CELT document G201000

Bethada Náem nÉrenn

unknown

Edited by Charles Plummer

Bethada Náem nÉrenn

Lives of the Irish Saints

 p.3

1. Betha Abáin annso sis

 146b
 i
 1

Ro gabh oirdnidhe cennus for Laighnibh feacht riamh, Corbmac eissium. Ro bai séitigh lais, Mílla a h-ainm sidhe; ⁊ ba deirbhsíur d' espucc Iubhair issidhe. Ocus do-rala gur bo h-alachta h-í; ⁊ cuiris fis for a brathair .i. for espocc Iubhair i n-am tuismedha dhi. Et dixit Milla iar faicsin a brathar:

  1. Espocc Iubhair dom chobair,
    'Sé ro-fhidir mo rúna;
    Cuinghedh dilgadh mo chinadh,
    Rom-gabhsat idhain gúra.

Et dixit episcupus:

  1. Espocc Iubair at farradh,
    Rot-gabhsat idhain gúra;
    Béra mac uasal amhra,
    Rot-cabhra na n-dúla.

 2

Beiridh an inghen mac la guidhe an epscuip naemtha, gan doigh gan tiachair, ⁊ ro baistedh h-é, ⁊ tuccadh Abbán d' ainm fair. Ocus berar dia oilemhain é, ⁊ do chur cerda luith ⁊ gaisccidh roimhe, día bheith h-i r-righi for lorcc a athar. Ocus nir bó tarba són.

 3

Briathra Dé ro canadh-som gibe ní no canta fris; ⁊ ro an in scribtúir aicce gan sáethar gan meabhruccadh. Ro ba follus grasa Dé fair; ⁊ nir bo h-iongnadh sin, óir ro thirchan Patraicc h-e, an tan ro gab port h-i l-Laignibh ar tús, ⁊ drem dona naemhaibh ele.

 4

Ocus ba machtnadh la h-oidedhaibh Abbáin in abairt for a raibhe; ⁊ beiritt leo h-e go h-airm i r-raibhe a athair ⁊ a mhathair; ⁊ ro chansat fríu nach ar lorcc na righe rob áil le h-Abán a ghniomha do bheith, acht lenmain don fír-Dhia, ⁊ don chreidemh chatoilica.

 5

Ocus guidhidh a athair ⁊ a mathair é im anmhain aga n-oidhreacht; ⁊ nír bó tarbha són. “Neimhtní gach ní acht Día”, or sé. Ocus doníad  p.4 cimidh dhe, ⁊ cuiritt cuibrighi fair, ⁊ cuiritt h-i c-cuithe na n-giall h-e; ⁊ do-gheibhit forsgáoilte h-é iarnabharach for urlainn an dúin gan cengal, gan cuibrech. Ocus o 't-concattar gan nert aca air, deonaighit dó a thoil féin do denum. Teid-siumh go h-airm i r-rabhatar a lucht oilemhna.

 ii
 6

Laithe n-aen dia m-bói Aban la laogaibh a bhuime, do-chi cú allaidh go h-airm i r-raibhe. “Ro chan Día”, ol Abán, “an t-éigen d' furtacht. Tomhail in laogh-sin”,  147a ar se, “ata an una .i. gorta fort”. Ro ith, ⁊ beridh buidhe a coda fri h-Aban.

 7

Ocus ba doirbh leis na h-occaibh ele an laogh do chaithemh; ⁊ ro gabh omhan Abán riana bhuime. “A Íosa”, ol sé, “do chruthaigh in láogh-so gan damhna, cruthaigh anossa h-é leis an damhna fil sunn dhe”. Do eirigh an laeg go h-airm i r-rabhattar na láoigh aile, ⁊ ro géim, ⁊ do-gní reabhradh ar áon fríu. Ocus tiagaitt oidedha Abáin go h-airm i r-raibhe an righan ⁊ an , ⁊ innisit dóibh na miorbuile-sin. “As deoin lin-ne”, ol síatt, “antí do-róine na miorbuile-sin fair, eissiumh d' adradh dó”.

 iii
 8

Luidh Aban go h-airm a roibhe easpocc Iubhair .i. derbhrathair a mhathar, ⁊ ba failtighi an t-espocc roimhe for a dhiadhacht na for a ghaol fris. Da blíadhain dec áes Abáin an tan-sin. Ba h-iomdha nech naomhtha la h-Iubhar, ⁊ reicles oirdnidhe. Ocus do bái recles lais día tucc toil tairsibh i n-inis for an taoibh thes do Laighnibh, ⁊ Beicc Éire a h-ainm.

 iv
 9

Luidh Iubhar do Roimh, ⁊ cuinghis for Abán foss ós cind na manach go t-tísadh doridhisi. Nír bó toil do Abbán sin, gen gur triall la h-Iubhar do Roimh; ⁊ cíis gur bo fliuch blae ⁊ bruinne dó. Gairis Iubhar h-é, ⁊ cuiris a chend ina ucht, ⁊ tuitis a shuan fair; ⁊ téid Iubhar 'san luing gan ráthuccadh do Abán. Ocus dúisccis Abán, go f-faca in long h-i fudomhain na fairrge; ⁊ ba doiligh lai-siumh an ní-sin. “A Iosa”, ol sé, “soirbhidh in conair damh-sa gusin ethar uccat. Do traighis an Muir Rúadh”, ol sé, “⁊ ní decmaicc ni for bith duit; ⁊ seol meisi dot adhradh”.

 10

Éirghis, ⁊ gabhais for fedh na fairrge, gur bó soilléir aingil fria taobhaibh, ⁊ nir bo fess dia f-facaidh h-é, an eitedha diadha do fhás fair, nó an siubhal dáenna donídh. Ro airis an long fris forsan  p.5 muir. Ocus ba machtnadh lásin foirinn-sin, go ro innis Iubhar doibh gurab le h-Abán ro bái an long ag fuirech.

 11

Ticc Aban isin luing, ⁊ gabait port  147b isin Ettailli. Ocus tiacchaitt go cathair aincriosttaidhe, Padua a h-ainm. Ocus ro fiarfaicchedh dibh: “Cia h-airm as a t-tangabair? no ca conair a c-cingfidhi”? “Éirennaigh sinn”, ol síatt, “ ⁊ do Roimh triallmait, d' faghbhail tarbha in luaighidhechta do gheall Día dia mhuinntir”. “Cidh sin”? ol in , “cred adeirthi fri ar n-deibh-ne”? “Dee bodhra balbha filet libh, gan nert cobharta forra féin, na for nech ele aca”. “Foillsighid-si dúinn araill do mhiorbuilibh bhar n-Día feín”, ol in ; “adhnaidh an t-súdrall-so gan teine lá bhar n-anála, no do-gebtái bás dochraid fo cetóir”. Ocus cuiris Iubhar ⁊ a muinnter a n-anála ar uainibh fon súdraill, ⁊ ni ro lass; ⁊ ba súan do Abbán indsin a h-aithle an aistir do-roine; ⁊ dúisccitt h-e; ⁊ cuiris a anál fon súdraill, ⁊ do lass fo cetóir.

 v
 12

At-bath séitigh an in adhaig-sin, ⁊ ticc an arabharach go h-airm i r-rabhattar na naoimh, ⁊ cuinghis forra a shéitigh do thodhúsacht dó, ⁊ no gébedh baistedh chuicci. “Do Abán as déoin la Día an dusccadh do denamh”, ol Iubhar. Guidhis Aban forsan inghin, ⁊ ro duisigh a bás h-í. Ocus gabhais an ⁊ a séitigh, ⁊ a n-uile daine bái leo baisttedh as a h-aithle.

 13

“Tugaidh furtacht for an c-crich-si”, ol an . “Fil peist neimhe aga h-innradh, eter dhaine ⁊ innile. Fuath leomhain fuirre, ⁊ do ruccusa áes na crichi-so feachtus dia díochur, ⁊ ro marbh tri cet laoch dibh, ⁊ ros-fuirigh ina h-aiti feín acc fásuccadh forainn”. Beiris Aban drem dibh lais día theccuscc gusin ait i r-raibhe in peist, ⁊ tiaghait for cúla, oir ni léigh a n-eccla dóibh acht a foillsiucchad a c-cein uathaibh.

 14

Ticc an peist neimhi i n-dáil Abain go c-colcc mór fuirri. “Cuirim-si fort, a h-ucht Íosa, an t-anam-sin do-chuir Día ionnat”, ol Abbán, “lasa n-dernais míghniomha, scaradh fris, ⁊ an colcc adhuathmar sin fil fort do dhul for neimhtní”. Scarais a h-anam  148a fría la breithir in naeimh. Lethait a h-aittreabthaigh fon crích dia n-aitte, ⁊ dia n-adbhadhaibh, ⁊ do moladh Dia leo.

 vi
 15

Teitt an righ go h-airm i r-rabattar na naoimh. “Fil loch linn”, ol sé, “go piastaibh neimhe fair oc ingreim na criche, ⁊ isedh as  p.6 áil duinn, sibh d' ar furtacht forra”. Tiaghaitt dibhlinaibh go h-ur an locha, ⁊ teccaitt na piastai n-dail Abáin, ⁊ luigitt fria thaobh, ⁊ lighitt a cossa. “Furáilim foraibh”, ol Abán, “i n-ainm na Trínóide, dul 'san loch uccat h-i c-cúil m-bicc de, ⁊ a iascc do tomhailt, ⁊ oirisiumh ann, ⁊ gan urcóid do dhenamh do neoch for bith”. Ocus doníatt amhlaidh; ⁊ do-cíther aníu a ceann na seachtmaidhe bliadna íat for an c-cúil-sin da fhoillsiucchad go maraitt do choimhlíonadh breithre Abáin.

 vii
 16

Luidhset na naoimh do Roimh go m-bennachtain an phopuil leo. Ocus ro bhennachsat-somh iatt-somh. Teccaid for cula go h-Eirinn doridhisi.

 17

Luidh Patraiccespocc IubhairAbán h-i l-luing for Loch Garman; co n-facatar an peist n-dímóir fria t-táobh, ⁊ cet cend fuirre, ⁊ dá cet súil, ⁊ da cet clúas, go ro tochuir ainbhtine dermair forsan muir, go ro chuir an grían i n-uachtar, go raibhe in long for comhbadhadh. Luidh Patraiccespocc Iubair for sesaibh na luingi do ghuidhe Dé im furtacht forra.

 18

Anais Abán gan dul leo, óir nir mhes a urnaighthe comhard fri h-urnaighthe na náemh n-aile; ⁊ nír sccuir an t-anfadh béos. As-bert an t-aingel uaistibh: “Tuccaidh Aban chuccaibh, oír as día urnaighthe tuccadh diochur na péiste uccat”. Ocus tuccadh Aban chuca, ⁊ doní guidhe 'chum n-Dé, ⁊ ro díchuir in pheist; ⁊ ní fes cia conair i n-deachaid. Ocus isse an diabhal fo-dera an pheist do theacht 'san cruth-sin chuca do aidhmilledh for na naomhaibh. Ro chiunaigh an mhuir, ⁊ tiaghait i t-tír 'san tracht fa togha léo.

 viii
 19

Fechtus do Abán fri taobh an trachta, co n-aca an tonn muiridhe ina dhail go méid n-dermáir; ⁊ ba h-airdi h-í inás in talamh; ⁊ búailis fri tír go  148b h-airm h-i r-raibhe Aban, ⁊ ní deachaid ní búdh síriu. Cuiris Aban a bhachaill forsan tuinn, ⁊ téid feín fuirre, ⁊ ro iomhchuir an m-bachaill h-e forsan tuinn h-i fudomhain na fairrge; go t-tangattar ili diabhal ina thimcheall. “Anossa”, ol siat, “aithfimíd-ne fort-sa, na n-deine d' éccoir forainn, occ breith ar muinntire úainn let amain-si ⁊ led mealltoireacht n-gúachaich”; dia c-cualadur an guth n-ainglighe úasuibh:

 20

“Eirgidh”, ol sé, “a b-fodomain ifrinn a b-fail a n-aitreabtai do shíor”; ⁊ do-ronsad amluigh; ⁊ ro baoi Aban for a bachuill in fedh-sin.  p.7 “Beir-si”, ol an t-aingel, “go cenn seacht m-bliadan n-dég ⁊ tri cet bliadan ag foghnam do Día gan nert aimsighthe fort; ⁊ téid t' anam a b-fiagnaisi na Trionnoide, ⁊ bud feirde na daoine go foircenn m-bratha an loingseoireacht-so do-rinnis. Tuc Dia nert for muir duit ná tucadh d' áon romad. Ni fhuil nech rachus for muir a curach no a luing, ⁊ gebhus fo tri a n-ainm na Trionoide:

  1. Curach Abain for an linn
    Is muinnter fionn Abain ind,
nach ticfad slán; ⁊ fo tri teighe do Róim”.

 ix
 21

La n-aon do Abán ag siubhal fria h-ur in cuain, go n-acaid tri longa isin purt og triall do Róim. Téid Abán ana n-dail, ⁊ téid a luing dhiobh dia n-oilithre ro badur ag dul; ⁊ coica i n-gach luing diobh. Tiaguid amach forsan muir, ⁊ ni ro fhaolsat cor a cechtar dona h-airdibh díobh. Ba cían doibh for an abairt-sin, ⁊ ba machtnad leo-sam sin, go g-cualadur an guth n-ainglighe uaistib: “As é bur b-fochann”, ol sé, “gin cenn gin ab foruibh. Fil bur n-diol do ab sunn”, ol sé, an t-aingel, “⁊ Abán a ainm”. “Ni h-aithnidh duin-ne in fer-sin”, ol síad. “Cuirigh na croinn-si foraibh”, ol an t-aingel “⁊ in nech for a n-anfa an crann-so díbh, tabraidh bur g-cennus dó”. Ocus ro thuit an crann for Aban, ⁊ no berid umla dhó, ⁊ bá soirbh a slighe doibh go dul do Roim.

 22

Dia t-tárla nech dóibh isin Róim do-beredh cuid na cet-oidhce da gach oilitreach no teighedh inn; ⁊ ruc iad-sum lais, ⁊ ro baoi Aban fo oirmidhin mhóir lais; ⁊ bá machtnad leo-sum an denam baoi for leith for Aban aige, ⁊ gin aithne aige fair.  149aAingeal do-rad a eol damh”, ol fer in tighi. “Ni h-iongnadh sin”, ol siatt-somh, “do benadh comnuidhe asain-ne forsan muir, go ro umhlaighemar dó”. Do-bheir Grigoir gradha saccairt fair, ⁊ doní abb dhe.

 x
 23

Ocus gluaisit for c-cúla do thoidhecht dochum na h-Erenn, go t-tarlattar dá sluagh dó fri broinn catha do chur, ⁊ a renna ⁊ a f-faobhair innillte re h-acchaid aroile. Gabhais Abbán an chonair ettorra. “I n-ainm na Trínoide”, ol sé, “sccuiridh don dásacht for a táithi, ⁊ treiccidh an gnímh as mesa for an soighniomh”. Cuiritt a f-ferga for c-cúla, ⁊ doníad sith ⁊ cáen-comhrac, ⁊ anaid h-i sist ⁊ h-i c-cairdes tre bithe; ⁊ ticc Abbán i n-Erinn go m-bennachtain na sluagh-sin lais.

 p.8
 xi
 24

Triallais i Connachtaibh, ⁊ do-rinne téora reicclesa oirmhidnecha innte. Ocus triallais for cúla co crích Eachach Coinchinn h-i crích Corc Duibhne. Mór trá d' eccalsaibh naemhdha do sénadh la h-Aban. Ocus ro bhennach Boirnech, ⁊ do-rad do Gobnait h-é. Ocus ro bhennaigh Cill Aithfe ar Magh Coincinn ⁊ do-rad do Finán h-í; ⁊ ro thirchan Finán treimsi rena tusmedh; ⁊ do-bheir Cill Eachach Coinchinn dó.

 25

Ocus ro bhennach Cúl Collainge, ⁊ Brí Gobhann, ⁊ Cill Cruimpir, ⁊ Cill na Marbh; ⁊ ro bennach Cluain Aird Mo Becoc, ⁊ Clúain Finnglaisi, ⁊ ro fhaguibh Beccan innte; ⁊ móran ele d' eccalsaibh; ⁊ ro fáccaibh oific na h-eccailsi naoimhi i n-gach ecclais dibh.

 xii
 26

Luidh Abán i n-Éilibh; ⁊ ro bai in , ⁊ áes an tire i n-aenach; ⁊ ni raibhe creidemh léo. Ocus ticc Abbán occ síoladh breithre Dé doibh. “Cidh ráed é Día”? ol in . “Cruthaighteoir nimhe ⁊ talman, ⁊ aga b-fuil fis gacha torracht ⁊ nach torracht”. “Innisi damh-sa”, ol an , “an lícc dimor uccat fil forsan tulaigh, cía mó atá i t-talamh dhi na úasa”? ⁊ ro innis Abbán sin. Ocus do-berar moghadha in rígh dia tobach a talmain, ⁊ ro frith amail ro raidh Abán; ⁊ gabhais an cona crich baisttedh iar sin.

 149b
 xiii
 27

“Fil peist neimhe isin crich-so”, ol an ri, “⁊ fúath cait fuirre; cenn ⁊ lái teintidhe le, móa oldát láeigh ar m-buair; fiacla conda le”. “Ni dhingni sí urcoid do nech don crich-so”, ol Aban. Ocus tarla an pheist dó lá n-áen occ an abhainn danad ainm Brosnach, ⁊ lighis a chosa, ⁊ máolais an greann adhuathmar bái fuirre. Ocus tóccbais lais h-í, ⁊ cuiris h-i l-loch bái re thaoibh do thomailt eiscc. Ocus aithnighis di gan urcóid do denamh do neoch for bith, ⁊ do fíoradh són.

 28

Ocus ba senda an an tan-sin, ⁊ ni raibhe oidhre lais acht inghen rucc a shéitig in acchaid-sin; ⁊ cuinghis for Aban a baistedh; ⁊ ro airigh doilghes forsan rígh tre bheith gan oidhre. “Madh déoin do Dia”, ol Abbán, “do-ghebair oidhre”. “Ac”, ol an , “ní thicc dím-sa lem shenndacht”. Gabhais Abban in naidhin eter a dí laimh, ⁊ do-gní ernaighthe dhiochra 'chum n-Dé d' faghail eidhre don righ; ⁊  p.9 an inghen ro chuir isin topar, tóccbhais lais ina mhac, ⁊ cuiris i n-ucht in righ. “Acc so do mhac duit”, ol sé. Ocus gabhais luathgáire dermáir an , ⁊ aós na críchi dona míorbhuilibh-sin. Ocus do sccar Abbán ⁊ an fri aroile fo caon-comhrac; ⁊ ticc Aban go Ros mac Truin.

 xiv
 29

Laithe do Abban for brú Siuire, ⁊ tórmach tuile innte. Traighis in t-áth ria n-Abán gur bó leca tiorma. Ba díairmhi popal diadha ar áon fri h-Aban an tan-sin. “Gabhaidh an conair anonn”, ar sé. Gabhaitt, ⁊ gabhais Abbán for a lorcc, ⁊ macáomh ócc ar aón fris gan rathuccadh dó, go ro muigh an sruth fair. Ní ro airigset esbhaidh an óccáin forra, go rabhattar for a b-proind arabharach. Luidh Abbán gusin sruth, ⁊ duisccis an naidhin don grian gan ball fliuch for folt na erredh dó.

 xv
 30

Laithe do aodhairibh Abáin ag coimhétt a t-tréda, go f-faccaidh na  150a faolcoin friu. “Leiccidh uaibh, ⁊ coimhéttaid”, ol Abban; ⁊ doníadh na faolchoin-sin; óir as íad ba h-aodhairedha dó an céin ba béo.

 xvi
 31

Luidh Corbmac mac Diarmata Úa c-Ceinnsealaigh do denamh creichi for Cam Ross .i. reicles Abbáin. Teid cuid dia shluagh h-i c-cuili Abáin, ⁊ do-bherad an miach tomhais bai ann forsan faithche, ⁊ ní ro fhedsat a chur díbh, óir do lensat a lámha dhe. Gabhus omhan an ri cona slogh. Cuirit fiss for Abán, ⁊ guidhit fair trocaire do dénamh forra on airc ina rabhatar. Cuiris Abán cros dia laimh uasaibh, go ro sccar an miach fríu, ⁊ do-radadh an ferann a t-timcheall an bhaile do Aban; ⁊ luidh Abbán for cula go m-bennachtain na crichi lais.

 32

Tuitis an aghaid fair; ba fúar, ⁊ ba dorcha iséic, conar cumhaingset cor don conair. Do-ciad aingeal ina n-dail, ⁊ tapur solusta ina laimh, ⁊ dos-fucc i l-laimh Abbáin. Beiris Abán eolus conaire doibh lasin tapar go rochtain ina reccles feín doibh; ⁊ fo-geibh an t-aingeal for a chinn isin tempul, ⁊ geibhis an tapar a laimh Abáin; ⁊ sgarait fri aroile.

 xvii
 33

Laithe dia f-facaidh Abbán neach amhlabhar ina dháil, do chuingidh furtachta fair, cuiris cros Iosa for ubhall bái ina laimh. “Tomhail so”, ar sé. Do-roine an t-eslan samlaidh, ⁊ ba slán o gach n-galar bai fair.

 xviii
 34

Laithe ele at-connairc Abán nech h-i pairilís, ⁊ cos ⁊ lamh  p.10 dia easbaidh. Cuinghis for Abán ar déirc ⁊ troighe furtacht fair. “Bí slán”, ol Abán, “i n-ainm na Trínoide,”; ⁊ ro bái o breithir Abain.

 xix
 35

Laithe n-aen dia f-faca Aban nech 'ar t-tuitim lubhra fair, cuinghis a fhurtacht for Abán: “Sirim-si ar Día furtacht fort”, ol Abán, ⁊ do-roine Día sin la breithir in naoimh.

 xx
 36

Battar eirrigh comfoccus do Aban i conflicht fri aroile. Gabsat la catha  150b for aon-maigh go m-battar ucht fri h-ucht. Tiaghar ona tuathaibh dia m-batar go h-Abban, ar co tísedh dia furtacht. Teíd-siumh i c-crois-fighill fri Día fri dénamh samhlaidh; ⁊ fuair-siumh ón, co nár bhad cuimhgeach imertha arm, na toidheacht for aroile, gur bhad siodach la breithir Abáin.

 xxi
 37

Bai araile sáor airmittnech i c-comfoccus do Abban, ⁊ ba h-é do-gnídh lubhair gach naoimh fría reimhes; go ro dallta la h-oirbire na naomh for a dáoire fríu, ⁊ méd a loighi; Gobán ainm. Teitt Abán dia chuingedh fri denamh reclésa dó. As-bert-somh ní bái a cumang dó, ar ba dall. As-bert Abán fris-siumh: “Fogebha do roscc céin bhé occ in lubhair, ⁊ a do-la úait iarna forbhadh”. Ro firadh són; ⁊ ro móradh ainm Dé ⁊ Abain de-sidhe.

 xxii
 38

Rainic araile amlabhar go h-Abán dia cobhair. As-bert-somh: “A Iosa”, ol sé, “amhail do-radais labhra for an anmann m-bruidemhail feacht riamh .i. for in asal; tabhair urlabhra dó so”, ol sé. Do-radadh iaramh amail ro chuinnigh.

 xxiii
 39

Batar tra bú iomdha la manchu Abáin; con luidh buachail dibh cucca-somh, ⁊ as-bert fris go m-bói bó il-dathach aimrit lais, ba h-áille dona cethraibh talmandaibh, gan bliocht gan laogh o ro genair. Bennaighidh-siumh in m-boin iaramh, go ro eamhnastair laogh fona dathaibh uccat, ⁊ as ing ma congaibhthi lestra dia h-ass; ⁊ bái samlaidh gan trágadh fri re Abáin; ⁊ ro thinastair iaramh.

 xxiv
 40

Araile uair do-dhechattar coimhtionol na manach comfoccus go h-Abán do fhiss a m-bethad ⁊ a n-eiseirge; ⁊ dia t-tecusc ⁊ foircetal dó. Cethracha ⁊ cétt cleirech a líon. Fogní-siumh doibh amail connaigset fair, ⁊ ceileabrait iaramh.  1.

2. Betha Bhairre ó Chorcaigh

 p.11 122b
 i
 1

Mo Barri dino do Connachtaibh dó iar c-cenél, do Clannaibh Bríain meic Eachach an t-sainnrith .i. Bairri mac Amairgin, meic Duibh Duibhne, meic Airt, meic Carthaind, meic Flaind, meic Nindedha, meic Briain, meic Eachach Muighmedhoin. Tainic iaromh cenel ⁊ bunadh antí naemh Barri a criochaibh Connacht, gur gabh forba ⁊ ferannus ind Achad Durbcon i c-crich Múscraighe Mitine.

 2

Is annsin bai baile ag Amairgin, occ athair Bairri. In t-Amhirgin-sin dino fa gabhai amhra h-é, ⁊ is h-é fá primh-gobha do righ Raithlenn an tan-sin .i. do Thigernach mac Aodha Uargairbh, meic Criomhthainn, meic Eachach, meic Cais, meic Cuirc.

 3

Ro bái dino cumhal sochraidh i t-tigh in righ. Ro forcongair an dia mhuinntir na ro áentaigedh neach dibh lé i l-lánamhas. Ni cúalae dino Amhairghin inní-sin. Ro áentaidh iaromh an gobha ⁊ an chumhal go h-incleithe, ⁊ ro fes forra iarttain, úair ro coimpredh an chumhal. Iar sin ro gairmedh an cumhal on rígh .i. ó Thigernach, ⁊ ro fiarfaigh dhi cia ór bó torrach. Ocus at-bert an cumhal gurab ó Aimhirgin.

 4

Is annsin at-bert an a c-cuibrech a n-dís .i. Aimhirgin ⁊ an cumhal, ⁊ fós adubairt teine mór d' fadudh ⁊ a c-cor innte a n-dís. Acht ní ro léicc Día do-somh sin, úair tainic saignén ⁊ torann ⁊ fleochadh dermáir ann, co nár fétsat tene d' fadúdh úair rob ionmhain la Día naemh Bairri, cidh ríasíu ro geinedh. Is annsin ro labhair in náidhia broinn a mathar, ⁊ at-bert: “A , na déna an gnímh n-eccóir, úair ní bá móide do gradh ag Día, cía do-gne”. Is annsin at-bert an fria mhuinntir: “Airisidh bicc, go f-faiccem ⁊ go f-fesam cía norn-aiccillenn”.

 5

Is annsin tairisis an saighnén, ⁊ an torann, ⁊ an fleochadh; ⁊ ro h-aincedh Aimhirgin ⁊ in chumhal gan a losccadh; ⁊ ro tuisimh an chumhal an mac n-adhamhra .i. antí naemh Bairri. Iarna gheinemhain dino ro aiccill fo cetóir an , gu ro sáoradh dó a athair ⁊ a  p.12 mathair. Do-ratt an dó íatt a sáoiri, ⁊ do-ratt é fein cona síol do Bhairri  123a tré bithe.

 ii
 6

Ní ro labhair in mac tra iar sin go h-aimsir coir. Tainic iar sin Aimhirghin ⁊ an cumhal, ⁊ an mac becc léo go h-Achadh Durpcon. Is annsin ro baistedh an mac; Mac Cuirp, espocc do Dál Modula do Corco Airchind Droma, is é ron-baist. Is e cet ainm do-radadh fair .i. Loán, ⁊ ro h-oiledh fri ré seacht m-bliadan i n-Achad Durbcon.

 7

Ro battar dino triar cleirech d' feraibh Muman ina n-ailithre a crích Laighen isin aimsir-sin. Tangattar i c-cóir thurasa d' fios a t-tíre fén, ⁊ do-dechattar for a t-turus go tech n-Aimhirgin; ⁊ at-conncatar an gillae m-becc n-álainn istigh. Adubairt an fer fá sine dibh: “As caomh in mac becc-so”, ar se; “do-raithne rath an Spirtu Naoimh ina gnúis, ⁊ ro budh maith lind leighenn do dénamh dó”. “Masa maith”, ol Aimhirgin, “beiridh libh, ⁊ déntar dó”. Adubairt an senóir: “Ni beram anosa, go t-tísam arís an tan reccmáitt a Laighnibh”.

 8

Tangattar iaromh an tríar cetna go tech n-Aimhirghein i n-aimsir samraidh, ⁊ ruccsatt leo an mac. O ró-siachtatar tra gusin slíabh díanadh ainm Muincilli .i. do Ros Coill, tainic íta ann don mac bhecc, ⁊ rochái ag cuinghidh dighe. At-bert an senóir fria thimtiridh: “Eircc do saigidh na h-eillte útt ar in t-sleibh, go t-tucca dhigh úaithi don mac”. Do-chúaidh an timthíridh, ⁊ ro blighlestar lán do lemhnacht uaithi, ⁊ do-radadh don mac becc.

 9

Is ann adubairt an senóir: “áit a n-dérna Dia an firt n-adamhra-so ar in mac, is ann as cóir tinnsccetal leighinn dó, ⁊ a bherradh, ⁊ claochlodh a anma”. Ocus do-ronadh amhlaidh. Adubuirt an fer ron-berr: “As caomh ⁊ as find an barr fil for Lóan”. At-rubairt an senóir: “As maith a n-abra; úair bidh é a ainm óniu amach, Findbarr”.

 iii
 10

Is é sin laithi tainic Brenainn Birrae a Sliabh Muincilli, go t-tárrastair in baili atát Crosa Brenaind aníu. Ro ling an carpat fo trí fáoi, co nus-tárla as; ⁊ ro cháiestair go mór, ⁊ ro fhaítbhestair iarttain. Ocus ro fiarfaighset a muinter de, cidh ar a n-derna cái ar tús, ⁊ gáire iar sin. Gillae becc tainic sund aniú, ar a n-derna Día míorbuil móir, is é fath ar a n-dernas  123b toirrsi.

 p.13
 11

“Itche ro chuinghes go Dia, tri feranna i n-Desmumain, go ro foghnattais dom comharba im diaigh .i. ó Abhainn Móir go Láoi, o Láoi go Bannae ⁊ go Bai m-Béiri, o Bhándai go Cléiri. Ocus ní thard Dia damh-sa sain, acht is re fognamh Barra do-ratt Día íatt tre bithe”. Do-cuattar iar sin na tri cléirigh adubramur a no i crich Laighen, ⁊ Bairri léo. Ocus is é ro thórainn Ceall Meic Cathail i m-Bealach Gabhrain. Is innte ro legh Barri a psalmae.

 iv
 12

Fecht do Bharrai occ leghadh a psalm, gu ro fher snechta mór ann, go raibhi cochall dhe immón m-boith a n-dénadh Bairri a leighenn. Adubairt Barrai fria oitti: “Ro badh maith lem an cochall-so do beith imom boith, go t-tairsittís lem mo psailm”. Do-righne Dia amlaidh, úair ro legh an sneachta don talmain, ⁊ ro mair an cochall bui dhe immon m-boith, go t-tairnic do Bhairri a psailm.

 v
 13

Feacht tainic araile duine saidbir, Fidhach a ainm, go h-áit i m-báoi Barrai .i. go Lóchan, dá gabhail d' anmcaraitt. At-rubhairt Lóchan ria Fidach: “Slecht don ghilla bhicc utt .i. do Bharrae”. At-rubairt Fidhach: “As becc lem slechtain dó”. Adubairt Lochan re Fidhach: “Dia n-gabar-sa h-é do anmcharait, an n-gebha-sae”? At-rubairt an laech, ro gebhadh. Is annsin ro shlecht an clérech do Bharrai, ⁊ ro slecht Fidach; ⁊ ro edhhair Lóchan a chill do Dhia ⁊ do Bharrai, ⁊ ro edhbair Fidhach é féin cona iartaighi. Adubuirt Bairri ria a oide: “Geibh uaim an laoch-so cona iartraighi, tar cenn mo psalm ro gabhad uait”.

 vi
 14

Tainic iar sin Bairri for conair do tuidhecht h-i Mumain. Do-ruacht go h-airm i t-ta Cul Caissine aníu, i n-Osraighe, ⁊ ro thorainn an cill-sin, ⁊ ro h-edhbradh dó h-í tri bithe.

 vii
 15

Do-chúaid Bairri iar sin go h-Achad m-Bó, ⁊ is ann ro gabh ionadh ar tús. Tainic iar sin Cainnech mac h-Úa Dhalann go Barri, ⁊ ro chuinnigh chuicce fágbháil lais an ionaid-sin. “Cidh rom-bia-sa  p.14 aire”? or Bairri. “Rot-fía  124a maith aire, a Bhairri”, ar Cainneach, “an t-ionad i n-gebhae, ⁊ i m-beitt do thaisi, immatt sruithi ⁊ sobhartan ⁊ airmittne ann do grés, fo bith na h-airmittne do-beiri dhamh-sa”.

 16

“Cidh n-aill”? oll Barri. “Rot-bia”, or Cainneach, “nemh da gach fir ghebhus th' ionadh”. “Ba ro moch lim-sa adubairtais-si sin”, ar Bairri, “doigh a thelgun doibh, ⁊ ateatha ar daigh na breithre-sin”. Adubairt Cainneach: “An uair ghébhas do chomarba-sae ⁊ fer th' ionaid, ní scéra cen anmchairdes fair on righ nemdha”. Ro thórainnsett an chill ⁊ an relecc, ⁊ adubairt Bairri: “Bát úaiti meic aptha na cille-so”. As-bert Cainnech: “Ni bat ili meic aptha do reilgi-si”.

 viii
 17

Tainic iar sin Bairri go h-espucc Mac Cuirp h-í Clíu. Fer amhra dino an Mac Cuirp-sin, ⁊ comalta do Dauid Cille Muine, ⁊ dá dhalta do Grigoir Rúamha íatt a n-dís. In tan iarom tainicc Bairri go h-espucc Mac Cuirp rotn-aiccill an .i. Fachtna Fergach mac Cáelbaidh sen, Múscraighe Breogain, ⁊ isedh ro ráidh rís: “Riccim-si a les, go ro bhennacha-sa an dís-so .i. mo mhac dall ⁊ mh' inghen amlabhar”. Ro bhennach Bairri íatt a n-dís, ⁊ ro slánaighit .i. a roscc don mhac, ⁊ a h-erlabhra don inghin.

 18

Ó ro bhattar iaromh acc imaccallaimh .i. Bairri ⁊ an , ro cualattar golghaire mór. “Cidh so”? ol Bairri. As-bert an : “Mo séitigh as marb anosa”. At-bert Bairri frisin righ: “As tualaing Día a tódúsccadh a bás”. Ro bhennach Bairri iar sin uiscci, ⁊ ro fotraiccit an rioghan ass, ⁊ at-racht a bás amhail bidh as a codladh at-résedh.

 19

Ó ro bhattar occ imaccallaimh, Bairri ⁊ an , adubairt an ri: “Cidh ar na déini-si, a Bhairrai, ferta inar f-fiadnaissi-ne fós”? “As tualaing Dia a n-dénamh, madh áil dó”. Ind aimsir earraigh tra sin do shunnradh. Ro tuitset aráidhi cnai fáiscci don choll fo ra bhattar, gurbhat lána a n-ochta dona cnoibh. Is annsin ro edhbrastair an .i. Fachtna Raith n-Airrthir i m-bith-dilsi do Bhairri.

 p.15
 ix
 28

Ro legh iar sin Bairri leabhar Matha ⁊ leabar apstal  124b acc easpucc Mac Cuirp; ⁊ ro cuinnig espucc Mac Cuirp logh a leighinn for Bhairri. Adubairt Bairri: “Ca logh chuinghe”? Adubairt espucc Mac Cuirp: “Isedh as áil damh, gurab i n-áen-bhaile bhes ar n-eiseirge i l-laithe brátha.” At-bert Bairri: “Rot-bia-sa inní-sin, uair bidh i n-áen-baile rottn-adhnaicfider, ⁊ bhes ar n-eiseirge”.

 x
 21

Ro aittreabh iar sin Bairri i l-Loch Irce, ⁊ i n-Etergabhail ris anair. Ocus is í so scol ro bói occ Bairri isin loch .i. Eolang a oitte, ⁊ Colmán Dhaire Dúncon, ⁊ Baichine, ⁊ Nesan, ⁊ Garban mac Findbairr, ⁊ Talmach, ⁊ Finnchad Dhomhnaigh Moir, ⁊ Fachtna Ria, ⁊ Fachtna Ruis Ailithir, Luicer ⁊ Caman ⁊ Loichine Achaidh Airaird, Cairine ⁊ Finntan ⁊ Eothuile fuilet h-i Rus Caerach, Treallan fuil i n-Druim Draighnighe, ⁊ Caolchú ⁊ Mo Ghenna, ⁊ Mo Díomócc, ⁊ Santan, ⁊ Luiger mac Coluim. Tuccsat tra an lucht-sin a c-cealla do Dhía ⁊ do Bhairri i m-bith-dílse.

 22

It e dino ro bhattar aicce i n-Ettargabhail .i. derbhshiúr Bhairri, ⁊ Crothru inghen Conaill, ⁊ tri h-inghena Meic Cártainn, ⁊ Cóch caillech Ruis Benncuir, ⁊ Mo Shillan Rátha Moiri, ⁊ Scothnat Cluana Bicc, ⁊ Lasar Achaidh Durbcon, ⁊ téora inghena Luigdech, Dune, ⁊ h-Er, ⁊ Brighit Airnaidhi. Ro edhbairset in lucht-sa uile a cealla do Dhía ⁊ do Bhairri i m-bith-dilsi.

 23

Bairnech Mór i c-crich Múscraighe Mhitaini, Iuran Brit ceta ro-gabh ann, ⁊ Nath I, ⁊ Bróccán; ro idhbairset a c-cill do Bhairri .i. Bairneach Mór; ⁊ for-fáccaibh Bairri menistir ⁊ cethir-leabuir an t-soscela aca-somh. Lughaidh mac Findtain, do Dhail Mo Dúla Airthir Cliach, is e cétna ro-gabh Ceanna Droma h-i c-Carn Tigernaigh h-i c-crich Fer Muighi Féine, ro edhbhair a chill do Bhairri, ⁊ rucc Lugaid o Bharrai offertóir findruine. Báetan mac Eogain ro ghabh Glenn Caín h-i c-crích h-U Luigdech Eli, ⁊ Mo Dimócc dino daltai do Bharrai, ⁊ di easpucc iatt, ro edhbairsett a n-dís a c-cill do Bharrai i n-ógh-dílsi  p.16 .i. Glenn Caín.  125a Druim Eidhneach h-i c-crich h-U Luigdech Eli, Sáran ron-gabh. Ro edhbair-sein a chill do Bhairri, ⁊ ros-fucc-somh o Bhairrai a menistir n-umha, cona shacarfaic.

 24

Goban Corr ro gabh h-i Fán Lopaist, ⁊ ro edhbair a chill do Bharrai; ⁊ do-rat Barrai do-somh offertoir airgit ⁊ cailech altora di ór. Finntan ⁊ Domhangein, it e ro gabhsat Cluain Fotai ⁊ Tulaigh Min, ⁊ ro edhbairsett a c-cill do Barrai. Do-rat Barra doibh-siumh offertoir ⁊ caileach altóra do ghlaine. Do-róine Bairri firt n-adhamhra annsin .i. ícaid an mac do dhoilli ⁊ an ingen do amhlobhrai, ⁊ ícaidh an clamh gurbo slán. Brogan mac Senain, daltai do Bhairri, do-gnidh tri h-aicechta gach láe la Barrai, go tuccad gradha fair. Ron-edhbair fodéin cona chill .i. Clúain Cárnai i m-bith-dilsi do Bharrai.

 xi
 25

Tainicc iar sin Barrai, ⁊ aingil roimhe, go a crich féin, ⁊ ro chumhdaigh Cill Achaidh Dorbchon. Atá cúas annsin .i. cúas Barrai a ainm, ⁊ atá lind maith ina fharradh, as a t-tabharta brattán gach n-oidhce do Bhairri iarna ghabail i l-líon aen-mhogail. At-rubhairt an t-aingel fri Barrai: “Ní ba sunn bías th' esérghe”.

 xii
 26

Tainicc iar sin Barrai tar an abhainn go Cill na Cluaine, ⁊ ro cumdaigh ecclas innte, ⁊ tárrastair innte fri ré cíana .i. go t-tangattar dá dhalta do Ruadhan chuicce .i. Corbmac ⁊ Buchin iar c-cuingidh ionaidh doibh for Ruadhan. Go n-ebert Ruadhán friú: “Eirgidh go m-bennachtain, ⁊ in bail a m-benfa a thengae re bhar c-clocc, ⁊ h-i meabhai iris bhar t-teighi liubhair, is annsin bías bhar n-eiséirghe”.

 27

O dó-róchtattar iaromh go Barrai, go Cill na Clúaine, tangattar doibh na h-uile-so íar m-breithir Ruadháin. Ros-gabh toirrsi mór íatt iar sin, ar ní ro shaoilset an cheall do leigen doibh. At-bert Barra friu-somh: “Na bidh brón na toirrsi foraibh; do-beirim-si duibh-si ⁊ do Dhía an chill-so cona h-uilibh mainibh”. Ro cumhdaigh tra Barrai da cill décc resíu tainicc go Corcaigh, ⁊ fos-raccaibh uile ar umaloitt ⁊ ar mhét a dheirci.

 125b
 xiii
 28

 125b Tucc aingel iaram eolus do Bharrai o Chill na Cluaini co n-uicci an ionadh i t-tá Corcach aníu; ⁊ adubairt fris: “Airis sunn uair bidh e so do port eisérghe”. Do-righne Bairri áine tredanais iar sin isin ionad-sin, go t-tainic cuicce Aedh mac Comgail do Uibh Meic Iair ag iarraidh bó at-rulla do bhreith laigh, go fuair h-í h-i f-farradh na cleirech.

 p.17
 29

Ro fhiarfaigh áedh dibh: “Créd ro-tabhar-fucc sunn”? Ro freccair Bairri: “Atám acc iarraidh inaid i n-guidhfem Día orainn féin, ⁊ ar antí do-béra dhuinn”. At-rubairt Aedh: “Do-bheirim-si dhuit an t-ionad-so, ⁊ an m-boin tucc Dia chuccat ann”. Tainic iar sin áedh mac Míandaig, ⁊ ro edhbair do Bhairri Foithrib n-Aedha i Muigh Tuath, ⁊ a maincine féin cona cloinn; ⁊ tainicc iartain Aedh, ⁊ rotn-edhbair cona cloinn a m-bith-dílsi do Bhairri.

 xiv
 30

Tainicc iar sin aingel Dé día thórromha, ⁊ adubairt fris: “In annso is áil duit airisiumh”? Adubairt Bairri: “Mass edh as áil le Dia, as ann”. Adubairt an t-aingel: “Madh sunn thairisi, bidhat úaiti meic bethadh as docum nimhe. Eircc seachat biucc co nuicce an ionadh atátt na h-uiscce iomdha frit anair, ⁊ airis ann ar comhairle an Choimdedh, ⁊ bidh imdha sruithi ⁊ meic bethadh an ionaidh-sin dochum nimhe”.

 xv
 31

Tainic iar sin an t-aingel roime gusan ionadh ro cindedh dó o Dhía; ⁊ ro thorainn an t-aingel an chill, ⁊ ros-bennach, ⁊ tarrustair Bairri indti iar sin.

 xvi
 32

Do-chuaidh Bairri iar sin do Roimh, do ghabail gradh n-espuicc ar áen ⁊ Eolang, ⁊ M'aedhócc Ferna, ⁊ Dauid Cilli Muine, ⁊ da manach dec doibh. Grigoir dino, is e ro ba comarba Pettair an ionbaidh-sin. In tan dino tuargaibh Grigoir a lámh ar cind Barra do erleghadh na n-gradh fair, tainic lasar do nimh for an laimh, co n-ebert Grigoir fri Barrai: “Eircc dod tigh, ⁊ airleghfaidh an Coimde fein gradh n-espuicc fort”.

 xvii
 33

⁊ as amlaidh ro comhailledh; óir tainicc Barrai dia cill féin, ⁊ ro airlegh an Coimdhe fein gradh n-espuicc fair ag an c-crois ar  126a acchaid an tempaill, bhail in ro h-adhnacht a thaisi iartain; ⁊ ro tebrinn ola tria talmain go h-iomdha ann, go t-tainicc tar a assa, ⁊ tar assa na sruithi ro bhattar ina fharradh. Ro bennach iar sin Barrai cona sruithibh an chill ⁊ an reilecc, ⁊ adubhrattar: “Imat sruithi do ghres h-i c-Corcaigh”.

 xviii
 34

Tarrustair iar sin Barrai i c-Corcaigh, ⁊ sccol mor do naemhaibh aicce innte .i. Fachtna ro gabh Cill Ria, Eltin mac Cobhthaig ro gabh Cill na h-Indsi; Fergus Findabrach ro gabh Findabair  p.18 na Righ; Condire mac Foirtchirnn ro gabh Tulaigh Ratha. Espucc Libar ro gabh Cill Ia. Espucc Sinell ro gabh Cluain Bruices. Fingin ⁊ Trian ro gabsat Domnach Mór Mitaine. Mu Cholmoc mac Grillin ro gabh h-i r-Ross Ailitir, ⁊ Fachtna mac Mongaigh beos. Colman espucc ro gabh Ceann Eich; Muadan ⁊ Cairpre espuicc ro gabsat Aill Nuaitin. Ro edbairset an fhoirenn-sin uile a c-cella do Dhia ⁊ do Bhairri.

 xix
 35

Adubairt espucc Mac Cuirp fri Barrai: “Madh mo chorp-sa dech fon tálmain sunn ar tús, ⁊ madh mh' anam dheachus dochum nimhe, gach aon iaramh at-béla i c-cuairt Corcaighe nís-léicceabh-sa i n-ifern”. Conidh é iaramh espucc Mac Cuirp cedna marbh do-cuaidh fo úir Corcaighe.

 xx
 36

Ro ba sniomh la Barrai beith cen anmcarait iar m-bás a shenora. Conidh iar sin do-cuaidh do saigidh Eolaing, ⁊ ro fhoillsigh Día do Eolaing Barrai do rochtain cuicce. co n-ebert ría muinntir: “Ticfat aidhedha uaisle sunn aniú, ⁊ frithailid iat im biadh ⁊ im fotraccadh”.

 37

Ro-siacht Barrai iar sin, ⁊ do-rala fertigis Eolaing dó, ⁊ ro fher failte fris, ⁊ adubairt: “As fáilidh an senoir fribh; gatar dibh ⁊ dénaidh bhar f-fotraccadh”. Adubairt Barrai: “As túiseacha dúinn an senoir d' accallaimh”. Do-chúaid an ferthigis do accallaimh Eolaing, ⁊ ro innis dó aithescc Bharrai. Adubairt Eolang: “Denadh Barrai a fothruccadh ar tús; ⁊ do-ghénam iomaccallaimh iar sin. Táed chena imbarach dia reiccles, ⁊ ricciubh-sa cuicce h-i cind seachtmaine”.

 xxi
 38

Ocus isedh on ro comhailledh;  126b oir tainic Eolang h-i c-cinn seachtmaine co Corcaigh, ⁊ ro shlecht fo cétoir do Bharra, ⁊ isedh adubairt: “Edbraim-si duit-si mo chill, ⁊ mo chorp, ⁊ m' anmain”. Ro chái Barrai iar sin, ⁊ isedh adubairt: “Ni h-edh sin ro imráidhius-sa, acht gomadh mé ro edhbradh duit-si mo chill”. At-rubairt Eolang: “Bidh amhail at-berim-si bías; óir as h-í toil De. Ocus at ionmhain-si  p.19 ag Dia, ⁊ at móa inú-sa; acht cuinghim-si logh m' edhbarta cuccat-sa .i. gurab i n-aen-baile bhes ar n-eiseirge”. Adubairt Barrai: “Rot-bia-sa sin; acht am sniomhach-sa fós imon anmchairdes”. Adubairt Eolang: “Rot-gebha anmchara do dhiongmala dom laim-si aniú”.

 39

Ocus isedh ón ro comhailledh; úair do-rad Eolang lamh Barrai h-i l-laimh in Coimdhedh budéin ag Ulaidh Eolaing h-i fiadhnaisi aingel ⁊ archaingeal, ⁊ asedh adubairt: “A Coimdhe, geibh cuccat an duine firén-so”. Ocus ro ghabh iar sin an Coimdhe lamh Barra cuicce for nemh. Adubairt immorro Eolang: “A Choimde, na beir uaim anosa anti Barrai, go ti aimsera tuaslaicthe a curp.” Ro leicc an Coimdhe úadh iar sin lamh Barrai. Ocus on ló-sin ni cáemhnaccair nach n-duine feghadh a laimhe ar a taitneimhche; conadh aire-sin no bídh lámhann ima laimh do grés.

 xxii
 40

Tainicc for menmain do Bharrai tormach taisi naomh do chuinghidh dia reilicc. Tainicc iaramh an t-aingel dia accallaimh, co n-ebert friss: “Eircc-si amárach h-i c-crich Ua c-Criomhtainn súas, ⁊ ataid taissi espucc ann”. Do-cuaidh Barra iarnamarach do Dhisiurt Mór. co n-aca annsin senadh acc adhnacal na t-taisi dia n-deachaidh-siumh d' iarraidh. “Maith sin”, ar Barra fri Fiamma mac n-Eoghain; “cidh do-gníther lat annsin”? “Isedh so”, ar Fiama; “aingel Dé tainic dom accallaimh aráeir, co n-ebert frim teacht ar ceann na t-taisi-so ait i r-rabhatar, co nus-tuccus ass”.

 41

“As sí sin caingen dom-fucc-sa om tigh”, ol Barrai. “Cidh bías ann dino”? ar Fiamma. “Ni conntabairt”, ol Barra, “leiccfitther duit-si na taissi”. “As maith sin”,  127a ar Fiama, “⁊ rot-fía-sa a logh. Bidh lat an baile-so, cona taisibh oniú co brath”. “As ced”, ol Barra, “bidh maith an baile, ⁊ bidh airmittnech a comharba i t-talamh”. Conadh aire-sin ro airiltnighestair Fiama tiodhnacal cuirp Crist do Bharrai h-i l-laithe a eitsechta.

 xxiii
 42

As lir tra tuirim ⁊ aisneis, a n-do-róine Dia d' fertaibh ⁊ mirbhuilibh ar naemh Barra. Ar ni fhuil neach ele con-ísedh a faisnéis uile mina tísedh féin no aingel Dé dia n-innisin. As lór immorro araidhe an becc-so dibh ar deismirecht: a betha inmedhonach, ⁊ a airbert bith cach laithi, a inísle ⁊ a umhla, a chendsa ⁊ a cáen-bharraighe, a ainmne ⁊ a ailgine, a dheirc ⁊ a trocaire ⁊ a dhilgaidhchi, a áeine ⁊ a apstanaint, a ernaighthe grésach, a fhrithaire ⁊  p.20 a menma innithmheach i n-Dia do grés. Ni fhuil nech aile co n-ic a innisin, acht mina tísadh budéin, nó aingel Dé dia innisin.

 43

Ar robtar ili buadha antí naemh Barrai, ar fa fer firen go n-gloine aiccnidh amhail uasal-athair; ba fír-ailithir é amhail Abram; ba cennais, diuit, dilgadhach o chridhe amail Móysi; ba psalm-cetlaidh molbtach togaidhi amail Dauid; fa h-estadh eccna ⁊ eolais amail Sholman mac n-Dauid. Fa lestar togaidhe fri fóccra firinne amail Pól n-apstal. Ba fer lan do rath ⁊ do deolaidhecht an Spirta Náeimh amail Eoin macan. Ba leoman ar nert ⁊ ar chumachta, ba ar órdan ⁊ airechus, fri saeradh ⁊ dáeradh, fri marbadh ⁊ bethuccadh, frí cuibhrech ⁊ túaslaccadh. Ba nathair ar tuaicle ⁊ treabaire im gach maith; ba colum ar cennsa ⁊ diuite a n-aghaidh gacha h-uilc.

 44

Ba h-e an lub-gort caín lán do luibhibh sualcha. Ba h-e an topur glainidhe triasa nighthe pectha in phopail ro erb Dia dó, do lessuccadh ó ghloine a fhoircetail. Ba h-e dino an nell nemhdha triasa tusmidhthea talamh ina h-eccailsi .i. anmannana firen o bráenaibh a forcetail sidhaigh sualtaigh. Ba h-é dino an lochrann órda ro h-adnadh on Spirut Naemh, as a teichit dorcha ⁊ targabal i tegdais an Coimdedh .i. isin ecclais. Ba h-e dino  127b an teine taidhleach go n-gris goirthi ⁊ fhadaidh déirci h-i c-cridibh na mac m-bethad. Ba h-e fós an barc bith-buadhach no laadh slogha na n-il-phopal tar ainbhtine an domhain co tracht na h-eccailsi nemhda. Ba h-e dino an fethal coisrecctha an righ nemdha do-gnídh sídh ⁊ caon-comrac eter Dia ⁊ duine.

 45

Ba h-e dino an t-ard-máer ⁊ an rechtaire ro-úasal ro fháid an t-aird-ri nemhdha do thobach císa sualach ⁊ soighníomh o clannaibh na n-Gaeidel. Ba h-e dino an lia loghmar o c-cumhdaighthea an ruirthech nemdha. Ba h-e dino an lestar glainidhe triasa toáilte fín-breithre Dé dona h-il-poiplibh filet iarna cul. Ba h-e dino an mor-bhrughaid sona sobhartanach an eccna ⁊ in eolais nó ícad bochta na firinne o iomat a forcetail. Ba h-e dino gescca na fír-fínemhna .i. Crist do tharcudh bethaidh ⁊ sásadh don domhan. Ba h-é dino an fír-liaigh no ícadh gallra ⁊ tedhmanna cuirp ⁊ anma gach duine irisigh isin ecclais. Roptar iomdha tra buadha antí naomh Barrai co na cumaing duine a tuiremh ar a n-iomat.

 xxiv
 46

Atad seacht míorbuili rele sunn, it e ro tionnlaic Dia do Bairri naemh seach na h-uile naemha ele .i. labhra dó ríana ghein  p.21 i m-broinn a mháthar; ⁊ labairt dino fhollus ele fo cettóir iarna ghein ria n-aimsir cóir; ⁊ edhbairt dó riana bhathais; ⁊ ferta do denamh dó gan a ettarguidhe impu; ⁊ aingil no beirtis h-é gach conair no téighedh, ⁊ no bíttis ina coimhitteacht; ⁊ Eolang do thabairt a laimhe i l-laimh n-Dé; ⁊ dá lá décc don gréin iarna écc gan a dorchughad o nellaibh; ⁊ dreimire óir do bheith ina ecclais do airicill na n-anmand naemh trit docum nimhe, amail at-connairc Fursa craibtech indsin.

 xxv
 47

O thainic tra laithi etsechta an fhir for a rabhatar na h-ilbuadha-sin .i. antí naemh Barra, iar n-íc do dall ⁊ clamh ⁊ bacach ⁊ bodhar ⁊ amlobhar, ⁊ áesa gacha h-inlubhra arcena; iar fotuccadh ceall  128a ⁊ recclés ⁊ mainistreach imdha do Dia; ⁊ iar n-oirdnedh inntibh-sein epscop ⁊ shaccart ⁊ áesa gacha graidh arcena, fri h-ongadh, ⁊ cosmadh, ⁊ coisreccadh, ⁊ bennachad tuath ⁊ cenel, fri bathais, ⁊ chomna, ⁊ anmchairdes, ⁊ foirchetal, ⁊ coimhett irse ⁊ creidmhe isna criochaibh-sin do grés, do-chúaidh iaramh Barrai do Chill na Cluaine do accallaimh Cormaic ⁊ Baithine.

 48

Do-rocht immorro Fiamma ina comhdhail-siumh go Cill na Clúaine, go ro bhennach cach dibh dia 'roile ina m-braithribh naemhaibh; ⁊ do raidh Barra friu-somh: “As mithig damh-sa mo thúasluccad a carcair cuirp ⁊ teacht dochum an righ memhdha fil occam thogairm cuicce anosa”. Ro gabh iaramh Barrai sacarfaic annsin do laimh Fiama, ⁊ ro fáoidh a spirat dochum nimhe occan c-crois i medhon Cille na Cluaine.

 xxvi
 49

Teccait iar sin a mhanaigh ⁊ a dheiscipuil, ⁊ senadh ceall Desmuman do thórromha ⁊ d' onóruccadh cuirp a maighistreach .i. antí naemh Barra, ⁊ non-berat léo co h-ionad a eiseirghe .i. Corcach.

 xxvii
 50

Ro sínedh trá dona sruithibh an lá-sin .i. lá eitsechta antí náem Barra; nír leícc Día gréin fo talmain da la décc iar sin .i. an céin ro bhattar senadha cheall Desmuman im corp a maighistreach d' iomnaibh ⁊ psalmaibh, ⁊ aifrennaibh ⁊ ceilebhartaibh. Teccait dino aingil nimhe i frestal a anma, ⁊ nos-berat leo co n-onóir ⁊ airmittin docum nimhe, bail i t-taitne amail grein i n-aentaidh uasal-aithrech ⁊ fáthu, i n-aentaidh apstal ⁊ deiscipul Ísa, i n-aentaidh noi n-gradh nimhe na dernsat imarbus, i n-aentaidh diadhachta ⁊ daennachta  p.22 Meic De, i n-áentaidh as uaisle gach n-áentaidh, i n-áentaidh na naemh-Trinoitte, Athair, Mac, ⁊ Spirat Naomh. Amen. Finit.

 51

2

3. Betha Beraigh

 p.23 71a
 i
 1

‘Ego sitienti dabo de fonte aquae uitae gratis’ (Rev. 21:6) .i. antí shanntaighes in fhírinne do-bér-sa dó ind ascuidh do topur in uiscce bíi. ‘Qui uicerit possidebit hec’ (Rev. 21:7) .i. anti chlófes, as do do-bértar na neithi-si. ‘Et ero illi Deus’ (Rev. 21:7); ⁊ as meisi bús Dia do. ‘Et ille erit mihi filius’ (Rev. 21:7); ⁊ bidh mac eisiumh damh-sa. Íosa Criost, Mac De bí, ticcerna na n-uile dúla, an tres persa na dhiadhachta, medhon-sídhaighthid muinntire nimhe ⁊ talman, slainícidh an cinedha daonna, is é ro raidh na briathra-sa do tioncoscc in mor-maithesa tidhnaices dia naemhaibh, ⁊ dia firenaibh, ⁊ don foirinn do-beratt mor-grád do isin ecclais abhus.

 2

Eoin immorro mac Zebedei, comharba na h-oighi, an dara h-apstal déc ro togh Iosa ina apstalacht, in cetramadh fer ro scriobh an soiscéla coimdhetta, antí ro suidhig topur in fhir-eccna do ucht an t-slainicedha, is e ro scrioph na briatra-sa, co na far-ocaibh a c-cuimne lasin ecclais co deiredh an domain, co n-abair h-i sund: ‘Ego sitienti dabo de fonte aque uitae gratis’ (Rev. 21:6). Intí shanntaighes an fhirinne do-bér-sa dó ind ascaidh do thopar ind usci bíi.

 3

Comúaim immorro na briathar-sa is e leth ataebi la h-Eoin co dú i n-erbairt Íosu reimhe: ‘Ego sum alpha ⁊ ó, Ego initium et finis’ (Rev. 1:8, 21:6) .i. as me tosach na n-uile dul, ⁊ as mé as forbha. Conidh for sliocht a maghistreach Iosu. ‘Ego sitienti dabo de fonte aquae uitae gratis’ (Rev. 21:6). Intí sanntaighes an fírinne,  71b do-bér-sa ind ascaidh dó do topur in uiscce bí. ‘Qui uicerit possidebit hec’ (Rev. 21:7) .i. antí clofes, as dó do-bérthar na neithe-si. ‘Et ero illi Deus.’ (Rev . 21:7) ⁊ as meisi bus Día dó. ‘Et ille erit mihi filius’ (Rev. 21:7). ⁊ bidh mac eisiumh damh-sa.

 4

Is on topar sa tra .i. o Íosa Criost, as topar fír-eccna, ro lionadh ina h-uile naemha o rath eccna ⁊ faistine, o fertaibh ⁊ miorbuilibh, ó cumachtaibh díaisneidhe, ó ionnarbadh demhna ⁊ eitritecdha, oc traethad ingreinnte ⁊ iodhal-adharta, ⁊ mac mallachtan, amail ro lionadh antí dia tá líth ⁊ foraithmet ind eccmaing na ree-si ⁊ na h-aimsere .i. an lasair lainnerdha, ⁊ an lochrand solusta, ⁊ an ruithen taitnemhach, ⁊ an lía lógmar, ⁊ an gescca tóirtech co c-clannaibh sualach .i. Berach mac Nemhnaill, meic Nemargein, meic Fintain, meic Mail, meic Dobhtha, meic áengusa, meic Erca Deirg, meic Briain, meic  p.24 Eachach Muighmedhoin. Finmait ingen Carthaigh .i. deirbhsíur do Cruimther Fráoch, mathair Beraigh. Is ann iaramh at-fiadhar ní do fertuibh ⁊ miorbuilibh anti naemh Beraigh.

 ii
 5

Mór tra an onoir ⁊ in airmittin do-rad Dia do naemh Berach, co ro foillsicchedh triasin taircettal ro thirchan Patraicc occan proicept do-rinne, do Connachtuibh, ⁊ occa m-baistedh. Co nus-tarla Patraicc do tigh Dobhtha meic Aengusa. Ferais iaromh Dobhtha mór-fáilte fria Patraicc; ⁊ ferais a seithche ⁊ a clann an cedna fris.

 6

Iar sin as-bert a seitche fri Dobhtha dol do sheilcc.  72a Do-luidh iaromh Dobtha cona macuibh do sheilcc. Is annsin iaromh do toirbhir an Coimdiu tri domha alltai ⁊ mucc allaidh do Dobhtha fo cétóir, ⁊ da macuibh. Ocus ruccsat leo dochum a tighe, go h-áit h-i raibhe Patraicc cona cleirchibh.

 7

Is annsin dino ro forbhanadh an la aca, ⁊ tangattar dorchata na h-oidce, ⁊ ni frith lochrand no coinnel frisa n-dingentai an fiadach do cosccradh, nó do luchtairecht h-i l-lios no a tegdais Dobhtha. Roba toirrsech dino Dobhtha cona mhuintir donní h-í sin. Is annsin immorro do-rinne Patraicc an mór-mhiorbhail .i. doraithne in grian ina frithing dar colair fhuinidh, go ro shoillsigh d' feraibh Erenn, ⁊ go ro urlamhaigh Dobhtha guna muinntir an proinn dona cléircibh, ⁊ co ro caithset na cleirigh ⁊ Dobhtha cona mhuinntir an proinn; ⁊ do-ronsat altuccadh buidhe do Día, ⁊ ro mór-molsat an Coimde eter clerech ⁊ laoch; conadh de sin ainmnigther Achadh n-Gréine beos.

 8

An tan immorro ro baoi an coire forsan teine, ⁊ meic Dobhtha imon tene, is annsin at-racht Dobhtha do fadudh na teinedh, ⁊ do-rad lasair fuirre fo céttóir. Is annsin do raidh Patraicc fri Dobhtha: “ni bía aen-cennacht dot siol féin úas do chiniud co tí an brath”. “Pudhar-sin, a cleirigh”, ar Binen, “ar is maith do-roine Dobhtha a n-derna .i. ar umhalóitt duinne”. Is annsin do raidh Patraic gomadh cenn ar thotacht, ⁊ gomadh flaith gach laoch úasal no biadh dia síol, gomadh ar iomatt an dagh-laoch na raibhfitis  72b fo aon-cinn.

 iii
 9

Arnamharach dano do-roine Patraicc procept na h-irsi catoilica ó incollucchadh meic Dé có a eseirghe do Dobhtha. Iar forbadh in proicepta do ráidh Dobhtha fri Patraicc: “Déntar mo bhaisttedh-sa festa, ⁊ baisttedh mo muinntire”. “Nocha tó”, ol Patraic. “Cindus cena”? ol Dobhtha. “Mac gheinfes on cethramadh fer do torudh do shliasta-sa a cinn sescat bliadhan”, ol Patraicc, “as é nod-baisttfe, ⁊ bidh lán Éiri ⁊ Alba dia chlú, ⁊ dia fhertaibh, ⁊ dia míorbuilibh; bidh nathar neimnech, bidh saighnén áighthidhe, adhuathmar, loisccnech, bidh tonn brátha do marbadh, ⁊ do losccedh, ⁊ do badhadh na n-ingrinntidi; bidh umhal, inísel, cennais, dilgadach, dércach fri muinntir  p.25 an Comdedh, bidh óir-lestar toccaidhe, lán d' eccna, ⁊ d' airmittin, ⁊ d' óighi, ⁊ dona h-uilibh shubailcibh ⁊ shoighniomhaibh”.

 10

Cíar bó faóilidh dano Dobhtha don taircetal-sin, ro ba bronach, ⁊ do-róine fodhord mor fri Patraicc. As-bert Patraic fri Dobhtha: “Biaidh fodhord go brath it dhegaidh”. As-bert Binén fri Patraicc: “Is ar maith riot-sa do-róine Dobhtha an fodord”. As-bert Patraicc: “Madh laoch nos-cobhradh an fodhord, buaidh n-gaisccidh fair; madh ben, sonas cuiledh; madh cleirech, buaidh foghlama ⁊ crábaidh. Ocus dano ni racha Dobhtha don t-saoghal, go ro baistte an mac thairngertach é”. Ocus ro ba mór forbailte Dobhtha don ní-sin; ocus is on fodhord-sin atá fodord muintire Beraigh aniú; ⁊ is a maisi téitt dóibh.

 11

For-fhagaibh tra Patraicc fágbála maithe iomdha do Dobhtha ⁊ dia chlannmaicne .i. for-fagaibh doibh ina  73a fhocraibh buaidh n-einigh ⁊ sobhartain for a mnaibh ⁊ buaidh n-gaisccidh for a laochaibh, buaidh n-einigh ⁊ crabaidh ⁊ foghlama for a c-cléircibh, buaid n-gar-inghion ⁊ n-gar-mac ⁊ daltadh léo, acht co n-derndaís réir an mheic thairngertaigh. Ocus for-faccaibh go m-beittís oirdnidhe laoch ⁊ cleirech dia siol go brath.

 iv
 12

Is annsin as-bert Dobhtha fri Pátraicc: “Citne manchaine fágbá don mac-so”? As-bert Patraicc: “Crann as gach tene uime for a theinidh; ⁊ crand ó mo theinidh-si for a theine”. i. Idh mac Oéngusa, ar is é Patraicc ro bhaistt Idh. Ocus for-faccaibh a t-tindscetal manchaine do Bherach. Is ann ro ordaigh Patraicc gomadh isin Clúain ar brú an locha no chumhdaigedh an mac tairngertach a chathraigh. Ocus ro ordaigh gomadh a termann a b-fuil eter in móna ⁊ in loch .i. an magh cona cluaintibh caille, ⁊ co n-doiribh móntaigh. Ocus for-fáccaibh go m-bíadh sobhartan isin chathraigh sin, ⁊ go m-beith tene béo innte co dheiredh an domain; ⁊ gomadh h-í an treis teine deighenach no bhíadh i n-íarthar an bhetha.

 13

Is annsin ro raidh Dobhtha: “As doirbh an t-ionadh anta”. As-bert Patraicc: “Anní as doirbh la daoinibh, as soirbh la Día, ⁊ biaidh a saothar imaille risan mac; ⁊ beid a naoimh áontadaigh ag dítten a cathrach. Ocus bidh cenn cathrach n-iomdha a chathair. Ocus gibé tí i n-acchaidh an meic-sin, gétar nemh ⁊ talamh aire, ⁊ ar a chloinn, ⁊ ar a íartaighe, muna dherna aithrighe n-obainn”.

 14

Ceileabhrais Patraicc do Dobhtha annsin, ⁊ fagbhais bennachtain fair, ⁊ fora chloinn, ⁊ fora iartaighe, ⁊ fora tir, ⁊ fora talamh, ⁊ for an mac thairngertach re cach,  73b ⁊ imaraen ri cach, ⁊ a n-deghaidh cáich. Ocus luidh fora chuairt phroiccepte.

 v
 15

Dobhtha dano ro tócaith a shaogal i m-bethaid sainemail co cend sescat bliadhan. Mac don Dobhtha-sa Mál; mac do-sidhe Finntan; mac dó-sidhe Nemhnall. Is é dano in Nemhnall-sin do-rad Finmaith,  p.26 inghen Carthaigh, do mnáoi. As i rucc do Nemhnall an mac-sin ro thairngir Patraicc a c-cionn sescat bliadhan iarsan taircetal .i. naemh Berach.

 16

Is ann dano ruccadh anti náemh Berach ag brathair a mhathar .i. Cruimter Fraoch, mac Carthaigh, i n-Gurt na Luachra a c-comhfhoccus Cluana Conmaicne. Ocus ata annoid ⁊ cros annsan ionadh-sin; ⁊ atá an lec fora ruccadh naemh Berach. Ocus ro edhbair Cruimther Fraoch an ferann sin iartain do Bherach. Cruimther Fráoch dano, ise ro bhaist naemh Berach, ⁊ isé ros-ail gur bó mithig dó leighenn do dénamh. Ise dano ainm baiste Beraigh .i. Fintan, amail as-bert an t-egnaidh 'san rann:

  1. Fintan, fer buadhach bearach,
    Gerbh uallach a c-Cluain Cairpthi
    Ro-ces et reliqua.
Berach immorro ainm fuair trésin rinn-áithe ⁊ tre géire a fhert ⁊ a míorbal.

 vi
 17

Rucc dano Finmaith inghen do Nemhnall .i. naem-ógh úasal airmidnech .i. Midhabair; ⁊ is í ro bennaigh a m-Buimlinn. Ise dano Berach aonn-duine isin domun roba tocha fri Cruimter Fraoch do neoch ro aerfhaemh doennacht, cenmotá Criost a aenar. Conidh aire sin do-rad Cruimther Fraoch na tri beannachta do-rad Colum Cille dó, ar a gar-macaibh, ⁊ ar macaibh a sethar, ⁊ ar a daltaibh ar daigh in Beraigh.

 vii
 18

O robtar slána immorro seacht m-bliadhna do náemh Berach, ruccadh go Daigh mac Cairill do dénam leighinn, go ro fhoglaim eccna meic Dé,  74a gur bó sáoi, ⁊ ro báoi rath Dé ar forbairt ina coimhittecht i fertaibh ⁊ a míorbuilibh gach día. Ocus do-ghnídh umhalóitt día oide .i. do Dhaigh mac Cairill.

 viii
 19

I n-araile aimser tangattar aidhedha uaisle go Daigh, ⁊ ni ra bhattar na manaigh na lucht na h-umalóitte isin reicles an tan-sin, ⁊ ni raibe nech ele acht Daigh ⁊ Berach a n-dís. Ocus do-roine Berach umhalóitt ⁊ osaicc dona h-aidhedhaibh, ⁊ ni raibhe biadh isin recles acht dá mheidh do ghrán cruithnechta. Ocus ro raidhedh fri Berach dol co muilenn i Muigh Mhuirtemhne do bleith an da meidhe-sin. Ocus do-cúaidh Berach frissan umalóitt sin gusin muilenn.

