ⁊ Conchobar Mhaguidhir for a laimhsidhe ⁊ na maithe ier na ttechta archena. Geibitt na dáilemhain occa ffriothaileamh ⁊ frestal iarttain. An tan tra ro ghabh Ua Neill an airdigh go ffion ina laimh ibhidh dhigh for O nDomhnaill. Geibidh Ua Domhnaill an ccuaigh a laimh an dáileaman ⁊ ro shill seacha. Do bert luathchuairt dia rioghrosg seachnon na taghdhaisi imaccuairt ⁊ nicon faca Cuconnacht Ócc isin tigh ⁊ ona faca ro forchongair a ghairm chucca fochedóir. Do ronadh fairsiomh indsin ⁊ iar ttorrachtain do ro erb fair suidhe for laimh a dherbbrathar Rudhraighe for miodhshlios na bruighne i neitirmedhon a mhuintire. Oro dheisidh Cuconnacht ro ibhsimh an ccuaigh cotongaibh ina  p.246 durn ind airett sin fair ⁊ dogara an anmain as Máguidhir dhe fiadh maithibh an choiccidh hi coitchinde gan ceaducchad gan comhairleccadh do nach aon lasar mhioscais a oirdnedh i nionadh a dherbbrathar ⁊ a athar riamh. Rugsatt as an adaigh sin sochaidhe diobh go subhach soimhenmnuch ⁊ araill fo mhuich meanman ⁊ doghailsi fodheigh an oirdnidh  62a atrubramor. Oro ghle an la cona lanshoilsi arabarach tiomnais Úa Domhnaill ceileabradh dUa Néill ⁊ dona maithib archena ⁊ dothoet feisin ⁊ Maguidhir cona muintir dia ttighib co menmnach moraigentach asa haithle.

[132]  Otchiad Senadh Duiblinne naro chumaingset cosnam coiccid Medbha fri hÚa nDomnaill ier sraoinedh catha an Belaigh Buide ⁊ íar marbadh an Goibernora amail atcúadhomar ⁊ iar nindredh dosom na ttúath filett frisin Luimnech ⁊ frisin Echtghe atúaidh gach tan ba tol dó ⁊ oro acaoínset na hiarladha batar forsna tuathaibh ishin i nimnedh frisin Seanadh, asedh arriocht leosaidhe dfhostad Uí Dhomhnaill ina thir a comairle na níarladh remraite tasccar murchoblaigh moir do thochar for muir i mbatar sé mile fer doccbaidh armtha eidighthe gusna haidhmibh batar toisccidhe dóibh eitir biudh ⁊ arm. Ba la bainriogain Saxan ⁊ lasan cComairli archena do rionsganta an coblach sin do chor co hEirinn im fhel Patraicc doshonnradh an tan ro ho rdaigheadh Lord Montyoy ina Iustis os Erind. O do ríachtatar an coblach remhráite a Saxaibh co hAth Cliath i mi April doshonnradh ro faoidhitt aissidhe iarttain gurro sheolsat lamh chli fri hor nErenn anoirtuaidh fri heochairimlibh criche Bregh ⁊ Midhe allathoir do Thrian Conghail Chlairingnigh m Rudhraige co riachtatar eing i neing i lurg áonluincce co Loch Feabail m Lodain coro ghabhsat port i nInis Eoghain m Nell do rochair co Cenel cConaill ó chein mháir ⁊ as doib robtar fomhamaighthe an tan sin. An 10. Maii do ríachtatar an dú sin. Ó Dochartaigh an taoisiuch no bhiodh forsn Insi fri laimh Uí Dhomnaill dogres ⁊ ba sé  p.248 ainm a taoísigh an ionbaidh sin Seaan Óg m Seaain m Felim Uí Dhochartaigh. Ba tuir catha ar chalmatus eisidhe ⁊ niruo saindilsi forba do neoch a thochradh ima thir dia ndamtha fir fer no coimhlion dó. Ro baoi caistiall beg náruó mor la hUa nDochartaigh for ur an locha inn iomchuimge an chuain .i. an Chúil Mhor. Ba fás esidhe an tan sin uair ba hesinnill fri fosugadh a nagaidh namat. Airisit na Gaill ainns i dhe ⁊ tuárgaibset mur daingen dithoghlaidhe imón caistiall ⁊ foragaibhset araill ann dia slógh.

[133]  Do dheachator drong oile diobh go  62b ro ghabhsat i nDún na Long hi nduthaigh Uí Chathain. Doíeghat a nermhor cenmothát indsin gusan Doire nairrderc in ro bendach an Colaim cendais ⁊ an céle De Criomhthann m Felim m Ferghusa m Conaill. Ro thoccaibhset na Gaill dunchluidh dímhora ⁊ daingenmuir criadh imon mainistir ⁊ imon daimliag an cédna fecht. Doghniatt fithisi ⁊ fothuill talman isna muraibh ⁊ tuir troda uaistibh co ffeinestribh ⁊ forlésaibh forra fri diubragadh estibh. Ro claidhset clasacha comhdoimne imaccuairt ina nuirthimcheall dianechtair. Ba daingni co mór ⁊ ba hinnille oltátt na cúirte clochaolta ⁊ na cathracha frisi ccaiti re fhoda ⁊ saothar dermair occa ndenomh. Asa haithle sin ro blodhsat an mhainistir ⁊ an doimhliag ⁊ ni thartsat onoir no airmhitin don fhiornaomh gan aidhmilleadh a mbaoi dobair ecclustacdha isin mbaile co nderghensat cubachla ⁊ codailticche diobh ⁊ araill fri proindiugadh inntibh. Henri Docur ba hainm don toisiuch baoi leó. Ridire airdheirc eisidhe go ttuaichle ⁊ treabhaire co namhainsi aiccnidh. Ba rinn agha ⁊ iorghaile.

[134]  Batar na Gaill re fhoda nachasrelicc omhan Ui Domhnaill doibh techt tar na muraibh sechtair acht edh mbeg ⁊ no bittis dronga dermhara dhiobh hi ccaithfheis gach noidhche ar na tarta ammus forra coro lionaitt do shoeth ⁊ galraibh la hiomchuimhge an ionaid i mbatar ⁊ la helscoth ⁊ la tes na sine samhrata. Ro thathamair iolbhuidhne dhiobh fodheóidh cidh riasiu ro heittirdhelighitt a soethu friu. Oro airigh dan  p.250 O Domhnaill ietsomh foran abairt sin ⁊ a nemhthathoigidh asna scoraibh sechtair la homhan ⁊ iomfhaitches do ruimin occa cionnus no beradh tathaoir ⁊ tarcusal forro ⁊ do ghenadh fodhail ⁊ bricch mbicc diobh dus an soifitis for ccúla ⁊ an bfarccbhatais an port a mbátar conadh e airecc arrainiccsiomh dia ndimhigniugadh dol ar sloiccheadh i ndesccert choigidh Meadhbha dinnredh na ttuath batar for gach taobh don Echtghi ⁊ na Túadhmhuman sainridh. Deithbhir on. Robtar iad na hiarladha atrubhramar diarbo hathardha an du sin (amail remhebertmar) rosforcongair for an Senadh ⁊ foran mBainriogain an toichestal tromshloigh sin do thriall ⁊ do thochar chugasomh dia fhostadh ⁊ dia iomf huireach  63a ina thír ⁊ ba híad ro thaisccel ⁊ ro braith don Bainrioghain ⁊ do Chomhairle Saxan gurbo henach ⁊ essrus gabhála eitir Cenel Conuill ⁊ Eoghain an coblach rémhraite do thochar go Loch Feabhail.

[135]  Ro chinnestair O Domhnaill a chomhairle samhlaidh dul do aithe a eccraittis forsna híarladaibh remepertmar ⁊ fosraccaibh toeisiuch na hInnsi fadhein fri huchtbruinne na nallmharach (.i. O Dochartaigh) ⁊ i foichill forra na tiostais dinredh na criche. Ro fhagaibh dan beos Niall Garbh Ua Domhnaill ⁊ araill dia shlogh ind iomshuidhiu forra frisan Insi allaniar etarra ⁊ Triucha chéd Enna m Neill. Ro fhaoidhestair a thechta ríamh go Gaoidelaibh coiccidh Meadhbha dia fhorail forra i mbeith fora chind i mBaile an Mhotaigh. Donangatar Connachtaigh uile o Shuca co Drobhaois ⁊ ó iarthar Thire hAmhalgadha co Bréifne Uí Raghallaigh go mbatar occá fhurnaidhe isin mbaile sin inro dhálustair friu. Itiet robtar aireghda dusficcet isin toicheastal hisin: tainig ann Ó Ruairc go mBreifne Connacht i.. Brian Óg diarbo hathair an Brian ro hortadh i Londain. Tanaig ann O Conchobhair Sligigh Donnchad m Cathail Óig gusna tuathaib filet frisan cCoirrshliabh atúaidh go muir na fhochair & Mac Diermada Mhuighe Luirg .i. Conchobar m Taidhg m Eogain m Taidhg go Maicne Maoilruanaid na fharraidh. Tainig ann Ó Conchobair Rúadh  p.252 .i. Aodh m Toirrdelbaigh Ruaidh m Taidhg Bhuidhe m Cathail Rúaidh. Nisrelicc a noman dona huaislibh batar hi comhfhochraibh na nGall tuidecht isin toichestal sin ar ba héiccen doibsidhe airisiomh occ imdhiden a nathardha arna hoirgtis Gaill a ttír dia néis. Dothaot ann tra Mac Uilliam Burc Teaboitt m Uateir Chiotaigh ⁊ cenib do Ghoidelaibh dhó ba duthaig dfhior a ionaid cia no thíosadh úair batar a shinnsir riamh ⁊ an cenel dia mbaoi fo chíos do Chenel cConaill m Néill ónd úair ro gabsatt na Burcaigh for fhoirb Amalgadha m Fiachrach. Ba hiomairgidhe dhoibhsiomh cie no eirnitis a ccios dO Dhomhnaill ⁊ ni ba coir ingnad de doigh ba brathair do Chonall m Neill an ti Amhalgaidh mac Fiachrach ⁊ roba comhalta beos ar ba he Fiachra m Eachdach Muighmhedhoin  63b ronoil an ti Conall.

[136]  Tarcclamtha din a shlogh la hUa nDomhnaill i mi Jun doshonradh co ndiccset dar Samhaoir sruthmaighrigh tar Drobhaois tar Duibh ⁊ tarsan Sligech go rainicc go Baile an Motaigh airm i mbatar Connachtaigh oca fhurnaidhe. Ro ching ierttain cona shlogaibh don Chorann tre Magh Aoi an Fhindbheanndaigh do Chloinn Chondmaigh tria Chrich Maine m Eachdhach ⁊ tria orlar Cloinne Riocaird gan cath gan cuinnscle gan guin duine chuige na uaidh an airet sin. Ro ghabh oirisiomh i niarthar Cloinne Riocaird i noirecht Remainn im thrath nóna día sathairn ⁊ ba heisidhe an satharn ría fféil Eóin baoi foran mairt ar ccind. Rainig rabadh ⁊ rémhfhios rempa i tTúadhmhunhain acht ara aoi ba doigh leo na tairmthiasadh Ua Domnaill asin maighin hi ttarrusair go madain dia lúain. Nirbo headh sin do roinesim acht eirghe ria muichdhedoil maidne dia domnaigh iar neistecht oifrinn dósomh ⁊ dona maithibh batar ina fharraidh. Ro asgna íaromh cona shlógh dOireacht Remainn tar Sliabh nEchtghi inghine Ursccothaigh m Tinne  p.254 do Chenél Aódha do Chenel Dúnghaile ⁊ do Chloinn Chuilen Úachtair go rainicc tar Forghus síar ria midmhedhon laoi día domnaig conadh ann ro ghabsat airisiomh don taobh tiartúaidh do Chluain Ramhatta ⁊ dInis. Ro loiscced ⁊ ro hoirccedh Inis co léir ⁊ co lomardha lásan slogh cenmotha an mainistir namá dia ro erfhuagair Ua Domhnaill comairce ⁊ cádhus do thabhairt ind onóir an Choimded. Ba hann do rala dÍarla Túadhmhuman (Donnchadh m Conchobair Ui Briain tigerna Tuadhmhuman) beith isin ionamm sin do dhechaid Úa Domhnaill cona shlogaibh isin ccrich i cClúain Ramhatta edh mbeg allathiar dInis co nuathadh sloigh ina fharraidh narbat lía olttad da chéd laoch a líon. Otchúalasomh monghar an mhórshloigh ⁊ sesdan na sochaidhe ⁊ trethan na ttrombuidhen ⁊ fogharthorman an lúathlamaig a gunnadaibh glanaillne gerradharcacha seachnon a thire ina thimcheall ⁊ na forloiscthe forreile foirlethna ro leth in gach aird ⁊ in gach aircheann ina imthacmhang náro chumhaing  64a danacal no dimdeghail basedh do roine asccnam co nuathadh buidhne co hionfhoilgidhe la hor an Fhorghais siar cech ndireach febh as innille forcaomhnaccair co rainicc gusan cClar. Ba dia bailtibh longphuirt siomh an baile ishin ⁊ ba daingen dithoglaidhe eisidhe ceni beithsiom cusan líon ro baoi occa imdhiden.

[137]  Iomthusa Ui Dhomhnoill o rainicc co hInis ro leicc scaoiledh da sgeimhealtaibh imón tír ina thimcheall. As fairsing forleathan airccthech ionnsoigthech ro scaoilset na merdronga mera menmnucha sin o aroile ar ro cuartaigedh ⁊ ro creachloisccedh leo ría noidhche othá Craig Ui Chíordhubhain i niochtar na coigcriche i ttriocha ched na nOilén co Cathair Murchadha hi Corca Baiscinn Iartharach go dorus Chille Muire ⁊ Cathrach Ruis ⁊ an Magha ind Uibh Bracain co dorus Baile Eoin Gobhann hi Corca Modruadh ⁊ Boithi Neill hi Cenel Fermaic. Rob iomdha tra daothain daghduine úasail no tigerna tíre do creachaibh ⁊ do chethraibh ⁊ da gach erndail édála ag buidhin chethrair no chuiccir do muintir Ui Dhomhnoill hi tuinidhe tuir no thuim cairrgi no coilledh i  p.256 Tuadhmumain an oidhche sin ar rob eigen doibh airiseamh in gach maighin a ttarusair capardhorcha urthosaig na hoidhche íatt.

[138]  Gabhais Ó Domhnaill longphort an adaigh sin for bru an Fhorghais allathiar do Chluain Ramhoda. Ba dunarus airdheirc eisidhe ⁊ ba hiostadh flatha don tí no biodh hi cennus na criche. Atraghat an slogh (dia luain an tsainredh) co fosaidh ionmall asa bpupallbothaib ⁊ asa mbelscáthaibh ⁊ gabhaitt occ asgnámh na conaire tar fiartharsna na Tuadhmumhan sairthuaidh gach ndíreach doirther Ó cCormaic durlar Ceneil Fermaic ⁊ don Boirind breacalbaigh go rangadar hi fuinedh néll nóna co mainistir Corca Modhrúadh ⁊ co Carcair na cCleireach. Do batar an robtar deaithe día slogaibh car an chaomlaoi hishin ag túr ⁊ ag taisteal gach tíre ina ttimcheall co naro fhagaibhset ionatocht na aithtrebh rob ionmhaoidhimh  64b gan losccad gan leirscrios isin ló cetna. Atraghatt na sloigh i nurthosach laoi día mairt. Docoisliut ieromh cona ngabalaib ⁊ cona ccreachaibh leó do shaigid na Carcrach ⁊ ger vo trom a ttoichim ⁊ ger bho hionmall ind imthecht la haidhble a ninnile ⁊ a ccreachghabhal ro fhagaibhset beilge bernchairrgidhe na banBhoirne dar a neisi. O ranccatar mendatta maighreidhe Medhraighe ro ghabhsat foss ar Cnoc an Gherrain Bain eitir Chill Colgan ⁊ Gaillimh. Ro eitirdhelighset a ngabala re aroile iarttain coro shealbaig gach drong fo leith diobh a saindisle do bhuar a mbiodhbad dinnile ⁊ dédail a neccrad ⁊ ro ghabhsat ara bharach ag díorgadh ⁊ ag dluithiomain a coda creiche i sedshlighthib senchoiccidh Sreing mic Senghainn. Nír vo foda an reim ruccsat isin la sin ar roptar scithigh iarna morshaothar occ tocht tria belghibh bélchumgaibh na Boirne ⁊ ni mó ro phroindset no ro thuilset i sáimhe in adhaigh riamh ar ba dóigh leo co ttiocfadh Iarla Tuadhmhuman co lion a muintiri ina lenmhain ⁊ na lurg dia bfobairt isna conairibh cuarchumhgaibh triasro chingset cen co ttorracht ittir. Gabhaitt longphort i comhfhochraibh doibh an adaigh sin oro laiset a nomhan diobh. Ni deirghenset fianbhotha nait foirgnemha la tes na sine samhrata  p.258 acht ro hadhannaitt breóitheinti buanlasamna leo ⁊ ro ghabhsat a lucht frestail ⁊ friothalmha a ferchoicci ⁊ a fferthighisi a ngille ⁊ a nanradha ag combach ⁊ ag combualadh og cosccairt ⁊ ag cnaimgherrad búair a mbiodhbad durghnamh a bprainde dia naireachaib ⁊ dia narduaislibh coro thochaithset a ffesdithett ⁊ contuilset i saimhe asendadh oro laíset a nimeccla dhiobh.

[139]  Atrachtator an slogh asa súantairthim cotalta isin camhaoir ⁊ tiaghaitt hi ceann tseda ⁊ imthechta. Ro chomhairleicc O Domnaill do Mac Uilliam cona muintir ⁊ don lucht dosfainicc a hiarthar an choiccid fo a thoghairm soadh dia ttighibh. Do leig e feisin sair cech ndireach isna conairibh coitchenna go ranuicc  65a ria ndeoidh laoi co Conmaicne Chuile Tolaidh i neitirmhedhon an choigidh. Gabhais longphort hisuidiu an adaigh sin ⁊ airisit ann go ara bharach. Ro fhorchongair iarom O Domhnaill fora muintir a ninnile creiche a mbu ⁊ a ccethra ⁊ a nedala archena do leigen uaidhibh dia ttighibh a ngiollanradh ⁊ a naos diairm ⁊ gonta ⁊ araill dia slogh do leccedh leo. Doieghatt gan fhuireach febh ro herbadh friú. Conrairleicc dÚa Ruairc cona muintir tuidhecht dia ttigibh amail chách.