 20

Is annsin do-róine an Coimdhe ferta móra ⁊ míorbhuile tre Berach .i. ro báoi araile ben agin muilenn, ⁊ macaomh immaille fria, ⁊ ro ba mac fir soiceinélaigh é, do Conaillibh Murteimhne eisein, ⁊ ro ba la a athair an muilenn, ⁊ in ferann i r-raibhe. Ocus ro báoi bolcc corca ag an mnaoi fon muilenn; ⁊ ro raidh Berach frisan mnáoi:  p.27 “Sccuir an muilenn, ⁊ beir chugat th' arbhar, go ro meilter an becc so; ar atád aidhedha úaisle agár n-ernaidhe, ⁊ siad gan biadh”.

 21

Ní namá na ro leicc an ben do Berach a arbhar do bhleith, acht ro cháin go mór, ⁊ ro cháin an senóir o t-tainic. At-racht Berach go h-opann ⁊ do-rad a arbhar i m-bél in mhuilinn, ⁊ ro búi an ben ⁊ Berach ag comhtairbairt an mhuilinn, ar ní ro léicc nechtar dibh día ceile é. Is annsin ro deiligh na cumhachta diadha min na cruithnechta ar in dara leith don mhuilenn, ⁊ min in choirce do taoibh ele.

 22

Is andsin do-rochair  74b an macaomh i fothaig in mhuilinn, go ro báidhedh. Ocus tainic támh obann don mnaoi, go ro dheiligh a h-anam ⁊ a corp re 'roile. Daoine ele dano ro bhattar agin muilenn ro eirgset, ⁊ do-ruachtatar muinter na mna ⁊ in macaoimh do-chuaidh, ⁊ rob ail leo Berach do mharbadh. Is annsin ro sheacsat ⁊ ro fhéodhaighset a c-cosa ⁊ a lamha, ⁊ ruccadh a sedh asta, conarbó calma gach duine dibh ina ben sheola.

 23

Do-rochtatar dano na sccéla sin go h-athuir in macaoimh, ⁊ do-rocht cona óighreir leis do Bherach. Slechtuis fo a chosaibh, ⁊ cíidh go h-anbáil. Slánaighidh Berach a mhuinnter, ⁊ ro athbeoaigh in macaomh, ⁊ in mnaoi. Is annsin ro edbair athair an mheic a muileann do Bherach, ⁊ in baile imalle. Conidh é sin Raen Beraigh i Maigh Murteimhne, ⁊ Muilend Eilend. Ro moradh dano ainm Dé ⁊ naoimh Beraigh tresna fertaibh-sin, ⁊ tresna míorbhuilibh.

 ix
 24

Do-luidh Berach iarsin go h-Inis Cáoin, ⁊ a arbhar meilti lais. Ocus ro sásadh na h-áidhidh ⁊ na manaigh ⁊ na boicht. Ro foillsigedh dano do Dhaigh na ferta ⁊ na míorbuile do-rinne Berach. Is annsin ro raidh Daig fri Berach: “A mic nit ailfiter iffos ri immat do mhíorbaili ⁊ ferta; ⁊ déna dul go conair aile”. Is annsin do-rad Daigh in m-bachuill n-girr do Bearach, ⁊ do-rad in céolan do fhuighioll secht mionn cethrachat ar cét; ⁊ for-faguibh Daigh ratha na mionn-sin uile forin c-céolan, ⁊ is é sin Clog Bearaigh aniúdh i n-Glinn Da Lacha. Do-rat Daigh móir-bhennachtuin annsin do Bearach, ⁊ ro fáoidh go Caoimhgein.

 x
 25

Do-luigh dano Bearach tair Mhagh  75a Muirtheimhne i c-crich Rois dar Bóinn i m-Bhreaghuibh. Is annsin do-rónadh móir-fleadh ag rí Breagh do ri Teamhrach. Taruill dano Bearach gusin m-baile i raibhe in fhleadh, ⁊ do-chuaidh a teach na fleidhe. Cáega dabhach dano ro bháttar forna deasguibh i t-tigh na fleidhe. Ro chuinnig Bearach digh for coimhéuduighi in leanna, ⁊ ni tárdadh dó. Is annsin ro raidh Berach: “Ni bú lughuide in fhleadh cía do-bearthar deoch d' fhior do mhuintir in Choimdheadh”.

 26

Imthighis roime for séatt, ⁊ do-rocht focétoir rí Teamhrach  p.28 docum na fleidhe. Is annsin focétóir ro raidh in rí: “Tabarthar fromadh in leanna duinn”. Do-chós i tech na n-dabhach, ⁊ ni fríth aen dheoch don rí isin cháega dabhach, ⁊ ni frith sliocht in leanna i n-áon dhabhach, ná for urlár, na for leastor istigh; ⁊ ro h-innisedh don rí in ní-sin. Ocus ro fhíarfaigh in ri cia dos-fáraill, ⁊ ro raidheastair coimhedaighe an leanna nach feidir, “acht tainic áon-foghluinntigh cco g-céolan ⁊ go m-bhachuill cuguinn isin teach, ⁊ ro chuinnigh digh i n-ainm in Choimdhedh, ⁊ ni tugadh dó, ⁊ ro imthig fó bhrón”.

 27

Ro raidh in rí: “Isé sin ro mhill in fhleadh. Gabhthar na h-eich, ⁊ tíaghar go luath ina deaghaidh, gibe baile i m-bherthar fair; ⁊ ná tabhairthear éigion fair, acht aitchither ainm in Coimdhe fris, ⁊ tiucfa ina frithing”; ⁊ do-rónadh amhlaidh, ⁊ tainic Berach ina frithing, ⁊ ro shlecht in rí do Berach, ⁊ do-rad a oighréir do; ⁊ do-chúaidh Berach go tech na fleidhe, ⁊  75b ro beannaigh na dabhcha, ⁊ do-rad airrdhe na croiche don chlog ⁊ don bhachuill darna dabhcha, ⁊ robtar lána focétóir do lionn shainemhuil. Ro moradh ainm Dé ⁊ naoimh Bearaigh trésin feart-sin, ⁊ tresan míorbhuil.

 28

Is annsin ro eadhbair in ri in baile cona chrích ⁊ gona ferann don Coimdhe ⁊ do Bhearach. Conidh de-sin Diseart Bearaigh i m-Breghaibh; ⁊ tug a erredh fein, ⁊ erredh gach rígh Erenn ina díaigh go brath gacha treas bliadhna', ⁊ screpall gacha cathrach o Chloinn Colmain gacha tres bliadhna o sin amach go brath.

 xi
 29

Do-luidh iarsin Berach i l-Laighnibh go Glenn Da Lacha, ⁊ do-cuaidh isin tegh n-aoidhedh, ⁊ do-rónadh a ósaic ann. Isin aimsir-sin ro ba marbh an coicc ro báoi ag Caoimhghin. Ro ba toirsech dano Caoimhgin don ní-sin, ar ni fhidir cia badh cóir i l-los proinne na manach. Co n-ebert an t-aingel fris, a tabairt i l-laimh na n-aoidhedh gach n-oidhce dia h-urlamhucchadh, no go t-tárda Día neach bus iomcubaidh fria. Ocus do-ronadh amhlaidh sin ag Caoimhghin, ⁊ ruccadh an oidhce sin go Berach, ⁊ ro roinn Berach ar dó an proinn, ⁊ ro erlamhaigh a leth in oidhce-sin, ⁊ ro ba ferr go mór dona mancaibh in oidhce-sin ina gach oidhce isin m-bliadhain.

 30

Ruccadh dano in oidhce ro ba nesa proinn na manach go Berach dia h-erlamhuccadh. Is annsin ro raidh Bearach frisan timthirigh: “Atá sunn leth na proinne aréir urlamh dona mancaibh, ⁊ beir let in ní-sin”. Ocus do-róine amhlaidh. Ocus gérbó maith an chéd-aghaidh, ro ba ferr go mór in oidhce deighenach.

 31

 76a Arnamarach dano ruccadh naémh Berach go Caoimhgin. Ferais Caeimhgin failte fri Berach, ⁊ fiarfaighis de in bó lonn leis beith a l-los proinne na manach. Ocus ro raidh Berach go n-diongnedh gach ní no fhurailfedh Caeimgin fair. Ocus ro ghabh do laimh beith  p.29 a l-los proinne na manach. Ocus ro mhór-molastair Caeimghin an Coimdhe trésan sobharthan do-rad for proinn na manach tre rath m-Beraigh. Gonadh dó sin ro raidh Caoimhghin:-

  1. As ferr gach proinn mesruccadh
    In úair tig go longadh;
    As ferr áradhu immat
    At-cota bith-bronnadh.

 iii
 32

Isan aimsir sin tra ro batar léigióin imdha na n-demhan i n-Glionn Da Lacha ag cathuccadh fri Caoimgin ⁊ fria mhanchaibh; ⁊ do-beirdís crith ⁊ omhan imna daoinibh fanna, ⁊ do-gnídis urcoid doibh, ⁊ do-bheirdis tedhmanna ⁊ galair iomdha isin n-glionn, ⁊ ni ro cuimgedh a n-díochur go tainicc Berach. Is annsin tainic Berach timcell na cathrach, ⁊ ro bhen a clocc, ⁊ ro chan psalma easccaine forna demhnaibh, ⁊ ros-díochuir as an n-gleann. Conidh de sin ro chan an fili:

  1. Cluiccín Beraigh, buan an séud,
    Do-ní deabhaidh fri claoin-céd;
    At-clos go Fearnna na c-céud,
    Tafonn demhna as a náomh-tséud.
Ocus as dó-sin do-berar Clocc Beraigh gach dia timcheall Glinne Da Lacha, ⁊ ní bía nert demhan, na teidm, na díghail innte, airet bías Clocc Beraigh innte. Ro móradh ainm De ⁊ Beraigh tresin fert sin.

 xiii
 33

Dalta ro báoi ag Caoimhgin .i. Fáolan mac Colmain mac righ Laigen;  76b ⁊ ro bói an macaomh ag cáoi forsan c-cleirech, .i. for Caeimhgin ag iarraidh lemhlachta; ⁊ ro ba doiligh le Caeimhghin inní-sin. Ocus amhail ro baoi aga radha, sénais Berach an sliabh, ⁊ at-bert: “Is ced don eilit cona láegh fil isin t-sleibh toidecht gonicce so”; ⁊ tainicc an eilitt focéttóir cona laégh ina diaigh; ⁊ as í-sin ro blighthea gach día d' Faolan.

 34

Tainic immorro an cú allaidh i n-aroile ló, ⁊ ro marbh láegh n'a h-eilte, ⁊ aduaidh; ⁊ ni tharatt an eilit a loim a n-eccmais a láeigh. Ba toirsech dano Caeimhgin donní-sin. Sénuis dano Berach an sliabh, ⁊ adubert: “As ced don amnanna do-rinne anumhaloid, ce do-gné umhalóitt”. Tainic iarsin an mac tire, ⁊ deisidh fora chon-righthibh h-i fiadhnuse na h-eillte, ⁊ ro ligh an eilit an mac tire, ⁊ do-rad a loim fair; ⁊ no thiccedh an mac tire gacha tratha go m-bligti an eilit fair.

 xiv
 35

I n-araile aimser ro cí Fáolán isin fhuigleach ag iarraidh samhaidh ar Chaoimghin. Ro ba doiligh le Caeimhghin inní sin, ⁊ do-roine a comhradh fri Berach. Sénais Berach an charracc atá a c-comhfhoccus na cathrach fil i mulluch an t-sleiphe, ⁊ ro cás samhadh  p.30 imdha treithe, ⁊ do-rádadh d' Fáolan; ⁊ fogabhar samadh fos gacha fuighligh a mulluch na cairrge, ⁊ fo-gebhthar go t-tí an bráth, a c-comharta na mor-mírbuile sin.

 xv
 36

I n-araile aimser tainic Berach ⁊ Fáolan seach sailigh n-alainn fil i n-Glionn Da Lacha. Ocus cíis Fáolan ag iarraidh ubhall do thairbirt  77a on soiligh dó. “As tualaing Día cidh edh on”, ol Berach; ⁊ senuis Berach an sailigh, go raibhe fo lán-toradh d' ubhlaibh, ⁊ do-radadh ní dona h-ubhlaibh sin d' Faolán. Ocus gach tan bíos toradh ar gach crand tortach, bídh a lan-toradh uirre si bhéos, ⁊ biaidh no go t-tan bráth, a c-comharta na mór-míorbhuile sin.

 xvi
 37

O 'tchuala immorro Caineach, les-mathair Fáolain, gurbo mac sainemhail Faolán, ro ghabh tnuth ⁊ format issi fris; ar rob eccail le, anní ro bói de iarttain .i. an flaitheas do breith d' Faolan ona cloinn féin. Do-luidh cona banntracht cumachta go Glenn Da Lacha, d' imirt draoidhechta, ⁊ tuaichle, ⁊ geinntlechta, ⁊ ealadhan díabail foran macaomh, dia aidhmilliudh.

 38

Ocus ro fhoillsigh aingel inní-sin do Caeimhgin, ⁊ ro raidh Caeimhgin fri Berach dol do thoirmescc na c-cumhacht n-demnidhe sin; ⁊ do-cuaidh Berach fris anní sin. Ocus at-connairc Caineach uás mulluch in t-sléiphe ag adhradh díabail, ⁊ acc dénamh draidhechta. Ocus do-roine Berach slechtana ⁊ ernaighthe, ⁊ ro raidh fri Cáinech ⁊ fri a banntracht: “As ced dáibh dol fon talmain”. Sluiccis an talamh go h-opand Caineoch guna banntracht. Conadh aire sin ainmnighter Laithrech Caineoch a n-Glind Da Lacha. Conidh ina cenn chacait coin na cathrach o sin amach go brath.

 39

Tainic iarsin Berach co h-ait i r-raibhe Caeimhgin. Iarfaighis Caoimhgin caidhe a iomthus ⁊ Caineoch. Is annsin ro raidh Berach fri Caeimhghin:

  1. Do-cuirisi Caineoch,
    A cleirigh áin, irsigh,
    Cona banntracht baindsigh
    Síos fon talmain trillsigh.
 77b Conadh amlaidh-sin ro saoradh Fáolán, ⁊ ro traothadh Coineoch tre rath De, ⁊ Beraigh, ⁊ Caoimgin.

 xvii
 40

I n-araile oidhce ro battar na manaigh isin proinntigh ag iarraidh uiscce the. Cuiris Berach cloich gacha manaigh foran teine do denamh in uiscce. Ocus cuiris da cloich d' iomarcraidh. Fiarfaighis Caeimhgin fochann na c-cloch. Do raidh Berach: “Días manach fuilit gose um chomhairemh proinne sunn, ⁊ ricfit a les an dá cloich-sin, do thégadh uiscce doibh”. Ocus do-rónadh an t-uiscce te, ⁊ do-radad cloch gacha manaigh 'san uiscce.

 p.31
 41

Ocus ro bhattar an da cloich-sin isin tene dá losccadh. Do raidh Caoimhgin: “Tabhairther aníos na clocha”, ⁊ ni tharatt Berach. Do raidh Caeimhgin doridhisi na clocha do tabhairt asin teine. Ocus ni tharad Berach. Ocus do raidh Caoimhgin an cetna an tres feacht. Is annsin tainic da mhanach a tíribh cíana d' ionnsaighe tesda Caeimhgin; ⁊ do-rónadh ósaic doibh, ⁊ tuccadh chuca an t-uiscce te, ⁊ tuccadh an dá cloich doibh inn. Ocus ro adhamhraigh Caoimhgin go mor Berach trit-sin.

 xviii
 42

As lía tra tuiremh ⁊ faisneis ina n-derna Berach d' fertaibh ⁊ do míorbhuilibh i n-Glinn Da Lacha. Secht m-bliadhna dó oc umhalóitt do Chaoimhgin. Do-luidh Caoimghin la Berach go espoc Etcen. Ocus do-rad espoc Etcen gradha for Berach, ⁊ do-ronsat áentaidh ⁊ codach andsin .i. espoc Etcen ⁊ Berach.

 43

Do-lotar iarsin Caoimhgin ⁊ Berach go Glenn Da Lacha. Ocus gach tan no thrialladh Berach tichtain  78a dia tír do comhall breithre Patraic, nó fhastadh Caeimhgin cona manchaibh é. Co tarfaidh aingel do Caeimghin i n-aroile oidhche, co n-ebert: “As mithig do Berach dol dia tír, do comhall breithre Patraicc”. Ocus ro cedaigh Caeimhgin do Berach dul dia tír, ⁊ do-ronsat iarsin a mór-aentaídh, Berach ⁊ Caeimhgin. Ocus is annsin ro raidh Caoimhgin an rann:

  1. Manaigh Beraigh, is íatt mochen,
    Iter a n-ócc is a sean;
    Cia nom-tiosat, fir, mnaoi, meic,
    Ni ragh ar nemh, co n-diccset.

 44

Ro faccaibh Berach airmberta maithe i n-Glinn Da Lacha. Forro-fhaccaibh búaidh foghlama ⁊ crábaidh innte; for-fágaibh gan teidhm gan dioghail innte, céin no beith a chlocc féin innte, ⁊ ro fagaibh einech fir sheisrighe ag fior tighe innte acht co n-ionnla a lamha asin Casan. Conidh de-sin ro raidh an file:

  1. For-fáccaibh Berach béil-bhinn
    I n-gleann manach gan créidhim
    Eineach fír-seghuinn séire
    Ag fir tégtha isin náoim-glionn;
  2. Cidh goill, cidh druith, cidh crosain,
    Co tí an brath brúite bresain,
    Ní bía gan einech n-iomdha,
    Acht go n-ionnla asin Casan.

 45

Is annsin do-rad Caoimghin a carpat fo leabhraibh Beraich, ⁊ ro sén an sliabh ⁊ do-rad an damh allaidh as d' iomchar an charpuit.  p.32 Ocus ro raidh Caoimgin, gibe baile a laighfedh an damh fon c-carpat, gomadh ann no cumdaigedh Berach a cathraigh. Ocus ro raidh, gach n-eiccen no tiucfadh, go m-biadh-somh immaille fri Bearach aga fulang. Ocus do-rad mór-bennachtain dó.

 xix
 46

Do-luidh Berach iaramh dochum a tire, ⁊ Maol Moltach immaille fris do ghiolla; do Chiannachta dóisidhe iar c-cinel. Ocus an  78b damh allaidh fon c-carpat ag iomchar na leabhar. Ocus ní ro luigh in damh fon carpat co rócht an t-ionadh ro thircan Patraicc. Ocus luighis an damh ainnsein. Ocus ro raidh Berach re Máol Mothlach: “As annso ro cinnedh duinn anadh. Eirigh, ⁊ sir an clúain”. Do-cuaidh dano Maol Mothlach risanní-sin, ⁊ ro shir an cluain.

 47

Isin ló-sin for-caemnaccair ár mór innte .i. da rídhamhna ro fersat cath innte in lá sin .i. Donnchadh a Temhraigh, ⁊ Tíopraitte mac Taidhg a Cruachain; ⁊ do-rochratar a n-dís ar lár an lis fil inn; ⁊ ár mór umpa. Ro marbadh do raith Tiopraite; ⁊ ro bai ainim i n-Donnchadh, ⁊ ni ro féd eirge asin ármhach. O 't-connairc dano Maol Mothlach in ár, ros-gab omhan mór é. Ocus ro siacht go tinneasnach co h-áit a raibhe Berach. Iarfaighis Berach: “Cionnus cluain an clúain-si”? “Nocha soirbh-clúain immorro”, ar Maol Mothlach, “acht cluain coirpthi uile”. “Bidh edh a h-ainm ó so amach”, ol Berach. “.i. Cluain Coirpthi”. Ocus ro innis sgela na cluana ó sin amach; do-bheredh Cluain mac Lilcon immorro a h-ainm conuicce-sin.

 48

Do-luidh dano Berach gusan ármach, ⁊ ro thaithbeoaigh uile do neoch ro marbadh isin cath. Ocus ro shlanaigh Donnchadh; conidh desin ro raidh an fili:

  1. Donnchadh ocus Tiopraite,
    Guna t-tromsluagh dis,
    Ro tuitset ina n-all-cró
    Ar cert-lár an lis.
  2. Cech brat toll, cech lene n-deircc,
    Cech aladh iar n-guin,
    Acht luirech na n-episle
    No bíodh fora muin.
  3. Ro slechta slogh n-gléisi n-glan
    Cen on {}
    Acht luirech na n-eipisle
    No bíodh fora muin.

 xx
 49

Is annsin do-rad Tiopraitte mainchine  79a a bí ⁊ a mairbh, ⁊ manchine a shil ⁊ a shemen do Berach go brath, ⁊ ro athain a chorp ⁊ a anam ar a comairce, ⁊ do-rad i n-aimsir braith, ⁊ iar m-brath. Ocus  p.33 ro innis do Bherach an mór-pían at-conairc i n-ifurn, ⁊ ro atlaigh do Dhia a saoradh féin eiste; ⁊ ro raidh na táinic i n-Erinn tar eis Patraicc nech búdh amhra nó búdh umhla ina Berach; ⁊ ro raidh: risna hanmannaibh do-beredh “An tí do-beir anmanna, ⁊ dos-beir isna corpuibh doridhisi dochum bethadh, as maircc do tuillfedh a fhercc, ar gétar nem ⁊ talamh air, ⁊ ar a shiol ⁊ ar a shémen go brath, ⁊ iar m-brath, ach muna dherna aithrighe n-diochra”. Ocus ro mhor-molsatar in Coimdhe annsin .i. Berach cona cleircibh, ⁊ Donnchadh ⁊ Tiopraite, cona mórshluaghaibh. Ocus ro dheilighsett annsin Donnchadh ⁊ Tiopraite, ⁊ do-luidh cach dibh dochum a thire; ⁊ gér bo sanntach a c-comrac, rob aontadach a sccaradh tre cumachtaibh an Choimdedh, ⁊ tre miorbuilibh Beraigh.

 xxi
 50

Iarsin do-rocht Cruimter Fraoch ⁊ Daigh mac Cairill go Berach, ⁊ ro choisreccattar an c-cathraigh, ⁊ ro chumhdaighset h-í. Ocus ro ráidset gibé no inghreimfedh nech dibh, go m-beittis a t-triur 'na naimhdibh dó, ⁊ go m-biadh an Choimdhe ⁊ muinter nimhe. Is annsin ra raidh Cruimter Fraoch: “Bidh í-so íarthar cluana, ⁊ bidh i mo cheall-sa a h-oirthir”. Ocus ro fáccbatar na senoraigh naemtha sin bennachtuin ag Berach, ⁊ do-luidh cách dibh dia cill féin.

 xxii
 51

Is annsin do-luidh Berach go h-airm i r-raibhe Dobhtha i sentattaidh sainemhail. Do-róine dano procept dó, ⁊ día cloinn, ⁊ día chinedh aile, ⁊ ro baistestair Dobhtha cona chloinn, ⁊ cona iartaige, eter fhiru ⁊ mná. Ocus is annsin ro comhailledh an  79b faistine ro thircan Patraicc do Dobhtha. Do-luidh dano Berach dia catraigh.

 xxiii
 52

Isin aimsir-sin dano ro aittrebh Diarmait eicces ⁊ a moirsheiser brathar i r-Rathund .i. Diarmait, Tromra, Belech, Colum Derg, Cruinnicen, Brandub ⁊ Dubhan .i. an cleirech; do Ciarraigibh no Connacht Luachra doibh iar c-cinél. Fer sochraidhi dano Diarmait, ⁊ primh-eicces ⁊ ard-maigistir druidechta Aedh do éc, marbadh Aodha meic Eachach Tírmcarna ro ba rí Connacht an tan-sin. Ocus is é do-rad Rathonn do Diarmait i f-fiachaibh molta do-roine dó.

 53

Ocus do raidh Berach fri Diarmait an ferann ro thiomna Patraicc do d' faccbáil. Ocus ni ro fáccaibh Diarmait an feronn. Mor tra d' imnedh fuair Berach ag cosnumh an fhearainn sin do mhuinntir an Choimde, ⁊ dona macaibh eccailsi no bheittis tara eís ina cathraigh ag fognum do Dhia. Do-lottar dano Berach ⁊ Diarmait go ri Connacht .i. Aedh mac Eachach, do denamh breithe doibh. Ocus ro raidh Diarmait fri h-Aedh, damadh do Bhearach do-bheredh an ferann, co n-dingnedh a áoradh, co n-eirsitis tri bulcca fora dreich, ⁊ co m-beith on ⁊ aimimh ⁊ aithis fuirre. Ní derna dano Aedh breth doibh, ar rob  p.34 eccail leis Diarmait dia ghlamadh, ⁊ rob eccail leis Berach dano ar imat a fhert ⁊ a míorbal.

 54

Ocus ro shir Berach ⁊ Diarmait Éire fo trí, ⁊ ni fuarattar i n-Erinn nech do-neth breth doibh, arna fáthaibh cétna. “Tiagham i n-Albain”, ar Diarmait. “Tiagam”, ar Berach. Do-lotur dano i n-Albain, go h-Aedan mac Gabrain, go rígh Alban, do denamh breithe doibh.

 55

Do-rala móir-fledh an tan-sin ag Aedhan ⁊ ag maithib Alban, ⁊ ro báoi macraidh mór ag cluiche for faithche an dúnaid. Diarmait immorro ro báoi  80a cumdach mor d' édach uime, ⁊ ro bói delb deg-duine leis. Berach immorro ro baoi sidhe ag cumdach a anmha, ⁊ ni raibhe ag cumdach a cuirp, ⁊ ro báoi go deróil. Ocus ro imthigh Diarmait go h-opann résan cleirech, ⁊ ro raidh frisan macraidh: “Chuccaibh an breccaire; geibidh otrach ⁊ maidedha ⁊ clocha dó”. Ocus ro gabsat an macraidh do laimh inní-sin, ⁊ ruccsat ruathar dochum an cleirigh. Dercais an cleirech forra. “As cett daoibh”, ar an cleirech, “gion go f-fedtáoi anní trialltaoi”. Ro lensat a c-cosa don talamh, ⁊ ro lensat a lamha dona ceppaiph ⁊ dona crannaibh ro batur inntibh. Ocus ro sói cruth ⁊ dealbh doibh, ⁊ ro fhast Dia fon samhla-sin iatt.

 56

Ocus do-chuaidh Berach ⁊ Diarmait iarsin go dorus an dúnaidh, ⁊ ros-gabh fuacht mor isin dorus. Ocus ro batar da charn nó dá mhul mora don snechta i n-dorus an dúnadh. Ro raidh Diarmait: “A breccaire, dia m-bat fír-chleirech, do dhénta tene don da mhul snechta ud, go n-dernmáis ar n-goradh fris”. “As ced doibh”, ar Berach, “teine do dénamh dhibh. Eircc-si ⁊ séitt íatt”. Do-chuaidh Diarmait, ⁊ ro seit an dá mhul shnechta, ⁊ ro lasattar amhail crionn, ⁊ do-róine Diarmait ⁊ Berach a n-goradh fríu.

 57

Ro h-innisedh dano do Aedhan na ferta-sin ⁊ na miorbuile; ⁊ do-ráidh Aedhan fría druidhibh: “Fionnta libh cia do-roine na ferta-sa ⁊ na miorbuile”. Ocus do-chúatar na draoithe ar a c-cliathaibh cáerthainn, ⁊ tuccadh dano nua corma doibh. Cethrar dano líon na n-druadh, ⁊ ro raidh an cétna fer dibh:

    [Druid 1]
  1. Berach go m-bith-buadaibh,
    Bruth óir a h-oireanach,
    Eriu ina rig-rathaib
    Ina roim ráin brathaibh
    Ina roimh ráin.
Ro raidh an dara fer dibh:
    [Druid 2]
  1. Ni fhuil náemh nár ettrocht,
    na naemh-ogh adhamra, p.35
    Ro soisedh coimhfherta
    Fri  80b Berach m-bith m-buadhach
    Ón Badhgna báin.
Ro raidh dano an tres drái:
    [Druid 3]
  1. Berach mac Nemhnaill,
    Meic Nemargen nert-niadaigh,
    Ní mar cin talmain,
    Trom, trén, tairptech, tabhartach,
    Fris tibhre a fhercc.
Ro raidh an chethramhadh dráoi:
    [Druid 4]
  1. A luaithe faillsighther,
    A thrici tintothach uilc,
    Mac Oengussa, meic Erca Deircc.

 58

Ocus do raidhsett na draoithe fri h-áedán: “Berach naom úasal airmittnech do-deachaidh a h-iathaibh Erenn .i. on Badhgna a criochaibh Connacht. Ocus fer dana immaille fris dot' ionnsaighidh-si do dénamh réire ferainn doibh. Is e do-roine na ferta-sa ⁊ na miorbuile, ⁊ atad i n-dorus an dúnaidh”. Ocus do-radadh isin dún fo chettóir; ⁊ do-rad Aedhan a oigh-reir do Berach, ⁊ do-roine sléchtain dó. Ocus ro slánaigh Berach an macraidh.

 59

Ocus ro edhbair Aodhan an dun do Bherach. Conadh h-í sin Eperpuill .i. cathair atá ag Berach i n-Albain. Ocus ro edbair an rí rígh-erredh féin, ⁊ o gach rí ina diaigh dó, ⁊ mór-cuairt Alban, ⁊ día shamhadh ina dhíaigh. Ocus ro edhbairset an mhacraidh a mancine fein, ⁊ maincine a síl ⁊ a seimen go bráth cona crich ⁊ cona ferann do Bherach. Ocus do raidh Aedhán gomadh é, Aodh mac Brénainn, ri Tethba, ⁊ Aodh Dubh, mac Ferccna, rí Breifne, do dénad breth doibh i n-Eirinn.

 60

Ocus do-lottar dochum n-Erenn doridhisi .i. Berach ⁊ Díarmait. Is annsin tarlatar co h-áedh n-Dubh mac Suibhne .i. ri Uladh. Ar-roétt dano Aedh Dubh co failte móir inní naemh Bherach; ⁊ do-rad onóir móir dóibh. Ocus ro edhbair an dún i r-n raibhe do Bhearach. Conad ísin Clúain na Cranncha i n-Ulltaibh, ⁊ ataid manaigh imdha friu innte. Ocus fa lía rea faisnéis ina sin i n-dénann Berach d' fertaiph ⁊ do mhiorbhuilibh innte.

 61

Ocus do-dechatar iarsin co h-áedh n-Dubh mac Fergna,  81a ⁊ go h-Aedh mac Brénainn, do dénamh rere doib. Ocus do-ronsat comdáil do ló cinnti. Ocus is ann do-ronsat in comdáil-sin oc Lios Ard Abhla a Muigh Tethba. Do-luidh Berach ⁊ Diarmait cách dibh dia n-íath feissin in oidhce resin comhdáil. Ocus do-ronsat frithcomhdail arnamharach ag an sgíach ata i Tir Troma a Rathann; ⁊ ni dhechaidh  p.36 Berach isin frithcomhdáil acht do-luidh focettoir gusin c-comhdáil go Lios Ard Abhla.

 62

Ro báoi dano socraidhe mór isin comhdáil-sin .i. ro báoi Aodh Dubh mac Ferccna, ⁊ sluagh Breifne maraen ris. Ro báoi áedh mac Brénainn, ⁊ sluagh Tethbha maráen ris. Ro batar sochaidhe do naemaibh isin dáil-sin. Ro bai Daigh mac Cairill, ⁊ Cruimter Fráoch, Mancán, ⁊ Cíaran, Mael ⁊ Aelitir, Failbe Find, ⁊ Dha Cúa, Samhtann ⁊ Arnáin; ⁊ ro battar náeimh imdha ele asin c-comhdáil-sin.

 63

Do-roine dano Bearach mór do fhertaibh ⁊ míorbuilibh isin comhdáil-sin, ⁊ rainic Diarmait iarsin isin c-comhdáil, ⁊ do-róine éccnach Beraigh. Ocus do raidh inní-so: “A bhreccaire, ní scé fan dernsam comdáil i Rathunn”. In annsin do raid Berach: “As tualaing Dia a tabairt conicce-so”. Ocus tuarccaibh an chumhachta diada an scíaich i n-aírde isin áer, ⁊ nell impe, ⁊ ros-fucc iarsin go raibhe uas in comdáil. Ocus ro raid Berach fri Diarmait: “Féch i n-áirde”; ⁊ ro fech Diarmait, ⁊ at-connairc an scíaich, ⁊ ro an da égnach. Iarsin ro leigeadh an scíach go foill docum talman, conus tarla foran clad a raibhe Aodh mac Brenainn ina suidhe, ⁊ is amlaidh ro báoi an sccé forsan cladh, amhail as ann no fasfadh tre talmain.

 64

Ocus do-dheachaidh imdherccadh mór annsin d' Aedh mac Brenainn.  81b Ocus ro aghsatt na sluaigh inní sin, ⁊ ro mhor-molsat an Coimdhe ⁊ Berach; conadh dó-sin ro ráidh an file:

  1. Toccbais Berach leis an sciaich
    Don muigh ar a m-bittis na slúaigh;
    For érim gusin cladh caemh,
    Fora m-biodh Aedh mac Brenainn buain.
  2. Ticc a ruidhedh Aodha aird
    Risin firt maerdha gan meircc;
    Gnuis rígh Tethbha, druim dar úir,
    Conus tarla 'na dlúim n-deircc.

 65

Iarsin tainic álghus codalta d' Aedh Dubh mac Fergna, do rí Breifne. “A Shamhtann, mo chenn it ucht, a chaillech, go n-dernar codludh”. Do raidh Samthann fri h-Aedh n-Dubh mac Ferccna: “Eirigh go Berach, ⁊ cuinnigh fair do dhath do chlaochlódh”. Do-luidh dano Aedh go Berach, ⁊ ro raídh fris go n-dingnedh a oigh-réir, dia cáemhcloidhedh a dath. “As tualaing Dia”, ar Berach. “Tarr, ⁊ tucc do chenn fam chocaill, ⁊ codail”. Do-ratt Aedh a chenn fo cochall Beraigh, ⁊ ro chodail; ⁊ ro fer cioth flechuid focettóir. Ocus tuargaibh Aodh a chenn on cochall amach, ⁊ is e laoch ro ba finne do laochaibh domain é. Is annsin ro raidh aoin-fer da muinntir fein fris: “Dar lim as Aodh Fionn anosa antí rop Aodh Dubh o chíanaibh”. Ro raidh Berach: “Bidh Aodh Finn a ainm, ⁊ ainm a shíl ⁊ a shemen ó so amach go t-tí an brath”. Conadh de-sin ainmnigter sliocht Aodha Finn  p.37 o t-tad riogradh Oirthir Connacht. Ocus ro edbair Aodh Finn a righerredh ⁊ righ-erredh gach rígh ina diaigh go brath, ⁊ screpall gacha cathrach ó a síol ⁊ o a seimen go brath do Bheruch.

 66

Do-chuattar iarsin na sluaigh a muinighin na Trinoide, go ruccadh an fír-Dhía breth fírén eter Bherach ⁊ Diarmait. Is annsin ro raidh  82a an t-aingeal uasna sluagaibh: “La Berach a dúthaigh oniu co tí an brath”. Is annsin ro raidh Aodh mac Brenainn: “At-chluinti go rucc an t-aingeal an m-breith .i. a tír la Berach go tí an brath”. Ro ferccaighedh Diarmait donní-sin fri h-Aedh mac Brénainn. “Ocus dar lem atátaoi-si aga radha ina diaigh”. Ocus ro fhoslaic Diarmait a bél do denamh gláimhe díginn d' Aedh mac Brenainn. Ro raidh Aodh mac Brénainn fri Berach: “Ar do chumairce damh-sa, a cleirigh, riasan f-fer n-dana”. Eírgis Berach go Diarmait, ⁊ do-bert a bhois fría bél, ⁊ ro raidh: “Ní thí áoir na moladh tar an m-bel san tre bhithbe, ⁊ foclaim bad comhainm an láoi-so a c-cionn m-bliadhna th' oidhidh”; ⁊ ní ro fétt áoir na moladh do denamh o sin amach. Ocus ro sáeradh Aedh mac Brénainn andsin tre rath m-Beraigh.

 67

Ocus ro edhbair Aedh a righ-erredh fein, ⁊ righ-erredh gach righ ina diaigh, ⁊ screpall gacha cathrach ó Airther Tethba, ⁊ o a shíol fein, ⁊ ó a seimen do Berach go brath. Is annsin ro raidh Berach: “As ced don scíaich dol goa h-ionadh fein doridhisi”. Ocus ro thóccaibh cumhachta Dé an sgiach goa h-ionadh fein doridhisi i r-Rathonn. Ocus ro sccaoiledh an comhdail fon ionnus-sin.

 68

Do-luidh dano Berach dia cathraigh. Do-luid Diarmait go Rathonn, ⁊ e tuirsech. Arnamárach dano do-luidh Berach go h-ait i r-raibhe Diarmait, ⁊ ro raidh fris an ferann d' fagbáil. Foro-fáccaibh Diarmait an feronn do Bherach; ⁊ forro-faccaibh Cruinicéin, ⁊ for-faguibh Dubán an cleirech. Do-luidh Berach go h-áit i r-raibhe Tromra, ⁊ ro raidh fris an feronn d' fágbail. Ocus ro raidh Tromra nach fáicfedh go brath.  82b Ro raidh Berach fri Tromra: “As ced duit dol fon talmain”. Sluicis an talamh fochettóir Tromra. Do-luidh Berach go Belach, ⁊ ro ráidh fris an ferann d' fagbáil. Ro raidh Belach, nach fúicfedh go brath. “Is cett duit-si”, ar Berach, “dol fon talmain fód comhair”. Sluiccis an talamh go h-opann Bélach. Do-luidh Berach go Colum n-Derg, ⁊ ro raidh fris an feronn d' fágbail. Ocus ni ro fháccaibh. Ro chuir Berach Colum fon talmain. Do-luidh roimhe Berach go Brandubh. Ocus do ráidh fris an ferann d' fáccbail, ⁊ ní ro fháccaibh. Ro chuiredh dano Brandubh fon talmain.

 69

Do-luidh dano Diarmait ar chomairce espuic Soichill go Baislic. Anais annsin co cend m-bliadhna. An lá a c-ciond bliadhna ro gabh Diarmait for éccnach Beraigh. Ocus ro raidh: “Is aníu ro gheall an bréccaire bás damh-sa”. Increchais epscop Soichill inni Diarmait:  p.38 “An doigh lat-sa na fil co h-oidhce fedh frisa t-tiosadh bás duit? Eirigh-si isin ecclais, ⁊ dúin fort h-í”. Do-luidh dano Diarmait isin ecclais, ⁊ dúnais fair h-í.

 70

Tarfaidh immorro damh allaidh do lucht iarthair an fherainn, ⁊ do-lottar ina deghaid, eter cois ⁊ each, eter choin ⁊ duine. Do-luidh an fiadh i m-Baslec, ⁊ anaiss allanoir don ecclais fo comhair na fenistreach. Ro báoi mór gair ag cách immon fiadh. At-racht Diarmait co h-opann dia fhios cidh ro búi ann; ⁊ tainic gusan seinistir, ⁊ ro báoi ag fégadh trithe amach. Ocus ro teilcc fer don lucht ro bhatar i n-deghaid an fhiadha urchar do ghae sealcca frisan f-fiadh. Conus tarla tresin seinistir do Diarmait ina braghaitt, co torchair ar lár na h-ecclaisi,  83a co fuair bás ⁊ oidedh la breithir m-Beraigh isin ló a c-cionn bliadhna iarsan c-comhdail. Terna immorro an fiadh, ⁊ h-é slán.

 71

O 'tchuala immorro Cú Allaidh mac Diarmata sin, ⁊ do-luidh do féghadh Rathonn, ⁊ da mallachadh ná fásadh arbhar tre talmain ann, ⁊ na beith bliocht ag boin, ⁊ na beith mes for crannaibh ina coilltibh, do fheghadh a suil. Naenbar dano diberccach dó.

 72

Is ann do-rala Berach i n-Dún Imgáin i Maigh na f-Fert, ⁊ Conchennán ina fharradh. Ro foillsighedh do Bherach Cú Allaidh do dhol frisan toiscc-sin. Ocus ro fáidh Berach Coincennán ina dheghaid. Ocus ro ráidh Berach fris: “Fúaccair-si iad sin ar tús”. Do-luidh dano Coincennán a n-deghaid na n-díberccach, ⁊ rucc forra a slighid an charpait; ⁊ ni ro fúacair forra annsin, acht ni ro theilcc forra inní ro búi ina laimh. Co ro iompo Cú Allaidh a aghaid, co t-tarla do a t-tul a édain, co n-deachaidh trena chend, co torcair eter a mhuinntir. Co n-ebert: “Tóccbaidh mé go luath go mullach an t-sleiphe, go f-faicer uaim ferann Beraigh, co ro mallachar é go luath do mullach an t-sleibhe”. Ocus ro toccbattar é gusan máoil-sliab, ⁊ ro ba marbh Cú Allaidh annsin; ⁊ ni facadh ní acht daire n-dímain, ⁊ as éttorthach sein dogrés; ⁊ ro theichsett a mhuinnter uadh.

 73

Ocus do-ruacht Conchennán chuicce, ⁊ ro ben a trilis de, ⁊ rucc leis do chomhartha; ⁊ rob eccail lais dano an cleirech, ar ni ebert fris duine do mharbadh. Ro bhen slait, ⁊ ro choraigh an trilis fuirre arin achad 'ar n-dol asin c-coill. Conidh  83b de-sin ainmnighther Achad Cuileburr. Do-luidh dano Coinchendán go h-áit i raibhe Berach; ⁊ ro foillsigheadh do Berach an gniomh do-rinne Conceandán, ⁊ ro bá ro-olc la Berach duini do mharbhadh; ⁊ do-roine Concendán aithrighe. Do-cuattar immorro muinnter Con Alltadh ar seachrán, conus-tarlattar go h-áit i raibe Berach, ⁊ ro slechtsattar do Berach, ⁊ do-ronsat aithrighe, ⁊ do-radsat a maincine do Berach; ⁊ is íad sin muinter Cille Lallóg, ⁊ is é Berach ro faguibh inte iad.

 xxiv
 74

I n-aroile ló dano do-luidh seisrech Beraigh ar dhasacht  p.39 asinn cathraigh ac Rathand; ⁊ do-lotar á Cluain Cairpthi, ⁊ do-lotar tair Sionaind a Cluain Deoinsi, ⁊ a Chluain Inchais, ⁊ a Chlúain Dártha, ⁊ eiste-sidhe gonuighe Ath na n-Dham. Sois Cíaran Maol fora annsin; ⁊ de-sin ainmnighther Ath na n-Damh; ⁊ do-lottar ina frithing i Túaim Usci, ⁊ tar Sionainn siar; go rabattar tuirsigh (.i. na manaigh) co mor de-sin. Ocus do raidh Berach, cidh mór no sirdís na daimh, co n-dingnittís a l-laa ríana óiche.

 75

Do-lotar immorro na daimh fon dithrebh i n-Eared Lara, ⁊ go Edargabhail, ⁊ go Raith Fearchon, ⁊ co Cluain in Buicc Finn, co Caill na n-Glasán, ⁊ co Lios Dúnabhra, ⁊ co Fan na m-Bhachall, ⁊ co Clar Lis mic Cíaráin i Maigh ái, ⁊ co Cluain Ingreac, ⁊ co Clúain Cái ⁊ go Léna Ghlúin áin, ⁊ isin sliabh, ⁊ i Dubhcaill, ⁊ a Rinn Daire Abréni, ⁊ a Tuaim Achad, ⁊ a Rathonn doridhisi, ⁊ do-ronsat a lá ria n-aidhche. Ocus ro bháoi a crandach forra, ⁊ an iaronn na n-dheaghaigh in comhfhad-sin uile, ⁊ ro dheargsat isna h-ionaduibh sin uile; ⁊ is lá Berach gach ionadh in ro dheargsat, ⁊ is ón sgat tárna damhuibh in la-sin ainmnighther Sgathoch i Rathonn.

 xxv
 76

 84a I n-araile aimser do-luidh Coluim Cille mac Feidhlimidh, iar m-bhrisedh chatha Chúile Dreimne, go Berach, ar ni fhuair fáilte ag náomh aga taraill conige sin. Teagmuing dano gurbo adhaigh domnaigh an adhaigh-sin. Ocus ro bean in t-aistire moch-trath in clog i c-Cluain Coirpthe. Is annsin do-luidh Coluim Cilli dar Magh Ráthoinn, ⁊ suidis i c-cinn descertach in tóchair; ⁊ ata cros ⁊ annoit annsin. Ro foillsigheadh do Berach anní-sin, ⁊ do-luidh a c-comdhail Coluim Chille, ⁊ beannachais do. Beannachuis Coluim Cille dó-san, ⁊ ro fear Bearach mór-fhailti fri Coluim Chille, ⁊ ro ráidh fris “Tíagham fodechta don chathraigh”. “Nocha ragh-sa dom chasaibh annocht dhi”, ar Coluim Cille, “ar tainic an aghaigh domhnaigh”. “Berat-sa liom tú”, ar Bearach, “ar mo mhuin”. “Ni bherair”, ar Coluim Cille, “an aghaidh-si reamhom anocht di”. “Bérat-sa”, ar Berach, “tú, ⁊ do chúl reamhat”. Ro iomchuir dano Bearach Coluim Cille ar a mhuin, ⁊ cúl cáich dibh fría cheile, go rochtatar in prainnteach, ⁊ ro léig ar lár annsin.

 77

Ocus ro marbhadh in  3t-seisrech an aidhchi-sin dó, ⁊ do-ronsat aontaidh ⁊ cotach, Berach ⁊ Coluim Cille; ⁊ for-fhagaibh Coluim Cille fagbhala maithe imdha i c-Cluain Coirpthe; foro-fhagaibh neam dia sagart, ⁊ dia h-abaidh, acht go n-dearna ernaighthe fo trí ag crois Coluim Chille co coibhérta; ro fagaib co tibhértha cummaidh fris féin ar neam dá gach manac Bearaigh nó rachadh día ailithre chuca. Ro fhagaibh in soisgél ro scriobh día láim feisin, a c-comarta a áenta ⁊ Bearaich; ⁊ faro-fhagaibh moir-bheannachtain ag Berach, ⁊ ro luidh fora shétt.

 p.40
 xxvi
 78

I n-araile aimser do-deachaidh dochma mór i n-Érinn. Is annsin ro boi  84b Laeghachan ar Loch Laeghacan ina inis fein, ⁊ ni raibhe biadh aicce. Do-luidh dano d' iarraidh bidh cona ceithirn, ⁊ ro fhaccaibh a séitchi isin inis, ⁊ si torrach, ⁊ oen-ben ina farradh; ⁊ ro raidh ria, dia m-beiredh lenamh dara a aeisi, a mharbadh, ar ni raibhe aca acfaing a  4lesaighthe. Ocus rucc an ben mac dar a éisi, ⁊ ro fiarfaigh an ben ro báoi ina farradh, crét do badh indénta frisan mac; ⁊ ro raidh si: “A mharbadh”. Ro raidh an ben ele: “As cora a breith go cleirech na cille-si thiar dia bhaisttedh. Ocus tabhar a mhancine dó ar a bethughadh”.

 79

Deisidh dano leo an comhairle-sin, ⁊ tuccadh go Berach; ⁊ ro bhaistt Berach an mac, ⁊ as é ainm tuccadh air, Ineirge, ⁊ ro h-edhbradh mancine a bhí ⁊ a mhairbh, ⁊ mancine a síl ⁊ a seimen co bráth do Berach, ar a leasucchadh. Ocus ro raidh Berach: “Berar an mac dochum a mhathar, ⁊ ticfadh cobair coda ⁊ máine dóibh”. Ruccadh an macan docum a mhathar la breithir an cleirigh.

 80

Mar ro bhattar na mna ann co c-cúalatar in fuaim is in osnad. Do-luidh an bhen dia fechain, ⁊ ní facagtair nach ní ann. An cualatar dano an tres feacht in fúaim, ⁊ do-cuaidh an ben an tres fecht dia dechain, ⁊ ro báoi brádan mor ann, ⁊ dobhrán aga tharraing i t-tír. Ocus do-cuaidh an bhen, ⁊ ro tarraing an bradán for tír, ⁊ nír cumhaing a iomchar ar a mét, ⁊ ro gair an mnáoi ele, ⁊ ruccsat ina n-dis ar eiccin leo an bradan, ⁊ ro urlamhaighsett,  85a ⁊ ro tocaithsettar a n-dáethain, ⁊ ro lionsatar focettoir cíche mathar an meic do loim, ⁊ ro saoradh an mac amlaidh-sin.

 81

Laeghachan immorro do-luidh i c-ciana, ⁊ do-rala baile dó, ⁊ a dhaoine uile, ar n-écc, ⁊ a bhae ⁊ a bhuár uile ann, ⁊ do-rochtattar leis dochum a thíre, ⁊ cuiris nech reimhe dia fhios an rucc a bhen lenamh, ⁊ má ruc, in ro mharbhadh; ⁊ fuair an mac, ⁊ é béo, ⁊ do-cuaidh go h-airm i r-raibhe Laeghachan, ⁊ ro innis dó. Ocus ro ba faoilidh Laeghacan don sccel-sin, ⁊ do-luidh dia inis i ⁊ ro fhiarfaigh fochann bethad an meic, ⁊ ro innis a mathair gurab é Berach ro bhethaigh é; ⁊ go ro h-edbradh a mhanchine dó. Ocus do-luidh Laegachan go Berach cona oigh-réir dó, ⁊ ros-cind manchine an meic go brath do Bherach.

 xxvii
 82

Araile aimser do-chuattar h-Í Briuin na Sionna ⁊ Cu Cathfaidh a ri do dol d' orccain ina focland ro bhattar ar comairce Beraigh. Ocus do-lottar do denamh na h-oirccne. Is ann ro baoi Berach i c-Cluain Coirpthe, ⁊ ro foillsiccedh dó inní-sin; ⁊ do-luidh a frithsétt 5don t-sluagh. Ocus im-acomhraic doibh ⁊ don t-sluagh ag Bun Sruthra. Is amlaidh ro baoi Berach, ⁊ an glasan ina laimh, ⁊ ro  p.41 raidh re Con Cathfadh ⁊ risan sluagh anadh occa. Ocus ni ro ansat, acht do-chuatar seocha dia sharuccadh, co rochtatar na cathae co ra battar arin mónaidh allandes do Bhun Sruthra. Feghais Berach uadha íatt. Benais a clocc forra. Sluicis an mhóin íatt focettoir cona righ, ⁊ do-róine loch don monaidh gan fuirech;  85b ⁊ do-cíther la tascc righ an sluagh-sin, ⁊ a n-gai fria n-ais.

 83

Do-lottar dano Dicholla ⁊ Toranach uatha a n-deghaidh an t-sluaigh, co tarla Berach doibh. “An accam”, ar Berach fri Dícholla. “Anfad”, ar Diocholla; ⁊ ro raidh fri Toranach anadh aige, ⁊ ro an. Is annsin ro cualatar mor-gháir an t-sluaigh aga sluccudh don mónaidh, ⁊ loch ar t-techt tarsa. Ocus ro fhiarfaighset cidh dos-faraill. Ocus do-cuaidh Berach doibh anní dos-faraill. Ocus do-dhechaidh omhan mór doibh focéttoir, ⁊ ro shlechtsat do Bherach, ⁊ ro raid Berach fri Dicolla: “An flaithius i r-raibhe Cu Cathbaidh, biaidh occut-sa ⁊ 'gutt síol go dheiredh an domain”. Ocus do-rad bennachtain do Dhícholla ⁊ do Thoranach ⁊ dona h-úaitibh ro battar immaille fríu.

 xxviii
 84

Is annsin tainic oen-scolocc terno on t-slog chuca. Ocus do raidh fri Berach: “Ar do chomairce damh, a chleirigh”. Dechais Berach co h-opann h-e, ⁊ triallaidh an cloc do bein air, dia cor fon talmain, ⁊ ro aitchestair Dicholla ⁊ Toranach ainm De fri Berach, na ro mhalartnaighedh an scolóc; ⁊ ro raidhset: “Is uathadh duinn anosa, ⁊ reccmaít a les h-é”. Ocus ní ro mill Berach h-e. Do-roine an fer sin aithrighe, ⁊ do-rad a ogh-réir do Bherach. Ro fhaccaibh Berach do gan dol tar nonbhar, ⁊ fer leapta righ uathaibh, acht go m-beittis da réir. Is annsin targaidh Díocholla ⁊ Toranach a mancine do Bherach, ⁊ ni ro gabh inní-sin. Ro cinnsett annsin righ-erredh a rígh, ⁊ screpall gacha cathrach  86a ⁊ gacha gar-meic, ⁊ gach meic sethar, ⁊ cech dalta do-béradh gacha tres bliadhna; ⁊ ro saerait amlaidh-sin.

 xxix
 85

Araile aimser do Berach a c-Cluain Coirpthi, fáidhis manach fri h-umhalloitt uadh i Rathond, Sillen a ainm. Conus tarlattar dó naenbar diberccach, tangatara h-Airther Tethba do dhenamh fogla i c-Connachta, ⁊ ro marbhsat an manach, ⁊ tangattar iter a cend ⁊ a cholann. Ro foillsighed do Berach inní-sin, ⁊ do-luidh co h-opann dia n-ionnsaigidh. Ocus tarraidh iatt os cind an mairbh. O 'tconncatar immorro na diberccaigh inní Berach, do-cúaidh do ráith léo a mharbadh, ⁊ ros-gabsat a n-gaei dia marbadh. Ro lensat a lamha dia n-gaoibh, ⁊ ro lensat a n-gai don charraicc bói a c-comhfochraibh doibh, ⁊ méraitt slechta a n-urlann innte go brath.

 86

Do-ronsat aithrighe, ⁊ ro raidhsett fri Berach: “Na gad nem forainn, ⁊ h' og-réir duit, a cleirigh”. Ros-anaic Berach annsin iad.  p.42 Ocus ro raidh fríu: “Coraighidh an cenn frisin meidhe”; ⁊ do-ronsat amlaidh. Ocus ro gabh Berach simhin luachra asin port-linn luachra ro bói a c-comhfoccus; ⁊ do-roine ernaigthe ind, ⁊ ro coraigh im bragaitt in mairbh, ⁊ at-racht focéttoir; conidh desin atad sibhne Beraich go brath. Ocus for-faccaibh Berach mór-rath forra; for-faccaibh dano dona diberccaibh gan a siol do dhol tar naenbhar go brath, ⁊ for-faccaibh fer umhaloitte uadhaibh i c-Cluain Coirpti; ⁊  86b gach tan no biadh, gú na biadh acht aoin-fer a n-deghaid a ceile dibh. Ocus isedh on comaillter fós, ⁊ comhaillfider go brath. Ocus do-luidh fer umhaloitte la Berach, ⁊ ro deilighset amhlaidh-sin.

 xxx
 87

Araile aimser ro cinn Colman Caol Cluana h-Ingrech dol do Roimh; dalta dano do Berach eiside. Ocus is e Berach ro ordaigh e i c-Cluain Ingrech. Taraill aga oide ⁊ aga maigistir .i. ag Berach. Fuabrais Berach a fhosttadh, ⁊ ní ro fett. Imthigis Colmán Caol, ⁊ do-luidh Berach leis sealat 'san slighidh. Comraicit no do-rala doib ⁊ do Chiarán Maol i cind na faitce. Ocus fuabraid ⁊ Cíaran Maol Colmán Cáol d' fosttadh doridhisi. Ocus ro raid Colmán cáol, na h-anfadh no co f-faicedh dia suilibh in Roimh. Sénais Berach an t-áer, ⁊ do-bert airrde na croiche dar roscc Cholmáin Caoil, ⁊ at-conncatar a t-tríur, Berach, ⁊ Colman Cáol, ⁊ Cíaran Máol, inní Roimh, ⁊ ro molsatar an Coimde annsin, ⁊ do-ronsatar cros ⁊ annoid annsin do Bherach, ⁊ do Chiaran Máol, ⁊ do Colman Cáol. Ocus do-ronadh cros ele do Pol ⁊ do Pettar; ⁊ as ionann do neoch ionnsaigidh na c-cros sin ⁊ do imeochadh a coimhmeit do shligidh na Romha. Ocus ro fosd Colman Caol annsin.

 88

Acht ata ní chena; no go n-airemhter gainemh mara, ⁊ rettlanna nimhe, ⁊ an fér ⁊ na h-uile luibhe fhásus tre talmain, ⁊ an drucht fásus no anus forsan fér ⁊ forna luibibh, ni h-airemhthar uile ferta naomh Beraigh. Fear firen tra an fer-sa.  87a Aon-gloine aicnid, amail uasal-athair. Fir-ailithir .i. o cridhi ⁊ o anmuin, amail Abram; cennais, dilgadach, amail Maoisi. Salmcetlaidh molbtach, amail Dauid. Escca 6 egna ⁊ eolais, amail Sholmain. Leastar toccaidhe fri fuaccra firinne, amail Pol n-apstal. Fer lán do rath ⁊ do deolaigecht an Spirait Naeim, amail Eoin macan. Lubh-gort cain co clandaibh súalach, gescca finemhna co tortaighe. Tene thaidlech go n-gris ghoirtighe ⁊ tesaigte na mac m-bethad im andadh ⁊ im ellscoth deirce. Leo tria nert ⁊ cumhachta; colum ar cennsa ⁊ diuite, nathair ar treabhaire ⁊ tuaicle fri maith; cennais, umhal, áilgen, inísiol, fri macaibh bethad; fordorca eiccennais fri maccu báis; mogh sáethair ⁊ foghnama do Criost. Ri ar ordan ⁊ cumhachta fri cuimreach ⁊ fuaslaccadh, fri saoradh ⁊ daeradh, fri marbadh ⁊ beouccadh.

 p.43
 89

Iarsna mor-miorbuilibh si tra, iar todusccadh marb, iar n-íoc clam ⁊ dall ⁊ bacach, ⁊ gach tedma arcena, ⁊ iar n-oirdnedh espoc ⁊ saccart ⁊ deochan, ⁊ áesa gacha graidh isin ecclais arcena, iar forcetal sochaidhe ⁊ iarna m-baistedh, iar fothuccadh cell ⁊ mainistrech, íar t-traethadh ealadhan iodhal, ⁊ druidechta, ro comfoiccsigh laithe a etsechta antí naemh Beraigh, ⁊ a techta dochum nimhe; ⁊ ro artraigh aingeal dó ria n-dol dochum nime, ⁊ ra raidh ris, co raibhe mór deithite in Choimdhe ime, ⁊ imo mhancaibh, ⁊ imo cathraigh; ⁊ ro raidh cidh cia conaitcedh aitche fíren foirbhte aire, co tibertai dó, ⁊ ro foillsigh do laithe a thechta dochum nimhe.

 90

Ro thocaith immorro Berach a bhethaid i n-aoinibh ⁊ i n-urnaighte ⁊ i n-almsanaib, h-i fiadhnaisi an Coimdedh. Ar-roet immorro Berach comain ⁊ sacarfaic o Thalmach ⁊ ro athain a foirb ⁊ cennacht a cathrach ⁊ a mhac n-eccailsi dó. Ro fáid a spirat dochum nime, ⁊ ro h-adnacht a chorp annsa tigh dorcha co n-onóir móir, ⁊ co n-airmittin, co fertaibh ⁊ co miorbuilibh abhus. Bidh mo go mór a n-dail brátha an tan thaitnifes amail grein i n-nimh i n-áontaidh apstol ⁊ deisciopal Iosa, i n-aontaidh daonnachta ⁊ diadachta meic Dé, i n-aentaidh na naemh-Trinoide uaisle, Athair, Mac, ⁊ Spirat Naemh. Ailim trocaire meic De uile-cumachtaigh tre impidhe naemh Beraigh dá f-fuil líth ⁊ foraithmet i n-eccailsibh úaisle imdha isin laithe-si, co risam, co ro airiltnighem, ⁊ co ro aitreabam in riced, in secula seculorum. Amen. Finis.

7

4. Betha Brenainn Clúana Ferta

 p.44 224a
 i

‘BEATUS UIR QUI TIMET DOMINUM; IN MANDATIS EIUS UOLET NIMIS’ (Ps 111.1).

 1

Is fechtnach firenta, ⁊ is find-beathach foirbhthe, an fer forsmbí eccla ⁊ imuamhan an Coimdhedh cumhachtaigh, ⁊ occobhrus go dermair timna ⁊ foircetal Dé do chomalladh, amhail luaidtir h-i canoin pettarlaici ⁊ nua-fhiadhnaisi. Sochaidhe tra do uasal-athrachaibh, ⁊ do fhadhibh ⁊ do apstalaibh an Coimdedh na n-dula frissi n-debrath i fetarlaic ⁊ i n-núa-fhiadhnaise ind aitescc sa, a m-beith fechtnach, firían, foirfi ar accobhar ⁊ ar ailccius na tiomna ⁊ ind foircetail diadha do chomhallnadh, ⁊ run eccla in Coimdedh co foirfi ina c-cridibh, ⁊ ina menmannaibh, cin scrutain aile acht madh sin nama.

 2

Oen iaramh din lucht sain inna h-ua b-finn-bfegtach b-fechtnach sin i n-nua-fiadhnaise, inti dia t-tá lith ⁊ foraithmet i n-decmaing 'na ree-si .i. a seised dec do mi Iuin .i. Brenainn mac Findloga. Cend creidme ⁊ crabaidh urmóir in domain inti noemh Brenainn amail Abram n-irisech; salm-cetlaidh primh-fathachdai amail Dauid mac Iase; eccnaidh dersccaighthi amhail Solamh mac Dauid; rechtaidh cedach amhail Moysi mac Amra; tindtadach tidhlaictech amhail Cirine; indtlechtach amhra amhall Augustin; mór-leignidh primh-coitchenn amhail Origon; og é amhail Eoin bruinne-dalta an Coimdedh; súisccélaidhe é amhail Mathae; forcettlaidh é amhail Pol; primh-apstal cendais dilgadhach é amail Pettor; ditrebach é amhail Eoin m-baubtaist;  224b tractaire e amhail Grigoir Roma; tectaire trebhar amra mara ⁊ tire h-e amhail Nóe isind airc, uair amail ro thoccaib Noe inn airc, uas tondghar na dílenn i n-airde, is amhlaidh sin toiccebus Brenainn mac Findlogha a manaigh ⁊ a muinnter i n-airde os tene brátha, co na ria céo, no crithir, na dé iatt tre cumachtaibh ⁊ cáen-crabudh Brenainn meic Findlogha.

 3

I n-aimsir Oengusa meic Nat Fráich, righ Muman, is ann ro genair inti naemh Brenainn. Do Chiarraighe Luachra dó .i. do Alltraighibh Caille do shundradh, don fior shoer shoicenelach craibhdech irisech, do athair ind fir-sin .i. Findlogh. Is amlaidh do batar an lanamhain sin h-i smacht ⁊ h-i coblighe dligtigh do riaghail espoicc Eirc. At-connairc dano mathair Brenainn aislingthi riasiu ro genair Brenainn  p.45 .i. lan a h-ochta d' ór glan do beith aici, ⁊ a ciche do taitnemh amhail t-snechta. Iar n-indisin na h-aislingthi-sin do espucc Eirc at-rubairt co n-geinfedh gein amhra uaithe, búd lán do rath an Spiortu Noeimh .i. Brenainn.

 ii
 4

Araile fer mor-saidbir occa m-boi a aitreabh co fatta o thigh Findlogha .i. Airdi mac Fidhaigh. Tainic priom-faidh na h-Erenn co tech ind Airdhi-sin meic Fidaig .i. Becc mac De eissidhe. Iar sin ro imchomhairc Airdhi: “Cidni as nesa duinn anosa”? At-rubhairt Becc mac De fris: “Geinfidh do rí díles diongmála fein anocht etratt ⁊ bochna; ⁊ bidh sochaide do rioghaibh ⁊ do ruirechaibh aidhéorus de,  225a ⁊ berus leis dochum nimhe”.

 5

Isin oidhche-sin geine Brenainn, ruccattar tricha ferbu .i. bo tricha láegh do Airdhi mac Fidhaig; ⁊ boi occ iarraidh an tighe ina ruccadh in naoidhe becc; ⁊ fuair tech Findlogha, ⁊ in naidhiu ann, ⁊ ro shlecht co duthrachtach 'na fiadnaisi, ⁊ ro edhbair an trichait loiligh cona triochait laegh dó. Ocus ba h-í sin ced-almsa Brenainn. Iar sin tra ro gabh an bruccaidh an mac ina laimh, ⁊ at-bert: “Bidh dalta damh-sa so”, ar sé, “tria bithe”.

 6

8 In oidche immorro geine Brenainn at-connairc espocc Eirc Alltraige Caille fo óen-lasair dermair, amhail na h-acas riamh roimhe; ⁊ timthirect na n-aingel i n-éttaighibh glé-ghelaibh immon tir imma c-cuairt. Iar sin ro eirigh co moch 'arnamarach espocc Eirc, ⁊ tainic co tech Findlogha, ⁊ ro gabh in maccamh ina ucht; co n-debert fris: “A dhuine Dé, ⁊ a dhuine foighenus do Dia, gabh meisi cuccat amhail manach n-diles; ⁊ cidh sochaidhe as forbailidh rétt gheinemhain, is forbhfailtighe mo chroidhe-si ⁊ m' anam”, ol espocc Eirc h-e.

 7

Ocus Mo Bí a chéd-ainm ar tús ó thuistigibh. Is annsin ro fherustair braen find fair .i. dona nemhdaibh, co ro líon an fheorann é. Conidh de sin ba Braen-find .i. Brenainn a ainm o sin amach. Find immorro do radh fris, ar ba find ó churp ⁊ ó anam uile é.

 8

Iar sin ro lingestair tri muilt as in tioprait in ro baistedh, conidh iatt-sin feich baistedha Brenainn.

 iii
 9

Iar sin ron uccsat a muinnter leo hé, co m-bói  225b bliadain occa aga altrom. A c-cinn bliadhna iar sin rucc epscop Eirc h-e for ammus a muimi féin .i. co h-Ite; ⁊ boi bliadhain occ Ite. Tucc an chaillech gradh dermair dó, uair at-chídh timtirecht na n-aingel uasa, ⁊ rath an  p.46 Spiorta Naoimh fair co follus. Ocus no bidh Brenainn oc sír-gáire frisin chailligh cech uair at-chíd h-í.

 iv
 10

Araile la immorro ro fiarfacht Íta dó: “Cidh do-gní failte duit a náidhe noebhdhai”? or si. At-bert-somh iar sin: “Tusa”, or se, “at-chim occ labhra frim coidhche, ⁊ ogha imdha díairmhe aile amhail tusa, ⁊ iatt ocum altrom as cech laimh di araile”. Anggil immorro i n-delbaibh na n-ogh battar annsin.

 v
 11

Iar sin ro legh Brenainn occ espucc Eirc a c-cionn a chuicc m-bliadne; ⁊ ba fada le h-Itae a beith ina feccmais. 'Ar sin immorro ro legh a salma; ⁊ ni raibhe loim no blechtach oc espucc Eirc an tan-sin, uair ní ghabadh almsana o nech acht o bheccan do dháoinibh riaghalta. Tarla do Brenainn laithe n-áen a beith occ iarraidh lomma for a oide. “Is tualaing Dia sin”, ol espocc Eirc. Iar sin no ticcedh agh allaidh gach lái do t-Sleibh Luachra cona laegh lé, co m-blighthea do-samh h-í; ⁊ no theiccedh a h-oenar gusin sleibh cetna iarttain.

 vi
 12

Is annsin bai Bríg ingen Findlogha ina fharradh, deirbhsiur dó, ⁊ ba dermair med a gradha fuirre, ar ba follus dó timthirecht na n-aingeal uaisti. Ocus ro fegh gnuis a h-oide ⁊ at-connairc amail ruithin gréine samhrata é. 8 Marta, 1629.

 vii
 13

Araile la do espucc Eirc ag dol do procept  226a breithre Dé. Luidhis Brenainn lais isin carput. Is annsin roptar slana a dheich m-bliadhna do Bhrenainn. Faccabar a aenar Brenaind isin carput iar n-dol don cleirech don procept. Suidhis Brenainn isin carpat, ⁊ h-é occ gabhail na salm a oenar. 'Ar sin tra ticc inghen occ do chenel ríoghdha gusin c-carpat. Sillis fair-siumh, ⁊ fegaidh a ghnuis ro-álainn. Fobrais leim cuicce isin carpat fo chettoir, ⁊ a cluiche do denamh fris. Is annsin atbert-somh: “Imtigh dot tigh”, ar se, “⁊ cidh rot-tucc ille”? Ocus gabaidh ialla an charpait ina laimh, ⁊ gabhaiss for a sraigledh, co raibhe occ caoi co riacht co h-airm i r-raibhe a h-athair ⁊ a mathair .i. an ri ⁊ an rioghan.

 14

Impaidhis iar sin espocc Eirc, ⁊ gabaidh for inchrechad a dhalta co mór, ⁊ for a cairiucchad go ger im bualadh na h-oighe neimh-eillnighthe. “Do-gen-sa aitricche isin n-gniomh-sin”, ar Brenainn, “⁊ abair-si frim h-í”. “Tair isin úamaidh so co mattain”, ol espocc Eirc, “⁊ bí att oenar innte ceín co tora sa cuccat amarach”. Iar sin suidhis Brenaind isin uamaidh, ⁊ bói oc gabhail a psalm ⁊ a iommann molta don Choimdhe innte. Airisis tra espocc Eirc h-i f-farradh na h-uamadh ag eistect fri Brenainn gan fios do Bhrenainn.