[140]  Do raegha Ua Domhnaill coicc ced laoch go seasccait marcach do roighnibh a shloigh ⁊ ro erb forra airisiomh ina fhochair badhdein go mbatar ag cumhsanad ⁊ og legen a scisi isin longphort co híarmedhón laoi. Lotor ass asa haithle ⁊ gabaitt tresan ccoigedh sairdhes co dian deinmnedach ⁊ co taoi tóithenach do ló ⁊ dadaigh go ranccatar co Loch Riach i ndorblus na maidne muiche ara bharach. Ba heisidhe port aireachais ⁊ iostadh flatha Iarla Cloinne Riocaird. Do leiccet a scceimhealta co sgaoilteach da cech leith diobh dindred na criche. Doionalat a mbaoi do chrudh ⁊ do chethraibh ina ccomfhochraibh ⁊ do bertsat leó co haonmhaigin co mbatar a ffolartnadh fria niomlúadh ⁊ fria niomáin leó. Tiaghait reimibh iartain tresan ccoiccedh sairthuaidh gur gabsat longphart inn imeal an tire frisan Suca andeas adaigh an domhnaig doshunradh. Airisit ainnsidhe co matain an luain. Docomhlat as iarttain tar Ath Liag fFind  p.260 forsan Suca ⁊ tre Magh nAoi mic Allghuba go rangatar gusan Seghais in thrath nóna. Gabhaitt foss frisan abhainn atuaidh an adhaig sin. Docomhlatt ara barach tar Co rrshliabh na Seghsa ⁊ triasan cCorann co Baile an Motaigh conadh aissidhe ro scaoilset na maithi dia nduinibh ⁊ dia ttighip cona nédalaibh iomdhaibh.

[141]   65b Dusrelicc Ó Domhnoill scís dia amhsaibh ⁊ dia áos túarustail o Iul co September gorus tochuir chucca doridhisi dus an ttédairsedh boeghal forna Gallaibh ar atchuas dósomh gurbo gnaithbes do gredhaibh na nGall tocht gach laoi darsan urdrochat baoi for ionchaib Doire badhthuaidh do inghealtraidh for ferghurt fásaigh baoi fora nerchomhair co nuathadh marcshloigh dia forchoimhed. Baoisiomh iarom oga scrúdadh ⁊ remdhecsi ionnus no beradh muin imna Gallaibh do gaid a neoch forra conadh si airle arriocht lais do raegha drong mhór dia mhiledhaibh ⁊ dírim marcach nat bat lugha oldat se chéd a líon eiter traighthech ⁊ marcach. Do bert lais iádsaidhe asa haithle co dichealta i ndorchata na hoidhche goras fágaibh i neadarnaidhe i nucht allbhruaigh iomdhomain ro baoi isin maighshliabh do rala for ionchaib an Doire atúaidh bail inro badh foderc doibh muinter an baile ⁊ nach ba forreil do chach íetsonh. Ro lá úathadh mbeg dia mharcshluagh i nionattaibh ionfhoilgidhe i nathfhoccus don bhaile i nedarnaidhe forsna heochaibh ⁊ fora nóes forchoimheda cona soittis a neachradh for ccula doridhisi secip tan tístais gusan bférgurt atchúadhamor. Batar samhlaidh co hurthosach an laoi. Atchiatt an echradh chuca darsan urdrochatt cona náes forchoiméta febh ro ghnathaighset. Atraghatt marcshluagh Uí Dhomhnaill dóibh dara neisi ⁊ do ratsat ammus calma for lucht an choimhetta. Ro gh onsat araill diobh ⁊ atrulatar aroile úaidhibh la deine ⁊ utmoille a nérma. Gabait muinter Uí Dhomhnaill occ iomáin eachraidhe na nGall foa ccumhang.

[142]  Ticc Ó Domhnaill gusan slógh tárrustair ina fharraidh dia ccomhfhurtacht ⁊ atnaghatt an echradh reimibh. Ro forchongair Ua Domhnaill for druing dia mharcshluagh dul  p.262 lásna heocha amail as déine coniocfatais ⁊ gan airisimh frisiomh itir. Do ronta íaromh ind sin. Anais Ó Domhnaill fodheoigh ⁊ an do raegha dia mharcshluagh ina fharraidh ⁊ a mhiledha traighthech archena. Ótchiatt na Gaill a neocha do deliugadh friú atraghat i noibne dia ttarrachtain ⁊ gebhitt a narma ⁊ doleiccett ind deadhaid Ui Domhnaill. Ro leabluing an generáil Henri Docur for a eoch ⁊ ro leabhluingsett an marcshluagh archena do neoch oga rabattar eich ⁊  66a rosfost i nionattaibh innille ⁊ naro hettarsccartha friú Doíeghatt isin tograim amail as deine conrangatar. Otchonnairc O Domhnaill marcshluagh na nGall for díainimrim na dhedhaid airisis dar éis a miledh traighthech cona diorma marcshloigh ina fhochair co ruccsat marcshluagh na nGall fair. Doberatsaidhe ammus diochra danardha for hÚa Domhnaill dar cenn a ccreidhe ⁊ do chosnamh a neinigh diblinaibh. Fosaigis O Domnaill co dédla durchroidheach frisin deabaidh ⁊ ferthair iomaireg amhnaus etorra cechtur an da leithe co mbatar an marcshluagh cechtardha mesc ar mescc ⁊ gora gabhsatt for iomrubadh ⁊ for imdhiubragadh aroile co coimhdhiochra. Do rala Aódh mac Aódha Duibh Ui Dhomhnaill ⁊ an toiseach Henri Docur tul i tul fri aroile isin iomghuin. Tarlaic an tÓedh Úa Domhnaill an fogha foghablaigthi báoi ina láimh ar ammus an tóisigh co ttarla hi ttul a édain gan iomroll dó corus gon co haicher. Soais an tuiseach frithroscc ierna threghdadh samlaidh ⁊ soaitt na Gaill archena fo mhela ier nguin a ttreinfhir tairisme ⁊ a ccuingidh catha ⁊ niro ghlensat a néccrait niba siriu. Tieghaitt muinter Ui Dhomhnaill dia scoraibh íarttain ⁊ atrimhett a ngaillgredha gan guairemh. Fuilledh ar dib cédaibh each basedh a líon. Rannais Ó Domhnaill iett asa haithle forna húaislibh iarna míadh ⁊ comramh.

[143]  O Domnaill tra baoisidhe i forbhaoisi forsna Gallaibh gan fogluasacht asa thír co deiredh October. Do ruimenair ainnsidhe dul gusan Tuadhmhumhain doridhisi dia hinredh. Tarcclomtha a shlogh lais iar ccinedh a chomhairle ⁊ niro airis co rainicc darsan Sliccech siar ⁊ fosráccaibh Níall O Domhnaill  p.264 mac Cuinn m an Chalbhaigh m Maghnusa dia gheilfhine badhdein dara éisi isin ccrich dia comhdha forsna Gallaibh na tiostais dia hinredh ina dhiuidh. Ni andais Gaill dogres acht occ áil ⁊ occ atoch ag gresacht ⁊ occ guidhe Néill Uí Dhomhnaill co hinchleithe im thocht ina mbáidh ⁊ ina muinterus badhdein ⁊ do rairngirset righe ⁊ cennus na criche dhó diamtais cosgrach ⁊ ro thingeallsat ndó frissin seóitt iomdha ⁊ maoine mára ⁊ cuir ⁊ tennta fri comhall gach neith archena. Baoi siomh dan athaidh foda occ coistecht frisna comthaibh sin ro both agá neráil fair  66b condo ratt a ainshen fair fodheoidh a áentugadh dul daoinleith ⁊ daonrann la Gallaibh ⁊ a breccadh ⁊ a thoghaethadh la a ttingealltaibh goacha ⁊ la miairle ind oesa feigh foruallaigh ro greis ⁊ ro aslaigh fair an chomhairle hisin. Mairg menma ro iomráidh. Mairg croidhe ro sgrud. Mairg tenga do rionchoisg an airle aindiuid ainíarmartach misgnech mhíorúnach ro cogradh don chur sin. Mairg brathair ro threicc a chorpfhine ⁊ a choimdid talmhanda a chairde ⁊ a chomhfhuilidhe ar dhul hi cleith ⁊ hi ccomhaontaidh a éccrad ⁊ a esccaratt. Monúar ámh nach daoinleith ro iomáinset ⁊ do bertsat a mbáire ar nírbho soirbh ⁊ niruó sodhaing a ttolladh ná a ttreghdadh a ttacmhang na a ttimchealladh an ccein batar i ccora ⁊ hi caónchomrac fri aroile. Do deachatar tra a thriar derbraithreach lá Níall isin coimheirghe sin .i. Aódh Buidhe Domnall ⁊ Conn Ócc. Batar din na Gaill hi riachtain a leas Niall cona braithribh do dhul dia nionnsoigidh úair roptar scíthigh meirtnigh hi caithfheis ⁊ hi ccathchongraim gach noidhche la homhan Uí Domhnaill ⁊ robtar sáothaigh galraigh la hiomchuimge an ionaid a mbatar ⁊ lasna biadhaib senda senbholaidh ⁊ lasna feolaibh saillte serbhghoirte ⁊ la teasbaidh gacha túara ba hadhluic dhoibh ⁊ na húirfheóla sochaithmhe sainredh. Ros airchis Níall Úa Domhnaill im gach ni bá tesbaidh forra ⁊ ros fúasccail doibh asin ccumangcharcair i mbatar. Do bert .x.c. laoch lais úadhaibh co Leithbher naoi míle ceimenn ón Doire siar gach ndírech for ur an locha céttna. Ba dúnarus  p.266 airderc dÚa Dhomnaill an du sin ⁊ ba heisinnill an ionbaidh sin uair ni baoi dunadh daingen ná caistiall clachaólta ann fri ré fada oro blodadh fecht riamh acht madh dúnchladh dinnim iarna imdhenamh do chríaidh ⁊ dfttaibh an talman ⁊ coelchlais édomain uiscidhe ina imthacmhang oc iomfhuirech ⁊ og esnadhadh fri haithghein an dunaid ro baoi ann fecht riamh do thurgbail ann ifrithisi. Fosraccaibh an toés coimhéda an port fás la homhan oro rathaighset na Gaill chuca ⁊ na baoi O Domhnaill ind occus doibh dia ffortacht. La sódain tangatar na Goill don phort ⁊ túargaibhset muir moraidhbhle ⁊ dumacha criadh ⁊ cloch for a sccáth  67a gorvo hinnill fri hursclaighi ⁊ iomaireg ind aghaidh a námhatt.

[144]  Luidh araile fer do shainmhuintir Uí Domhnaill ina dhedhaid co ffios scél an tíre lais ⁊ atféd ndó uile an do ronadh ann. Ba hiongnadh már ⁊ ba machtnadh menman la hO nDomnaill a brathair ⁊ a chliamhain do shoadh fair dóigh basí fiúr ind Oedha roba bainernustaidh don ti Níall. Iompais Ó Domhnoill a coiccedh nAilealla úair ni ranuic tar Baile an Mhotaigh siar isin coicced antan ruccsat sccela fair ⁊ iompáit a shlogh friothroscc febh ronuccsat dialaile acht nama ni ruacht la a miledha Ua Domhnaill do fhreastal acht madh uathadh dia marcshlúagh co mbui a nathfhoccus don Lethbior atrubrumar. Nicon tairnic lasna Gallaibh creacha naid oirccne do dhenomh resiú ranuic Ó Domnaill fo r ccúlaibh acht beith acc daingniugad a scor ⁊ occ claidhe a múr ⁊ otchúalator Ó Domhnaill do thuidheacht nisrelic a nomhan doibh dérach an phuirt a mbatar for cenn nach neith ro baoi do thesbaidh forra. Tárrusair Ó Domhnaill ind ionad nárvo heitirchían ona Gallaibh co ruccsat uathadh dia mhíledhaibh thraightheach fair.

[145]  Ba foda la hÚa nDomnaill ro batar na Gaill gan fuabairt ⁊ niro airis frisan slógh niba siriu gorus tairfén an tuathadh ro baoi dona Gallaibh for toeb Cruacháin Lighen alla andes frisan abhainn atúaidh. Otchiett na Gaill eisidhe do riach atar  p.268 a dochum ⁊ Níall Ó Domhnaill cona braithribh hi toisicchecht na troda. Doberatt soighin nugra for aroile cen nach ndanatus deabhtha an lá sin cettus acht beith a nurfhoichill for a chéile úair niro shailset na Gaill O Domhnaill do beith i nuathadh amhail ro baoi ⁊ batar iomomnaigh im breig do thabhairt iompu ⁊ nirvo hail dóibh dol ind imcheine on mbaile araoidhe. A chumbat cetna do mhuintir Uí Dhomnaill ba dichuinn doibhsiomh dol i mescc a namhat ind iomfhoiccsi an phuirt an túathadh sloigh batar. Ro eitirdhelaighset fri aroile ara aba cenib fo chóra ⁊ chaonchomrac ro scarsat. Ro gonta araill uaidhibh desiu ⁊ anall  67b la diubraicthibh slegh ⁊ saighett ⁊ foghadh fogher fogabhlaighthe ⁊ ubaillmheall lúaidhe acht nama ba moamh ro crechtnaighit muintir Uí Dhomhnaill ara núaite inait na Goill. Tíeghaitt na Gaill dia ttighibh iarttain ⁊ dotoet O Domhnaill cona mhuintir dia scoraibh ⁊ ba co ffuasnadh ⁊ fergluinne luidh Ó Domhnaill ainnsidhe ara mhed ro la fair gan a shlogh dia tharrachtain an la sin doigh ba derbh laisiomh dia mbeittis occa an ionbaidh sin na hernaifitis na Goill uaidhe febh atrónesiot. Rangattar a shlógh dia shaigidhsiumh asa haithle ⁊ ro dluthaighestair ind iomshuidhe forsna Gallaibh iar mbreith dia mhiledhaibh fair coleicc ⁊ gabhais longphort fo dhi mhíle ceimenn don Leithbear iomroraidhsiom for scath ind oésa treabhtha coro erlamhaightis na harbhanna batar ind iomfhoiccsi dona Gallaibh. No laadhsomh oés braith ⁊ taisccelta forsan mbaile cech noidhche náchasrelccedh oén anonn nach alle mana roistis darsan abhainn badhdhes ⁊ nísfarccaibh conaire náitt fithisi náid esrusa elúdha fo mhile ceimenn don baile nara lá forairedha ⁊ ettarnaidhe forro do choimhet ⁊ do fhriothaire forsna Gallaibh na tistais tairsibh gan rathugadh ⁊ for cloinn Cuinn Uí Dhomhnaill sainreth ⁊ fora muintir ar as forra ba duilghe laisiomh a choiméd ⁊ as iatt fotruair iliomat na netarnaidhe ⁊ ind oesa friothaire. Baoisiomh fri re triochatt laithe an dú sin cen foghluasacht ass co ttairnic la brughadaibh ⁊ coardaibh na criche a narbonna derthioradh ⁊ do thiorghoradh ⁊ co ttardsat i minchliabaibh ⁊ i menbolccaibh dia ttarrúdh ⁊ dia nimfhedhain for  p.270 echaib ⁊ groidibh coro láiset i ndúinibh daingnibh ⁊ inn ionataibh innillibh na ristais a namaitt.

[146]  Fecht noen dÓ Domhnaill resiú dusfarccaibh an longphort hisin tárrusair occa dul for ammus na nGall dus an ttistais darsna muraibh amach forsan maighréidh. O do deachatar muinter Uí Dhomhnaill for ionchaibh an bhaile ro batar na Gaill aga fhorcsi ⁊ aga midhemhain ⁊ niro shaighset forro o rotgenatar gurvo do chuingidh ugra do dheachatar. Imsáiset muinter  68a Uí Dhomhnoill i frithshed na conaire doridhisi ona fuairset an ni fora ttardsat íarraidh. Dogniett airisiomh for ur na habhann allathuaidh dianad ainm an Dáol edh nathghairit on mbaile. Tieghaitt dronga móra dhiobh dia scoraibh ⁊ fri oile do thosccaibh ar nír shaoilsiut na Gaill dia leanmhoin an la sin sainredh. Otchonnairc Níall Ó Domnaill muinter Uí Domhnaill co hesreite anfhuirithe atbert frisna Gallaibh corvo hiomairgidhe doibh ammus do thabairt forro. Gabhaitt na Gaill occ airittin a narm ⁊ occa neittedh co fóill fathachda (fora eráilsiumh) i netirmhedhón na múr arna badh foderc dia naimhtibh comtis armtha éidithe. O robtar erlomha iaromh dusficcet darsna múraibh sechtair ind urd chatha. Lasodhain doleiccet for ammus mhuintire Uí Dhomhnaill fon reim sin ⁊ an tí Niall cona braithribh ⁊ mhuinntir hi rémthus rempa dia sédugadh.

[147]  Atchí Ó Domhnaill chuga íatt fon toichim sin ⁊ ba fó lais a ffaicsin dia shaigidh ⁊ ro shuidhighestair a miledha ina nionadaibh erdhalta foa nerchomhair cona niodnaibh aigh úaistibh ⁊ nisrelic a ndiobhraccadh co mbatar forsan mbrúach alltarach don abhainn. Imacomrainic dhóibh íertain co mbatar mescc ar mhesg ⁊ ferthar gleó ainmín éccratuch etorra gervo garfhoccus a ccoimhfhíalus. Scuchaitt an marcshluagh dochum a chéile co mbatar ag tuinnsemadh araile do mhanaoisibh móirleabra ⁊ do chraoíseachaibh cennghlasa. Do ratt tra Níall Ó Domhnaill tuinnsemh don tsleigh simnigh sithfhoda bai ina dhurn for derbhrathair Uí Dhomhnaill .i. Magnus coro chlannustair an ccraoísigh fó iochtar a iomdha ind ⁊ gur threghdustoir a inmhedhóncha  p.272 triasan éidedh seicrighin do rala uimbe. Otchonnairc Rudraighe Ó Domhnaill rioghdhamhna Cheineoil cConaill a derbhrathair do ghuin samhlaidh do bert ammus calma dána dúrchroidheach forsan tí Níall co ttard forgomh amhnus aicher do gha mhor fo erchomhair a ochta fair. Niall tra otchonnaircsidhe an dásacht fors mbaoi Rudhraighe occ saigidh fair ⁊ otchí tuinsemh an omna chucca ro shocairthenn a shríainmhírenn i ngionghob an eich airdérmaigh allmhardha  68b do rala foa co ttuarccaibh a chenn etarbhuas etorra co ttecomhnacair an ccraoisicch ccruaidhrighin hi tul a édain don eoch go ranuic an inchind. Ro blodhustair croinnsma na craoísicche occa trentarraing fora hais don ti Rudhraighe co bfargaibh a hiairnchend isind eoch cona baoi laisiomh acht an díchealtair diainbrisde ina dhurn. Ro thathamair an teach desidhe fodheoidh iar rochtain an bhaile iar ngaitt an iairn ass.

[148]  Ba dirsan nach immalle ro láisiot an loechrad ind iomaireg fria naimhtiu ⁊ a mbarainn fria mbiodhbadhaibh ⁊ nach hi córa batar oair niro cumscaighedh a cconach an ccein ro ansat samhlaidh ⁊ robtar cosccraig isna coicccriochaibh no chingtis ⁊ niro hadarbanta asa foirb ndilis la hechtairchenel amail do ronta cidh iarttain. Maircc crioch ⁊ caomfhorba mairg tír ⁊ tuath inro chedaigh a nainhsén dona comb raithribh ⁊ dona comhfhuilidhiph iomrubadh ⁊ iomchlaidhbedh a chéle gan choiccill amail forcaomhnaccair don chur sin.

[149]  Iomthusa na nGall ind airett batar na hairigh atrubhramar ag comfhuabairt aroile do rattsatsaidhe inn aighthe ind aoinfhecht ⁊ i naenfhabhall for traightheachaibh Ui Dhomnaill coro soaid reimib biug acht namá niro gon ta uaidhibh acht madh uathadh ar niro lensat na Gaill íatt tarsan ccathlathair sechtair ⁊ ba haire naro lensat fodhaigh ghona a ttuisigh ro treghdadh isin tochar sin corbo heiccen doibh iompudh lais co Leithber co bfuair bas iarttain. Ro lensat drong mhor do mhuintir Ui Dhomnaill iatt ⁊ gabaitt occa ndiubragadh ⁊ chlaidbedh co ttorchrator araill diobh ⁊ coro gonta ⁊ robadh lanshaoilechtain  p.274 la hoes na tograma co srainfithe forro dia lenadh an slogh íett coleicc. Acht chena nisrelic a nadhnaire ⁊ a naithmhele dona hibh forsro soadh cédammus a leanmhain ifrithisi.

[150]  Iompais Ó Domhnoill cusna sccoraibh iar nimthecht dona Gallaibh. Ba triamhain toirseach ro both isin longphort an adaigh sin fodháighin mheic a fflatha ⁊ a ríoghdhamhna  69a beos día maradh a haithle a bhraithriuch. Batar meinci la Cenél cConaill a niolach búadha ⁊ cosccair do thabairt os aird ag comhmaoidemh a necht ⁊ a náithes íar shraoinedh rempa oldás lamhchomairt a loechraidhe ⁊ basgaire a mbanchuire ag caoinedh a ccaratt ⁊ ag gerchaoi a ngerrat gusan tan sin dóigh niro tromghonaitt ⁊ niro tochraidhit ón tan ro ghabh Aodh Ruadh righe ⁊ flaithius forro gusan laithi hisin. Ba heisidhe laithe thoisiuch in ro tubadh a ttreisi ⁊ in ro cumsgaigedh a ccosccor ⁊ amhail nach lainn lásan aoinDía treisi domhanda gan terbhrúdh na áines gan erchra do bert frithbert foill for chonách Cheneoil Luighdech m Sednae seatal naile. Cía atbertais aes iomfhormaitt ⁊ iomthnuidh fhoduird ⁊ égnaigh ainchride ⁊ eccraittis corab do aithe a indlicchid ⁊ a eccóra for Ó nDomhnaill ro shóidh an firDhia forordha fair don chur sa ni fior dhóibh eccin. Acht as aire do roine Día indsin nachasraghbadh uaill na ionnoccbáil accobhar na iomtholta Aódh Ua Domhnaill a dirghe a breth ⁊ a choiccert ag follamhnucchadh a fhlaithiusa ⁊ araba a chen ⁊ a chosccair for choiccriochaibh ⁊ náro ládh a uídh ⁊ a innethemh ina niort ⁊ ina chumhachtaibh fodhéin acht i ndánaibh ⁊ i nderlaicthibh Coimded nimhe ⁊ talman chonnic turnamh na ttren ⁊ turccbáil na ttruagh. Doigh asedh doghni an taoínDia co meinic tiomarccadh ⁊ tochradh a chloinne dilsi tholtnaighes ndó ⁊ doghni a reir ⁊ a réim do thelgadh lia chloinn nindilis na comhaill a thiomna nach a recht itir. As  p.276 imne forcoemhnaccair dAodh O Domhnaill ⁊ dia braithribh do riontá an Coimdhi dia rioth mbuadha ⁊ do rad an fhlaith nemdha doibh dara eisi. Ba suaithnid on fora noidhedhaibh ⁊ for cetfaid na mac mbethadh ⁊ na nanmcharat neolach do rala i freacnarcus a mbais.

[151]  O rainicc O Domhnaill don longphort amail atrubhramor ro erail fúadarach fithe fionnchaolaigh 'do dhenomh' do Mhagnus O Domnaill dia iomchur tar an mBernus síar. Ro gnithe an tárach febh ro herbad ⁊ do bretha an tí Maghnus ind íeromh. Tieghait drongbuidhne aidhble lais dia oés ionmhaine ⁊ dia chairdibh archena co riachtator Dún na nGall. Ro dergaithe a iomdaidh othrais dhosom ainnsidhe. Do rata leighe Ui Dhomhnaill chuga día choimchisi ⁊ niro fhedsat freapaidh dhó. Atbertsat gurvo marbh. Ro batar mic bethad iomdha durd S. Franses  69b isin mainistir bai allaníar ind imfhoccus don dúnadh. Dosficcet araill don lucht robtar eccnaide diobh dia shaigidsiomh do ernaidhm a chairdesa frisan cCoimdhidh. Gabhaitt occa thionchoscc ⁊ occ proicept ndó Dogni faoisidin a dhoalach cen nach ndíchell ⁊ addaimh a thurccbhala coleicc. Ro chiestair a pheactha fíadh Día ⁊ bat anaithrech ima indoccbail ⁊ ima miadh menman in airett ro mair. Ropo maithmheach beos don tí rus gon ⁊ atbert gurvo he badhdein fotruair a oidedh doigh asé ro shaigh for Niall cettus. Baoísiomh samhlaidh fri re sechtmhaine ag foichill écca cech oenlaithe ⁊ cele De don urd remraitiu fru airenach na hiomdaidhe na fhochair dogres dia iomchoimét for intledhaibh díabhail. Do bertsomh a choibsena dia anmcharaitt co meinic frisan ré sin ⁊ ro thochaith corp an Choimded ierttain ⁊ ro ecc asendadh (an 22. October .1600.) iar mbuadhucchadh for dheaman ⁊ doman. Basi cetfaidh na mac mbe hadh batar i freacnarcus occa co bfuairsiomh cennsa an Choimdedh ara deghairilledh. Atradhnacht iarom ind othairlighi a shinnseir isin mhainistir atrubhramor.

[152]  Ro baoi a athairsiomh Aódh m Maghnusa m Aodha Duibh ina shendataidh an tan sin oga gaire ind occus don mhainistir. Atcas dóisidhe a mhac do epilt. Feacais for maircctenaigh ⁊ mifri go mór imo mhac coro dhianaighestair  p.278 fora écc. O thainic dhósomh gusna deighencha do riomghart a anmchara a dhochum ⁊ do ratt a choibsena ⁊ doghní aithricche ndiochra fri Dia. Ro thathamhair ier mithisi mbicc ina dedhaid an ⁊ do December in marg. 1600. iarna beith iomnocht imdilmain ó dhemhan ⁊ o dhoman. Ro hadhnacht isin othairlighe cettna hi comfhochraibh dia mac co ffilett a relcci ⁊ a ttaisi dib linaib isin mainistir cétna indiu. Baoí an tí testa annsin .i. Aódh m Magnusa m Aedhu Duibh m Oedha Rúaidh m Néill Ghairbh ina thigherna Cheineoil cConaill Insi hEoghain Cheneoil Moain ⁊ Iochtair Connocht ⁊ for fhoirb a shen ⁊ a shinnser archena fri ré sé mbliadan ffichett coro heinirtnicchedh la Gallaibh co ttard a thigernus cona bennachtain dia mac Aodh Rúadh ierna élúdh ó Ghallaibh (amail atchuadhamar). Fer fúair tighernus gan feill gan fionghail gan coccadh gan comhfhúachad an tAodh m  70a Maghnusu hisin ier nécc a derbhrathar an Calbhach: fer ághmar ionnsoighthech co mbuaidh troda ⁊ tachair i ttigernus ⁊ ria ttighernus indraidhtheoir ⁊ aircctheoir na ccoiccrioch ⁊ na ccomharsan diarvo dú a ríarucchadh occ saigid cheirt a cheineoil co ndobert co fomamaighthe dia reir: fer ro lá sniomh ⁊ deithitte an tsaogail de ier ttairbhirt a thighernais dia mac ⁊ robadh deghairiltnech i leith fri Día occ tuilledh fochraicce dia anmain fri ré ochtt mbliadan gorro écc don chur sa.

[153]  Iomthúsa Uí Dhomhnoill iar bforbhadh dhósomh an triochat laithe ro raidhsiom i forbhaisi forsna Gallaibh do chorustair fair deirghe an phuirt i mbui frisan ré sin ⁊ dol co mennat naile narbhó hesinnille ⁊ ba sía amh biocc ona Gallaib for ur na Finne allathiar etorra ⁊ an Bernus uair ro ághustair úacht na gairbhshine geimhriuta dia fheinnidibh cech noidhche occ forcma ⁊ occ friothaire forsna Gallaibh fodháigh émh basí an tsamhain tarrusair ind an tan sin ⁊ ba mithigh laisiomh a shlogh do bhreth lais i nionadh cumhsanta ierna morshaothar oir níro thuilset hi saimhe fri denus fhoda. Tocomhlat ass iaromh gusan maighin imroraidhsiom. Gabhaitt longphort  p.280 hisuidhe i fosccad fiodbaidhe ind imfhoiccsi na habhann. Dogniet fianbotha ⁊ foirgnemha asa haithle ⁊ gabhaitt occ tesccad an fhedha ina niomthacmhang co ndernsat daingenairbhe doraidh doimthechta don dlúithfhiodhbaid etorra ⁊ a namhaitt co narbo sodhaing a saigidh treimhitt. Ónd úair fosráccaibh Ó Domhnaill an iomshuidhe i raibhe batar muinter Néill hUí Dhomhnoill na néisibh ⁊ na mbuidhnibh occ iomathoigidh for ammus a ccarat ⁊ a ccoiccledh do brath ⁊ taisccéladh an tíre dus an tétairsitis boeghal creiche no oirccne dona Gallaibh. No dhaltais a ccaraitt chucusomh i ninchleithe fecht nann co bfios baogail ⁊ sccél na criche archena leó. Ro ríaghta aroile dhíobh la hO nDomhnaill forsar fforeil a mírun ⁊ a meabail. Nirpó torbha does an taisccélta a tturus uair nisrelicc Ó Domhnoill a muintir i néislis ar no biodhsomh badhdhein cona shlógh etorra ⁊ na Gaill dia nimdeghail ⁊ ba diomaoin do neoch a ffuabairt tairis dia norccuin. Baoi O Domhnaill cen foghluasacht asin du sin co cenn cethrachat laithe gan  70b creich gan orccain gan ammus o cechtarnae dhiobh for aroile esiomh ⁊ na Gaill.

[154]  Inn eacmhaing na ree ⁊ na haimsire sin dosficcet scéla chuiccisiomh go ttudhcha idh long ón Spain co cúan in Inbhir Mhóir ind iarthar choiccid Meadhba. Atracht a mhenmasomh ⁊ a aiccnedh desidhe ar ba celmaine conaigh lais dóigh do ruímin co mbaoi sochraide sloigh ⁊ toirithin on Righ ina leanmhuin ⁊ ro la a thechta gusan du i mboí Ó Néill co bfios scél leo ⁊ dia thochuireadh chucca. Dusréilcce feisin i ccenn tséda darsan mBernus direim marcach ⁊ fosragaibh a shlogh ina longphort ⁊ Rudhraige Ó Domhnaill a derbhrathair hi ccennus forro. O ranuicsiomh tarsan mBernus niro airis acht madh beacc go riacht tarsan Éirne tar Drobhaois tar Duibh tar Muigh cCeittne na fFomhórach tarsan Sliccech co Tír Fiachrach Muaidhe. Ó do rala feil gheine an Choimdhedh i ngarfhoccus dósomh an ionbaidh sin asedh do roine a litri do scriobadh gusan luing ⁊ ba sedh a tothacht seoladh lásan ccetna gaoith dusfiocfadh aniairdes  p.282 co cúan na cCeall mBeg hi Tír Bhoghuine ⁊ co bfuighbhettis eisiomh ⁊ O Néill reimibh inn. Anais Ó Domhnaill asendath i tTír Fiachrach Muaidhe coro ghle lais saoire an Choimdedh dairmhittniugadh. Luidh ass aitherrach gusan Sliccech soir doridhisi. A tchuas dósomh co mbuí O Neill isin cconair chucca tas Magh cCeittne siar ceach ndíreach coro dhianascná O Domhnaill isin sligidh ina dochum condustarla tul i tul. Ro fhailtnicchestair ríamh. Soait immaraon frioth roscc gusan Samhaoir soir aissidhe co Dún na nGall. Fosaighitt hisuidhe fri ré coicc la ndécc ag furnaidhe na luinge remhraite. Ro thionoilsett airigh ⁊ úaisle coiccidh Conchobair do neoch baoi fo mamus Ui Neill o Loch Feabhail co Boinn dia shaigidh an dú sin. Tangattar ón mudh ccetna maithe choiccid Meadhbha do neoch batar dogres fóa mhámus ⁊ fora rainn i ndochum Uí Domhnaill do chuingidh asgadh gó ⁊ gunnadh airm ⁊ éittid ⁊ a rainne archena da cech erndail chonganta tisedh chucu amail ba gnaithbhes dóibh. Batar tra na saórchlanna occ sainol ⁊ occ fledhucchadh frisin ré sin do gaoine bidh ⁊ leanda.

[155]  Tainic an loncc iarttain co cúan na cCeall mBeg i Tír Boghuine. Tieghaitt na flaithe día haithreós. Ro baoi epscob  71a amra forsan luincc. Dusficcsidhe amach ⁊ na techta archena imaroen ris. Ro fhailtnighettor na maithe remhibh ⁊ ríasan epscop sainredh. Do rata i naraccal for leith ierttain ⁊ do gnithe a ffiadhucchad ⁊ a ffriothailedh co nonoir ⁊ airmhitin amail roba dú coro láiset scís ⁊ meirten na mara dhiobh. Atgladatar iaromh ⁊ iarmhafoacht diobh cisi tucaitt fotroghluais. Donarfénset dhoibh an toisc ima ttudhchatar comba dia nertadhsomh i nagaid a namhat do dheachatar riasiu tallsadais céill dia ccabhair o Righ na Spáinne ⁊ co ttarttsat sé mhíle pont leo céttus dia thabairt doibhsiom a ttuarustal día namhsaibh ⁊ erradhaibh ⁊ dusfioccfadh arccatt ba móamh an fecht tanuise ⁊ congnamh sloigh febh ro geallta. Teitt Ó Domhnaill ⁊ O Néill ind iomaccallamh ⁊ ro cheis menma cechtarnae dhiobh co mor forsan  p.284 arccatt oir ba derbh leo co laifitis a namhaitt súil forra ar dhínni mhe ⁊ deroile an chonganta dusfainicc ⁊ comad étoirisi doibh a sainmuinter feisin ⁊ a noes cottaigh ⁊ coimhcheiniúil ond úair atgéntais neimhdeithitin Righ na Spáine imna Gaoidelaibh ⁊ nach derna acht fodhail ⁊ bricch mbicc dhíobh goro mhiodhairset na maithe dlomad an arguitt céttus. Ar aoi sin nirbo háil doibh todhiusccadh feirge na Spainnech uair ní bhaoi nach nderbhiris leó frisi ccaointís a nimnedh no a neccendál no forcuimhgeth a ttoirithin asin aire i mbatar acht Ri na Spáinne namá. Ro ghabsat an arccat ara aba ⁊ ni tria shaint no ailghcs maoine. Do bertsat a bhuidhe frisan Righ fiadh na techtaibh a ndoriodhnacht dhóibh ⁊ do rattsat cóicc cétt ponta dona techtaibh feisin. Ro láiset muinter Uí Dhomhnaill a ffolartnadh chuca isin luincc dfheólaibh agh niomthrom nalaichtmhéith ⁊ ccethnatmolt ccluimhéttrocht cclaonadharcach. Ro sheólsat na techta asa haithle friothrosg isin cconair céttna la ceittinfedh na gaeithe anairtuaidh. Tieghaitt na flaithe for ccúlaibh co Dún na nGall ⁊ ro rannta a narccatt i ndíbh lethibh eiter Ó nDomhnoill ⁊ Ó Néill ⁊ do bertsat i ttúarustlaibh dia nurradhaibh  71b ⁊ dia ccomhrann coccaidh día namhsaibh ⁊ día nerradaibh. Anais an tepscob ro iomráidhsiom i fochair Uí Domhnaill ⁊ na mac mbethadh baoi isin mainistir co rustóchaith re fhoda imaroen friu. No bhíodh seatal naile i farradh Uí Néill. Baoi samhlaidh etorra dib linaibh imaseach fora chuairt co bfarccaib an Eire íar ttrioll.

11. An Deachmhadh Bliadhain, 1601

[156]  Ó ranccatar na flaithe co Dún na nGall an fecht tanuisi ro eitirdhelaighsett na húasail ⁊ na hairicch fri aroile. Teitt Ó Neill cona mhuintir dia ttighibh. Soaitt fir Chonnacht ⁊ an cach donangatar a coicced Meadhbha dia ttíribh ⁊ dia ndúinibh. Docomla O Domhnaill tarsan mBernus asendath ⁊ darsan fFinn co riacht cusan lonccphort i farccaibh a shlogh i nurfhoichill for Ghallaibh ⁊ og gabáil forra tocht dinred na criche día eis nachasfaghbaithi i netarbhaogal nach ind eislis. Ro ghabh greim dhóibhsiomh an dúrchoimhett hisin doigh ni derghensat Gaill fogail no ingreim rob ionáirimh tarsa an ccein baoi Ó Domhnaill ag gleódh na ccaingen remraitiu. Acht namá tan ann do bertsat Gaill Doiri ammus amhnus etrocar for Úa nDochartaigh Seaan Ócc dus an ttáirsitis boeghal gona nó gabhala fair. Ara aoí robadh cenn i ccuithe leomhan nó lamh i nead ghribhe a ionnsoigidh itir cein baoi an toice ⁊ an conách ag congnam lais ⁊ la a choimdidh talmanda. Íar rochtain dona Gallaibh atrubhramar eineach ind ionchaibh fri hUa nDochartaigh ro fhúabair cách a cheli dhíobh co haingidh éttrocar co raoimhidh dona Gallaibh. Ro mudaighit sochaidhe uaidhibh imón Corinél ba tóisiuch iomghona dhoibh. Ridire airrderc eisidhe Ser Iohn Chamberlin atacomhnaic. Soais Ua Dochartaigh co ccosccar. Monúar ámh ba heisidhe a chosgar ⁊ a áithius deighenach for Ghallaibh acc cosnamh a athardha ⁊ a dhomhnais friú ar ba garúair gurro ghabh teidhm difhulaing ⁊ saéth dermháir coro ascná a noibne dfhios an alltair an 27 Ianuair in marg. 1601 sainredh. Ropad líach ⁊ robadh doiligh oidedh an tí testa annsin dóigh as ing má ro bhaoi toíseach aointriocha ched ind inis Eremhóin isna déidhenchaibh roba crodha comhramach i ngníomaibh goile ⁊  72a gaisccidh indas roba  p.288 deach gart ⁊ gniomh eineach ⁊ airbert alladh ⁊ airrdercas. Ba crúaidh comhnart fri cothucchadh ba haghmar aigméil fri hionnsoigidh an tí tathamhair an tan sin. Tangatar techta líe scelaibh a oideda gusan mennat a mbaoi Ó Domhnoill.