 15

Ro closs tra foghar gotha Brenainn ag gabhail a psalm mile  p.47 ceimend for cech leth. 'Ar sin immorro at-connairc an cleirech, espoc Eirc, buidhne aingel suas co nemh ⁊ anuas co talmain ar in uamaidh co matain. On lo-sin amach ni ro fhett  226b nech gnuis Brenainn d' faicsin riamh ar métt a ratha díadha, acht Fionan cam a aenor, ar ba lan do rath an Spiortu Naoimh eissidein. Ocus assedh fo-dera a fhaicsin-siumh seoch cach.

 viii
 16

Araile la battar occ imtecht forsan sliccidh .i. Brenainn ⁊ easpocc Eirc. Teccaimh oen-occlach ina cuidechta forsan sliccidh. Teccmaid immorro na naimhdi batar occa-sidhe doibh .i. morfeisiur laech. Gabhais eccla co mor rempu h-e, ⁊ at-bert: “Mairbfitt sutt meisi anosa”, ar se. “Eircc for sccath an choirthe cloiche útt”, ol Brenaind, “⁊ sin tú for a sccath”. Do-gní-siumh amhlaidh sin, ⁊ toccbaidh Brenainn a laimh fri Día d' ernaighthe co ro saertha an t-occlach.

 17

Iar sin teccait na naimhde gusin coirthe, ⁊ benaitt an coirte ina tháebh, ⁊ faccbaitt in cloich iarna dichendadh, ⁊ beiritt an cionn leo a riocht cinn a namat; ⁊ maraidh fós an cloch-si isin lucc cetna. Conidh amlaid sin do-rinne Brenainn duine don chloich, ⁊ cloch don duine. “Dénaidh aitricche”, ol espocc Eirc friu, “uair cend na cloiche fil accuibh, ⁊ do imthigh bhar namha féin imlan uaibh”. Do-gniat iar sin aitricche n-dermair fo ríaghail espoicc Eirc ó sin amach.

 18

Iar f-foglaim immorro na canoine fettarlaice ⁊ nua-fhiadhnaisi do Bhrenainn, dob ail leis riaghail naomh Erenn do sccriobadh ⁊ d' foglaim. Cettaighis tra espocc Eirc do-somh dol d' foghlaim na riaghla sin, ar ro-fhittir gurab ó Dhia ro boi an chomhairle-sin do-somh.  227a Ocus at-bert espocc Eirc fris: “Tair arís cuccam-sa, ⁊ na riaghla-sin lat, co n-gabha tu gradha uaim-si”.

 19

Iar n-dola do-somh do accallaimh a muimmi .i. Itea, issedh at-bert-si an céttna friss .i. riaghail noemh Erenn d' foghlaim. Ocus at-bert fris: “Na dena foghlaim ag mnaibh na acc oghaibh; ⁊ na derntar h-écnach fríu. Imtigh si”, ol si, “⁊ teiccemaidh laech suaitnidh soicenelach duit for an slicchid”. Ecmaing dano ba h-e Mac Lenin in laech-sin.

 ix
 20

Iar n-imtecht immorro do Bhrénainn teccmaidh Mac Lenin dó. “Déni atricche”, or Brenainn fris, “uair ata Dia agat togairm, ⁊ bid mac diles dó o so amach tú”. Impoidhis iaram Colman mac Lenin dochum an Choimdhedh iar sin; ⁊ cumdaigther ecclas lais iaramh fo chéttóir.

 21

Iar sin ro-siacht Brenainn crioch Connacht fo clú araile fhir craibhdigh boi innte .i. Iarlaithe mac Loga, meic Treoin, meic Féicc  p.48 meic Mochta; ⁊ ro foghlainn ina h-uile riaghlu aicce. Is annsin at-bert Brenainn fri h-Iarlaithe: “Ni h-annso bhias t' eserge itter”, or se. Is ann at-bert Iarlaithe: “A mheic naemtha, cidh ara b-foilge foirn rath in Spiortu Náeimh fil innut co follus, ⁊ cumachta díairmidhe De, ⁊ in Choimdhedh, ica cleith it menmain neimh-eillnighthe. Tu-ssa tra tainic d' foglaim cucan-sa, ⁊ meisi bhías occat-sa o sunn amach”, ar Iarlaithe. “Geibh dano meisi it mhanchuine tre bithe”, or Iarlaithe; “acht chena abair frim, cait ina m-bia m' eseirghe”.

 22

At-bert Brenainn friss: “Dentor carpott núa lat”, or sé, “uair is senoir tú;  227b ⁊ eirigh inn for an slicchid, ⁊ cibe ionad a meabhaidh da fertais an charpaitt, as ann bhías h' esérghe, ⁊ sochaide ele immaille frit”. Iar sin tra téid an senóir isin c-carpatt; ⁊ ní fada do-chuaidh, an tan ro mheabhaighset feirtsi in charpaitt edh natgairitt etturra; occus is e is ainm don ionad-sin, Tuam da Ghualann.

 x
 23

Iar f-faccbháil Iarlaithe annsin, gabhais Brenainn roimhe fo Magh n-Ái. Teccmaidh immorro aingiol dó forsan sliccidh, ⁊ isedh at-bert friss: “Scriobh”, ar se, “briathra in chrabaidh uaim-si”. Scriobais Brenainn a gion an aingil ina h-uile ríacchla na noemh-eccalsa, ⁊ maraid fós na riaghla-sin h-uile.

 24

In tan tra battar oc imtecht Maighe Ái, at-conncatar in fúatt, ⁊ duine marbh ind; ⁊ a charaitt occa cháoinedh. “Tairisnighidh isin Coimde”, ol Brenainn, “⁊ bidh beo an duine fil accaib”. Iar n-denamh immorro ernaighthi do-somh, eirgis an t-occlach, ⁊ beraitt a muinnter, leo h-é co f-fóilti n-dermáir. Iar sin tra gabaitt cách occ fégadh Brénainn co mór, ⁊ beraitt leo h-e co dú i m-bói ri an moighe-sin; ⁊ tairccis an ri ferann dó in bhail i n-badh ail lais; ⁊ nír gabh Brenainn sin uadha, úair nirb áil leis beith isin maighin-sin.

 xi
 25

Iar sccribenn tra riaghla na náemh cona m-besaibh, ⁊ cona c-crabhadh do Brenainn, impois co h-espocc Eirc doridhisi, ⁊ gabhais gradha uadha.

 26

Is annsin ro chuala-somh isin t-soisccel: ‘Qui relinquit patrem et matrem aut sororem, centuplum in presenti accipiet, et uitam eternam possidebit’ (Matt. 19:29).

 xii
 27

 228a Is iar sin tra ro fhás gradh dermair don Choimdhi ina chridhe-siumh, ⁊ ba h-ail lais a thír ⁊ a thalamh, ⁊ a thuistidhe ⁊ a athardha d' fagbáil. Ro thothlaigh go duthrachtach for in c-Coimdhe co t-tardadh talamh n-deirrit n-edarsccarta ó dhaoinibh dó.

 28

Ocus is ann tarla do Bhrenainn a bheith in uair-sin isind ionadh  p.49 darb ainm Leim na Subhaltaighe, ⁊ tainic nech naemhta darbh ainm Barrintus, Vide an sit Bairrfionn mac mic Muiredhaigh, mic Eachach, mic Conuill Gulban, mic Neill N, mac meic Neill rígh, dá ionnsaighed. Ocus 'ar b-fiarfaiccedh moráin sccel do Brenainn don neoch-sin, do leicc dochum lair é maille le tuirsi ⁊ le déraibh. Do toccaibh Brenainn do lar h-é, ⁊ adubairt fris acc tabhairt póicci dó: “Dob oirchisi duit-si subhaltaighe do denamh ina tursi. Ocus ar son páisi Dé frit, innis duinn ní do briathraibh Dé; ⁊ sás ar n-anmanna”.

 29

Ocus 'ar radh na c-comráitedh-sin doibh, do t-ionnsgain an t-occlach sccela oiléin d' áirithe do innisin do. Ocus assedh adubairt. “Do bi mac accam-sa dárb ainm M'ernócc, ⁊ do theich uaim, ionnus narb ail leis beith i n-aen-ionad frim. Ocus fúair oilén a b-foccus do shlíabh airithe díar bho comhainm Sliabh na Cloiche. Ocus aimser fada ina diaigh sin, ind uair do foillsiccedh dam-sa go m-biadh móran do mhancaibh aicce, ⁊ co foillseochtaoi miorbaile iomdha trid, do-chuadhusa ar cuairt cuicce, ⁊ mar do badhus uidhe trí la dom sliccidh 'na ghar, tainicc cona braithribh im choinne, uair do fhoillsigh Día dó mo rochtain cuicce”.

 30

“Ocus 'ar n-dol dochum an oilein duinn, tangattar na braithre chuccainn as a selladhaibh amach, amail saithe bech; ⁊ ger sccáilte  228b ind aittrebh-sin, do ba nemh-sccaoilte a c-conuersaid, ⁊ a c-coccús, ⁊ a n-gradh. Ocus ni raibhe do bhethaid aca acht ubhla, ⁊ cna, ⁊ fremha cecha cenéoil luibhe da b-faghdais. Ocus no theiccdis na braitre dochum a selladh féin ó chompleitt go gairm an choiligh”.

 31

“Ocus do badhusa ⁊ mo mhac ar fad an oilein, ⁊ tar eis cuartaighthe an oiléin dúinn, rucc leis me dochum na tragha mar a raibhe an long; ⁊ adubairt riom: “A athair ionmhain, eirigh isin luing”, ar se, “co n-deachamm d' fechain an oilein da n-goirter Talamh na Naomh, neoch atá Dia do ghealladh dona dáoinibh tiucfus inar n-diaigh”. Ocus 'ar n-dol isin luing duinn tarla céo duinn, ionnus gurab ar eiccin do-chonncamar corr thosaigh ar luinge”.

 32

Ocus 'ar m-beith duinn mar sin re h-edh uaire don ló do chaithemh, tarla solus ro-mór chugainn, ⁊ at-conncamar an t-oilen ro-breghdha ro-thaithnemach, ⁊ sé lán d' ubhlaibh cumhra, ⁊ do blath; ⁊ ní raibhe en luibh na crand aca gan a lan do thoradh air. Ocus do-chuiremar an long fo tír isin oilén iar sin. Ocus do bamur re h-edh cuicc lá n-décc occa imtecht; ⁊ nír fétsam an crioch d' fáccbáil. Ocus is íad do ba clocha dó .i. lecca loghmara. Ocus a c-cionn an choiccidh lai décc fuaramar sruth tre lar an oilein; ⁊ ní raibhe a fhios aguinn créd do-dhénmais fa dhul tar an sruth. Ocus do anamar le comairle n-Dé”.

 33

“Ocus mar do bhamar ag teacht 'ar sin, do-chonncamar cuccainn fer dealraighthech dess, ⁊ do-chuir failtedha romhainn inar  p.50 n-anmannaib dilsiph fein, ⁊ adubairt: “Do fhoillsigh  229a Dia an talam-sa daoibh-si, a bhraithre gradacha. Ocus is é so leth an oiléín; ⁊ ni ced daoibh-si dul thairis so, ⁊ fillidh 'san ait as a t-tangabair”. Ocus mar adubairt seision sin, do fhiarfaighemair-ne dhe ca h-ionad as a t-tainic, no ca h-ainm é fein.”

 34

“As-bert an t-occlach: “Crét do-beir dom fhiarfaighidh-si sibh, uair do ba córa daibh in t-oilen-sa ⁊ a sccela d' iarraidh, ina mo sccela-sa; uair do-chí sibh anossa é gan teirce toraidh na blátha; ⁊ is mar sin o tús domain ata sé. Ocus ni reccann no ní riccenn sibha leass biadh no deoch do chaithemh, uair ata sibh bliadain isin talamh-so, ⁊ nir chaitheabhair biadh nó deoch risan c-comfad-sin; ⁊ fós ní rangabhair a les súan no codladh, ⁊ ní fhacabhair aghaid no dorcattus ele risan aimsir-sin. Massedh méraidh an lá gan dorchadus annso tre bithe, gan chrích, gan foircenn, uair isé ar t-Tigernai-ne Iosa Criost is solas ⁊ is delradh dó. Ocus muna bhristis na dáoine aithnedha a t-Ticcerna, do mhairfittis isin aoibhnes so co suthain siorraidhe””.

 35

“Ocus mar do-chualamair-ne sin, do-rinnemar toirrsi mór, ⁊ aithricche diochrae. Ocus iar sccur duinn d' ar t-toirsi, do thionnsccnamur filledh docum ar luinge. Ocus tainic in nech naemhta sin linn go h-or na tragha, ⁊ 'ar n-dol dúin-ne inar luing, do-ruccad-somh as ar b-fiadhnaisi, co nach fettamur ca h-ionadh inar gabh sé úainn”.

 36

“Ocus iar n-dol uainn amhlaidh sin, tangamair-ne tresan ceo cédna sin ro raidhemar romhainn. Ocus ni dhernamur foss nó comhnuidhe, nó go rangamar go h-or na h-innsi as ar triallamar róimhe sin. Ocus mar do-chonncattar na braithre sinn, do gabh luathghaire ⁊ gairdeachus doimhesta iatt remhainn tre nar t-toidhecht chucu;  229b do gabhattar occ fiarfaighe sccel dínn re fedh ar n-atheccmais-si, ⁊ issedh adeirdis: “A aithrecha noemh, créd far treiccebhair bar c-cáoirigh? ⁊ síad gan buachaill aca, acht íatt ar seachran isin oilen-sa. Ocus as meinic do-cuaidh ar n-abbadh-ne ar cuairt mís, no coictigisi, no seachtmuine, no nías lugha ina sin””.

 37

“Ocus do thionnsccnaidh sé beith ag comhfhurtacht na m-brathar. Ocus adubart-sa riu iar sin”, ol Barinntus, “Na brethnaighidh-si ní acht ni maith gan conntabairt, óir as maith bhar c-conuersaid, ⁊ is a n-dorus parrtais ata bhar n-aittreabh; ⁊ as foccus daoibh an t-oilen da n-goirter Talamh aithgellta na Naemh. Ocus is ann nach bionn aghaid go brath, ⁊ nach criochnaigher lá. Ocus téid M' Ernócc .i. an t-ap, co minic innte; ⁊ atát aingil Dé occ iomcoimhett na h-innsi-sin. Inné nachar athain sibh-si ar degh-bholadh ar n-édaigh gurab h-i parrtus do bhamur”? Adubrattar na braithre: “A athair ionmain”, or siatt, “do aithnigemar gurap h-i parrtus De do bí sibh, ar feabus boltanaighthe  p.51 bhar n-ettaighedh; uair is meinic roimhe so do-chúaid ar n-ab féin and, ⁊ gomadh sasadh duinne co cenn da fichet lá boltanugadh a edaigh”. “Ocus a Bhrenainn”, ol Barinntus “do anusa co cenn coictighisi isin maighin-sin a b-fochair mo mheic gan biadh, gan digh; ⁊ a c-cionn da fichet lá do impáides dochum mo braitrech ⁊ mo shella fein arísi”.

 38

Iarna cluinsin do Brenainn cona bhraithribh, do cromattar a ceinn dochum talman, ⁊ do mholattar Dia go mór, ⁊ adubhrattar: “Benedictus Deus in donis suis 230a .i. as bennaighthi Dia ina thiodhlaictibh fein, ⁊ as naemhta ina oibrightibh uile e; óir do foillsigh an lán miorbuiledh-sin dia muinntir, ⁊ dono do sás sin-ne fein aniu do shásadh corporda. Ocus iarradh na c-comhraitedh-sin doibh dibhlinaibh, do raidh Brenainn fria a muinntir toidhecht lais dochum shasaidh comhspiratalta fris sin, ⁊ docum na h-athnuadhaighe. 'Ar n-dol na h-oidhce tarsa, ⁊ iar n-gabhail bennachtan Brenainn do Bharrinntus, do fhill roimhe da ionad comnuidhe fodéin.

 39

Ocus iar n-imtecht do, do thionoil Brenainn ceithre braithre decc  9 as a choimhtionol féin chuicce, ⁊ do-cuaidh i n-ionadh foiatta leo; ⁊ is orra sin do bí neach occ toccaidhe ro-sholus i n-degh-oibrightibh, ⁊ h-é occ moladh De o tús a aoisi go a deiredh. Ocus gibe lénab áilfios a ghniomhartadh do beith aicce, lecchad a mac-gniomarthai; ⁊ asse an neach-sin adubramar .i. Macutes. Do labhair Brénainn frisna braithribh, ⁊ issedh adubhairt: “A comhcathardhai gradhacha”, ol sé “atusa occ iarraidh comairle ⁊ comhfurtachta oruibh; úair ata mo croidhe ⁊ mo smuaintighthe 'arna c-comhsadhadh i n-oen-toil amáin, mas h-i toil Dé i .i. an talamh do labhair Bairrinntus rinn dol da iarraidh .i. an talamh do gheall Día dona daoinibh thiucfus inar n-diaigh. Ocus cret h-í an comhairle do-bhértaoi-si damh-sa uime sin”?

 40

'Ar n-aithne toile Brenainn dona braitribh, adubratar o aen-ghuth uile: “A athair ionmain”, ar siatt, “an comhairle as toil let-sa, is h-í as toil ⁊ as comhairle  230b duin-ne. Ocus inné nachar threiccemair-ne ar n-aithre dilsi fort-sa? ⁊ inné fós nar treiccemar ar n-oighrecht fort fadhéin? Ocus nachar thairbhir sinn ar c-cuirp it lamhaibh? Ocus as arna h-adhbaraibh-sin atámaid ullamh dochum báis no bethad d' fagáil immaille friot-sa. Acht oen-ní amhain chena. Iárrmaitt toil ind Athar noemhtha d' fogbhail ⁊ do coimhlionadh duinn”. Do criochnaigh immorro Brenainn cona muinntir annsin trosccadh da fhicet lá cona n-oidhcibh do dhenamh frisin c-Coimdedh fa shoirbheachadh doibh, ⁊ fa eolas gacha conaire no cingfitis do chur go crích doibh.

 41

Codlais Brenainn iar sin; ⁊ at-chuala guth ind aingil do nimh,  p.52 ⁊ issedh at-bert: “Eirigh, a Brenainn”, or se, “⁊ inní ro athchunghis do-ghebhair ó Día e .i. Tir Tairngire do thadhall fodheoigh”.

 xiii
 42

Éirgis Brenainn iar sin, ⁊ ba maith lais a mhenma don aithescc-sin ro raidh an t-aingel. Ocus téitt i n-ionad fo leith a oenar, ⁊ feghaidh an t-aiccen uadha for cech leith. Ocus at-connairc inis álainn adhamhra for in occían co timtirecht aingel impi. Iar sin anais Brenainn isin ionadh-sin athaid fada .i. isin inis at-connairc, ⁊ codlais becc innte doridhisi. Ticc aingel Dé dia accallaimh afrithisi; ⁊ at-bert fris: “Bett-sa”, or se, “o sunn amach maráen frit-sa tre bithe sír; ⁊ múinfett deitt uair eiccin in inis n-álainn at-connarcais, ⁊ as mian let d' foghbháil”. Cíis iaramh Brenainn go dermháir ar fhóilte fri  231a h-aithescc an aingil; ⁊ do-gni altuccadh buidhe fri Día.

 xiv
 43

Éirghis Brenainn cona muinntir iar sin, ⁊ faccbaitt bennacht ag prepoist na mainistreach adubhramar romhainn .i. neoch do báoi i n-ionad Brenainn ag na braitribh da éis. Ocus do-chuaidh Brenainn iar sin isin rann siar, ⁊ ceithre braithre dec maille fris, co riacht oilén ind athar naemhta diar bo h-ainm Enda Airne; ⁊ do-roine comnuidhe tri lá ⁊ teora n-oidhce isin oilen h-isein. Ocus do fhágbhattar bennacht occ Enda noebh.

 xv
 44

Ocus annsin do-cuaidh Brenainn cona muinntir 'san cuid dob foide úadh d' ferann a athar. Ocus nir bho h-ail lais a athair no a mháthair do thaobhadh, ná a dhul a c-comfhoccus doibh, acht do-chúaid ar mullach aird-sleibhe do báoi a b-fogus don fairrcce, mar a raibe an long do bháoi oca. Ocus ise fa h-ainm don ionad-sin o sin amach, Suidhe Brenainn. Adubhrattar gur mithig doibh an t-oilen sin d' faccbáil; ⁊ do-chúattar d' ionnsaighe a luinge dá daingniuccadh le h-iarann ⁊ le seichedhaibh damh; ⁊ do-chuirettar daethain da long aile da gach cinél ullmaighthi archena i l-luing Brenainn in uair-sin. Do chuimlettar da c-cenglaibh amuigh ⁊ astigh mirr ⁊ bidomain, pic ⁊ róisin.

 45

Ocus an uair dob ullamh í, adubhairt Brenainn fria muinntir dul innte i n-ainm in Athar an Mheic ⁊ an Spiorait Naeimh. Do an fein inna oenar ar in traigh da n-éisi, ⁊ do bhennaigh an port da gach taobh de. Ocus ina dhiaigh sin do-chonnairc Brenainn triar manach da muinntir fein chuicce; ⁊ do-leiccettar a n-gluine  231b fri lar ina fiadhnaisi, ⁊ asedh adubratar: “A athair noemhta”, or íett, “leicc sin-ne lat mar a t-teighe féin ar gradh Dé, no rachmáitt-ne do ghorta bíd ⁊ dighe; úair tuccsamar moid im beith occ dénamh ar n-oilithre it fochair si ar fedh ar n-aimsire”.

 46

An uair do-connairc an t-athair .i. Brénainn, an airc do bói orra-san,  p.53 adubairt ríu: “Teighidh 'san luing, ó ata a fhios occum-sa cionnus tainic sibh. Ata oibrighthi maithe ag in fhior-so díbh, ⁊ do ullmaigh Dia ionad maith dó; ⁊ do ullmaigh dono méduccad peine daoibh-si”. Do-chuaidh immorro Brenainn dochum a luinge iarsna comraitibh sin; ⁊ do-cuattar a mhuinnter isin da luing aile battar aca. Is amlaidh immorro battar na longa-sin Bhrenainn, ⁊ tri sretha do ramaibh for gach luing dibh-sein, ⁊ a seolta do croicnibh bethadach n-allta ⁊ ríatta; ⁊ do battar fiche fer i n-gach luing aca.

 47

Is annsin immorro tainic crosan go Brenainn, ⁊ slechtais ina fhiadhnaisi, ⁊ isedh ro raidh ris: “A Brenainn”, or se, “gabh meisi cuccat ar Dhia, ⁊ airchis dom troicche co n-diccsiur lat”. Beiris Brenainn lais é ar Dhia; ⁊ téitt sescca fer lais ina longaibh, amhail as-beratt na sccribhenna:

  1. Sescca fer doibh isin coblach,
    Níbtar saothraigh in domnach;
    A menmanna 'san Duilem dil
    Occ moladh rig an rictigh.

 xvi
 48

Iar sin tra tiaccaitt ar muinchinn mara ⁊ mór-fairrge, ⁊ do thoccbatar a seolta os na longaibh co ros-iomluaidh gaeth iatt  232a go port Áronn doridhisi. Do-riacht Pupa, ⁊ Énda Áronn, ⁊ Ronad do fheghadh an choblaigh. ceilebrais ⁊ et cetera

xvii. SCCEL OILEIN NA LOCHADH SIOSANA COLLÉICC

 49

Ceileabrais Brénainn do náomhaibh Áronn, ⁊ fáccbais bennachtain aca; ⁊ seolaitt rompa do thaisteal an mhara siar gach n-direch, co facatar iaramh oilén ard aoibhin oireghdha úatha. Ocus do sheolsat a longa dá ionnsaicchidh, no go rancattar co h-or an oilein. Ocus at-conncattar an traigh aga lionadh do lochaibh fionn-fadhachaibh fíor-gránna mar cattaibh commora. Fiarfaighitt na braithre Brenainn: “Cidh áilit na lochaidh utt”? ar síatt. “Ar nithi-ne, ⁊ ar sluccadh dob áil léo sutt”, ol Brenainn.

 50

Is iar sin ro foillsiccedh do Bhrenainn uair eitsechta an crossain boi occai isin luing. Conidh annsin ro raidh Brénainn fris: “Eirigh”, ol se, “⁊ caith corp Crist ⁊ a fhuil, ⁊ eircc docum na bethad suthaine, uair at-chluinim-si claiscettal aingel 'gud gairm ar a n-ammus”. Ba maith dano lásin crossan a mhenma do brigh an scceoil-sin; ⁊ isedh at-bert: “A thiccerna”, ar se, “ca maith do-ronasa an trath dom-berar dochum nimhe a phraipi sin”? Ros-freccart Brenainn, ⁊ isedh ro raidh, gur bo cubaidh dó-somh toil Dé do choimhlíonadh.

 51

Iar c-caitemh immorro chuirp Crist ⁊ a fhola dó, lingis a spiorat anma ass, ⁊ berar h-í fo cettóir co f-fóilti n-dermair dochum nimhe, uail  p.54 ittá Iosa Críost co noi n-gradaibh nimhe immaille friss. Fo-certar trá a chorp forsin traigh, co n-duattar na lochaid é, co nar faccaibset acht a cnamha loma ar an traigh. Adnaicitt  232b muinnter Brenainn a chnamhredhaigh iar sin; ⁊ sccriobhtar a ainm a m-martarlaicc, uair ba mairtir amhra eissiumh. As follus indsin coinircle in Coimdedh tresan pecthach tainic fadeoigh dochum na luinge, do thogha dó dochum nimhe for tus.

 xviii
 52

Asa h-aithle-sin tra do thóccbhatar muinnter Bhrenainn na seolta a n-airde, ⁊ dob aimser shamraidh ann an ionbaidh-sin. Ocus fuarattar gaeth go dess degh-tapaidh leo gach n-dírghe, ionnus nach rangattar a les iomramh do dhenamh, acht na seolta do chongmhail a n-áirde. Iar c-caithemh deich la doibh mar sin, do thoirinn an ghaeth a gredhan ⁊ a garbh-ghlór uatha; ⁊ 'ar t-tairccsin a brighe, dob éiccen doibh-siumh iomramh do dhenamh.

 53

Do labhair Brenainn fríu, ⁊ asedh adubairt: “Na bíodh eccla oruibh”, ol se, “uair ata ar n-Día féin 'na threoraighteoir ⁊ 'na furtachtaighteoir aguinn. Ocus tairrngidh bharmha astech; ⁊ na dénaidh obair na saethar; ⁊ treorochaidh Día a long ⁊ a muinnter fein mar as áil leis”. Is ann do-ghnidh Brenainn cona muinntir a suiper gacha h-easpartan. Ocus fuarattar go direch in gháeth; ⁊ Dí raibhe a fhios aca bheos cait gusa rucc an gháeth iatt.

xix. SCCEL OILEIN NA SRIAN

 54

Iar c-caithemh da fhichet la dhoibh fon ionnus-sin, ⁊ 'ar t-tairccsin a lóin, do-chonncattar oilen ard uatha, ⁊ sé clochach gainmhighe. Ocus 'ar n-drud doibh risin oilen, is amhlaidh ro bhaoi, ⁊ bruacha urarda aicce, ⁊ srotha gorma glan-uiscce ag snighe dona bruachaibh-sin amach isin b-fairrge, ⁊ ni fhuarattar  233a port h-i rachdáis fo tír 'san oilen. Ocus do bhattar na braithre 'arna m-buaidhredh ⁊ 'arna meirtniuccadh d' easbhaidh bidh ⁊ dighe. Ocus do shanntaighettar na braithre uisccedha na srothann-sin do gabhail ina soidhtighibh féin, ⁊ a m-breith leo. At-bert Brenainn friu an uair-sin: “Na dénaidh cabocc ar uiscce an oilein, uair foillseochaidh Dia duinn a c-cionn trí la port ina b-fuighbhem sásadh d' ar c-corpaibh anbhannaibh ettréorachaibh”.

 55

Iar t-timcheallad an oilein h-isin doibh fri h-edh trí lá, fuarattar port ina rachad aon-long i t-tír ann. Do eirigh Brenainn, ⁊ do bhennaigh an port re n-dol i t-tír doibh. Ocus do bhattar na cairrge ina múraibh árdaibh ar gach taoibh dhe. Ocus 'ar n-dol i t-tír doibh, adubhairt Brenainn lena muinntir: “Na beiridh a bhecc da bhar n-ettaighibh libh as in luing”.

 p.55
 56

Oc imtecht an oilein doibh iar sin, at-conncattar gadhar becc ina c-coinne, ⁊ do-rinne umhla fo chosaibh Brenainn. Adubhairt Brénainn léna braithribh: “Inné nach maith an techtaire so do-chuir Día chuccaibh? ⁊ lenaidh é, no co m-beire sé docum baile sibh”. Ocus ro lenattar na braithre é amail ro raidh Brenainn. Ocus ro raidh Brenainn fríu: “Faichlidh co maith nach meallfa an t-ainspiorat sibh. Ocus do-chím féin an taidberseoir aga furail ar aon don triur bratar do len on mainistir sinn, gadaighecht do dhenamh. Ocus guidhidh-si co duthrachtach ar anmain an tres bráthar dibh, uair ata a chorp ar cumus an diabhail”. Is amhlaidh do bí an tech-sin i r-rabhattar do-thuarusccbhála ar a fhad ⁊ ar a fhairsinge, co n-iomat soidtech cumhdaighthi, ⁊ sríantaibh co n-ór ann.

 57

Ocus issedh adubhairt Brenainn annsin frissin c-cleirech  233b no gnathaighedh bheith acc tabairt a c-codha doibh: “Fritháil dúinn an chuid do-cuir Dia chuccainn”. Ocus 'ar n-eircche go luath don cleirech, is amlaidh fuair na buird 'arna b-folach d' ilradh gacha datha, ⁊ arán co n-gile nemh-gnathaigh orra, maille le h-iomatt eiscc eecsamhail. Is annsin do bheannaigh Brenainn an bord, ⁊ adubhairt risna braithribh: “Denaidh onoir ⁊ reuerens do Dhía na n-uile cumhacht, do-bheir sasadh bídh ⁊ dighe dona h-uilibh cretuiribh”. Do-shuidhettar dochum an buird annsin, ⁊ do molattar Dia go mór, ⁊ do bhennaighset an deoch ⁊ an biadh, ⁊ do-caithettar an méid ba lór leo de.

 58

Ocus iar c-caithemh a suipeir doibh, at-bert Brenainn fríu: “A braithre”, or se, “denaidh cottladh ⁊ cíunus, úair átathaoi tuirsigh a n-diaigh bar siubhail ⁊ bhar loingseorachta”. Ocus 'ar c-codladh doibh, at-connairc Brenainn an t-anspioratt 'na crétuir bhecc granna, ⁊ srian ordha ina laimh, ⁊ teilccis i n-ucht an bhrathar. Do mhosccail an brathair as a codladh, ⁊ do bháoi ag guidhe Dé Do co t-tainic an la arnamarach; ⁊ iar t-techt an lai cuca, adubairt Brenainn fria mhuinntir: “Denam dochum ar n-oibre .i. ar t-trath”; ⁊ tiacchait iaramh. Ocus 'ar c-criochnuccadh a t-trath doibh, adubairt Brenainn fríu: “Dénam dochum ar luinge anoss”. 'Ar n-éirghe da n-iomdhadhaibh doibh, fuarattar na buird cedna suidhighthi mar búdh gnath leo. Ocus do bhattar san ar an orduccadh-sin co cenn trí lá ⁊ teora n-oidhce.

 59

Ina dhiaigh sin do gabh Brenainn cuna muinntir lamh ar imthecht; ⁊ adubairt-siumh lena braithribh: “Fecaidh libh, a chairde gradacha, nar thoccaibh nech uaibh áon-réd do chuid an  234a oilein so ina f-fuilmit”. Adubhrattar san uile: “Nar léicce Muire duin-ne, a athair gradaigh, go m-biadh gadaighecht ar ar siubhal”. Adubairt Brenainn: “Ata srian órtha fo oxail an bhrathar adubart-sa ribh araeir, tucc an diabhul i n-gadaigheacht dó”. 'Arna cluinsin sin don  p.56 brathair, do theilcc an srían uadha, ⁊ do-léicc ina luighe h-i fiadnaisi Brénainn é, ⁊ assedh adubairt: “A athair ionmain, do pecaigh meisi gan conntabairt, ⁊ dena-sa trocaire oram, ⁊ guidh for mh' anmain, ionnus nach daiméontar m' anam na mo corp”.

 60

Iarna cluinsin sin dona braithribh, do-leiccettar for a n-gluinibh iatt, ⁊ do guidhettar ar anmain an bhrathar. Ocus acc eircce ón a n-urnaighthe doibh do-conncattar an fer gorm becc do idelbdha acc tuitim a focras an bhrathar, ⁊ h-é ace comarcaibh go h-ard; ⁊ isedh at-beiredh: “Crétt far ionnarbais me, a chleirigh, as in oighrecht ⁊ as in aittreibh ina b-fuilim re seacht m-bliadhnaibh im comhnnidhe”? Do freccair Brénainn h-é, ⁊ issedh adubhairt: “Cuirim mar aithne ort i n-ainm in Ticcerna, Iosa Crist, gan aon-duine do ghortuccadh, nó do bhuaidredh go lá an bhreithemhnais”. Luidh as an diabhal iar sin.

 61

Adubairt Brénainn fós frisan m-brathair: “Caith corp ⁊ fuil do Thiccernae .i. Iosa Crist, ⁊ bidh anos sccérfus do spiorat red chorp, ⁊ is annsa lucc so ata ionad th' adhnaicthe; ⁊ an brathair táinic let as in mainistir, isi n-iffrionn bhías a eiséirghe iar n-ath-gairitt”. Do-chuaid iaramh a spirat anma as in m-brathair h-isin, iar c-caithemh na sacramainte dó; ⁊ tangattar aingil ina chomhaircis, ⁊ ruccattar leo h-é dochum nimhe. Ocus do h-adhnaicedh a chorp iar sin go h-onorach ag Brenainn cona muinntir.

 62

Ocus iar sin  234b tangatar fein gusin traigh, mar a raibhe a long; ⁊ acc dol do Brenainn ina luing, tarla nech ócc dó, ⁊ soidtheach lán d' arán aicce, ⁊ soidhtheach ele lan d' uiscce; ⁊ at-bert friu: “Gabhaidh in asccaidh so as lamhaibh bhar n-ócclaich fein, oir atá slighidh fhada romhaibh. Ocus gidh edh, ni bia esbaidh aráin no uiscce oruibh co caiscc”. Iar c-ceilebradh da cheile daibh do-chóttar ina longaibh; ⁊ do bhattar acc loingseoracht for fairrge athaid fhada iar sin.

 xx
 63

La eiccin da rabhattar acc siubhal na fairrge, at-conncatar oilén uatha edh imchian. Ocus do sheolattar a long chuicce, ⁊ do-chúattar fo tír ann. Ocus iar t-timchealladh an oilein dóibh, fúarattar srotha examla ann, ⁊ iatt lan d' iasccach. Adubairt Brenainn lena bhraithribh: “Denmáitt obair dhiadha annso, ⁊ coisreccam úan nemh-urchóidech do Dhia ann; uair isé aníu senaid an Ticcerna .i. Iosa Crist”. Ocus do bhattar mar sin go satharn cáscc, ⁊ fúarattar iolar tred do chaorchaibh móra aen-gealae ann, ionnus nach f-facattar acht madh becc don talmain o iomat na c-caorach. Adubairt Brénainn: “Beiridh libh, a bhraithre, an mheitt recctáoi a les dona tréttaibh útt dochum na cascc”. Do-gabhattar na braithre caora dona cáorchaibh in uair-sin. Ocus mar do cenglatar h-i, do lensat na cáoirigh o sin amach íatt.

 p.57
 64

Ocus do bhattar ag ulmuccadh dochum an láoi oirmittnigh sin na cascc cech ní rangattar a les aca. At-conncattar an uair-sin aoin-nech chuca, ⁊ soidhtech lán d' árán aicce, ⁊ gach ní ele dá rangattar a les do caithemh immaille fris. Do-chuir sion h-i f-fiadhnaisi Brenainn h-e, ⁊ do-léice h-e fein  235a dochum láir an uair-sin, ⁊ do-rinne aitricche go diocra, ⁊ adubairt: “A athair, gion gurab diongmála meisi dochum tusa do sásadh d' obair mo lámh, gabh sásadh annsna laithibh naemhtha-sa uaim”.

 65

Ocus do thoccaibh Brenainn do lar h-é, ⁊ tucc póicc dó, ⁊ do fhiarfaigh de: “Cáit inar ordaigh ar t-Ticcerna .i. Iosa Criost dhuinn an chaiscc do ceileabhradh”? Do freccair an nech naemhtha é, ⁊ issedh at-bert friss: “Is ann so eistfes sibh an satharn ⁊ an uiccil so, ⁊ is ar in oilen ud, at-chi sibh uaibh anossa, cheilebhrus sibh na h-oifrinn ⁊ in chaiscc”. Ocus 'arna radh sin, do thionnsccain seirbís do denamh do Brenainn ⁊ dona braithribh archena. Ocus do bhattar iar sin ag líonadh a long da gach ni rangattar a les. Ocus adubairt an t-ócclach annsin fri Brenainn: “Ni fhéttann sibh ni as mó ina so d' iomchar in bhar longaibh; ⁊ cuirfett-sa a c-cionn ocht lá chuccaibh gach ní riccfes sibh a les do bhiadh ⁊ do digh co cingcigis”.

 66

Adubairt Brenainn fris-siumh: “An b-fuil a fhios accat-sa, ca h-ionadh ina m-bia sin-ne a c-cionn ocht la”? Is-bert in nech naemhta: “Biaidh sibh anocht isin oilen útt at-chí sibh, ⁊ go medhon-láe amarach; ⁊ rachaid sibh ainnsein gusin oilen d' a n-goirther Parrthus na n-Én, ⁊ biaidh sibh ainnsein co h-ochtáib na cingtighisi”. As-bert Brenainn: “Créd do-bheir na caoirigh útt a comhmór so? ⁊ siad 'san oilen-so”; uair bá mó gach caora dibh ina damh bíata. Adubairt an nech naomhtha: “Isé fo-dera inni-sin; nach tionoilter bainne uatha, ⁊ nach bentar a f-fionna dibh, ⁊ nach cuirenn gemradh no dorchattus orra tria bithe. Ocus is arna h-adhbaraibh-sin ata an mheid imarcradhach útt forra, ar a m-beith amuigh ar fér do grés. Ocus is uime sin as mó ann so íad ina i n-gach talamh ele isin  235b doman”.

 xxi
 67

Cuiris Brénainn a long o thír an úair-sin, ⁊ imriss fein cona muinntir h-í, no co rangattar Parrtus na n-Én. Ocus o rangattar an t-oilen-sin, do-chuatar fo thir ann.  10. Ocus dob eccsamail lena fhéccadh h-e, uair do bhattar tortha iomdha eccsamhla ann, ⁊ enlaith iongantach ag labairt go luathgairech do bharraibh a crand, ⁊ beich bhecca acc tionol ⁊ acc tiomsuccadh a t-tacair ⁊ a t-tigedhais da n-aitrebhaibh dilsi; ⁊ srotha aille iongantacha ag tepersain ann lán do clochaibh uaisle adhamra gacha datha; ⁊ eccalsa iomdha ann; ⁊ mainistir i l-lár in  p.58 oiléin lán d' iolradh ⁊ d' examlacht gacha datha; ⁊ ord arsaidh eladhanta cunnail craibhtech innte.

 68

Ocus is amlaidh ro báoi an mhainistir h-isin, ⁊ a solus féin for adhnadh innte .i. ceithre soillse h-i f-fiadnaisi na h-altora moire, ⁊ tri solais h-i fiadhnaise na h-altora medhonaighe. Ocus as do chriostal do-ronadh na coilche aifrinn do bí aca. Ocus fós do búi ceithre suidheócca dec ar comhair a cheile 'san coraidh, ⁊ ionad an abbadh ettorra ar medhón; ⁊ an uair do thionnscnadh an t-abb fersa do radh, do freccradh an chora go h-umhal h-é; ⁊ ní lamhadh nech aca en-fersa do gabhail acht an t-abb fein, ⁊ ni labradh nech aca gan cett, acht an tan do bídis ag moladh an Ticcerna, muna c-cettaigedh an t-abb doibh; ⁊ ni labhradais ann sin fein o bhreithir, acht o chomhartha resunta d' foillseachad le suil, no le bel, no le laimh, do thabairt forsanní búdh mian léo do radha. Ocus do scriobhadh an t-abb h-i c-clar le steil gach freccra do-bheiredh orrae.

 69

Ocus adubairt an t-abb le Brenainn iar sin: “Do badh mithidh dúinn dol dochum an chodail-tighe fil occainn”. Ocus 'na díaigh sin  236a do-chuattar dochum na compléitte. Ocus iar c-cantain na compléitte doibh, do-chuattar na braithre da sealladhaibh feín, ⁊ ruccattar muintir Brenainn leo .i. fer le gach brathair aca.

 70

Ocus do an Brénainn ⁊ an t-abb isin mainistir. Ocus mar do bhattar ann, do fiafraigh Brenainn don abb, cionnus do fhedattar an silens no an ciunas-sin do Chongmail h-i c-colainn dáenda. Do freccair an t-abb é maille le h-umhla, ⁊ adubhairt: “Admhaim i f-fiadnaisi Criost, go fuilit ceithre fichit bliadhan11 ó thangamar, san ionad-so, ⁊ nachar labhair nech accainn fein fri araile do guth dáennaighe, acht an uair bhímitt acc moladh Dé; ⁊ as tre comhartha méoir nó súl foillsighter guth ettrainn. Ocus fos, ni fhuil esláinte cuirp no anma no spioraitte ar nech accainn risan ré sin”.

 71

'Arna cluinsin sin do Bhrenainn do labhair maille le deraibh, ⁊ issedh adubairt: “An ced dúin-ne anmhain annso am bliadhna”? Adubhairt an t-abb: “As ced chena. Ocus inné nach f-fuil a fhios accatt-sa cret do h-ordaighedh duit fein do dhenamh ria t-techt annso duit? Uair as éiccen duit filledh dochum th' ionaidh féin maille led ceithre braithribh dec; ⁊ an días oile ata at fochair 'na diaigh sin, rachaid nech aca dia oilitre annsan oilen da n-goirter Antonii, ⁊ an nech ele dibh droch-bás, uair daiméontar co h-ifrionn h-e”. Ocus do fioradh sin uile.

 72

Do fiarfaigh Brenaind: “Cia mhuchas na soillsi útt acc tocht na maidne”? Adubairt an t-abb: “Fech fein, a Bhrenainn, gach aon-ní  p.59 dibh-sin do réir th' eolais ⁊ th' aithne fein. Ocus inné nach f-faicend tú na soillsi annsna lainderaibh, ⁊ gan énní da losccadh aca, ⁊ gan  236b iad fein acc traothad? Ocus beid mar sin co madain; ⁊ ni fhaicfe nech iarsma dibh o tosach laoi no co t-ti siatt ina soightibh teinntidhe tresan f-fuinneoicc útt, ar a t-teccaitt go gnáthach”. Adubairt Brenainn: “Cionnus fhetus cretuir nemh-chorpardha solus corparda do dhenamh”? Do fhreccair an t-ab é, ⁊ isedh adubairt: “Inné nach cualaidh tú, ⁊ inné nar leghais, an muine do bháoi for lasadh ar sliabh Sínai fri ré na h-oidhce, ⁊ nach raibhe dighbáil no uireasbaidh arnabharach air”?

 73

Ocus do bhatar san co mattain mar sin. Ocus do iarr Brenainn ced imthechta annsin; ⁊ ni fuair é on naemh, acht adubairt: “Dligidh tu fuirech maille rinne, no go n-eiste sinn an nodlaic ata inar n-goire, ⁊ no go n-derna sibh comhsolas lin-ne co h-octaif na h-Eipifanie”. Do an Brenainn maille lena braitribh risan aimsir-sin annsan oilen da n-goirter Albei. Iar c-coimlionadh na h-aimsire-sin do Brenainn, do cheilebhair don abb ⁊ dona braithribh battor occa, ⁊ do-chuaidh dochum a long, ⁊ do battar acc siubhal na fairrge co tús an chorghais baoi ar cind.

xxii. SCEL OILEIN IN UISCCE MESCCTA SIOSANA

 74

La eiccin da rabhattar occ imtecht na h-aibhéisi eochar-ghuirme, at-conncattar oilen uatha edh imcian, ⁊ do thionnsccnatar dol da ionnsaiccedh go luathgairech, uair ní fhacattar oilen le fada d' aimsir co n-uicce sin; ⁊ do thráothadh a lón teora laithe roimhe sin. Ocus do-chuattar fo tir 'san oilén, ⁊ fuarattar topur solas-ghlan ann, ⁊ ilar gacha luibhe olchena, ⁊ cenéla iomdha d' iasccach occ siubhal ⁊ occ imtheacht an t-srotha  237a do bí acc tepersain ass in topur h-isin dochum na fairrge. Adubairt Brenainn: “Co deimhin”, or sé, “tucc Dia sólas daoibh tar éis bhar saothair; ⁊ gabaidh an mheid recctái a les don iascc, ⁊ tionoilidh luibhe iomdha an mhéid as ail libh”. Do ghabhatar na braithre ag ol uiscce na h-abann mar a n-ditcell, ⁊ acc tionol luibenn mar adubhairt a maighistir riu.

 75

Issedh as-bert Brenainn friu: “Gabaidh occaibh, a braithre, nach ibhe sibh móran don uiscce, ar eccla go m-buaidhéradh-se sibh ní as mó ina mar atathai”. Ocus nir anatar na braithre acc aithne a n-athar, acht do ibhettar go lór, oir do ibh fer dibh da dhigh, ⁊ do ibh araile tri deocha, ⁊ do ibh an tres rann deoch. Ocus is amlaidh do reidhigettar frisan ól sin; do thuit drong aca h-i suan ⁊ i t-trom-luighe tri la ⁊ teora n-aidhce, ⁊ suan dá lá ⁊ da oidce ar druing ele dibh; suan ⁊ trom-luighe lái co n-oidhce ar an tres rann. Is annsin ro bái Brenainn ag guidhe a Thiccerna fána dithceall ar son a muinntire, óir is a n-ainffios tarla an periacail-sin doibh.

 p.60
 76

Ocus 'ar n-dol na h-aimsire-sin tairsibh, at-bert Brenainn lena muinntir: “Uair tucc Dia sásadh dúinn, ⁊ do-chuirebhair-si d' esbaidh orainn é, triallaidh dúinn anosa as an oilen-so, ⁊ beiridh libh an mheid as ail libh don iascc ⁊ don uiscce go fedh tri lá ⁊ tri n-oidchi”. Ocus do-rinnettar amail adubairt Brenainn friu, ⁊ do lionatar an long dona neitibh adubuirt an t-athair ríu. Ocus iar sin do-ghluaisettar ar an muincinn muiridhe, ⁊ do-cuired doinenn dermair doibh. A c-cionn tri lá ⁊ teora n-oidhche iar f-faccbhail an oilein adubhramar doibh, do sccuir an t-anfadh ⁊ an doaimser, ⁊ do bi an muir 'arna cennsuccadh doibh,  237b ⁊ adubairt Brenainn fríu: “Leiccidh bhar f-foirend isin luing isteach, no co seola Dia sinn 'san ionadh i n-ba h-ail leis fein”. Ocus do bhattar mar sin co cenn fichet la ⁊ fichet oidche.

xxiii. TECCASC AN PROCUTTORA DO Bhrenainn ANNSO, ⁊ FAGHBHAIL PARRTHAIS NA n-EN AN DARA FECHT

 77

Is annsin at-conncatar oilen a b-fad uatha, ⁊ do fhiarfaigh Brenainn da mhuinntir: “An aithnighenn sibh an t-oilen utt at-ciamaid anosa”? ar sé. “Ni aithnighem amh”, or iatt-san. “Ni h-e sin damh-sa”, bhar Brenaind, “ise sud an t-oilén ina rabhamur lá senaid in Ticcerna anuraidh; ⁊ is ann ata an procuttoir i b-fail a rabhamur”. Mar do-cualatar na braithre an comhradh-sin, do bhattar occ iomramh co dasachtach.

 78

Ocus adubairt Brenainn friu: “Na buaidhridh ⁊ na brisidh bhar m-boill; ⁊ inné nach é Dia as mairnelach ⁊ as maraidhe duinn, ⁊ an t-ionadh i n-ba h-ail leis féin, cuiredh ann sinn”. Ocus do-rinnettar san amail adubhairt Brenainn ríu; uair do-leiccettar an long ar a cumus fein, ⁊ do seol Dhia dochum an oilein-sin an phrocatóra iad. Ocus 'ar n-dol fa thír doibh ann, tainic an procattoir maille le h-iol-ghairdhechus mór chuca; ⁊ do phócc cosa Brenainn ⁊ na m-brathar archena, ⁊ do-gabh ag moladh an Ticcerna co mór. Ocus 'ar sccur don moladh-sin, do ullmaigh fothraccadh go luath doibh, uair is h-í an t-senaid do bai aca in uair-sin. Ocus do-chuir ettaighe nua impae uile, ⁊ do cheilebhratar pais an Ticcerna annsin co satharn cascc.

 79

Ocus 'ar radha na seirbísi doibh dia sathairn, adubairt an procutóir le Brenainn: “Eirigh it luing, ⁊ eist an chaiscc mar do eistis anuraidh. Ocus ó chaiscc amach eirgidh go Parrtus na n-Éun, ⁊ beridh bhar 238a riachtanus libh do bhiadh ⁊ do dhigh. Ocus do-ghen-sa cuairt accaibh an dara domnach thiucfus da bhar saiccedh”. Do-chuattar na braithre leis an aithescc-sin dochum an oilein a n-dernattar in chaiscc in bliadhain roimhe.

 xxiv
 80

Ocus do-chuattar as sin go Parrthus na n-Én, ⁊ do-rinettar  p.61 comnuidhe ann go h-octaif na cingcichtisi. Ocus tainic an procatóir cuca amail ro gheall; ⁊ tucc leis gach ní do bhái 'na chás orra; ⁊ do-rinnettar forbailtechus mór re 'roile, amail búdh gnath leo.

 81

Ocus mar do-chuattar dochum an bhuird, tainic én an uair-sin ar cuirr thosaigh na luinge, ⁊ do-rinne ceol sír-bhinn amhail organ da scciathanaibh, aga m-bualadh ar taobhaibh na luinge. Ocus do aithin Brénainn gurab ag innisin sccel do bí sé; ⁊ adubairt an t-én: “Do ordaighedh ceithre h-aimsera dhaibh re fedh bhar t-turais .i. sénáid an Ticcerna h-i f-farradh an procutóra, ⁊ an caiscc ar druim an mhíl móir, ⁊ o chaiscc go cingtigis occain-ne, ⁊ in nodlaic in inis Albei no co tí féil Muire na c-coinnell. Ocus a c-cionn an sechtmadh bliadhna bérthar dochum an talman atathai d' iarraidh sibh, ⁊ biaidh sibh da fichet la ann; ⁊ 'na diaigh sin do-bértar dochum bhar t-talman fein sibh”. 'Arna clúinsin sin do Bhrenainn, do crom 'chum lair, ⁊ do-rinne toirrsi ⁊ aithricche, ⁊ tucc moladh ⁊ buidechus do Dhia, ⁊ do Cruthaighteóir caich uile. Do fhill an t-én an uair-sin dochum a ionaid féin, 'ar c-criochnuccadh gach en neithe dibh-sin doibh.

 82

Adubairt an procuttóir: “Rachatt-sa uaibh anosa, ⁊ tiucfat chuccaibh arís maille risna neithibh ricefes sibh a les, amail tainic an Procutóir naomtha dochum na n-apstal roimhe”. Do imtigh an procuttoir an uair-sin, iar b-faccbhail bennachtan ag Brenainn, ⁊ ag cach arcena; ⁊ do an Brénainn 238b isin lucc-sin ar fedh na h-aimsire ro h-ordaigedh dó. Ocus 'ar c-criochnuccadh na ree-sin, do-gabh Brenainn lamh ar imtecht, ⁊ do-chuir a long o thír, ⁊ do-chonnairc an procutoir chuicce, ⁊ long lán do bhiadh leis, ⁊ tucc sin do Bhrénainn; ⁊ do fhill féin 'na diaigh sin isin conair as a tainic. Ocus do bí Brenainn mar sin ar fairrgi co cenn da fhicet lá, ⁊ da fichet oidhche.

xxv. CEILEBHRADH NA CASCC FOR DROMAIMM AN MHÍL MHÓIR

 83

In tan immorro ba comfhocraibh don chaiscc, battar a muinnter occa rádha fri Brenainn dol for tir do cheilebhradh na cascc. “Is tualaing Dia”, ol Brenainn, “talamh d' fagbhail duinn i n-gach dú bús ail dó”. Iar t-tichtain tra na cásccae, toccbais bleidhmíl mór-muiridhe a fhormna a n-airde uas trethan na t-tonn, gur uo talam tirim. Ocus tiaghait iar sin forsin talamh, ⁊ ceilebhraitt an chaiscc ann iar sin. Ocus battar isin maighin-sin aen-lá ⁊ da oidhci. Iar n-dol doibh-siumh ina longaibh, sceindis in bleidhmil fon muir fo chettoir. Cidh tra acht is amhlaidh sin do cheilebrattais in chaiscc go cenn secht m-bliadan for druim an bleidhmil muiridhe; úair an tan ba comhfhocraibh don chaiscc gacha bliadhna, no toccbadh a dhruim uasin muir, co m-ba talamh techtaige tirim.

 p.62

xxvi. FUABIRT BÁITI LOINGSI BRENAINN DONA SAOBH-COIREDAIBH INDSO

 84

Araile tra aimser dia m-battar for in aiccén n-iongantach n-eochur-gorm co facattar na srotha doimhne dilenda ⁊ na saobh-choiredha dubha dermora. Ocus is ann ba mesta na longa dia m-bátadh fri métt  239a na h-anfine. Gabhais cach dibh annsin for fecchad ind acchaid Brenainn, uair ba dermair métt in ghábaidh i r-rabhattar. Toccbais Brénainn a ghuth go h-ard, ⁊ at-bert: “As lor, a muir mhór-sa, meisi im aenar do bhádadh; ⁊ leicc úait an lucht-so”. Is annsin tra féthnaighis an muir fo chéttóir, ⁊ toirnidh fiuchadh na saobh-coired; ⁊ o sin amach ni ro ercoidighestair do nach aile.

xxvii. CUAIRT AN DIABAIL FOR CUIRR LUINGE BRÉNAINN DIA RO FOILLSIGH DÓ PIANA IFFRIND

 85

Araile lá battar for an muir, tainic an diabal i n-deilbh senta aduathmair, co n-deisidh for in seol h-i f-fiadnaise Brenainn; ⁊ ní facaidh neach díbh-san é, acht Brenainn a aenar. Fiarfaighis Brenainn iar sin don diabhal, cidh ima t-tainic riana aimsir chóir .i. ria n-aimsir na h-éirghe móire, lái an bhrátha. At-bert diabal fo cettoir: “Is aire tanacc”, or se, “d' iarraidh mo piantae i fudomhnaibh in mara duibh-dorcha-sa”. Fiarfaighis Brenainn deisiumh iar sin: “Cidh dono, cait ina fuil in locc ifernaighe sin”? “Truagh sin”, or diabhal, “ni cumhaing nech a n-innisin, ⁊ e béo iar sin”. Cidh tra acht foillsighis diabhal dorus iffirn do Brenainn, co n-aca a phiana ⁊ a dhocamhal.

 86

Is annsin fiarfaighit a mhuinnter don mhanach naemhtha: “Cuich aiccille”? or siatt. Innisis Brenainn a n-at-connairc, ⁊ innisidh beccán dona pianaibh at-connairc, amhail adubhramar, ⁊ amhail fo-frith h-i scribhennaibh na fettarlaice. Is annsin at-bert fer día mhuinntir fri Brenainn: “Leicc damh-sa co n-acar ní dona pianaib-sin”. Iar c-cettuccadh dó il-pían ifirn d' faicsin, fa marbh fo cettoir, ⁊ isedh as-bert occ écc: “Maircc, maircc”, or se, “tainic ⁊ ticfa ⁊ ticc isin carcair-si”. Iar sin do-gní Brenainn ernaighthe, ⁊ ro aithbeoaigh an fer-sin boi marbh día mhuinntir.

 239b

xxviii. SCEL NA MNA MAIRBHE ANNSO BUDESTA

 87

Ni fada do-chuattar as sin, an tan fuaratar inghen min maccdacta mong-bhuidhe, gilither snechta no úan tuinne h-í, ⁊ sí marbh iar t-tabairt buille do ghae dhi tréna formna, co n-dechaid eter a da cích. Ba dermair immorro mét na h-ingine-sin; ced traigidh ina h-airde, ⁊ noi t-troigthi eter a dá cích, ceithre troighthi i f-fod a srona, ⁊ secht troighti h-í f-fod a méoir medhoin. Iar sin tra t-athbeoaighis Brenainn h-í, ⁊ baisttidh fo cetoir. Iarfaigedh immorro a cenél di. At-bert-si: “D' aittrebhtachaib  p.63 in mara damh-sa”, ol sí “ .i. don lucht oilit ⁊ ernaigit eserghe doibh”. Iarfaighis Brenainn di-ssidhein, cidh ba h-ail di .i. “an dochum nimhe raghae fo cettoir, no docum th' athardha”? Do fhreccair si iaramh tre berla na ro thuicc neach ele acht madh Brenainn, ⁊ isedh as-bert: “Dochum nimhe immorro”, or sí, “óir at-cluinim gothae na n-aingeal ac Commoladh in Coimdedh cumhachtaigh”. Iar c-caithemh immorro cuirp Criost ⁊ a fhola dhi at-bail ann cen nach snímh, ⁊ adhnaicter co h-onorach h-i la Brenaind.

xxix. FAGHAIL IN CHLAIR CIARTA INA m-BÓI IN SCCRIBHENN INNSO

 88

Araile la dano battar for in muir, ⁊ síatt occ iomramh co sóinmech, co n-acatar araile inis n-álainn, ⁊ sí ard; acht chena ni fuaratar port reidh aice da h-ionnsaiccedh. At-bertatar a mhuinnter fri Brenainn anadh co cend seachtmaine 'na timcell. Ro ansat, ⁊ ni ro fhétsat dol innte frisin re sin. At-chualatar immorro gotha daoine innte occ moladh an Choimdedh, ⁊ at-conncattar ecclas álainn oireghdha inte. Iar c-cloistecht doibh-siumh foghar gotha lochta na h-innsi, cotlais Brenainn cona mhuinntir ina suan spiratalta.

 89

Uair na ro leiccitt-siumh tra docum na h-innse, cuirther clar ciartai doibh anúas, ⁊ sé sccriobhtha; ⁊ isedh bói ann: “Na dénaidh saothar frisan inis so do thecht innte, ar ni tiucfaidhe do grés.  240a Acht an inis iarrtái, fogebhtai; ⁊ ni h-í so h-í. Erigh dod tír féin, a Bhrenainn, uair atád sochaide occut iarraidh ann, ris budh áil t' faixin. Ocus túr na sccrioptuire noibhe, quibus dictum est: ‘mansiones Dei multe sunt’ (). Amhail budh edh at-beredh: Is iomdha ait ⁊ adba occon c-Coimdhe i f-fecmais in oilein no inis-so”. Iar sin tra iompoid-siumh on inis-sin; ⁊ beraitt leo an tabhall ciartha ud a c-comharta fóilti ⁊ deititin lochta in oilein tucc doibh; ⁊ no h-erleghta aca-som h-í gach día, amail bidh ó Dhia do-bértha doibh í.

xxx. TAIRCCSIN MHEALLTA MUINNTIRE BRENAINN DON DIABHAL h-I l-LOSS ÍTAN INDSO

 90

Araile lá battar for in f-fairrge occ iomramh in mara, gabhais íota dermhair íatt, gur uo comhfochraibh bás doibh. Is annsin at-conncatar na srotha aille uisccidhe acc tepersain ⁊ acc snighe as na cairrgibh. Iarfaighitt na braithre: “In níbham ní don uiscce uccat”? or siatt. “Bennachaidh for thus h-e”, or Brénainn, “dia fhioss créd h-e”. Iarna bhennachadh immorro an uiscce, ⁊ iar c-cantain allelúia úasa, traigitt iar sin fo cettoir na srotha-sin; ⁊ is annsin att-conncattar diabal acc sceinm uadh, ⁊ no muirfed an lucht no iobhtáis h-é. Sóerthar tra tre chumhachtaibh Brenainn a muinnter, ⁊ irchradhais a n-iota fo céttoir.  p.64 Foriadthar in loc-sin for diabal, co na dernad olc fri duine riamh o sin amach.

xxxi. IOMPODH BRENAINN DA CHETT-LOINGES CO h-EIRIND INDSO

 91

Iar m-beith immorro do Brénainn coicc bliadhna for in loinges-sin, iompoidhis dorísi có a tír ⁊ co a thalamh fein, amhail ro forcongradh fair isin inis adubramur. Is annsin tra do dechattar lucht a thire  240b ⁊ a thuaithe fein ina aighidh; ⁊ battar occa fhiarfaighe de, cidh poind bói dó dia longaibh; ⁊ tuccattar maoine ⁊ aisccedha dó, amhail do-bérdais do Dhía. Iar f-faccbáil immorro do ilibh díbh an t-sáogail, lenaitt iar sin Criost. Ocus do-ghnidh-somh immorro ferta ⁊ miorbhailedha iomdha annsin, ⁊ nó shlánaighedh aes galair ⁊ cuimrigh, ⁊ no ionnarbadh demhnu ⁊ dúailche. Aiccillis iar sin espocc Eirc .i. a oide.

 92

Tainicc iar sin co du a m-bói a buime .i. Ita, ⁊ fiarfaighis di cidh do-dhenadh fria loinges. Ferais Ita failte fris, amail do chanadh fri Criost cona apstalaibh, ⁊ isedh at-bert fris: “A mheic ionmhain, cidh immo n-dechadhais for loinges cen comhairle frim-sa? uair an talamh 'ca taoi d' iarraidh for Dhia, nochan faghbaidh é ar na croicnibh marbdai moglaidhibh sin, oír talamh noemh coisercctha é, ⁊ nir doirtedh fuil duine annsin riamh. Acht chena dentar longa cranda lat. Is doigh is amhlaidh sin fogebha an tir-sin”. Iar sin luidh Brenainn hi c-crich Connacht, ⁊ do-gníter long dersccaightech dermair lais; ⁊ teitt innte cona muinntir, ⁊ cona phopul; ⁊ berar luibhe ⁊ síla examhla leo, dia chur innte, ⁊ sáeir ⁊ gaibhne iar n-atach Brénainn ima leccadh maraón fris.

xxxii. AN DARA LOINGES BUDHESTA

 93

Iar sin tra luidh Brenainn cona mhuinntir for muincinn mara ⁊ mor-fairrge ina frithing dorísi. Nír bo cian doibh oc on iomramh sin, an tan tainic galar obann dochum an ghabhann boi occo, co m-bo comfoccus bás dó. At-bert Brenainn friu: “Cidh machtnaighti”? ar sé; “Eircc dochum na flatha nemhdha amail ro thuiris deit fein gusaníu; no, madh ail deit beith isin saegal béos do-gen-sa ernaighthea ort fri Día, ⁊ bidh e bar slainte”. At-bert an gabha:  241a “Ath-chluinim guth in Choimdedh occum ghairm”.

 94

Iar c-caitem immorro cuirp Criost ⁊ a fhola ⁊ a fheola teid dochum nimhe. Bói tra ceist mhór eter na braithribh cáit i n-dingéntai an corp d' adhlacadh, úair ni raibhe feorann no talamh h-i c-comhfoccus doibh. Is annsin at-bert Brenainn fríu a adhnacal i t-tonnaibh in mhara, “uair anti do-roine nemh ⁊ talamh ⁊ na dúile archena, as  p.65 tualaing h-e tonna in mara d' fostadh cuirp ionnta go nemh-cumhscaighti”. Cidh tra acht adhnaicter an gaba eter tonnaibh an mara cen roctain co talmain, ⁊ gan roctain ar uachtar an t-sáile, cen cumhsccuccadh inonn inna ille, amail no beith i t-talamh; ut dixit:

  1. Adhnaicit-siumh, gerb aiccméil,
    In gobainn isin aiccen;
    Eter tonnaibh mara mir,
    Gan roctain dó fo tonngair.

xxxiii. SCEL OILEIN NA n-ABAC INDSO

 95

Iar f-faccbáil immorro doibh-siumh an ionaid-sin at-conncatar talamh becc deroil i c-comhfoccus doibh. Iar n-gabhail immorro doibh-siumh an ionaid-sin, liontar an port forra do demhnaibh i n-delbhaibh abhac, ⁊ luchurpán, ⁊ a n-gnuisi comhdubha fri gual. Is annsin at-bert Brénainn: “Cuiridh ind angcaire amach, uair ní fhett nech dula isin tír-si act nech cuirfes cath dáenna fri demhnaibh, ⁊ doirtfes fola toraibh”. Battar annsin co cenn secht lá ⁊ secht n-oidhche; ⁊ nír fétsat a n-angcaire do tarraing aníos, ⁊ fáccbhaitt annsin é eter na cairrgibh i l-lenmain, ⁊ imthigit iar sin as in cuan.

 96

Battar-somh tra i n-docamhol mor d' esbaidh a n-angcaire, ⁊ do dith an ghabann do-ghneth doibh é. Is annsin at-bert Brenainn fri saccart dia mhuinntir: “Déini si”, ar se, “gniomh an gabhann go  241b cenn mís duin-ne”. Bennachais tra Brenainn lama an t-saccairt, uair ni ro foglainn goibhnecht riamh. Is annsin immorro do-rinne an saccart angcaire derscaighthech, ⁊ ni frith riamh roimhe ina ina decchaid a chosmailes ar feabhas a dhenma.

xxxiv. SCCEL AN BHRATHAR DO FUADAIGHEDH O BRÉNAIND ANDSO

 97

La ele do Bhrenainn occ siubhal na bochna, co facae sliabh mor ifernda; ⁊ is amlaidh do bháoi; lán do nellaibh ⁊ do detaigh fana mullach. Ocus do fhuadaigh in ghaeth íatt maille le rith foirreiccnech go traigh in oilein ar a raibhe in sliabh, ionnus co n-dechaid an long a c-comfhoccus do thir. Ocus is amlaidh do bí bruach an oilein-sin, ⁊ airde aidbsech ann, ionnus gurab ar eiccin do fhetattar a faicsin uatha. Ocus is amhlaidh do bi se, lan do aithinnibh ⁊ d' aoibhlibh dercca, ⁊ do ba coimhdirech le múr h-e.

 98

Ocus do-chúaid nech don triar bratar do len Brenainn as in mainistir, amach as in luing, ⁊ do-chuaidh se go h-imel an brúaich, ⁊ ní fada do bói ann an uair do eigh co h-ard ⁊ co truagh, ⁊ adubairt: “Is truagh dam-sa, a athair, uair atáthar 'com breith uaibh, ⁊ ni fhuil cumhachta impoidh cuccaibh-si occam”. Occus 'arna fhaixin-sin dona  p.66 braithribh, do gabh eccla mor iatt, ⁊ do-chuirettar in long amach, ⁊ do-ghoirettar comairc ar in Ticcerna nemhdha, ⁊ isedh adubhratar: “‘Miserere nobis Domine, miserere nobis Domine’ (cf. Eccl. 36:1) .i. A Ticcerna dena trocaire orainn, dena trocaire oruinn.”

 99

Do fech immorro Brénainn air, ⁊ at-connairc iomat demon ina thimceall, ⁊ h-e aga losccadh ettorra; ⁊ adubairt: “As truag duit, a bhoicht nemh-conaich, in chrioch do-ghabhais ort fein, ⁊ ar do bethaid”, ⁊ et cetera  242a Ocus ina diaigh sin do fhuadaigh in gaeth uadha iatt, ⁊ do gabhattar isin aird thes. Ocus do fechatar ina n-diaigh ar an oilen, ⁊ is amlaidh at-conncattar h-e, le lassadh, ⁊ acc leiccen a lasrach dochum inn aióir, ⁊ ag gabhail lasrach aris chuirce, ionnus co raibhe in sliabh ina ubhall-mheall teindtidhe uile.

xxxv. SCCEL IUDAIS BUDHEASTA, ⁊ ROIMHE TICC SCCEL FUASLAICCTHI AODH GUAIRE

 100

Laithe n-áen do Bhrenainn acc siubal in mara, tar eis in oilein sin inar fuattaigedh in bratair uadha d' fágbail. At-connairc in taidbsi a f-fad uadha ar in b-fairrge; ⁊ 'ar n-dol a b-foccus di doibh, adubhrattar cuid dona braithribh andar leo gomadh duine do bái ann ar carraicc; ⁊ adubairt cuid ele dibh narbh edh, ⁊ gurab en do bói ann. Adubairt Brénainn: “Sccaraidh re bhar c-coinntinn, ⁊ druididh in long i n-gar di, ionnus go raibhe a fhios accainn cret ata ann”. 'Ar n-dol 'na gar dóibh at-conncatur gne duine 'na suidhe for cloich ann, ⁊ cosmailes bhruit no édaigh ele i n-áirde ar dá gabhail íarainn ina fiadhnaisi; ⁊ is amhlaidh do bói occa pianadh eter na tonnaibh, ⁊ an brot ag buain fona suilibh dó; ⁊ uair ele acca theilccen don charraic, ⁊ an dara feacht aga teilccen uirre dorísi.

 101

Do fhiarfaigh Brénainn de: “Créd fár cuiredh na piana-sin ort? nó cía tú féin”? At-bert san ris: “As meisi an droch-cendaighe”, or se, “.i. Iudás, ⁊ is me do thairbhir an Ticcerna, Iosa Criost, fo lamhaibh na n-Iodhal; ⁊ ní ar luaighidhecht ata an t-ionad-sa accam, acht ar trocaire an Ticcerna, ⁊ i n-onóir na h-eiséirghe atá an sochar sa accam; ⁊ ni fhuil furtacht damh de  242b go laithe an bratha, acht beith mar so. Ocus as ionann liom ⁊ do bheinn i b-Parrtus beith mar so, a b-farradh mar bhím 'na féccmais, ⁊ mar iméorthar anocht oram ar in sliabh teintidhe at-conncabhair si, mar a b-fuil Leuitan ⁊ a chompanaigh, marar fúadaighedh an brathair uaibh.”

 102

“Ticcther cuccam-sa ann, ⁊ leghtar mé amhail luaidhe h-i croccán chríadh, ⁊ do bhadhus immaille fríu an tan do-chúaid an brathair chuca, ⁊ do ghairettar co mór aga fhaixin tre luathgaire ocus is mar sin doníad an trathtéid anam miotrocairech chuca. Ocus  p.67 go raibhe fis trocaire Dé accaibh-si, ⁊ innisim-si daibh anoss, co f-fuil sochar mór accam gacha domhnaigh .i. o esparta dia sathairn co h-esparta oidhce luain, ⁊ ó nodlaic co h-Epifain, ⁊ o chaiscc go cingtigis, ⁊ annsna feiltibh Muire uile. Ocus gach uile láe le o sin amach crochtar ⁊ piantar me maille le Piláitt, ⁊ le Caipas, ⁊ le h- Anas i n-ifurn; ⁊ guidhim sibh-si fa guidhe ar mo shon fa mo leiccen mar so go h-éirge greine amarach”.