[157]  Ro lá i sniomh ⁊ i torus desidhe ⁊ delligh fora mhenmain co mor ⁊ teitt fó athusccsomh i ttraitte úair nirbho fotha cumsanta lais a écc. Fósráccaibh a shlógh ina longphort acht madh beg do bert ina chaoimhthecht fadhein ⁊ iar ttarcclomad an neich robtar uaisle aireghdha do shiol Fíamhain m Cindfhaoladh (diarvo toich oireachus Innsi hEoghain) co haonbhaile chuga dus cia dona maithibh no oirdnidhfedh hi cceannus an triochaitt céd atrubhramar ba fair dellaigh occa íer ccrúdh a chomhairle tigerna do ghairm do Fhelim Ócc O Dhochartaig derbrathairsidhe Seaain Óicc atbail febh imrordaidhsiom uair ba heisidhe ba sine ar aoi naoisi ⁊ ba huaisle íer bfuil dóigh basí inghen Uí Dhomnaill (Magnus) a mathair Rois atcomnuicsi. Do garar íeromh a ghairm flatha don Fhelim fiadh na maithibh i nóighe imna tuccaittibh cédna i nArd na tTaoisech i mBaile Aighedh Chaoín ⁊ do bretha Úa Dochartaigh danmuim fair.

[158]  O thairnicc laisiomh indsin ro shai ina fhritheing dia sccoraibh ⁊ ro forcongair for a shlogaibh an daingenairbhe ro thesccsat ina niomthacmhang do dhaingniugadh ⁊ gan faill do legadh ina ccaithfheis nach ina ccaithettarnaidh do lo no doidhche fodhaigh nachasrelcctis Gaill náid clann Chuinn Uí Dhomnaill tarsa gan ráthucchadh dindredh no do chreachorgain na criche. Do rónadh eiccin fairsiomh indsin. An tán na fuairsiott Gaill ná Niall cona bhraithribh ⁊ cona muintir elang na eislis forsan bforaire ⁊ forsan fforcoimhed baoi forra dogres ó Úa nDomhnaill niro fhodhaimhset gan asccnámh i leth naile lasan aidhilge i mbatar do chuingidh acnamad ⁊ airberta bith uirfheola conadh fair desidh leó brodlom slóigh lánmoir do thraighthechaibh ⁊ do mharcshluagh do breith darsan sen abhainn dar Finn hi Cenel Eoghain m Néill, Ro asgnátar rempa ina réimim  72b go riachtatar co Gleann Aichle hi Cenél Eoghain ⁊  p.290 ro creachoircced an dú sin co léir leó. Sraoínit bheós for cloinn an Fhir doirche m Eóin Meic Domhnaill oc Cnuc Bhuidhbh Deirg ⁊ erghabthar Toirrdelbach Occ O Coinne la Níall O nDomhnaill ⁊ niro léiccedh a geimhiul coro héirnedh sesccat marg do argat ass. Do gabadh leó ierttain an Baile Núa ⁊ caislén na Deirge (di dunarus airrderce íaidsidhe) gorro chroithset món uile maithes do neoch tarthatar inntibh. Dothoet Níall cona braithribh ⁊ cona Gallaibh ina ffrithshed co Leithber íarsan turus sin.

[159]  Dala Uí Domhnaill baoisidhe i fos an airett sin occ coistecht fri Niall cona Ghallaibh ⁊ niro shaigh cechtarnae dhiobh for aroile. A mbaoísiomh an tí O Domhnaill samhlaidh do riachtatar techta a dochum co litribh leó o araill dia irisibh ⁊ chairdib batar i ngarfhoccus do Ath Cliath acc coistecht fri scelaibh na cathrach ⁊ an tSenaidh archena. Basedh tothacht an scribhenn co mbaoi aón dúaislibh na bFionnghall laithe nann imo thosccaibh ⁊ imo chaingnibh fodhéin isin teghdhais toghaidhe i mbatar scribhnidh ⁊ secretairidhe na Comhairle ⁊ coro leghsaidhe litir i trechumuscc a raibhi do scribnibh ann i mbaoi ernaidhm caradraid Ui Chonchobair Sligig Donnchadh mac Cathail Óicc frisan Iustis ar thaiscceladh ⁊ ar thairbirt Uí Domhnaill Aodha Ruaidh (cipsi cruth guin no erghabail) don Iustis ⁊ don Chomhairle. Ba truagh trá lásan daghduine ⁊ lásan úasal an mhiimbirt ⁊ an drochdhiach hisin baoi for cind don airigh ⁊ don ardfhlaith gan a airchisecht ⁊ gan a fhurtacht dia ttisadh dhe cia ro baoisidhe cona uile fhoirb mhaoin ⁊ maithius fo smachtchain ⁊ chumachta na nGall conadh edh do róine an sccél daisneis fo dichleith diaroile epscop irisech catholcdha roba derbhiris dO Dhomhnaill conadh edh indsin tothacht na scribhend do ríacht chucca don chur sin. Ro la socht anbhail for Ua nDomnaill ier legadh na scribhenn co raibhe fri re fhoda gan labhra fri neach ⁊ niro thuil ⁊ niro loing i saimhe co hathaigh imchein dóigh ba duiligh lais an gabad ⁊ an  73a ghuasacht anffóill i raibhe feisin ⁊ ba tanaisi lais dia oidhidh an tí do rad ina cheillsine  p.292 ⁊ ina muinterus tria rinn ⁊ fhaobhar (⁊ dia ttarad asgadha mára da gach erndail ⁊ da gach cenel cruidh ⁊ cethra ⁊ araill do ionnmus do ionatocht ⁊ do aitrebh a chriche ⁊ a chaomhfhorba) do chor i frithbert ⁊ i fuasnad fris ifrithisi. Araill bheós ro la i sniomh ⁊ i torus O Domhnoill: ba homhan lais aos foduird ⁊ egnaigh dia iomchainedh ina éccmhais dia nerghabadh O Conchobhair ⁊ do thubha fris gurro fheall fair gan chionaidh. Ba fair deilligh a mhenma fodheóidh íarsan ccontabairt fhoda i mboi: aroile dia thairisibh ⁊ dia oes gradha do fhaoidedh co hÚa Néill (Aódh) do chrudh ⁊ do chestnucchadh na caingne sin chucca ⁊ dia chomhairlecchadh fris ciodh do ghenadh. Iar ndul doibsidhe i freacnarcus na flatha Uí Néill atfhedsatt co hionfhoilgidhe dó an toiscc ima ttudhchattar. Geibidh Ua Neill fri ré fhoda oga gerscrúdadh cisí hairle do beradh dÚa Dhomhnaill iomon comthabhairt i mbaoi conadh edh ro fhaoidh chucca fodheoidh ó roba deimhin lais ona maithibh iriseachaibh do bert robadh ⁊ airchisecht ndó an tangnacht ⁊ an meabhal ro herthrialladh chuga gurbo techta ⁊ gurbo hadha ndo neach oile do chuimriuch oldas a oidedh fodein do thocht treimit no a chor hi ccarcair ⁊ a ccuimreach amail do rala dó asa aoididh ⁊ asa mhacbrataibh febh atchuadamor coleig. Soait muinter Ui Dhomnaill dia shaigid gusna haithiusccaibh sin Ui Neill leo ⁊ atfttsat uile amail atrubramar.

[160]  O Domhnaill dna do raegha direim marcach do gleire a ghasraidhe asar moo a shaoilechtain ⁊ a thairisi ⁊ nisrelic fri haon uaidibh inro baoi ina menmain acht namá ro forchongair forra comtais eallmha fri gniomh an neith no chuingidhfedh chuca icedoir. Ro thingheallsat do daithescc aoinfhir indsin. Ro dianasgna iaram cona dirim marcshluaigh gan anadh gan oirisim go ranuic gusan nGrainsigh i Coirpre Droma Clíabh ⁊ ro lá a thechta riamh do thochuired Ui Chonchobair ch ucca gusan maigin sin. Do thoett din febh ro forcongradh fair. O do riachtatar eineach i nionchaibh fri aroile ro erb fora mhuintir erghabhail Uí Chonchobair. Do ronadh fairsiom fochettóir indsin ⁊ ro erfhúaccairsiot na hocca do gan engnamh no  p.294 eisiomol do thabairt día uidh ar foghebadh a oirleach dia ttardadh frithbert ndoibh ⁊ nó bhiadh i ngiallnus ag O nDomhnaill an oiret roba tol do. Geibhitt na hanraidh occa iomchiomhet gan nach dicheall ierttain.  73b Doriacht imorro O Domnaill ina fhritheing gusna sccoraibh ⁊ ro lá Ua Conchobair dia chomdha co Loch Iesccaigh.

[161]  Iomthusa Ui Domhnaill baoisidhe aitheallamh cona shlóghaibh isin chaithfheis céttna imroráidhsiom cona frith baoghal gona na gabhála comhruathair na creachoirgne for aon día mhuintir tairsibh an oiret sin ⁊ ni moo ro lamhsat Goill ina bheus Níall Ó Domnaill cona bráithrib derach an phuirt i ra ghaibhsett cettus don leith dia mbaoísiomh. Do rala comhfhuachadh coccaidh athaigh riasan tan sa im chomroinn a ccriche eitir Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxanaigh ⁊ a chombraithre clann Seaain na Seamar m Riocaird Saxanaigh Remonn Uilliam Seaán Ócc ⁊ Tomás a nanmanna. Roslion éd ⁊ ealcmaire formad ⁊ firmisccnighe iaittsidhe frisan Uilleac ima oirdnedh isin flaithius ⁊ tria gach senghoimh do rala etorra ó chéin robadh eimilt do thabairt for aird indorsa: gurro hathchuiredh ⁊ gurro hionnarbadh lasan Iarla an chlann sin Seaain ó gach aird diaroile ier ndénomh foghla ⁊ diberge dofhulachta ina natharda fria neccraittibh ⁊ fri tairisibh an Íarla sainredh cona fuairsett aird no airchend in rob innille leo rochtain dia snadhadh ⁊ do imbirt a mbarainne ⁊ a nainchridhe fora mbrathair an tÍarla ina dul do shaigidh Ui Dhomhnaill doigh emh ba derbh leo día ttísadh da nach naon oile do Ghaoidelaibh a bfoirithin nach a ccomhfhurtacht combadh de a aenar dusfiucfadh. Donangator íeromh.

[162]  Ba garre iar ttorrachtain doibhidhe co hairm a mboí Ó Domhnaill an tan tathamhair an tIarla Uilleacc i mís Mai na bliadna so 1601 (in marg. 1601) ⁊ ro hoirdnedh a mhac Riocard ina ionad. Ro ghabh ierttain ailghes ⁊ iomtholta eisidhe la borrfadh brighe la huaill ⁊ ionnoccbhail iarna oirdnedh dul  p.296 daithe a anfaladh ⁊ a eccraitis for nach ndruing fors mbaoi smacht ⁊ cumhachta Uí Dhomhnaill ⁊ gan oirisiomh co rochtain do co hur Sligicche dia ccaemsadh. Deithbhir ón ar ro dlighsidhe cona chrich uile i ccoitchinne feich dÚa Dhomhnaill cona mhuintir diemtais tualaing a ttobach foraibh ar robtar iolardha a ccreacha ⁊ a ccuarta chuca ina ttíribh. Ro tarcclomadh a dhochum for forcongra an Iustis Lord Montioy araill dona drongbuidhnibh dearmhairibh batar ó Ghallaibh i nduinibh daingnibh ⁊ ind arasaibh aireaghdhaibh na Mumhan do neoch tecomhnacair ina chomhfhochraibh .i. i Luimneach hi Cill Mocheallócc inn Eas Gebhteine ⁊ i nndiongnadhaibh oile  74a cenmothátt. Batar beós i nerloimhe fora chionn na slóigh tecomnacatar on mBainriogain inn árusdúinibh airrderca choiccid Olnéccmhacht .i. i nGaillim i nAth Lúain et cetera. O do rionáilsiut na maithe sin co hoénbaile con doraisealbhait don Íarla sin Cloinne Riocaird día ttardad a ccennus ba hedh ro chinnsiut daoinmenmain asccnamh céttus foa ccumang co Mainistir na Búille dus an ccaomhsatais déislis nó detim rochtain aissidhe co Slicceach. Iomthusa Uí Dhomhnoill dna ón cettna fecht rangatar sccela dia shaigid co mbatar na toichestail tromshloigh sin occ tríall ina dochum ro fhaoidh forairedha forlethna forsna conairibh coitchenna in robadh dóigh lais an tÍarla cona shocraitiu do thochur ina chenn. Ba tanaitiu a chongaibh chathasomh ⁊ a chliath gabhala fri hechtairchenélu an sernadh ⁊ an sccaoiledh do bert fora shlóighmhiledhaibh in gach maighin i mbátor .i. drechta dermhára isin chaithedarnaidh ⁊ isna scoraibh atrubramor ind urfhoichill na nGall tárrusair i nDoire ⁊ i Leithber ⁊ Néill Uí Dhomhnaill cona braithribh sainredh: dronga móra ina rioghdhúinibh dia ccomhdha fora biodhbadaibh arna faghbhatais i nettarbhaogal gan cosnamh ittir: atíatt na dúine oilén Locha hIasccaigh Dún na nGall Ath Senaigh Cul Maoile ⁊ Baile an Motaigh: ⁊ araill dia shlogaibh ina chaoimhthecht fadhein tan teigedh fri hadhlaicc éigin cecip nach leth.

 p.298

[163]  O ranuicc an tÍarla cona shlogh darsan abhainn dianad ainm Suca ótchúala an suidhiugadh ⁊ an sámhucchadh forsa rabatar muinter Uí Domhnaill seachnon na sédshligedh súaithnidh ⁊na cconairedh ccoittchiund ⁊ co ttaotsadh badhdhein i neallmha dia ttóiridhin diambadh airc no eiccen doibh basedh do róine ro thairmchéimnigh cona shlóghaibh soir gach ndíreach do mínródaibh maighréidhe Machaire Maighe hAoí co ranccatar co hOilfinn hi ccoiccrich Maighi Luirg ⁊ Ua mBriúin na Sionna Cloinne Cathail ⁊ Maighe hAoi an Fhinnbhendaigh. O Domhnaill tra oro haisneidedh dhó an tÍarla cona shlocchaibh do thocht an du sin ni tharatt i foill nach a neislis acht ro escomhlá ⁊ ro dhianaigh do ló ⁊ dadhaig gusan líon as lía forcaomhnaccair do shocraide ina fharradh gorro shuidigh a longphort aird i naird risan longphort naile. Ro batar athaigh samlaidh eineach inn ionchaibh fri araill. Ba fuileach fraisdiubhraicthiuch crechtach cróileatarthach na hammais aindrenda ⁊ na deabhtha  74b duilghe doiongabhála ro ficched etorra do dhíbh leithibh robadh eimhilt daisnéis imaseach acht chena ro mudaighit ile día nóccbaidh do ráith ⁊ do rata annaill i fuilibh ⁊ a ccrechtaibh combtar sgithigh toirsigh fodheóidh díaroile gurvo mithigh lásan Íarla cona shlogaibh iompúdh dia ttíribh ⁊ dia ttighibh ⁊ do ronadh aidhmilledh ⁊ adhbailsccrios áiticchthi ⁊ arba lasan Íarla cona thoicheastal ag soadh dhoibh fora nesccairdibh .i. Siol cConchobair Rúaidh ⁊ Siol cCeallaigh batar hi rann ⁊ hi muinterus Uí Domhnaill.

[164]  Tuirthechta Néill Uí Dhomhnoill cona derbraithribh ⁊ cona Ghallaibh óro cloathar leó Ó Domhnaill do dhul hi ccoiccedh nAilealla co ttóthacht a shlóigh ⁊ an imnisi chatha i mbaoi fri hÍarla Cloinne Riocaird cona Ghallaibh amail atrubhramar ⁊ an lucht feithmhe ⁊ forchoimheda faitchis ⁊ fureachrais fósrágaibh Ó Domhnaill fairsiomh día fhostadh allathoir don Bhernus do sccaoiledh ó aroile do chuingidh acnamaidh ⁊ airberta bith ba derbh lais mana chingedh cona fhianlach don chur sin tarsan Bernus narbo soirbh ⁊ narbo réidh dhó a ionnsoigidh fecht naile dia mbeith Ó Domhnaill in nach mennat isin crich uile conadh aire sin ro forcongair fora mbaoi foa  p.300 mhámus do Gallaibh ⁊ do Ghaoídhealaibh asgnamh co neimhlesg neamhshadhal lais gusan mBernus ndoraidh ndoimthechta baoi rempa. Do ronadh an airle sin fairsiomh fochettóir ⁊ ro chingset ieromh ina mbuidhnibh troma toirtemla ⁊ ina ttuinnsemoibh tiugha tothachtacha i réimdirghe na conaire gusan mBernus mbreacroilbheach. Ro la Níall direim marcach reimheibh do thaisceladh ⁊ do remhimchisin na conaire cuarchuimhge baoi fora cciund dus an mbiadh eatarnaidhe no iomchoimhet ona scoraibh i mbatar muinter Uí Dhomhnaill fuirre febh roba gnaithbhés doibh itir. Ni paoi éccin acht madh uathadh doigh ro eisreidhsiott imón ccrich ina ccomfhochraibh lasan adhailge loin i rabhsat iar ndul Ui Domnaill úaidhibh i cConnachtaibh amail remhepertmar. Do rala eiter an uathadh sin ⁊ an toes fairccsena ro ordaigh Niall Ó Domhnaill reime. Ro sraoinedh forra i nucht Neill cona muintir ⁊ ro mudaighitt araill diobh. Oro rathaighsiut na forcoimedaidhe úaite ro iomráidhsiom do mhuintir Uí Dhomnhaill na baoi bá doibh cosnamh na conaire frisan tsochaidhe ⁊ oro láisett airdmhes foran anfforlann batar occ mallasgnamh ina ndochum basedh ro chindsiutt  75a gan a ccosgar ⁊ gan a náithes do thabairt dia mbiodhbadhaibh ⁊ dilsiucchadh na conaire dhóibh gan coimthriall a cosnamha friú ni badh síriu ⁊ a niomghabáil don chur sin: go rainicc Níall cona thromthoichestal amlaidh sin gan anadh gan oirisiumh co ragbhaiset longphort i mainestir Dhúin na nGall maighen i mbítís na mic beathadh ⁊ na sruithe psailmchettlacha do urd S. Fran. fri hurd ⁊ oiffreann cen foghluasacht dogres lá Gall no lá Gaoidel oro chédghabh an tAodh Ruadh sa Ó Domhnaill flaithius gusan tan sa ⁊ din naro hathchuiredh ⁊ naro hionnarbadh riamh asin mennot sin on chettna fecht ro hedbradh an bendchobhar bendaigthi sin lasan retlain rioghdha remtherchantaid Aodh Rúadh m Neill Ghairbh m Toirrdhealbaigh an Fhiona acht madh an mithisin mbicc ro rémhaisneidhsiom ria noirdnedh an Aedha Rúaidh déidhenaigh i nairdchennus a athardha. Ba garúair co ndobertsomh  p.302 ina bfritheing dia ndeirthighibh derrittibh ⁊ dia ccubhachlaibh claruaighte co mbatar occ foghnamh co diochra don Choimdid gan tesbaidh neith forra ina reimhes eiter brat ⁊ biúdh gusan laithe hisin. Ni má ionnúa ro genair on cclainnfhreimh comnairt ⁊ on dos didin ⁊ on ail nemhchumsccaighthi ⁊ ón urd esoirccne brúiti biodhbadh .i. ó Aódh Rúadh mac Neill Ghairbh do rad an edbairt soinemail sin do Dhía ⁊ do naomhurd S. Fran. do raith a anma badhdein ⁊ a bunadhfhreimhe isin seachmathacht ⁊ a chlannmhaicne isin todhochaide ⁊ dia mpoi hi ttoicthen a tabhairt an tan sa don ainfine echtaircheineóil ⁊ don biodhbaidh bunaidh bator ag seinshliocht Gaoidil Glais m Niuil ó chein mair anall.