 103

Adubairt Brenainn: “Ni bérthar as sin go mattain tú”. Ocus do fhiarfaigh Brénainn arís de: “Créd an t-édach-sin atathar do bhualadh fád t-súilibh”? “Edach tuccusa do dhuine bhocht do chuid mo Tigerna an tan do badhas im sheomrattoir aicce; ⁊ ó nar lem féin é, is a n-dioghbáil damh téid anosa, ⁊ ni a sochar. Ocus in cloch so ara b-faicti-si im shuidhe mé, cloch do-chuiresa for sliccidh choitchinn h-í, an tan do badhus ar an t-sáogul, suil do bí mé im dheiscipul ag in Tigerna”.

 104

Mar thanicc trath espartan chuca, at-conncatar slúagh adhbhal mór do demhnaibh dia soigedh, ⁊ adubrattar: “Fácc sin anois, a ócclaigh Dé, ⁊ tuicc nach fétmaitt-ne dol docum ar c-companaigh an fad beithí-si ina chomhghar; ⁊ ni fhuil ar cummus duinn ar t-ticcerna d' faixin, no co t-tucam  243a a charaitt fein dó. Ocus tabhair-si ar n-greim fein anocht duinn, ⁊ na ben dínn ni bús mo h-e”. Isedh at-bert Brénainn: “Ni meisi choimhéttus anocht h-e. Acht ar t-Ticcerna, Íosa Criost, do chedaigh dó a bheith anocht mar atá”. Adubairt an demon ba foirfe aca: “Cret fa n-goirenn tu ainm an Ticcernae ar son an fhir útt? ⁊ gurab é do thoirbir an Ticcerna fri croich ⁊ césadh”.

 105

Adubairt Brenainn: “Cuirim mar aithne a h-ucht Críst oruibh, gan pian na dochar d' imirt anocht fair”. Do imghettar na demhain uadh leissin; ⁊ 'ar t-techt an lai chuca, ⁊ acc imthecht do Brenainn, do fosccladh dorsi ifirn, ⁊ tangattar sluaigh dírimhe do demnaibh amach as, ⁊ do labhrattar do ghothaibh arda adhuathmara, ⁊ issedh adubhrattar: “A ócclaigh De, as mallaighthi do thoiscc chuccain, úair do eassonoraigh ar t-tigerna fein inn, do chinn nachar thaispenamar a occlach diles féin do gose”. Adubairt Brenainn: “Rachaid bar mallacht a m-bennachtain diamh-sa; uair cibe mallaighes sibh-si, budh bennaighthe h-é, ⁊ gibe bennaighes sibh, bidh mallaighthi é”.

 106

Adubrattar na demna: “Pianfamaid-ne co dúbalta isin t-sechtmain-si h-é do chinn a n-dechad lais araeir”. Adubairt Brénainn: “Ni fuil chumachta aguibh féin, nó aga bhar t-ticcerna air, acht ag Dia na n-uile cumhacht. Ocus cuirim-si mar aithne a h-ucht De oruibh, ⁊ ar bhar t-ticcerna, gan pian anois do thabairt do, acht mar do thuccabhair riamh roimhe”. Adubhairt an demhon oirbhertach bói aca: “An tusa ticcerna cáich uile”? “As me”, ol Brénainn, “ócclach Ticcerna na n-uile cumhacht, ⁊ inní aitheonus mé as a ucht, do-géntar inni-sin fom thoil”. Ocus 'ar radh na m-briathar-sin doibh, do tóccbhattar i n-airde  p.68 isin áer é maille le gairfedhaigh ro-moir. Ocus gidh edh, dob eiccen doibh aithne Brenainn do choimhlionadh.  243b

xxxvi. SCCEL OILEIN PÓIL DITREABAIG INNSO

 107

Laithe n-áen dia raibhe Brénainn cona muinntir ag siubal na h-aibhéisi, co facatar oilen a f-fatt uatha; ⁊ amhail do-conncatar na braithre h-e, do sheolattar a long go luathgairech chucce. Ocus adubairt Brenainn ríu: “Na cuiridh tar modh a saethar sibh, uair atád secht m-bliadhna ó do fáccbamur ar t-talamh féin gusin c-caiscc-si a b-fuilti; ⁊ do-chife sibh go h-athgoiritt anosa ditreabach annsan oilen so darab ainm Pol, ⁊ gan sásadh corpardha bídh no dighe aicce fri re tri fichit bliadan, acht betha fhichet bliadan do gabail dó ó pheist airithe”.

 108

Mar do-cuattar a b-fóccus don traigh, nir fhetattar dol isin oilén ara airde; ⁊ dob anshocair ard a bhrúaich, ⁊ do ba becc cruinn an t-oilen féin o sin amach; ⁊ ni raibhe talamh for a mhullach, acht carracc lom cloiche; ⁊ dob ionann tomhus ar airde ⁊ ar leithett dhi. Ocus 'ar t-timcelladh an oilein doibh, fuarattar slighe cumhang 'san m-bruach, Ionnus gurab ar eiccin fuair corr thosaigh na luinge ionadh ind. Ocus ba decra ina sin dol súas innte. Ocus at-bert Brenainn risna braitribh: “Dénaidh comnuidhe annso, nó co teccar sa chugaibh, úair ní ced daoibh dol isin oilen so gan cettuccadh do mogh díles Dé ata ann”.

 109

Ocus mar tainic Brenainn ar mullach an oiléin, do-chonnairc an da uaimh ar comhair a cheile; ⁊ do-chonnairc topair becca ag snighe as in charraicc ar aghaid na h-uamadh. Ocus mar do-choidh Brénainn for dorus na h-uama, at-connairc nech arsaídh ag toidhecht as in uamadh ele amach chuicce; ⁊ adubairt: “‘Ecce quam bonum et iocundum habitare fratres in unum’ ()” .i. is follus gurab maith n braithre do rochtain i n-áen ionad. Ocus 'arna radha sin dó, at-bert fri Brénainn na braitre do ghairm as in luingg.

 110

 244a Mar dó-rinne Brenainn sin, do phócc ócclach De íad uile, ⁊ do-chuir failte ina n-anmannaib dilsibh rempu. Ocus do gabh ionngantus mor na braitre fo aibítt in fhir naemhta; uair ni raibhe d' erredh uime acht grúag a chinn ⁊ a fhésócc, ⁊ fionna a chuirp uile o sin amach ocus is amhlaidh do bái an fionna-sin; nir gile sneachta ina sé tre arsaigheacht ind fhir naemhta. Adubairt immorro Brenainn ag tuirsi ⁊ ag cnettaigh: “As truagh damh-sa”, or se“, beith i m-pecthach, ⁊ aibítt mhanaigh imum, ⁊ morán ele do mhanchaibh fariom isin aibitt céttna, ⁊ occlach sdaide ainglidhi ina shuidhe h-i c-colainn lom-nochta, ⁊ h-é nemh-ghortaighthi o chairthibh na colla”.

 111

Adubairt occlach Dé .i. Pól, fri Brenainn: “A athair onoraigh,  p.69 as diairmhe immatt na miorbuiledh do foillsiccedh duit-si, nachar foillsiccedh d' athair náemhta da t-tainic romat; ⁊ adeir tusa ann do croidhe, co nach diongmála tú féin dochum aibítte manaigh d' iomchar; uair adeirim-si rit, a athair, gurab mo tusa na manach oilter ⁊ bethaigther do shaethar a lamh féin. Do oil ⁊ do ettaigh Dia tusa ⁊ na manaigh fri ré secht m-bliadan da sheicréitt fein”.

 112

Do fiarfaigh Brenainn do Phol, cionnus tainicc 'san oilen nó 'san ionad-sin, no ca h-aittrebh i r-raibhe roimhe, no ca fad do fhulaing an betha-sin h-e. Do fhreccair Pól e, ⁊ att-bert: “A athair, do h-oiledh meisi i mainistir Pattraicc fri re deich m-bliadan ⁊ da fhichet, ac coimhett reilcce na m-brathar. Ocus do iarrus ar mo deccanach ionad adhnaicthi do comhartucadh do neoch do bhadhus d' adhnacal. Ocus iarna comhartachadh-sin damh, tainic nech arsaidh anaithnidh dom ionnsaighedh, ⁊ issedh as-bert frim:  244b “Na dena do tochailt annsin, a bhrathair, uair as uaigh fhir ele fil ann”. Adubart-sa fris: “Cia tusa, a athair”? “Crétt nach aithnicchenn tusa mé? ⁊ gurab me as abb duit”. Adubart-sa rision: “Ni h-eth, acht Patraicc as abb damh-sa”. “As meisi sin”, or se, “⁊ inné do-chuadhus on t-saoghal-sa. Ocus isé so as ionadh adhnaicthi damh””.

 113

“Ocus iarna radha sin, do chomhartaigh ionad ele damh in uair-sin, ⁊ at-bert: “Adhnaic do brathair annso, ⁊ na h-innis do neoch ele anní adubart-sa friot. Ocus eirigh amarach gusan fairrgi, ⁊ do-gebhair long ann bhérus tú i n-ionad ina fuireochair go la do bháis”.” 'Ar t-toidecht na maidne iarnabharach, do triallusa dochum na fairrgi do réir aithne an athar; ⁊ fuarus mar do gealladh damh ann; ⁊ 'ar n-dol 'san luing damh, do-ronus loingseoracht tri lá ⁊ tri n-oidhche, ⁊ do sccuires annsin, ⁊ do-leicces don luing dol mar a seolfadh an gháoth dhi toidhecht fo tír. Ocus isin sechtmadh lá iar sin fuarus an characc-sa, ⁊ do-chuaid in long fo tir innte. Ocus iar f-faccbáil na luinge damh, do iompo go lúath reimpe doridhisi dia tir féin; ⁊ do anusa annso on laithe-sin gusaníu.

 114

“Ocus an cétt lá tanacc annso, tainic an peist danab ainm luath dom ionsaiccedh, ⁊ tucc iascc chuccam, ⁊ gainemh do thellach do dhenamh teinedh eter a da cois tosaigh, ⁊ í occ imtecht for a cosaibh deiridh; ⁊ mar do-chuir sin im fhiadhnaise, do iompo reimpe da h-ionadh féin. Ocus iar n-iompodh dhi, do benusa teine, ⁊ do-ronus a fadodh leis an n-gainemh do fáccbadh occam, ⁊ do ullmaiges an t-iascc, ⁊ do-chaithes h-e, mar búdh lór liom. Ocus do ticcedh an teachtaire cetna sin chuccam gacha tres la leis an b-proinn-sin. Ocus do bhadhus go cenn triochat bliadan mar sin  245a gan esbaidh bídh no dighe. Ocus do shiledh sruth uiscce as in carraicc chuccam gacha domhnaigh, as an ionnlainn mo lamha, ⁊ as a n-ibhinn digh do choscc mo tharta.”

 p.70
 115

“Ocus ina diaigh sin fuarus an da uaimh-so, ⁊ na topair, ⁊ isiatt as betha damh gan substaint bídh ele ri ré tri fichet bliadan, ⁊ is nonagenarius me ar in oilen-sa .i. tricha bliadan for sasadh in eiscc, ⁊ sesca bliadan ar sásadh an topair, ⁊ cáecca bliadan do badhus im thalamh féin; ⁊ is íad mo bliadhna uile, edhón dá fichet ⁊ ced bliadan gusaniu; ⁊ atáim ag fuirech gose h-i c-colainn daenna re lá mo bhreitemhnais”.

 116

Ina dhiaigh sin at-bert an senóir naemhtha: “Gabh, a Brénainn, lámh ar imthecht; ⁊ beiridh ní d' uisscce an topair libh i n-bhar soidhtighibh, uair ata slighi fhada remhaiph .i. uidhe da fhichet lá co satharn cáscca. Ocus do-géna sibh an caiscc-si mar a n-dernabhair h-í leis na secht m-bliadnaibh ele-si; ⁊ rachaid sibh ina diaigh sin go talamh as ro-naemhtha ina gach uile talam, ⁊ biaidh sibh annsin go cenn da fichet la ele. Ocus ina diaigh sin béridh Dia slan sibh go talamh bar n-geinemhna”

 xxxvii
 117

Iar sin tra ceilebrais Brenainn d' ócclach Dé a h-aithle na h-iomagallma-sin; ⁊ fagbait bennachtain occa, ⁊ do-imghettar maille le siothcáin, ⁊ do sheolatar a long i n-acchaid na des-airde, ⁊ do bhattar már sin ar fedh an chorguis. Ocus do-berthi an long anonn ⁊ anall ar fud an aigéin; ⁊ nír raibhe do bhíadh aca-san acht an t-uiscce ruccsat léo ó oilén ócclaigh Dé. Ocus do bhattar go subach gan iotain gan ocarus ar fedh tri lá, no go rangatar go h-oilen an phrocuttóra satharn cascca iarttain.

 118

Ocus mar do-connairc an procuttoir iad-somh, tainicc ina n-airrcis maille le lúathgáire ⁊ le h-iol-gháirdeachus  245b mór dochum an puirt. Ocus do gabh lamh gach fir aca ina laimh féin ag dol as in luing. Ocus 'ar c-criochnuccadh oiffici an t-sathairn doibh, tucc an procutóir a suipér chuca; ⁊ mar do-ricc an oidhche orra, do-chuatar 'san luing cetna, ⁊ an procuttoir maille fríu. Ocus fuarattar an míol mór isin ionadh ina c-clectadh beith, ⁊ do-chanattar san moladh Dé in oidhche sin, ⁊ adubrattar na h-aifrinn isin maidin.

 119

Ocus 'ar c-criochnucchad na n-aiffrionn doibh, do-chúaidh an bethadach mór lena ghnouighibh fein, ⁊ iad-san uile for a druim 'na sesamh. Mar do-chonncattar na braithre-sin, do-ghoirettar uile comairc, ⁊ isedh adeirdis: “‘Exaudi nos Deus salutaris noster’ (Ps 64:6)” .i. eist linn a Dhe ar slanaightéoir na subhaltaighe. Do baoi immorro Brenainn aga c-comhfurtacht fa gan eccla do beith orra. Tainic an míl mór remhe co direch, co ráinic co traigh an oilein diar bo h-ainm Inis na n-En; ⁊ do-chuir dhe annsin uile iatt gan diogbhail. Ocus do-ronsat comnuidhe isin ionad-sin co h-octaibh na cingtigisi.

 120

Ocus iar n-dol saoire na cingtighisi tairsibh, adubairt an procuttoir le Brénainn: “Eirghidh i n-bhar luing anosa, ⁊ lionaidh bar  p.71 m-buidéil as in topar; ⁊ bett-sa féin libh occ denamh eolusa duibh, uair ni fédtai an talam atáthai d' iarraidh d' fágail, muna rabhar-sa occaibh”.

xxxviii. SCCEL NA c-COLAMHAN, ⁊ FAGHBHÁIL AN CHOILIGH AIFFRIND ANDSO

 121

Lá éiccin dia raibhe Brenainn tar eis aifrinn do radha ina luing, co f-faca féin cona muinntir columain mór uatha annsan f-fairrge. Dar léo féin a c-comhfoccus doibh, acht aon ní dob uidhe trí lá 'na thaibh é. Mar do-chuattar i c-comhfhoccus dó, do-conncus  246a doibh a oirett shin ele d' airde do beith ann, ionnus co raibhe a bharr a b-foccus don fhirmamaint, ⁊ h-e uile ar dath an chriostail ó mullach go lár, ⁊ do bái cosmailes babhdúin uime da cech leith fo dath airccitt no gloine. Ocus do báoi an uirett-sin do sheimigheacht ann, go f-faicedh cach cech enní trit amuigh ⁊ astigh, ⁊ do ba cruaidhe h-é ina an gloine; ⁊ h-e lan do doirrsibh mora, ionnus go rachadh bád no long bhecc for gach n-dorus dibh. Ocus adubairt Brénainn réna muinntir, an crann ⁊ an séol do leccadh, ⁊ a rámha do tharraing, ⁊ a long do sheoladh tar dorus dibh-sin istech. Ocus do-ronadh amhlaidh sin.

 122

Ocus do bí cosmailes míle d' fairrge on bhadbdhun-sin da gach leith go soiche in columan. Do-chuattar fana bhún, ⁊ do bhattar fedh an lái occ imtecht re cois en cethramhan de. Ocus 'arna thimcelladh mar sin uile, fúaratar ar in cethramadh lá coilech aiffrinn i f-formaid i t-taobh an colamain. Do-ghlac Brénainn an aisccidh-sin dó mar comharta; ⁊ adubairt Brénainn risna manchaibh moladh an Dúilemhain do dhénamh, óir nír chuir dith bídh no dighe orra, ona méd do sholás fúarattar annsa cholaman. Ocus ar an cóiccedh la do imghettar tar in dorus cetna amach, ⁊ do thoccbattar a séolta ós a c-crannaibh, ⁊ do-ghluaisettar rompu iar sin.

xxxix. SCEL OILEIN NA GAIBHNECHTA DEMNAIDHE

 123

Lá ele do Bhrénainn acc siubal na fairrge, co facaidh oilén h-i c-comhfhoccus dó, ⁊ é gránna, dorcha, sleibhtemhail, cairrgech, cenngarbh, gan croinn, gan luibhe ann; acht lan do thigibh amhail cherd-cadaiph. 'Arna faicsin-sin don athair naemhta .i. do Brenainn, at-bert lena bhraithribh 'mun amh sin: “A braithre ionmaine”, ar se, “as eccal  246b lem in t-oilen-sa daibh, óir ní fhuil mo thoil lem fa dhol ann, dá f-fétamais a shechna, oir atá an ghaeth go direch ag ár séoladh chuicce”.

 124

Ocus ní mó na fedh urchair cloiche bicce do bhattar uadha an tan-sin, an uair do-chúalattar torann-glés na m-bolcc acca seidedh, ⁊ comthuarccain na n-ord ag bualadh na nindéon. Do ghabh eccla mór iad, ⁊ do thógaibh an t-athair naomhtha a laimh, ⁊ do-chuir comhartha  p.72 na croiche naoimh fona ceithre h-airdibh ina timceall, ⁊ adubairt: “A Thiccerna, a Iosa Criost, sáer sinn ar muinntir an oilein si”. Asa h-aithle sin iaramh do-conncatar dias dubh-granna ar dath an ghuail gaibhnidhe ag teacht amach as na cerdchadhaibh amhail do beittis ag dol do dhenamh saethair éiccin.

 125

Ocus mar do-conncattar muinnter Dé, do fillettar astech irís 'sna cerdcaibh, ⁊ tuccattar léo da cáeir d' iarann aithlegtha, ⁊ iad ar dercc-lasadh, i n-dá thenchair ina lamhaibh; ⁊ do-ghluaisettar go díoghair dochum na tragha, ⁊ do theilccettar iatt forsan luing; ⁊ ní derna sin, mar narb áil le Día, erchóid doibh, óir do-chúattar ós a c-cionn tar an luing sealat fada. Ina dhiaigh sin do seol Dia in gháeth ina n-diaigh do muinntir Brenainn do lettaoibh an oilein. Ocus do-éirgettar amach as na cerdchaibh cetna drong gránna díáirmidhe diabhlaidhi, ⁊ caora teinntidhe i t-tencairibh leo da t-teilccen orra-san. Ocus an t-ionadh i m-bendáis na caora-sin annsan b-fairrge, do biodh fiuchad mór ard uasa, mar do beith as coire no a h-aighen fo m-beith teine adhbal-mhór.

 126

Ocus mar nar fedattar urchóid do denamh doibh, do fhillettar dochum na c-cerdchadh; ⁊ do-chuirettar go léir le dercc-lasadh íatt, ⁊ do ghabhattar ag telgen na c-caer  247a n-dercc sin for a cheile. Ocus do-cluinti ní as foide na fedh radhairc uatha na gáirthe ⁊ na nuall-gubha do-gnítis. Ocus is mar sin do sáer Día a mhuinnter fein ar mhuinntir an diabhail, uair as follus gurab do muinntir ifirn uile iatt-séin. Ocus adubairt Brenainn rena muinntir menma maith do beith aca, ⁊ creidemh daingen, ⁊ buidhechus do thabairt do Día, ⁊ da ainglibh; ⁊ do-rinnettar amail adubairt an t-athair naemhtha riu .i. Brenaind.

xl. COMHRAC NA DA BÍASD MUIRIDHE TAR CEND BRENAINN CONA MUINNTIR

 127

Laithe n-áen da raibhe Brenainn cona muinntir ag siubal in mara, co facattar an t-iascc adhbal-mhór adhuathmar da n-ionnsaiccedh, ⁊ h-é ag tealccan na t-tonn da gach taobh de, re deithbhir dochum na luinge da sluccadh. Mar do-conncattar na braithre sin, do-goirettar comairc ar in Tigerna nemhdha, ⁊ isedh adubrattar: “A Thiccerna do chum an duine ⁊ na dúile, sáer sinn”. Ocus do gabhatar ag comharcaibh ar Brenainn mar an c-cedna. Adubairt Brenainn: “A Thiccerna do chum an duine ⁊ na dúile, sáer sinn, ⁊ sáer do muinnter féin on péist adhuathmair útt”. Ocus adubairt fós: “A bhraithre, na biodh eccla oruibh; ⁊ as becc bhar c-coccúas, óir anté do sáer ó gach uile gabhadh inn, ⁊ an fer doní ar n-dion do ghnath, sáerfaidh inn o bhél na péiste uccat”.

 128

Ocus tainic an peist roimh an luing, ⁊ do-cuaidh ar airde ós a  p.73 c-cionn. 'Arna fhaiccsin sin do Brénainn, táinic i t-tús na luinge, ⁊ do thoccaibh a lamha dochum nimhe, ⁊ at-bert na briathra-sa: “‘Domine libera nos’ (Ps 78:9)”, ⁊ et cetera .i. “A thiccerna, sáer do mhuinnter, amhail do sáerais Dauid o lamhaibh Golías, ⁊ Ionás  247b a broind an mhíl móir”. Ocus 'ar c-criochnuccadh na guidhe-sin dó, do-chonncatar a h-ionnshamhail sil do bhéist ele as in rann aníar, ag teacht a c-coinde na céd-píasta. Ocus 'ar t-techt do lathair dhi, do léicc cáor theinidhe as a braghait. Ocus do suidhigedh cath lé i n-acchaid na píasta tosanaidhe.

 129

'Arna fhaixin sin do Bhrénainn, as-bert frisna braithribh: “An f-faicend sibh, a mhancha gradhacha, miorbhuile an Ticcerna, ⁊ an umhla do-bheir an crétuir don chruthaigtéoir”? Ocus 'arna radh sin doibh, do-chonncatar in peist do len Brenainn acc éirge 'na tri chuid for uachtar in mara; ⁊ do iompo in peist do-rinne na gniomha-sin dochum an ionaidh as a tainic, iar m-buaidh cosgair.

xli. FAGBAIL IN MHIL MÓIR INA FHEOLMAC DO BRENAINN CONA MUINNTIR INDSO

 130

La eiccin ele do Bhrenainn cona muintir ag siubal an lera adhuathmhair co f-facattar oilén ro-álainn ro-examhail, lan do premaibh ⁊ do luibhibh degh-bhalaidh; ⁊ 'ar n-dol i t-tír doibh, at-conncatar leth deiridh an mhíl móir ar in traigh ina b-fiadnaisi. Ocus adubairt Brenainn: “A braithre ionmhaine”, or sé, “ag sin antí ler obaiyr bhar m-basuccadh ⁊ bar sluccadh; ⁊ sluiccidh-si eision anois, ⁊ ithidh bar saith dia fheoil. Ocus biaidh sibh a b-fad ar an oilén so, ⁊ tairrngidh bar long i t-tír, ⁊ faghaid ionad iomcubaidh dhi”. Ocus 'arna dhenamh sin doibh, adubairt Brenainn ríu: “Tuccaidh ní don míl mór libh, fhoigenus daoibh go cenn míosa; uair sluiccfidher an chuid ele dhe le piastaibh an aigéoin anocht féin”.

 131

Tuccattar na braithre an fheoil léo, amhail adubairt Brenainn friu. Ocus do raidhset arís fri Brénainn: “A ticcerna, ⁊ a athair naemhta, cionnus fhédfamait uiscce d' faghail, san oilén-so”?  248a Do raidh Brenainn: “Ni h-usa le Dia sásadh bídh do thabairt dúinn ina uiscce. Massedh”, ar Brénainn, “ticcidh i medhón in oiléin istech, ⁊ do- gebhtái topur ann, ⁊ é degh-datha, ⁊ ilar gacha cenéoil luibhe arcena ina thimcheall. Ocus tuccaidh bhar lor-dáethain eter luibh ⁊ uiscce libh de”. Do imghettar na braithre, ⁊ fuarattar an topur, amail do innis Brenainn doibh.

 132

Ocus do bái Brénainn ⁊ a bhraithre trí míosa 'san oilén-sin, uair do bói ainbhtine mór ar an oiccen, ⁊ gaeth ro-laidir ann. Do-ronsat na braithre amhail adubairt Brenainn friu .i. dol ar cenn na feola ar in traigh. Ocus is amlaidh fúarattar an fheoil 'arna h-ithe uile dona piastaibh aiccenta. Ocus tangattar fein mar a raibhe Brenainn, ⁊ do  p.74 innsettar sccela dó, co nach raibhe a bhecc don fheoil 'ar marthain ann, ⁊ gur fíoradh amail adubairt an t-athair naemhta ríu. “Ata a fhios accam-sa, go n-dechabhair da fhechain an firinne adubart ribh; ⁊ adeirim fuilledh ele libh .i. co tiocfamaid maraon amarach ar in traigh, ⁊ go b-fuighbhem cuid d' iascc an mhor ann”; ⁊ do fíoradh sin amhail adubairt Brenainn.

 133

Tuccattar leo an méid do fhetattar don iascc. Adubhairt Brenainn: “Taisccther an t-iascc libh, ⁊ cuiridh fo shalann é, uair do-gheba sibh gáeth mór ⁊ soinenn maith ina dhiaigh so, le f-faicfe sibh an t-oilén-so”. Do aithin Brénainn da mhuinntir an long do tromuccadh do premhach ⁊ do luibhennaibh ⁊ d' iasccach, ⁊ adubairt riu arís uiscce do bhreith leo, uair nir chaith féin ó do-gabh cuing saccartachta chuicce ní ina raibhe spiorat no anam. Ocus 'ar t-tromuccadh a luinge doibh, do-chuirettar amach í; ⁊ do bhattar acc loingseoracht isin aird atuaidh gach n-direch.

xlii. SCCEL OILEIN NA t-TRI POPUL, ÁIT IN RO FHACCAIBH BRENAINN BRATHAIR DIA MUINNTIR

 134

 248b La eiccin da raibhe Brenainn cona coimhtionol acc taisteal na mara mór-aidhble co facattar oilen a f-fad uatha. Ocus at-bert Brenainn fríu: “An b-faicenn sibh-si an t-oilen úd ad-chím-si”? “Do-chíamaid”, bhar íad-san. “Atád tri popuil annsud”, bhar Brénainn “.i. popul macámh, ⁊ popul do dhaoinibh ócca, ⁊ popul do dhaoinibh sendai. Ocus rachaid neach diar m-braithribh-ne annsúd dia oilithre”. Ocus do fhiarfaighettar san, cia aca; ⁊ níbh áil lais-siumh a inni-sin doibh. Ocus mar do-chonnairc iatt-san go dobrónach, do innis doibh é; ⁊ issé do bí acc dol annsin, neach don tríur brathar tainic as in mainistir léo.

 135

Ocus do-gluaisettar rompa dochum an oiléin, ionuus go n-dechattar ar in traigh. Ocus is amlaidh do bói an t-oilen-sin ina clár comhtrom coimhreidh; ⁊ h-e 'arna fholach do líttis ghil. Ocus do bhattar tri popuil annsin; ⁊ bói urcur duine do cloich ettorra. Ocus do théigdís síar ⁊ aníar ar fud an oilein ag cantain urnaigthe, ⁊ asedh adeirdis: i. “‘Ibunt sancti de uirtute in uirtutem’ (Ps 83:8)” .i. rachait na naoimh o shubhaltaighe go subhaitaighe.

 136

Ocus 'ar c-criochnuccadh na h-urnaighthi-sin doibh, tainic dias don popul macaomh chuca, ⁊ tuccattar da cliabh do scaltaibh purpair léo; ⁊ do-chuirettar sin 'na luing dochum Brénainn; ⁊ adubrattar fríu: “Caithidh ni do thorudh oilein na b-fer laidir: ⁊ tuccaidh ar m-bratair féin duin-ne. Ocus imtiagaidh remhaibh maille le siothcáin”. Is annsin do ghoir Brenainn an brathair-sin chuicce, ⁊ adubairt fris:  p.75 “Tabair póicc dona braithribh, ⁊ eirigh leis an muinntir útt, ata 'gutt íarraidh. Ocus adeirim-si riot, a bhrathair, gurab maith an úair inar ghabh do mhathair i m-broinn tú, in uair do thuill tú a dhol isin c-coimhtionól útt”.

 137

Ocus iar t-tabairt paxa dona braithribh  249a ⁊ do Brenainn dó, adubairt Brenainn fris: “A mheic, cuimhnigh na benefisi tucc Día dhuit isin t-saoghal so, ⁊ guidh oruinn”. Ocus iar b-fáccbáil bhennachtan acc Brenainn dó, do-chúaid leissin dís do dháoinibh ócca adubhramar, dochum na sccol naemhtha sin. Ocus mar do-conncattar na naoimh chuca é, do chanattar in fersa so .i. “‘Ecce quam bonum’ (Ps 117:9)”, ⁊ et cetera .i. is maith ⁊ is luathgairech na braithre do-rochtain i n-aen-ionad. Ocus do-chanattar ind immon .i. Te Deum laudamuset cetera. maille le gáirdeachus mór. Ocus tuccattar uile pócca dó.

 138

Ocus do imthigh Brenainn ⁊ a muinnter tara éisi. Ocus mur tainic trath proinnighthi doibh, do fhurail Brenainn ní dona sccailtibh do thabairt chuicce; ⁊ tuccadh aon scailt aca chuicce; ⁊ adubairt ríu: “Ni cumain lem gur léghus no go b-facadhus riamh a comhmór so do sccailt”. Ocus is amlaidh do bái comhcomhtrom comchruinn ar cuma liathroide. Ocus do gherr san in dá chuid decc h-í, ⁊ do ben unnsa do súgh ar laimh gach brathar aca eiste. Ocus ar fedh da lá déc mar sin do shasadh se na braithre, ⁊ blas meala i m-bél gacha fir dibh.

 139

Ocus 'ar n-denamh troisccthi tri lá doibh, amhail do aithin Brenainn díobh, do-conncattar én ro-dealraightech da n-ionnsaighed, ⁊ do-thoirling i c-cuirr thosaigh na luinge. Ocus do bi craobh ro-álainn ina bheola do chrandaibh ná ro aithnigettar-somh, ⁊ cáera comhmhora do thorudh ro-alainn for a barr; ⁊ do-leicc ar lar h-i fiadhnaise Brenainn h-í, ⁊ do fhill féin ina frithing da éisi. Ocus do-ghoir Brénainn na braithre chuicce, ⁊ at-bert fríu: “Caithidh an bíadh so tucc Dia dáoibh”; ⁊ do báttar na cáera-sin amhail ubhlaibh fiadhain ar mhéd. Ocus do roinn Brenainn ar na braitribh an toradh-sin; ⁊ do bí sásadh dá lá déc doibh ann.  249b Ocus do raidh Brenainn ríu trosccadh teora la ⁊ teora n-oidhce do dhenamh maran c-cedna; ⁊ do-ronsat iaramh ar comairle Brenainn an trosccadh-sin.

xliii. SCCEL OILEIN NA CRANN t-TORTHACH

 140

La eile do Brenainn cona fhoirinn ag siubal an mara co facattar oilen uathaibh, ⁊ is amhlaidh do bí sé, lán do chrannaib ro-ardaibh. Ocus is amhlaidh do bhattar na croinn-sin d' áen-cenél uile, ⁊ íatt lán do thorudh ar aon-dath ⁊ ar áen-cuma. Ocus ní raibhe aon chrann aimritt nó éttorthach dibh-sin uile. Ocus 'ar t-techt fo tír  p.76 doibh, do thimchill an neoch naomtha .i. Brénainn, an t-oilen. Ocus do bí sásadh doibh i m-boltanad an oilein-sin, gion go m-beith d' urghairdiuccadh ele aca acht é.

 141

Ocus fuair Brenainn toipre ro-glana ann, ⁊ moran do fremhaibh ⁊ do luibhibh inntibh. Ocus do fhill iar sin mar a raibhe a muinnter; ⁊ tucc ní dona torthaibh-sin leis dochum na m-brathar, ⁊ isedh as-bert friu: “Beiridh ni don torudh sa libh occ imthecht daoibh, ⁊ sásaidh bhar c-cuirp don torudh tucc Día dhuibh”. Ocus do-rinnettar amhlaidh sin. Ocus do anattar isin oilen 'na diaigh sin co cend da fhicet lá, ⁊ da fhichet oidhche; ⁊ ina diaigh sin do-chuattar ina luing, ⁊ ní don torudh léo.

xliv. SCEL NA GRIBHE h-INGNIGHE

 142

La da raibhe Brenainn cona braithribh ag siubal an cuain, co facatar an t-én adhuathmar os a c-cionn .i. griobh ingnech; ⁊ bá meidigther co mór le mul no ré damh. Ocus mar do-chonncattar na braithre h-í, do ghabh eccla mór ⁊ urghrain adhbal íatt, ⁊ adubhrattar: “A athair, tabhair furtacht go luath duin-ne, uair as dochum  250a ar sluiccthi tainicc an peist aduathmar útt”. Adubairt Brenainn: “Na biodh eccla oruibh, uair antí do shaor as gach conntabairt sibh go n-uicce so, isé sháerias on ghabhadh-sa sinn”. Ocus 'ar sinedh a gribhe di dochum na m-brathar, tainicc an t-en tucc an ghécc chuca da n-ionnsaiccedh, ⁊ do chomraic risan n-gribh, ⁊ do claidhedh leis h-í. Ocus 'arna claoi dó, do bhen a súile eiste, ⁊ do thuit a corp i f-fiadhnaisi na m-brathar 'san b-fairrge. Ocus 'arna fhaicsin sin dona braitribh do mholattar Dia go mór. Ocus do fhill an t-én remhraitte go h-inis Albei iar sin.

xlv. SCEL NA PIAST MUIRIDHE

 143

La ele do Bhrénainn occ ceilebhradh feile Peattair ina luing, go f-facattar in fairrce ro-glan ro-sholus, ro-siothóilti ina t-timceall, ionnus go f-facattar 'na raibhe d' iasccach ⁊ d' il-piastaibh isin occian uile; ⁊ is amlaidh do bhattar12 amhail no beittis iomat trét for muighibh reidhi, ro-fhairsionga, ionnus co m-battar ina muraibh i t-timceall na luinge. Ocus mar do-chonncattar na braitre iad, do-guidhettar Brenainn fo aifrionn do radha go h-isel, ionnus nach cluinfetais na piasta an guth do dhenadh. Do freccair immorro Brenainn iad, ⁊ isedh do búi, occ gáiribh futha ar a métt d' iongantus leis, eccla do beith orra, ⁊ a mhionca do sháer Dia ar ghábhadh búdh mó ina sin íatt.

 144

Ocus at-bert Brenainn ríu: “Crét do-bheir oruibh in eccla-sin, a bhraithre? ⁊ ar n-Dia ⁊ ar t-Ticcerna fein .i. Iosa Criost, ⁊ ante  p.77 fhétus na h-uile anmanna do chennsuccadh, ceinnseochaidh sé na piasta utt duin-ne”. Ocus 'arna radh sin dó, adubairt an t-aifrionn ní as airde na mar adubairt roime riamh.  250b Ocus do bi aire na m-brathar ar na piastaibh frisan re sin. Ocus mar do-chualatar na piasta guth an fhir naemhta, do teichettar on luing amach, ionnus nach f-facattar fana bhecc dibh o sin súas. Ocus is ar eiccin do fhetattar muinnter Brenainn an mhuir gríanda glan-sholus do cheimniuccadh re fedh secht lá iar sin, ⁊ an long fo lán-sheoladh aca.

xlvi. SCCEL OILEIN AN DA FHER DÉCC EIRENNACH ⁊ AN CHAIT MUIRIDHE ANNSO

 145

Imraiset iar sin ind oiccen seal siar, ⁊ fogabhait inis m-bicc n-áoibhinn co n-iomat eisc airegda innte. Amhail batar ima c-cuairt, co n-accattar ecclas bhecc clochdha innte, ⁊ senoir etlaidhe bán oc ernaighe innte. Ocus is amlaidh boi an senoir-sin, gan fuil, gan feoil, acht lethar tana truagh forsna cnamhaibh cruadh-buidhe báttar occa. Is annsin at-bert an senoir uccat: “Teich, a Brénainn, go luath”, or se. “Fil iaramh mur-chat mor sunn amhail ócc-damh no each tre-bliadnidhe iarna fhorbairt do iascc in mara ⁊ na h-innsi-so; ⁊ inggaibh-sa h-e trath”.

 146

Gabhait-siumh tra ina luing, ⁊ imrit ind oiccen go dermair. Amail batar ann, co facatar in m-biast-chat muiridhe ic snamh 'na n-diaigh, méidighther coire cechtar a dhi ruscca, fiacla torcdha lais, guaire aithrind fair, cróes oncon occo, go niort leoman, go c-confaidh condai. Is annsin gabhais cach dibh for ernaighte fri Dia fri méit na h-eccla rodus gabh. Is annsin at-bert Brenainn: “A Dé uile-cumachtaigh”, ol se, “toirmisc do phiasta dinn, ionnus nach tiosat cugainn”.

 147

Eirgis iar sin bleidhmil mor muiride ettarra ⁊ an cait-bhéist mór sin, ⁊ gabhais cach dibh for commbadhadh  251a a ceile i fudomain in mara; ⁊ ni facas nech dibh riamh o sin amach. Do-gniatt tra annsin Brenainn ⁊ a muinnter atluccadh buidhe fri Dia; ⁊ iompáit rempu doridhisi go du i m-boi in senoir. Ocus ciis annsin an senoir fri métt na luthgaire rodus gabh, ⁊ isedh as-bert: “Do fheraibh Erenn immorro damh-sa”, or se, “⁊ da fher décc do dechamar diar n-oilithre, ⁊ do-rattsam an mur-chat bíastaidhe út linn, ⁊ ba h-ionmain linn h-é; ⁊ ro fhorbair iar sin co mór, ⁊ nír erchóidigh duin-ne riamh. Ocus is marbh áen fer décc don fhoirinn-sin ro bhamar o tús ann; ⁊ atusa am aenar sund occut ernaidhe-si, co tardair corp Crist ⁊ a fhuil damh, ⁊ go n-dechar la sodhain dochum nimhe”.

 148

Faillsighis iaramh in senóir doibh-siumh an talamh m-biucc dia m-battar iarraidh .i. tir thairrngire. Iar c-caitem tra cuirp Crist ⁊ a fhola dó, luidh in senoir docum nimhe. Adhnaicter annsin h-e  p.78 maráen rena braithribh go n-onoír móir, ⁊ go psalmaibh, ⁊ co n-iomnaibh i n-ainm in Athar ⁊ an Meic, ⁊ an Spioraitt Naoimh.

xlvii. FAGHBAIL TIRE TAIRRNGIRE DO BRÉNAINN ANNSO

 149

Laithe n-áen do Brenainn cona muinntir ag siubal ⁊ acc iarraidh in mhara no co tarlac ossin talamh m-bicc ro bhattar d' iarraidh fri ré secht m-bliadan iatt .i. tír tairrngire, amail ata in prouerbio: ‘Qui querit, inueuit’ (Matt. 7:8). Iar rochtain immorro doibh-siumh i c-comfocraibh in tíre-sin, ⁊ ba h-ail leo port do gabhail ann, at-chualattar guth araile senorach ag labairt ríu, ⁊ issedh at-beiredh: “A dháoine lán-shaethracha, a ailithrecha naemhtha, a lucht ernaiget na loighe naemhdha, a betha bith-scith ic saethar ic ernaidhe in tíre-so, ernaighidh beccán da bhar saethar goléicc.”

 150

Iar m-beith immorro doibh-siumh  251b annsin selatt ina t-tost, at-bert in senoir friu: “A braithre ionmaine”, or se, “a Críst, cidh na aicci-siu in talamh n-airegdha n-alainn so, ar nar doirtedh fuil daoine riamh, ⁊ nach iomcubaidh adnacal peacthach na droch-dháoine innte? Faccbaidh uile iaramh i n-bhar luing gach ní fil occaibh cenmotá becc n-ettaigh iomaibh namá; ⁊ ticcidh aníos”. Iar rochtain immorro doibh-siumh for tír, póccais cach a cheile dibh, ⁊ ciidh an senoir go mór fri mét a fáoilte. “Siridh occus feghaidh”, or sé, “imle ⁊ bruighi Parrtais, airm h-i f-fuighbithir slainte cen galar, aoibhnes cen imresain, aenta gan tachor, flaithes cen scaoiledh, timthirecht aingel, fledhucchad cen airdhibhadh, moighe milsitir boludh mar blath mín bennachda. Ma n-genar tra gairmebhus Brenainn mac Findlogha i n-áentaidh i l-leth-sin”, ar in senóir cettna, “do bhith-aitrebh na h-innsi i t-tám tre bithe na bethad”.

 151

Iar b-faicsin immorro doibh-siumh in Pharrthais eter tonnaibh in mara, machtnaighit ⁊ iongantaighit go mór míorbuile Dé ⁊ a chumhachta, iar b-faicsin na míorbhuiledh-sin. Is amlaidh immorro boi an senoir h-ishein, cen éttach n-dáenna eter, acht ba lán a chorp do clumhach gheal amail cholum no fhaoilinn, ⁊ ba h-urlabhra aingil leis acht madh becc. Ceilebhartar an teirt leo iar m-béin an cluicc co n-altuccadh buidhe do Dhia, ⁊ a menmanna tuidhmhidi i n-Día. Ni ro lamsat immorro ní do fhiarfaighe.  13.

 152

Is annsin at-bert in senóir: “Denadh gach aon uaibh ernaighthe fo clith cen imaccallaimh neich fri 'raile uaibh, uair talamh naemhta ainglecdha in talamh-sa; ⁊ dino as gnath peactha do labharthaibh,  252a uair as meinic isna faiblibh arsantaibh toirrsi no failte diomhaoin”. “As maith lin-ne eimh sin”, ar in popul. Iar m-beith doibh sealat amlaidh sin, ticc an senoir, ⁊ isedh at-bert: “Ceilebharthar an medhón-lai  p.79 linn”, ar sé. Iar tairccsin immorro in medhoin-lái do cheilebhradh doibh, fiarfaighis Brénainn don t-senoir uccat: “In tol dam-sa”, ar se, “anadh sunn go dia bratha”?

 153

Is h-i immorro freccra do-ratt an senoir fair-siumh: “Intí iarrfus a thoil fein, ticc i n-acchaid toile De. Ocus sesca bliadan”, or se, “o tanacc-sa co n-icce so, ⁊ biadh aingil rom-sásastair frisan re sin. Ocus as becc na ro ercran mo chorp a sendacht. Ni sunna ro arsaighes, acht i n-áes a t-tanacc innte, ⁊ atú amlaidh bhéos. Is amhlaidh at-bert Criost frim, beith sunn tricha bliadan on triochait útt occut ernaidhi si. Ocus aníu as mithig damh-sa dol dochum nimhe, uair do riachtaisi cuccam. Iar c-ceilebradh na nona libh, dénaidh imtecht da bhar t-tír féin, ⁊ dénaidh foircetal fer n-Erenn, uair teccaisccfidher cuil ⁊ pecaidh tremhot. Ocus at-bert Criost frim-sa, isin uair-si na nóna co toiristea-sa co n-icce in ferann-so, ⁊ do mhuinnter ⁊ do manaigh, ⁊ do mhaincesa lat ria noebhaibh Erenn seacht m-bliadhna re m-brath, ⁊ an t-angcaire miorbhallda úd do-rinne an saccart lat”.

 154

Iar c-ceilebradh na nóna, tainic an t-én nó ghnathaighedh timthirecht a b-proinne doibh roimhe sin, ⁊ leth-páin cruithnechta, ⁊ órda eiscc leis da tabairt dá gach aon dibh-sin. Iar c-caithemh immorro a b-proinne doibh-siumh, do-ghniatt altuccadh buidhe do Dia. Iar c-caithemh immorro chuirp Crist ⁊ a fhola ⁊ a feola don t-senóir, laaidh la sodhain a spirat dochum nimhe, ⁊ adhnaicit-siumh iar sin a chorp co n-onóir moir, ⁊ go n-airmittin n-adhbail.

 155

A h-aithle na c-comhraitedh-sin do denamh doibh leth ar leth, do-ghlúais Brenaind  252b cona manchaibh docum a luinge. Ocus do imghettar tar in muir mór-thondach, ⁊ ni h-aithrister iongantus ina nimthechtaibh, no go rangutar go h-Árainn n-oirrtheraigh, iar m-beith doibh dí bliadain for an loinges-sin, ⁊ a cuicc for in loinges remhtechtach; conidh seacht m-bliadna-sin uile for in dá loinges acc iarraidh tire tairngire; amail as-bert araile éolach:

  1. Secht m-bliadna battar uile
    For loinges — caemh in cuire —
    Ag iarraidh an tire treall
    Tairngire tredaigh tren-seng
  2. Co nus-fuarattar fadeoigh
    I n-iathaibh arda an aiccéoin,
    Inis saidbhir suthain, gan roinn,
    Maigrigh, c-cruthaigh, c-caomh-áloinn.

 156

Iar rochtain immorro doibh go h-Arainn n-oirrtheraigh fogabatt fáilte n-dermair ann, amail fogebadh Criost cona apstaluibh; ⁊ innisit  p.80 a sccéla ⁊ a n-echtra o tús go deiredh do phopul Árann. Iar c-cluinsin na sccél-sin d' Enda ⁊ do Pupa cona séitchibh, cíit go dermair tre mét na faoilte rodus gabh. Bói dano an popul ag astadh Brenainn occaibh, ⁊ for-foemhsat cennach dó do chinn anadh occa. At-bert Brenainn friu: “Ni sunn bhías m' éiséirge”, ar se, ⁊ ni ro dhaimh airisemh ann. Battar fri ré mís annsin íar scís iomramha.

 xlviii
 157

A c-cionn na réé-sin ⁊ na h-aimsire faccbus Brenainn cona muinntiri n-Árainn in long cona h-angcaire, ⁊ gabhait féin rempo dochum n-Eirionn, go ros-gabhsat port ag Inis da Dhroma for muir Luimnigh. Fossaighit íar sin i n-Inis da Dhroma, ⁊ bátar ceithre lá ⁊ ceithre h-oidche innte gan sásadh bídh nó dighe aca. Ocus bá marbh immorro cethrur don chuire naemh sin tre fhód an tredhain tarla dóibh; ⁊ ro h-adhnaicit annsin iatt 253a co n-onoir ⁊ go n-airmittin móir.

 xlix
 158

A c-cionn trill 'na dhiaigh sin, faidhis Brénainn a dheisciplu go h-abhainn Fhorccais isna Deisibh Muman do cuinghidh eiscc for iasccairibh na h-abhann. Diultait immorro na h-iasccairedha muinnter Brénainn. Diultais immorro Brenainn in abhann tria bithe ó sin amach gan iascc do bheith fuirre. Cáecca sruth immorro ro esccáin Brénainn i n-Eirinn trena díultadh d' iasccairibh na srothann sin fa iasce do thabairt dó. Cáocca sruth ele ro bhennaigh Brenainn ind Éire, ar ro riarsat a n-iasccairedha é; ut dixit:

  1. Cáecca sruth re ro-riaradh
    Ro bhennaigh Brénainn go f-finne;
    Caecca sruth go soimhiadhach,
    Or bhen sé iascc a linne.

 l
 159

Araile la do Brenainn cona mhancaibh oc imtecht i tiribh Cliach. Do-chúattar go port Eile d' iarraidh éiscc. Ferait immorro na h-iasccairedha failte fri Brenainn. Bennachais Brenainn an sruth iar sin, gerbo h-aimritt con n-icce sin; ⁊ ba lán d' iolar gacha maithesa o sin amach an sruth.

 li
 160

Do riacht Brenainn iar sin go h-Inbher Ais i t-tiribh Cliach, ⁊ boi ann in oidhche-sin. At-bertattar aittrebhtaigh an tire-sin fris: “Fil”, or síatt, “amhgar mór isin tír-so .i. tuile cuiledh, gainemh mara ináitte”. Is annsin at-bert: “A Thiccerna”, co nach lia ol , “sóertar sunn tréd connirclidhe-si don plaig-si in lucht-so it anmaim-si”. On oidhce-sin amach ni raibhe aon chuil riamh isin talamh-sin. Bri Oiss  p.81 h-i t-tiribh Cliach, cáecca caislen ro fásaighthi innte tre breithir m-Brenainn; ut dixit:

  1. Caecca caislen comhramhach
    Ro baidh Brenainn go m-baine;
    Tre díumus rígh ro-ghlonnach
    Beitt tre bithe gan áines.

 lii
 161

Araile aimser fáccbais Brenainn a luing h-i t-traigh Innsi  253b da Droma; ⁊ psalm-chettlaidh dia muinntir oca coimhétt, ⁊ h-e occ gabháil a psalm a aenar innte. Iar t-tichtain immorro ainbhtine in mhara, go ros-tarraing in luing dia purt, at-bert brathair an t-sailm-chetladha fri Brenainn: “Ro baidhedh mo brathair féin isin luing”, ol se, “⁊ ro brisedh an long go deimin, ⁊ ni fuighter a chorp íarna bhathadh”. Is annsin at-bert Brenainn co f-feircc moir fris: “Mása mó as áil duit-si airchisecht de, eircc fein ina ionadh, ⁊ dena a fheidhm sion”. Iar n-dol immorro do-somh i n-diaigh a bhrathar, báitter fo cettóir isin muir; ⁊ bai in brathair ócc eter tondaibh mara amhail múra dá gach leth de, amhail ro baoi do Moysi mac Amra ag dol cona popul tre Muir Ruaidh.

liii. SCCEL DOBHORCON

 162

Gluaisis Brenainn roimhe ina diaigh sin co rainic go Dubh Daire i t-Tuadh-mumain, ⁊ do-rinne comnuide ⁊ teccar athaid fhada and occ foghnamh don Choimdidh, ⁊ acc edarghuidhe in Duileman, ⁊ ag dénamh ticche aoidhedh i n-onóir da Thiccerna fein ann. Ise immorro ro ba comharsa dó forsin túaith .i. Dobharchú o b-fuilit h-Úi Dobharchon i t-Tuadhmumain beos. Boi dino clúain féoir ag Dobar-choin a b-foccus do Loch Lir. Tíaccait immorro doimh Brénainn isin c-clúanaidh; marbhthar na doimh le Dobharcoin. Innister do Brenainn na doimh do marbadh. “Madh ced le Día”, ol Brénainn, “go n-derntar dobhrán do Dhobharchoin”.

 163

Teid dano Dobharchu ⁊ a bhen, Créda a h-ainm, d' fios na clúana cetna a c-cionn bliadhna iarttain. Lingidh in éiccne fír-éiscc  254a in uair-sin isin loch ina f-fiadhnaisi. Do-gní immorro Dobharchu dubhánacht, ⁊ geibhidh brec, ⁊ do-ghni tene raitte, ⁊ imfhuinidh an brec, ⁊ caithidh iar sin é do bhir. Téid iaramh d' ól uiscce docum an locha, ⁊ tuitidh isin loch; ⁊ do-gníther dobhrán de ar fud an locha tre breithir Bhrénainn. Ticc immorro mac do Dhobhorchoin .i. Cúcúan a ainm sidhe, ⁊ Creda d' fios na cluana cetna. Lingidh eiccne már oile ina f-fiadhnaisi isin loch. Ticc Cúcúan do dubhanacht fair. Ticc  p.82 immorro an dobhran dia thoirmescc sin uime, ⁊ at-bert fris gan iascc an locha do bhreith uadha, ⁊ gan teine do dénamh do raitt, ⁊ gan bradán do caithemh bo bhior iter.

 164

Ocus do innis sccela do go leir, ⁊ at-bert:

  1. A Chú Cúan,
    Testa t' athair ní cían uadh;
    Ata fan loch ina pheist,
    Na tarr do breith a eiscc uadh.
  2. A Cú Cúan,
    Na dein tene do raitt ruaidh;
    Na h-ith, gemadh mor do gin,
    An t-íascc do bhir go m-bi fuar.
  3. Fuar mo leaba ar leic luim,
    Is mo druim le grian do gnáth;
    Súighim uiscce Locha Lir,
    Nocon roich dom tigh go bráth.
  4. Íascc adúadhus prap rom-loiscc,
    Issedh sin rom-beir gan céill;
    Olc mo thoiscc is turus trúagh,
    Erigh is Creid, a Cú Cúan.
  5. Da t-teccma ar fulacht nó ar fect,
    Na caith do breac go m-ba fúar
    Gidh tacha connaidh ticc duit,
    Na loiscc an raitt, a Cú Cúan.
  6. Dobar-chú m' ainm-si budéin,
    Atú gan ceill as cían úadh;
    Becc nach cosmail an da ainm,
    Na tarr fom gairm, a Cú Cuan.
  7. Bid h-Úi Dobhor-chon mo shiol,
    Bidh é a fhíor go brath m-buan, 254b
    Gibe tan beither 'ga n-gairm
    Bidh edh a n-ainm, a Cú Cúan.
  8. Gach uair do-chifir mo sccath
    Oniu amach go brath m-buan,
    Biaidh easbaidh ort-sa go derbh,
    Ma becc do sealbh, a Chú Cúan.
    A Chu Cuan
 p.83 Ro boi dino Dobhar-chu amhlaidh sin sechnon in locha tre breithir m-Brenainn, go f-fuair bás; et reliqua.

 liv
 165

h-I c-cinn ree imcéine smuainis Brenainn ina menmain, ⁊ gabhaiss eccla in Choimdhedh go mor h-é tre batadh an bhrátar do-chúaidh d' fios an t-sailm-chetladha gusin luing i n-Inis Da Droma tre fheircc ⁊ tre fhochann Brénainn búdéin. Luidh Brenainn go naemha Erenn do breith breithe fair immon cúis-sin; ⁊ siris na scrioptuire diadha uile maraon ríu. Ocus téitt gusin maighin a m-bói a muimme .i. Ita; ⁊ boi occa innisin di bathad an brathar. At-bert Ita fris-siumh dol tar muir. “Talamh ectrand”, ol sí, “fil occut iarraidh, go n-dernair anmanna daoine d' follamhnuccadh ⁊ d' foircetal ann; ⁊ imthigh”, ol si.

lv. TRIALL BRENAINN GO CRIOCHAIBH BRETAN ANNSO, TRE BHÁTHAD A BHRATHAR

 166

Teid Brenainn iar sin go tíribh Bretan tre forcongra a muimme, go dú a m-báoi Gillas Bretnach, co tri feraibh decc imme; amhail at-bert Mo Cua mac Dolcáin 'san rand:

  1. Impóis Brenainn ar deisiol
    Go t-tri feraibh decc, foda uidhe;
    Ro be ard a dul {}
    Co ros-baist fir Alban uile.
Iar rochtain immorro do-somh tire Bretan go saetar iomramha ro- 255a móir, ⁊ iar n-aister tire accgairbhe, iongantaighe, borb-aighmeile Breton, at-bert Gillas Bretnach fria phopul, fledh mor do denam aca: “Don-ficfa”,ar se, “popul naemh saetrach sunda fócéttoir, cend creittme ⁊ crábaidh, Pol apstal iar n-athnuaduccad dáennachta, ⁊ athair lan-shaotrach mara ⁊ tire .i. Broen-find mac Findlogha”.

 167

I n-aimsir geimhreidh immorro do-riacht Brenainn tír Bretan, iar m-beith tri bliadhna for sligidh dó. At-bert Gillas secht n-glais iarainn do chur ar doirrsibh na cathrach, do dherbadh naomtachta ⁊ irsi na n-aoidhedh. Iar sin teid Brenaind go cathraigh Gillais do accallaimh Gillais budéin; ⁊ ferais snechta mor doibh in oidhce do-chúattar docum na cathrach, gur lion an talamh uile, go riacht ferna fer. Acht cena ní riacht cucasan acht go h-eittirchian uatha for gach leth.

 168

Is annsin at-bert an doirrséoir do mhúr na cathrach riu: “Ticcidh”, ol se, “⁊ oslaiccet bhar c-cáoin-ghníomha féin remhaibh”. Is annsin at-bert Brenainn fria thimthirigh .i. fri Talmach: “Eircc”, ol se, “⁊ oslaicc an dorus remhaind”. Sinis Talmach a lamh gusin dorus, ⁊ meabaid fo cettóir na secht n-glais a n-aoinfecht. Oslaiccis  p.84 rempu a aenor in cathraigh nád bái i m-baegal co secht n-glassaibh iarnaidhe air a aenar nó foslaiccedh. Ocus ní frith riamh iar sin na glais.

 169

Tangattar iar sin gusin tempul, ⁊ battar tri glais fair d' iarann aithleghtha. Sinis Brenainn a laimh iar sin dona dibh comladhaibh, ⁊ isedh as-bert: “Osslaicc remhainn, a mathair Crist .i. a ecclas”. Is annsin meabhsattar  255b na tri glais co nach frith iad riamh. Is annsin at-bert timtíridh an tempaill fri Brénainn tre briatraibh Gillais: “Déna oifrionn a Bhrenainn”, or sé. Is amlaidh iaramh bói in altoir co n-aidmibh fuirri, is íad urlamha o tribh litribh greccdaib fuirri. Oslaiccis Brenainn an leabhar, ⁊ isedh ro raidh: “Oslaicc ⁊ foillsigh damh do litre, a De uile-chumhachtaigh”. Airdleghais Brenainn iar sin fo cétoir an leabar n-greccda.

 170

Téit iaramh Gillas cona muinntir do churp Crist annsin do laimh Brenainn. Is annsin at-connairc Gillas duine for in teiscc, ⁊ a fhuil isin coilech. Gabhais eccla mor Gillas ó ro aimsigh roimhe Brenainn go minic: “Cidh do-gen-sa, a Brenainn”? ar se. “Is irlamh dighal form ar th' inchrechad-sa damh”. Is annsin at-bert Brénainn: “Dítnebhat-sa tú on diogail-sin, uair ge ro derbhais na h-aoidhedha, is aimser loghtha anosa .i. aimser techta do chorp Crist”. Iar sin bennachais Brenainn doridhisi an altoir, ⁊ ba corp Crist bói forsan teiscc, ⁊ ba fíon an t-uiscce ro baoi isin coilech. Iar n-dol immorro do chorp Crist do phopul Gilláis do laimh Brenainn, baoi Brénainn cona muinntir go cend tri lá ⁊ téora n-oidhce annsin.

 171

Ocus ro innis a thoiscc do Ghillas. At-bert immorro Gillas: “Ni bér-sa immorro breth fort”, or sé; “acht aonni eimh, ata gleann gaibtech i n-dithreibh na cathrach-sa, ⁊ atá da leomhan ann .i. fer-léo ⁊ bain-leo; ⁊ is iad fhásaighes an tír-si i t-tád. Ocus eirigh-si go n-icce íatt i n-anmaim an Coimdhedh, ⁊ diochuir don thuaith-si íatt. Ocus beiredh an Coimde breth fort ann”. Teitt immorro Brenainn go forbfáoilidh  256a fo céttoir, ⁊ Talmach a dheiscipul féin leis.

 172

Is annsin bói in ban-léoman ina codladh a medhon-lai. At-bert Brenainn fri Talmach: “Dúisigh an ban-léomain go luath”. Téitt chucca isin n-glinn, ⁊ buailis dia laimh í. Éirghis fo chettóir in bain-léo, ⁊ do-bheir a gláoidh moir os aird, gur omhnaigset na tuatha ⁊ na criocha ba coimhnesa doibh. Is annsin tainic in fer-léo fon n-glaoidh-sin go h-athlamh aggarbh. At-bert Brénainn annsin ríu a n-dís: “Éirgidh”, or sé, “⁊ tabraidh libh na h-uile leomna filet isin n-glionn-so, ⁊ coimhéttaigh cethra na tuaithe-so ó sunn amach go brath”. Iar c-cloistecht immorro dona léomhnaibh gotha Brenainn, eirgitt amhail mhancha irisechaibh fo chettoir, ⁊ do-beraitt a c-cuilein léo.

 p.85
 173

Ba mór tra an míorbuile do-ronadh annsin .i. na leomain lonna, léittmecha, ledartacha, láidiri, do cennsuccadh amail chona muinnterdha, go m-bitt no rabhattar ag ionghairi cethra an tíre amail brod-chona buachalla. In tan immorro ba doigh la cách go muirfitis na leomain Brenainn ⁊ Talmach, is ann att-conncattar íatt ogh-slán chuca, ⁊ na léomhain ina n-diaigh; amhail ócc-láogha a n-diaigh a maithrech. Iar faixin immorro na leomhan do cach i n-diaigh Brénainn, gabhais eccla dermair íatt, ⁊ tiaghaitt ar a neachaibh fo cettóir, ⁊ teichít fo fhedaibh ⁊ fo chailltibh in tíre. Impáit arísi iar mor-gabhadh cen nach frithardadh ona leomhnaibh.

 174

Gabhais eccla mor Gillas, ⁊ edhbrais é féin do Bhrenainn amhail manach n-dileas tria bithe na bethad. Is annsin at-bert Gillas fris: “Día”, or sé, “bherus breth fort, uair mac díles dingmála do Dhía tú.  256b Acht namá do-bher-sa comairle duit .i. airisem isin tír, ⁊ manchine na tuath-sa duit tre bithe, ⁊ cumus an tire ⁊ an talman duit”; ut dixit:

  1. “Raghaidh duit an tuath gan ces”
    “Amhail ata cona les”,
    “Feraibh, macaibh, mnaibh, gan col”,
    “Go brath beitt 'gutt ríarucchad”.
Is annsin as-bert Brenainn: “Do-bheirim mo chubus fo righ na rann”, ar se, “nach mó lem-sa duille in t-sáogail inas gainemh mara no duille fedha”; ut dixit:
  1. Do-bheirim mo chubhas ann,
    A Ghilláis, fo rígh na reann,
    Nach mó lim in saegal seng
    Innás uiscce na h-abhann.
Iar m-baistedh immorro, ⁊ iar m-bennachad dó-som cathrach Gilláis, ⁊ na t-tuath ba comhfochraibh dhi, fáccbáis bennachtain occu, ⁊ imthigis iar sin. Ciit iaramh in popul ⁊ na tuatha go mór ina diaigh; uair ro carsat amhail budh athair doibh é.

 lvi
 175

Tainic doridhisi go Bretnaib, ⁊ cumhdaighter ecclas laiss ann i n-inis Ailec. Araile la boi Brénainn for carraic aird isin inis-sin; co faca na dá bleidhmil muiridhe ag tichtain a fúdomhail in mara, occus síatt occ cathuccadh re 'roile go cruaidh; ⁊ cách dibh ag comhbádadh a chéle. Is annsin fúabrais an dara péist díbh teichemh; ⁊ lenaidh in pheist ele h-í. At-bert immorro an péist bói occ teichemh do guth dáonnaidhe: “Nod-guidim-si immorro tú i n-anmaimm naomh  p.86 Brighte, go rom-léicce úait”. Fáccbhais fo cedóir an peist h-í; ⁊ téid h-i fudomain in mara.

 176

Ba machtnadh mór tra la Brénainn, inní-sin, ⁊ tainic gó a mhuinntir, ⁊ isedh at-bert friu: “Éirghidh go luath”, ar se, “dochum n-Erenn, go n-aiccillem naemh Brigitt”. Is annsin do-roine-siumh ind iomann erdairc  257a .i. Brighitt be bith-maith ⁊ et cetera. Iar rochtain tra dó-somh go dú i m-bói Brighit, innisis di imaccallaimh an da bleidhmil; ⁊ fiarfaighis: “Cidh do maith”, ol sé, “do-ghní-si do Dia seocham-sa, an tan rod guidhet in bleidhmil tú, ⁊ tusa ecnairc, ⁊ meisi frecnairc, ⁊ rom-fáccaibh cen atach”. At-bert Brigit fri Brénainn: “Tabair do chubhais”. “At-berim”, or sé,“nach dechadhus tar secht n-iommaire riamh, gan mo mhenmain i n-Dia. Tabair-si do chubas”, ar Brenainn. “Do-bheirim”, or Brigitt, “ó do-rattus mo mhenmain i n-Día, nach tardas ass, ⁊ nach tibher go brath. Tusa immorro”, or sí, atá dia mheince fogheibe gábadh mor mara ⁊ tire, ní fhétta gana thabairt dot úidh; ⁊ ni h-aire go n-dermaittea do Dhia beith do mhenma gacha tres iomaire ann.

 177

De quibus hoc carmen:

  1. Secht m-bliadhna do Brenainn binn
    Gan tadhall i t-tuaith no i c-cill;
    For muin an mhil móir go m-bladh
    Isin muir, ba lór d' iongnadh.
  2. Aitchidh an míl mor m-binn m-bras
    Risin b-peist 'ma leiccen ass;
    At-bert an peist: “gibe de”,
    “Nocha ragha ass aire”.
  3. Ros-gabh for atach Brighde,
    De eccla lais a aidhmillte;
    Rois cobhair Brighitt buadach,
    'Ar sin nir bo h-imuaimhnach.
  4. “Am sccith”, ar Brenainn gan brath,
    “Riccubh ait i t-tá in caillech”;
    “Cen co f-fesar cidh diatá”
    “A guidhe-si secham-sa”.
  5. Do-roich in cleirech istech,
    Gerb eimech, nir bo nairech;
    Slechtais don chailligh gan col,
    Slechtais an caillech do-somh.

 lvii
 178

Luidh iar sin Brenainn h-i c-crich Bretan doridhisi, ⁊ cumdaigter lais in chathair dianid ainm Bleit i c-crich Letha. Do-roine  p.87 tra Brénainn mór do fhertaibh ⁊ do mhiorbhuilibh isin cathraigh-sin, acht ni cumhangar a riomh sunn.  257b Araile oidhce at-connairc Brenainn fís isin maighin-sin, ⁊ ba mór a tuirse aire; ⁊ nír innis do neoch riamh ní dhe acht beccan .i. eris mór an creittme d' éircche acc Bretnaib ria m-brath. Ocus ba h-imeccal lais-siumh aittreabh ettorra airesin.

 lviii
 179

Iar f-facbáil immorro tíre Bretan do Brenainn, luidh docum n-Erenn doridhisi, ⁊ espocc Máenu immaille fris. Is annsin tainic Mo Caemóc .i. Senan a ainm prius, go Brenainn; ⁊ faccbais a athair, ⁊ lenais Brénainn do légadh occa.

 lix
 180

Luidh iar sin Brenainn h-i c-crich Connacht, co h-Inis meic h-Ua Cuinn for Loch Oirbsen. Is annsin no bittis da each charpait rígh Connacht co minic occa lesucchadh. Iar n-áitiuccadh Locha Oirpsen do Brénainn, ⁊ iar míorbhuilibh dó ann, tucc mac righ Echtghe do é; ⁊ do-gheall co nach diongnadh námha no cara dith nó urchoid dó cen no bíadh ann.

 lx
 181

La ele do Brénainn ar magh h-i f-fochair, no Ái, in oiléin-sin; tarla duine bocht dó, ⁊ bennachais do Bhrenainn, issedh ro raidh: “A athair naemhtha”, or se, “dena trocaire oram, ⁊ foir mé ón dairse ina b-fuilim ag an rí; uair do much sind féin, ⁊ mo clann”. Tucc iaramh cridh-airchisecht patruin na pian .i. Brenainn, iar n-gabhail compáisi dó rissin duine m-bocht, ⁊ 'ar n-gabhail dóchusa ro-truim as Athair na trocaire; ⁊ saidhis in bhachall bói ina laimh i n-anmaim De isin fótt fa coimhnesa dó, ⁊ do-gheibh punt d' ór aithleghtha ann.

 182

Ocus do ráidh risan m-bocht: “Tabhair sin don righ, ⁊ sáerfaidh tú on dáersi ina b-fuil tu aicce; ⁊ na h-innis dó cia tucc h-é”. Gabhais an bocht an t-ór, ⁊ beiris leis dochum an righ é; ⁊ innisis dó amhail fuair h-é. Ocus adubairt an ri, mar do-cualaidh sé sin  258a .i. gurab amhlaidh sin frith an t-or: “Ór Chriost sin”, or se, “Ocus ní meisi dlighes é, acht serbhfogantaidhe Dé féin. Ocus do-bheirim sáersi duit-si ⁊ dot chloinn i n-onóir do Dhia ⁊ do Brenainn”.

 lxi
 183

I n-araile aimsir 'na dhíaigh sin, adubairt Brénainn fria a braithribh: “Dlighmitt dol i n-Úibh Maine, oir ata obair ⁊ coimétt an tire-sin d' fiachaibh oruinn, uair is ann bhías ar n-eiséirghe; ⁊ do-chúala me aingel im ainm féin ag cathuccadh ar a sccath. Masedh i n-ainm ante do chennaigh sin-ne, do-beram furtacht anois di”. Ocus do imghettar rompa iar sin go riachtattar du ittá Cluain Ferta. Is ísin uair ⁊ aimsir do-rala cath aga thabairt eter Diarmait mac Cerbaill ⁊ riograidh an taoibhe thúaid d' Eirinn im Choluim Cille .i. cenel Conaill meic Neill ⁊ Eoghain meic Neill .i. cath Chúile Dreimhne. Ocus do mheabaidh an chath for Diarmait fadhéoigh.

 p.88
 184

O ro-siacht tra Brenainn gusin maigin-sin, cumhdaighter mainistir leis ann .i. Cluain Ferta; ⁊ as innte do thogh a eiseirghe, et dixit: “Hic requies mea in seculum seculi”. Ocus is annsa mainistir sin tainicc Mo Caemocc .i. Senan a ainm prius go Brenainn ona athair ⁊ ona mathair do denamh leighinn dó. Ocus fuair bas h-i fail Brenainn isin mainistir-sin. Ocus do-luidh cumha mór ⁊ toirrsi adhbal for Brénainn tre bás a dhalta; ⁊ do-chúaidh d' edarguidhe an Duilemhan fana aithbeouccadh dó; ⁊ fuair aisecc a anma fadhéoigh on Coimde na n-dula.