[165]  Óro siecht la Niall cona braithribh ⁊ cona Gallaibh tocht gusan mainestir atrubramor ba slan lais a mhenma ar rochtain hisuidhe fobith ba daingen innill an tionad a ttarrusair ⁊ nirbo héiccen día mhiledhaibh muir naitt sccura do chlaidhe ina niomthacmang ar batar a ffolartnadh ann chena. Ba garfhoccus dho dna crothadh ⁊ indredh na criche i ccoitchinne chuccu gach tan ba tol don chummusccshlógh tecomhnacair ina fharradh ona baoi nert slóigh ag gabhail fris no inn iomshuidhe fair. Ro lá araill dia muintir ⁊ dona Gallaibh gusan Machaire mBeg allathiar do Dhún na nGall. Ecclus oile isidhe do ratsott a shinnsirsiomh fecht ríamh diaroile saindrong don urd chetna ⁊ ba hinnillsidhe fri fosucchadh innti ón mudh ccétna.

[166]   75b Dála Uí Domhnaill iar ndedhail dhósomh ⁊ do Íarla Cloinne Riocaird friaroile febh atchúadhamor coleicc rainicc fios chucca Níall Ó Domhnaill cona Ghallaibh do thocht darsan mBernus nairrderc co Dún na nGall ⁊ ionnus donangatar ⁊ a ndorighensat int. Ba sniomh adhbhal lais naro chumaing bith ina bfoimhdin ⁊ ina nurfhoichill ag rochtain dóibh triasan mBernus mbelchumang ⁊ triasan cconair ndoraidh ndoimthechta tríasa ttudchatar doigh roba lanshaoilechtain lais slan a mhenman dechtaib ⁊ daidhbenaibh dfhaghbháil forra dia mbeith i nerlaimhe fora cciund. Araoi do róine fodhail ⁊ bricch mbicc dona  p.304 sccélaibh ro haisneidedh dhó ⁊ ro ghabh for diamlugadh ina mbaoí do ghalar ina medhonchaibh ar ba bes bunaidh dhó nach tan no chluinedh ní no laadh i sníomh no hi torus nicon taisealbadh nach comhardha ndoimhenma itir acht ba gnuis shubach shofhorffaoilidh donairfenadh i ffoillsi fiadh cech naon no bhíodh ina chetfaidh. Araill dna do bert coimhdhiodhnadh mór dia thoruss fobith ba súaill beg a mbaoí día shainmuintirsiumh dia ccrodh nach día ccethraibh allathúaidh don tSamhaéir inn ionbaidh sin uair ba cían riasan tan sin oro herbadh uadha fora mhuintir tochomhládh cona nuile folaidh ⁊ innile hi coiccedh Meadhbha .i. hi ccrich Cairpre m Neill ⁊ hi Tír Fiachrach Mhuaidhe gurro ghabhsat ionatacht ⁊ aithtreabadh isna tíribh sin cidh ríasan tan dusfangatar an tasccar murchoblaigh remetudhchatar co Loch Feabhail m Lottain. Acht chena ba nemadha mhor lais Níall cona Ghallaibh do bith gan fúabairt úadaibh ⁊ naro legadh doibh tochtt sechtair asna portaibh i raghbhaisett do chuingidh creiche na oirccne conadh edh arriocht lais fochettóir a shloigh do tharcclomadh darsan Éirne fothuaidh coro ellghiostair a longphort i ngar hoccus dona mennattaibh i mbatar na Goill ⁊ ro ordaigh forairedha feithmheacha fobartacha ⁊ aés iomchoimétta aithe éttroma for enaigibh erdhalta ⁊ for bernadaibh baogail cona helaidedh cuána naitt caibhdhena uaidib i ndorcha oidhche no i ttáidhe fholaigh do chuingidh a nadhailge no do thabairt fuillidh lóin ina lenmhain asna portaibh inro ghabhsat hi ttosach gurro fhas dochma agus teirce mhór i longphortaibh Neill Uí Domhnoill ⁊ na nGall desidhe. Ro faoidhitt litre la haoinghille ro láisett uaidibh co hionfhoilghidhe gusan Doire nairrderc  76a airm hi raghbhaisett port cettus día asslach for airechaibh an choblaigh batar béus an dú sin long da mbaoi leo do thóchor dia saigidh asin Doire atrubhramor la hor an tuaiscirt gach ndíreach gusna haidhme ropa tesbaidh foraibh eiter arm ⁊ bíudh ó dorairmiscc Ó Domhnaill iompaibh taisteall na tadhall an tire cipindus do thabhairt creiche no gabhal chuca dia mbethamnus ⁊ mana dernta forra indsin combo heigen doibh deirghe na port i mbatar no dílsiugadh  p.306 a nanmann dia naimhdibh. Niro leigedh for dáil inro chuinnighset doigh ro herlamhaigedh i neallmha an mbairc mbronnfhairsing corro sheolustair la tinfedh na gaoithi anairtúaidh cech ndírech gurro ghabh foss ind imdhomain puirt an iomchuir for ionchaibh na mainistre a mbatarsomh. Nirbo soinmeach sadhal ro thochaithsett na sloigh cechtardha an airett ro bás occ na huirthriallaibh imrordaidhsiom acht roba guineach geslach frithir firneimhneach crechtach croileadarthach na fuabarta fergmhisgneacha feighe forránacha ⁊ na troda tenna talchara niata nithghonacha naimhdidhe ro hiomclaidedh eatorra do dhibh leithibh combad emhilt láa naisnéis deabhtha ⁊ dunoirccne gach laoi ar núair acht namá ro machtaitt ⁊ ro marbhaitt droncca dirímhe daghlaóch galgaitt ⁊ gerratae do ráith etorra sán cán ⁊ do rata araill i fuilibh ⁊ i fulraidh i naladaibh ⁊ i niolghonaibh naro hoighíocadh riamh combtar biothainmhigh goa nécc.

[167]  Ruccsatt ass amlaidh sin cách uaidhibh i foimhdin aroile cusna laithibh deidhenchaibh do mis September. 1601. Inn ecmhaing na ree sin donarfaidh an Coimdhi a chumachta forsna hibh ronaitreabhsat i tolccaibh ⁊ a ttegdhaisibh na mac mbethadh ⁊ na nurd nennac ⁊ lasro diochuired íad fodéin co hesraoite énamail i foithribh ⁊ i fáinghlenntaibh febh baitís faolchona ⁊ anmanna altaidhe combo sí ceddioghal do bert Día foraibh cecip cruth atrala an do nimh fá an do thalmhain teine do bhreóghabhail isna bairillibh púdair batar leó i mainestir Dúin na nGall fri foimhdin ⁊ foichill an choccaidh baoi aca dogres fri Gaeidelu ⁊ fri hÚa nDomhnaill sainredh gurro dhíenbhlosgustair an púdar isin aiér inn airdi conarbho hairde a dethach oldas a derglasair co ttarlaic an faircle firleac fionnaolta na feinestre ⁊ na foirlésa faircsenae cusna huilibh chumhdaigibh cloch ⁊ crann do rala fo erchomhair an phúdair don naoimhecclais ier núachtar corus comhloiscc an crannchaingeal cumhdachta ⁊ na cubachla claruaighti ⁊ na sailghe sémhshnoiti  76b ro samhaighedh co saoramail ier niníchtar. No bíodh dna an chloch ⁊ an crand ⁊ an duine ina oighe ⁊ ina iomlaine gan comhroind  p.308 a chuirp itir i trechumuscc for eitegail ⁊ iomluamhain etarbhuas úaistibh fri re fhoda condus fuititis for talmain ina ttamhnaibh dubdhoite ⁊ araill dibsidhe hi cennaibh an lochta batar fothaibh ag soadh friothroscc co talmhain gorro breobhasaigedh sochaidhe diobh an tucht sin.

[168]  Oro rathaigset an lucht feithme ⁊ forchoimhetta batar o Ua nDomhnoill forna Gallaibh an smuitcheó diadh ⁊ dethaighe dermaire ingnaithche anaicenta do rala uasan mainistir ro ghabhsat ag diaindiuvragadh i nubhaillmeall luaidhe ⁊ a ccaor ttaidhleach tteintidhe do thoghairm Ui Domhnaill cona shlogh ina ndail i traittiu do fhuabairt na nGall daigh emh robtar iatt na torainndiubraicthiu tarlaicset teachta robtar eallmha esccaidhe día erfhuagra dhosomh tuidhecht ina ttoirithin. Nirvo hiomchomhairceach ro freaccradh an urfhogra sin la hÚa nDomhnaill cona shlogh ar ro chingset co dian deinmnedach febh ronugsatt dia aloile ina ndronccaibh ⁊ ina ndiormaibh co dú i mbatar a muinter occan mainestir.

[169]  Ro daingendluthaigitt an deabaidh do dibh leithibh etorra iarttain. Robtar aighthi namhat im rae ⁊ niptar aighthi carad im chormaim donairfénsat na coibdealaigh ⁊ na comhfhuilidhe diaroile don chur sin. Ba duiligh dichumhaing do mhuintir Uí Dhomhnoill freastal diubhraicthiu na nócc batar isin mainistir la daingeninnille na mur ina niomthacmang oga nimdhiden forra ⁊ la fraisdiubraicthibh na ngalgat do reccaim allanair diobh hi caistiall Dhúin na nGall ⁊ bheos la coimthealgadh na ccaor niomthrom niarnluaidhe no laithe forra la foirinn na luingi luchtmaire baoi inn iomdhomhain an chuain fora nionch aibh allaniar. Acht ara aoi robtar iatt muinter Uí Domhnaill battar foirtille isin iomghuin coléicc. Oro airigh Niall Ó Domhnaill a mhuinter ⁊ na Gaill oga fforrach isin ffoireigen do ruimin ina menmoin ionnus na fhoirfedh íett conadh edh doróine elúdh co hinchleithe co crodha ceimnertmar la hor an chuain síar cech ndirech gusan Machaire mBeg airm a mbatar fianlach mor dona Gallaibh (febh atrubhramar) ⁊ do bert lais iatt isin conair chettna dfhortacht a mhuintire ⁊ na nGall ⁊ ro ghabsat foirind  p.310 na luinge remepertmar acc urscclaighe ⁊ acc deabaidh tara ccenn co rochtain doibh tarna muraibh medhonchaibh inunn isin mainistir. Batoir aneimh dhosomh ⁊ dia mhuintir an lucht sin do bert dia shaigidh ar baitís muinter Ui Domhnaill robtar cosgrach munbadh  77a indsin. An tan do ratt Ó Domhnoill día úidh daingininnille an ionaitt a mbaoi Níall cona Ghallaibh ⁊ an foirlion sloicch rangator dia shoighidh ba nemadhae mhór lais a mhuinter do mhudhucchadh ind éccomlann ni badh moamh gurro forchongair fora miledhaibh derghe na deabhtha ⁊ soadh dia scoraibh. Do ronadh fochettoir fairsiumh indsin.

[170]  Ro horta sochaidhe uaidhib adiu ⁊ anall. Ba dona huaislibh do rochair o Ua nDomnaill isin deabaid Tadhg mac Cathail Oicc Mic Diermada do shoerchlanduibh slechta Maoilruanaidh a Muigh Luircc co ndruing oile cenmothasomh. Torchair don leith oile Conn Occ m Cuinn derbrathair Neill Ui Dhomhnoill co ttribh cedaibh imaille fris eiter guin ⁊ losccadh. Ba rinn ágha ⁊ erghaile ⁊ ba gnath buaidh cecha cedghuine ag an cConn sa do cher don chur sin. Ro dhlúthaigh ieromh O Domhnaill a longphort ni badh goire biucc don mhainestir ⁊ rosfaoidh araill dia mhuintir i forbaisi isin Machaire mBeg dú inro fhosaighsett cetus na Gaill do bert Niall lais do fhortacht a mhuintire febh imrordaidhsium. Hi feil Michil archaingil araoi laithe sechtmaine do ronadh indsin.

[171]  Baoi Ó Domhnoill samhlaidh isin iomshuidhe chetna for Niall cona Gh allaibh ⁊ ogá ttabairt i tennta ⁊ a ccuimge dofhulachta o deiredh September co diúidh October gan nach ngníomh nairrderc robadh dior dfhoraithmhett do denomh etorra an airett sin cen co ttorracht fios sccel chucca an tasccur murchoblaigh donangattar o Righ na Spaine dia nertadh i naghaidh a néccratt feibh do ringheall doibh o chein. Basedh ionad inro ghabhsat an coblach Spainneach caladhphort hi cuan Chinn Saile occ bun glaislinne Bandan i coigcrich criche Cuirseach do thaobh ⁊ Cenel Aodha .i. duthaigh an Barraigh  p.312 Oicc don taobh araill. Donn Iohn de Agolo basedh anmaim an ghenerala roba forcongartaidh uaistibh. Oro ghabhsat tass an du sin do bertsat dunadh Chinn Saile foa noighreir ⁊ foa mámus badhdhein. Ro rannsat a nairigh ⁊ a nuaisle a ccodnaigh ⁊ a ccaiptine for diongnadhaibh dersccaighthe an bhaile ⁊ a bfianlach áigh ⁊ iomghona fora bernaibh baogail ⁊ for a chernaibh cosnamha fri faitchius ⁊ fri forcoimhed imaseach iar nurd feibh do rionchoisccsiut a ccennphorta doibh. Do ratsat chuca ierom hi tir asa longaibh gach naidhilgi baoi leó eitir arm ⁊ ordanas pudar ⁊ luaidhe biadh ⁊ digh. Imsaiset a longa ina bfritheing dia ttíribh ⁊ dia ccennadhachaibh fodhein dáigh ni thardsat ina menmain a tairmiomarchur intibh i noibne.

[172]  Ro baoi aroile baile allathoir do  77b chúan Chinn Sáile darvo comhainm Rinn Chorráin hi fferonn an Bharraigh Óicc i cCenél Aédha sainredh. Ro chuirset na Spáinnigh araill dia naireachaibh i forcoimhét ⁊ i forbaisi isin mbaile sin. Gabhaitt ierttain for daingniugadh a sccor ⁊ ac cclaidhe ag samhughad ⁊ ag seolshuidhiugadh a nordanais fora nerchomhair ina niomthacmhang ina ccartachaibh cobhsaidhe comhnarta uair rob erdhalta leo co ttiucfad an Justis co narmáil na Bainríoghan ina ndochum dia ffúabairt an tan ro soisiudh sccela chuccu. Oro haisneidedh íeromh don Justis gabhail doibh an dú sin ⁊ na huile do righensat do rionáil an lion as lía conanagair gan esnadhadh gan iomfhuireach co riacht hi cennchomair friú co mbatar eineach i nionchaibh fri araill. Do roich ann beos Praesidens dá choiccedh Mumhan ón mudh ccétna cona thoichestal. Donanaic ann Íarla Cloinne Riocairtt cona shochraitti ⁊ nírvo híaidsidhe namá acht gach cenn slóigh ⁊ gach tigerna tíre do neoch baoi inn unhla ⁊ inn aittitti don Bainrioghain i Mumhain i Laignibh i Midhe ⁊ hi Connachtaibh do riachtattar gurro chomshuidighsett a ccampa tul i tul fri Cind Sáile ⁊ fri Rinn Corráin sainredh. Niro leiccedh tathamh ná tionnabradh adhall ná ionnsoigidh dona Spáinneachaibh do eccaimh i Rinn Chorráin acht deabhtha diana diubhraictheacha ⁊ ammais fherrdha fhuileacha forra do ló ⁊ dadaigh goro heráileadh forra fodheóidh tocht disccir diairm for eineach ⁊ fhoesamh an Justis  p.314 ⁊ o do ringheall a snadhadh ro rann íaittsidhe for ardbailtibh mora na Muman co bfesadh cionnus no bhíadh a eitirghleodh frisan lucht naile do árrusair hi Ciund Sáile.