  1. O gabhais mac h-úi Alta,
    Brenainn, go lin a etla,
    Nocha mesaitte go se
    O sin alle Cluain Ferta.

lxii. FUASCCLADH AEDH GUAIRE O DHIARMAIT MAC CERBHAILL LE BRENAINN INDSO; ⁊ ISE IONADH INA TICC SÉ .I. ROIMH SCEL IUDÁIS

 258b
 185

Cidh tra acht iar saruccadh Ruadain Lothra do Diarmait mac Cerbhaill fa Aedh n-Guaíre, do mharbh giolla braitaighe Diarmata .i. Aed Baclamh, fan pailis n-deircc-iubhair do boi fóna tech do bhrisedh dó, do tabairt gae an righ tarsna astech leis. Ocus nír lor leis sin, gan an tech fein do brisedh. Ocus 'ar t-tuitim dó a c-cionaidh an migniomha-sin, ⁊ 'ar sáruccadh Ruadhain do Dhiarmait fon m-bragaitt, do cruinnighettar ard-náeimh Erenn dochum Diarmata .i. Colum Cille, ⁊ Cíaran Cluana, ⁊ Mo Laisi, ⁊ Da Beog, ⁊ Finden, ⁊ Ruadhan Lothra, ⁊ ard-naoimh Erenn. Ocus 'ar m-beith doibh fri re m-bliadna ag comhtrosccadh le Diarmait, gach miorbuile do-ghnitis uile air, do-gnídh Día a leithéitt dó-samh orra-san.

 186

Ocus 'ar c-caithemh na bliadhna-sin doibh amhlaidh sin, do thairccset na naoimh fuasccladh do Diarmait as in m-brághait. Ro raidh Diarmait, a n-doigh nach f-fuighthi lena tabairt do, go n-gébadh cáecca ech súl-ghorm uatha. Ocus 'ar m-beith do Bhrénainn ag siubal in mara, do fhoillsigh aingeal Dé dó, naeimh Erenn do beith isin moir-eiccin sin acc Diarmait, fa ní nacharb éidir d' faghail, dá sírthi an doman uile, muna f-faghthái tre grasaibh De h-é. Ocus 'arna thuiccsin sin do Bhrenainn, táinic tara ais i n-Erinn, ⁊ tainic fo thír i n-Ess Dara, h-i c-crích Connacht; ⁊ tucc cáecca rón do rónaibh na fairrge leis, ⁊ do-rinne cáecca ech soinemhail dibh, ⁊ rucc leis go Temraigh íatt, go h-airm h-i r-rabhattar naoimh Erenn im Rúadan. Ocus do fhailtigettar na náeimh go h-iomarcach ria m-Brenainn 'ar t-toidhecht 'na c-ceann do.

 187

Do innis doibh go t-tucc na h-eich-sin leis dia t-tabairt do Diarmait, amail ro raidhsiomar romhaind.  259a Ocus 'arna chluinsin sin dona  p.89 naemhaibh, do-chuirettar fiss co Diarmait dia radh ris teacht do ghabhail ind fuaslaicthi-sin uatha. Ocus 'ar t-tocht do Dhiarmait mura rabhatar na naeimh, tuccadh na h-eich chuicce, ⁊ do-cuiredh marcaighecht orra. Ocus nir gabhatar in ronach eachlasga ináid spuir muintire Diarmata chuca; ⁊ ruccattar muinnter in righ dia n-aimdéoin isin m-Boind, co n-dernadh ronach díbh h-i fiadhnaise f-fer n-Erenn; gur baithettar cuid do muinntir Diarmata, ⁊ gurab ar eiccin tangatar an chuid ele i t-tír díbh.

 188

Ocus fa móide fercc Diarmata de sin; ⁊ adubairt nach gébadh gan éraic d' fagáil 'san ceilcc-sin do-rónadh cuicce, ⁊ a milledh a muintire. Ocus fa h-oidhce caithme bidh dona naemhaibh in oidhce-sin. Ocus do fhurail Brenainn ar na naemhaibh, celcc do denamh dochum righ Erenn .i. an trath do tiucfadh a c-cuid chuca, gach greimh da n-gerrfadaois 'ga chur docum a m-bél, a leiccen eter coilér a sccapail ⁊ an nocht-bhruinne, ⁊ a m-beith occ fás-chognamh a m-beol; ⁊ gach deoch do ticfadh chuca do dhortadh maran c-cédna ettorra ⁊ a sccapail, ionnus go saoilfettáis muinnter Diarmata go c-caithfedh na naeimh biadh, ⁊ go t-tucdáois ar Diarmait bíadh do chaithemh.

 189

Ocus do-ronsat na naeimh amail adubairt Brénainn ríu, iondus gur caith Diarmait biadh, ⁊ co n-deachaid neimh an troisccthi for Diarmait. Ocus iar c-codladh don righ iar sin, do-connairc in rígan .i. Mumhain ingen Conrach meic Duach d' Eoganacht Chaisil .i. ben righ Erenn, aisslingthi iongnadh .i. andar lé bile buadha d' fás ós Temhraigh na Righ, ⁊ a ghéga ⁊ a bharr do lethadh tar Eirinn uile, ⁊ do-connairc iar sin enlaith Erenn do luighe ar in m-bile-sin.  259b Ocus dar lé féin da sháer décc do thecht do bhuain an bile-sin, ⁊ da thuaigh déc leo; ⁊ gach slis da m-bendais dhe, a dhul ar in m-bile fein doridhisi. Ocus dar lé do-chonnairc sí aén-tsáer occ teacht don fhairrgi aniar, ⁊ an céd bhuille tucc se don bile, gur bhen sé a chend de.

 190

Ocus do-ling-si tar an iomdadh amach le h-uathbás na h-aislincce, gu ro fhiarfaigh an rí dhi, crét an t-olc do-chonnairc; ⁊ do innis an rioghan an aislincc dó. “Truagh sin”, ar in rí. “Meisi an bile-sin”, or sé, “⁊ is íatt an enlaith ag luighe air .i. rioghradh-Erenn ata umhal damh-sa le ré fichet m-bliadan; ⁊ is íatt an dá sáer décc do-chonncadhais do thocht do gherradh an bhile .i. da ard-naemh décc na h-Erenn atád ina t-troscadh re bliadna oram-sa, ⁊ meisi ag trosccadh orra-san maran c-céttna; ⁊ nírb úaisle le Día a t-troscadh-san inás mo throsccadh-sa. Ocus isé an sáer deighenach do-connairc tú do bhen a chend d' áen béim don bhile .i. Brenainn mac Findlogha, tainic don fhairrgi aníar. Ocus tucc forsna naemhaibh celcc do chuma cugam-sa, ionnus gur chaithesa biadh, ⁊ na cleirigh 'na t-troscadh; ⁊ do marbh Brenainn meisi. Ocus tuccthar na naeimh cuccam, go n-dernainn sith ría”.

 191

Teccait na náeimh i c-cend in rígh; ⁊ do-rinne sith ríu, ⁊ do  p.90 aisicc a m-braighde doibh iar sin. Ocus do troid Ruadhan fri Díarmaitt, go ro esccain se h-é, ⁊ go ro ghuidh sé Día fa gan rígh do shuidhe i t-Temhraigh go brath arís, ⁊ do esccáin se Temhair iar sin. Ocus fos do-guidh se gomadh losccadh, ⁊ badhadh, ⁊ marbadh bas Diarmata. Ocus do-guidh Diarmait Dia fa Rúadhan d' esccaine, ionnus go m-bentáoi a leth-cos, ⁊ a leth-lamh, ⁊ a leth-suil de.  260a Ocus ro fíradh an ghuidhe-sin Diarmata. Conidh tríd sin táinic oided Diarmata iartain.

 lxiii
 192

Araile la dino boi Brenainn cona muinntir i n-aroile ferann álainn oireghdha. At-bertattar a mhuinnter fris: “Ni fhuil”, ar síad, “isin domhan duine no thréiccfedh an ferann-so ar gradh Dé”. At-bert Brenainn: “Fil”, or sé .i. occlach fil h-i c-Corc mo druadh iar Carn. Ocus battar dino dí shéittigh dhersccaightecha lais. Ocus ba lain-shercach i n-danaibh, ⁊ dhechmadhaibh, ⁊ almsanaibh don Coimdidh é. At-bertattar a dhí sheitigh fris i n-aroile ló: “Cia fott”, ol siatt, “bemáoid accat amhlaidh so”? “Cein co tochra etraibh fein”, or eissiumh; “uair ionnarbthar Día tre essáentaidh, ⁊ tochuirther demoin”.

 193

“Iar n-aimsir móir íar sin t-achair eter na mnaibh. Luidh-siumh iar sin gan fis dona mnaibh día ailithre tar muir; ⁊ fuair luing n-erlaimh occ Ath Laighen. Téitt innte for fúdhomain in mara, co nus-fuair oilen noemh. Ocus gabhais ann fo chettoir; ⁊ ticc an long a h-aenar uadh go dú assa ruccadh. Ocus anais-siumh a aenar isin oilen-sin. Conidh é féin ro innis duinn na sccela-sin iar c-cein máir iar sin. Ocus ba h-eidighthe a chorp uile do clumhaibh gle-ghealaibh amhail choluim nó fháoilinn. Cidh tra acht”, ar Brénainn, “gibé fhuicfes a thir ⁊ a thalamh, amhail ro fhaccaibh an fer-so, bidh fechtnach foirbhthi, fíréon h-e, amhail in fer-so”.

 lxiv
 194

Araile la baoi Brénainn acc imtecht i n-ditreibh na Gaillia. Tainicc gaeth dermair dofhulachta doibh. Is annsin at-bert aen dia muinntir fri Brénainn: “Do-fáethsat na croinn-si foirn, ⁊ ron-muirfet”. Is annsin at-bert Brenainn: “A bhraithre ionmaine”, ar sé,  260b “eisttidh frim-sa beccán. Araile aimser oidhche bamar for in muir. Codlais an popul uile acht meisi am aenar. Is annsin at-connarc-sa inis i medhón in mhara, ⁊ is amlaidh bói an inis, ⁊ secht c-cosaara fuithe; ⁊ nó theighdís na longa mora fo sheol fuithe eter a cosaibh. Ocus battar na h-uile gotha ⁊ fogar innte. Ocus dano battar tri longa cengailte fuithe ind oidhce-sin. Intí iaramh”, ol Brénainn, “co n-icc in oilén secht-chosach sin do congbail for lar in mara, ⁊ ina h-uile gáetha aga comhthuarccain da gach aird, co n-icc antí-sin ar-sáeradh-ne for gúasacht na c-crann so filet occ tomhaithemh forainn anúas; ⁊ isé antí-sin rí nimhe ⁊ talman”.

 p.91

lxv. TABAIRT COLMAIN MANAIGH O DHEMHNAIBH TRE RATH ERNAIGHTHE NAEMH BRENAINN

 195

Araile la bátar días do mhuinntir Brenainn occ comradh, ⁊ Brenainn occ eistecht fríu; ⁊ isedh ro raidhsett: “In cumaing”, or síatt, “ainim an peacthaigh a thabairt a h-ifurn ó ernaighthe ⁊ almsain na c-carat m-béo bitti occa dara n-éisi”? Is annsin at-bert Brenainn fríu: “Eistidh rim-sa”, ar se. “Araile lá bámar inar c-codladh for in muir; óen-laech occuinn cen codladh. At-chonairc sidhe néll dubh, dorcha, aggarbh, adheittigh, adhuathmar, dia shaighidh a h-imel an mhara móir. Tainic chuccam-sa fo cettóir an t-athlaech”, ol Brénainn, “⁊ asedh at-bert: “Rom-gabh eccla go mór”, or sé; ⁊ ro raidh frim: “Eirigh go luath co n-uicce in néll mór-sa diar n-ionnsaiccedh; ⁊ an c-cluine an guth adhuathmur ann”?”

 196

“Iar n-éirghe immorro damh-sa, at-connarc in néll n-adhéittigh co n-deilbh n-duine n-dubh n-dorcha ann, anmhail aibheal 'arna bhadhadh, no fhiach mara;  261a ⁊ is amlaidh bói an dealbh truagh sin occ síor-ghul ⁊ occ síor-cháoi fri métt a peine; ⁊ is ann at-bert frim-sa: “Nott aitchim”, ar sé, “ar Íosa Criost, ar Mhac Rígh nimhe ⁊ talman, gur guidhe in Coimde form frissna trí lá-so, uair ní fuil nech as mo pían inú fri mét mo pheacadh”; ⁊ ro sceind uainn lasin n-guth-sin. Iar sin tra ro éirghemar uile fo chéttóir, gur guidhsem an Coimdhe fair-siumh. Do-riacht iar t-tribh laithibh 'ar sin, ⁊ a chorp dubh-ghlas uile. Ocus ba lugha a thoirrsi, ⁊ isedh ro raidh doridhisi, in Coimdhe do ghuidhe leis fri ré tri la ele; ⁊ ro imtigh lasin n-guth-sin.”

 197

“h-i cind sechtmaine do-riacht iterum, ⁊ néll bán uime, ⁊ a chorp lán-taitnemach amhail gréin samhrata. Ocus is amhlaidh bói in néll bán sin, ⁊ secht c-ciuil ána examhla ina medhon; ⁊ ba bindighther il-ceola in domain uile íad. Is annsin do-gni altuccadh buidhe do Dhia, ⁊ at-bert: “Anosa”, ar se, “fil Slanicidh in cinedha dáenna agum gairm docum a richedh budéin”. Is annsin as-bert-sa”, ol Brenainn: “Cuich tú, nó caidhe th' ainm”? “Meisi Colman, manach”, ol se, “inas messa bái dona h-uilibh manchaibh”. Iar f-fáccbáil trá bhennachtan do-san ag na braithribh, luidh la sodhain dochum nimhe la timthirecht aingeal.

 198

“Is annsin”, ol Brenainn, “rom-guidhset mo mhanaigh meisi im ernaighthe do denamh doibh, uair at-conncattar a tarbha don manach út. Acht chena ni fríth uaim-si sin do denam, co n-am tainic Michél archaingel iar sin, ⁊ isedh ro raidh frium: “At-cuala Día th' edarghuidhe”, ol sé; “sir ⁊ taistil Da scrioptuire diadha, ⁊ dena ernaighthe coimhtionóiltech eistibh, go m-be  261b acc saeradh ⁊ acc dítten fer n-domain ar ifrionn cona íl-phíanuibh”.”

 199

Do-roine tra Brenainn annsin an ernaighthe n-oirderc, ⁊ sé ina  p.92 luing. Bennachais tra Michel árchaingel an ernaighthe-sin Brenainn, ⁊ issedh ro raidh; a gabail fa dó décc a n-áen-ló for anmain gach pecthaigh, ⁊ dá slechtain dec for cech cantain dibh, ⁊ Pater i forbhu cech dula. Ocus ni fhuil do mét a pheacaidh, cidh béo cidh marbh, fogheba dílgadh, acht co n-derntar amlaidh sin dó. Deithbhir dino ciamadh h-é, Míchél archaingel, adéradh fris ind ernaighte-sin do denamh sech cech n-aingeal ele. Ninsa; ar h-é Mícel aingel Brenainn. “Conidh follus as sin”, ol Brenainn, “go t-tarbnaigenn dona marbhaibh, a caraitt bíí dara n-eísi do ghabháil a n-éccnairce”.

 lxvi
 200

Cidh tra acht iar t-taistel tire Gallía do Brenainn, ⁊ iar f-fertaibh ⁊ miorbhuilibh moraibh do denamh dó isna rannaibh thoir, do-riacht iar sin dochum n-Erenn; ⁊ téid iar sccís mara ⁊ mór-tíre go Clúain Ferta Brenainn, ⁊ do-rinne comnuidhe innte fri h-aimsir imcein ina dhiaigh sin.

 lxvii
 201

Feachtus do Bhrenainn mac Findlogha h-i c-Clúain Ferta dia cáscc viio anno ria a eitsecht. Ceilebharthir isind ecclais; pritcaidhther, oifriter léo. O tainic iaramh in medhon-lái tiaghait na manaigh dochum proinntighe. Faccaibther Brenainn a aenar isind ecclais. Gabhait cach for ord in proinntighe. Mac-cleirech occa dino, ⁊ cruit becc ina láimh. Gaibhidh for a n-airpeitedh, go t-tardsat a m-bennachtain dó. “Ro badh amhra lim-sa anosa”, or na manaigh, “dia nom-léiccedh Brenainn for lár na h-eccailsi, cor ro sephnainn  262a tri h-adhbainn ”. “Nochat leiccfe cuicce”, or in mac-clerech; “secht m-bliadna dono do Brénainn ríasin ni ro tibh e, ⁊ ni chúala ceol do ceolaibh an betha; acht da n-ubhall chiara ⁊ snaithe etorra no bíttis for a bhelaibh forsan liubhar. In tan immorro no chluinedh céol, do-bheiredh na h-ubla ina óaibh”. “Rachat-sa”, or in mac-clerech, “do sheinm cruite dó”.

 202

Téitt dino as, ⁊ a cruit glesta ina laimh. “Oslaic”, ol in mac-clerech. “Cia so”? ol Brénainn. “Mac-clerech do sheinm cruite duit-si”, or eisiumh. “Seinn amuigh”, ol Brenainn. “Menbadh doiligh lat-sa, ropadh buidhe lem mo leccadh for lar na h-eccailsi deit-si”. “Maith”, ol se, “ossailc riamh”. Do-bheir in mac-clerech a crota eter a da chois for lar. Do-beir Brenainn a dha n-ubhall ciaru ina dá nó. “Ni maith lim-sa”, or in mac-cleirech, “th' airpheitedh amhlaidh, ma ni ghatta in ceir estibh”. “Do-géntar dano”, or sé. Do-bheir iaramh forsan liubar ina fiadhnaise. Seindidh iaram trí h-adhbainn dó. “Bennacht fort a mac-clerigh”, ol Brénainn, “la céol nimhe deit dara éisi”.

 p.93
 203

Do-bheir iar sin na h-ubla ina chlúasaibh, ar nír bó h-áil lais eisteacht fri ceol do cheolaibh in chenntair. “Cidh na coisti fri céol”? ar in mac-clerech. “In ar a olcus lat”? “Maith, a mac-chlerigh”, ol se, “ni h-aire .i. i n-bása isind ecclais so seacht m-bliadna gusaníu, iar n-oifrenn ⁊ iar prochept sunn, do-chottar na mac-cléirigh don proinntigh; fómraccbhad-sa sunn 'm áenor. Rom-gabh imtholta i l-leith mo Thiccerna iar n-dol do churp Criost. A m-bá h-i suidhiu rom-gabh crith ⁊ omhan, co n-aca én forsan seinistir, co n-deisidh forsind altóir. For-féimdhius sa sealladh fair lásna ruithniu grianda battar uimme. “Bennach duinn, a clerigh”, ol sé. “Rott-bennacha Dia”, ol Brenainn.  262b “Cia fil ann”? ol Brenainn. “Michel aingel”, ol sé, “dot accallaim”. “At-lochar do Día omh”, ol Brenainn, “cidh dia tudhchaidh”? “Dot sénadh-sa, ⁊ dot airpeittedh ód Ticcerna”. “Is fochen duit lim-sa”, ol Brenainn. Attaigh a ghulbain iar clíathan a eite. Ro bhadhusa oc coistecht fris on trath go 'raile, ⁊ ro cheiliubhair damh iar sin”.

 204

Do-bheir Brenainn iar sin in astail darsan m-braghait: “In binn let-so, a mac-clerigh? Do-bhiur-sa mo chubhus do Dhia”, ol Brenainn, “nach binniu lem-sa ceol do cheolaibh in domain i n-diaigh in cheoil-sin inas in astoil-si. Ocus beir-si bennachtain, ⁊ bidhit neimedach ar m' airfittedh.” “Conidh í sin an dithrubhacht Brenainn i c-Cluain Ferta.”

 lxviii
 205

I n-araile aimsir dino lottar fir Muman do toghail Connacht. Luidh Brenainn dia tairmescc, ⁊ do chuingidh cairde forra; acht chena ni tuccadh dó; ⁊ dhomhaidhsett an sluaigedh do denamh. Isedh immorro do-roine Dia, go m-battar ima c-cuairt i n-oen-lucc; ⁊ gach áon ticcedh ann doridisi, go m-battar amhlaidh sin fri re cian tre cumachtaibh in Coimdedh, ⁊ tre ernaighthe naemh Brenainn. Ocus ro sáerta Connachta amhlaidh sin. Iar n-dol immorro do Brenainn as sin, ecmhaing araile mac náemh balbh dó ó ro genair. Iar m-bennachadh immorro do Brénainn do, labhrais fo cettoir.

 lxix
 206

Luidh Brenainn iar sin do accallaimh a shethar .i. Bríghe, co dún Aedha meic Eachaid, dianidh ainm Enach n-Dúin indíu. Cidh tra acht iar t-taisteal maru ⁊ tire, iar t-taithbeouccadh marbh, iar n-íc clamh ⁊ dall ⁊ bodhar ⁊ bacach, ⁊ áesa gacha tedma archena, iar fothuccadh  263a cell ⁊ mainistreach ⁊ ecclas noimdha, iar n-orduccadh abb ⁊ maighistreach, iar m-bennachad ess ⁊ inbher, iar c-coiserccadh crích ⁊ túath, iar n-díbadh col ⁊ peacadh, iar mór-ghaibhtibh mara ⁊ tíri, iar n-ionnarbadh demon ⁊ dúalach, iar m-buaidh ailithre ⁊ crabaidh, iar c-comlánuccadh firt ⁊ mírbhuiledd nad caemhnacar do fhaisneis, ro chomhfhoiccsighestair laithe eitsechta intí naemh Brenainn.

 p.94
 207

Is annsin at-bert Brénainn frisna braithribh iar n-oifrend in domhnaigh, ⁊ iar c-caithemh chuirp Crist ⁊ a fhola: “Ata Dia”, ol se, “agum gairm-si dochum na flatha suthaine; ⁊ mo chorp do bhreith co Cluain Ferta, uair bíaidh torromha aingel innte, ⁊ is innte bias mh' eiserge-si. Dentar iaramh carpatt becc libh, ⁊ tóet áen uaibh lais do iodhnacal mo chuirp-si, dus nach faicet na tuatha in fén mor, ⁊ sochaide lais, daigh na dernsat essaentaidh iar sin immon c-corp. Teccemhaidh iaramh oen-ócc-laech leth-ruisc clí do-shainridh donti bherus mo chorp-sa lais .i. Cuirrine mac Séttna essidhe. Ocus issedh at-béra frisan m-brathair aga m-bia in corp: “Inné corp ind náoimh so occat”? ol sé do guth gruamdha; “occuinn féin bías a eiséirghe”, ol sé; “⁊ leicc úait in corp”. Tabhradh dino”, ol Brenainn, “an brathair maiss n-óir as in talmain do Chuirrine ar imthecht dó uadha. At-béra in láech, ni leiccfedh aire. “Gebha feín righe, ⁊ do shiol it diaigh”, ol in brathair fris. “Leicc damh dola ass. Ocus acc so comartha duit aire .i ro bhása occa iomradh indíu, cionnus no ghebhtha ricche”. “Ac”, ol sé. “Not-fuigbe nemh ⁊ talamh”, ol in brathair. Léiccfidh-siumh”, ol Brenainn, “iar sin ar in treide-sin .i. ar ór, ar righe, ⁊ ar nemh. Ocus bennechaid an brathair  263b eissiumh iar sin, ⁊ imthigidh uile”.

 208

In tan tra tairnic do-somh a radh sin uile, bennachais dona braithribh, ⁊ da shiair .i. do Bhrighe; ⁊ an tan ro-siacht for tairsech na h-eccailsi, isedh at-bert: “‘In manus tuas, Domine, commendo spiritum meum; redemisti me, Domine, Deus ueritatis’ (Luke 23:46)”. Ro fháidh a spirat iar c-comhlanucchadh tri m-bliadan nochat; amhail as-bert in fáidh:

  1. Saoghal Bhrenainn gan bine,
    Ba saoi, ba faidh, ba file;
    Tri bliadhna nochat co cert
    Ro chaith sé go ro-ghuasacht.
Aen-bliadain ar ochtmogha ar chuicc cét ó incholluccadh Criost meic De bí go h-eitsecht m-Brenainn meic Findlogha; ut dixit:
  1. O ghein mheic Muire, as derbh linn,
    Go h-eitsecht bethad Brenainn,
    Bliadain ar ochtmogha án
    Ar chúicc cédaibh go comlán.
Isin seisedh la décc ceilebharthar a fheíl-siumh a mí Maii do-shunnradh.

 lxx
 209

Ro cuiredh isin carpatt iarnabhárach corp Brenainn,  p.95 amail adubairt Brenainn féin, ⁊ luidh an t-áen-brathair lais. Do-ecmaing inti Cuirrine mac Sétna dó; co n-ebert fris amhail ro remhraidh intí náemh Brénainn. Ruccadh tra iar sin corp Brenainn go Cluain Fertai, co ros-adhnacht annsin co n-onóir moir, ⁊ co n- airmittin, co psalmaibh, co n-iomnaibh, ⁊ co cantaiccibh spiratalta i n-onóir Athar ⁊ Meic ⁊ Spirait Naeimh. Ailim trocaire Dé uile-cumachtaigh tre impidhe naemh Brenainn roísam uile ind aéntaidh na naomh Trinoide, ro airiltnighem, ro aittrebham in secula seculorum. Amen. FINIS.

 210

14.

5. Da apstol decc na h-Erenn

 p.96 70b
 1

Bator da apstol decc na h-Erenn h-i c-Cluain Iraird ica foghlaim oc Findian. Co n-derna Findian fleidh dona h-apstolaibh ⁊ do naemhaib Erenn archena. Amhail rob áiniu doibh ic comhól na fleidhe co nus-aicet in scoith n-dífhreccra n-dímhóir chuca dind comhartha tíre tairngire. Is ann dino ro fhás bruth ⁊ comhairle aca im dhol d' iarraidh tíre na scoithi. Nochar gabh nech do laimh sech a chele dibh dul ann; co n-dernadh crannchor etorra .i. iter cech n-dís dibh; co tarla iar sin don da Brenainn dol ann. Cuirit dino an dá Bhrénainn crannchor etorra fodhéin, cipé dibh dia roisedh dul d' iarraidh tíre tairngire. Rosoich dino do Brenainn Birrae dol ann.

 2

Is annsin dino ro chuir náemha Erenn uile h-i socht, ⁊ i n-imsniomh, ara dhoilge leo a rochtain don t-senóir .i. do sinnser naemh Erenn ⁊ do súi na faitsine dol i craes mara ⁊ mór-fhairrgi. Conidh annsin at-bert Brenainn mac Findlogha: “Meisi an sósar, is mé raghus ar in fairrge”. Conidh dó ro chan in láidh si:

 3

  1. Bator ic foghlaim tréin treall,
    Cansat co léir a leighenn,
    Acc Finden co fichtibh ceall
    15Da apstol décc na h-Erenn.
  2. Co n-acaiset chuca in scoith
    In comunn féta fir-maith,
    Óta tír tairngire n-daith
    Ó righ na righ, on rígh-flaith.
  3. Ro raidhset uile malle,
    Ba dia c-comairlibh maithe,
    Co rochtain dail diamhair de,
    D' íarraidh tire na scoithe.
  4.  p.97
  5. Scarthais Día dá cech dis daibh
    Forla saethair na sen-náeimh,
    Do reir crannchair amhra uill
    Co tárla donBrénainn.
  6. Co ros-bennach Dia datha
    Cona lestraibh lind-bracha,
    Brenainn Birrae, buaidh flatha,
    Is Brenainn mac Findlacha.
  7. Cor cuirsiot crandchor caem n-glan
    I fiadhnaise na n-apstol;
    Brenainn Birrae cusin m-bladh,
    As dó do-rala in astor.
  8. Innsa re n-áes cumtha cóir
    Co cornaibh finda fledh-óil,
    A dal ar lúi mara moir,
    A súi slán is a seanoir.
  9. “Daigh im só sa sunn cose”,
    Ar Brenainn oc i n- airde,
    “Badh as damh inní bias de”,
    “Meisi raghus ar fairge”.

 4

Is annsin dino do-ronadh digrais cauraidh la Brenainn .i. ar mhed ⁊ luchtmaire .i. coicciur ar cethrachat ⁊ tri sechtmogat, isé lín do- chóid isin curach.

 5

Seolais iar sin Brenainn mac Findlogha for tonnghar in mhara mong-ruaidh, ⁊ for trethan na t-tonn t- taobh-úaine ⁊ for cichanaigh, in t-saile shith-guirm, ⁊ i m-béolu in aiccéin iongantaigh il-phiastaigh .i. airm i fuaratar ilar m-bleidhmíl muiridhi. Is annsin dino fogebhdís ailéna áille ingantacha, ⁊ ni thairistis inntibh-sin bheos.

 6

Bator dino co cenn m-bliadhna ar in iomramh-sin. Is annsin ba comhfochraibh don cháiscc; batar a mhuinnter aca radha fri Brenainn dula for tír do chelebradh na cáscc. “Is tualaing Dia”, ol Brenainn, “talamh do thabairt duinn in cech ionad bús ail dó”. Iar tichtain na cáscc tra, is ann toccbais in míl mór a formna i n-airde o sin muir súas, cor bó talamh comard, cobhsaidh, coraighthi, coimlethan, coimhreidh,  p.98 comhalainn. Tiacchaitt iar sin for in talumh-sin, ⁊ celebhraitt in chaiscc annsin. Óen-lá ⁊ dá oidhche doibh isin inad-sin, go tarnacair léo ord na cáscc do dhénamh. Tiacchait iar sin ina curach. Sceinnidh in míl mór iar sin fon muir. Cech uair ba comhfochraibh in chaiscc cecha bliadhna no tóccbadh in míl mór a druim ós an muir, coma talamh tirim techtaidhe.

 7

Fechtus dino bator for in aiccen, co n-acatar na srotha dearmáire.  71a Do-sreng ait dino an tanfad dara n-aimhdhéoin co bord na saebh-coire. Is annsin ros-gabh imeccla mór íat fri méd na ainbhtine. Gabhais cách dibh acc fecchadh i n- aghaidh Brenainn, uair ro ba dermáir in gábudh i rabhator. Tóccbais iar sin Brenainn a guth co h-ard, conidh ann as-bert: “Is lór dhuit, a mhuir mor-sa”, ol sé, “meisi m' óenar do bhadhadh, ⁊ léicc uait in lucht-sa”. Is annsin dino fethnaighis in mhuir fo cédoir, ⁊ toirnit feicheda na saebh-choire o shin amach riamh, ⁊ nír irchoitig- set do neoch eile.

 8

A m-batar ann la n-aile for an muir co taínic diabhul chuca i n- deilb sentu adhuathmaire inglaine ifernaidhe, co n-deisidh for seol in churaigh i fiadhnaisi Brenainn a aenur. Ní fhacaid dino nech dibh-siumh é acht Brenainn a áenar. Iarfaighis Brenainn do dhiabal, cidh 'ma tanic a h-ifern riana aimsir chóir .i. ria n-aimsir na h-eiseirghe móire. “Is aire immorro tanac”, or díabal, “d' iarraidh mo phianta i clúsalaibh doimhnibh in mhara duibh dhorcha-sa”. Iarfaighis Brenainn do-somh: “Cidh on, cáit ina fuil in loc ifernaidhe sin”? “Truagh sin”, ar diabhal, “ní chuma- ing nech a fhaicsin, ⁊ se béo iar sin”.

 9

Is annsin foillsighis diabhal dorus ifirn do Brenainn; ⁊ feghais Brenainn iar sin in carcair n-gairbh n-guirm sin, lán do bhréntaidh, lán do lasair, lán do mhosair, lán do longpurtaibh na n-demhnu neimhnech; lán do ghol ⁊ do eighim ⁊ do erchóid; ⁊ gaire truagha ⁊ nuall-ghuba móra, golfadhach ⁊ basgaire na tuath peacthach, ⁊ bethu dubach brónach h-i cride péne, i carcraibh teinntighibh, i sruam- haib na  p.99 sreth sir-theinedh, i cailiuch bith-bróin ⁊ báis cen crích cen foircenn, i lathachaibh dorchaibh, i cathairibh trom-lasar; i n-imat bróin ⁊ báis, ⁊ riagh, ⁊ cuimreach, ⁊ trom-treas n-dichumaing, co m-bloedhghail adhuathmair na n-demhna neimhnech, i n-aidhchi bith-dhorca, bith-uair, bith-bréin, bith-shalaigh, bith-ciamair, bith-ghairbh, bith-fhoda, bith-muichnigh, marbhthaigh, malartaigh, mucna mong-theinntighe iochtair imuair adheitig iffirn; h-i slesaibh sliabh sír-theinedh, cen anadh, cen airisemh, acht sluaigh demhnu ac tarra- ing na pectach i c-carcraibh troma, tenna, tee, tenntighi, dorcha, doimhne, diamhra, dímaine, dáera, dubha, déinmecha, sal- cha, seda, senta, sir-bréna, sir-debhtacha, sir- trodacha, sír-scitha, sir- marbha sir-bhéo.

 10

Gol ger, garcc, goethach, golfartach grechda, geranach, gothach, goirt, ger-gairmnech, gubhudach. Cruma croma, cruaidhe, calma, cend-mhóra. Piasta buidhe, bana, bel-mora. Leomhain lonna, lán-luatha, leid- mecha. Seabhaic roda, ruadha, ro-arda. Drecain dercca, dubha, dronn- móra, deinmnecha no dein- mecha. Ticcri trena, tuath-bertaigh; scoirpi gorma gimacha; griba garba, goib-ghéra; cuile goirte, guilbnecha; creabhair chroma, cruadh-ghobacha. Farchadha trena, trom-iarnaidhe; sústa senta, sen-gharba; claidhbe gera; gai ruadha; demhna dubha; teinnte bréna;  71b srotha neime; eassa bréna.

 11

Cait ic scribadh, coin ac ledradh, gadhair tafaind; demhna ag glaedhgail; locha brena, lathacha mora, cuithe dorcha, glenna doimhne, slebhte árda, creca cruaidhe. Sluaigh demhna, longport salach, pían cen anadh; saithe sanntach, tochur meinic, troid cen fhuirech; demhna acc píanadh, imatt riagha, betha bronach.

 12

Airm i filet srotha secdha, serbha, senta, sir-bréna, lobhta, legtha, loisctecha, loma, luatha, lan-tei, lethna; cumga cruaidhe, cairrgecha, foda, fuara, fodomna, beca mora feichtecha, sir-the, sínte, suáiti, so-thoirsecha; moighi loma, loiscthecha. Tulcha corra,  p.100 gímacha; glenda croma crumhacha; móinti garbha, deilccnecha; coillti dubha teinntighi. Slighti salcha, biastaighi. Mara techta, tul- bhrena; clóithi aidble, iarnaidhe. Usci dubha doimillsi. Aiddi imda examhla. Samudh salach, sir-lobtha; gaetha goirti geimhreta. Snechta secda, sir-silte; lanna dercca, teinntighe; gnuse dáera, dubha; demna luatha, leidmecha; piana aidble eccsamhla.

 13

Iar faicsin na pian-sin do Bhrenainn, co c-cualaidh in nuall-gubha n-dermair n-dofulachta n-ettualaing, ⁊ an chúi ciamair, attruagh, ⁊ in golgaire dichumhaing i fudomhain iochtair ifrind. Is annsin ro gabh imeccla an clerech fri h-adhuath na troighi-sin. Conidh annsin at-connairc Brenainn in carraicc n-dermair; is fuirre-sidhe ro búi a n-at-cualaidh; ⁊ ticcedh an muir ifernaidhe da cech aird darsin carraicc n-dermair .i. tonn teinedh dubh-ruaidhe anair thairsi, ⁊ tonn uar, eighreta, aníar cech re fecht.

 14

Is annsin búi oen-duine truagh ina shesamh forsin carraic. Iar- faighis Brenainn de, cuich é. “Iudas Scarioth meisi”, ol se; “⁊ as me do rec mo thiccerna do chinn airccit ⁊ ionnmais dímiccnigh, díomaoin in t-saoghail .i. Ísu Crist mac De bí. Ocus as dermair”, ol sé, “méd mo phian n-examail; ⁊ bett amhail at-chi-siu oníu co tí an brath”. Is annsin ro chúi Brenainn fri méd na tróighi i facaidh Iudas do beith. Conidh ann do-righne Iudas na runna becca-sa oc taithmet do Breanainn:

 15
  • Iudas Scarioth me indiu
    For tonnaibh na tren-fairrcciu;
    Truag mo betha gaibtech gorm,
    Ocom píanadh i n-iforn.
  • O thuinn teinedh for tuinn uair,
    O tuinn uair for cech tuinn trein,
    Mé 'com píanadh as cech airm,
    Truagh in gairm mo bheth h-i péin.
  • Maircc damh-sa trécced mo righ,
    Olc in gnimh fa tuccus laimh; p.101
    Beithir de tre bithi sír
    Cen sídh is cen annsa shaim.
  • h-Ichtar ifirn cech re n-uair,
    Truagh an grifing bís fom taobh;
    Deamna dubha bít im dháil,
    Uch, a lágh, ni cuma caemh.
  •  16
  • Maircc do-righne, maircc do-gni ,
    Maircc a turus for bith cé;
    Antí do-gni saint tar ró,
    Maircc fa dó, ⁊ maircc a Dé.
  • Maircc damh-sa mo saint rom baidh,
    Demhna garcca at-cim 'ar n-uair;
    Maircc mo thurus a Dé dáibh,
    Maircc do ráidh mo cubhus crúaidh.
  • Uch, a Brenainn, fégaidh mé;
    Cech a n-denaim damh as mo,
    Ifern dona, daer, dubh, dall,
    Uch, as ann atú sa béo.
  • Uchan, uch luach braith mo righ,
    Co sír sír do-ghébh a olc,
    Tricha circull airccit bhain,
    Isé sin do cráidh mo chorp.
  • Ar ionnmus tuccus mo rígh,
    Uch, as tríd as olc mo dhil;
    Ní mhair in t-ionnmus dom réir,
    Mairim-si i péin tria bith sír.
  •  17
  • Uch, nach marbh me, a Meic mo Dhe,
    Uch, as garb do-gheibhim gleo;
    Uch, me ar lasadh goma cét,
    Ní fhagaim écc, acht me béo.
  • Cruma croma bit fom thaebh,
    Dubha, donna, truag in baig; p.102
    Gair tafaind ann cech re n-úair
    Truag in grafaing bít im dáil.
  • Uch, a airccit, maircc do-gni,
    Uch, do airccis mé fam De;
    Uch, a ionnmais, bhréccaidh bháin,
    Uch, is plaigh ro imres fein.
  • Maille re demhnaibh atú;
    Uch, rom-medhraigh olc mo ghné,
    Do-clos tre dhiumus mo gnaoi;
    Is Iúdus Scarioth me.
    IUDAS SCARIOTH
  •  p.103

    6. Betha Sein-Chiarain Saoigre

     222
     i
     1

    Baoi fer amhra a n-Osraighibh .i. do Dhal m-Birn, Lughna a ainm. Luigh sidhe for cuaird don taoibh budhes d' Eirinn, ⁊ tug a dhiongmala do mhnáoi ann .i. a g-Corca Laighe go h-airithe, Liadhain ainm na mna-sin. Ad-connairc an ingen-sin aislingte. Andar le go t-tainic realta do nim, go n-dechaid ana béola, go ro shoillsigh fir Eirenn uile. Ad-racht arnamharach, ⁊ ro innis gach ní ad-connairc; gurab í breth rugadh furte .i. go m-beradh gein bhuadha, diamad lar iartar domain a b-fertaibh ⁊ a miorbuilibh.

     2

    Ba fíor son; ro geinedh an mac .i. Ciaran, ⁊ a g-Cleire rodnalt. Ocus ba follas rath Dé fair a miorbuilibh ⁊ a b-fertaibh iomdha, go raibhi triochad bliadhan isin ionad-sin, maille re duthracht leighinn ⁊ urnaighte, cía ro bhaoi gin bhaisdedh, gin bhennachadh, acht a bh-fuair o neamh dhiobh. Nior bo machtnadh on, air ni bháoi baisde na creidemh frisan ré-sin isin innsi-so; go ro triall aran imteacht aisde go Roim Letha; ar ro taisbenadh do nim dó, gomadh ann no legfadh a salma, ⁊ do-ghebhadh gradha easbuidh, ar ba h-i cenn an chreidim h-i.

     'ii
     3

    O rainic  223 do Roim, ro baisdedh h-e iar riachtain; ⁊ ro leigh an sgriobtuir ⁊ an chanoin coimdheta ag ab Romha, go m-bui triocha bliaghan ag an fhoghlaim-sin, go n-dubhradh fris toighecht dia tír, ar ba h-ann báoi a g-cínnedh dó oírisemh do dhenamh, ⁊ gomadh oirdraic fon uile dhoman a fiorta ⁊ a urnaighthe.

     4

    Luigh Cíaran aside go h-Edail, gonadh ann do-rala Patraic dó for a chonair, go ro failtighsit fria aroile. Ocus ad-bert Patraic fris, tiachtain dia thír, go ro chumdaighed cathair a medhon na h-innsi-sin, ⁊ go b-fhuighbedh úaran ann. “Ocus oiris emh aga, ⁊ teigemhad-sa friut iar t-triochad bliadhan”. “Nis am eolach-sa fair”, ar Ciaran, “air ní fhedar cisi h-úaran sech aroile díobh, aga n-oirisfinn”. “Bera mo chlog-sa”, ol sé, “⁊ biodh amhlabhar no go riacht an t-úaran; ⁊ benfaidh iar rochtain, ⁊ budh é an bardan Ciarain a ainm go brach, ⁊ do dentur fiorta ⁊ miorbuile libh iomaleith, ⁊ biodh Saoighir ainm an ionaidh”.

     5

    Ceileabhrais cach día chéile diobh .i. Patraic ⁊ aran, ⁊ do-roine Ciaran amhail adubhradh fris, no go rainic gusan úaran oirdraic fil an Eilibh  224 Muman, go ro ben a chlodh ann, amhail ro gealladh. Ocus ro thorainn a reigleis iar sin.

     p.104
     iii
     6

    Do-roine Día fiorta iomdha sunn for Chiaran. O ro ghabh for claoidhe na reilge, ⁊ se a aonur, go b-faca an torc n-allta ana dochum, go ro ghabh for ledradh ⁊ tochladh, go ro ben an fiodh uile don tochailt-sin, ⁊ go ro claoi an talamh, gur bo réigh. Do-gní iar sin teghais, a n-oirisfiodh an g-cein no bhiadh frisan mor-obair n-ugad, ⁊ an t-ainmidhe egcennsa út og bein ⁊ ag tarrang an fhedhaigh dó, gur bó h-erlamh. Do-rad Día tuille manach docum Cíarain, co n-faca cuca an faolcú go m-broc, ⁊ go sionnach lais, go ro ansat maille fris ag denam friochnama ⁊ fritheolma fair.

     iv
     7

    Badur samluigh fri ré cían ag an b-friochnam-sin, no go t-tarla don t-sionnach a dhuchas fein do eirge for a mhenmuin, go ro goid a bhroga ó Chiaran, go n-dechaidh for teithed ana uaim-thigh. O ro airigh trá aran an esbuidh umale, adubairt risna mancaibh oile .i. frisan g-coin allaigh, ⁊ fris an m-broc: “Ní maith an cerd manaigh”,  225 ol se, “oirgne na slada do dhenam, ⁊ eirg”, ol se, frisan m-broc, “⁊ tug lat ar áis no ar éigin é, go ro cursaighter inn”.

     8

    Luigh iaramh an broc, go n-dorala an sionnach fris, go ro chuibhrigh ó chluais go laoi, go t-tug ar éigin lais é. Ad-bert aran fris: “Dena ainti ⁊ aithrighe”, ol sé, “air ni cerd mhanaigh mibhésa, ⁊ oíris for céill, ⁊ diamadh miana no bheith fort, do-bera Día duit amhail shirfe”. Fóghní-sium, amhail as-bert Cíaran, ⁊ ro oiris isin maincine cedna, go no morad ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     v
     9

    Asa h-aithle sin tra ó 'd-clos clú ⁊ oirdhercas Chiarain, ro tiomairg a choibhnesa chuige do gach leth; ⁊ tainic a mathair, dá ionnsaighe, go n-ógaibh iomdha lé fría foghnam Dé ⁊ Cíarain. Ocus ro thogaibh reigleis riogha ⁊ tempoll toghaidhe do Día, ⁊ do-gniodh foircedail iomda ar briathraibh Dé dona criochaibh comfhoigsi, ⁊ dia atharda feisin .i. do Osraighibh, ⁊ ro chreidsiot il-iomad do dhaoinibh Día tré foircedal Ciarain.

     vi
     10

    Is annsin do-rala do Patraic teacht do shioladh creidme d' feraibh  226 Eirenn, ⁊ dia m-baisdedh, iarna fularamh ó Iosa fair a sleibh Siona, día t-tugadh an bachall Iosa dó, go no aontoigh, ⁊ go ro cengail gach ní cingeladh Patraic isin innsi-so. Oir ní bháoi do choiméd irsi ⁊ creidme a n-Eirinn roim Patraic, acht madh Ciaran, ⁊ Oilbe, ⁊ Déglan, ⁊ esbudh Iubair. Ro criochnaighedh la Patraic gach ní, amhail ro iomraidh fria h-Iosa, go ro ben fiora Eirenn a lamhaibh demhan, ⁊ a h-adradh iodhal.

     vii
     11

    Báoi trá dalta dil og Liadhain .i. mathair Ciarain, ⁊ ni bháoi for bith ben budh ferr cruth ⁊ bésa; ⁊ ingen rí do rioghaibh Muman h-í, ⁊ Bruinech a h-ainm; ⁊ ro chinn a h-oighe do Dhía, ⁊ luigh  p.105 go Ciaran maille re Líadhain. Lá n-ann luigh rí Ceineil Fiachchach, D' ar n-doich mor bho é sin cinel Fhiacha meic Neill, go Cíaran, Dioma a ainm, go n-aca an ingen n-iol-crothach, ⁊ ro medradh oca faicsin, go rug lais día h-aimdheoin gin fhios do Chiaran, ⁊ go ro eignidh an inghen iar sin.

     12

    Ba galar tróm la Ciaran anní-sin, ⁊ luigh for iarraidh na h-ingine go tech Dioma, go n-debhairt Dioma fris: “Nis-bera an ingen”, ol sé, “go n-abra do  227 thigerna frium”. “Is túalaing Día on”, ol aran. Nior bó cian badur ann, go n-ébairt an guth uasa; “Leigh uait an ingen”, ol sé. Ro léig an ingen la Cíaran iar sin, ⁊ ba torrach h-i. Ro cuir Ciaran iaramh sighin na croiche coimdheta tairsi, go n-dechaidh ar neimfni e gan airiughadh fo cedoir.

     viii
     13

    Ag cionn aimsire iar sin tarla ar mhenmuin Dioma techt d' iarraidh na h-ingine do-righisi, air nior fhulaing beith 'na fegmais. O 'd-connairc an ingen an righ dá h-ionnsaighe, air bá derbh le is día breith lais d' áis no d' eigen tainic, ad-bath fo chedóir. O 'd-connairc Dioma ég na h-ingine, ro criothnaighsiod a bhaoill, ⁊ ro buaighredh a aignedh, ⁊ ad-bert fria aran iar sin: “Ro marbhais mo cheile”, ol sé, “⁊ diogholtar fort é; ⁊ sgriosfaighther as an áit attaoi tú, ⁊ ni bía fos fort”. “Ni cumachtach túsa uimesin”, ol Cíaran, “⁊ Dia nime edrainn, ⁊ ni fhuil mo maith-si ná m' olc ar do cumas”.

     14

    Asa h-aithle sin tra fuair aon-mac an righ bás lasan aitheasg-sin; go t-tainic buime an mhic a b-fiadhnaisi Ciarain ag basgaire truaigh, ⁊ ad-bert  228 an ben: “Do-bheirim-si an mac úd, ⁊ me féin a mainchine duit”, ol sí, “dia g-cabhra an uair-so fair, oir is tú rod marbh”. Iar sin tra dus-fáinic soighnen tinntighe do nim for brugh an righ, go ro loisgedh idir duine ⁊ airneis, gur loisgedh an dara mac baoi lásan righ .i. Duncadh mac Dioma eiside.

     15

    O 'd-clos don righ anní-sin, luigh go Ciaran, ⁊ do-roine cros-fhighill de fein ana fiaghnaisi, maille re h-aithrighe mhóir, ⁊ re tóirsi thruim, ⁊ ro ghuidh é fa fortacht ⁊ fa mhaithfechas dó. Do-rad Ciaran do-sum anní-sin ⁊ ro dhuisigh a dhá mac iar m-bás ⁊ losgadh dó, gur bhó slán. O 'd-chonnairc Ciaran an ingen do eg, ro dhuisigh o bhás maran g-cedna. Ar bá derbh lais nach beradh an righ uadha tar sarughad ní budh mó. Ro morad ainm Dé ⁊ Ciarain tresna mor-miorbuilib-sin.

     ix
     16

    Fecht ann dus-fainic a choig go Cíaran ⁊ ad-bert fris: “Ní filid muca linn, ⁊ do riocfaidhe a les íad fria biathadh ar manach”. “Is tualaing Día umpa-sin”, ol aran. Nior bhó cian dóibh go b-facadur an dá mhuic dég dá n-ionnsaighe. Ansad ocaibh  229 go ro shiolsad tréda iomdha díobh.

     p.106
     x
     17

    Feacht oile luigh an coig cedna go Ciaran, ⁊ ad-beir fris: “Regar a les cáorigh linn”, ol sé, “ar is eigen a g-cennach mona fagabhar.” “Ní h-usa lá Día na muca”, ol Cíaran, ⁊ budh fior sin. Ad-cíad an tréd do chaorcaibh geala isin muigh. Is ar eigin ma ro fhedsad fritheolamh for a sioladh.

     xi
     18

    Fechtus dia n-dechaidh fer oirmhidnech báoi a g-comfhogas dó go Cíaran, Fionntan a ainm, ⁊ a mhac marbh lais dia thodhusgadh dó, Laoghaire a ainm side. Ro guidh Cíaran Día umma fhortacht. ⁊ do-róine cros-fhidhill ⁊ ernaighthe diochra go Día fair. Ad-racht an mac o bhás lá breithir Chíarain; go ro moradh ainm Dé ⁊ arain de sin. Go t-tug-sumh a uile ionnmasa ⁊ saidhbhresa do Dhía ⁊ do aran, ⁊ do-rad fós an baile forsa m-baoi fein gona fherann a m-bith-dilsi do Día ⁊ do Cíaran .i. Raith Fhera a ainm.

     xii
     19

    Is a n-aimsir-sin trá ro-siacht Patraic go Caisel a g-cenn rí Muman .i. Aongus mac Nad Fraoich, ⁊ tainic Ciaran 'na g-comdhail ann, ⁊ teid Aonghus ⁊ maithe Muman  230 fó baithis Patraic. Báoi fer do Iobh Duach Osraidhe isin comdhail-sin, Erc a ainm, go ro ghoid an teach forsa m-baoi Pátraic.

     20

    Ro cuibhrighedh an fer-so gusan righ; ⁊ luigh Ciaran dia cuinge forsan righ. Ni fuighbhithe uada gin maoine dia chionn. Do-rad Cíaran tomas óir tara cenn, óir ro bhaoi a bhaigh risan Osraidhech. Do-radadh do-sam an cimidh. Ro leigh an t-ór iaram, ⁊ teid for neifní. Ro fergaidhedh an rí de sin, ⁊ ad-bert: “Ciodh umma tucais t-ór aislingte damh-sa”, ol sé, “⁊ is meabhal fo-dera duit a denamh”, ⁊ do-roine bagar mor fair. “Ni bí don bith uile acht madh aislingte, ⁊ dul for neifní”, ol Ciaran; ⁊ ro lonnaighedh frisan rígh iaramh, ⁊ ro triall esgoine ⁊ dioghail fair, go ro dalladh an righ; gur bheg nach dechaidh a m-bás.

     21

    Go n-dechaidh Mo Cuda do ghuidhe Chiarain fa toirmesg do cur ar an dioghail-sin, ⁊ go m-biadh an rí dia réir. Ro fhortachtaigh-sium an righ iaram, amhail biodh ó bhás do éireochaidh. Or ro silesdar cách, gonadh bás do  231 fuair. Ocus do-rad maoine díairme do Chiaran, ⁊ luigh feisin fana thoil do dhenamh; ⁊ do moradh ainm Dé ⁊ Cíarain trid an mhiorbhuil-sin.

     xiii
     22

    A m-bai righ Muman .i. Aongus, for a chuaird righe sechnoin na Muman, badur aos cíuil ⁊ oirfidigh lais. Luighsit uaidhibh for cúaird a Musgraidhe Tíre. At-reithsid biodhbhaidh fríu fria h-edail forta, go ro marbhadh an t-áos cíuil, ⁊ ro cuiredh a b-fholach fó loch báoi a b-fhogas doibh. Baoi crann fon loch, go ro cengladh fon g-crann gona g-cruitibh léo, iarna nochtadh fein, oir nior bhó h-ail léo a fhios forta.

     p.107
     23

    Foda lásan righ ro badur a áos ciuil. Ro chuir teachta for a n-iaraidh, go nar frith béo na marbh díobh. Luigh an righ go Cíaran día fhios cred tarla día áos ciuil, ar bá derbh lais, bá faidh a nim ⁊ a t-talamh. Ocus ro fhoillsigh Cíaran dó gach ní ro fhiarfaidh de; ⁊ luigh Ciaran roiman righ gusan loch n-ugad, ⁊ do-gni crois-fhighill ⁊ urnaighthe n-diocra go Día, go ro traigh an loch, gur bó follas do cách, amhail  232 batar a c-coimcengal don crann, amhail adubramair romainn.

     24

    Ad-bert aran fríu eirge on loch; ⁊ ad-rachtsad iaramh, amhail biodh as a c-colladh, gona g-cruitibh léo, iarna m-beith mí fon loch. Gonadh Loch na g-Cruitirigh a ainm beos. Go ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain triasan b-fhiort-sin.

     xiv
     25

    Fecht oile don righ for an g-cuaird cedna. Luigh taoisech dia muinnter go n-dorala for mucaibh Ciarain. Marbhsad muc dhiobh. Ro gáiredh mar namhaid forta, ⁊ ro marbhadh fer for a deich diobh uman taoisech. Luigh an righ ⁊ Mo Chuda go Ciaran, ⁊ ad-bertsad fris air go t-teiseadh léo for cenn na míledh ughad ro marbhadh, día m-breith go Ciaran feisin día n-adhnacal.

     26

    Tiaghaid día n-ionnsaighe, ⁊ ní bháoi léo lion an iomcair. As-bert Ciaran: “Eirgidh”, ol sé, “a g-coimideacht bur righ, a n-ainm Dé”. Ad-rachtsad fócheadoir o marbhaibh lá breithir Chiarain gusan muic iona bethaidh léo, ⁊ do-radsat a mainchine dó iaramh, cein robdar béo; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain don miorbuil-sin.

     233
     xv
     27

    Luigh Ciaran lá n-ann fo choill bá comfhogas dó, go b-facaidh muine ard go smeraibh fair. Do-rad dlaoi do bog-simin for an t-tor, go mairedh i n-gach aimsir, giodh be h-uair do iarfad íad. Is annsin do-rala rí Muman for cuaird go tech Conchraidh meic Duach, ri Osraidhe; ⁊ do-rad an rioghan serc dó .i. Eithne Uathach; ar ní baoi nech budh cruithidhe anas an Concraidh-sin; ⁊ ro cogair Eithne fris a menma uime.

     28

    Ní ro aontoigh Concraidh anní-sin, óir níorb ail dó gomadh ciontach frisan rioghain é. Gonadh edh do-roine Eithne, serg ⁊ galar bréige do ghabhail fuirte, o nach baoi cumus imteachta lé. Ro h-innisedh do Concraidh anní-sin ⁊ téid go h-Eithne dia fhios cred do foidhenadh di. As-bert sí, ní biadh maith di a n-aon ní, mona fhaghbhadh sméra, aris doibh do-rad a miann, ⁊ as íad budh leighes ⁊ budh luibhi íce dá h-eslainte.

     29

    Luigh Conchraidh go aran, ⁊ ro innis amhail ad-bert Eithni fris. Luighsid a n-dis gusna smeraibh  234 adubhramair romainn, ⁊ rugsat go h-Eithne íad, ⁊ ro caith ni diobh; ⁊ ba boladh fiona ⁊ blas meala baoi forta. Ocus ba slán o gach serc ⁊ o gach galar baoi fuirte; ⁊ mion-caisg ann an tan-sin.

     p.108
     30

    Luigh Eithne iaram go aran, ⁊ do-roine altughadh buidhe do Dhía ⁊ do aran ar son a saorta on anntoil-sin ron-gabh; ⁊ do-rad a coibhsena dó, ⁊ ro guidh é fana sáorad ar gach n-guais nó biadh fuirte. As-bert Ciaran: “Ni fhedaim-si do saoradh-sa ar bhás fil ad cionn; oir cuirfither cath idir Muimnechaibh ⁊ Laigin, ⁊ tuitfir si, ⁊ t' ingean, ⁊ righ Muman ann; ⁊ do-ghebhair flathas nime iaramh”. Ocus ro fioradh uile a n-dubhairt Ciaran; oir do-rochair Aongus mac Nad Fraoich a g-cath Ceall Osnadh la Laighin, amhail ro tharngair aran.

     xvi
     31

    Feacht oile báoi comdhail Muman ⁊ Laighen a n-dáil Patraic do thoigecht fria baisdedh ⁊ foirchedal breithre Dé dóibh ag comfogus do Ciaran. Ni báoi comas biadhta léo an aghaidh-sin iar sin b-proigept, go ro fhosd aran fría sásadh doibh  235 a n-ainm Dé ⁊ Patraic.

     32

    As-bert Ciaran frisan g-coig fritheolamh dóibh. As-bert an coig nar bo h-éidir dóibh fritheolam d' faghbhail; “ar is fogas an aghaidh, ⁊ ni fhilid acht seacht n-dama liom; ⁊ ni fhil furtacht an cedmadh fer diobh ann”. “Berbhtar libh”, ol Ciaran, “na seacht n-dama, ar nior bo h-usa la h-Iosa na coig mhile do shasadh lasna choig aranaibh ⁊ leis an dá iasg, ina sinne lásna seacht n-damaibh ugad”. Bidh fior són; ro sásda laisium am búi ann, gur bhad lór lá gach fer a pruinn fodheisin. Ocus ro bennaigh an tobar iaramh, gur bó blas meala no fiona la gach n-aon no ibhedh, gur bho mesga na slogha iarná sásadh. Go ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain triasan b-fiort-sin.

     xvii
     33

    Aroile aimsior do-rala rí Temhrach for sluaghadh isin Mumain; go ro thionoilsit fir Muman fris, go ra bhadur ucht fria h-ucht a n-Éilibh tuaisgirt. Ro ghuidh-sium Día ioma furtacht go ro éirigh fiodh  236 adhbhal etorta, ⁊ abann ard-tuile, Brosnach a h-ainm; ⁊ mairigh ann bhéos.

     34

    Go ro sgarsad na catha fría aroile. Tiaghaid fir Themhrach dia t-tighibh; ⁊ ro ansad Muimnigh isin ionad-sin d' aghaidh iom Oilill rí Caisil. Ro chuir Cíaran mart ⁊ muc chugtha, ⁊ ro bennaigh, gur bhó lór do shásadh dona sloghaibh; ⁊ gona fhuigheall la gach fer aramharach diobh. Go ro moradh ainm Dé ⁊ arain de sin.

     xviii
     35

    Báoi gnathughadh og Ciaran for a mhancaibh gusan fairci bai léo, no thigdis gach laithe nollac moire docum cumaoineach do laim Cíarain. Báoi buime laisim, Cuinche a h-ainm, ⁊ a Ros Benncuir no bhiodh a n-deisgert Laighen. Feadhbh craibhtech isidhe. No teighedh Ciaran día h-ionnsaighe, iar n-aifreann na geine dó  p.109 a Saighir, go Ros Bennchair, go ro gabhadh sí cumaine día laim sim aramhárach, ⁊ nó bhiodh ag aifriom a Saoighir isin ló cedna, ger bhó cían etartha.

     xix
     36

    Ocus no teighedh do ernaighthe araon ré Coinci for carraic iomthuile baoi forsan muir a medhon tonn o Ros Benncair budhes;  237 gonadh carraic Chuinchi a h-ainm o sin bhéos. Ocus no thigedh go Saoighir isan laithe chedna; ⁊ ni fes cionnas do-ghniodh, acht mon budh fosgadh ainglechdha on Trionoid aga togluasacht.

     xx
     37

    Baoi tra ben oirbhidnech a b-fhogus do Ciaran, Eichill a h-ainm. Ro thuit an ben-so fria carraic, go ná raibhi cnam fria aroili dhí. Ro h-acainedh fria aran anní-sin. Téid día h-ionnsaighe, ⁊ ad-bert fria: “Eirig”, ol sé, “a n-ainm na Trionnoide”. Ro éirig an ben fo cedóir ó bhás la breithir Chíarain, ⁊ tug altughadh buidhe do Dhía ⁊ do Chiaran; ⁊ tuc ferann dó .i. Leim Eichille.

     xxi
     38

    Luigh aroile gaduide tar Bladhma síar; go ro ghad boin o Ciaran. Ad-racht céo ⁊ dorchada diairme fair; ⁊ sruth trén-tuile, go ro baithedh, ⁊ ro ionnto an buin go aran doridhisi.

     xxii
     39

    Badur tra maoir o righ Eirenn og tobhach a chána a n-gach áit. Tarla do fhior acu gur mharbh sé cara do Chíaran gin chionaidh, acht madh ainntreisi a thigerna. Crónan ainm an oglaigh. Rainic an sgel-sin go Ciaran; ⁊ luigh for iarraidh an oglaigh, go b-fuair a g-cionn secht  238 laithe iarna bhás. Go ro dhuisigh fo chedoir lá guidhe Dé fair. Ocus ad-bert Cíaran fria ri Éile “Iorghabh an bith-beanach ughad; ⁊ loisg iaram issin olc do-roine gin adhbur”. Ocus do-roine samhluigh.

     xxiii
     40

    Fergaighthear righ Eirenn iaramh .i. Oilill Molt, fria Ciaran fa bhás a oglaigh; go ro aithisigh o briathraibh é. Do-rad Día tachtadh for a iorlabhra-som inn, go m-búi seacht laithe gin labhra. Luigh an rí go aran iaram, ⁊ do-roine cros-fhighill iona fiaghnaisi, ⁊ do-rad a oig-reir dó. Do-rad aran sigin na croisi for a ghion, go ro labhair iaramh amhail báoi riam; ⁊ ro sgarsad iar sin fo sith ⁊ caoin-comrac .i. an rí ⁊ Ciaran.

     xxiv
     41

    Luigh Gearman easbudh o Patroic for ceilidhe go Ciaran. Tiaghaid immaleith isin sruth, do dhenam a n-ernaighthe, amhail bá bés la Ciaran. Ní ro fhuling German an tuisge ar a oighritacht. Ro moithigh Ciaran aní-sin fair; ⁊ ro chuir cros dia bhachaill for an sruth, gur bó te la German é iar sin.

     42

    As-bert Ciaran iaramh: “Tiocfa mac rí Caisil iaramh .i. Carrtach, amárach diar n-ionnsoighe, ⁊ mac dhalta tairisi damh-sa h-é.  p.110  239 Ocus gab-sa”, ol sé, “an t-iasg fil ag imteacht sechad”. Do-roine German amail as-bert Cíaran fris, go m-boi iasg lais fo comair Carrtoigh arnamhárach. Tainic Carrtach amhail ro geall Cíaran, ⁊ do-rad a coibhsena dó; ⁊ ro gab a anmchairdes, ⁊ ro imthigh iaram iar n-dhenam a cuarda, ⁊ iar g-comall a péine maille ré bennachtain.

     xxv
     43

    Báoi aroile rí etrocairech a g-comghar do Cluain mic Nóis. Do-rad a uile ionnmasa do Ciaran Chluana dia thaisge. Ro sgaoil Ciaran ar bochtaibh Dé, ⁊ ar egalsaibh naom íaram. Do-cúas on righ día iarraidh, ⁊ nior frith lais. Cairigidh-siumh Ciaran de sin, ⁊ ro cuibhrigh; ⁊ ad-bert nach gébadh gan seasga bó fhionn ó-dhearg día chionn. “Is tualaing Día”, ol Ciaran, “anni-sin; ⁊ sgoiligh mo cuibhrighe go n-dechainn for a n-iarraidh”. Ro benadh a cuibhrech de; ⁊ luigh side go Ciaran Saighri.

     44

    Baoi Brenainn for a cionn annsin. Ro gabh lúth ⁊ forbfailtechus mor iad roim Ciaran Chluana. Ro fiarfuigh  240 Ciaran Saighre dia choig, cía proinn nó bhiadh lais dona h-ard-naomaibh ugad. “Ni fhuil”, ar an coig, “acht saill namá, ⁊ is alarda”. “Coraigur go luaith”, ol Ciaran, “⁊ tabhartur isin pruinntigh”. Do-ronadh samhluigh. Bennaiges Ciaran go ro fherasdar mil, ⁊ fíon, ⁊ ola, ⁊ braisech doibh iaramh. Ocus ad-bert manach dhiobh, nách caithfedh ni dhiobh, air is don t-shaill ro fhasadar. Ro fregair Ciarán: “Fuicfe t' aibíd”, ol sé, “⁊ iosair féoil chorghais, ⁊ do dhenair gach n-olc, ⁊ ní bia nemh lat fadhéoigh”.

     xxvi
     45

    Ro caithsit a b-proinn, ⁊ altaighid iaramh, ⁊ ad-bert Ciaran Cluana: “Biaidh iomad saidhbhresa ⁊ conaigh isin áit-so go brath”. “Biaidh rath egna ⁊ crábhaigh ar th' ionad-sa do gnath”, ar Ciaran Saighre. Ro innis Ciaran Cluana a thosga. “Tiagham ne for a n-iarraigh”, ol Ciaran Saighre, ⁊ ol Brenain.

     46

    Tiaghaid, ⁊ nior bo cian doibh ag siubhal, go ro tiodhnaic Día dhóibh. Ocus ro toirbir Ciaran Cluana don righ tar cenn a ionnmhais. Ocus iarná t-tabhairt don righ ro leaghsad uile,  241 ⁊ do-chodar for neifni. O 'd-connairc an rí anní-sin, sleachtais do Chiaran, ⁊ ro ghuidh Día fa mhaithemh na coire-sin dó; ⁊ ro maith a uile ionnmas do Chíaran, ⁊ ro badur siodhach iaram.

     xxvii
     47

    Báoi fer saidhbhir a g-Cluain mheic Nois, ⁊ ba h-eolach a móran d' olcaibh, Trichemh a ainm. Luigh side go Ciaran Saighre. Baoi teine casga la Ciaran gan diobhadh on caisg go aroile. Baidhis Trichemh an teine. “Olc tarla dhuit, a dhiabhail”, ol Ciaran, “diobhadh na teinedh; ⁊ ní bía teine linn go caisg iar g-cionn, mona tí do nim. Ocus do-ghebhair bás do lathair; ⁊ is faolchona iosas do chorp”, ol Ciaran; ⁊ do fioradh sin.

     p.111
     48

    Do foillsighedh do Ciaran Chluana anní-sin, ⁊ tainig go Saighir. Failtighes Ciaran roime ⁊ o 'd-connairc gan tine lais fria h-ollmachadh bidh dona sruithibh-sin, ro thogaibh a lamha docum nime, ⁊ ro guidh an Cuimdhe go t-tísadh teine dó. Do-rocair caor teinegh 'na fiaghnaisi, ⁊ is lé ro bruitheadh a b-pruinn dóibh; ⁊ do-cuired ana b-fiadhnaisi a b-pruinn.

     49

    Ad-bert Ciaran Cluana: “Ni caitheam sa biadh”, ol se, “go t-tugthar mac muinntire dam”. “Do fhedamair asíad do tosga”, ol Ciaran Saighre, “⁊ is toil dam-sa, masa toil lá Dia, an fer-sin do teacht cugad-sa a n-iomlaine”. Tainig iar sin la breithir  242 Ciarain, ⁊ ro chaith amaille fríu, ⁊ téid as-sidhe le Ciaran go Cluain, ⁊ ro treig an demhnaidhecht baoi lais iaramh.

     xxviii
     50

    Feacht ann luigh Ruadhan Lothra for cuaird go Ciaran. Tainic an demhan go ro baidh teine Chiarain. O 'd-connairc Ciaran sin, ro bennaig chloch n-adbhail mhóir, gur bhen a caisre teineadh aisde, go rug for lasadh iona laimh a b-fiadhnaisi Ruadhain día ghoradh fria.

     51

    Iar sin tra tug an fearrthighis soithech lemhnachta gusna cleircibh. Tig an demhan go ro dhoirt an bainne, ⁊ gur bris an soithech. Bertar an soitheach go Ciaran, ⁊ do-cuir sighin na croiche tairis, ⁊ ro budh slán iaram gona lán leamnachta ann.

     xxix
     52

    O tainic gusna deighioncha do Chiaran, ro-fhidir fein aimser a bháis, ⁊ ro shir téora itche go Día riana bhás. Tig an t-aingel cuige, ⁊ ad-bert fris, go b-fhuighbhedh gach ní ro sir. “Gach nech”, ol sé, “adhlaicfithir am reigleis, gan doras iofrainn do iadhadh fair”; ⁊ gach nech do-bheradh onoir no airmhidin día fhéil, buaidh ratha ⁊ saidhbhresa fair isin saoghal a b-fhos; ⁊ flathas neime táll. Ocus buaidh g-catha for Osraighibh, ⁊ gan a n-dichur día n-diles do sior. Oir ro budh diobh dó-sum fein iar m-bunadh.

     xxx
     53

    Do-rala tra for menmuin Fhinnein Chluana h-Iraird laithe deighencha Ciarain ag toigheacht; Luigh Finnen dia  243 fhios, ar ba h-oide dó é; oír is oga ro leigh a salma, ⁊ gach cinel foircedail báoi lais; ⁊ ro-siachtadur urmhor naom Eirenn da ionnsaighe ar ba h-oide foircedail dá n-urmhór é.

     xxxi
     54

    Badur triocha easbudh imaille fris, do neoch ro foglaim lais, ⁊ da t-tug gradha saghairt forgach n-aon acu. Ocus luigh Cíaran ria g-cach isin reigleis an úair a bháis; ⁊ ro ghabh cumaoin ⁊ sacarbaidh; ⁊ tangadur iomad aingel a g-comdail an anma sin Ciarain, ⁊ rugsad léo docum nime a spiorad iar m-buaidh aoine ⁊ aithrighe, ⁊ iar m-breith buadha ar demhan ⁊ ar doman, a b-failte muintire nime;  p.112 ⁊ ro h-adhnacht isin g-coigedh laithe do mí Mharta iona reigleis feisin a Saighir go n-anoir ⁊ oirmhidin moir la Día ⁊ daoinibh; ⁊ giódh mor a anoir isin lo-sin a bháis, biodh mó a n-dail bratha a n-aontoigh náoi n-gradh nime, a n-aontoigh absdal ⁊ deisgiobal Dé, a n-aontoigh na naom Trionnoide, Athair, ⁊ Mac, ⁊ Spiorad Naom. Ailim trocaire Dé tre impidhe naoim Chiarain go riseam uile an aontoigh-sin. In secula seculorum. Amen. FINIS.

     p.113

    7. Betha Ciarain Saighre annso

     144a
     i
     1

    Tar eis an scriptuir diadha do legadh do Ciaran isin Roimh, ⁊ d' eis epscop do denamh dhe, tarla Patraicc dó isin Ettail, ⁊ issedh adubairt Patraicc: “Eirigh romham dochum n-Erenn, ⁊ cóirigh ionadh duit i medhón na h-innsi-sin; ⁊ is ann bhías th' onóir ⁊ th' eiseirghe féin”. Freccrais Ciaran sin, ⁊ asedh adubairt: “Ni h-aitnidh damh an t-ionadh-sin, ⁊ ni h-urasa a faghbáil”. Adubairt Patraicc: “An t-ionadh a m-benfa an clocc-sin accat, dena comnuidhe ann”. Tainic Ciarán iar sin i n-Erinn, ⁊ ní do thaisibh na naemh leis .i. taisi Poil ⁊ Pettair, ⁊ in clocc balbh co rainic se srath Saighre, ⁊ is annsin ro labhair in clocc .i. an bardan Ciarain do-roine German gabha do grasaibh Dé.

     2

    Anais Ciarán 'san ionad-sin, ⁊ suidhis fo crann ann; ⁊ fuair torc allaidh fo sgaile an croind. Teichis an torc-sin roimh Ciarán ar tús, ⁊ tainic go mín arís cuicce; ⁊ isé an torc-sin cet-manach Ciarain, ⁊ ise do ben slata ⁊ adbar na h-ecclaisi lena fhiaclaibh. Iar sin tangattar manaigh ele co Ciaran, edhon sionnach, ⁊ broc, ⁊ faolcú, ⁊ do battar co h-umhal dó.

     3

    Ocus tárla lá ann an manach re n-abar siondach gur goid leis seabaic in abbadh .i. náeim Ciarain, ina aittreibh; gur chuir anti naemh Ciarán an manach darbh ainm in broc d' iarraidh an t-siondaigh, ⁊ na seabhac; ⁊ fuair iat. Ocus iarna fagbail ro bhen a dá cluais ⁊ a erball don t-siondach maille le moran da fhionnfadh.

     4

    Is annsin tainic an siondach ⁊ in broc, ⁊ na seabaic slan leo a c-cionn an naoimh-fhir.  144b Adubairt Ciaran risan sionnach: “Créd fa n-dernais an t-olc-so”? ar sé, “uair mas feoil rob ail let d' ithe, do fhédfadh Día féoil do dhenamh do chroicnuibh na c-crand duit, ⁊ do budh milis ar n-uiscce léna ol”. Do-roine an siondach aitricche annsin .i. tredhan téora lá.

     ii
     5

    Ocus iar t-teacht do Patraicc i n-Erinn do mhétaigh an creidemh ⁊ an crabadh, ⁊ do iomdhaighettar na daoine naomhtha; ⁊ as dibh-sen Brenainn Birra; ⁊ as gar a ionad do Chíaran; ⁊ do bí aon-bó ag Brenainn, ⁊ do ghoid Coirpre Crom an m-boin-sin .i. fer fedhma rígh Laighen; ⁊ mar tainic Sliabh Sinore tainic duibh-nell dorcha ina  p.114 timceall, ionnus co tarla i sruth é, ⁊ co fuair bás ann; ⁊ ro impó an bó go Ciarán.

     6

    Dob ail le naemh Ciaran annsin an bo do chur uadha go Brenainn, ⁊ nirbh ail le Brenainn an m-boin. Ocus adubairt nach biadh bó aicce go brath. Is annsin do bi Ciaran ina aittreibh féin, ⁊ adubairt go raibe tinnes becc air, ⁊ go raibe mian bainne air. Ocus do fhuráil Brenainn soidhtech becc cumang umha do lionadh d' uiscci, ⁊ do bennaigh é, ⁊ do-roine bainne núa de. Ocus tuccadh co tech n-aidhedh co Ciarán é, ⁊ do bendaigh Ciarán an bainne, ⁊ do-roine uiscce de. Gabhais Brenainn iar sin an m-boin chuicce, ⁊ beiris Ciaran a buidhechus le Brenainn an m-boin do gabhail chuicce arís.

     7

    Adubairt Ciaran iaramh le Brenainn: “Bidh h-í an bó roindfes oighrecht ettrainn araon go brath .i. an fedh rachus an bó ar ingeilt annsa ló-so, bidh h-é an t-ionadh  145a ina b-fanfa sí bús coicrioch ettraind”. Ocus do-chuaid an bó ar ingheilt in lá-sin go h-Achad Bó, ⁊ ise sin as tórann eter CiaranBrenainn.

     iii
     8

    Do bí náemh Ciarán Cluana in la-sin i l-laimh ag righ Forfigi tre choire in rígh do tiodlaic Ciarán do bochtaibh Dé; ⁊ issedh adubairt an rí le Ciarán: “Madh áil duit do leiccen amach, iarr secht láigh slemhna dercca, ⁊ cinn gheala orra”. Tainic iar sin Ciaran Cluana go Saighir mura raibhe Ciaran Saighre, da fhiarfaighe dhe an b-fuighbedh sé indsamail an fhúaslaicthe do h-iarradh air .i. seacht láigh slemhnu dercca, ⁊ cinn gheala orra. Ocus fuair Ciaran Clúana annsin an da Brenáinn i t-tigh na n-aoidedh ar a chionn i Saighir .i. Brenainn Birra, ⁊ Brenainn mac Findlogha.

     9

    Ocus ba forbhailidh le Ciaran Saighre an buidhen sin d' faicsin; ⁊ adubairt lena coicc: “Créd ata accat do-bermais dona h-aidedhaib-so”? “Ata ann slinnen muice”, ar in coic, “gidh edh smuainim gurab aoine ann”. “Tabair dona h-aoidedhaibh gidh edh”, ar Ciarán; ⁊ tuccadh, ⁊ is amhlaidh frith ina iascc, ⁊ ina mil, ⁊ ina ola h-e tre breithir Ciarain; ⁊ do móradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     10

    Ocus do bi tuata annsin .i. mac in coicc, ⁊ ni derna sé a shuipér farúsan, mar do-connairc se slinnén na muice ag in coicc, ⁊ narb áil leis feoil isin aoine. Adubairt Ciarán Saighre ris: “Íosair feoil daimh, ⁊ si dercc, an aóine roimh chaiscc, ⁊ muirfidher ann 'san uair-sin tú let naimdibh, ⁊ ni fhuigbhe tú flaithes nimhe”. Ocus do coimhlíonadh sin amail adubairt Ciaran.

     11

    Ocus 'ar t-taircsin na h-aidhighechta sin leis na naemhaibh, do-chuaidh Sein-Ciarán Saighre  145b le Cíaran Cluana isin sligidh do comradh fris. Ocus asedh adubairt Ciaran Clúana lé Ciaran Saighre: “Biaidh saidbhres bidh, ⁊ sonus at ionad go brath”. Adubairt Ciaran Saighre  p.115 le Ciaran Cluana: “Biaidh saidbhres eccna ⁊ ola coisrecctha it ionad sa go brath”.

     12

    Ocus ina diaigh sin tangattar an da aran co h-Achad Salcur ar bruach na h-abann, ⁊ fuarattar na seacht laigh le raibhe Ciaran Cluana i n-gioll annsin, ⁊ iad slemain dercc, ⁊ cinn gheala orra. Ocus mar do-chuaidh Cíaran Cluana sáer on rígh, ni frith greim arna secht laegaibh-sin. Ocus ro moradh ainm Dé ⁊ arain de sin.

     iv
     13

    Fect ele tainic maccamh darbh ainm Crichid Cluana go Saighir, ⁊ 'ar m-beith sealat do laithibh annsin dó, do múch se lá airithe an tene ar furáilemh an diabhail .i. an tene coisreccta bói ag na mancaibh. Ocus adubairt Ciaran risna mancaibh: “An faiccenn sibh an teine choisrecctha do bi accuibh”, ar na muchad don maccamh diabhlaighi? ⁊ ni bhiadh teine 'san ionad-so go brath, nó go t-ti tene o Día ann. Ocus an maccamh do mhuch an teine do-chuaidh as an m-baile amach iarnamarach, ⁊ ro marbsat na meic tíre h-é. Ocus do moradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     14

    Ocus mar do-chúalaidh Mac an t-Sáeir bás an maccaimh-sin, tainic sé da iarraidh; ⁊ do gabhadh maille le h-onóir h-é; ⁊ ni raibhe teine i c-cathair Saighre ar a chind. Is annsin do eirigh Ciaran Saighre, ⁊ do ataigh Dia, ⁊ tainic teine do nimh ina ucht, ⁊ rucc leis h-í go tegh na n-aoidhedh. Ocus 'arna n-goradh dona h-aoidedhaibh, ⁊ 'ar c-cur  146a a suipeir ina fiadhnaisi, adubairt Ciaran Cluana nach caithfed biadh, no go tisadh an maccaomh; ⁊ do eirigh an maccamh mar as luaithe adubradh sin, ⁊ do-caith biadh. Ocus do moradh ainm De ⁊ Cíarain tridsin.

     v
     15

    A c-cionn trill iar sin do much cleirech darbh ainm Bartanus do mhanchaib an tighe-sin teine na mainistrech, ⁊ tainic Ruadhan Lothra an la-sin go Saighir; ⁊ ni raibhe tene le n-dingéntais a n-goradh 'san tigh. Ocus do bennaigh Ciaran cloch, ⁊ ro las an cloch, ⁊ rucc Ciaran leis an tene ar a lamhaibh don tegh i r-raibhe Ruadhan Lothra; ⁊ nir goill ar a lamaibh; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     16

    Aimser ele ina diaigh sin do dhoirt an Bardanus cédna coire lan do bhainne; ⁊ do bennaigh Ciaran an coire gur bó lán as a h-aithle.

     vi
     17

    Liadhain .i. mathair Ciarain, ⁊ a c-comfoccus do Chiarán do bí maille lena h-oghaibh. Ocus do bí dalta deigh-dhelbhdha aice darbh ainm Bruitnech, inghen rígh Mumhan; ⁊ do-chualaidh Daimhene. i. rí do chinedh Fiachna tuarusccbail crotha na mna-sin; ⁊ tainic chuice, ⁊ rucc leis h-í, ⁊ do bi aicce mar ceile seal do laitibh.

     18

    Ocus 'na diaigh sin do-chuaidh Ciaran d' iarraidh na h-ingine ar an  p.116 righ; ⁊ nirbh ail leis a tabairt dó. Ocus adubairt le Ciarán nach leiccfedh uadh í, nó go mosccladh guth na cuaiche. Iarnamhárach do fher snecta mor ann, ⁊ do folaigh an talamh; ⁊ ní tainic sé a n-goire do Chiaran, ná da muinntir;  146b ⁊ do bad geimhredh ann an tan-sin. A mucha do ló iarnamarach do-clos guth na cuaiche, ⁊ do eirigh an ri, ⁊ ro slecht do Chíaran, ⁊ tucc a dhalta dó.

     19

    Ocus mar do-connairc Ciarán a dalta chuicce, ⁊ a brú mór ó thoirrches, do-chuir sighin na croiche naoimh fuirre, ⁊ do laghdadh a brú, ⁊ nír taidhbhred toirrches ina broinn; ⁊ tucc leis h-i 'chum an ionaidh cetna; ⁊ do moradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     vii
     20

    Aroile la iaramh tainic an ri fri Cíaran maille le feircc, ⁊ adubairt: “Cred far marbh tú mo bhen”? ar se; “⁊ ni bheir 'san ionad-so ní 'sa mo, acht scriosfatt as tú”. Adubairt Ciaran: “Ní tusa Día; ⁊ bett-sa im ionad féin”.

     21

    Ro imtig an ri go ferccach maille le dasacht mór go Dun Croibhtine .i. co a árus féin; ⁊ is amlaidh fuair h-e ar lasadh. Ocus do theich an rioghan, ⁊ do dhermait a mac gradhach istigh. Adubairt an riogán co tuirsech: “Cuirim mo mhac ar comairce Ciaráin Saighre”; ⁊ do-ronadh firt amhra annsin .i. losccadh an tighe, ⁊ an mac do bheith slan.

     22

    Tainic iaramh rex Dairine ⁊ epscop Aodh co Ciaran Saighre, ⁊ do-rinne an ri toil Ciarain, ⁊ tucc a da mac dó .i. Dúnchad ro saoradh on tene, ⁊ a mac ele, maille lena siol do Chiarán. Mar do imtigh an rí o Chiaran, ro aithbeoaigh se Bruitnech, ⁊ ro báoi slán; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciaráin tresna míorbhuilibh-sin.

     viii
     23

    Rí Muman .i. Aengus mac Nad Fraich, robhatar moirsheiser cruitiredh  147a aicce, tainicc ona t-ticcerna fein as in n-Gallia; ⁊ ro marbhadh i Musccraighe iatt, ⁊ ro foilgedh a c-cuirp gan fhios do neoch; ⁊ do ba toirrsech Aengus tre gan fios a chruitiredh aicce.

     24

    Ocus tainic go Ciaran Saighre d' faghail furtachta; ⁊ adubairt Ciaran fris: “Atád do chruitiridhe 'arna m-bathad i l-loch uiscce, ⁊ atád a c-cruite i n-airde i c-crand don thaoibh tuas os cind an locha”. “Áilim tú”, ar in rí fri Ciaran, “tarra lim dá n-iarraidh”; ⁊ ro éirigh Ciaran, ⁊ drong da muinntir .i. n-uimir secht fichit, maille fris docum an locha; ⁊ anus ann teora laithe, ⁊ teora aidhce acc urnaighthi ⁊ ag trosccadh.

     25

    Ocus 'ar c-comlionadh na t-teora la-sin dó, traighis in loch, ⁊ frith na cuirp ar an traigh; ⁊ aithbeoaighis Ciaran iatt iarna m-beith mí fon loch. Ocus gabhait a c-cruitenna chuca, ⁊ seinnit iatt, ⁊ gabhait a n-dán, ionnus gur chodail an ri cona sluaghaibh léis an c-ceol-sin. Ocus atá an loch o sin alle gan uiscce, ⁊ as é as ainm dó, Loch na c-Cruitenn; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     p.117
     ix
     26

    Fecht n-áen dia raibhe ócclach rígh Muman ag siubal i c-coiccrich Musccraighe, ⁊ fuair muic duine naomhta .i. Cáin a ainm, ⁊ do marbh an t-occlach an muic, ⁊ rucc leis go coill h-í, ⁊ do-chuir ar teine h-í. Ocus mar do bí ann aga bruith, tangatar ceitern chuicce, ⁊ do mharbhattar é, ⁊ fiche dá muinntir maráen ris ar brú na Brosnaige .i. abhann; ⁊ tiagait féin don lathair,  147b ⁊ ni fhacattar an muic ro baoi ar an teine.

     27

    Ro foillsighedh sin do Chiarán, ⁊ do-chuaid mar a raibe a dalta .i. Carrthach, mac Aengusa, meic Nat Fraich, do toccbháil na c-corp, ar nach íostais na meic tíre íad, ⁊ da m-breith leis da ionadh féin; ⁊ mar do-connairc na cuirp iomdha, ⁊ gan culaidh a n-iomchair aicce, adubairt Ciaran: “I n-ainm Iosa Crist éirgidh ar bhar c-cosaibh fein, ⁊ tegaidh lem d' ionnsaighe mo reicclesa”; ⁊ do eirgettar go luath .i. in prefectus maille lena muinntir beo-slán, ⁊ do aithbeoaigh an muic, ⁊ tainic ar siubhal dochum a ticcerna féin.

     28

    Tangattar an bhuidhen úasal sin le Ciaran; ⁊ ise Foda mac Forax maille lena shiol do bí ann, ⁊ do aontaigettar iad fein maille lena síol do Chiarán, ⁊ tuccattar iad féin dó ó thús, ⁊ do h-adhlaicedh iad aicce.

     29

    A c-cionn trill iaramh do marbad cend sluaigh Aengusa meic Nat Fraoich, darbh ainm Mac Ceisi; ⁊ do-guidh Ciarán tara cend, ⁊ do h-aithbeoaicched h-e, ⁊ do imthigh slan; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     x
     30

    Duine úasal, darbh ainm Mac Eirce, dá shíol Ó n-Duach do marbh each carpait Patraicc, ⁊ do gabadh le h-Aengus, ⁊ do cengladh an fer-sin. Ocus tainic Ciaran dá fhuascladh, ⁊ tucc moran oir argait ass; ⁊ mar ruc leis Mac Eirce, ni frith an t-ór nó an t-airget ass. Ferccaigis Aengus, ⁊ tainic go Ciaran, ⁊ adubairt: “Tabhair mo chuid oir ⁊ argaitt damh, oir as diomhain gach ni  148a da t-tuccais damh; óir ni fhuil acht sgáile ann”. Ocus adubairt briathra garba le Ciarán.

     31

    Ocus adubairt Ciaran: “Ni fuighir ar son do choda óir ⁊ argait acht mallacht”. Ocus ag radh na breithre-sin do Ciarán, do eirigh dorcadusa t-timcell an rígh, ⁊ fuair bás. Mar do-connairc Carrthach a athair do thuitim, do bi tuirsech, ⁊ do-guidh Ciaran 'ma thathbeoughadh. Ocus do-guidh Ciaran fair, ⁊ ro baoi slán, ⁊ do-rinne Aengus aitricche annsin, ⁊ tucc é féin cona shíol do Chiarán: ⁊ ro moradh ainm De ⁊ Cíaráin de sin.

     xi
     32

    Feacht n-aen do Chíaran ag siubal i n-aimsir foghmair, ⁊ do  p.118 shin a lámh dochum drisi ar a rabatar smera dubha. Ocus fuair a fhios o Dhía go riccfedh a les trath ele iatt, ⁊ do-leicc doibh.

     33

    Ocus ina diaigh sin i n-aimsir earraigh, iar c-caiscc, tainic Aengus mac Natt Froicch ar cuiredh go tech Concrach meic Duach h-i c-crich Osraighe, ⁊ do bái a bhen i f-farradh Aengusa .i. Eithne; ⁊ tucc sí gradh do Choncrach, ⁊ dob ail lé a beith 'na mnai aicce; oir rob arsaigh Aengus an tan-sin. Ocus do diult Concrach sin an fedh do beith Aengus ina bethaigh.

     34

    Ocus mar do-connairc Eithne an diultadh tucc Concrach fuirre, do thoccaibh cennairrce eter an dá rígh sin .i. AengusConcrach. Ocus ar deiredh na fleidhe-sin do-leicc-si galar chuice; ⁊ do fhíarfaighettar cách di créd do fhoirfedh í. Ocus adubairt sisi: “Ní h-urusa mo leiges d' faghail isin aimsir-so .i. sméra dubha do fhoirfhedh mé”.  148b Ocus do bi an rí ⁊ a mhuinnter go brónach de sin, do bhrígh nar thúalaing iad sin d' faghbail di.

     35

    Ocus do ghabh eccla Concrach go n-anfadh Eithne aicce d' éis Aengusa d' imtheacht, d' fagháil a toile uadha. Ocus tainic Concrach go luath mar a raibhe Cíaran, d' innisin anmiana-sin tuccadh don mnaoi .i. smera dubha 'sna h-íarccasccaibh; ⁊ do-chuir Ciaran Concrach co n-uicce an dris arar fhagaibh na smera i n-aimsir in fhoghmair roimhe sin; ⁊ frith na sméra mar do fhaccaibh Cíaran iatt, ⁊ do thionoil h-i soidhteach umhaidhe iad, ⁊ do-cuiredh édach geal ós a c-ceann, ⁊ do-chaith an ríogan íatt, ⁊ do bí slán; ⁊ do ithettar na riogha ele iatt, ⁊ do bi blas meala orra, ⁊ meiscci fíona.

     36

    Ocus do shiodaigh Ciaran eter na rioghaibh-sin .i. AengusConcrach, ⁊ do-leicc Eithne ar a gluinibh do Chiaran h-í, ⁊ rucc a bhuidhe fris mar do shlánuigh se h-í, ⁊ tuc Concrach e fein cona shíol do Ciaran, ⁊ móradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     xii
     37

    Feact n-áen tainic Laeghaire mac Neill cona shlúagh i n-aghaid na Muimhnech, ⁊ do-cuaidh Oilill ri Caisil ina coinne; ⁊ dob áil le aran sídh do denamh ettorra, ⁊ ni thuccattar na riogha diomsacha onoir do Ciaran. Ocus is annsin do-ghuidh Ciaran Día, ⁊ anní nach fuair ona riogaibh díomsacha, fuair ó Dhía h-é; óir an uair dob ail leis na cathaibh dol a c-cenn a cheile, an choill do bi le h-agaidh na Muimnech do luigh go lar, ⁊ an sruth do bi re h-ucht na n-Ulltach  149a do eirigh go h-ard, ionnus go t-tangattar Muimnigh tara n-ais gan cath, ⁊ go n-deachaid Laeghaire maran c-cédna. Ocus tucc Ciarán annsin a saith bídh d' feraibh Mumhan le h-én mart, ⁊ le slinnen mairt ele; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     xiii
     38

    Fecht da t-tangattar ceithern do Clannaibh Fiacrach d' iarraidh  p.119 muc léna n-goid a criochaibh Mumhan, ⁊ do fhoilgettur iad féin i c-coill. Ocus fuair Lonan mac Nat Fraich .i. derbrathair Áengusa, fios ara m-beith annsin; ⁊ do-chúaid ina c-cend. Ocus do-guidhettar san Ciaran fá fhurtacht d' fagail doibh. Ocus mar do-guidettar do las an choill fo chédoir. Ocus mar do-connairc Lonan sin do iompo tara ais; ⁊ tangattar an mhuinnter ele go Ciaran, ⁊ do bhattar ina mancaibh aige go laithibh a m-bais; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     xiv
     39

    Feacht n-áen tainic Patraicc go Saighir, ⁊ deich riogha do rioghaibh Muman maraén ris; ⁊ as doibh-sin tucc Ciaran fledh tri lá ⁊ tri n-oidche do sheacht m-buaibh do bí aicce. Ocus do bennuigh topur, ⁊ do-rinne fín de, ionnus go ra battur subhach saitheach forbfáilidh; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Cíarain de sin.

     xv
     40

    Fecht n-áen ann adubairt a cheallóir le Ciarán: “Ni fuilit muca aguinn, ⁊ as éiccen a c-cennach”. Ocus adubairt Ciarán: “Ní dhingnem”, ar se, “acht an rí do-beir bíadh ⁊ édach duinn, do-bera se muca duinn”. A mucha na maidne iarnamarach, fúaratar cráin ⁊ da bhanbh decc ar  149b lár an bhaile, ionnus go n-dernatar go lór do mhucaibh dib; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     xvi
     41

    Feacht ele adubairt a chelloir le Cíaran: “Ní fhuilit caoirigh aguinn”; ⁊ adubairt Ciaran: “Ante tucc muca dúinn, do-bhéra se cáoirigh duinn”. Iarnamharach ar madain fuair an cellóir trí naoi cáoirigh geala i n-dorus in bhaile; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     xvii
     42

    Feacht ele do aithbeoaigh Ciarán Laegaire mac Fintain, ⁊ do mhair móran do bhliadnaibh ina bethaid i c-curp daenna, ⁊ ina dhiaigh sin tucc ferann i n-offrail do Dhía ⁊ do Ciarán.

     xviii
     43

    Fecht ele no teighdis daimh Cíarain go muir siar go seipel Cochae .i. buime Ciaráin, do treabhadh dhi: ⁊ mar do thairsedh leo an treabhadh do-thiccdis arís go Saighir gan duine da t-treorucchad.

     xix
     44

    Fecht ele do-chuaid Ciaran oidhce nodlac tar éis seirbísi go sepel Cochae .i. go Druim Benncair, ⁊ tainic isin maidin arís tara ais go Saighir.

     45

    Carracc cloiche ata 'san muir thiar mar a m-biodh Cochae .i. buime Ciarain ag denam a h-urnaighe ina h-aenar eter tonnaibh mara; ⁊ do-theigedh Ciaran gan luing gan eathar mar a m-biodh Cochae ar in c-carraicc, ⁊ do thiccedh eisti arís.

     46

    Aon do laithibh tainic Ciarán go seipél Cochae, ⁊ moran  150a do  p.120 daoinibh maraon ris; ⁊ tuccadh aoidhigecht dó ann .i. slinnen muice; ⁊ ro bennaigh Ciarán an slinnén, ⁊ do-rinne cruitnecht, ⁊ mil, ⁊ iascc dhe, ⁊ biadha uaisle ele; ⁊ do bennaigh topar uiscce do bí 'san ionadh-sin, ⁊ do-rinne fín de; ⁊ isé lion do sásadh leissin .i. da fichet ⁊ ocht céd; ⁊ ro móradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     xx
     47

    Fecht ele tainic Ciaran go Raith Tamnach, ⁊ ro shuidh annsin maille le móran do dáoinibh a c-comairle. Ocus do bí annsin rex Cobranus .i. nech aga raibhe suile millteacha; ⁊ do-connairc se mac meic Aengusa meic Nat Fraich 'ar t-techt chuca; ⁊ do fhech dona suilibh neimhnecha h-é, ⁊ ba marbh an mac accédoir.

     48

    Mar do-connairc Ciaran sin, fergaighis i n-acchaid in righ, ⁊ dallais accedoir an rí. Slechtais an rí do Chiaran, ⁊ tucc a radharc dó, ⁊ tucc h-e féin cona shíol dó. Ocus aithbheoaighis an maccamh fuair bás le neimh sula an righ reimhe sin; ⁊ ro moradh ainm De ⁊ Ciarain de sin.

     xxi
     49

    Feacht ele do bi dalta mna ag mathair Ciarain .i. ag Liven, ⁊ do bi dalta fir ag Ciarán .i. Carrthach mac meic Aengusa meic Nad Fraich, ⁊ tucattar grad collaidhi da cheile; ⁊ do-rinnetar ionad coinne re 'roile do dhenamha t-toile féin; ⁊ mar do-conncattar aighthe a chéle, do las an choill ettorra, ⁊ do theichetar ó chele; ⁊ on lá-sin ní facaidh an bhen-sin áen-rét riamh, ⁊ do-cuiredh Carrthach ar ionnarbadh ar muir re shecht m-bliadan, ⁊ do légh an sccrioptuir diadha iar n-aitricche;  150b ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Ciarain de sin.

     xxii
     50

    Feacht ele do bi lín ar tiormugadh ar fraighidh an tighe ag Liven .i. ag mathair Ciarain, ⁊ do ghlac tene h-e, ⁊ do las an tegh de sin. Ocus do-chonnairc Cíaran sin, ⁊ sé a b-fad uadha, ⁊ do thogaibh a laimh, ⁊ do bhennaigh an tegh, ⁊ do mhuch an tene, ⁊ do fóiredh an tegh ona losccudh; ⁊ ro moradh ainm De ⁊ Ciarain de sin.

     xxiii
     51

    Fecht ele do gabadh maighden lena naimdibh, ⁊ do bhenattar a cend di; ⁊ mar do-chonnairc Ciarán sin, do-ghuidh tara cend, ⁊ do aithbeoaigh í, ⁊ ro moradh ainm De ⁊ Cíarain de sin.

     xxiv
     52

    Fecht ele do bí saccart Liven .i. Cerpanus ag siubhal na conaire, ⁊ fuair bás; ⁊ do ghuidh Cíaran ar a son; ⁊ do h-aithbéoaigedh é; ⁊ ro moradh ainm Dé ⁊ Cíarain de sin.

     xxv
     53

    Fecht ele tainic mathair Brénainn Birrae Mannsena a h-ainm go Saighir, ⁊ rob ail lé dol ar ionnarbadh go h-Oilén Doimle. Ocus adubairt Ciaran: “Na h-éirigh”, ar sé, “óir ni h-annsin bhías th' eiséirghe, acht a Tamlachtain do-ghéba tú bás; ⁊ is ann eiréochus  p.121 tú ⁊ do mac .i. Brenainn; ⁊ an trath do-berthar a chorp as an ionadh-sin go a chathair féin, bíaidh soillsi dermair eter an da ionad-sin  151a in oidche-sin”. Ocus do fíradh sin do Bhrenainn ⁊ dá mhathair.

     xxvi
     54

    Tuilledh dia míorbhuilibh .i. dias brathar do Chiaran a Muscraighe o Leitrechaibh .i. OdhranusMidranus a n-anmanna, ⁊ dob áil leo dul i n-Osraighe ar ionnarbadh; ⁊ mar tangattar go Saighir dob áil le Medhranus anadh annsin a b-farradh Ciarain. Adubairt Odhranus ris gan anmhain, ⁊ adubairt le Cíaran gan a fostadh; ⁊ isedh adubairt Ciaran: “Beiredh Dia breth ettraind, an accam-sa anfas sé, nó an letsa raghas. Gabadh lochrand gan ola gan tene ina laimh, ⁊ da lasa in lochrand o anáil do chur fáoi, as accam-sa anfus”.

     55

    Ocus do-rinned mar sin; ⁊ do las an lochrand, ⁊ do an Miodranus co bás h-i farradh Ciaráin. Ocus adubairt Ciarán le h-Odhranus: “Cibe ar bith slighe a n-geba tú, tiocfair slán go Muscraighe fo deiredh, ⁊ an trath do-bértar Colum mac Criomtain iarna folach h-i c-cruithnecht dia adhlacad letsa ⁊ le Mo Chaimhe Tire da Ghlas, tiocfaisi, a Odhrain, dod chathraicch féin, ⁊ as innte bhías th' eisgéirghe”.

     xxvii
     56

    Ben uasal darb ainm Achaill do thuit as a carput, ⁊ fuair bás; ⁊ ro aithbeouigh Cíaran h-í a c-cionn an tres láe; ⁊ tucc sí an ferann, darab ainm Léim Achaill, do Dhía, ⁊ do Chiarán; ⁊ ro moradhreliqua.

     xxviii
     57

    Aimser ele iaramh tainic Fergus Cind Faelad .i. taisech tecclaigh righ Muman, ⁊ do thacht se feirthighis Ciarain .i. Cronan a ainm, ⁊ ro aithbhéoaigh Ciaran an feirtighis h-i c-cind seacht lá, ⁊ asedh adubairt  151b Ciaran: “Mar do tachtad Cronan, tactfaidher Ferccus, ⁊ loisccfidher a chorp i r-Ráith Lochmuighi la h-Eilechaib”.

     58

    Ina diaigh sin tainic Ailill ri Muman d' iarraidh a ócclaigh ar Chíarán, ⁊ mar do-chuala Ciaran sin, do bhen a urlabra de co cend seacht la; ⁊ a c-cionn an sechtmaid láe tainic in ri mar a raibhe Cíaran, ⁊ do slecht dó. Ocus mar do-connairc Ciaran sin, tucc a urlabhra don righ; ⁊ do moradh ainm Dé ⁊ arain de sin.

     xxix
     59

    Feacht ele manach tuata do bí ag Ciaran, Gobranus a ainm, ⁊ dob eccail leis bás do rinn d' faghail: ⁊ do-guidh Ciaran gan an bás-sin d' fagháil dó. Ocus at-rubhairt Ciaran: “Do-geibim-si no ni faghaim-si ó Dhia gan an bás-sin d' fagáil duit, ⁊ do-gheibim inní as ferr, gan dul i n-ifrionn duit”. Ocus do-rinnedh samlaidh.

     xxx
     60

    Do bi Cainneach ⁊ Brigitt ag comhradh a n-ionadh úaignech,  p.122 ⁊ adubairt Cainnech le Brigit: “As mor an tiodlacadh tucc Dia do Chíaran Saighre .i. an manach do dóirt fuil, go f-fuair se a anam-sin a h-ifurn; ⁊ adubairt, go m-beith se fein i n-ionadh an mhanaigh-sin i n-ifurn, muna saortaoi dó é; ⁊ do sáoradh”; ⁊ ro móradh ainm De ⁊ Ciarain de sin.

     xxxi
     61

    Laithe n-aen tainic a airgeach go Ciaran, ⁊ at-bert fris: “Do-cuaidh damh dár n-damhaibh uainn” .i. mac bó do bí ag Brenainn, ⁊ dath dercc do bí ar an damh, ⁊ cos gheal aicce. Isedh adubairt Ciaran: “Erigh go Glenn Damháin, ⁊ do-ghebhair annsin h-é, ⁊ ellach ele nach iarrann tú maille ris”. Ocus do-chúaidh an  152a t-occlach don glenn; ⁊ fuair mar adubairt Ciaran an damh; ⁊ is amlaid fuair h-é, ⁊ secht fichit bó ina fharradh; ⁊ ro móradh ainm Dé ⁊ Ciaráin de sin.

     xxxii
     61

    Aroile oidche iar sin do-chuaid Ciaran i n-dabaigh fhúar-uiscce, ⁊ oilitrech immaille fris, darb ainm Germanus. Cuiris an fuacht go mor ar Ghermanus. Bennaighus Ciaran an t-uiscce, ⁊ doní te é.

     63

    Adubairt Ciaran le Germanus: “An faicenn tú Carrthach 'ar t-teacht chugainn dont slighidh anoct? ⁊ iair at fochair ní do-bermais dó”. Ocus do shin a lamha uadha, ⁊ isé ni fuair, iascc mór; ⁊ do theilcc uadha ar talamh é.

     64

    Ocus do-cuaidh Ciaran iar sin go cathair Martain, ⁊ tucc leis taisi Martan maille le forffailtechus.

     65

    Tri tiodhlaice tucc Dia do Chiaran .i. gibe do h-adhlaicfidhe ina mur, gan ifern d' iadhadh fair. An dara tiodlacadh: an duine chuinnebhus a lá go h-úasal, gan a beith daidhbhir go brath. An tres tiodlacadh .i. an fedh do anfadh a manach ina ionad fein, gan nert namat do beith air go brath.

     xxxiii
     66

    Ina diaigh sin do iarr Ciaran ar Día topur; ⁊ do mhuin an t-aingeal-sin dó, ⁊ do shlánaiged se gach uile galar 'arna nighe ass.

     67

    Fa h-íad sobésa Ciarain re fedh a bethad .i. nir gabh se edach olla uime, acht croicne mac tire ⁊ bethadhach n-eccíallaighi; ⁊ do-sheachnadh se na biadha saoghalta, ⁊ na deocha i m-biodh meiscce; ⁊ as bec do codladh doníodh. Ocus do biodh bith-timpirecht na n-aingel maille ris. Ocus as dóairim a med d' escobaibh  152b ⁊ do saccartaibh do-chuir se fo gradaibh. Ceithre cet bliadan ro báoi se béo gan galar amuigh no attigh, gan easbaidh fiacal, gan cronuccadh anála, gan lagduccadh ara radharc, gan uiresbaidh ar a eistecht, gan doille ar a chroide, na ar a cedfadhaibh; acht ge doní námha an chinedha daenna na cedfadha do dhalladh, ni fuair se an tarach-sin ar Ciaran.

     p.123
     68

    Ocus fos, gach droch-ní do-gnithi fair, as ní maith do-gniodh san ara shon; oir do-beiredh se maithemh arna droch-neithibh; ⁊ do-gniodh se saethar lena lamaib ar gradh Dé, d' faghail a riachtanais a les dona bochtaibh; ⁊ as mar sin do-caith se a shaogal abhus, ionnus go f-fagadh sé coróin na bethad suthaine thall. Cía an neoch do fhedfadh ar an sáogal-so innshamail bethad Ciarain do chongbáil a churp daenna i n-aointibh, ⁊ a t-troiscctibh, a f-fuacht ⁊ a f-fuireachrus, a n-gemnaigheacht ⁊ a t-tegh n-aidedh?

     69

    Ocus as mar sin rucc sé a bhetha as ona naoidhentacht go a écc .i. a n-guidhe gach aon lá, ⁊ ag légadh ⁊ ag senmoir, ⁊ ag breith breithe, eter beth a tocht ⁊ ag labhra. Ocus do bí sé caén-uarach, glic, cobhsaidh, trocairech, sobésach, umhal do Dhia ⁊ da chomarsain, ⁊ ag munadh a mhanach do réir breithre an apstail .i. Póil, ⁊ isiad briathra Poil .i. “denaidh mh' aithris-si” (), ar Pól, “Mar do-rinne meisi aithris ar Chriost, ar onóir d' faghail ó Dhía ⁊ ní ó dhaoinibh, ⁊ na h-iarraidhar ghloir saoghalta, acht ar Dhía” ().

     70

    Ocus nír léicc se ní thairis d' aithentaibh Dé .i. biadh don ocarach, deoch don iotadach, ⁊ beith faoilidh  153a re h-aoidedaibh, ⁊ daoine galair d' fiosruccadh, ⁊ deirc dona bochtaibh, ⁊ edach dona nochtaibh. Ocus ise adbar fa n-dénadh se so .i. d' fagail a coda don bhethaid suthain, ⁊ d' eccla achmusain De h-i fiadnaisi na breithe. Ocus do aithin Ciaran da mhancaibh na h-aithenta-sin do chongmail .i. grad do beith aca fein da céile.

     xxxiv
     71

    Ocus do-rinne Ciaran d' faistine go t-tiucfadh moirsheiser tara éis féin, do dhénadh ⁊ do chuinneochadh an riaghail-so, ⁊ 'na diaigh sin gach duine do thiocfadh nach coimhlíonfadh an riaghail-so, nach fuighdís a c-cuid do flaithes Dé.

     72

    Ocus mar tainic aimser ecca Ciaráin do gallraighed uile é, ⁊ do gairmedh a muinnter uile ina thimcell i n-en-ionadh; ⁊ issedh adubairt fríu: “Annsan aimsir-so atá mo Thigerna fein agom ghairm-si chuicce, ⁊ as líach lem-sa, mo tréd d' fagbáil; ⁊ aithnighim do Dhía ⁊ do Charrtach maille le bhennachtain sibh. Ocus attaim aga bhar t-teccascc imon ionad-so d' follamnuccadh maille le besaibh maite; ⁊ na biodh an mac mallachtan ettraibh go fada; uair gerrfaidher bhar laithe da raibh.”

     73

    “Ocus tiucfa aimser ann ina m-beitt plagha imdha adhuathmara scriosfus na h-eccalsa, ⁊ beitt ina f-fásach; ⁊ impóidhfidher an fhírinne a m-breicc, ⁊ ní bhía a dhath féin ar an m-baistedh; ⁊ isé ní fa m-beid ag coinntinn .i. imon echtrannach, ⁊ ni fá ní fein. A braithre ionmaine, guididh lem-sa ar Día na rab am áenar rachus me chuicce, acht daoine eile do breith lem, ⁊ na rab slighe dorcha mo slighe dochum  153b an rígh, ⁊ go m-ba fáilidh romham é”.

     p.124
     74

    Ocus do-chuaidh iaramh docum na h-altora le h-offrail, ⁊ do-chaith corp Crist, ⁊ adubhairt le tríar diongmala da mhuinntir a chorp do coimhett; ⁊ adubairt ríu: “Oscclaidh tri bann-lamha don talamh, ⁊ adhlaicidh meisi maille risna naemhaibh ele, ⁊ la Martain; ⁊ na biodh fios an ionaid seicreidigh sin ag duine”. Is annsin do sccar a anam rea corp dó a medhón-oidhce. Ocus ina diaigh sin ruccadh an t-anam-sin maille le soillsi móir, ⁊ le dealradh aingel h-i flaithes nimhe, ⁊ tricha espoc i n-aoinfecht fris.

     75

    Ocus do bhattur na manaigh a t-timcheall cuirp Ciaráin maille le h-iomannaibh ⁊ le canticibh ⁊ le moladh ele; ⁊ le h-uinnimintibh mar ata arromanta ⁊ a cosmaile; ⁊ maille le soillsi dermair secht laithe cona n-aidcibh doibh mar sin. Ocus do cengladh ina diaigh sin h-e le morán d' édaigibh geala lin, ⁊ do h-adlaicedh é maille lisna h-edoighibh-sin .i. dochum a éirge maille le soillsi na breithe; ⁊ ata ar nimh maille le Patraic ⁊ le Martain, ⁊ le moran do naemhaibh ele, da n-díligther cadhus ⁊ onoir per infinita in secula seculorum. Amen. FINIS.

     76

    16.

     p.125

    8. Betha Caoimhgin

     274a
     i
     1

    Ro boi tra a b-fioghair ⁊ a f-faistine go t-tíucfadh ard-náomh uasal airmittnech i l-Laighnibh .i. i n-Glionn Da Locha do-sunnradh, dia n-diochur ⁊ dia n-ionnarbadh ó geinntlidecht re senmoir breithre Dé, fri h-íc clamh, ⁊ dall, ⁊ bodhar, ⁊ bacach, ⁊ áesa gacha tedhma archena, ⁊ do thodhusccadh marbh, ⁊ do thurnaamh na trén, ⁊ do thoccbáil na t-truagh, ⁊ fri h-ionnarbadh plagh ⁊ duinebath, do choscc meirlech ⁊ mighniomh, ⁊ il-piast n-anaithnidh, ⁊ fri foircetal áosa gacha claoine no beittis i n-acchaidh thoile Dé.

     2

    Ro thairngir tra Patraicc mac Calpuirn ard-apstal na h-Erenn antí Caoimhgin triocha bliadhan riana geinemain, ⁊ go n-dingnedh priomh-cathair do chumdach isin n-glionn remhráite fri bíathad dám ⁊ déoraidh, ⁊ aoidhedh ⁊ oilithrech; ⁊ go thiubhradh ní d' úir ⁊ do thaisibh na n-apstat ⁊ na fírén filet isin Roimh leis go Glend Da Lacha.

     3

    Ocus ata sccriobhtha isin m-bethaid-si gurab ionann do neoch d' ionnsaighidh na Romha d' faghail diolgadha ó Dhia ina peachtaibh, ⁊ taisi ⁊ leapta Chaoimhgin maille le h-aithrighe ⁊ le h-umhaloitt, ⁊ le h-inísle cridhe, amhail gnathaighter.

     2
     4

    Ro thairngir Fiond mac Cumhaill maran cedna, gomadh é Caoimhgin no claoinfedh an ul-piast uathmar ro boi acc aidhmilledh caich i l-Loch lagha 'san n-glend cetna, ⁊ go n-diongnadh a díochur isin dara loch. Tiagait tra daoine ⁊ cethra ⁊ aós gacha tedhma dia n-íc ⁊ dia leighes fo uiscce Locha laga a n-onóir Dé ⁊ Caoimhgin.

     iii
     5

    An tan tra do fíoradh gach faistine dibh-sin, ⁊ tainic an tairngertach .i. Caoimhgin mac Caomhlogha, meic Caimet, meic Rimeda, meic Cuirb,  274b meic Fergusa laimh-deirg, meic Meissin Corb, meic Con Corb.

     6

    Ocus fa h-alacht a mathair .i. Caoimell ingen Ceind Fhindain, meic Cisi meic Luighdech: ⁊ fa h-i san Cáoimell-sin mathair Caomhain, Sanct-lethain, ⁊ Nad Chaoimi Tíre dá glas; ⁊ Caoimeille o Chill Caoimeille; Mionchloth deirbhsiur mathar do Caoimhgin, is uaithe ro genair Colaim mac Criomtain.

     iv
     7

    I n-ionbaid tuismedha Caoimhghin ní thangattar bresa brighi,  p.126 no alla iodhan día mathair, amhail ticc dona mnaibh ele, oir ba h-endac, feidhil, firén an gein ruccustair. Ocus ro fáid aird-ri na fírinne .i. rí nimhe, da aingel déc go lochrannaibh órda léo dia baisttedh. Ocus do-radsattar na h-aingle Caoimhgin fair .i. gein álainn, taitnemhach.

     8

    Ocus as-bertsat na h-aingil frisna mnáibh, an mac do breith leo día baisttedh gusan érlamh n-úasal n-oirdnidhe .i. Cronán, a f-Fortuathaibh Laighen; ⁊ ro baist sein íarttain é; ⁊ ro edhbair e budein do Chaoimhgin ina muinterus, ar gomadh moide no creidfedh cach dó. Ocus ro thairngir go c-creidfitis riogha ⁊ tigernaidhe dó, ⁊ go n-dingnedh ferta ⁊ míorbhuile móra.

     v
     9

    Tuccadh an mac iar sin gusin raith h-i ruccadh é. Ocus do-rinne Día fiorta ⁊ miorbhuile móra i n-onóir Dé ⁊ Caoimhgin forsan raith-sin, óir ge mór an sioc ⁊ an snecta do beith ar gach taobh di, ní teitt innte do grés; ⁊ do-gheibhit cethra ⁊ indile ind aimsir fuachta ⁊ snechta fér innte do gnáth.

     vi
     10

    Tainic tra bo glé-gheal dochum na naoidhen dia shasadh, ⁊ ní fes cia búaile no inis as a t-tainicc, nó gusa t-teichedh. I n-aimsir áoine ⁊ troisccthe ní ibhedh an lenab ciche a mathar acht aoinfecht. Ro earb an t-aingel for Cáoimhgin dol i n-ord manach día foghlaim,  275a ⁊ do-coidh fo gradhaibh, gur bho saccart toccaidhe.

     vii
     11

    As-bert an t-aingel iaramh fris dol isin n-glend f-fásaigh ro tairngiredh dó .i. go fán na loch. Ba mor a mhenma iaramh im sccaradh fri gloir ⁊ aoibhnes an bhethadh frecnairc, ⁊ beith 'na áenar acc eisttecht fri h-imaccallamh an aingil aga thimtirecht. No luighedh isin oidhce for lecaibh loma for bord an locha, croicne fiadh-míol ba h-étach dó.

     12

    No ticcedh immorro tresan loch gan artrach gosein sgeillic do rádh aifrinn gach lái, no biodh gan omhan gan eccla os cend an locha.

     viii
     13

    Ro bói péist uathmar iongantach isin loch, ⁊ ro chuir-si ar con ⁊ dáoine for fhíanaibh Erenn go minic. Ro ghabh Caoimhgin a psalma, ⁊ ro guidh an Coimdhe, ⁊ ro iondarb uadha an péist isin dara loch, .i. Loch Lagha, in loch ina raibhe in phéist, is ann do-gníther anosa foírithin gach aingcisi etar dáoinibh ⁊ cethraibh; ⁊ fáccbaitt uile a n-gallra ann, ⁊ tiaghait a n-gallra ⁊ a n-eslainte isin loch ele dochum na péiste; co nach déin urcóid do chách. Ocus in tráth iompoidhes an peist an dara taobh dhi a n-airde, eirghidh an loch comhard fri bennaibh an t-sleiphe, ⁊ ní roicheann a nómaidhe antí at-chí h-í. Seacht m-bliadhna ro báoi Caoimhghin gan biadh acht nenntocc  p.127 ⁊ samhadh. Do bi Caoimhghin fada do bliadhnaibh nach faca sé aonn-duine; ⁊ do bíodh go a crios isin loch ag radh a trath.

     ix
     14

    Fecht n-áon dia raibhe Cáoimhgin ag gabail a trath ro thuit a psaltair uadh isin loch. Ro gabh sniomh ⁊ toirrsi mor-adbal é. Ocus do raidh an t-aingel fris: “nár bhad brónach”, ar sé. Tainic an dobhrán iaramh go Caoimhgin, ⁊ tucc an t-saltair leis as iochtar an locha gan báthad líne no litre.

     15

    As-bert an t-aingel fri Caoimhgin dul do proicept ⁊ do shenmóir  275b breithre Dé dona poiplibh, ⁊ gan a bheith aga cleith ní búdh sía. Ro baoi bruccaidh h-i crich Laighen dar bho comhainm Dioma mac Fergna; as dó-sidhe ro bói a n-dán Caoimhgin d' faghbháil. Ro urmais bó do buaibh an brucchaidh for an erlamh, ⁊ ro ligh a chosa, ⁊ rob adbal a lacht seach na buaibh ele.

     16

    O 't-cuala Diomma sin, fáidhis an buachail dia fhios, cionnus do-rala an bliocht dírimhe do beith ag an m-boin-sin. Fuair an buachail Caoimhgin i c-cuas uamha, ⁊ an bó acc lighe a chos. Ocus ro chuinnig Caoimhgin fair a dícleith. “Na tó”, ol in buachail, “oír as éiccen damh sccela fíre do thabairt do Dhioma”. Ocus benais Dioma sccela ar éiccin don m-buachail, úair do thaircc Caoimhgin nemh dó ar a dícleith.

     17

    Luidh iaramh Diomma ⁊ a chlann gusin c-cúas irraibhe Caoimhghin, ⁊ do-ronsat cróchar dó ar airmittin, ⁊ ar onóir. Ocus ro ba dluith an choill, ⁊ ro luigh for talmain, gur léicc ráon ro-fhairsing don crochar go t-teighedh trithe; ro eirigh arís tre fhiortaibh an aingil. Do-gheall Caoimhgin iffern ⁊ saoghal gerr da gach nech do loisccfedh úrach nó crionach na cailledh-sin go brath.

     18

    Aon-mac do Dhioma ro bói acc dénamh sealcca; ⁊ nach táinic d' iomchar an érlaimh; ro marbhsat a choin féin h-é, ⁊ adúadar fadhéoigh. Ro thaithbheoaigh Caoimhgin an mac-sin; ⁊ adubert fria athair ⁊ fri a braithribh bith-mhuinnterus do dhénamh la Caoimhghein, ⁊ a n-iodhbairt dó, eter dháoinibh ⁊ cethraibh. Ocus ba deoraidh íatt a crich Midhe.

     19

    Ro bhennach Caoimhgin íat a h-aithle a f-feircce ima tabairt as an c-cúas ar eíccin, amail ro bói i t-tairngire doibh. Do-róine Caoimhghein oircinneach ina chill  276a do gnath do cloinn ⁊ do sliocht Díoma, gér bó déoraidh iatt as in Midhe. Is annsin ro áitigh Caoimhgin priomh-cathair isin n-glend.

     x
     20

    Do-cóidh Caoimhgin isin chorgus i c-cró cáolaidh for leic luim ina shesamh caigtighis ar mís, ⁊ é a c-crois-fighill ar Dhia. Ro ling lon i n-glaic in érlaimh, ⁊ do-rinne nead, gur léicc na h-éoin amach.  p.128 At-bert an t-aingel fri Caoimhgin an cró-sin d' fagbail. At-bert Caoimhgin: “Ní ró damh pían da méd d' fulang ar son righ nimhe, ro fhulaing gach pían tar cend síl n-Adhaimh isin croich cesta”.

     21

    “Tarr as in cró”, ol in t-aingel. “Ni ragh”, ol sé, “no go f-faghar ó Dhía saoradh mo chomharbhadh ⁊ mo manach, ⁊ lochta mo chíosa, ⁊ lesaighes mh' ecclas immedhón ⁊ anechtair”. Do-ratt an t-aingel secht lán an ghlenda dó i l-ló brátha; ⁊ goithne dercc-óir i l-laimh Caoimgin. As mire ⁊ as míchíall da gach duine at-cluin míorbuile Caoimhgin, gan beith fo cíos dó, uair do-rad Día nemh do gach aon do h-adláicfidhe i n-úir Caoimhgin; ⁊ tucc Dia naenbar gacha sathairn dó día m-breith o péin ifirn, madh iar n-alailiu ad-fiadar. Gach aon immorro do-gheibh bás áoine, ⁊ a adhlacadh dia sathairn fo úir Caoimhgin, do-geibh díolghadh dia anmain.

     xi
     22

    Is iomdha rí ⁊ ticcerna do riograidh Erenn, ⁊ do riograidh Bretan, do thogh a adhlacadh i n-Glend Da Lacha ar an adbar-sin ar grádh Dé ⁊ Caoimhgin. Atad taisi na n-apstal laimh le cró Caoimhgin do dhol leis ar ionchaibh an Choimdhedh go breithemnus m-bratha.

     23

    Ní fuair aon-naomh i n-Erinn iomarcraidh Cáoimhgin ó Día, acht Pattraicc namá, úair do-rad Caoimhgin úir na Romha leis amail do ráidhes. Isé immorro Glen Da Lacha in cethramadh Roimh adhlaicthe as ferr i n-Erinn.

     xii
     24

     276b Lá dá f-faca Caomgin ócclach 'na rith chuicce, ⁊ fá cléirech eiséin. Ro athain for a ghuth ⁊ for a dheilbh go n-dérna droch-gníomh ⁊ fionghal. Rucc Caoimhgin lais tara ais é, ⁊ fúair an t-occlach marb amhail aduburt reimhe. Ocus ro athbeoaigh é, go n-derna manach dhe.

     25

    Na neithe immorro da t-tabhratais lucht aingcisi ⁊ easláinte miana ⁊ áilghesa, do-beiredh Caoimhgin doibh .i. sméra 'sna fuighlechaibh, ⁊ ubhla for crannaibh sailech, ⁊ buinnein t-samhaidh d' fagail do gnath for cairrgibh 'san n-gemhraidh.

     xiii
     26

    Do-cóttar lucht seallcca fon n-glend ⁊ do-leiccsat a c-coin do cullach allta, ⁊ ro lingestair for comairce Caoimhgin, ⁊ ro lensat cosa na c-con don talamh, co nar fetsat a m-biodbha bunaidh do lenmain for comairce an érlaimh.

     xiv
     27

    Ro boi trá Colmán mac Coirpre, meic Corpmaic, meic Aillella, meic Dunlaing, meic Énda Niadh, i r-righe Úa Muiredhaigh, ó m-beirdís siabhra a cland uadha tre draidheacht. Ruccadh mac dó iaramh. Ro chuir-siumh an mac da bhaisttedh go Caoimhgin; ⁊ cuiris  p.129 ar faosamh an érlaimh é. Ocus do gradhaigh Caoimhgin an náoidhe, ⁊ gabhais ina dhalta iaramh é.

     28

    Ro bói easbaidh bainne i n-Glend Da Locha an tan-sin. At-connairc Caoimhghin eilit ⁊ a laogh, ⁊ ro erb fuirre leth a lachta ⁊ a bainne do thabairt día dhalta .i. Faolan mac Colmáin, o f-fuilit Clann Tuathail, .i. h-Í Faoláin. Tainic immorro faolcú gusan eilitt, ⁊ marbais a laogh. Do-rinne Caomgin míorbuile móra an tan-sin. Ro erb ar an faolchoin allta beith i n-ionad a laoigh ag an aigh n-allaidh. Isin cloich thuill atá uas Droicet na h-eillte, no faccbadh an agh díol an leinib dia loim  277a ⁊ día lacht gach lái, gurab amhlaidh sin ro h-oiledh Faolan d' fertaibh Dé ⁊ Caoimgin.

     29

    At-bert a oide fri Caoimhgin: “ni bhíam i n-aoin-ionad, óir atá a t-tairngire duit, fiorta móra do dhenamh”. Iar sin immorro táinic for a shéd.

     xv
     30

    Laithe n-aon dia n-deachaidh Caoimhgin do coimhétt cáorach ria óccbhataigh, tangattar buidhen do dhaoinibh bochta ocaracha cuicce, do chuingidh bídh fair i n-onóir Dé. Ro marbh ocht muilt doibh ar sgáth a einigh ⁊ a náire; ⁊ nír lughaitte comairemh an tréda.

     xvi
     31

    Ro bói Caoimhgin i c-Cill Iffín ar fedh an corgais. Do-bheiredh an dobhrán brádán gach laoi leis docum an coimhthionoil dia sásadh. Ro smúain Ceallach go n-dingentai sging úasal onórach do chroicend an dobhráin. Ro thuicc an dobhrán an smuainedh gér bho bethadach brúidemhail. Ocus ni derna an timtirecht cetna o shin dona manchaibh. O 't-conairc Ceallach sin, ro innis an smuainedh do Caoimhgin. Ro fháid Caoimhghin eisidein go Cill Cheallaigh.

     32

    Ro shaor Dia náire Caoimghin an tan-sin. An síol do-chuiredh i c-Cill Iffín ar maidin, no biadh abbaigh ria f-fescor. Conidh amhlaidh sin ro shasadh a mhanchu.

     xvii
     33

    Tangattar aos cíuil go Caoimhgin do chuinge bídh fair, ⁊ ni raibhe ag an érlamh biadh an tan-sin. Ocus at-bert fríu anadh fris. Ni ro ansat. Ocus ro gabhsat acc imdherccadh an cléirigh. Do-rónadh iaramh clocha dona crannaibh ciuil i n-éraic imdhercctha an naoimh; ⁊ mairid a f-fioghracha fós isin tochar allathoir don baile.

     xviii
     34

    Do badar dias ban ag siubhal i t-termann Caoimhgin. Do-rala meirlecha doibh, ⁊ ro marbhsat na mna a b-fionghail,  277b ⁊ ro bensat na cind dibh. Do-rala Caoimhgin doibh, ⁊ ro tathbeoaigh íatt iaramh, ⁊ do-roine caillecha dubha dibh ina cill féin.

     35

    Do thairrngir Caoimhgin go n-dingentai fell ⁊ fiongal ina cill;  p.130 ⁊ do thairrngir crechadh na cille ⁊ an t-samhaid. Ro gheallustair Caoimhgin gach ní dib-sin do dhíogail .i. saoghal gerr, ⁊ iffern fadeoigh. Ceithre galair ro thoghastair do denamh innighthe for chorp gach duine do shaireochadh a chill, ⁊ a chomarbadha, ⁊ a shámhadh .i. aillse, ⁊ easbadha, fiolún fionn, ⁊ cuthach, ni fétait legh náid fiseccdha na galair-sin d' foirithin, acht an Sláinícidh Iosa Criost.

     36

    Dlighidh comharba Caoimhgin a scol ⁊ lucht a mionn d' iomchar ⁊ do coimhett, ⁊ a cioscáin fa a c-cumhang da gach neoch do Laighneachaibh, eter úasal ⁊ íseal. Is amlaidh so ro fhaccaibh Caoimhgin coimhétt a áonaigh ⁊ a mhuinntire, iter úasal ⁊ íseal, eter caraitt ⁊ namhaitt; slána, ⁊ dísle, ⁊ comairce doibh uile, ag techt, ⁊ acc imtecht, gan dáil, gan ceist, gan caingin, gan breithemhnus, gan accra fiach do neoch for a ceile et cetera.

     37

    17.