[173]  Baoi imorro an Justis cona shlócchaibh ⁊ gusan lucht naile batar i forbhaisi for Rinn Chorrain gó sin foran abairt chétna acc caithemh ⁊ acc coimhdhiubhragadh na Spáinneach báttar hi cCiund Sáile an céttna feacht: an feacht tánaisi occa náil ⁊ oga nettarghuidhe tria chaoínbh ríathraibh ⁊ milisárusccaibhim thocht for iocht ⁊ eineach an Justis feb tudhchatar an lucht naile donangator a Rinn Chorráin. Atbertatarsomh narvo gnáithbhés do miledhaibh an tíre asa ttudhchatar feall fora neineach nach fora ccoimdidh talmanda ⁊ narbo sodhaing a ttoghaothadh tria thinghelltaibh gan tóthacht no tria chealgchomhadhaibh cédluitheacha ⁊ na tíestais tara mbréithir frisan bfiorfhlaith ffoirglidhe dia ffoghnataois la rosfaoidhit  78a i ttóirithin na nuasal bátor inn imnisi choccaidh ⁊ chatha friúsomh ag cosnamh a nirsi ⁊ a nathardha roba menmarc leósomh do ghoid forra ar gach ló. Batar tra an tucht sin combtar sgíthigh toirsigh cechtarnae diobh dia aloile la a imcheine leo bith isin caithfhes comhfhúabartaigh gan codladh gan cothtomhaltus gan airer gan aoibnes acht cach diobh i foimhdin ⁊ i foichill aroile do lo ⁊ dadaigh acht chena ba moo deilligh foran Justis cona shlógh bith an ionnus hisin oldas for na Spainneachaibh doigh b a hiaidsidhe ba moamh ro gnathaighset iomshuidhe forra ⁊ úaidibh ⁊ ba menci ro fromhadh in gach erndail do erndailibh an choccaidh uair ba frisidhe ro hoiledh ⁊ ro lesaigedh ermhor an cheineóil chosnamaigh dia mbatarsomh co ttardsat tire ⁊ t reabha criocha ⁊ cendadhacha ile foa mamus ⁊ foa ccumhachtaib allos irsi amhainsi ⁊ inntlechta araoi crodhachta calmatais ⁊ cathbhúadha conarbo soirbh frithbert friu manbadh ainshén forsan cach lás congnitis. Conadh aire sin ro baoi for menmain don Justis soadh doridisi go hAth Cliath ⁊ a miledha do sccaoiledh for priomhdhúinibh fíordhain gnibh Leithe Mogha Núadat cen co ttorrsed Iarla Tuadhmuman la forcongra na Bainriogan a Saxaibh dochum nÉrenn do chongnamh lasan Justis co ccetheóraibh milibh do ghleire glanshlóigh lais gurro ghabhtais don leith a mbaoi an Justis do Chind Saile.

 p.316

[174]  Ba isin re sin do bertsatt na Spáinnigh ionnsoigidh aindiuid airbertach aén na noidhche ann ⁊ rangatar sechtair asa múraibh co campa an Justis ⁊ gusan maighin a mbaoi an tordanás mór no biodh ag blaidhrebadh ⁊ ag boirbbrisedh gach laoi na múrchaisteol na ngniomh cloch ⁊ clarach ro cumdacht leo ina niomthacmhang conadh é aireg arrangatar araill dona gonnadaibh guthardaibh do groidlíonadh do chlochaibh cenngharbhaibh do shonnaibh do shabhaibh ⁊ do ghinntibh íer mudhucchadh an fhíanlaigh batar occa niomchoimhét. Ro rathaighit íerom ocon urobair sin ⁊ imsáiset muinter an Justis fóthaibh ⁊ ro ghabhsat ag guin ⁊ ag geroirleach aroile athaig foda don oidhche gurro chingset na Spáindigh co cobhsaidh céimrighin friothroscc dia scoraibh fodheoidh ⁊ ro hortait sochaidhe leo ⁊ úaidhibh. Do ronsat brigh mbicc dia tteasbaidh ó do righensat an coibhéis sin do chuittbedh a mbiodhbhadh. Ni baoi osadh laoi na oidche eiter an dá champa sin o conrangatar fri aroile gan todhail cro ⁊ snidhe fola adiu ⁊ anall etarra gus  78b an laithe deidhenaigh da ttanuic a niomsccaradh ⁊ a neittirgleódh.

[175]  Iomthusa Uí Dhomnaill oro haisnéidedh dhó an coblach Spáinneach sin do ghabáil chaladphuirt i cCiund Sáile febh imrordaidhsem fósragaibh an iomshuide i mbaí for Níall Ó Dhomhnaill cona Ghallaibh batar i mainistir Duin na nGall (amail atrubhramor) ⁊ do roine fodhail ⁊ dimbrigh do nach caingin itir sechus rochtain i ndáil na Spáinneach uair ba híaittsidhe cona Righ aoininnethemh ⁊ aoinshaoilechtain baoí occa dia thoirithin ⁊ ba asa loss conúarccadh a choccadh cétus. Roslion lainne ⁊ langhairdeachus é dia ttorachtain ⁊ ba dimbrigh lais Gaill do airisiomh nó do aitreabadh isna portaibh i raghbhaisett ina thir ar ba derbh lais no elaidhfitis i naonar eistibh diamad la Gaoidhelaibh ⁊ la Spainneachaibh cosccor íar nimnisi catha frisan Justis hi Cind Saile don chur sin conadh edh do róine triasna fothaibh sin a escongra ⁊ a erfhogra dia mbaoi fóa mhamus ⁊ foa chumachtaibh ó Thoraigh an Tuaisccirt co huruachtar O Maine ⁊ o Shruibh Brain ind Inis Eogain m Néill co hIorrus ier níarthar tegar ⁊ tionol ina dochum co  p.318 haonmhaigin co Baile an Mhotaigh. Ro airisiomh an dú sin co ttarnacair lais erdach na Samhna ⁊ condorecclaimset a shloigh ina dháil ina ndronccaibh ⁊ ina ndíormaibh co menmnuch niadhach moraigentach gach tigherna tíre ⁊ gach taoisiuch tuaithe ina aonbroin for leith ag mallasgnamh imaseach gurro soisedh leó taisealbadh a ttionol ar nuair don ardfhlaith.

[176]  Dosfangator céttus foa thoghairmsiomh Cenél Conaill Gulban m Neill uile nogh acht Niall Ó Domnaill namá cona braithribh. Donangatar ann na teora tuairccnidh catha no bhiodh laisiomh ⁊ laa chenel dogres .i. na tri Mic Suibhne do shiol Eoghain m Néill a Fanaitt a Túathaibh Toraighe ⁊ a Tír Boghuini. Doriachtattar ann beos in rob airegdha do shiol Briain m Eachdach Muighmedhoin cona móirthionol cenmotha Ó Conchobair Sliccig Donnchadh mac Cathail Óicc baoi i ngeimheal occasomh febh remepertmar. Donaót ann Ó Ceallaigh .i. Ferdorchae gusan lion as lía conanagair do Uibh Maine immaille fris. Do rocht ann din na hi ro aitrebhsat i Connachtaibh do shiol Corbmaic Gaileng m Taidhg m Cein m Ailella Auloim cona muinteraibh. Dosficc ann Ua Dubhda do shiol Fiachra m Eachdach Muighmedhóin co ttoichestal Ua Fiachrach Muaidhe ina fharradh. Tainicc ann ón mudh ccetna Mac  79a Uillíam B urc Teabóitt mac Uater m Seaain m Oiliverais co lion a shocraitte. Batar dan i ffochair Uí Dhomhnaill an tan sin na húaisle donangatar a hiltiribh for for athchur ⁊ ionnarbadh dia ionnsoigidhsiomh dacaoine i ndimnedh ⁊ i neccumaing fris dus an ttisadh dhe a bfortacht nach a ffoirithin on annorlann i rabhsat ag Gallaibh ⁊ ag araill dia ccenelaibh. Roba dibhsidhe clann Seaain a Burc (.i. Seaan na Semar) m Riocaird Saxanaigh Remann Uilliam ⁊ Tomas. Ba diob don Mac Muiris Cíerraighe Tomas m Paitriccin m Tomais m Emainn m Tómais ⁊ Ridere an Gleanna Émann mac Tómais ⁊ Tadhg Caoch m Toirrdelbaig Mec Mathghamhna ⁊ Díarmaitt Maól m Donnchaid Mécc Cárthaigh. Ba hinrigh  p.320 toichim ⁊ tuarusccbail an toichestail tromshlóigh la hÚa nDomhnaill an dú sin diamadh lainn lasa fFíadha fforordha nert ⁊ cennus do ghabhail dóibh. As derbh deimhin co raghaibhset araill do rioghaibh Érenn riamh Inis Ughoini la sochraitti sloigh robtar úaite olttáitt an fianlach fraochaigmhéil do recclamatar isuidhe co haonmhaigin ceni conghnitis na laochbuidhne lerdha luthmhara ro tionoiledh lá hÚa Neill foran sloigedh lionmar lainmhenmnach ro baoi lais ina leanmain.

[177]  Do asgnatar ieromh na tromshloigh sin an dara la do mhís November ina nuidedhaibh ionmalla imthechta ó Bhaile an Mhótaigh co Bel an atha fada la hor Locha Cé co hOil Finn tria chontae Rossa Comain doirther Contae na Gaillmhe go Siol nAnmchadha co Bel an tSnamha ⁊ co hAth Cróchda for Sionainn. Aissidhe íeromh do Delbhna Meg Cochláin. Ro hindredh ⁊ ro hoircced an chrioch sin co leir leo ⁊ do bertsat truimnell teinedh tairsi ⁊ ro loisccset dúnárus Meg Cochláin fadhein. Roba riaraigh na tíre triasa ttudhchatar doibh gó sin. Lotor íarom tria Fheraibh Ceall dar muinchinn Sleibhe Bladhma co hUíbh Cairin. Ro gabadh longphort la hÚa nDomhnaill cona shlogh for cnoc Droma Saileach i nUibh Cairin ⁊ ro airis fri re mís isin maighin sin occ iomfhuireach fri hUa Néill baoi ag asccnamh co hionmall imrighin ina leanmhoin. Ni antais na slóigh sin acht acc siredh ⁊ acc sirimthecht ag creachadh ⁊ acc cúartugadh na ccrioch ina niomthacmang an airett sin in gach airm no friothardadh friu ⁊ in gach maighin roba tairisi do Gallaibh sainred ⁊ ba móumh nosinntsamhlaigedh friú. Do ríacht chuca i lithlaithe fheile Andreas sainredh an Chroch Naomh Úachtarlámann dia  79b sénadh ⁊ snadhadh co ndruincc do manchaibh Mainistre na Croiche Náoimh occa hiomchur ⁊ ro hioradh iaittsidhe dedbartaibh dofralaibh ⁊ dalmsanaibh iolardhaibh gomdar buidig. Niro chumaingsiot dérach an luicc sin i neallmha lasan aigh anaicenta ⁊ lasan sneachta sleamaintiugh ro feradh ann don chur sin.

 p.322

[178]  Oro clos la hairdIustis na hÉrinn O Domhnaill cona shlogh occ triall fon toichim sin dia ionnsoigidh ba hiomomhan ⁊ ba hurgrain lais a chor a ttennta ⁊ hi cuimhge anbfoill eiter Spainneachaibh ⁊ Gaoidelaibh ⁊ no géta fora mhuintir adhall no áitigud an tire úaidibh nach anunn itir do thabairt an neith roba toisccidhe dhoibh dia saigidh combo heiccen dóibh ecc la huacht ⁊ gorta ó fóttrairmisccthi iompaibh biadh ⁊ tene do thabairt chuca: no araill dan a ndilsiugadh ⁊ a ttairbert badhdein dia mbiodhbadaibh ⁊ tocht fora snadadh ⁊ comairce febh dusfangatar na Spáinnigh batar i Rind Chorráin fora nionchaibsiom fecht riamh: conadh aire sin ro erb for Presidens da choiccedh Mumhan Sir Seoirsi Cari dul co ccetheóraibh mílibh do gléire ghalgatt ⁊ doccbaidh armtha inn eanach iomchumhang ⁊ ind indtiuch indill for ciund Uí Dhomnaill dus an ccaomhsadh a chlodh dia chonair no a erghaire dona huirthriallaibh ro baoi ina mhenmoin. Otchuala O Domnaill an Presidens gusan mborbshluagh sin do thocht hi comhfhochraibh Caisil ni sgeinm na sgáth criothnugadh na cridhenbhas rodusgabh acht tairmcheimniugadh reimhe síar gach ndírech duachtar Urmhumhan do Chloinn Uilliam bruaigh na Sionna la dorus Luimnicch siairdhes i lló ⁊ i nadhaigh gan anadh gan oirisiomh co rainig tar Máigh isteach i nUíbh Conaill Ghabhra. Ó do bert an Praesidens dia úidh an reimdecsi ⁊ na huirthrialla ro hairccthe laisiom ⁊ lasan Iustis do dul for nefni ⁊ O Domhnaill cona shlócch do dhul tairis isna conairibh narbo dóigh lais a ttorrachtain imsai ina fhritheing co hairm a mbaoi an Iustis comadh daoinleith no ferdais a mbáigh asendadh.

[179]  Ba don chur sin ro faoidh Ó Domhnaill brodlom sloigh ⁊ drechta dermara dia mhuintir hi tóirithin Mic Muiris Ciarraighe baoi ina fharradh fri re na bliadna so anall (amail ro iomraidhsiom) ⁊ araill do mhuintir Mic Muiris fodhein do eolus reampa tria duthaigh Cloinne Muiris dus an bfuighbhetis elang no etarbhaogal for araill do bhailtibh Mic Muiris ⁊ ro eráil Ó Domhnaill for Mac Muiris baddeisin airisiomh ina fhochair co bfessadh  80a cionnus no bhíadh iomsccaradh an fhianlaigh sin  p.324 fósreilccsiott úaidhibh frisna hibh dosfairnectatar fora ccind. Ro tharmnaigh do mhuintir Uí Dhomhnaill an turus do deachattor ar ro creachadh ⁊ ro leirscriosadh sochaide leó do esccairdibh Mic Muiris do neoch robtar fotha dia thocharsomh for longus ⁊ ionnarbadh co hÚa nDomhnaill ⁊ ro gabadh leo tri caisteoil do daghduinibh an tíre .i. Leac Shnamha Caislén gerr Arda Ferta ⁊ Baile Uí Chadla ⁊ fosragaibhset drong dia muintir occa niomchoimhéd. Imsaiset co ccosgur ⁊ co bfios sccél leo go hUa nDomhnaill ⁊ co Mac Muiris. As fon ionamm ccétna do rala dÚa Conchobhair Ciarraighe Seaan mac Conchobair gurro gabadh lais a baile ⁊ a phríomhdhún fesin .i. Carrac an Phuill baoi fuilledh for bliadhain ag Gallaibh ⁊ do deachaidh fein cona baile i combaigh Ui Dhomhnaill ⁊ ro ernaidhm a chura ⁊ a charadradh fris.

[180]  Baoi imorro Ó Domhnaill fri ré sechtmaine i nUibh Conaill Ghabhra ag cennsugadh ⁊ ag cúrsachadh gach aoín do regaimh i ccombaigh Ghall gurro forchongair forra dais ⁊ déigen dedhail friu ⁊ tocht daoinleith frisiomh ⁊ fri Gaoidela archena. Ro escomhla iaromh Ó Domhnaill cona shlógh do mhuinchind Slebhe Luachra do Chloinn Amhlaoibh do Mhuscraighe ⁊ co Bandain i cCairpreachaibh. Dusfangatar ermhor Gaoidel Mumhan uile fo aoinmhenmain dia shaigid ⁊ ro naidhmsiut a ccura ⁊ a ccottach fris tria bhithe ⁊ ba háinius ⁊ ba hurgairdiugad aigenta leó a rochtain chuca dacomhal a ccaradraidh fris ⁊ ro tingheallsat dhó gan adhradh do Ghallaibh nach do Dhanaraibh ⁊ gan congnamh friú nibad síriu. Acht chena ní thanaig Mag Cárthoigh Riabhach .i. Domhnoll m Corbmaic na hOine iná dan tigherna Muscraighe .i. Corbmac mac Díermatta m Taidhg fo chóra chugasomh febh dusfangatar an lucht naile.

[181]  Dala Uí Neill .i. Aódh mac Firdorcha m Cuinn bacaigh m Cuinn m Enri m Eoghain: ro airisidhe athaigh corbo herlamh lais gach nadhailge roba toisccidhe dhó do breith foran sloigedh nuccat ⁊ o do recclaimset a shloigh ina dochum co líonmhar lerthionoilte ni hinnister a nimthechta co rangatar tar Bóinn.  p.326 Ro airis seatal isin maighin sin ag creachlosgadh criche Bregh ⁊ Midhe. Luidh ieromh cona shlogh tria ierthar Midhe ⁊ tria oirther Mumhan tar Siuir siar gan nach ngniomh noirrderc robadh dior dfhoraithmett do denomh dia shloghaibh co rochtain doibh co Bandain bail a mbaoi O Domhnoill cona thóichestal.

[182]   80b O conrangator Gaoidil an Tuaisccirt i naonmhaighin basí airle arríocht leó ⁊ la Gaoidhelaibh an Deisccirt (do neoch dusfangatar ina ccombaigh) a longphort do shuidhiugadh allathúaidh i mBéulghúala i cCenél Aedha seal beg o champa an Iustis. Ro batar athaig amlaidh eineach i nionchaibh friaroile co naro léiccset Gaoidil athaighidh na adall amach nách inunn gusna Gallaibh co ndobertsat hi cuimge dofhulachta i tennta ⁊ hi terce anbfóill. Nísrelgedh úamhan na nGaoidel doibh a ngreadha ináitt a neachradha do leigen for fergort nach for inghealtradh sechtair na múraibh amach gurro éccsat ile dibsidhe ⁊ sochaidhe dia miledhaibh imaille friú la húacht ⁊ gorta íerna ttabhairt i nadhailge fheoir ⁊ uiscce etha ⁊ arbha tuigedh ⁊ tenedh ⁊ gach neith roba teasbaidh forra cona baoi inna ccumhang curpa an fhianlaigh nó epledh úaidhibh dadhnacal sechtair na múraibh go mbíodh abach an eich ⁊ corp an duine mairb hi cumusc frisna beoaibh seachnon na scor etarra ar medhón gurro fhás bréntadh difhulaing desidhe lá hiomgaeith an áieoir etarbhuas iar nuachtur no eirghedh a náirde dona habaighibh don otrach ⁊ don chechair ier niochtur. Basí toimde ⁊ céttfaidh sochaidhe dhíobh badhdhein co nepeladh a nermhor dia lecthi dhóibh i naonar gan saigidh forra la plaigh ⁊ tedhmaim ⁊ no elaidhfedh an lucht baitis beoa dia ccoemsatais esrus no conair élúdha dfhaghbail cipindus. Na Spáinnigh tra batarsaidhe i néccumang ⁊ i néccomhnart mhor tríasan iomshuidhe baoi ag an Justis cona thoichestal Gall ⁊ Gaoidel forra ⁊ ni antais acht ag aslach na nGaoidheal imá ttoirithin dóigh ba ferr leo a mudhugad doraith cidh riasiú no fodemdais tár no tarcusal óa  p.328 mbiodbadhaibh nó o nach naón naile isin chruinne ⁊ no forailti forra ecc i naónar la húacht ⁊ gorta. Nírbo samhlaidh dona Gaoidelaibh: ba imne batar co mbrígh ⁊ borrfadh co núaill ⁊ ionnóccbhail gan tesbaidh neith forra ar ni bhaoi erghaire etorra ⁊ a ffolartnadh do aighibh iomthromaibh ⁊ do chethnattaibh clumhaillnibh ⁊ da gach erndail úirfheóla ⁊ da gach cenel túara ata deach baoi inn Éiri do thabairt chuca as gach aird ⁊ as gach airchenn i ccéin ⁊ i noccus. Batar an tucht sin co feil gheine an tSlainicedha Iosu ⁊ ro ghabhsat for erdach na sollaman ⁊ an lithlaithe amail roba díor na maithe imaseach ag fleadhucchadh ⁊ og aireg tuile og ároile  81a ag aines ⁊ ag urghairdiugadh menman ⁊ aigenta febh no beittis ina rioghdhúinibh romhóraibh ⁊ ina nardphortaibh oireachais fodein gervo herchian uaidibh iaittsidhe.