     p.131

    9. Betha Caoimhgin do reir mar do sccribh manach fá deiscipal dó féin dárb ainm Solamh

     278a
     i
  • Do sir Caoimhgin móran d' Eirinn,
    Ocus an t-aingeal le choir,
    D' faghail áite i n-dingnedh crabhad;
    Ní dherna samhadh go b-fuair.
  • Do-cuaidh Caoimgin tar na bennaibh
    Leis an aingeal, ba lór lúas,
    Do-róin cathair iter glennaibh,
    Do bhennaigh Dia nemhdha anúas
  • Mar a n-dérna Caoimghin crabhadh,
    Gaoidhil do fhremhaigh re thaobh;
    O shoin do ainit íad ar gabhadh
    Go meinic i n-adhba naomh.
  • Glend gan iothlainn, gan cruaich arbhair,
    Acht cairrge garbha os a chend;
    Glend nach érthar nech fa coinnmedh,
    Atá rath in Coimdhedh ann.
  • Glend aigméil, il-piastach, uathmar,
    Glend an dá loch do bí uair
    Do thairnngir Fionn na c-céd c-curadh
    Go m-biadh fo deiredh 'na ruaimh.
  • Do thairngir Patraicc mac Calpuirn
    Gur thaitin leis glend na n-all;
    “Léna thaobh, gibe táirfes,”
    “ Naomh do déna áras ann
    Do sir
  •  ii
  • Deich m-bliadna fichet go tend
    D' éis a thairngire on tailghenn,
    Rob í sin aimser do ghin
    An náomh dar comhainm Caoimhgin.
  • Nír airigh mathair an meic
    Doigh na tiachair 'na coimpeirt; p.132
    Tiaghait mna gan ceist, gan cradh
    Leis da bhaistedh go Crónan.
  • Do-chuir Día aingeal do nimh,
    Suil do baistedh in naoidhin;
    Gur aslaigh tre menmain n-gloin,
    Gomadh é a ainm-siumh, Caoimhghein.
  • Tarla an t-aingel dona mnaibh,
    Do ráidh ríu gan iomarbhaidh:
    “Is orm-sa do aslaigh Dia dil”
    “Teacht do bhaistedh na naoidhen.”
  • Riom-sa as mó do-bheir Dia taobh
    Don naoidhin, bhías 'na ard-naomh,
    As me an t-aingeal brioghmar nach lag,
    Bías gan crich 'ga comhaittacht.
  • Toccbaid suas, a mná, in naoidhe,
    Os mé atá 'ga urnaighthe;
    Baistfet gan bardal gan moide
    In árd-ainm na Trinóide
  • Da aingeal décc, mar búdh cóir,
    Do-chuir Dia aniar 'na onóir; 278b
    Is tapar óir go lasair gloin
    Do boi i l-laimh gach aingil.
  • Rab e sin a fhrestal ó nimh,
    Cein bói baistedh 'ga deinimh;
    Ise do chengail a dhail go chert,
    A aingeal féin coimhitteacht.
  • Ise an t-ainm do dhealbh Dia ar nimh,
    Bías ag lenmain don naoidhin,
    Smuainidh, a mhná an frestail gloin,
    Gurab é a ainm baisti, Caoimhgin.
    Do
  •  iii
  • Do raid an t-aingel risna mnáibh:
    Na treigidh caingen Cronaia,
    'S taisbenaid dó in naoidhe,
    Innesaidh daibh fírinne.
  • Créd 'ma t-tuccabhair, a mná,
    Cuccam-sa bhar naidhenán?
    Uaisle anté do bhaist na mise,
    Ar aisde na dinginn-se.
  •  p.133
  • An baisttedh do ordaigh Día do nimh,
    É do-rinnedh ar an naoidin;
    'Ga aingeal féin atá fios,
    Isé bias 'ga ríar go díles.
  • Do-roine Cronan faistine
    Is failte risan naoidhin;
    Is at-bert: beid na tírthe
    Co dichra fo cís Caoimhgin.
  • Dáilim a h-ucht righ nimhe
    Mé féin deit-si d' áiridhe,
    Gomadh ferr do mhes ag cách,
    Ó bhus mé do chéd-óglach.
  • Tucc annsin a aingel féin
    Da aithle sin toiscc go c-céill;
    Ba cosmail le grein n-gloin,
    Mar theine trén-lasamhain.
  • Mar tarnaic caingen na naoidhen,
    Da aingel ionmain tuccadh;
    Tiaghait na mna binne blaithe
    Leis gusin raith h-i r-ruccad.
  • Naomtha in raith i r-ruccad Caoimgin,
    Ise rath na naoidhen do-bheir;
    Nir fholaigh snechta na reodh
    Fós riamh a fód arar gein.
  • Snechta an gheimridh trath ticc sen
    Bacaidh ingheilt do buaibh cáich;
    Tre rath Dé 'sa raith gan folach
    Do-gheibh eallach biadh a saith
  • Tuccadh fos da bhethuccudh
    Bó glé-gheal 'chum na naidhen;
    Bó nach fes cáit as tainicc,
    Na ca táin gósa teighedh.
  •  279aGo trath coda gacha h-aoine
    'S gach la troiscti go saoire
    Cíche a mathar, naemhdha in smacht,
    Nochan ibhedh acht aoin-fheacht.
  • Do-tigedh fós d' á aithigid
    A aingel fein co h-aoibhind;
    Do biodh do-gnath dá mothuccadh
    Gur trath a chuir le leighend.
  • Do sgar o chairdibh, feirde a chaingen,
    A aingel féin 'ga stíuradh, p.134
    Seacht m-bliadhna rob ceird balach,
    Bói i n-ord mhanach 'ga múnadh.
  • Do len a ord, ger borb a riaghail,
    Do an go diamhair 'ga fhoghlaim;
    Téid fo gradhaibh sáora saccairt,
    Fuair gach abairt da foghnann.
  • Radh a aingil fris go fosaid;
    Ort ni bía annso foistine;
    Na h-an mar so i n-glend fásaigh
    Da n-dérna Fionn faistine.
  • Do fíoradh faistine Find,
    Ocus Patraicc meic Calpuirnn,
    Tainic fán na loch 'artain,
    Mar do bí a n-dán do Caoimhgin.
  • Anois as gairit lem cridhe,
    As-beirim a bhuidhe do Dhía,
    Mo theacht go glenn as maith daingen,
    'S nac bía acht m' aingeal 'gum riar.
  • Do bi ag teichemh riasan saoghal,
    Uamhan réa bhaoghal do ghabh;
    Dob ferr leis, o nár eccóir,
    As dol accédoir ar nemh.
  • Da éis nir chodail ar peall,
    Acht cercaill cruaidh cloiche fa chend;
    Mar do bheith gach geilt gan crúas,
    Do bai da ceilt i c-cruaidh- chúas.
  • Do bi Caoimhghin iter clochaibh
    Ar bord locha ar leabaidh luim,
    Ocus a thaobh seng lé cloich
    'Sa glend gan boith os a cionn.
  • Ro pa cruaidh a leaba ar leic
    Go madain sínte gan sgiamh;
    Nír iarr ar bith ní budh socra,
    Gemadh docra, is innte do bhiadh.
  • 'San n-glend uathmar na c-crann gégach,
    Ní rob aobhdha édach an naoimh;
    Croicne na n-anmann f-fiata
    Uime, iter sliabhtaibh do biodh.
  • Do-theighedh Caoimgin ar lind letain
    Gan luing gan ethar gach láe, 280a p.135
    Do dhenamh aifrinn 'sa sgeillic,
    Ionad do thaitin le Día.
  • Do biodh gan duine 'na fharradh
    'Na aonar fo bharraibh craobh,
    Rob íad a cleirigh na h-aingil,
    Glé-binn léo caingen in naoimh.
  • Do biodh gan uamhan, gan eccla,
    'San uaim ag freccra do Dhía,
    Is loch fuithe mar fhairrge
    Ag sgothadh na cairrge laimh ría.
  •  iii b18
  • Aiccmeil h-í péist locha luicc
    Re denamh uilc ocus áir;
    Meinic tucc maidm ar an b-féin,
    'S ar Fhionn féin go n-iomat aigh.
  • Do gabh Caoimhgin loch na baidbe
    Go moch, mar dob áil le Dia,
    'S do-chuir an pheist i l-Loch lágha,
    Ag eistsecht na trath ní bía.
  • Do ghabadh Caoimhghein go n-dithcell
    A psailm 'na timcell go moch,
    Do-chuir an degh-naomh gan déisten
    Déir-neimh na péiste as in loch.
  • Rob h-e an dubh-loch urbhadhach,
    Irraibhe an il-péist fraochdha;
    Aníu as naomh-loch miorbuileach,
    Doní gach saoth do traothadh.
  • Do-chuir plagha do bhuaibh Gaoidhel
    Caoimhgin, do ba naomhdha in gas,
    'S a c-cur tríd an loch da n-glanadh,
    Nach beiritt leo a n-galar as.
  • Sgaraidh fríu an loch rathmar
    Galar go n-iomat goimhe,
    Teid 'sa sruth d' fios na peistte
    Uisge gan deistin roimhe.
    Aigméil
  •  iv
  • Laidir in snaidm do-chuir Caoimhgin,
    Tucc maidhm ar phéist locha gloin;
    Do chengail go docht is go daingen
    A corp 'sa maindir a b-fuil.
  •  p.136
  • 'Ar n-ionntadh on taobh go 'roile
    Gacha bliadhna an peist fil and,
    Eirgidh an loch cró-dhercc os áirde
    Comhard na cairrge os a cionn.
  • D' iongantaibh Locha lagha,
    Mór an gabhad donté at-chí,
    Aon-lá na oidhche da aithle
    Da éis 'na bhethaid ní bí.
  • Gidh iomdha na fagbála
    Do fhácc Caoimhgin 'na ghlendaibh
    Se féin ar tí a thárthála,
    Ar gach áon n-achar chennaigh.  19
  •  279bA seacht fo diamhraibh dluithe
    Do bliadhnaibh go m-blaithe,
    Duit re taobh do thuaithe
    Gan biadh acht Cáol Fáithe.
  • Caoimhgin a b-fad do bliadhnaibh
    Iter dhiamhraibh i c-coilltibh,
    Ocus ní faca duine
    'S ní fhaca duine inntibh.
    Láidir
  •  v
  • Fada ó chairdibh do bí Caoimhgin
    Iter na cairrgibh co dron,
    Ionnraic do-connairc ord 'na aonar
    Ruccadh ar bord Locha gloin.
  • 'San oidhce do éirghedh gan gabhadh
    Do dhénamh crábaidh 'na lios;
    Ann doniodh go moch a tratha
    'San loch go gnáthach go a chrios.
  • Deiredh oidhce ar lár snechta
    Do éirghedh, mar do cleacht, go moch;
    D' aithle a psalm go m-búaidh do cantain,
    Do thuit a psaltair 'san loch.
  • Do thuit a psaltair re fánaidh
    Ó Cháoimhghin an crábaidh cruaidh,
    Nír mheistte liter na leighenn,
    Uiscce na creidhim da b-fúair.
  •  p.137
  • Tainic an t-aingeal da chomhrádh
    Le Cáoimhgin lomh-lan do rath;
    Do an aicce, go t-tucc dobhrán
    Chuicce a leabhrán as in loch.
  • Raidhis ris an t-aingeal naomhtha:
    “'San n-glend it áonar ni bía,”
    “Os dán duit dáoine dot faicsin,”
    “Ná bí dot chealtair ní as sia”.
    fada
  •  vi
  • Do bái brucchaid bó-cédach
    Ar criochaibh Laighen lerda,
    Rob é an curadh cédfadach,
    Dárb ainm Díoma mac Fergna.
  • Dó-samh do bí a b-fáistine
    Urmas ar Chaoimhghin 'san n-glend,
    Ni fada da aithle sin
    Go f-frith leis an t-érlamh ann.
  • Gur urmais bó do bhuaibh Díoma
    Ar Caoimhgin i c-cúas in croinn,
    Go ro shin aingeal da díden,
    Mar do-chuir le dáoinibh druim.
  • Nír an ar ingheilt in fhásaigh,
    Acht ag lighe cos an naoimh;
    Do-bheiredh ní sa mó do bhainne
    Na leth bó in bhaile i m-bíodh.
  • Le Dioma fa mór an t-iongnadh,
    An ingheilt doníodh an bó;  20 280b
    Do raidh lea buacail a lenmain,
    'S fios a h-adhbair d' faghail do.
  • Do raidh Dioma re lucht teglaigh
    An bó do lenmain go moch;
    Ní fhuarattar a lorcc rempu
    Ar in leircc ós Glionn Da Loch.
  • Da t-tangattar ba Dhioma
    Go diochra d' ingeilt 'san n-glend,
    Tárla da m-buacail crand toraidh,
    Fuair Caoímhghin go soraidh ann.
  • Tairccther le Caoimhgin don buachaill
    Luach isa cheilt ar chách, p.138
    Targaidh nemh, is air ba tualaing,
    'S gan teacht fa thuairim go brath.
  • “Teccaidh bó Dioma”, ar an buacail,
    “Ag teacht úait 'sad dáil 'san n-glenn,”
    Beith dot ceilt ni fuil ar cumus,
    Ar nád t-faicsin go follus ann”.
  • Taosga fuair an bho na an buachail
    Caoimghin 'san úr-choill 'na raibh,
    Sí maráon la coidhce
    'S ag triall 'san oidhce da toigh.
  • Ní dá dhéoin da adaimh an buacaill
    Do Díoma luagaill na bó,
    'Na lios gur cengail go ro tend,
    Gur innis a fochann dó.
  • Do ráid Díoma lena degh-cloind
    Dul 'san glenn a b-frith an bó,
    Go f-faghtaoi leo in náomh go n-gloine,
    'S go g-creidtí léo uile dó.
  • Le Dioma ba mór an lúthgair
    Se d' fagháil 'sa chuas rea ló,
    Do ráidh lena cloinn go nósmar:
    “Denam go grinn crochar dó”
    Do bi
  •  vii
  • “Fír anois faistine Finn,”
    “Ocus Patraicc meic Calpuirnn”,
    Do raidh Dioma ríu faseach;
    “Os sinnair an tairngertach.”
  • A Chaoimghin báoi dúinn a n- dán,
    Tú do thabairt a cúasán;
    Tríallam ní as sía 'san n-glend
    “Na m-beir gan chrích gan foircend”.
  • Ag dol dó 'na rúaig fán c-crannaigh,
    Do raidh Díoma an chaingin búidh,
    Nar léiccthe an crochar dha milledh
    Tresan c-coillidh n-daingin dluith.
  • Slechtait ainnséin croinn an doire
    Don chraoibh oinigh, diadha an fís, p.139
    Do luigh tre fhertaibh an erlaimh
    An fiodh, 's do éirigh arís.
  •  281a
  • Tainic go Caoimgin da oigh-riar
    An t-aingeal fial, mar do cleacht,
    Do congaibh an úr-coill 'na luighe,
    Co fuair thairsi slighe cert.
  • Ifrionn ocus gairde saoghail
    Faccbaiss Caoimhgin ag gach nech
    Go brath do loisccfedh a h-úrach,
    Na a críonach o sin amach.
  • Toccbait Caoimgin i c-crochar
    Clann mór Dioma an ruathair buirb,
    No go rainic lár an glenda,
    Mar a n-derna grema a uird.
  • Do-ní an naomh miorbuil accedóir
    Ar cloinn Díoma árd-mhoir-mhir,
    An nech do-cuaidh tar a uaigh-réir,
    A churp a c-crúaid-céim do-chuir.
  • A selcc nír tréicc ar an erlamh
    Dioma mac Dioma gan céill,
    Ó nar chreid dó, nír sén soraid,
    Sé fa cuid dá chonaibh féin.
  • An c-cualabhair Ceallach mac Díoma,
    Mar fuair bás a c-crois gan sccís?
    Do-chuir Caoimhgin gusna rathaibh
    Da thigh 'na bhethaidh arís.
  • Ge fuair an crochar da milledh,
    Nír moillitte a rúaig 'na réim;
    Ise Caoimhgin do fhóir, ge fuair bás,
    Nír léicc uaidh re tlás a feidm.
  • 'Ar n-éirghe don mhac a h-eccaibh
    Céd-guth do ráidh se le cách:
    “Anté tucc meisi as gach eiccen,”
    “Ni treiceabh é go t-tí an brath”.
  • An comhairle tucc da cáirdibh,
    Ba maith le Caoimhgin a rád;
    Tangattar go mín da guidhe,
    'S do líon a cridhe d' a n-gradh.
    Fír
  •  viii
  • “A Dhioma, os duit do bai i n-dán,”
    Meisi do breith om chuasán, p.140
    Na tréicc me tre ceist eile,
    Oír nach brécc an fhaistine.
  • Gidh dom aimhdeoin tuccabair
    Meisi om cúasan croind,
    Gidh edh do dhén trócaire
    Duit féin is dot chloind.
  • Da n-derntái mo comhairle,
    Budh libh cobhair fós,
    Mo chill is mo chomharbacht
    “Ag Laighnibh fá nós”.
  • Do raidh Dioma, deoraidhe
    Anall a criochaibh Midhe: 281b
    “Acc súd sind dar n-deonuccad
    Duit, a thailginn righ nimhe!
  • A f-fuil againd do co tuccadh
    “Ar an saoghal gan taithlech;”
    “Acc súd sind da tothlugadh
    “Duit ar denamh do chathrach”.
  • Moran ceist re cloinn Dioma
    Do-róni Caoimgin ríu 'san cúas,
    Do teacht ríu is rena n-athair
    Gan beith 'san cathair fa núas.
  • Do-cluin Caoimhghin ceist na cloinne
    'Sa cúis tre b-faghdais a cion;
    Do maith Caoimhgin do mac Fergna
    Go diocra a n-dernsat do chion.
  • Ag sin mar do daingnighsiot
    Clanna Dioma re Caoimhgin;
    Tucc doibh gach ní do áilghettar
    Go so deiredh an t-saoghail.
  • “An uair-sin fa terc daoine”
    Ar in taoibh-si don domhan,
    “Dia do dheonaigh”, ar Caoimhgin,
    “Déoraidh do theacht dom chobhair”.
  • Do-ghní Caoimhghin oircinnigh
    Do shiol na riogh go f-finne,
    Nochar tréicc iatt, ger dhiolmuin,
    Fa h-íad fíor-bhun a chille.
  • “Meisi Caoimhgin doibh bús dion,”
    “Da siol tangatar na fir”.
    Do Dhíoma, os foccus an gáol,
    Tucc da mháor inní do shir.
    A Díoma
  •  p.141
     ix
  • Do-ghníadh Caoimghin aisde crabaidh,
    Nar gnathaig naomh roimhe riamh;
    Do-theighedh a c-cró gach corgus,
    Breth da b-fuair soirbhes ó Dhía.
  • Doníodh sesamh ar leic garbh luim,
    Fuacht ar a chosaibh ge ro ghoill;
    Ro pa ceol aingeal 'na timceall,
    Dó 'san c-cró daingen ba proinn.
  • Caeictigis ar mís do gan biadh,
    No ní as sía, gér mór a nert,
    Gur leim lon go prap do craoibh,
    Go n-derna i n-glaic in naoimh ned.
  • Do fuirigh Caoimhgin 'san c-cró
    'Na áonar, ger mór an phían,
    Ocus ned luin ar a bois,
    No go t-tuccadh as a eoin.
  • Do-chuir Día an t-aingeal da radha
    Le Caoimhgin an crábaidh cruaidh,
    Teacht as a cró caol gan obadh
    A c-coccadh an t-saoghail truaigh.
  •  282a“Farír! as pian as mo cumaoin
    Mo lamh mar loman fan lon,
    Fuil a glac, 'sa taoibh, 'sa troigidh,
    “Do doirt rí nimhe ar mo shon”.
  • Do raidh an t-aingeal go fiadhnach:
    “Na bi dod píanadh ní as sía,”
    Aisdrigh gan cairde as do chengal,
    “Urlamh do caingen ag Dia”.
  • Do ráidh Caoimhgin risan aingeal:
    “As mo broid ni rach rém ré”
    Go f-faghar do lucht mo chíosa
    “Saoirsi o Ísa mac Dé”.
  • “Do-ghebhair sin”, ar an t-aingeal,
    Triall as do cengal gan sgath;
    Seacht láin do ghlend gach aoin-leth
    “Duit fein ar do breith 'san brath”.
  • Budh ésin tuarustal Caoimhgin,
    Mar cluinfitt Gaoidhil rea ló;
    Do-gebha a ló bratha gan anadh
    Gach ni tra dar gealladh dó.
  • Gach caingen do faomh Día do Chaoimhghin,
    'S do iarr a aingel ar nimh, p.142
    Do-bheir aníu dó gan dímes
    Go díles gach ní do shir.
  • Tucc Dia cumacht do Caoimhgin,
    Mar tucc da gach naomh ar bith,
    Budh tenn é ar a dhalaibh,
    Mar bheitt clann Adhaimh ar crith.
  • An uair tiucfus brath brethach,
    Ar cach budh ecclach an spraic;
    Ni beid lucht an glenda i n-gleo-broid,
    Acht mar cheo fa bharraibh slat.
  • Beridh Caoimgin leis i parrthus
    A fhír-muinntear féin gan cáin;
    D' eis breithe in righ ro-moir,
    Ocus ga derg-óir 'na laimh.
  • Ise sin aird-meirge Caoimhgin,
    Budh feir de gach aon 'ga m-bia
    'Na laimh la bratha go h-uasal,
    An dáil budh nósmar ag Día.
  • Gibe do-cluin cumacht Caoimgin,
    Ar an saoghal cein bías béo,
    Muna raibh fa cios don erlamh,
    Ní dherna báosradh budh mó.
    Do
  •  x
  • Tucc Dia dó gach ni do sir,
    Go soich deiredh an t-sáogail;
    Tucc nemh d' anmain gach cuirp cain,
    Da m-beith fa glan-úir Caoimgin.
  • Naonbhar gacha saor-shathairn
    D' anmannaibh lochta a chiosa, 282b
    Tiagat sí go c-caomh-chaingnibh
    Eter naomh-ainglibh Iosa.
  • A n-adhlaicther dia sathairn
    Fa múr na flatha fíre,
    Saor ar ifrenn gan breccuibh
    Iad 'sa n-éccaibh dia h-aoine.
  • Do thogsat riogradh Eirenn
    Ocus a rioghna do gnath p.143
    A c-cur 'san cill uasail,
    'Ga b-fuilit buadha go bráth.
  • Ann ataid taisi na n-epscop
    Fa úir go la bratha brais,
    Laimh le cró Caoimhghin an crabaidh
    Go dol isna dálaibh lais.
  • Dul leis a ló na breithe
    Dob é a c-croidhe go n-dutracht,
    'S beit re Caoimhgin a c-caingen,
    Óir beid aingil 'gá dúsacht.
  • Do lendais é na h-aingil
    'Na chaingin fa bharraibh dos,
    Rob é an fhior-tobar gan lagat,
    A mhíorbuile as fada at-clos.
  • Fada at-clos miorbuile Caoimhgin
    Ar fud Erenn tiar is toir;
    Ní dherna Dia ar aon-naomh oile
    Ní as lia dibh uile na air.
  • Teid Caoimhgin go cuirt na Romha,
    As úr na buadha tug lais;
    Is fuair gan ceilt on papa
    Oilitre is cáta mór-maith.
  • Os mór í oilithre Cáoimhghin,
    Da n-derndais daoine go cóir;
    Ionann teacht fo sheacht i n-aonach
    Ocus dol áoin-feacht don Roimh.
    Tucc
  •  xi
  • Así do chill chédach,
    A Chaoimgin cais cladhaigh,
    Roimh Letha gan lathaigh
    I n-íarthar betha bothaigh.
  • Le ceithre h-airdibh na h-Erenn
    Do badh mian léo teacht 'na cóir
    Ar toiscc go h-oilithre Caoimhgin,
    A n-dáil a n-áonach do-róin.
  • Tucc Caoimhgein leis úir na Romha
    Da cur 'na reilgibh go m-buaidh, p.144
    'S do-gní don glenn caom gan ceiltin
    Ceall naomh, da c-creidit na slúaigh.
  • Cethramadh port glanta anmann
    As ferr tar fairrge anoir,
    Patraicc is Fionn do tharngir,
    Caoimhgin dá chairdibh do shir.
  •  283aGlend Da Loch budh lán d' ainglibh,
    Glend an chatha chrúadh-chaingnigh,
    Glenn ar na tucc Día dimes,
    Glenn as díles don Coimdhidh.
  • Ard ós gach cill cathair Caoimgin,
    Cairdes Laigen go Leth Cuinn;
    Baile buadhach, reilcceach, ro-garcc,
    Cuanach, coilltech, comhard, cruinn.
  • Mór tuarusccbail cille Caoimhgin,
    Truagh an sgel Gáoidil 'ga cnamh;
    Roim rathmar, cathair na n-aingel,
    Ro-coir do bhendaigh a lamh.
  • Ann do-róin tosach a crábaidh
    Suil do lamh í naomh ar bith,
    'S do-róin do ghlend na b-fian b-faobrach
    Ceall i m-biadh áonach nar mion.
  • Cadhas Laighen aonach Caoimhgin,
    Aithes Gáoidel, as caomh gne;
    Ge siredh nech an bith braonach,
    Máoithnech gach aonach acht é.
  • Gibe dáilfes ní ar m' áonach
    Ar gradh Caoimhgin, mar as dúal;
    Saoghal, ocus séun, is soraid,
    Is nemh fo deiredh a luagh.
  • Do fág 'ga sgoil manach béil-binn,
    Ocus ag cleircibh a mhionn
    A cíos do thionól gan daoirsí,
    Ó thucc Dia sáoirsi da chionn.
  • Ni lamhtar troid ar an aonach,
    Na fogra coire na cert; p.145
    Na fala, na goid, na fuadach,
    Acht dol slán uada is teacht.
  • Gibe do mhillfedh an t-aonach,
    Do fág Caoimhgin, nar tlaith brigh,
    Ifernn as giorra saogail,
    Go brath gan baoghal ni bi.
  • Na tri buadha fuair Caoimhghin
    Do sluagh a aonaigh moir-mhir,
    Nemh, is saoghal, is slainte,
    Is fáilte ó Dhia mar do shir.
  • Mian le Cáoimghein beith ar fásach
    Re sásadh an aingil gil,
    Gur an fo chairrgibh na sgeillicc,
    Mor d' áirdibh ele do shir.
  • Ag sin ní d' imtechtaib Caoimhghin,
    Ní diomdach díbh Dia do nimh;
    Ocus na h-aingil 'ga sttíuradh,
    Is 'gá munad mar do shir.
  • Is me Solamh, dalta Caoimgin,
    Do bí im baoghal 'san tir thoir, 283b
    Mar tainic m' oide dom cabair;
    As mor don domun ro shir.
    As í
  •  xii
  • Gidh iomdha na fáccbala
    Do fhácc Caoimgin 'na glennaibh,
    Se fein ar tí a t-tárthála
    Da gach aoin-nech dar cennaigh.
  • Ni fhuil sencus sen n-daoine
    Nó 'na feal-daoinibh occa,
    Nochan fuil toirt ann festa,
    Acht gurub seng gasta a roba.
  • Ni crabhadh na ceileabradh
    Doniad cleirigh 'na c-cillibh,
    Bíd ar olcas a c-céille
    Ar tí a cheile do mhilledh.
  • Ro lia 'na chill comhaightigh
    Nád airchindigh duthaigh;
    Do-chúadar a fíor-bunadh
    'S a mhíorbuile ar múchadh.
  •  p.146
  • Ag súd buadha is míorbuile
    Chaoimghin gan fios a n-diola,
    Ó nach maraitt irisigh
    Re h-innisin a m-briogha.
  • Acht muna f-fagthar sccriophtha
    A c-cairt i t-tiribh oile,
    Deimhin a n-dol ar dermad
    I t-termann Caoimhghin glinne.
  • Meic cleirigh gach naoimh-cille
    Ag dol le mionnaibh do gnath;
    Ní mar Caoimgin an glinne
    'S a mionna ar gluighe go brath.
  • Ar fáccaibh féin isin saogal
    Da miorbuiluíb, naomhtha in fath,
    Atád na mionna 'ga t-taisgidh,
    A f-faghail i naisccidh ni gnath.
  • Tabhair ofrail don mac cleirech,
    'Ga f-fuilit mionna ar a breith,
    Ar gradh in naoimh móir gan meabail,
    'S do-gebhair admáil it creich.
  • Sud diol ar mionnaibh Caoimgin,
    Maircc téid da luighe gan sgath,
    Fágbaid go síor, dá madh éitir,
    A sliocht go leittmech ar chach.
  • Maircc thuilles go h- ésccaidh
    Esccaine ó mhionnaibh Caoimhgin,
    Muna b-fuil tru lena feirde
    Dol gan cairde don t-saoghal.
  • Gibe nech ara m-benfaid
    Méoir mo mhanach mo mionna,
    Gidh flaith Fail go folla,
    Gidh fer graidh, gidh giolla;
  •  284aDamadh esccaine direch,
    Sgarfaidh sí croinn le clochradh,
    Da raibe seal na bhioth-cruth,
    Budh methach nach bia a ro-chruth.
  • Mo ceall-sa da saraighther,
    Do rioghaibh bus baoghal,
    A b-pian thall is airite,
    Is diombuaine da saoghal.
    Gidh iomdh
  •  p.147
     xii b
  • “Gibe eccóir do-rinnedh,”
    Donither, nó do-déntar,
    A dioghail tuitid go cert
    Ara nert as a n-dentar”.
  • Caoimgin do-rinne an rand-sa,
    Ní mar fhallsacht do-rinne,
    D' fagail saoirsi dá bhochtaibh
    Ar olcaibh gacha linde.
  • Cádhas do fháccsat Gaoidil
    Do Chaoimhgin gan cain, gan cíos;
    Ata an chill da t-tuccsat saoirsi
    'Ga cur fa daoirsi arís.
  • “Tiocfa uair do dheiredh domain,”
    Gidh damh-sa bus fodhail tinn,
    'Na nairccfither mo chill gradach,
    Is fúicfidher fo a lán fill.
  • Rachat-sa a n-diaigh na h-airccne,
    Me Caoimhgin go mét h-airccne,
    A rígh ni mairfid abus,
    Is digeolat a t-turas.
  • Muirfer iar sin gan cáirde
    Iad isin m-beind i n-áirde,
    Maircc do tuill re n-dol anonn
    Giorra shaoghail is ifernn.
  • Gach rí bhrises ar c-cumann,
    'S nár chomhaill damh mar do gheall,
    Bíaidh 'ga tharraing iter diabhlaibh,
    'Sa anam 'ga pianadh tall.
  • Gach ri rachus d' écc fam réir,
    Bed-sa fein thall ar a cionn,
    Is do-dén failte rea anmain
    “Tre cháirdes da n-aince an ceall”
    Gibe
  •  xiii
  • Do togh Caoimhgin ceithre galair,
    Nocha da carait do-roin,
    Do chengal luchta airrcthe a cille,
    Da milledh uile da dhéoin.
  • Aillsi, is easbadha braghat,
    Fíolún fionn go n-iomat lot,
    Cuthach, do-bheir saoth ar slúaghaibh
    Tre buadhaibh mionn ocus clocc.
  •  p.148
  • Ag sin na galair gharcca,
    Ag nach faghait cerrbadh fóss; 284b
    Gibe ar a t-tabhratt sin cnedha,
    Ni fhoirfitt legha na los.
  • Spreidh loiscces croinn is clocha,
    'S coisges muirn gach lonn-srotha;
    Fercc Caoimhgin le gach gille,
    Bíos ag argain a aird-cille.
  • Cuirfidh comhartha cille
    Ar gheinntibh Glinde Giadhail,
    A m-beoil siar ar a c-culaiph,
    Ni chél ar dhúilibh diabhuil.
  • As láidir fós an cumacht,
    Tucc Dia Athair do Caoimhgin,
    Do chur na t-troch ar merbhall,
    Nach tug termann da naoimh-cill.
  • 'San luas na t-treigfitt Gaoidil
    Cádus Caoimhgin gan tabach;
    Fuicfid íad go díblidhe
    Sech gach Gaoideal go dubhach.
  • Maircc Gaoideal léicces 'na longport
    Creach Caoimhghin in crábaidh cruaidh;
    Tráothaid a rath is a conách,
    Téid gach maith ar dochnach uaidh.
  • Do-beir gerr saoghal da c-colainn,
    'S a n-anam don diabhal dubh;
    Galair as nach faghar slainte
    A c-comair na graiscce tug.
    Do
  •  xiv
  • Do fhergaigh a oide re Caoimhgin,
    Fada nach dermadtha a fhath,
    Ó nach tucc teine go daith-grind
    Cuige le h-aifrinn do radh.
  • Soidhtheach i t-tiubhradh í cuicce
    Do iarr ar a oide, 's ni thucc,
    “Muna b-faghair ionad eile,”
    “Tabhair let teine it ucht”.
  • Do-rinne ar rádh a oide
    Caoimhgin tre búidhe, ocus tucc
    Chuicce, o nar sccuir da gríosadh,
    A lán do ghríosaigh 'na ucht.
  • Ise do-chuir tes 'san teine,
    Fesda na ceilidh ar cách, p.149
    An t-aingel tainic da chosnamh,
    'S do ainic ar losgadh an snath.
  • “Riot-sa do eist, is ni riom-sa,”
    As tusa as andsa le Día;
    Atáoi lán don Spiorut Naomtha
    Meisi ret taobh-sa ní bía.
  •  285aDerbh go f-fuil, mar do shaoiles,
    Do grádh go díles ag Día;
    O nach ionann réim dar naomh-dail
    “Ni bhem i n-aon áit ni as siá”.
  • Innraic treorach do Caoimgin
    Gurb h-e a eolach aingel Día
    Idir ló ocus oidhce,
    Da breith 'sa righ-brugh 'na m-bía.
  • Ro budh é tosach a shiubhail,
    Caoimhgin, gan pudar, gan céilcc,
    Do-chuir Dia an t-aingeal da cobhair
    'S do ainic e ar fogail 's ar feirg.
    Do
  •  xv
  • E féin la da n-deachaid
    Caoimhgin lea cháoiribh ar sliabh,
    Ticc chuicce buiden do bochtaibh
    Ag dol do ghorta gan biadh.
  • Mar tangattar chuicce, accedóir
    Iárraitt déirc ar gradh Dia,
    Do fhreccair Caoimhgin go h-áiseach,
    Nach raibhe aige ar fásach biadh.
  • Triallait imtheacht go h-obann,
    Ocus gan anmhain re fóigh,
    Do fhasd re c-cuid, diadha in acfaing,
    'S tucc biadh go fairsing doibh.
  • Tucc na seacht muilt dona bochtaibh
    Caoimhgin, gan locht ar a réim;
    Nir teirce an tred rea n-airemh,
    'S do thesruicc Dia ar naire e fein.
  •  xvi
  • Gach aon-la gusna mancaibh
    Dobhrán becc, mor a shoirbhes,
    I Cill  21 Ifin gan groddál
    Tucc bradan car an chargais.
  • Ó 't-chí Ceallach an dobrán,
    Is bradán leis don coitcionn, p.150
    Do smuain gur bo maith don chill,
    Da n-derntaoi sging don no da croicionn.
  • Tucc sgáiledh ar na naomhaibh
    Anní do aontaigh Ceallach;
    Do threic o shoin an dobhrán,
    Nach tucc bradan don manach.
  • Admhais Ceallach a chionta
    Dona sáoithibh sáir-ghlioca,
    Da eis sin, gidh cruaidh an breth,
    Do-chuir Caoimgin uaidh Ceallach.
  •  xvii
  • Do-roine Caoimgin cur rathmar
    Da mhancaibh ar a b-feabus,
    Da saoradh fein ar naire,
    Is ar cainedh na namhas.
  •  285b
  • An siol do chuiredh a moch trath
    h-I c-Cill Iffín, diadha an rath,
    As de go neimh-crion 'san oidhche
    Do bhiathad na saoithe faseach.
  • Mo as aimhglic an lucht senma,
    Nar an ag Caoimgin re fóigh;
    O nach fuarattar biadh urlamh,
    Feimdhit anmhain 'na chóir.
  • Do-roine Caoimhgin clocha
    Do crannaibh cíuil na n-guth m-binn,
    Is tucc brón ar lucht a senma,
    Do-rinni air diomdha, nar thuill.
  • Easbadach do lucht na senma,
    Nar an go fosaidh rea saith,
    Atad a c-croinn, ní mar offrail,
    'Na c-clochrán fo cosaibh cáich.
  • Nocha thucc doibh fuagra diultaidh,
    Acht íad féin d' imtecht da n-déoin;
    Maith do fóir sin Caoimgin ar naire,
    Is adhbar gaire do-roin.
    Do-róin.
  •  xviii
  • Do-chuir go Caoimghin da baistedh
    Deigh-righ O f-Faolain a mhac, p.151
    'S da beith aicce mar dhalta,
    Chuicce rob é a mían a theacht.
  • Ni rabhattar ba nád buailte
    Ag an lucht do bí 'san n-glend,
    Da b-fuighdís bainne don dalta,
    Do bai gainne lachta ann.
  • Do-chonnairc Caoimgin an eilitt
    Ocus laogh becc lena cois,
    Do-ghuidh Dia do leith a lachta
    Do tabairt a dhalta ass.
  • Tainic an eilitt don baile
    Gusan manach, mar nar clecht,
    Tucc don laogh blaith is da dhalta
    A saith fein lachta go cert.
  • Do thaladh a loim go h-iomlán
    Ar cloich thuill, go beith lan de,
    Isé ainm an ionaid go cinnte,
    Inis Eillte, o sin alle.
  • La da t-tainicc as in c-carraicc,
    Gid fada, gairitt do-chuaidh,
    Do marbh an lom-trú con millte
    Aon-laogh na h-eillte, 's aduaigh.
  • Do-ronadh le Caoimhgin miorbuil
    Ar an c-coin, ger gránda a l-li,
    Do-chuir fan eilit dariribh
    An mac tíre i n-áit in laoigh.
  • Do anadh an eilit go fosaidh,
    'Sa manach naomhtha rea taobh,
    Is an mac tire ar a bhelaibh,
    Mar do bheith ag tál da laogh.
  •  286aCáoineocc ban-cumachtach sithe
    Do len mac an righ anall;
    Ata 'sa banntracht 'na c-clochaibh
    Tall os cionn locha na c-ceall.
  • An t-áos sithe rucc a clanna
    An righ-sin, gér tend an tuir,
    An ghein da bhaisttedh go Caoimhghin
    Tre ceist an t-siodha do-cuir.
    Do
  •  xix
  • Cind an dá bhan ar a c-colainn
    Caoimhgin go follus do-chuir,
    Tucc slán íad ó ég go bethaid
    Ger lán an tachadh da b-fuil.
  •  p.152
  • “A Caoimhgin, tainic go h-esccaidh
    D' ar m-breith slán o bás do rinn,
    Bem dod reir an seal mairfem,
    “Riot nocha scarfam ré 'r linn”.
  • Rucc Caoimhgin beo don bhaile
    Na mná dar benadh a c-cinn,
    'S do-róin dibh caillecha dubha
    Craibhtecha, cubdhe, 'na chill.
  • Mar sin do fhóir an fhiongail
    Do-ronsat biodbaid 'na chill;
    Tar éis a b-fuaratar d' olcuibh,
    Do tháith rea c-corpaibh a c-cinn.
    Cind
  •  xx
  • At-cí Caoimhgin cubaidh cuimnech
    Cleirech bocht, gerb olc a lí,
    Ag teacht 'na rith tar na cairrgibh,
    A guth ar barr-crith do bí.
  • Do athain Caoimhgin guth an peacthaigh
    Gion go f-facaidh roimhe riamh;
    Tucc aithne dherbh ar a dhranntán,
    Gur marbh a compan 'sa sliabh.
  • “A cleirigh, nar loc an fhiongal,”
    “Ni h-iongnadh gidh olc do dealbh,”
    Beir eolas damh gusan alltán,
    “Nar fhagbhais do compan marb”.
  • Muna thísedh Caoimhgin fan am soin,
    Do iostais coin allta a chorp;
    Anam 'san marbh mur tánaic,
    As derbh gur slánaigh a lot.
  • Uime fuair Caoimhgin a toradh,
    Do fhoir ar conaibh, ger borb,
    Rucc da tigh, rob sén soraidh,
    'S doní dibh manaigh i n-ord.
  • An chéd uair tainic tar sliabh,
    'S do fhan go diamhair fá dláoi,
    Caoimghin, ba stor gleic 'san sgeillic,
    Mor d' iongantaibh ann at-chi.
    At-chi
  •  xxi22
  • Tortha is slainte do dháoinibh
    Do faccaibh Caoimhgin 'na c-comair;
    Gibe nech gusa roichfid,
    Ní cían go fiuighbhe cobhair.
  •  p.153
  • Sméra dubha 'sna fuighlibh,
    Ubhla craoibhe na soilech,
    Ocus buinnéin don charraic,
    Ícas galair gan fuireach.
  • Maraid, 's as mór an míorbal,
    Atá go minic 'arna dherbadh,
    Sméra dubha do bhunadh
    Geines ar cairrgibh garbha.
  • 23 286b
  • Ni faghtar iad 'san am soin
    I n-airdibh oile an t-saogail,
    Buinnein ag fás ar clochaibh,
    Acht ar bruach locha Caoimhgin.
  • Tucc Dia gan ceilt do Caoimhgin
    D' fás 'na cairgibh 'san n-geimhriudh;
    Dar lem as adhbar failte,
    Toirthe is slainte do dhaoinibh.
  •  xxii
  • Ba lór luaithe an tuirc allta
    Is coin 'ga glamadh la coidhce;
    Mar tainic uair a bhaoghail,
    Do-chúaidh ar caomhna Caoimhghin.
  • Doní Caoimhgin go soraidh
    Ar na conaibh accédoir
    Cengal a m-bonn don talmain,
    Siad a lenmain nír e doigh.
  • Mar ticcedh lucht an fiadhaigh
    D' iarraidh a c-con do ghlendaibh,
    Iongnadh leo, 's gan a m-bás-ghoin,
    Créd na sása lér cengail.
  • Fa h-iongnadh mór léo an miorbal,
    Dob iongnadh mór ar dhaoinibh,
    Muc allta, ocus í i m-baoghal,
    Do dhol ar caomhna Caoimhgin.
  • “Sccaoil d' ár c-conaibh, a Chaoimhgin,”
    Tar éis ar n-diola úaithe,
    Sin accatt fein gan forrach
    “An cullach”; fa lór luaithe.
    Ba
  •  xxiii
  • “A mhanaigh úd, créd an focann
    Fil accat oruinn go dron? p.154
    Nocha máothla-so, acht oigdhe
    “Ata againn arar muin”.
  • Ceilter leis na mnáibh na máothla
    Ar an naomh, gér báoth in dail,
    'S doní Cáoimhghin don bán- gruth
    Clocha, mar t-aire ar na mnáibh.
  • Fa maith le Caoimhghin sin d' faigsin
    Beith da cheilt, nír mhaith in fáth,
    Atád 'na c-clochaibh na mulcáin
    'San tulcán ar comhair cáich.
  • Don lucht oibre do mes Ceallach
    A c-cennach ar airget glan,
    Fa diomdach Caoimhgin da f-freccra
    'S do diogail taccra na m-ban.
    A manaigh.
    FINIS
  •  xxiv

    24

    10. Beatha Caoimhghin Glinne Da Lach sunn do reir mar sgriobh manach fa disciobal do féin dar ainm Solamh .i. et sgriobhthar anso i maill friom-sa, Aodh Ó Dalaigh, an t-aonmadh lá fiothchad do mi Ienaredh anno Dom. 1725 a m-Baille Atha Cliath.

     p.155
     i
     1

    Earlamh uasal, oireaghdha, cobhsuidh, craibhtheach, cáomh-duthrachtach, iodhan, aointech, urnaigtheach, briocht-ghlan, bennuighthe, dar ainm Caoimhghin. Tainig do riogh-fhuil uasuil orderc Dhal Meisen Chorb, mic Con Corb, mic Mogha Chorb, mic Conchubhair Abhrad-ruaid, mic Finn Filedh, mic Rosa Ruaidh, mic Fearghasa Fairrge, mic Nuadh Neacht, mic Setna Sioth-bhaic, mic Luighdhech Leith-fhinn, mheic Breasuil Bhric ⁊ et cetera.

     2

    Agus as é an Caoimhgin sin do beanuigh a n-Glion Da Loch a Laighnibh, a samh-mhuigh Caoimhghin; agus do bhi do naomhthacht Caoimhgin nair mhothaigh a mhathair re linn a bhreithe doigh na diachair, na tinneas uaidh; ⁊ iarna bhreith cuirther mná leis d' fios Cronain naomhtha dia bhaisdedh; ⁊ 'ar m-beith dona mnaibh ag triall léis in leanbh go Cronan, taisbeanas aingeal é féin dóibh, ⁊ dubairt ríu a thabairt fa-dera ar Cronan Caoimhghin do thabairt d' ainm air; ⁊ már rainig do lathair Chronain, do ghabh an leanbh 'na lamhuibh, ⁊ baistter leis é, ⁊ tug Caoimhghin d' ainm fair  147 ar fhuralaeamh an aingil; ⁊ nochtas dona mnaibh, gurab é sin fa h-ainm dileas dho do thoil ⁊ d' ordughadh Dé, amhuil adeir Solamh an manach fa disgiobal do Chaoimhghin, lér sgriobadh an beatha-sa:

      R.

    1. As é an t-ainm do dhealbh Día ar nimh,
      Bhias aig leanmain don naoidhin;
      Smuainidh, a mhna freasduil ghloin,
      Gurab é ainm baisde, Caoimghin.
    Agus adeir an ughdar cetna gur thaisbeanadair dha aingeal deag thainig do nemh íad féin go t-tapur loinnreach a lamh gacha h-aingil  p.156 diobh do Chronan ré linn a bheith aig baisdedh Chaoimhghin do; aig so mar adeir an Solamh cetna:

      R.

    1. Dha aingeal deag, mar badh cóir,
      Do-chuir Día anuas 'na onoir;
      As tapar go lasair a gloin
      Do bhi a laimh gach aon aingil.

     3

    A n-diaigh an bhaisdthe immurro beirid na mna Caoimhghin léo gusan raith a rugadh é, ⁊ as Raith an Tobair ghil gairmhther don raith-sin, ⁊ do leasoigh annsin é secht m-bliadhna. Gidh edh as ionchuirthe a n-ionguntas 'ar m-beith ar chiochaibh a mhathair dhó, nach ibheadh gach aoine ⁊ gach la troisgthe é iad, acht aoin-feacht amhain, ⁊ sin um trath nona. As iongnadh fós an raith úd ina rugadh é nach comhnuighenn sneachta uirre gan leagadh go h-obann.

     ii
     4

    Iar c-caithemh iomorro seacht m-bliaghan dó, do-cuiredh da fhoghluimda bheas-munadh a b-fochair coimhthionoil manach é, gur chaith athaidh fhada dhá aimsir eattorra; go t-tainig a n-aois a bheith 'na shagairt, ⁊ iar n-glacadh gradh n-eaglaisda dhó, do smuain  148 ina meanmuin an saoghal ⁊ caidreabh na n-daoine do treigeadh; ⁊ beatha uaignech díthreabhach do thabairt ar an aigein fhasaigh, no a n-alltur roi-dhiamhair ionnas nach biadh roinn risin saoghal ar chor ar bhioth aige.

     5

    Ré t-triall do, tainig aingeal comhfortacht ler treorugadh é gusna cargibh ata don leith thiar don da loch ata a n-Glionn Da Loch, ⁊ gan do bhiadh aige acht cnuasach na coille ⁊ luibhena talman ⁊ fioruisge mar dhig; agus ní bhiodh do leabuidh aige acht cloch-chearchuill fana chend, ⁊ leac faoi, ⁊ leac do gach leith dhe, ⁊ ní bhiodh boith os a chionn; ⁊ fos as croicne beathadhach n-alta fa h-eadach dhó; ⁊ do-theigheadh go minic don sgeilg agus don uaimh dá n-goirther leaba Caoimhghin; ⁊ é aig guidhe go sior-guidhe Dé go diograiseach.

     6

    Agas do thilledh assin tarais fan c-coil da n-goirther Caol Faidhe ata don leith thuaidh don loch; ⁊ do bhiodh sealad fada 'san loch go crios, ag rádh a thrathe, seal 'san ló, ⁊ seal 'san oidhche, ⁊ do chaith  p.157 seacht m-bliaghna ar an ordugudh-sin a n-uaigneas o chaidreabh daoine, amhuil adeir Solamh:

      R.

    1. A seacht fa diamruibh dluithe
      Do bliaghnuibh go m-blaithe
      Do re taobh a thuaithe
      Gan bhiadh a c-Cáol Faithe.

     iii
     7

    Agas 'ar m-beith seal fada 'san riocht-sin dó, tarla go n-deachaidh deiredh oidhche sneachta amhuil ro cleachtadh 'san loch, ⁊ lé cantuin a psalm dhó, tuitios a  149 psaltair 'san loch, go n-deachaidh seal ré fana, ⁊ tainig an t-aingiol d' a chomhfortacht. Leissin tainig an dobran, ⁊ tug a leabhar 'na beol chuige; ⁊ dubairt an t-aingiol ris, theachd a c-caidreabh na n-daoine, ⁊ gan bheith aga ceilt fein ortha ni as sia. Agus tillis sin an ditreibh anfhasaigh, mar a c-cleachtad bheith roimhe sin, ⁊ do bhiodh aga diothladh ⁊ aga disliughadh féin a sgailpibh cairrag ⁊ a g-cuasuibh athaidh fhada mar sin.

     iv
     8

    Tarla fan am soin brughaidh boi-cheadach a Laingnibh láimh risin n-glend ina raibhe Caoimhghin as an Midhe ar cuairt bhuailltechuis, ⁊ as é fá h-ainm don brughaidh-sin, Dioma mac Fergna, ⁊ mar do thairngir Padruig cían ré m-breith Caoimhgin go t-tiocfadh a shamhuil do náoimh ann lé m-beannochthaoi a n-Glionn Da Loch; ⁊ do dheonuigh Dia, gur é an Dioma cetna fuair é, 'ar m-beith dó féin aga cheilt ar dhaoinibh, amhuil adubhramar roimhe.

     9

    Agas ase modh ar airfrioth é .i. airghe do bhuaibh Dhioma do bheth ag inghilt ar an c-coill ina raibhe Caoimhghin aga cheilt féin; ⁊ fuair bo dona buaibh doigh ar an c-cuas ina raibhe an naomh, ⁊ é ghá chomhfortacht ag an n-aingeal, agas gabhas an bho ag lidhe a chós feadh an láoi, ⁊ um thrath nona, 'ar t-techt do bhaile maráon risna buaibh oile dhi, do cruithidhe oiret bainne uaithe agus do-gheibhthi do lacht o leath na h-airghe; ⁊ gacha mhionca do-théidis an airghe fan c-coill-sin, do theighedh an bo cetna do lidhe chos Caoimhghin; agas iar t-teacht don bhaile um noin di, do-bheredh samhuil an lachta cetna.

     v
     10

    Mar do-chonnairc Dioma go líon a mhuinntire-sin, do ghabh  p.158 machtna meanman, ⁊ iongnad adhbhal-mhór é féin ⁊ cach; ⁊ adubairt re buachuill na m-bo coimhét agas  150 lorguireacht mhaith do dhénamh ar an m-boin arnamharach, go bh-feasadh cía an leith don choill a raibhe an inghillt shochrach, ó b-faghadh an bhó an lacht líonmhar do-bheiredh uaithe.

     11

    Dala an bhuachalla, cuireas na ba arnamharach fan c-coill ina raibhe Caoimhghin, ⁊ leanuis an bhoin-sin go réim-dhireach, go rainig an bhó an cúas ina raibhe an náomh Caoimhghin, ⁊ tig an buachuill do lathuir 'na dhíaigh; ⁊ mar do-rainig do lathair Caoimhgin, as amhluidh fuair e, go h-anbhfann eugcruadh, gon airbreith dhó aisdear na imtheacht do dhenamh, 'ar m-beith da bhrigh chorparda 'arna breoghadh, tre iomad crabhaidh ⁊ ciorrbuidh cuirp le troisgodh ⁊ le h-urnuighthe, ⁊ le luighe ar leacuibh loma, ⁊ gan boith na bealsgath os a chionn.

     12

    Agas le faicsin an bhuachalla dhó, biodhigus, ⁊ iarruis mar athchuingne air, gan a nochtad do neach 'san bhioth, é féin do bheith 'san chuas-sin. “Ní eaduimh sin”, ár an buachuill, “ó frioth leam thu, agas an bhó-so Dhioma ag teacht dot fhios gach áon lá chugat agus uait, ⁊ go raibhe d' fiachuibh oram féin an m-boin do leanmhuin, go bh-feasuinn cret da t-tainig an lacht lionmhar do-bheir uaithi”, amhuil adeir Solamh 'san rann ar taobh thall: 151

    1. “Tar eis bhó Dhioma”, ar an buachuill,
      “Ag techt uait 'sad dail 'san ghlend”
      “Do cheilt ni fhuil ar mo chumas”,
      “As tú ar th' faicsin go follus leam”.

     vi
     13

    A racht don bhuachuill tar ais do lathair Dhioma, do thogair an naomh do cheilt; ⁊ gabhus fearg Dioma léissin, ⁊ tug fa-dera an buachuill do cheangul a c-cuibhreach dhocruidheach, gur fhaisneis dó mar fúair Caoimhghin a c-cuas croinn, ⁊ 'arna chlos sin do Dhioma, gabhus luthghair mhór é, ⁊ dabairt réna chloinn crothar do dheanamh, go n-deachdaois a c-cuinne an náoimh, ⁊ go c-creidthi léo dhó;

     14

    ⁊ gurab é do thairrngir Fionn cían roimhe shin, do beannochadh 'san ait-sin; ⁊ ollmhuighther an crothar léo; agus trialluid  p.159 rompa, go rangadar tresan c-coill, Dioma ⁊ a chlann, go c-crothar léo, gur threoraigh an buachuill íad gusan c-cuas ina raibhe an naomh; ⁊ 'ar m-beth don choill ro-aimhreidh dluith, iarras Dioma ar Chaoimhghin Día do ghuidhe fa bhealach do reithtech 'san choill; ⁊ do gheruidh Caoimhgin ar a ghuidhe go Dia, aga iarruidh air bealach do reidhiughadh reampa, le b-fetfadaois an chlann-sin Dhioma é fein d' iomchar gusan n-glend, mara raibhe a bhara faoi, eaglais ⁊ ionaid comhnaidhe do dhenamh dhó féin; ⁊ claonus an choill do gach leith, go n-dearnadh bealach socar, so-imthechta thrithe; ⁊ leissin togbhas Dioma ⁊ a chlann Caoimhgin 'san chrothar léo,  152 ⁊ as amhluidh do bhaoi an t-aingiol ag claonadh na coille roimh an c-crothar, ⁊ an choill aig eirghe ina h-alt féin d' eis an naoimh, go rangadur ar lar an ghleanna, ait a bh-fuil teampull Caoimhghin aniugh.

     vii
     15

    Tarla dhá mhiorbhal fan am suin do dhis do chloinn Dioma. Fer dhiobh, dar ainm Dioma og, lér h-eimdhedh dul faoi an c-crothar, oir adubart nach t-treigfedh a sheilg ar iomchar chrothair Chaoimhgin, ⁊ iar c-ceileabradh dá athuir ⁊ da bhrathribh, ní cían do-chuaidh an tan do ghobh confadh na coin do bhi aige, ⁊ lingid air féin, ⁊ marbhuid, ⁊ ithter léo é. An dara miorbhal .i. mac oile do Dhioma, dá n-goirrthe Ceallach, do-chuaidh fan c-crothar, ⁊ do creid do Chaoimhghin; ⁊ 'ar m-beith ag triall trésan c-coill fan c-crothar dhó, tuites faoi, ⁊ linges a anam go h-obann as. Biogas Dioma ⁊ a chlann leissin, ⁊ gabhas tuirrsi mhor iad.

     16

    Mar do-connairc immorro Caoimhghin anní-sin, do gheruidh ar a ghuide go Día, 'gha iarraidh air Ceallach dh' aithbheoghadh, ⁊ eistder lé Dia, go t-tugadh Ceallach ó bhás go beathuidh. Agas bronnus Ceallach é féin do Chaoimhghin tresan miorbhal-sin; agus do iarr maran c-cetna ar a athuir, ⁊ ar a bhraithribh, umhla agus onóir do thabairt do Chaoimhghin, feadh a ré, ⁊ gabhuid sin ortha fein. “Gloir do Dhia”, ar Caoimhghin, “mar do-chuir se sibh-se ata ar deoraidheacht as an Midhe dom fhreasdal sa ⁊ dom fritholamh; ⁊ do-bheirim mo bheaneacht duit-si, ⁊ dot chloinn, a Dhioma”, ar se.

     viii
     17

     153 Do ghabh Caoimhghin ré n-ais tré chruas crabaidh gach corghus do dhenamh a c-cró caolaigh, ⁊ leac ghlas mar leabuidh faoi, ⁊ as é ceól na n-aingeal do budh proinn dó; ⁊ do chaithedh caoicios ar mhí mar sin. Agus corghas da raibhe amhlaidh sin, tainig lon on  p.160 choill don chro, ⁊ toirlingis ar a bhois, ⁊ é 'na luighe ar an lic, ⁊ a lamh sinte uaidh amach; ⁊ congmhuis a laimh mar sin, go n-derna an lon nead innte, ⁊ go t-tug enlaithe amach.

     18

    Tig an t-aingeal da éis sin d' fios Caoimhghin, ⁊ adubhuirt ris teacht as an b-peannuid ina raibhe, ⁊ a theacht a c-caidreabh na n-daoine aris. Do raidh Caoimhghin gur bheag an phian do féin a lámh do bheith fan lon, go tabairt a líne amach, seach an b-pian d' fuling a Thigerna ar a shon; do réir mur adeir Solamh 'san rann-sa ag faisneis bhriathar Chaoimhgin:

      R.

    1. Farior! an phían as mo an chomaoin
      Mo lámh mur loman fan lon,
      Fuil a ghlac, 'sa thaoibh, 'sa troighe,
      Do dhoirt rí nimh ar mo shon.

     19

    Tairisin tug an t-aingeal air Chaoimhgin techt as an c-cro, ⁊ nochtus do gur geall Día nar baoghal do guais an bhreitheamhnuis na an bratha, gunadh uime sin adeir Solamh an rann-so:

      R.

    1. Tug Dia cumachta do Caoimhghin,
      Mar thug do gach naomh ar bhioth
      'San brath beith tenn ar dhaluibh
      Mur a beid clann Adhuimh ar crioth.

     ix
     20

     154 Do-cuaidh Caoimhghin do dhenamh oilitre don Roimh. Fuar cadhus ⁊ onóir on phapa, ⁊ fos fuar cumhachta turus oilitreach do bheith a n-Glionn Dá Loch do shíor, ionnus gomadh ionann loghadh ⁊ sochar dontí do dhenamh seacht t-turuis a n-Glionn Dá Loch, ⁊ dontí do dhenamh aon-turas don Roimh. Gurab uime sin adeir Solamh an rann-so:

      R.

    1. As mór í oilithre Chaoimhghin,
      Da n-denamh d' aois daoine e go coir;
      Ionann teacht fa seacht 'na n-aonach
      ⁊ dul aoin-fecht don Roimh.

     21

    An tan immorro thainig Caoimhghin on Roimh, tug cuid don n-úir teampuil na Romha léis, gur croith ina theampall féin, ⁊ ina  p.161 roilgibh h-í go t-tainig do naomhthecht Chaoimhghin 'ar t-tabhairt turuis oilithreach go Gleann Da Loch iomad oilitreach do bheith ag aithighe as gach aon-aird d' Eirinn dá chill; ionnas gurab í an ceatramadh priomh-thurus a n-Eirinn o shoin. Mar ata Uaim Phadruig a n-Ultaibh, Cruach Padruig a Connachtuibh, Inis na m-Béo 'san Mumhuin, ⁊ Gleann Da Loch á Laighnibh, mara bh-fuil Cill Chaoimhghin.

     22

    Agas ata d' fiachaibh air gach áon rachus do dhenamh turuis innte gan troid, na eagra córa, na faladh, na goid, na fuadach do dhenamh innte. Amhuil adeir Solamh 'san rann-so:

      R.

    1. Ni lamhthair troid a h-aenach,
      Na eagra córach, na ceart,
      Na faladh, goid, na fuadach,
      Acht dul slán uatha ⁊ teacht.
    Gidh be brisios iomhad reacht a chille, ag so sios do reir Soluimh na dochair thigmheas do thall:  155
    1. Gidh be do mhillfedh an t-aonach
      D' faguibh Caoimhghin, nar thlath brígh,
      Ifrend ⁊ girre saoghuil
      As bheith a m-baoghal rena bhith.

     x
     23

    Do fhaguibh fós trí sochair ag an t-té choimhetfedh reachta a chille, mar atá slainte, saoghal, ⁊ bás aithrigheach; ⁊ ní tre sharugadh reachta a chille 'mhain do thuicfeadh na dochair rimheraithe, acht tre sharughadh reachta Dé, ⁊ na h-eagluisi, ⁊ ní h-e anté do dhenamh an mhighniomh amhain do-bhearadh díol ann, acht an triath no an tigerna ghriosas fer na fillberte ré denamh an uilc, no do-bhir caomhna no dion dó, do réir mar adeir Caoimgin féin 'san rann-so:

      R.

    1. Gidh be eaccoir do-rinedh
      Donithior, no do-ghentar,
      A dioghuil tuitid go cert
      Ará nert as a n-dentar.

     24

    Do fhaguibh Caoimhghin cheathra h-ainiarsmadha ar an andruing airgeas a chill, mar ata aillsi, easbuidh bhraghad, fiolun, agus cuthach, ⁊ gan foirighin ag lus, no aig liaighh ortha ⁊ et cetera.

     p.162
     xi
     25

    Lá dá raibhe oide foghloma Chaoimhghin ar tí aifrinn do rádh, adubairt ré Caoimhghin air m-beith 'na mhacaomh og dhó dul d' iarraidh teineadh re lasadh coinnle an aifrinn. “Tabhair soightheach damh a t-tiobhrad an n-grios leam”, ar Caoimhghin. Mar do-chualaidh an t-oide sin do ghabh ferg é, ⁊ dubairt ris an n-gríos do thabairt a m-binn a brait leís, ⁊ do-rinne Caoimhghin sin; agus mar do-connairc an manach an n-gris n-deirg 'san bhrot, ⁊ gan aon-shnaithe don bhrot ag gabhail loisgthe  156 chuige: “As fíor sin, a Chaoimhghin”, ar an manach, “ata rath an Spioruid Naoimh ort; ⁊ ní fíu misi do bheith ag freasdal oram ní bud sia, acht do budh cora dhamh-sa bheith aig freasdal ⁊ ag friothalamh ort-sa”. Tainig don miorbhuil-sin gur moradh ainm De ⁊ Caoimhghin don chur san, ⁊ et cetera.

     xii
     26

    Lá dhá n-deachaidh Caoimhghin d' ionghuire a chaorach fein, tarlaidh drong mhór do bhochtuibh cuige, ⁊ íad do dhith bidh ag dul don gorta. Iarruid deirc ar an b-fhiren ar ghradh Dé. Do freaguir Caoimhghin go h-aisioch, ⁊ dubairt nach raibhe biadh 'san fhasach aige an tan-sin, ⁊ tograid na boicht leissin ceileabradh dhó; gid edh d' fasdaigh Caoimhghin íad, ⁊ marbhtur leis seacht muilt da thread, ⁊ biathadh leis na boicht, gur ba sathach aig imtheacht íad. Arnamharach 'ar n-dul do Chaoimhghin d' fios a treada, fuar iomlan na molt ar an t-tread, gan aón mholt do theasdail díobh, ionnas gur moradh ainm De ⁊ Caoimhghin treasan miorbhal-sin, agas gur saoradh on naire do ghabh é, an tan tangadar boicht De dh' iarraidh foide air, ⁊ gan ní 'na láimh an tan léa ríarfadh íad, ⁊ et cetera.

     xiii
     27

    Tarla coimhthionol manach a c-Cill Ifín no Eithfín; ⁊ do-bheiredh an dobhran aighi ler togbhadh psaltair Caoimhghin as an loch bradán gach aon-lá gusan c-coimhthionol do bhí innte; ⁊ lá dhá bh-facuidh  157 Ceallach mhac Díoma an dobhrán ag teacht, ⁊ an bradán 'na bhéol aigi, do mheas gomadh tairbhteach dona manchuibh croiceand an dobhráin; ⁊ do thogair dá bhrigh-sin an dobhran do mharbhadh. Agus leissin teilgios an dobhran an bradán do bhí 'na bhéol uaidh, ⁊ téid fan abhuinn, ⁊ níor thaisbein é féin o shoin dona manchaibh.

     28

    Tainig immorro teirce bídh dá toisg sin dona manchuibh, ionnus gur eigin dóibh dealughadh ré ceile. Agus mar do-chonnair Caoimhghin sin, do gearuidh ar a ghuidhe go Día uma fhoillsiugadh  p.163 dhó, crét dá t-tainig an dobhran do threigeadh an choimthionoil. Agus do dheonuigh Día do Cheallach techt go h-aisioch aithridheach go Caomhghin, ag admhail go raibhe do rún aige an dobhran do mharbadh, ⁊ gurab ré linn na h-uaire-sin do-chuaidh an dobhran fan abhuinn, ⁊ do thréig na manchu o shoin. 'Arna chlos sin do Chaoimhghin curis Ceallach uaidh. Tuig, a leaighthóir, gurab tre bhrígh ghuidhe Chaoimhghin do-chuir Dia mar d' fiachuibh ar Ceallach, an droch-run do bhí aige do thaobh an dobhrain do mharbadh, do nochtad do Chaoimhghin.

     xiv
     29

    Lá n-aon da t-tangadar lucht seanma gana c-cruitibh léo go Cill Eifin, áit ina raibhe  158 coimhthionol manach ag Caoimhghin, ⁊ iarruid foidhe bhidh ar na manchuibh. Ní raibhe biadh ag an c-coimhthionol; ⁊ do ghabh naire mhór Caoimhgin ⁊ an comhthionol uime sin.

     30

    As amhluidh tharla beagan síl d' fuigeall lóin ag an c-coimhthionol, ⁊ ní raibhe fuirthinn na n-deoradh ina an chomthionoil ann; ⁊ as é ní do-concas do Chaoimhghin le congnamh an choimhthionoil da saoradh ar ghuth na glaimhe-sin, drong dona manchuibh do chur do romhar ceapcha, ina c-cuirfidhe an began síl do bhiaca, ⁊ ionnus go m-biadh toradh an t-síl-sin 'na phroind aig na deoradhuibh um noin, agus Caoimhgin féin ⁊ ag na manaigh uile. Agus do bhi Caoimhghin ⁊ an drong oile dona manchuibh ag diul-chaoineas risin n-aois senma, aga saimh-cealgadh go michar muinnteardha; ⁊ nirbh ferrde dhoibh.

     31

    Gabhuid na h-oirfidigh go h-eigneach ag iarraidhdh, ⁊ gan é ann; ⁊ ceileabhruid da brigh-sin d' aimhdhéoin Caoimhghin; ⁊ tugadur toibhéim ar an c-coimhthíonol. Et iar n-gabhail feirge Caoimhgin tre naire, guidheas na cruite do bhí aca-san, do chlaochodh a c-clochuibh. Agus leissin 'ar m-beith ag triall dóibh tresan sruth ata don taoibh ó dheas don chill, do-nither clocha da 159 c-cruituibh, ⁊ tuitid 'san t-sruth; ⁊ taid 'san clochrán-sin fa chosuibh caich ó soin; ⁊ an síol do-cuireadh le Caoimhghin ar maidin an lae chetna a c-Cill Eithfinn, as don torudh thainig um neonuidh dhé do biathadh na manuigh 'san oidhche cétna dá eis sin; amhuil adeir Solamh 'san rann-so:

      R.

    1. An síol do-cuiredh amach trath
      A c-Cill Eithfinn, diadha rath,
      As dé go neimh-chríon 'san oidhche
      Do bhiathadh saoithe fa seach.

     p.164
     xv
     32

    Tarla do righ Ó bh-Faoláin mac rugadh dho do cur da bhaisdedh go Caoimhghin, ⁊ cuireas sgeala cuige an mac do congnmhail aige féin dhá oileamhuin; ⁊ as uime do-chuir chuige é, do brigh go millthighe leis an aois áin, no leis na siodh-bhruighibh, gach mac dá m-beirrthi roimhe sin dó. Agas mar thainig an leanbh dá bhaisdedh go Caoimhghin, do lean bean chomhachtach shitha, dá n-goirthi Caoineog, maraón ré banntracht an leanbh; ⁊ íad ar ti a millte, amhuil do milledh léo gach mac eile da ráibh ag righ O b-Fhaolain roimhe sin. Agas mar do mhothuigh Caoimhghin sin, malluighis na mná, ⁊ 'rinnedh a c-claochadh a c-clochuibh an tan-sin; go bh-fuilid a reachtuibh cloch ar bhruach an locha ata 'san gleann ó sin ale.

     160
     xvi
     33

    Dala Chaoimhgin ⁊ an leinbh: ní rabhadar ba na buailte 'san ghlionn an trath-sin ⁊ tainig de sin go raibhe 'na ceisd go mór ar Caoimhghin, ca b-fuighe betha no lachta lean oilfedh an leanbh; ⁊ gabhus imsníomh insin é. Gidh edh silledh dá t-tug thairis, 'chí eilit lachtmar, ⁊ laogh beag lena h-ais; ⁊ mar do-chonairc Caoimhgin sin do-guidh e Día go duthrachtach fan eilit dó ceannsughadh ré teacht do thabairt lachta don leanbh. Agas leissin tig an eilit don bhaile ⁊ tig go cennsa go Caoimhgin, ⁊ do thal do lathar ar chloich tholta lacht don leanbh ⁊ dá láogh féin, ionnas garab é ainim cinnte na h-aite-sin ina bh-fuil an chloch, Innis Eilte, o shoin alédh. Mar sin don eilit aigteacht gach áon lá do thal a lachta ar an c-cloich tholta, go bh-faghbhadh sasughadh an leinbh gach áon lá re h-aghuidh a oileamhna ann.

     xvii
     34

    Achd chena, lá n-aon, dá n-deachaidh an eilit d' ingilt fan c-coill, tainig faolchú as cuas cairrge, ⁊ marbhthar leis laoigh na h-eilitte, ⁊ do ith é. Mar do-chonairc sin, fograis don mac tíre teacht go ceannsa fan eilit a n-ait a laoigh, 161 ⁊ doní an mac tíre sin do ghnáth. Leissin do thaladh an eilit a lacht ar an c-cloich le biathadh an leinbh, amhuil do dhenadh aira láogh, agas gan acht mac tíre 'na sesamh rena brollach. Mar sin dóibh do gnath, gur h-oiledh an leinbh amhlaidh sin, ⁊ go raibhe 'na dhisgiobal ag Caoimhgin dá eis sin. Go moradh ainm De ⁊ Caoimhghin 'san mhiorbhal-sin.

     xviii
     35

    Lá n-áon dá rabhadar dias ban ag techt do dhenamh turais go Cill Chaoimhghin, ⁊ tarladar meirligh ar bhealach ríu, ⁊ do bheanadur a neadail diobh, ⁊ do dhichennadh léo íad. Agus mar rainig an sgeal-sin go Chaoimhghin, téid go h-easgaidh d' fios na m-ban, agus cuirios a c-cenna ar a c-colnuibh, gur h-aithbheoadh leis iad. “A Chaoimhghin”,  p.165 ar na mna, “do shlanuigh tú sinn, ⁊ bronam sin féin duit an séal mhairfem”. Rug Caoimhgin leis na mna, ⁊ do-rinne cailleacha dubha craibhtheacha diobh; ⁊ anuid a c-coimhthionol bhan riaghalta do bhi láimh re cill Caoimhgin; ⁊ tugadur a m-bethuidh as go craibteach h-ionnruic, aointeach, urnuightheach, fedh a ré, go t-tainig d' aithbheoghadh na m-ban-sin, go moradh ainm De ⁊ Caoimhgin ann o sin alé.

     162
     xix
     36

    dhá ráibh Caoimhgin craibhtheach laimh rena chill, go b-facaidh ag teacht cuige 'san slíabh cleireach bocht mighneach, ⁊ é ar baill-crioth tre uathbhas feillbheirte anadhbhla do-rinnedh. Agus mar do-chonairc Caoimhghin é, adubairt nar iongnadh dhó gomadh olc a dhealbh, treisan b-fiongal do-rine, mar gur marbh a chompan cleirigh ag teacht 'san t-slíabh, ⁊ “a thruaighe”, ar Caoimhgin, “beir eolus damh-sa gusan ait inar fhagbhuis corp marbh do chompain”.

     37

    Leissin triallus an cleireach a b-frithing na slighthe tair ais, ⁊ Caoimhghin maráon ris, go rangadar an corp. A n-aoin-fheacht-sin, ⁊ coin allta don leith oile ag teacht do chraos-longadh an chuirp, ⁊ 'ar b-faicsint Chaoimhghin doibh teithid ar a c-culuibh ⁊ tig Caoimhghin os cionn ann chuirp, ⁊ guidheas Dia go duthrachtach fan marbh dh' aithbheoadh; ⁊ leissin tig anam 'san chorp, ⁊ fa slan é ona lot. Mar do-chonnairc an cleireach do-rinne an fhionghal an mhiorbhail mor sin, do gabh aithreachas é tresan mighniomh do-rinne, ⁊ tiomnnus e féin  163 do Chaoimhghin, ⁊ teid ar a choimairce.

     38

    Gabhais Caoimhgin ré ais é, ⁊ beireas é féin, ⁊ an cleireach do aithbheodhaidh, chill féin, ag tabairt a m-beathadh as go crabhteach, caoin-duthrachtach. Agas a g-cionn athaidh dhá éis sin, gabhais Caoimhghin a n-ord mannach íad, gur chaithetur a raibhe rompa dhá ré go riaghalta go bas; gor móradh ainm Dé agus Caoimhghin tresan b-fiort-sin.

     xx
     39

    As do mhiorbhal Chaoimhgin fos, go m-biodh creamh, ⁊ sealgán, ⁊ luibhe iomda oile fhoireas re a nithi, ur-glas fedh na bliadna 'san dithreibh ina raibhe air teithedh ó chadreabh na n-daoine don leith thíar don sgeilga n-Glionn Dá Loch, mur chuimhniughadh go m-biodh féin taobh riu mar bheathadh.

     xxi
     40

    Lá n-áon dá raibhadar lucht sealga ag saothrughadh tuirc allta, ⁊ iar n-gluasacht an tuirc do lucht na sealga, sgaoilid a c-cona 'na  p.166 thoruidheacht; ⁊ mar do mhothuigh an torc na cona da fharrath, triallus go fan an ghleanna ar coimirce Caoimhghin, ⁊ na cóin dá leanmhuin. Gabhuis  164 Caoimhghin coimhirce an tuirc, ⁊ fograis do conuibh fuireach uaidh; ⁊ leissin leanuid cosa na c-con don talamh, a c-cruth nar fhetadur asdur do dhenamh d' einleith as an laithar.

     41

    Go grod dá eis sin tigid lucht na sealga do lathair Caoimhgin, ⁊ 'ar b-faicsin a c-con cenguilte don talamh, ⁊ an torc ar coimirce Caoimhgin, gabhus machtnadh menmhan, ⁊ iongnadh adhbhal aigenta íad, tresan miorbhal-sin, ⁊ iarruid go h-umhal aiseach ar Chaoimhghin sgaoiledh da c-conuibh, ⁊ gealluid dhó gan toiruidheacht an tuirc-sin do dhenamh o sin amach go brath. Agas leissin sgaoileas Caoimhgin an torc fan c-coil; gur moradh ainm Dé ⁊ Caoimhghin trésan fhiort-sin.

     xxii
     42

    Lá n-aon dar chuir Caoimhghin Ceallach mac Dioma do bhi 'na mhanach aige ar bhealach atá don leith thíar-thuaidh don ghlionn, a n-doigh go b-fuighbedh buidhéin eigin ag toigheacht lé deirce bidh gusna manchuibh, ⁊ iad aig denamh oibre 'san chill.

     43

    'Ar m-beith ar an m-bealach dhó, tharladur mna chuige, ⁊ maothla no molchain a m-bennuibh a m-brat aca.  165 Fiafroighis an cleireach dhiobh an maothla do bhi aca. Freagraid na mna ag radh nachar eadh, acht gurab ugha na ceirtlíne snaith bhaoi aca. Agas leissin tig Caoimhgin do lathar, ⁊ mar do-connairc ceilt na m-ban arna maothlaibh, guidhis Dia uma chlaochlodh na maothladh a c-clochuibh a bh-fiaghnuisi chaigh; ⁊ do-rinnedh Dia 'ma maothla do chlaochlodh go h-obann a c-clochuibh ar chomair caich; go bh-fuilid rea bh-faicsin ar a m-bealach cedna aníu. Go t-tainig don gníomh-sin gur moradh ainm De ⁊ Caoimhgin.

     xxiii
     44

    Agas do bhi Caoimhghin fedh a bhethadh mur sin, ag denamh miorbhal, go bh-fuar bas cian-aosta a c-cionn a náoi m-bliaghan ⁊ sé fichid; ⁊ as e Suibhne Meann mac Fiachna, mic Fearadhuigh, mic Muireadaigh, mic Eogain, mic Neill Naoighialluigh, fa righ ar Eirinn an tan-sin, ⁊ as a t-tus fhlaithis Shuibhne fuar Caoimhghin bas.Genealoig Chaoimhghin.

    45. Genealoig Chaoimhghin

    Caoimhghin mac Caoimhlogha, mic Caoimhfeada, mic Cuirb, mic Ferghasa Laoigh-deirg, mic Fothaidh, mic Eachach Laim-deirg, mic Meision Chorb, mic Con Chorb,  166 mhic Mogha Corb, mic Conchabhuir  p.167 Abhradruaidh mic Finn Filedh, mic Rosa Ruaidh, mic Ferghasa Finn, mic Nuadhad Neacht, mic Setna Siothbhaic, mic Luighdech Loithfhin, mhic Breasuil Bhric. ⁊ et cetera.

    2526
     p.168

    11. Betha Cholmain Eala annso.

     i
     1

    Colman Eala immorro, do sliocht Eiremhoin meic Mhilidh Espaine doisein, amhail fhoillsighes a gheinealach. Ocus ba h-iad gnath-lucht lenamhna Colmain Eala .i. Cuiniugán, 'sa sliocht ara b-fuilit muinnter Cuiniugáin an tan-sa. Do sliocht Briain meic Eachach Muighmedhoin doibh-sem.

     2

    Imthusa Colmáin Ela, an trath rainicc sem go Feraibh Ceall, nir bó failidh iad-sem roimhe, ⁊ ni raibe nech ler bo mesa h-e ina Cuinniugán, ⁊ do bí cás i t-tecmáil'ar n-eirge 'san tír an tan-sin .i. Peist urcoidech do bí i l-Loch Eala; oir ni lamhadh duine na ainmide dol a n-gaire don loch ar a h-ecla. Ocus ba h-i so tuarusccbáil na peiste .i. fuad becc biorach bel-sgaeilte i n-deilb mna. Ocus adubert Cuinniugán riu an tan-sin: “Do badh ferr dúinn an fer naomhtha úd, re nabarthar Colmán Eala, do chur da comhrac frisan b-peist. Ocus dob fearr linn nach tigedh cechtar aco ó cheile”.

     3

    Ocus bha h-e ba ri ar Feraibh Ceall an tan-sin .i. Dondchad mac Aodha, meic Sath Mainidhe, do Cenel Fiachach meic Neill Naoighiallaigh. “Tabraidh Colman chuccainn”, ar an rí, “go n-dernadh se senmóir dúinn, go f-fesmaois crét an met do-chuirfedh sé 'cum creidmhe againn”.

     4

    Tuccadh Colmán cuca, ⁊ do-rinne se senmoir doibh. Ocus do-chuir fios ar a cairdibh conganta, ⁊ fa h-íad fa cairde do .i. Colaim Cille mac fír-alainn Feidhlimidh, ⁊ do bí a n-gaol re 'raile .i. Mór inghen Feidhlimidh, meic Fergusa Cend Fada, meic Conuill Gulban, meic Neill Naóighiallaigh, mathair Cholmain. Ocus tainic Mancan Leith cona naomhaibh cuicce, óir do ba gar a n-gaol. Ocus do battar i n-aon-ionad; ⁊ adubairt Colaim Cille go m-biadh fein ina deochain bachla ag Colmán an la-sin. Ocus adubairt Mancán go c-croithfedh sé féin uiscce ar na sluagaibh, da c-cur 'chum muinnterais do Cholmán.

     5

    Ocus do tionnsgnadh senmóir ag na cléircibh-sin; ⁊ do bhadar leabair lán-áille laidíanda aca ann, ⁊ iatt  219b ag solas-ghabhail a leighinn, ⁊ acc adhmoladh an Duilemhain go dasachtach. Ocus ba gairdiuccadh menman ⁊ aiccenta leis na sluagaibh, beith oc eisteacht friu. Ocus gach nech ag na raibhe a aire roimhe sin ar Dia, do bai a aire an tan-sin air. Ocus as dona céd-daoinib tucc é féin do Dhia ⁊ do Colmán an la-sin .i. Cuiniugán.

     ii
     6

    Do battar triar mac ag an righ-sin adubramar .i. Muadh ⁊ Duinecha ⁊ Ailléan; ⁊ ba hé Muadh mac ba sine dibh. Ocus adubairt  p.169 an fer-sin, gur ghradaigh se fein Colman; ⁊ damad ced lena athair, gomadh maith leis fein ionad árais ⁊ comnaidhe dho thabairt dó. “As briathar dam-sa”, ar Duinecha, “gurab mar sin atáim fein. Ocus gibé slighe do ceithre randaibh an bhetha ria racha sé, go lenfatt féin h-é; ⁊ go t-tiubhar mo siol tarm eís do”. “Na dein si sin”, ar an rí, “Óir da marba sé an pheist, do-bher sa an t-ionadh ina b-fuil si dó; ⁊ do-bhér mo shíol im diaigh; ⁊ do-bhérar mo muinntir conganta bús feirrde é do tabairt do”.