[183]  Monuar amh ba garuair na gaire subha ⁊ soimhenman do bretha ós aird aca isin líthlaithe sin co mbatar ina ngairibh dubha ⁊ doghailsi og ettarsccaradh friaroile dhoibh ciodh ier ttrioll ierna melachtnugadh laa mbiodhbadhaibh ⁊ an lucht ro batar fo mhuich menman i tacha ⁊ i teirce nach sasaidh nosfiurfadh gurbo leó baoi a ffolartnadh ⁊ a ndaóthain ier ttocht doibh asan ccumhang cuimbreach i rabatar acasomh an tan sin. Ba isna laithibh sin do riachtatar litre lerdiamhra ⁊ agalloimh inchleithe ó Donn Iohn ó gheneráil na Spáinneach sin Chind Saile co hÚa Neill co hÚa nDomhnoill ⁊ gusna maithibh archena dia aslach forro ionnsoigidh do thabairt aon na naidhche sainredh for champa an Justis an Praesidens ⁊ na nÍarladh battar ina ffarradh ⁊ no fhoiberadhsomh cona Spainneachaibh íatt don leith oile dus an ccaomhsadh cechtarnae úadibh eisimh cona Spainnechaibh dfhoirithin asin ccúil chumaing inro congbhaitt. Do deachaidh din Ó Néill ⁊ O Domhnaill ⁊ na maithe do chrudh a ccomhairle imon ailges sin an ghenerala.

[184]  O Neill tra atbertsidhe gurvó haidhlescc lais na Goill do fhuabairt ar daingininnille na múr ndaingen ndithoghlaidhe do reccaimh iompa imaccúairt íerna sreithlíonadh do ghonnadaibh gutharda groittdiubraicthiucha ⁊ atbert din ba ferr gan faill do légadh isind iomshuidhe congabhsat forna Gallaibh co  p.330 neplitis do ghorta amail do erbhlatar araill diobh chena ⁊ co ttoirsedh in rob airegdha dhíobh fora bfaósamhsomh ⁊ comairce fodeoidh ⁊ narbo ní lais a nailghes do thabairt dia biodhbadaibh doigh robad lainne leó cathucchadh dar cenn a nanma ⁊ a marbadh doraith oldás a nécc do thedhmaim ⁊ gortu. O Domhnoill imorro basí a chomairle na Gaill do fhobairt cipindus úair ba hadhnár ⁊ ba meabhal lais a thubha fris an teigen anbfoill i mbaoi Donn Iohn cona Spáinneachaib gan ammus do thabairt fora bfurtacht dia ttisadh a oidedh dhe ⁊ don bheós na bértha Gaoidil i ffoill ⁊ a ndimbrigh la Righ na Spáinne dia ffodhemhtais a miledha do beith i teannta ⁊ i néccumhang occa mbiodhbadaibh gan a bfoirithin febh ro aslaighset forra.

[185]  Acht chena asedh a chummair: ro chinnset fodheoidh an Iustis cona Gallaibh do ionnsoigidh febh ro cuinghedh chuca. Ruccsat ass samlaidh gusan adaigh sainredh inro herbadh friú  81b ionnsoigidh an champa. Ro ghabhsat i nurthosach oidhche a niodnadha áigh ⁊ a ttrealmha troda co taoi toithenach ⁊ do chotar inn inneall ⁊ i norducchadh amhail do rionchoisccset a nairigh ⁊ a nuaisle a ccodhnaigh ⁊ a ccomhairligh doibh. Roba damhna deabhtha ⁊ adhbhar iorghaile eiter na di ardfhlaith do rala for Chenél Conaill ⁊ Eogain náro fhodhaimh cechtarnae aca diaroile remhasgnamh ria araill damus ⁊ dfhuabairt na nGall la miadh menman ⁊ la borrfadh bricche gach neich dhiobh ar andar la gach aon úaidhibh robad tár ⁊ tarcusal fair fein ⁊ foran ccenel dia mbaoi tria bithe dia ndamadh rémthús na conaire ⁊ sedugad na sligedh do shlógh noile ríana shlógh badhdhéin. Robadh lór dia lot ⁊ día láinmhilledh dia mbrath ⁊ día mbaoghlugadh an mídhuthracht ⁊ an míinnethemh ro fhas ina ccridhi friaroile triasan ttuccait hisin cona baoi duthracht deabtha na ailghes ionnsoigidh na talchaire thairismhe i slógh dhiobh la héd ⁊ iomfhormad frisan slógh naill gurbat timme tlaithe meirbhe miolaochdha cidh riasiú do deachatar i ccenn móirimnedh ⁊ moirgniomh i ngabadh nó i ngúasacht do iomchlaidhbedh fria nesccairdibh gombo hing ma rob éigen dia mbiodbadhaibh  p.332 a nairm dimbirt forra bhail inro chomhraicsiut isin cathlathair. Ba celmhaine mhor uilc don da Aodh sin an do rala doibh don chur sin. Deithbir ón ni tecomhnagair coibheis no cuttroma a ttarla an tan sin eatarra cein batar i mbiú uair ba for aoininnethemh ⁊ for aoinmenmain no bitis do bunadh ceni beittis i freacnarcus aroile dóigh nirbo coimdid gurro chin oa mbunadhfhremhaibh araón días roptar cridhshercaighe im ároile olttattsomh. Ro thochaithset mithisi fhoda do urthosach na hoidhche imon friothardadh ⁊ imon frithimresain do reccaimh etarra. Ro asgnáttar na dá shaorshlogh ⁊ an dá shochraide fodheoidh aird i naird ⁊ gualainn fri gúaloinn frialoile co ndo rala dhoibh seachrán sligedh ⁊ imroll inntigh co náro ermaisetar a neolaigh conaire nach a ttoisig slighedh foran cconair ccóir ciarbo cianfhoda an ghamhadhaig ⁊ gerbo garfhoccus dóibh an longphort fora ttardsatt ammus co solustrath eirghe arnabharach gurvo glanruithneach an grían os dreich an talmhan tuinidhe conadh ann fosfúairset sochraide Ui Neill a leathtaobh fodhein fri campa an Justis ⁊ ro triallsat soadh  82a biug cén co rosoisedh leó a ninneall ⁊ a nordugadh doridhisi ar ro threiccset an cetna hinneall inro hinnlit lasan iomroll ⁊ la dorchata na hoidhche.

[186]  Dala an Iustis cona shochraide ranaig rabadh ⁊ reimhfhios da shaigid ó druing sainredaigh a longphort na nGaoídel co bfoibertha íatt an adhaig sin co mbaoisidhe cona shlóghaibh hi caithfheis fod na hoidhche co madain fora neanaigibh erdalta ⁊ fora mbernadaibh baoghail ⁊ fora ttaibhlibh troda ina niodnaibh aigh cona nuilibh aidhmibh cathaighthe ⁊ cosnamha inn erlaimhe occaibh condusfacator Ó Neill cona shloghaibh fora nionchaibh foran abairt atrubhramor. Nirvo cían doibh occa midhemain an tan tarlaicset cetha coimhreamra cruinnphiler (dia bfiaducchad) a morgonnadhaibh glanaillne glesfoibdithe ⁊ a musgaettaibh mindruimneacha morchostais ⁊ a glacghonnadaibh geraimseacha glésoibne ⁊ ro tleiccset fóthaibh cech cenel diubraicthiu ⁊ imtelgthe naile cenmotha indsin. Ro bruchtdoirtset  p.334 asendad dar múraibh amach ina ccenn diormadha disgire doiongabhala do marcshluagh mherrdha morchobsaidh lásarb imchian gurro comhairleccadh doibh luth a neach airdermach do thestugad for maighreidh gó sin. Ro leiccit a ttraightheacha ina leanmain íaromh ar ba derbh leó gor rosblodh casarnach na ccruinnphilér ⁊ dianfhuabairt an díorma bernaidh buainrebtha reampa fora mbiodbadaibh. Batar na sloigh chechtardha mesg ar mesg desidhe ag coimhchiorrbadh ⁊ ag crechtnugadh aroile gurro mudaighit sochaidhe etarra do dib leithibh. Acht chena ro meabaid fodheóidh for muintir Uí Neill feb rob ainmenic leó gurro luathathchuirit don láthair conadh sí conair ro greis an tinnenus íatt comdortadh i ccenn shochraitiu Ui Domhnaill do regaimh allanair dhoibh gan rochtain co lathair an iomairicc bheos. O do rúachtator an sraonsluagh sin Uí Néill ⁊ sochraide an Iustis ina leanmain occa lúaththuargain iar na cculaibh i mescc muintire Uí Domhnaill nusgeb udmaille ⁊ anbhsaidhe an óccbadh fúasgar ⁊ fírsgen a ngredha ⁊ gémadh cothugadh na cathlaithrech budh duthracht leo ⁊ ro dleacht diobh ni chaomhnagattor uair narbo tol lasan cCoimdid cosccar do breith doib don chur sin ⁊ naro toltanaighsett a séda dho ro thall Día foran da chaoimchenel cedfadhacha crodha sin na fágbhala fíora fíadhnacha ⁊ na búadha brioghmara buanmarthanacha fosrágaibh naomhPatraicc (dia mboi ag  82b bennachad Érenn fiora mna macu ⁊ inghena) forna dibh braithribh aireghdha aghmara ⁊ fora cclannmhaicne dia néis .i. for Conall gloinnmher Gulban ⁊ for Eoghan aghmhar ionnsaighthech. Itíett na fagbala .i. búaidh naigh ⁊ nionnsoigidh for Eoghan búaidh ccosccair ⁊ cothaighthe cathlaithreach for Conall. Ara aoi tra ro dermaittset na firchenéla a ffágbhala affeachtsa gurro chomhsccuchsatt an di shochraitte ind aenfhabhall ria sloghaib an Justis ⁊ ro marbhaitt ⁊ ro mudaighitt sochaidhe úaidibh.

[187]  Soait muinter an Justis iar mbuaidh ccosccair ⁊ iar melachtnugadh a mbiodhbadh amhlaidh sin an tan as lugha ro shaoilset. Ba follus a nainshen for Cenel Conuil ⁊ for Chenél Eoghain m Neill isin laithe sin in roba techta doibh ⁊ in badh móo  p.336 baoi uaidib forchalma do dhénom (oro sccarsat an da chaoimchenel chomhramhacha sin friaroile ag an righ Niall nitheach Naoíghiallach) an tan na tardsat día núidh cathucchadh seitriuch sonairt diochra dúrchroidheach do dhénomh do chosnamh a nirsi a nathardha ⁊ a nanma do chosnamh a neinigh ⁊ a núaisle ⁊ a noirrdercais: co bfarccbhaithi a flaithe for fódaibh faoínlighe gomba tesccghonta a ttreóin gombá taoibhthreghdaighthi a ttóisigh gomba cnámhathchumtha a ccuraidh gomba mudaighthe a milidh: cidh riasiú ro melachtnaighitt ón mudh sin ní namá i fiadhnaisi a mbiodhbadh batar ina ccoimhchettfaidh acht a bfreacnarcus na loingsech ⁊ na ndíbertach echtaircheneoil donangatar fora ffaosamh ⁊ comairce fecht riamh íerna nathchur ⁊ íarna nionnarbadh asa ttíribh ⁊ asa ttreabhaibh co ndeirghénsat íerttain brígh mbig dona hardfhlaithibh ⁊ dona haireachaibh robtar dois didin ⁊ ro robtar coill fosccaidh doibh go sin goro beansat ceill dia ccobhair ⁊ dia ttoirithin uaidibh asendadh co dilghenn an domain.

[188]  Acht chena gén co ttorchrator acht uathadh biug o Ghaoidhelaibh isin maidhm sin Chind Sáile ná rathaighfitis dia tteasbaidh i ceand athaigh ⁊ dan naro rathaighset ciodh an tan sin fodein niro fágbadh i naón mhaidhm dia ro fighedh isna deidhenchaibh inn Inis Eremhóin cuttroma frisar farccbadh and. Ro fágbadh ann céttus an aoíninis ⁊ an taoínoilén ba suthaighe ⁊ ba torthaighe ⁊ roba mesardha tes ⁊ úacht baoi i nermhór Eorpa in rob iomda mil ⁊ cruithneacht in rob íesciomdha aibhne essa ⁊ inbhera in rob ciúine caóntorthaighe cuanta feibh do ratt an céidfher do shiol Gaoidil Glais m Niúil donanuicc i nÉrinn riamh  83a na testmolta sin fuirre (.i. Íth m Breoghain) fíadh na rioghaibh deidhenchaib batar do Thúathaibh Dé Dhanann for Éirinn. Do fágbhadh ann beos a ndoernáttar ass do shaorchlannaibh soera soichenelchaibh mac Miledh ⁊ do aireachaibh aghmhara ionnsoightheacha do thigernaidhibh tire ⁊ treabh do thóiseachaibh túath ⁊ triochait ched ar as derbh deimhin na bía ind Érind i comhaimsir friaroile co bráth lucht robtar ferr ⁊ robtar aireghdha olttat na maithe batar hisuidhe ⁊ atbathsatt iaromh i nailechriochaibh díaidh i ndíaidh ier  p.338 ngaid a nathardha ⁊ a nuasalfhorba forra ro fhagaibhsiot occa mbiodhbadaibh isin maidhm sin. Ro fagbadh din ann uaisle ⁊ onoir gart ⁊ gniomhradh oineach ⁊ oirbert seghainne ⁊ saorchlandacht míne ⁊ merrdhacht treisi ⁊ trénchalmacht crodhacht ⁊ cathucchad recht ⁊ ríghe Ghaoidel Ereann co foircenn an betha.

[189]  Óro iompáidhsiot sochraiti an Justis fo iolaigh cosgair ⁊ comhmaoidhme amail atrubhramor ro asgnator na Gaoidil tara nais siar co hInis Eóghanáin an adaigh sin ⁊ ro ghabhsat ag crúdh a ccomhairle co hudmall anbhsaidh co naithbir ⁊ iomaithbir for aroile. Atbertsat foirend aca basedh robadh díor dóibh inn iomshuidhe do drud doridhisi fri campa an Iustis ⁊ gan a deirghe itir araba a ttorchrator úaidibh día muintir ⁊ narbo tanaitte a ccongaibh chatha a ttesbaidh forra dóigh ro batar daighlíon tabhartha catha ina neccmais dia mbeith an toice ⁊ an conách ag congnamh friu. Ro ráidhsiot dronga oile ba headh robadh córa dhoibh gach ardfhlaith ⁊ gach tigerna tíre aca do shoadh do imdhiden a athardha ⁊ dia cosnamh fri Gallaibh an ccéin conniocfadh. Ó Domhnaill imorra ro raidhsidhe ná sóidhfedh dia thir ⁊ na hoirisfedh éccin isin iomshuidhe ni badh síre ⁊ ro thingheall fíadh ardmhaithibh fher nErenn batar isuidhe na tiobhradh troigh tairismhe i ccath nó i ccliathach do chothucchad caithglíadh maroén re Gaoidelaibh na naonar ⁊ go sainredach i ffarradh na druinge forsro sraoínedh céttus an tan sin doigh ro ghabh dásacht ⁊ mire menman eisidhe ⁊ ba fó lais combadh é feisin cétna no mudaighfaidhe isin maidhm sin riasiú robadh fiadha foran méla sin fósfúairsiut Gaoídil. Robadh imegal dan laa shainmhuintir co nimberadh bás fair fodhein lasan ffúalang rotusgabh co naro thuil ⁊ naro luing i sáimhe fri re tri lá ⁊ theora noidhche  83b iaromh. Ba isin 3. lá Ianuari .1602. ro sraoined an maidhm sin Chind Sáile.

 p.340

12. An Taonmhadh Bliadhain Deug, 1602

[190]  Basí airle arriocht la hUa nDonhnaill íarsan dubha dermhair i mboí Ere do fhagbhail ⁊ dul dul Spáinn do acaoine a imnidh frisin Righ an 3 Philip do chuingidh fuillidh slóicch ⁊ sochraide úaidibh. Oro chinnsiomh foran ccomhairle hisin batar ied do raeghosumh ina chaoimhthecht do dhul foran eachtra sin (cenmóthátt drong dia thairisibh feisin) Remann a Burc m Seaain na Seamar ⁊ Caiptin Aodh Moss mac Roibeird. Íar ccloistecht na comhairle sin la cách hi ccoitchinne robadh lor do thruaighe ⁊ do neimheile an lamhchomairt anffóill ⁊ an golmhairgneach ghrodurlamh ⁊ an nuallghubha ard accaointech ro turgbait os aird seachnon longphuirt Uí Dhomhnoill an adaigh ria nimthecht dho. Ro baoi a mordhamna aca dia ffestais é an tan sin uair niro shillset an lucht sin fosragoibh ina dheadhaidh dia súilibh é ó sin alle ⁊ diamad deimin leó indsin nirbo machtnadh dhoibh troimdhera cró do shnidhe sechtair dara ngruadhaibh.

[191]  Do deachaidh íeromh Ó Domhnaill i lluing hi Cúan an Chaislein cona chaoimtheachtoibh imaille fris an 6. la Ianuari ⁊ fodosrogluais tinfedh na cédghaoithe dusfanuicc triasan bfairrge ffraochaigmheil goro gabhsat caladhphort an .14. la don mhis cettna hi comfhochraibh don Chruinne dúnarus erderc eisidhe i rioghacht na Gailisi isin Spáinn. Ba hainnsidhe baoi Tor Breoghain dia ngarar Brigantia ro cumdacht fecht riamh la Breoghan mhac Bratha ⁊ ba haissidhe tangatar mic Miledh Espaine m Bile m Breoghain do cdghabhail Erenn for Thuathaibh De Dhanann. O do ruacht Ó Domhnaill i tír isin Cruinne gebidh for taisteal ⁊ tadhall an baile ⁊ dothaót do deghain Tuir Breoghain. Do bert coimhdhiodhnadh mór dósomh rochtain hi tír an dú sin ar ba doigh lais gurvo celmaine mormaithiusa dhó a thochar gusan maighin asro gabhsat a shinnsir neart ⁊ cumachta for Érinn fecht riamh ⁊ no gebadhsomh doridhisi fora lurg. Iar mbeith athaig mbicc occ leccadh a scísi isin Cruinne do chóidh co  p.342 hairm a mbaoi an Rí isin Caisstilla ar ba hann do rala dho a beith an tan sin (iar ttimchealladh a fhlaithiusa) isin cathraigh dianad ainm Samóra ⁊ ó do  84a dheachaidh O Domhnoill i fiadnaisi an Righ dusrelic fora ghlúinibh ina fhreacnairc ⁊ ronguidh a theora hitche fair. Basedh an cedna hathchuingidh armail do chor lais co hEirinn ona congaibh comadhais ⁊ cona naidhmibh techta. An athchuingidh thanaisi gan aóinneach do shaorchlandaib Érind ceni beith dia úaisle do chor i nert nach hi ccumhachtaibh úasa na dan uas fior a ionaid tria bithu día ngabadh mordhacht an Righ nert ⁊ cennus for Érinn. An tres itche gan cert a shinnsior do laghdugadh no duirbernadh fair fein no forsan tí no biadh ina ionadh diaidh i ndíaidh in gach maighen i tarrusair nert ⁊ cumhachta ó chein aca inn Erinn ríasan tan sin. Do ringheall an Rí dhó indsin uile ⁊ ro forchongair fair eirge día ghlúinibh ⁊ fósfúair fíadhughadh ⁊ airmhittin moir uadha conadh as infechtain nach ffuair aoinneach do Gaoidelaibh riamh ó nach righ naile coibhéis no cutroma a bfuairsiomh dairmhidin ⁊ donóir uadhaibh. Deithbir ón úair do raithne a gnuis a aladh ⁊ erlabhra tóthacht a aithiscc ⁊ a arusccbriathar co mór fris. Ro erb an Rí for Úa nDomhnoill soadh tara ais don Chruinne ⁊ airisiomh aindsidhe comba fúirithe gach ní roba toisccidhe do breith lais ag tuidheacht ina fhritheing. Do róinesiomh indsin ⁊ baoi i ffos coléicc febh rob ainmeinic lais ríamh fri ré an earraigh ⁊ an tsamhraidh co taitte fhoghmair ar ccind: fecht ann occ aireg tuile ⁊ occ áines an tan do beiredh dia uidh an chabhair ⁊ an fhoirithin do ringheall an Rí dho: fecht naile fo mhuich ⁊ dobron ara fhod lais bith ind iongnais a athardha ⁊ ara imcheine rosbai an armail ro gealladh dho occa herthriall úair ba cradh cridhe ⁊ ba galar menman lais an tan do bheiredh ina mhenmain an iondus i rabhatar Gaoidil gan furtacht gan foirithin oca fhurnaidhesiomh.

[192]  Baoisiomh samhlaidh corro thriall doridhisi do dhul do lathair an Righ dia fhios cred an tessnadadh no an tiomfhuireach baoi foran sochraide ⁊ foran armail do rairngiredh dho ⁊ o do ruacht don baile dianad ainm Simancas (da lege o Uualladolid  p.344 do chuirt an Righ) basedh ro dheonaigh Día ro cheadaigh a hainshen ⁊ a hecconách a miscaith ⁊ a mallacht dInis Éreamhoin ⁊ do Gaoidelaibh glanFhodla archena gurro gab galar a écca ⁊ esslainte a oidedha Ó Domhnaill ⁊ baoi fri ré secht lá ndécc ina licche co nerbail fadheoidh i neacmhaing na ree hisin an .10. lá do September in marg. 1602 do shonradh iar ccaoi a chionadh ⁊ a thurgabhal íar naithrighe  84b dhiochra ina pheacthoibh ⁊ doailchibh íer ttabhairt a choibhsen gan dilocht dia anmchairdibh spiratalta íar ccaithem cuirp Criost ⁊ a fhola ⁊ íarná ongadh amail roba techta a llamhaibh a anmcharad ⁊ a shruithed ecclustacda budhdein no bhíodh ina chaoimhthéacht dogrés co halt na húaire sin. Ba hisin ticch baoi ag Righ na Spainne fodein isin mbaile sin Simancas atbathsomh. Ruccadh dan a chorp go Uualladolid (go cúirt an Righ) hi ceithirriadh cumhdachta co ndrongaibh dírimhe do Stata do Chomhairle ⁊ do Gharda an Rígh ina uirthimcheall go lochrandaibh lasamhnaibh ⁊ co sutrallaibh solustaibh do chéir chaomhalainn ar comhlasadh ina iomthacmhang da gach leith de. Ro hadhnacht iarom i mainistir S. Fran. isin chaipitil do shonnradh go míadhach móronórach ionnus as airmidnighe ro hadhnacht Gaoidheal riamh. Ro ceileabradh oiffrend ⁊ hymna iomdha claiscetail ⁊ cantaice ceoilbinne doraith a anma ⁊ ro gabadh a éccnairc amhail robadh díor.

[193]  Monuar tra robadh liach do shochaidhibh muicherchra an tí testta annsin ar nirbo hoghshlan a thriochatt bliadhan an tan atbath. Ba heisidhe ceann coinne ⁊ comhairle athchomhairc ⁊ iomagallmha ermhoir Gaoidel Érenn cidh fri sidh ciodh fri coccadh. Tigherna tóthachtach tairbertach co fforsmaltaibh flatha ⁊ co ndluthuggadh reachta. Léo ar nert ⁊ chumachta go ttomaithemh ⁊ co fforspraic móir cona lamtha urthuasacht a breithre ar ba heigen cecip ni no forchongradh dod henomh fair fochéttoir. Colum ar chennsa ⁊ ailghine fri neimedh eccailsi ⁊ ealadhan ⁊ fri gach naon ná friothardadh fris. Fer ro dhing  p.346 a omhan ⁊ a uiregla for chách i ccein ⁊ i noccus ⁊ for nar lá nach naón imegla ittir. Fer díochuirthe dibherccach mudaighthe meirleach mortha mac mbeathad ⁊ riaghtha mac mbais. Fear náro leicc a fhairbriocch na a iomfhorchraidh a dhiubairt na a dhímíadh gan a aithe ⁊ gan a dhioghail fochetoir. Imeachtraidh aindiuid amhnus andana na noirer. Aircctheoir coccthach creachadh coingleacach na ccoigcrioch. Díosccaoilteach Gall ⁊ Gaoidheal do neoch batar ina agaidh. Fear naro leicc dhe gan denomh gach neith roba toisccide do fhlaith do gniomh an ccéin ro mhair. Buaball bionnghlorach co mbuaidh ninnscci ⁊ nerlabhra céille ⁊ comhairle co ttaidbredh seirce ina dreich atar la gach aon atuscídh.  85a Tairngertach toghaidhe ro rémhtherchansat fáidhe re chían ríana gheineamhain.

[194]  Bá trógh tra ro bás occ Gaoidelaib Erenn íar nécc na fiorfhlatha dóigh ro claochlaidhset a nairrdhe ⁊ a naigenta doratsat miltne ar miodhlachus moirmhenma ar mheirtnighe uallcha ar inísle. Ro scaich a ngrain a ngaiscced a ngal a ngérraittecht a ccosccar a ccathbúaidh iar na oidhidh. Tallsat ceill dia ccabhair o neoch co nérlator a nermhor ar núair for iocht a neccratt ⁊ a nesccaratt in robtar aireghdha dhibhsidhe fo dheilbh siodha ⁊ chaonchomraic ⁊ araill for sccaoiledh ⁊ eisreidedh nocha nama ar fhud Éirenn acht seachnón na hEorpa hi ccoitchinne ina neisibh ⁊ ina mbuidhnibh dínnimhe dearoile ⁊ aroile ac creic a namhsaine i nailechriochaibh dar cenn ratha ⁊ túarustail gurro marbhait sochaide diobh ⁊ gurro éccsat aroile gurbo hadhba aineóil a rúamha adhnaicthe. Acht chena robad eimilt ríomh no aisnéis dona mórulcaibh ro síoladh ⁊ ro clannaigedh i nInis Ughoine allos écca an Aódha Rúaidh Uí Dhomhnaill ro iomraidhsem gó sin.

.FINIS.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill

Author: Lughaidh Ó Cléirigh

Editor: Paul Walsh

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Benjamin Hazard

proof corrections by: Hilary Lavelle

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 68,820 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland -- http://www.ucc.ie/celt

Date: 2006

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G100080

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.Copyright for the printed edition rests with the Irish Texts Society. The electronic edition was compiled with the kind permission of the copyright owner.

Notes statement

You can purchase the book(s) containing this text via the ITS website (http://www.irishtextssociety.org/). Click on the link to the RIA shop.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Royal Irish Academy, 23 P 24; 170pp (MS. 138). See Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy (Dublin 1926-70) fasc iv, 396-399. Digital images of the manuscript are available on the Irish Script on Screen website www.isos.dias.ie
  2. Dublin, Royal Irish Academy, 23 P 9; an early nineteenth-century transcript by Edward O'Reilly (MS. 139).
  3. Dublin, Royal Irish Academy, 24 D 14; a partial English translation of the original (MS. 140).
  4. London, British Library, Egerton 123.

Editions

  1. Denis Murphy (ed. & trans.) The Life of Hugh Roe O'Donnell, prince of Tirconnell (1586-1602) by Lughaidh O'Clery with historical introduction (Dublin 1895).
  2. Paul Walsh (ed. & trans.) The Life of Aodh Ruadh Ó Domhnaill, transcribed from the Book of Lughaidh Ó Clérigh, with introduction and notes. Prepared for press by Colm Ó Lochlainn, with a glossary by Máirín O'Daly, Irish Texts Society vols. 42 & 45 (Dublin 1948, 1957). Publications by the Irish Texts Society can be ordered via their website. See http://www.irishtextssociety.org/ for details.

Further reading

  1. Philip O'Sullivan-Beare, Historiae catholicae Iberniae compendium (Lisbon 1621).
  2. William Camden, Annales rerum anglicarum et hibernicarum regnante Elizabetha (Leiden 1625).
  3. James Ware, The annals of the affairs of Ireland... unto the end of the reign of Queen Elizabeth (London 1705).
  4. Fynes Moryson, A history of Ireland from the year 1599 to 1603 (2 vols. Dublin 1735).
  5. Edward O'Reilly, A chronological account of nearly four hundred Irish writers with a descriptive catalogue of their works, Transactions of the Iberno-Celtic Society (Dublin 1820).
  6. John O'Donovan (ed. & trans.), The genealogies, tribes and customs of Hy-Fiachrach commonly called O'Dowda's country, from the Book of Lecan and the genealogical manuscript of Duald MacFirbis (Dublin 1844).
  7. John O'Donovan (ed. & trans.), Annála Ríoghachta Éireann: Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters (7 vols. Dublin 1848-51; repr. 1856; repr. 1990).
  8. Henry Docwra, A narration of the services done by the Army ymployed to Lough-Foyle, in: Miscellany of the Celtic Society, ed. John O'Donovan (Dublin 1849).
  9. Eugene O'Curry, Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (Dublin and New York 1861; repr. Dublin 1878; repr. Dublin 1995).
  10. Calendar of State Papers: Carew MSS. (6 vols. London 1867-1873).
  11. Charles Meehan, The Fate and Fortunes of Hugh O'Neill, earl of Tyrone, and Rory O'Donel, earl of Tyrconnel: their flight from Ireland, their vicissitudes abroad, and their death in exile (New York 1868).
  12. Peter Lombard, De regno hibernae, sanctorum insula, ed. Patrick Moran (Dublin 1868).
  13. Charles Meehan, The rise and fall of the Irish Franciscan monasteries, and memoirs of the Irish hierarchy in the seventeenth century (Dublin 1872).
  14. Edmund Hogan (ed.), The Description of Ireland, and the State thereof as it is at this present, in anno 1598 (Dublin 1878).
  15. John Derricke, The image of Irelande: with a discoverie of woodkarne, 1581; with the notes of Sir Walter Scott, edited, with introduction, by John Small (Edinburgh 1883).
  16. Richard Bagwell, Ireland under the Tudors (3 vols. London 1885-1890).
  17. S. H. O'Grady (ed.), Pacata Hibernia: or, A history of the wars in Ireland during the reign of Queen Elizabeth (2 vols. London 1896).
  18. S. H. O'Grady, Red Hugh's captivity (Dublin 1889).
  19. G. B. O'Connor, Elizabethan Ireland: native and English (Dublin 1900).
  20. Lambert McKenna (ed. & trans.), Iomarbhágh na bhFileadh: the contention of the bards, with notes and glossaries (Dublin 1918).
  21. Paul Walsh (ed.), Gleanings from Irish manuscripts (Dublin 1918; repr. 1933).
  22. Peadar Ó Laoghaire, Aodh Ruadh an t-Athair Peadar Ua Laoghaire do sgriobh (Baile Atha Cliath 1929).
  23. Pól Breathnach (=Paul Walsh), Memoranda Gadelica, Irish Book Lover 19 (Dublin 1931) 166-71.
  24. Pól Breathnach (=Paul Walsh), Short Annals Of Tirconaill, Irish Book Lover 22 (Dublin 1934) 104-9.
  25. Paul Walsh, Historical criticism of the Life of Hugh Roe O'Donnell, Irish Historical Studies 1 (1939) 229-250.
  26. Cyril Falls, Elizabeth's Irish Wars (London 1950).
  27. Brian Ó Cuív (ed.), Flaithrí Ó Maolchonaire's catechism of Christian doctrine, Celtica 1 (1950) 161-206.
  28. Cyril Falls, The growth of Irish military strength in the second half of the sixteenth century, Irish Sword 2 (1954-6) 103-8.
  29. Frederick Jones, Mountjoy, 1563-1606: the last Elizabethan deputy (Dublin 1958).
  30. John Silke, Kinsale: the Spanish intervention in Ireland at the end of the Elizabethan war (Liverpool 1970).
  31. B. O'Brien, Red Hugh O'Donnell the soldier, An Cosantóir 31 (1971) 73-78.
  32. Kenneth Nicholls, Gaelic and gaelicised Ireland (Dublin 1972).
  33. Pádraig Breatnach (ed.), Marbhna Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (1602), Éigse 15 (1973) 31-50.
  34. Nicholas Canny, The Elizabethan conquest of Ireland: a pattern established, 1565-70 (Brighton 1976).
  35. Steven Ellis, Tudor Ireland: crown, community and the conflict of cultures (London 1985)
  36. Pádraig Breathnach, An address to Aodh Ó Domhnaill in captivity, 1590 (Select documents, XL) Irish Historical Studies, 25 (1986) 198-213.
  37. Micheline Kerney Walsh, Destruction by peace: Hugh O'Neill after Kinsale (Armagh Historical Association 1986).
  38. Vincent O'Donnell, The death of Aodh Rua, Ó Domhnaill Abú 4 (1986) 7-8.
  39. John Silke (ed.), The last will of Red Hugh O'Donnell, Studia Hibernica 24 (1984-8) 51-60.
  40. Joseph O'Kane, Red Hugh's march to Kinsale, Ó Domhnaill Abú 8 (1987) 2-3.
  41. James McGarry, The eagle of the north, Donegal Annual 40 (1988) 84-88.
  42. J. H. Elliott, Spain and its World: 1500-1700 (Yale 1989).
  43. Micheline Kerney Walsh, Aodh Rua Ó Dómhnaill and his mission to Spain: January–September 1602, Donegal Annual 41 (1989) 96-122.
  44. Vincent O'Donnell, The last will of Hugh O'Donnell, Ó Domhnaill Abú 16 (1991) 4-6.
  45. Wallace MacCaffrey, Elizabeth: war and politics 1588-1603 (Princeton 1992).
  46. Vincent O'Donnell, Escape commemorated, Ó Domhnaill Abú 18 (1992).
  47. Vincent O'Donnell, Hugh Roe O'Donnell's address to his soldiers before the battle of the Curlew mountains, Ó Domhnaill Abú 18 (1992) 5-6.
  48. Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion: the outbreak of the Nine Years War in Tudor Ireland (Woodbridge 1993).
  49. Colm Lennon, Sixteenth-century Ireland: the incomplete conquest (Dublin 1994).
  50. Conall Mac Cuinneagáin, Aodh Ruadh Ó Domhnaill—what caused his death?, Donegal Annual 46 (1994) 18-22.
  51. Mícheál MacGraith, Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomnaill: Beathaisnéis de chuid an Renaissance, Irisleabhar Mhá Nuad (1994) 45-54.
  52. Pádraig Breathnach, The methodology of Seanchas: the redaction by Cú Choigríche Ó Cléirigh of the chronicle poem Leanam Croinic Clann nDalaigh, Éigse 29 (1996) 1-18.
  53. Gerard Hayes-McCoy, Scots mercenary forces in Ireland: 1565-1603 (Dublin 1996).
  54. John McGurk, The Elizabethan conquest of Ireland (Manchester 1997).
  55. Samantha Meigs, The Reformations in Ireland: tradition and confessionalism, 1400-1690 (New York 1997).
  56. Conor O'Brien (ed.), Feagh McHugh O'Byrne: the Wicklow firebrand, a volume of quatercentennial essays (Wicklow 1998).
  57. Vincent O'Donnell, The career of Red Hugh O'Donnell, Ó Domhnaill Abú 23 (1996) 25 (1997) 26 (1998) 27 (1998).
  58. Hiram Morgan, Giraldus Cambrensis and the Tudor conquest of Ireland, in: idem (ed.), Political ideology in Ireland, 1541-1641 (Dublin 1999) 22-44.
  59. Deborah Lisson, The kidnap of Red Hugh (Dublin 2001)
  60. Vincent O'Donnell, After the Curlews (1599-1601), Ó Domhnaill Abú 30 (2001) 2-3.
  61. Vincent O'Donnell, 'Was Red Hugh married?', Ó Domhnaill Abú 30 (2001) 4.
  62. Patricia Palmer, Language and conquest in early modern Ireland: English Renaissance literature and Elizabethan imperial expansion (Cambridge 2001).
  63. Thomas O'Connor, Irish migration to Spain and the formation of an Irish college network, 1589-1800, in: Luc François and Ann Katherine Isaacs (eds.) The Sea in European history (Pisa 2001) 109-23.
  64. Hiram Morgan, Spanish Armadas and Ireland, 1588-1602, in: François & Isaacs (eds.) The Sea in European history (Pisa 2001).
  65. Pádraig Breathnach, A seventeenth century abridgement of Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, Éigse 33 (2002) 77-172.
  66. Pádraig Ó Riain (ed.), Beatha Aodha Ruaidh: the life of Red Hugh O'Donnell; historical and literary contexts (Dublin: Irish Texts Society, 2002).
  67. Colm Lennon, Taking sides: the emergence of Irish catholic ideology, in: Vincent Carey and Ute Lotz-Heumann (eds.) Taking sides? Colonial and confessional mentalités in early modern Ireland (Dublin 2003) 78-93.
  68. Thomas O'Connor, A justification for foreign intervention in early modern Ireland: Peter Lombard's Commentarius (1600) in: idem (ed.), Irish migrants in Europe after Kinsale 1602-1820 (Dublin 2003) 14-31.
  69. Hiram Morgan (ed.), The Battle of Kinsale (Bray 2004).
  70. Darren McGettigan, Red Hugh O'Donnell and the Nine Years War (Dublin 2005).

The edition used in the digital edition

Walsh, Paul, ed. (1948). Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, as Leabhar Lughaidh Uí Chlérigh‍. 1st ed. The first of two volumes; xi + 347 pp. Dublin: The Educational Company of Ireland, for the Irish Texts Society.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G100080,
  title 	 = {Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, as Leabhar Lughaidh Uí Chlérigh},
  editor 	 = {Paul Walsh},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {The first of two volumes; xi + 347 pp.},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland, for the Irish Texts Society},
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1948},
  UNKNOWN 	 = {seriesStmt}
}

 G100080.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 1–346 of the volume. All editorial introduction, notes and indexes have been omitted.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is tagged sup resp="PBW". Expansions to the text are marked ex.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation: div0=the whole text; div1=the section; stanzas are marked lg. Paragraphs are marked p.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: By Lughaidh Ó Cléirigh 1616–1624

Language usage

  • Text is in Early Modern Irish. (ga)

Keywords: histor; prose; 16c; biography; Red Hugh O'Donnell

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-09-29: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2007-12-14: Note inserted in header. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2006-06-15: Header modified; file reparsed, HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2006-06-15: File parsed. (ed. Benjamin Hazard)
  5. 2006-06-14: Text proof-read (2); more markup applied; pagebreaks verified and milestone tags repositioned; header compiled with bibliographical details. (ed. Benjamin Hazard)
  6. 2006-05-30: Text proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle)
  7. 2005-12-12: Text scanned; basic XML mnarkup added. (data capture Data Capture Company)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T100080: Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (in English Translation)

Source document

G100080.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top