     7

    Ocus ó 't-cuala Colmán sin, do ghluais 'cum na peiste gusan loch. Ocus dob e comhainm na peiste-sin .i. Lainn; ⁊ fa h-é a tuarusccbáil .i. fuad becc, biorach, bel-sccailte, ⁊ gruág gherr-ghiomach, gan nighe, gan leasachadh, fana cend. Ocus do ghab an peist tir. Ocus adubairt Colmán: “Masa ced le Dia, as ced lem-sa cuilcc an locha-sin dod cengal damh fein, go n-dernar 'hoidhigh”. Ocus mar adubairt Colman sin, do déch súas, ⁊ do freccair an firda é; ⁊ gach ní dar iarr sé air, fuair uadha.

     8

    Ocus do bái Cuiniugan ina fharradh an tan-sin, ⁊ do bái Duineacha. Ocus iad 'ar c-creidem dó. Ocus ba h-iad-so na naoimh do bhai ina fharradh ann .i. Blaan, easpog Findcen, ⁊ espog Coirill. Ocus secht maca Deiccill, ⁊ easpog Eogan, ⁊ Odhran, ⁊ Forgan, ⁊ Mernag, ⁊ Fachtna.

     220a
     9

    Ocus at-bert Colman Eala an tan-sin: “Ionnsaigedh naomh éiccin aguibh an peist; ⁊ benadh a cend di”. “Ragatt fein”, ar Cuinedha “da dichendadh, ar do grad-sa”. “Raccat féin da diongbail”, ar Duineca, “⁊ ni h-ail lem righ-míad m' ionaid uait-si, oir as accat fein dob ail lem m' adhnacal do bheith. Ocus o nach f-fuil do maccaib ag mh' athair acht mé féin, ⁊ días ele, téid mh' aire si le flaithes d' fagháil. Gid edh cena, as accat-sa dob áil lem mo chorp do beith”.

     10

    Ocus do gluaiseattar an días-sin .i. Cuinegha ⁊ Duineca, ⁊ do dichendsattar an pheist. Ocus tuccattar leo 'cum Colmáin an cend. Ocus do bennaigh Colmán íatt a n-dís. Ocus adubairt Colmán an tan-sin re Cuinedha: “Beir-si ⁊ do shiol go brath accam fein 'bhar maoraibh; ⁊ beitt mo mionna accaibh, ⁊ faicfet olc ag lucht bar laghdaighti”. “Bed féin im ócclach accat”, ar Duinecha, “no go raibe th' aittreab ⁊ do saothar uile ullamh”; ⁊ at-bert an laidh:

     1127
  • Treisi an ecclas na gach rígh,
    Indissim daibh gan dimbrígh;
    Sen-focal-sin go brath beacht,
    Feirrde lem cach da cloisteacht.
  • An f-faicenn sibh si budhdéin?
    A naomha Erenn go scceim; p.170
    Antí do bí im acchaid go tend,
    An pheist at-cidh gur díchenn.
  • Ba tar, do-bheirim si duib,
    A cleirchi uaisle an domuin,
    Búdh feirde dáib beit 'con dail,
    La na ceilge 'sa congair.
  • An uair gabhus tú do tratha,
    Is bías tú i m-broinn do mathar,
    Gabh lat iad go mall don dáil,
    Mas áil a t-tarba d' fagail.
  • Gach fersa gabus tú díbh,
    Mínigh a texa go min;
    Labhair it aignedh co becht,
    Ocus saigh ionnta t' inntleacht;
    Is do-gebhair o righ na renn,
    Is a coimghi gan forcend.
  • An fersa gabhait na ruaig,
    As fada let go t-teid sí úait;
    Fer na ceilge bís 'con dail,
    Ni feirde dhuit a gabhail.
  •  220b
  • Gabh let go min, milis, mell,
    Th' urnaighthe ocus do leighend,
    Minigh a l-Laidin gan ceilcc,
    Is cuir do paider i n-Gaoideilg.
  • Tadhaill si go moch, as cóir,
    Ionnsaigh go mhinic altóir;
    Dena ro-grádh da m-bladhaibh,
    Cuir senmóir 'sna tuatadhaibh.
  •  12
  • Innisim duit-si gan len
    Úaim ar an ecclais uirsccél;
    Ní innisfem dhaibh fath ghan ladh,
    Acht sgél bhenfus re bunadh.
  • Tri neithe as treisi fan gréin,
    Innisim si daoibh fa sgeimh,
    Ecclas ocus tene te,
    Ocus an tres ní an t-uiscce.
  • An teine fhadas tú féin,
    Gidh anbfann é ag techt fa gréin, p.171
    As fada at-cíter í amach,
    Is bidh soilléir a deathach.
  • An fír-topar traighes ann,
    An uair ticc an tart, bidh anffann;
    An uair lionas tuile gan cleith,
    Bídh trén o iomat uiscce.
  • An ecclas an uair bhíos sí ann,
    Is bús tren uirre rí fann,
    Truagh lem-sa mar bhías amach,
    Bidh anffann guth na c-cleireach.
  • Gid edh an úair testaid síad,
    Rioghradh anffann Atha Líacc,
    Bidh maith ag Dia bruignech clana,
    Beid an la-sin go h-anffann.
  • Ni bía maith acc duine,
    Da t-tainic ar bith buidhe,
    Acht accan aon-Día gan cleith
    Nech úainn orra a t-treisi.
  •  13
  • Tan téid t' anam ot corp criadh,
    Ge raibh tú re h-ecclais dían,
    Gidh garbh, a dhuine, ría an gáir,
    As buidhe lat a fagháil.
  • An uair bes tú it aon-bla lín,
    Bíaid tú risan ecclais mín;
    Ní bía maith accat a cleith,
    Go raibh dúinn ort a treisi.
  • An uair deilighfet rit ann
    Th' ocht línta fein gan iomrall,
    Adhramaitt ne dit go tigh,
    Ocus adhraitt na cleirigh.
  •  14
  • As uirre do innis me in sgél,
    Ar an b-péist úd, do bí trén,
    O do-conncamair ne de
    Ar an péist ut dealbh duine. 221a
    Bermit ne d' ar t-tigh te,
    An ecclas ar a treisi.
  •  p.172
  • Bidh uaithe sloinnter, dar linn,
    An péist do marbadh 'sa lind;
    Bidh lim-sa an baile gan dail,
    Bidh í an laind si laind Cholmain.
  • As meisi Colmán Eala;
    Bidh maith acc áen-Día cena
    In días do bí im acchaidh tra;
    Me fein 'arna coscc i n-en-la.
  • Cuinega dom freaccra go min
    On t-senmóir do-rinnes don righ;
    Ar mo gradh-sa féin gan cleith
    É do mharbadh na peiste.
  • On trath do marbadh an phéist
    Balbh ar an sruth lethan linn-garb,
    Biaidh accam-sa, tren gan cleith,
    Orra go deimhin treisi.
    Treisi.
  •  iii
     15

    A h-aithle na laidhe-sin do-ghluais Colman Eala reimhe co Laind Eala. Ocus do-roine dún-árus innte, ⁊ do bennaigh an reileacc cona naomaibh ro luaidhemar romhainn; ⁊ isí an pheist cét-bethadach ro h-adhnaicedh i l-Loind Eala; ⁊ do-rónsat obair mór ann .i. tochar. Ocus ba sé fedh an tochair o Laind Eala co Coill an Cláir. Ocus do thiccdis eladha gacha tratha do chantain ciuil doibh, ⁊ do bhuain a t-toirsi diobh; gurab airesin aderar Loind Eala frisan m-baile-sin.

     16

    Ocus fa h-é fa h-oide do Colman Eala .i. Grigoir Béil-óir. Ocus do gheall, an tan do-ghebadh féin bás, go f-foilseochadh do Cholmán. Ocus aon do laithibh da raibhe Colmán ag dénam an tochair ar in lícc iartharaigh; ⁊ ni raibhe nech ag cur cloiche 'sa tempall, no 'sa caisiol, no 'sa tóchar, nach biodh Duineacha ina fharradh, ⁊ Cuinedha 'ga frestal go fíor-calma; ⁊ do leicc Colmán a gluine fáoi, ⁊ tarfás do clocc eitseachta Grigóra Beil-óir do cloistin. Ocus do tuit taissi ⁊ tamhnella móra ar Cholmán an tan-sin tre tascc a oide do theacht.

     17

    Ocus do fhiarfaighset a muinnter de: “cred h-i cúis do dobróin, a naoimh-cleirigh”? “As mór adbar mo dobroin”, 221b ar se “.i. cluicc eitsechta mh' oide 'arna clos accam”. “A Dé chumachtaigh”, ar na cleirigh, ⁊ ar an lucht oibre, “as mór an t-iongnadh lind, go c-cluinfedh nech ar in doman cluicc na Romha”. “Aitchim-si Día cumachtach”, ar Colmán, “go c-cluine sibh-si, eter clerigh, ⁊ giolla, ⁊ ócclaigh, anní at-cluinim-si. Ocus leiccidh ar bhar n-glunibh sibh”. Ocus do leiccset.  p.173 Ocus ise líon do battar ann .i. deichneabhar ⁊ ceithre fichitt ⁊ ceithre cet, ⁊ ceithre mile. Ocus ní raibhe acu an tan-sin aonn-duine nach cualadh cluicc na Romha.

     18

    Ocus at-conncatar cuca an tan-sin seacht saic ar seacht n-assalaibh, ⁊ a lán d' úir na Romha inntibh. “Acc súd, a naoimh-cléirigh, a Cholmáin”, ar na gille, “congnamh do-chuir th' oide cuccat; ⁊ croith ar fad ⁊ ar leithett do reilge, ⁊ gach nech adnaicfidher innte, ní fhaicfe iffern”. Ocus ro croithedh amal ad-fiadar. Ocus adubairt Colmán an tan-sin: “Bidh tús na reilcce accat-sa, a Dhuinecha; ⁊ biodh a medon accat-sa, a Chuineda. Ocus biodh an reilecc o sin amach ag Feraibh Ceall ⁊ acc feraibh Erenn”.

     4
     19

    Isé fa h-abb i n-Durmaigh an uair nach biodh Colaim Cille 'san m-baile .i. Corbmac Ua Liathain. Ocus do-rinnettar muinnter Durmaighi droch-ni ar Cholmán gan ced do Corbmac; uair isé ní do-ronsat .i. teacht do ghoid na h-uire; ⁊ tangattar co caisiol na reilcce. Ocus ní dhernsat acht an uir fa n-esa doibh don taobh amuigh don chaisiol do bhreith léo. Ocus do mothaighedh sin arnabharach. Ocus do len Colmán cona muinntir lorcc na h-uire go Durmaigh.

     20

    Ocus tainicc Colam Cille don baile an trath-sin; ⁊ isé áit i r-raibhe se an tan-sin, ar in suidhecan re n-abar suidheacan Cholaim Cille an tan-sa. Ocus do bennaigh Colmán Eala dó, ⁊ do bái droch-ghen air acc bennachadh do, ⁊ do freccair Colam Cille 222a sin go genamhail. Ocus ro fíarfaigh: “cret cúis do choirighthe, a Cholmáin”? “As mór m' adhbar”, ar Colmán, “.i. an toircisecht do-chuir m' oide cugam d' uir na Romha, do muinnter sa do techt areir da goid. Ocus, a ghloir do Dia, ní h-í tarla cucu”.

     21

    “Na h-esccain sinn, a chleirigh”, ar Colaim Cille, “⁊ do-gebair gach ní fa m-bia do shídh”. “Ní dingen easccaine fort-sa”, ar Colmán, “óir ni ciontach riom tú. Gidh edh do-ghen esccaine ar Corbmac ua Liathain. Ocus sirim ar Dia na raibh fer baile no leth-baile ind Erinn go brath da chinedh. Ocus gurab coin allta íosas a fheoil fo dheiredh”. Ocus adubairt Colam Cille an tan-sin: “Madh ail let-sa, do-gentar an uir d' iodhlacadh tara h-ais”. “Ni h-ail”, ar Colman, “⁊ guidhim Dia go raibhe bríg úire na Romha duit-si innte o so amach”.

     v
     22

    “As coir dúinn”, ar Colam Cille, “an cás atá oruinn féin d' innisin duit-si”. “Caidhe an cás-sin”? ar Colman, “oír ní fhuil accainn neach darab córa duinn gach cás bías aguinn d' fiarfaighe na thusa; oir bí tú tri la gacha seachtmuine ar nemh”.

     23

    “Isé cás tarla ann”, ar Colam Cille “.i. Úanach, deirbhsíur do mhathar-sa, ⁊ mo deirbsiur-sa fein, 'ar m-breith deisi mac do Mhaol Umha mac Baedain meic Fergusa, meic Conaill Ghulban, meic Neill Noigiallaigh; ⁊ do baistesa íad; ⁊ tuccus Ulltan ar mhac dibh, ⁊ Báíthin  p.174 ar mac ele. Ocus dob ferr lem nach mardáis, acht go f-faghainn a milled gan naire damh féin; óir as clann a deirbhsiúr ⁊ a derbhrathair28 a n-athair ⁊ a mathair. Ocus dob áil lem do comhairle-si do denamh orra”.

     24

    “Atá mo comhairle-si ullamh”, ar Colman “.i. tabair damh-sa da n-altrom, ⁊ da n-oilemain iatt. Ocus dénam cadach fá c-cend; óir átad da cích accam-sa, nach raibhe acc naomh romham riamh .i. cioch lemnachta, ⁊ cioch meala; ⁊ do-bér doibh-sion íatt”. Ocus tuccadh do Cholman íatt, ⁊ at-bert an laidh and:

     223a
     25
  • Dá chích 29 acc Colman Eala,
    Cioch lemhnachta, cioch meala;
    A chioch des do Bhaoithín ban,
    Is a chioch ele d' Ulltan.
  • An fer 'ga ra battar sin,
    Ara chomairce dom anmain,
    'S ar comairce Criost na c-cland
    Dom chorp ocus dom anam.
  • Fúic me meisi d' Feraibh Ceall,
    An uair nach freccrait me co tenn,
    Ocus nach dingnet m' áonach,
    As doiph féin bus fíor-baoghlach.
  • Muna raibh acht aon-ionad ann,
    'S a beith tirim im tempall,
    Da t-toirsedh aird-rí Fer c-Ceall,
    Is Duinecha gan dícheall,
    Suidhedh Duinecha dar lind,
    Ar tús 'san ionad tirim.
  • Congnamh Í Duibhginn accam,
    Bidh fada bhías a foghnamh;
    Ní mo rachus uaim ar lár
    An congnam tucc Ua Bracain.
  • Tuccsatt da cét loilgheach lán
    D' ionnsaighe mo tempuill mair, p.175
    Gurab íad sin do fhogain damh,
    Accam no bhiad dom shaoraibh.
  • Tuccus doibh-sion da chionaid
    Ionad i c-coraidh mo tempuill,
    Gairitt o leabadh na righ,
    Go derbh deimhin gan imsniomh.
  •  26
  • Turus do-cuadus sa sair
    Go Cend Tíre i n-Albanchaibh,
    Ocus da ruccus sa lem
    Duineach is Cuimed gan dícheall.
  • An uair rangamar in rígh
    Alban co n-iomat an gniomh,
    Do innis ri Alban an cás
    Dúinn go deimhin, 'sa tuath-bás:
  • “Peist nimhe tar criochaibh cuain”
    “As a loch-laind lethain lionn-búain,”
    “Ni loiscend tene í 'gon gail,”
    “'S ni gabhann rinn na faobhair”.
  • “Cúicc duine décc, as derbh lind,”
    “Atá 'sa m-baile-si ar do chinn,”
    “'Arna marbadh di gan dail;”
    “'S maraidh an peist, a Cholmain”.
  • “Muirfe meisi daoibh-si an peist”,
    Adubairt Colmán dá éis,
    “Is roinnidh mo chíos gan ail”
    “Eter Albain is Saxanaib”.
  •  222b
  • “Caocca cos for a tarr tra,”
    “Is cáocca ingen urghránna,”
    “Marbaidh sluagh gach tíre go m-bladh,”
    “Acht co teccaitt da h-ionnsaigheadh”.
  • “Ag súd cuccainn í gan dáil”
    “D' ionnsaighe ar t-tíre, a Colmáin”,
    “Maircc cinel ar a b-fuil go m-bhladh”
    “Dar n-dían-milledh, is dár marbadh”.
  •  27
  • Ionnsaighis Colmán an traigh;
    Ionnsaigis Duinecha go m-báidh,
    'S da sleigh 'na laimh gan len,
    'S a cloidemh fada fír-tren.
  •  p.176
  • Seallais súas Colmán na c-ceall
    Ar aird-righ nimhe go tend,
    Is tuccadh doib anúas do nimh
    Gach ni do smuain 'na menmain.
  • Teilgis Duinecha an t-sleigh caoimh
    A laimh meic an righ,
    Ocus marbhthar leis an peist
    Uathmar, aingidh, aigméil.
  • “Tar d' ainm si cuccam an t-sleigh”,
    “An crann uasal iubair”,
    “Ocus lúbthar lem a cend”;
    “As di do-ronas bachaill”.
  • “An áil let-sa, a Duinecha feil”,
    “Anos crand do t-sleighe fein”,
    “Ocus í 'na bachaill go beacht”,
    “A cíos is a maóraigheacht”?
  • “Gion gub ceird do ro-mhac rig”,
    Adubairt Duinecha co fír,
    “do-bér mo shíol duit don dail”,
    “Is bed fod díden, a Cholmáin”;
    “Is tabhair do bachaill dod mháor féin”
    “A b-foccus a n-eidircein”.
  • Na cúicc duine décc go derbh,
    Do bí 'san m-baile-sin marb,
    Tuccus dóibh uile a n-anmain
    Lem guidhe, lém glan-tsalmuibh.
  • Fuarus mainistir on rígh,
    Ó áird-rí Alban go fír,
    Is do roinnes mo cáin go m-blaidh
    Eter Erinn is Albain.
  •  28
  • Ticcim annsin d' Feraibh Ceall,
    Duinecha is Cuinedha go tend,
    Ocus mo bachall bán-oir,
    Ós íad sin mo mhuinter cóir.
  • An tegh as nach fagta acam
    Mo bhachall 'sa tír si trá,
    Ní bía ioth na bliocht is tigh,
    'S ni bía 'ga mhac 'na deghaid.
  •  p.177
  • Ni bia mac ar sliocht athar 223b
    Na inghen ar sliocht a máthar
    Go brath brath acc Feraibh Ceall,
    Muna raibh cíos na m-bachall.
  • Faccbaim d' Feraib Ceall búddéin,
    In uair nach dingnet m' áonach fein,
    Gurab mesa doibh na dhamh,
    In uair bías sé gan denamh.
  • Ni thiubhra muir a monadh,
    Is ní tiubhra an talamh toradh;
    Gorta gach raithe is doigh,
    Teirce bídh ocus édoigh
    Fa crích f-Fer c-Ceall amach,
    O théid mo bhachall diomdach.
  • No go n-áiremthear, a chara,
    Olc ban, is gainemh mara,
    Lionmaire nád na losa
    Na míorbhuile móra-sa.
  •  29
  • Indis-si úaim d' Feraibh Ceall,
    Ocus d' Éilibh gan dícheall,
    In úair nach freccraid mé búddein
    A b-foccus a n-eidircéin,
    Aithnidh damh-sa inní bías de,
    Bidh ifrionn a n-iartraighe.
  • Gach aon duine d' Feraib Ceall
    Nach bia dom réir si go tend,
    Guidhim-si an t-áon-Día co fír,
    Nar faghait lacht a adám cích.
    Da.
  • Oir is íad a adám cích fein;
    An cathair nemhdha fa sceimh,
    Ni treicceabh-sa í gan gó
    Ara b-fuighe mé d' anró.
  • Tri meic Donnchaid luaidhes dáil
    Duinecha, Muadh, is Ailleán,
    Na treiccet Í Duibhginn
    A b-foccus na a n-eidircéin.
  • Is biodh O Gallgan im laimh
    Go brath, is biodh O Bracain; p.178
    Í Ghrúccain leam-sa gan cleith,
    Ticcit docum mo reilge;
    I Corraccáin lem gan gó,
    Na tréiccet meisi ar anró.
    Da cích.
  •  vi
     30

    Ocus a h-aithle na láidhe-sin do battar na maccaoimh-sin .i. Baoithín ⁊ Ulltan, acc denamh a leighinn i l-Loind Eala, oir ba h-e an tres priomh-aonach Erenn eissem .i. aonach Taillten, ⁊ aonach Cluana meic Nois, ⁊ Lainn Eala. Ocus do bhádar buadha arna maccaomhaibh-sin .i. gach ní da c-cluinedh Ulltan, do biodh sé aicce do meabhair. Ocus gach ni da n-dentáoi do Bhaoithin,  224a ní fosdadh aon-fhocal. Go n-dubhradh an laidh:

     31

    1. Tri h-aonaighe Erenn budhéin,
      Innisim si daoibh fa scceimh,
      Ata a meabhair agam, 's ni gann
      A faisnéis, fios a n-anmann.
    2. Aonach Cluana as uaisle diobh,
      Aónach Taillten laithe in riogh,
      An tres aonach m' aonach féin
      A b-faccus a n-eidircéin.
    3. Fuarus ó aird-ri na reann
      Gach aon n-duine da t-ticc ann,
      Cumas a leith-sceoil ar nimh,
      Luach a faicsiona lá m' áonaigh.
    4. Gach aon n-duine do aontaigh
      An n-gach tír da f-fuil fan gréin,
      Faccbaim-si doibh da chionaid
      Nach faicfit a súile ifern.
    5. O Callraighibh, nach mill dail
      Fam bachaill, go cloinn Colmain,
      Pinginn as gach dethaigh duit,
      Ocus in torad comhruic.
    6. Gach ní adubart ó chianaib,
      Innisim do réir riagla;
      Ni chélam ar dhuine 'sa crich
      Gurab íatt sin duibh a trí.
      Tri h-aonaighe.

     32

    A h-aithle na laidhe-sin ro buáil Colmán Eala a dhalta .i. Baoithín; ⁊ ro imthigh Baoithin reimhe d' éis a bhuailte. Ocus ro  p.179 len Colmán é. Ocus tarla lobhrán truagh tarr-lomnocht dó occan ulaigh leth amuigh don baile. Ocus do bhennaigh do Cholmán. Ocus adubairt fri Colmán: “Iomchair ar do mhuin mé, a naoimh cléirigh, gó t' altóir fein ar gradh Dé”. “Inné nach foghnann duit duine ele dot breith annsin”? ar Colman. “Ní foghnann idir”, ar an lobhar, “óir as ferr le Día tú féin do dénam umhla dó”. “Más ferr, as meise iomchórus tú”, ar Colmán. Ocus rucc lais co n-uicce an altóir e.

     33

    Ocus at-bert an truagh fris: “Cuir mo shrón it bheol, a Cholmain, ar gradh Dé; ⁊ cuir i m-beind do cubail ⁊ cuir tar in tempall amach a m-bia innte”. Do- roine Colmán amal at-bert an truagh;  224b ⁊ do-chuaidh leis an salchar-sin na sróna tar an tempall amach; ⁊ in uair tainic amach, issedh fuair ina ucht .i. tinde óir, ⁊ sgribend do litreachaib órdha innte tainic on Trinoid. Ocus do ghabh iongantus Colmán 'mun adhbar-sin, ⁊ ro ionnto tara ais go luath; ⁊ ní fhacadh an lobhar.

     34

    Imthúsa Baoithin; iomraiter aguinn do bai ag sechna a leighinn, ⁊ do-cuaidh da fholach fon coill ó Laind Eala súas. Ocus do-chonnairc duine ag cur slaite 'na aenar; ⁊ mar do- chuiredh slat, do ticcedh ar cenn slaite ele da cur mar an c-cédna. Gidh edh do eirigh an tigh lais. Ocus do-chonnairc Baoithin inní- sin, isedh as-bert: “Da n-dernainn-si mo leigenn mar súd, ⁊ lenmain de, as doigh go m-biadh leígenn accam”. Ocus ro fer céoth mor-fertana ann an tan-sin. Ocus do-chuaid Baoithin d' iarraidh díona fo dharaigh. Ocus do-chonnairc braon ag siledh i n-aon-ionad. Ocus do-rinne Baoithin locc dia sail isin ionad-sin, ⁊ do líon an bráon an locc an uair-sin; ⁊ adubairt Baoithin an tan-sin: “da n-dernainn-si mo leighend mar súd, do biadh leighionn agam”; ⁊ adubhairt an laidh:

     35
  • Do bhainnib líontar lathrach,
    Do shlataibh gníter cruinn-tech;
    An teghdais as ionmain la Día
    Bidh lia 'sa lia a muinnter.
  • Da n-adhrainn dom leighionn féin
    A b-foccus a n-eidircéin,
    Gidh mion do-génainn, dar lind,
    Do biadh agam mo saith leighinn.
  • An en-tslat bhenus an fear,
    Ocus cuires ar a thegh,
    Ata an teach ag eirge go h-ait,
    Gidh min cuires an en-tslait.
  • An logán do-rinne mo shal,
    Bídh maith ag Día 's ag Colmán,
    As lán gach áon rioth don braon ban,
    É an uiscce 'na conaran.
  •  p.180
  • Do-bheirim freitech, re mo lind
    Nach treiccfet-sa mo leiginn,
    A b-fuighe me d' ulc de tra,
    Gurab 'ga denamh beo-sa.
  •  225a
  • Do innis Baoithin búddéin
    Do Colmán, da oide fein,
    Tucc se do Colmán moid tend,
    Nach sechonadh a leighenn.
  • “Dia tucc dod munadh, a mheic,”
    “Duit an eisiomplair oirdeirc”,
    Ar Colman reidh 'ga freccra,
    Lan d' fheile is d' fír-eccna.
    Do.
  •  vii
     36

    Asa h-aithle sin do-gluais Colmán Eala roimhe a c- coinne Mo Chuda. Ocus Mo Chudha 'arna ionnarbadh a Rathain; ⁊ ro ghabh tríd Feraibh Ceall, no go rainic go baile Duinecha meic Donnchadha d' iarraidh bídh ar Duinecha; ⁊ fuair sé méid éiccin bidh. Ocus ba h-é líon battar ann .i. tri cáocca ⁊ tri mile. Ocus fa h-é biadh tucc Duinecha doibh .i. tri mairt, ⁊ tri muighe bainne. Adubairt Mo Chuda gur bo becc leis sin. “Masa becc”, ar Duinecha, “cuir do dhonus ar a muin”, ⁊ at-bert Mo Chuda an laidh:

     37
  • “Cluain da crand”,
    “Imbi Duinecha cruaidh-gand”,
    “Go raibh Duinecha gan Cluain”,
    “Go raibh Cluain gan Duinecha ann”;
    “Ocus co raibh an tres dith”
    “Uaimh fa thrí ar Fheraibh Ceall”.
  • Do bí Colmán Eala féin
    Acc eistecht ríu fo sgeimh,
    Ocus nir bind leis gan cleith,
    Fir Ceall aga n-esccaine.
  • “Fagbhaim do Duinecha uaim
    “Beith graingcíuil gruamdha cruaidh”,
    “Faccbaim-si doibh da cinn-sin”,
    “Nach ba meisde da c-coinnim”.
  • “Fagbaim 'na diaigh d' Feraibh Cell”,
    “A marbadh mar mucaibh tall”,
    “Fáccbaim-si doibh da cinn-sin”,
    “A b-fas mar na raithnechaibh”.
  •  p.181
  • “Fáccbaim da cinn doibh búdhdein”
    “Do muintirDuinecha reidh”,
    “Gach duine taobh des {}”
    {}
    “Bía gairde a saoghal na cách”,
    “Is goma teirce a conach”.
  • “Fáccbaim si da mnaibh beith druit”,
    “Ocus fáccbaim dáibh beith báeth”,
    “Fáccbaim-si doibh da chionn soin
    Buaidh conaich is buaidh cloinne”.
  •  225b
     38
  • Ticc chuca Colaim Cille,
    Flaith fosaidh na firinne,
    Is nír muirneach leis gan cleith e,
    D' easccaine ar a bhraithre.
  • “Cuir an easccaine útt as”,
    Adubairt Colam co bras,
    “No muirfidher th' iomat naem”
    “A b-foccus no a n-edarráon”.
  • “Guidhim-si aoin-Dia búddein”,
    Adubairt Mo Chuda féin,
    “Nar chuire Dia tara h-ais”,
    “Is ni cuireabh-sa 'na eccmais”.
  • “Os meisi do-chí an rí”,
    Ar Colam Cille go fír,
    “Cuirfet h-í tara h-ais ana”,
    “Is cuirfe Colmán Eala”.
  • Colam Cille ocus Colmán,
    Mancán, ocus caomh-Odhrán,
    Ocus naoimh Erenn uile,
    Do claochlodh na h-esccaine.
  • Becc narbh aithrech le M' Cuda
    A n-derna seision cuca,
    An tan do-connairc se go m-buaidh
    Naoimh Érenn ag techt go Cluain.
    Cluain.
  •  39
  • Gluaisidh Mo Chuda búddein
    Roimhe 'san oidhche 'na réim,
    No go rainic an fer ócc
    'San choill i r-roibhe darog.
  •  p.182
  • Sgrechait a lobrain fair fein,
    Sgrechait a mhairtire buddein,
    Ocus fiarfaighit ga t-toigh,
    Cáit a t-taiscdís a leabhair.
  • Cromaidh an daróg 'na diaigh
    Gusna naomhaibh tar eis gliadh,
    Is anaítt uimpe na truaigh
    Deis a n-díochuir o Chluain.
    Cluain.
  •  viii
     40

    Da mhacaomh óga battar iter muinter Colmain Eala. Ro fhoirbrettar, gurbhat sccolócca móra. “Cia chan”, ar na chleirigh, “gan feidhm crábaidh d' orduccadh dona sccolóccaibh út, ar tainic aóis chrábaidh doibh”. “Ní ordaigheab”, ar Colmán Eala. “Cidh ón”? ar síatt. “Isedh so”, ar Colmán, “ata leaba fir dibh i n-ifurn; ⁊ cidh crabudh doneth sé isin aois út, is éccrabudh do- déna i n-deiriudh a shaogail, go m-bá i n-ifurn bías. Ni bhenabh-sa a chuid don t-saogal fair, ar 226a fochraic fil aicce. Ata leaba an fhir ele i n-nimh; ⁊ gion go n-derna sé crabudh 'san aóis útt, do-dhena fadeoigh, go m-bia for nemh; et reliqua.”

     41

    30

     p.183

    12. Betha M' Oeog Fearrna.

     132
     1

    Gabhuis rí coigeadh Connacht dar bhó comainm Sena, ⁊ Eithne a bhain-cheile. Nior ginedh gin mhic ná inghine úatha. Luighsit do trosgadh go Druim Lethan fria h-oighir do fhaghbail; go b-fhacaidh an ingen aislingthe .i. ré do dhul a m-bél an righ, ⁊ do-connairc an rí maran g-cedna realta do dhul a m-béol na rioghna; ⁊ así breath rugadh ar an aislingthe-sin .i. go n-geinfidhe gin bhuadha eturtha díamadh lan béoil na n-daoine; ⁊ amhail do sheol an realta na faighe dochum Iosa, go séolfadh an realta-sin an mac-sin dochum an Spiorada Naoim. Tarla gur bha torrach an inghen an aghaidh-sin.

     2

    Luigh an ingen-so la n-aon a g-carbad go t-tarla draoi dhi. “Fuaim carbaid fo rígh-so”, ol se. Do-chi an dráoi an inghen 'sa charbad ana h-aonur. “Fil mac miorbuilech ad broinn”, ol sé, “dia m-bá lan beoil na n-daoine a nim ⁊ a t-talamh”.

     3

    Níor bhó cían iar sin go rug an ingen an mac, ⁊ tughadh M'oeóg do ainm fair; ⁊ ro h-oiledh go h-anoirech a m-Breghmuigh é; ⁊ an áit forar tuismhedh an mac-sin, do an ráon solus 133 deallraightech o nemh fuirte fria ré chian.

     4

    Fecht ann cuingis Ainmirech .i. rígh Eirenn, geill for Connachta, ⁊ do-berar M' Oeog a n-giallaidheacht dó. Tig croidhe ⁊ inntinn an righ for ghnúis ⁊ deilbh an mhacaoim, oir dob fhollas dó rath an Spiorada Naoim for M'oeog. “Eirg dot tigh”, ol an rí, “no an sunn gan ghiallaidheacht”. “Rachad”, ar M'oeog, “día léige na geill oile liom”. Ocus do-beir an righ ced conaire dóibh maille re bennachtain; ⁊ triallaidh gach aon acu dia áit budheisin.

     5

    Feachtus do M' Oeóg araon fría h-aoghairibh dúin an righ, dia b-facadur ocht b-fhaolchoin do amus forsan t-tréd baoi og M' Oeóg, ⁊ doníad umla iona fhiaghnaisi, ⁊ ro fech for a t-troighe. “Is deoin damh-sa”, ol sé, “caora gacha con duib”; ⁊ beirid léo. Tiaghaid na h-aodhairedha do egnach for M' Oeogh don dún; ⁊ tig buime M' Oeog forsan b-faithche. Gabhais uaman M' Oeog aga faicsin, ⁊ guides Día uma fhortacht fuirthe; ⁊ no berar ocht g-caoirigh fó dhath ⁊ ionnas na g-caorach ugad, ⁊ tiaghaid for an t-tréd; ⁊ ní fes cá h-airm as a t-tangadur. 134 Curtar M' Óeogh fría leighenn na h-eglaisi naoimi.

     6

    Feachtas do M' Oeog ag iornaighthe for diamair an fhedha go b-fhacaidh damh allta, ⁊ coin 'na lenmhuin, go ro oiris an damh  p.184 oga. Cuiris M' Oeog benn a bruit tara bennaibh día dion for na conaibh; ⁊ 'ar t-toigheacht doibh ni fuairsid lorg ná amharc fair, no gur imtigh slan iar sin fon b-fiodh.

     7

    La n-aon do M' Oeog ⁊ do deisgiobal oile, dar bó h-ainm Lasairianas, og ernaighthe a m-bun da bhile, ⁊ trom-sherc a cheile léo. “A Iosa”, ol síad, “an déoin duit ar n-eidirdhealugadh, no ar n-oirisemh ag aroile do shior”? Tuiteas bile budheas, ⁊ bile budhthuaidh don dá bhile. “Ro foillsighedh ar n-iomsgaradh”, ol síad, “tre thuitim na m-biledh”. Gabais M' Oeogh budhes, ⁊ do-ghní cathair oirbhidnech a b-Ferrna; ⁊ gabhais Lassairianus budhthuaigh, ⁊ do-ghni cathair a n-Daim Inis.

     8

    Laithe n-aon do M'oeog ag siubhal for Sliabh Betha, go ro thuit an oighche fair; go ro guidh Día uma sheoladh forsan g-conair g-cóir. Nior bhó cían go b-fhacaidh dá aingel oga 135 glacadh for a lamhaibh, go rugsad don rig-les h-e. Ocus ro thogaibh cros oirbhidnech forsan t-tulaig-sin do fhoillsiughadh na miorbhuile-sin.

     9

    Laithe do M' Oeog fria taobh Locha h-Eirne, co b-facaidh ben ana dhail, ⁊ lamh-comairt mhór fuirthe. “Mo mac”, ol sí, “do baithedh for an loch-so, ⁊ días do lenbaim oile maraon fris; ⁊ ataim-si ⁊ Eochaid a athair .i. rí an tíre, ag cuartugud naom na tíre, do faghbhail a fhesa uatha, cía h-airm a b-fuighbhemais a chorp; ⁊ asedh is-bertsad frinn, a fhios do fhagbhail úait-si”. Luigh an ingen ⁊ M' Oeog documh an phuirt, ⁊ nir fhionnsat cía cúil don loch iona rabhsad na curpa. “A Iosa”, ar M'oeóg, “Duisg mac na mná-so damh, ⁊ na curpa oile filid maráon fris”. Ocus do eirigh an mac lásan m-breithir-sin a b-fiadhnaisi M'oeog ⁊ na h-ingine. Tigh Eochaidh a athair .i. rí an tire, for an t-tulaigh, ⁊ ro iodhbhair an mac do Día ⁊ do M' Oeog a m-bith-dilsi.

     10

    Luigh M' Oeog a m-Breathnaibh go h-airm a raibhi Daibhiod Chille Muine, an t-esbudh naomtha.

     11

    Fechtas do Dhaibhiod gona mhanchaibh for 136 cenn chonnaidh, ⁊ ní ro raithigh M' Oeog íad. Báoi leabur ana fhiadhnaisi, og cantain a shalm. Ba diairmi doinenn an láoi. Baoi nech lásar mhiosgais M' Oeog forsan t-tulaidh. “Eirg”, ol se, “⁊ beir na óc-damu aimriata ughad, nachar iomchuirset eire ríam, lat a n-deghaidh na manach, ⁊ tug oire fortha lat”. Cuires nech le M'oeog, ⁊ tuadh lais, da fhularam a cenn do tesgadh do M'oeog. Eirghes M' Oeog, ⁊ fágbhus a leabhar fosgailte fon b-fherthain; ⁊ ro umlaighsit na daim dó, ⁊ tiaghaid for diamair an fhedha a g-conair ná ro fhuilngsit riam roime dul ann; ⁊ as soirbh an t-shlighe-sin da gach aon o sin a leith.

     12

    Ocus cuires an nech-sin adubramair a thuaigh úasa do bualadh  p.185 M' Oeog, ⁊ ro lensad a dhi laim an tuadh, ⁊ ni ro fed togbhail ná turnam fuirte. Do foillsighedh sin do Daibhiod, ⁊ téid go h-airm a rabhsad, ⁊ tiaghaid don chill, ⁊ sgaraid lamha moghaidh frisan t-tuaigh; ⁊ do-geibhid an leabur gan dith gan docur ar aon-litir de.

     13

    Laithe do M' Oeog ag dul ar cenn lenna dona manchaibh, go ro bhris 137 an soitheach, go n-dechaidh an lionn fo lar. Cuirig-sium sighin dia bhais úasa, go ros-íoc, ⁊ do-bheir an lionn dochum na manach.

     14

    Ocus do-berar mac an righ amlabhar ana dhail for aon-cois, ⁊ aon-laim ⁊ áon shuil; ⁊ ro imtigh slan dia tigh iar sin la grasaib Dé ⁊ M' Oeogh.

     15

    Feacht do M' Oeog go b-facaidh nech go b-facaidh nech ana dhail, ⁊ aon-chlár aighthe lais. Cuingis a furtacht for M' Oeog ar dheirc ⁊ troighe. “Sirim si ar Dia fortacht fort”, ol M' Oeog; ⁊ tainic aghaidh ⁊ dealb fair mar gach n-aon oile.

     16

    Cuinges M' Oeog for Daibhiot deonughadh toighechta a n-Eirinn doridhisi. Ocus iar t-toighecht dó a n-Éirinn; “Cuirigh 'ar g-culaibh me dorighisi”, ol sé, “go h-airm a b-fuil Daibit, go ro fhoillsighe damh cía bhus anmchara damh”; ⁊ ni ro fhaomsad lucht na luinge an t-iompodh. Beires M' Oeog ceim as an luing, ⁊ siubhlaighes o tuinn go tuinn, go t-tarla aingel De dó. “Ni rige a les anmchara”, ol sé, “acht Iosa; oir ní fuil coir fort”. Triallas M' Oeog tara ais docum na h-Eirenn doridhisi. Gabhus port a n-Iobh Cinnsealaigh, ⁊ doni eglas 138 toghaidhe ann.

     17

    Do badur dá bha ⁊ laogh lais. Tig an cú allaigh for faithce na cille. “In do chuinged do proinne for Dhia tige”? for M' Oeog; ⁊ do-beir an laogh dó. “Ni tiubhraid na ba luim gin laogh”, ol an t-aoghaire “Eirg si día n-díul”, ol M' Oeog, og togbhail a laime ós a chionn, “⁊ do-beraid loim fort amail laogh”; ⁊ do-bheirdis.

     18

    Téid sluagh a n-Uaib Cinnsealaigh la n-aon, ⁊ an tír ar cuimirce M' Oeog ina tearmann. Cuires M' Oeog tí dia bachaill a t-timcheall an bhuair; ⁊ anais an sluagh gan dul a n-diaigh an eallaigh, acht aoin-fer namá dia maithibh, ⁊ fuair bás iar t-teacht tar an t-tí dó. Ocus ro iompó an sluagh dia g-crich fein agá fhaicsin sin; ⁊ ro fhan an buar ag M' Oeog.

     19

    Feachtus do rí Ó g-Cinnsealaigh for creich, go t-tarla M' Oeog dó, ⁊ do-rad almsa dó, ⁊ teid dia thigh. Ocus gabhais saoth ⁊ galar docraidh h-e, gur sgar a spiorad ris, dar lais féin. Do foillsighedh iofrann dó, go n-greis d' anmannaibh adhuathmura ann; go t-tug anam diobh tarrang día anail forsan righ, gunas rug go 139 n-uige a bhéol é, go b-facaidh an bocht ag cur na deirce do-rad dó a m-beol na piasda; ⁊ nior sguir do  p.186 tarrang an righ, gur chuir an bocht a bachall ar béol na piasda. Duisgis an righ, ⁊ ro innis gach ní ro chonnairc. “Tabhair M' Oeog cugad”, ol siad, “⁊ fogebha fios gach neith uadha”. “Is córa aisder go h-oglach n-Dé”, ol an rí; ⁊ téid go h-airm a raibhe M' Oeog. “Ag súd an nech día t-tugas-sa an deirc”, ol an rí, “⁊ ra fhuaslaig a craos na piasda mé”. Do-bheir an rí Ferrna a m-bith-dilsi dó, ⁊ do-rinne eglas oirbinnech ann, ⁊ mairigh bhéos.

     20

    Eagainid a h-aithtreabhtaigh fria M' Oeog an baile gan uisge. “Tochailter libh bun an bhile ughad”, ol M' Oeog, “⁊ do-gebtói tobar ann”. Ro ghniad, ⁊ ro frith. Ocus gabhais an sruth for siledh a t-torainn ferainn báoi ag nech oile fría taobh an duin.

     21

    Ocus do-tigdis ingena an baile fria a t-taobh do ionnladh ⁊ d' fothradhadh gusan t-tobar do fhoillsigh M'oeóg. “Na h-ionnlaidh annso”, ar M' Oeog; “tobar comnaighthe na manach e, ⁊ ní mna is cnesda araon fríu”. “Do-denam”, ar 140 síad; “lin-ne a leth a n-diaigh ar b-ferainn”. Luigh ingean an righ lá n-áon don tobar día fothradhadh, gur ro len gainemh ⁊ grian an tobair di. Tig a h-athair go M' Oeog do cuingidh fortachta di, ⁊ no bheradh h-é fein a m-bith-dilsi dó. Doníad samluigh.

     22

    Feachtus día n-dechaidh M' Oeog don mainisdir do fhios mhanaigh bo bháoi a t-treabhlaid. “Filid na manaigh uile a t-treablaid”, ol an t-ab, “⁊ dentar libh-si a b-fresdal an g-cein beithi sunn”. “As tualaing Dia a slanughadh”, ol M' Oeog; ⁊ do-ronadh amlaidh. Teora lá dhoibh oga b-freasdal; ⁊ cuingis an t-ab for M' Oeog a b-fhagbail isna gallraib cedna; ⁊ fágbus, gér bha doirbh lais.

     23

    Ocus luigh M' Oeog go Ferrna, dia b-fhacaidh seisrech go g-cecht ⁊ go n-iarann n-arathair a toigheacht a g-cianaibh cuige; ⁊ beiris lais h-í dia tabhairt a n-almsain do ingenaibh Aodha mic Cairbre, do bí ag cinned a m-betha do Dhia. Go t-tarla bocht dó forsan g-conair, ⁊ ro sir damh for M' Oeog. Ocus do-beir dó, ⁊ beiris na daim oile go h-airm a rabsad na 141 h-ingena. Ocus ni ro fhedsad treabhadh a n-iongnais an daim adubhramair. Do-chiadh dam ag toighecht as an muir chugtha, ⁊ cuirid an cuing fair; ⁊ ro treabhadh amhail gach n-damh; ⁊ do-thigedh a t-tús gach aon laithe, ⁊ do-teigedh isin muir gach n-aghaid. Teora mí dó forsan abairt-sin.

     24

    Feachtas do M' Oeog go b-facaidh teachta Daibhit Cille Muine go h-airm a raibhe. “Eirg”, ol síad, go Daibit. “Tangadur a tíu-laithe, ⁊ beir fair ria m-bas”. Luig M' Oeog a m-Breathnaim, ⁊ do-beir comna do Daibiot. “Do geallas”, ol M' Oeog, “beith a n-Eirinn dorighisi”. “Eirg si”, ol Daibhiot, “for an t-traigh, ⁊ gibé anmann egcennais do-gebhair ann, eirg fair, ⁊ beraidh go h-Eirinn tú; ⁊ cuirfed sa t' aos cumtha ad deghaidh”. Ocus sgaraid fria aroile go m-bron ⁊ do-ghailsi, oir ba derbh  p.187 léo a n-eidirdhealughadh tre bhithe. Teid M' Oeog forsan purt, ⁊ do-geibh ainmidhe egcennsa ann nachar aithin, ⁊ teid fair, ⁊ beres go Ferrna h-e.

     25

    Ocus doni trosgadh cethracha la ⁊ adhaigh ann, amhail do-rinne Iosa ⁊ Elías ⁊ Maoisi; ⁊ ni ro chuir fainne na trualledh fair.

     26

    Feachtus do M' Oeog for bru Atha Iomdhain, ⁊ bá sennda an tan-sin 142 h-é. Go ro fiarfaidh ar a a carbaid de: “Cia bus bus esbudh a b-Ferrna tar t' eise”? “In cedna fer gebhus an t-ath ugad”, ol sé. Do-chiad buidhen a g-cenn an atha go lamhach ⁊ baosradh léo; ⁊ ba cleirigh iad-som. Ocus tig nech baoth diobh aomthus an atha, ⁊ tig forsan t-tulaigh a raibhi M' Oeog. “A n-aontoigh riut-sa as ail damh-sa beith”, ol sé. “Cia h' ainm-si”? ol M' Oeog. “Mo Ling”, ol sé. Do ansad araon a b-fochair a cheile go bás M' Oeog; ⁊ do goiredh easbudh a b-Ferrna do Mu Ling.

     27

    Do-clos do M' Oeog iar sin go raibhe brathair dó a n-geill ag righ O Conaill Gabhra. Luigh go dun an righ, ⁊ ro connmagh h-é teora lá ⁊ aghaidh a m-beol an dunaidh gan biadh gan digh. Ocus ro diultadh an giall do tabairt dó, ⁊ fúair inghen an righ bás an adhaidh-sin. Beiris an rioghan a h-inghen lé go h-airm a raibhi M' Oeog. “Duisg so damh-sa”, ol sí, “oir is tú ro básaigh”. Tainig cridhe M' Oeog fuirte, ⁊ doní edarguidhe for Día, ⁊ do eirigh an ingen; ⁊ ni tainic cridhe an righ for M' Oeog, ⁊ teid aleith eascaine do dhenamh fair. “Na h-escain an righ”, ol an ríghan, “acht cuir th' esgaine for an lic n-dimhoir 143 ugad”. “Cuirim”, ol M' Oeog; ⁊ doní di chuid don lic la breithir an naoim. Gabhais omhan an righ, ⁊ slechtaigh do M' Oeog, ⁊ tuc an braighe dó; ⁊ do-bheir Cluain Claidhmhech a m-bith-dilsi, ⁊ doní M' Oeog eglas anoraich ann, ⁊ fagbhus blogh día naomaibh ag cantain oifice Dé ann; ⁊ sgarais ⁊ an ri fria aroile fo sith ⁊ caoin-chomrac.

     28

    Feacht do M' Oeog og triall do Chaisiol go ro oirisider na h-eocha baoi fó a charbad. Ba machtnughadh leo-samh sin, go c-cualadur ín guth ainglighe úasaibh: “Ni do Caisil is déoin do Dhía do dula”, ol sé. “Fil Guaire rí Connacht a treabhlaid a g-Cill Mic Duach. Eirig si go h-airm a b-fhil sé; oir is duit do dheonaigh Día fortacht fair”. Ocus gabhus an carbad an raon go Cill Mic Duach, ⁊ ro thiormaigh Deirgh-dherc roime amhail gach magh. Go t-tarla dís dóibh, go ro chuinnigsit éolas fortha. “Fedha ⁊ criathra uaibh-si go Cill Mic Duach”, ol siad, “⁊ mas do muinntir Día sibh, reighedh fein an t-slighe daoibh”. “Is éidir le Dia sin”, ol M' Oeog; ⁊ doní magh reigh don criathraigh, go n-dechadur go Cill Mic Duach. Ocus do shlanaigh M' Oeog Gúaire 144 la. grasaibh Dé, ⁊ do foillsigh dó beith triocha bliadhan a righe Connacht  p.188 go h-iomlan, ⁊ téora bliaghna diobh a t-treabhlaid; ⁊ nemh dó iar n-eag a logh a einigh ⁊ a trocaire.

     29

    La n-aon do Mh'oeog og denamh aiccechta do mac leighinn, go b-facaidh dreimire orrdha ag toirnemh fria a thaobh; ⁊ gabus M' Oeog an dreimire súas. Ocus 'ar t-toigheacht do, ro fhiarfaigh an mac leiginn dé, cía conair do-chuaidh. “Colam Cille 'ar n-egaibh”, ol sé, “glóir ⁊ oirmhidin muinntire nimhe ana dhail”, ol sé, “⁊ dia moradh léo do-dhechas-sa”.

     30

    Laithe n-aon do M' Oeog, go n-dechadur buidhen la ceilg ⁊ amhainsi do cuingidh derce fair. Ocus ro fhagaibhsit a n-eduighe for diamair ⁊ folach; ⁊ do foillsighedh do M' Oeog sin; ⁊ cuiris fios for na h-eduighibh, ⁊ do-bheir a n-almsain íad do bochtaibh oile; ⁊ imthighid-siom ó M' Oeog gin edach gin almsa.

     31

    Brannamh mac Echach, ri Laighen do marb Sáranus, do Laighnibh h-e. “Doiligh liom-sa”, ol M' Oeog, “cenn na m-bocht, ⁊ dinighthéoir na b-fann; ⁊ go t-tuite an lam-sin do bhúail an fior-laith-sin”. Luidh M' Oeog go Ferrna, ⁊ téid for fert Brannaim. 145 “Eirg suas”, ar se, “a n-ainm Iosa, ⁊ follamhnaigh do righe”. Tig Brannamh as an b-fert, ⁊ téid aráon fria M' Oeog. “Na beir misi ar an saoghal abriosg”, ol sé, “léig mhé for nemh anosa”. Doni a fhaoisidin fria M' Oeog, ⁊ do-beir deonughadh dó dul for nemh.

     32

    Saranas dona luigh for fert Brannaim go n-aithrighe n-derbhair, ⁊ go n-díughaire truaigh. Tuitis a lámh de, amail ro chuinnig M' Oeog roime sin; ⁊ ba maith eisiom iar sin no go b-fhuair bás assa h-aithle.

     33

    Feachtus do M' Oeog ag cur t-shil éorna, go t-tainic oglach for an n-gort. “Is dealamh damh-sa”, ol sé, “⁊ atá cíos trom agam tigerna oram; ⁊ is ail damh deirc do fadhbhail”. Ocus do-bheir an eorna do bí 'na ucht dó 'ar n-denam óir di. Beirios leis an t-ór diá tairbert don rí. “Cía o b-fhuarais an t-ór”? ol an rí. “M' Oeog dusrad damh”, ol an t-óglach. “Éirghid t-fhiacha lat”, ol an righ, “⁊ beir-si an t-ór go M' Oeog”. Ro chuir M' Oeog an t-ór iona eorna, ⁊ ro fhas mar gach n-eornain.

     34

    La n-áon do M' Oeog ag denamh egalsa, ⁊ ni b-fhuair sáor día crutughadh. Gó ros bennaigh lamh dhuine día muinntir, 146 diar bhó h-ainm Goban, ⁊ togbhus an eaglas go n-dealbhadhaibh iongantachaibh, ⁊ go n-gresaibh bregha, nách raibhi samhail di, ⁊ ni rugadh buaidh saoirsechta on Goban-sin fría reimeas.

     35

    Feachtus do M' Oeog og ionnmad a h-abainn, go t-tainic aon fria dhruim, go ro chuir a dhi láim fris, go ro fhagaibh annsa linn dia  p.189 bhathadh. Luigh M' Oeog a t-tír iar sin gan taisi for fholt na erradh dó. “Log m' aincridhe damh, a cleirigh”, ol sé. “Is déoin damh-sa Día da maithiom”, ol M' Oeog, “⁊ muna abartha sin, do suighfedh an talamh tú. Dena aithrighe, oir do-ghebhair bás an cethramhadh la oníu annsa ghniom do-rónais”. Ocus do fioradh son.

     36

    Laithe n-áon diar ghoid mheirlech caora do tréd M' Oeog, luigh an meirlech ros-ith an chaora don eglais do tabairt mionn innte; og glacadh na mionn do-tigedh cluasa na caorach tara beola amach.

     37

    Dia m-baoi nech uasal a Roim Letha a b-pairithlis, ⁊ ni ro fhedsad náoim naid legha fortacht fair; ⁊ tainig a n-Éirinn do iarraid M' Oeog, iar g-cloistecht a miorbuile dó; ⁊ fuair M' Oeog bas roime, ⁊ téid siom annsa n-eilitrum ionar h-iom 147 curadh M' Oeog, ⁊ do-gheibh fortacht fó cedoir do grásaibh De ⁊ M' Oeog.

     38

    Do bui nech a t-treablait a Laighnibh triocha bliadhan, dia b-fhacaidh fís .i. carbad do toigheacht do nim; cleireach aosda inn, ⁊ ban-óg. “Can daoibh”? ol an t-oglach. “Misi M' Oeog”, ol an cléirech, “⁊ Brighid sunn. Amarach mo laithe-si, ⁊ a n-oirtur laithe Brigidi aníu; ⁊ tangamair anúas do moradh gloire Iosa ionur laithibh fein. Ocus bi-sí ollamh”, ol se, “do-ghebhair bás an tres lá, ⁊ do-gebhair an rioghacht nemhda dot anmain”. Luigh an fer naomtha sin, Fionntan a ainm, go Cill Dara a Magh Life .i. reigles la Brighid; ⁊ ro innis don phobal an aisling ad-connairc, ⁊ fuair fein bás an treas lá, amhail ro fhoillsigh M' Oeog dó, ⁊ do-choidh dochum nime.

     39

    Ro h-oirnedh Mo Ling ana easbudh a b-Ferrna tar eis M' Oeog, ⁊ ní teigeadh nech ar bith do shuan a n-iomdaigh M' Oeog. “Tiocfaidh diom-sa súan do dhenamh innte”, ol Mo Ling. Teid 'san iomdaigh, ⁊ ro buaidhredh ⁊ ro gallraidhedh h-é, ⁊ ni ro fhed súan innte, no gur guidh M' Oeog go diochra um fortacht fair; ⁊ do 148 fhuair fó cedoir tre guidhe M' Oeog dó. Fagbas Mo Ling an iomdhaigh, ⁊ as-bert nachar diongmhala do duine da mair dul innte.

     40

    Ocus gé do-cuaidh M' Oeog for nim, nir sguir dia mhiorbuilibh a talamh. Óir donithi lá uir, ⁊ la a earradh, ⁊ lá thaisibh slanughadh dall, ⁊ bodhar, ⁊ bacach, ⁊ na n-uile eslainte arcena. Ocus ge do innsiomair aráill do miorbuilibh M' Oeog, ní h-é a n-iomlaine do innsiomair. An dara lá do mi Febriairi do-coidh M' Oeog a n-aontaigh aingel ⁊ arcaingel, a n-aontoigh na naom Trionoide .i. Athair, ⁊ Mac, ⁊ Spiorad Naom. Amen. FINIT.

     p.190

    13. Betha M' Áedócc Ferna.

     168a
     i
     1

    Do boi duine uasal saidbir h-i c-Connachtuibh darb ainm Sédna mac Eirc, meic Feradhaigh, meic Fiacrach, meic Amalgaidh, meic Muiredhaigh, meic Cartaigh, meic Eirc, meic Eachach meic Colla Uais, meic Eachach Doimhlein, meic Cairpre Lifecair, meic Corpmaic, meic Airt, meic Cuinn Cetcataigh. Boi ben aicce dar bo h-ainm Eithne; ⁊ do shiol Amhalgadha meic Fiacrach meic Eachach Muigmedhoin di-sein. Ni raibhe oighre meic nó ingheine aca. Do-guidhetar Dia go diochra duthrachtach fá mhac diongmala d' fághail, do-gébheda n-ionad dia n-eisi. Do-ronadh dércae díáirme, ⁊ troisgthi, ⁊ tredenais leo fan adbar-sin. Ocus do-guidettar naoimh ⁊ fireoin léo, go f-faghdais a n-athcuinghe on aóin-Dia.

     2

    Battar a f-fochair a ceile iar sin .i. Setna ⁊ Eithne; ⁊ do-connairc Eithne aisling .i. mar do thuitfed rélta anúas do nimh ina bel; ⁊ do-connairc Setna féin an aisling cetna .i. relta do nimh do thuitim i m-bel a mna. Iar n-eirge doibh do innsetar da cheile a f-facatar. Ocus do innsettar an aisling do daoinibh glioca géir-eolchá. Asedh immorro adubratar sein ríu. “Rélta”, ar síad, “do theoraigh na riogha dochum Criost da adhradh, an tan ruccadh 'san m-Bethil é. Ocus trésan c-comarrdha c-cedna sin do foillsighedh daoibh-se, geinfider mac uasal onorach uaibh, ⁊ bidh lán do rath ⁊ do grasaibh an Spiorait Naoimh é”. As annsan oidhce cetna-sin do geinedh an nech naomhtha nert-cumachtach i m-broinn a mhathar .i. M' Aodhocc, ⁊ as ar an adbar-sin aderar mac na reltainne ris.

     ii
     3

    Do-coidh Eithne ina carpat do dul le toiscc la eiccin asa h-aithle sin, ⁊ h-i torrach ar Mh' Aodhócc. Tarla draoi fir-eolach di ar in sligedh. Ocus o 't-chualaidh-so torann ⁊ foghar an charpait cuicce, adubhairt: “As fo righ reithes an carpat-so cuccainn; no fo grasaibh an Spiorait Naoimh”.  168b Do-chuaid nech aca da fechain cia ro bai ann. Ocus do-connairc nac raibhe aoin-nech ele ann, acht Eithne 'na h-aonar. At-bert an draoi ria iar sin: “Berai si mac maiseach mor-chumachtach”, ar se, “bus lan do rath ⁊ do ro-grásaibh an Spiorait Naoimh”.

     iii
     4

    Ruccadh tra an mac-sin i n-Inis Brechmaighe for Magh Slecht go sunradach. Ro ba follus immorro comartha ⁊ airrdhe naomthachta ar an naoidhin nemh-urcoidigh sin iarna breith tre ghrasaibh an Coimdedh; óir an t-ionad ina ruccadh e, ni raibe easbhaidh soillse do lo no d' oidhce le h-aimsir fada and.

     p.191
     5

    Ceid-fert M' Aodhocc iarna breith .i. an lec for a ruccadh da baistedh h-e, no bidis cach asteach ⁊ amach aga n-iomluadh uirre amhail gach n-artrach eile.

     iv
     6

    Fiort ele d' fiortaibh M' Oedocc .i. bacan na bainfighidh baoi h-i l-laimh Eithne ag breith an leinimh do maidhe cruaidh coimhfeodhaige cuill do beith fo dhuille ⁊ fo dhegh-blath ina dhecchaid, go f-fuil an coll-sin ina crann nuaidhe nem-arsaidh a c-comharta an fherta-sin i n-Inis Brechmaighe fós. Aderatt eolaigh na criche frisan c-coll-sin, an tan cuirter a úir eter braigdib et a n-iarann iarna cur fo naoi n-aifrennaibh, go n-élait gan fuirech as a h-aithle.

     7

    Conidh do cuimniuccadh na f-fert-sin do-ronadh an laidh-si:

    1. A ceid-fert M' Aedocc na mionn
      Da eis go follus fuicfiom;
      A n-airemh as diom dlegar,
      Dligidh fili foillsiugadh.
    2. Leac arar baisttedh Aodh ócc,
      An naomh miorbuileach M' Aodhocc,
      On purt go 'roile ag rochtain
      Si 'na h-ethar iomlochtaigh.
    3. Fiort ele da fiortaibh-sin,
      Magh Slecht le h' athaidh d' aimsir
      Do ló 's d' oidhce, ceim coimsi,
      Se uile fa en-shoillsi.
    4. Crann mna fighi frith istigh,
      I l-laimh Eithne re niodhnaibh; 169a
      'Na mhaide coimhféoidhe cuill,
      Beith fo duille úr-álainn.
    5. Ata an coll-sin 'na choll úr,
      As biaidh coidhce gan chlaochludh,
      Go n-dech crioch ar an c-cruinne,
      I n-Inis blaith Brechmaighe.
    6. Do buadaibh chuill M' Aedhoicc moir,
      A uir 'na urchascc eloidh
      Biaidh ag eirge go brath m-becht,
      Tuilledh a c-cenn a céid-fert.
      Cét-fert

     v
     8

    Ro baisttedh tra an n-oidhe naomhtha nós-oirderc sin le cruimter craibhtech caoimh-genmnaidh, ⁊ le h-aingeal a fhoircoimhetta iar sin.  p.192 Tuccadh da oilemhain ⁊ da altrom d' O Dubhtaigh e, .i. Dubhtach mac Duibh Da Crioch meic Brenainn, meic Fergna, meic Fergusa; óir as é, Dubhtach, an seisedh mac boi ag Dubh Da Crioch, mar derbhas an fili:

      Ocus bói acc tairngire M' Aodocc, co n-dubairt an laid:

    1. Se meic Duibh Da Crioch ro clos,
      Dubtach, Doghran drech-solas,
      Maol Bennachtaidh, Murchad mas,
      Guaire, ocus Fannan folt-cas.

     9

    Ro h-oiledh go diochra duthrachtach le h-ua n-Dubhtaigh, ⁊ leis an c-cuid ele don lucht oilemhna an lenamh ni ba friochnamaighe ria aoin-nech ele, ⁊ do-rinnedh a coimhett o gach uile ni neim-dligtech, ar lasadh ⁊ ar soillsiucchadh an Spiorta Naoimh go h-iomarcach ann. Tuccsat a lucht oilemhna .i. a bhuime ⁊ a bhan-coimedaidhe tre seirc ⁊ tre gradh tormach ⁊ meduccadh anma go follus fair, amhail as bés do buimeadhaibh búidhe ⁊ buan-gradha .i. mo Aodh óg, aga gairm do gnath aca de. Conidh airesin ro len M' Aodhócc d' forainm fairseach na h-anmannaib ele.

     vi
     10

    Ro ba folls tra rath an Coimdedh cumhachtaigh forsan mac-sin .i. for M' Aodhócc, tar macaibh ele a aimsire. “Cían ámh ro bai aga tairngire”. oir do tairngir an faidh fire .i. Fionn mac Cumhaill, cenn fesa ⁊ faistine na h-Erenn, an tailgenn toccaidhe .i. M' Aodog mórdha miorbuilech, mac Setna, seal fada ⁊ aimsir imcian riana geinemain .i. aimsir fichet righ do rioghaibh Erenn .i. o aimsir Airt meic Cuinn Ced-cathaigh, go aimsir Ainmire meic Setna, meic Fergusa Cenn-fada, meic Conuill Gulban,  169b meic Neill Noigiallaigh, 'sa aimsir a ruccadh M' Aodocc; oir do bái an fad-sin eter Fhionn ⁊ eissiumh an tan ro tairngir a theacht, an tan ro marbh Goll mac Morna Ferna mac Cairill, mac rígh na n-Deisi Muman; ⁊ oglach gradha d' Fionn eisem.

     11

    Ocus aga adhlacadh fo talmain tucc Fionn a ordog fona déd fis, gur foillsicchedh fios fírinneach dó ina decchaid, ⁊ gur ceiledh ainffios fair. “Dar mo breithir”, ar se, “a Fherna meic Cairill, as mo-ghenar dhuit ro h-adhlaicedh 'san ionad-sin ar a mhed do cheolanaibh coimbinne ⁊ d' finn-leabhraibh eolcha, ⁊ d' iodbartaibh cuirp an Coimdedh bías os do cionn go deiredh domain”.

     12

    1. Ath Ferna,
      Áit a m-bia M' Aodocc feabda;
      Aniu cidh iomdha a cuana,
      Bidh iomdha a nualla nemhda.
    2.  p.193
    3. Ath Ferna na feorainne,
      Bidh feabhda an fer 'ga m-bia;
      Do-roiset ann anmcarait;
      Bidh ait ionmain le Dia.
    4. Do-ria M' Aodhócc muinterach,
      Maisi greine tre ciotha;
      Do-ria mac na reltainne,
      Relta buadach tre bithi.

     13

    1. Do-ria M' Aodhócc muinterach
      Tar Áth Fionnglaisi Fiaa;
      Bidh tailgionn ros toirgeba;
      Bidh sroibh-gionn duine Diaa.
    2. Bidh e an t-ionadh ainglidhe,
      A m-bia fian ban i folucht;
      Do-ria M' Aodhócc muinterach;
      Mochion rígh darab ro-lucht.
    3. Bidh é an torc tren turcruthach,
      Bidh e an lasair bhorr-brátha;
      Do-ria M' Aodhocc muinterach;
      Bidh tonn tar iolar atha.
      A

     vii
     14

    Ro tairngir tra athair baitsi ⁊ buan-creidmhe f-fer n-Erenn .i. naomh Patraicc, an naoimh-erlamh cetna .i. M' Aodhocc milis-briathrach mor-cumachtach, an tan bói ag siubal droibel ⁊ ditreab O m-Briuin c-cualadh claiscetal coimmbind, comhcubaid na n-aingeal  170a ina foccus, ⁊ ceola iomdha iolarda, ⁊ airpeitedh ailghen ainglidhe, ⁊ nualla nemhda 'ga labhra ⁊ 'ga luath-cantain. Ro fhiarfaighettar na tri caocca naoimh-cleirigh battar i f-farradh Patraicc; “Cidh ar nach anmaid 'san ionadh ina f-fuil nuall ⁊ ceol na n-aingel, ⁊ aittreabh ⁊ comnaidhe do denamh 'san druim-si ata leth re h-an .i. leith re h-uiscce”.

     15

    “Bidh é sin a ainm go brath”, ar Patraicc “.i. Druim Lethan. Acht ata ní cena; ní duin-ne ata a n-deonucchadh anadh ann, acht d' Aodh mac Setna .i. M' Aedócc Ferna, naom miorbuilech mór-cumachtach, cend ⁊ codhnach naomh Leithe Cuinn a c-coitcinne, ⁊ d' Oirghiallaibh .i. do clannaibh na c-Colla a chinel, ⁊ don Breifne foighenus, oir as innte geinfider é, amhail atá a t-tuicsi ⁊ a t-tairngire, a c-cionn trichat bliadan oníu i n-Inis Brechmaighe i Muigh Slecht Connacht. Ocus as dó atá a n-dan an t-ionad-so d' aitreabadh ⁊ d' aitiucchad. Ocus cidh aidbhseach libh-si an lion crann ata isin druim attaidh .i. Druim Lethan, ní lía íad-sein ina órtha ⁊ iomann, psalm ⁊ slechtain, almsa ⁊ aifriond  p.194 do-gentar ann re lind an erlaim uasail ainglich, ⁊ an fireoin fhoirbthi il-cumachtaigh, ⁊ an tailginn miodhchuir mór-chraibhthigh .i. M' Aodhog mac Setna, ⁊ fos ina decchaid go deiredh domhain”.

     16

    Ro bhaistt ⁊ ro bhendaigh Patraicc an baile re M' Aodhócc annsin. Ro fáccaibh rath ⁊ ro-chonach, sobharthan ⁊ sonus, soicheall ⁊ saidhbres, buaidh fosaici ⁊ fritholma fair, ⁊ a onoir os cach; go n-dubairt an rosc:

    1. Foillsigim fios firinnech
      Daoibh, a cleirchi creidmecha,
      Ó Dhia dúinn do deimhnigedh,
      Ni damh-sa ro deonaighed
      Anmain isin ionad-sa,
      Druim Lethan, nach laimheochur;
    2. Acht don tailgionn toccaidhe,
      Do Mh' Aodhóg fial ainglidhe,
      Cend naomh ocus naomh-erlamh
      Leithe Cuinn rea comhairemh;
      Do shiol Cholla chathbuadhaigh
      Airemh a glun n-genelaigh.
    3.  170b
    4. A c-cionn trichat tren-bliadan,
      Ar Magh Slecht go sunnradhach,
      Geinfidher an glan-mac-sin,
      Mac rathmar na reltainne.
    5. Go brath bidh h-é a fhorainm-siumh;
      Bennaigim-si an baile-si,
      A m-bía an firen foirglidhe,
      Suil tí M' Aodhócc moir-fertach
      Da caomhna, da chomfurtacht,
      Da coimett, da coisreccadh.
    6. Biaidh onoir na h-áiti-si
      Ó Mh' Aodhocc acc médachadh,
      Go t-tí laithe an luan-bratha;
      Daoibh-si festa foillsighim.
      Foillsighim

     viii
     17

    'Ar m-beith do M' Aodhocc ina mhaccaomh occ anarsaidh iar sin, tainic Ainmire mac Setna, meic Fergusa Cend-fada, meic Conuill Gulban, meic Neill Noigiallaigh .i. rí Erenn, i n-Uibh Briuin d' faghail giall ⁊ braighdedh uatha, mar fa gnaith-bes ag na rioghaibh ⁊ ag na tigernaibh an tan-sin. Tuccadh M' Aodhócc do a m-braighdenus  p.195 ona athair.i. ó Shetna mac Eirc, a c-cuma caich, óir fa fer laidir lánconaigh an Sédna-sin.

     18

    Acc imtecht immorro d' Ainmire ar a ais, battar a braighde roimhe 'san slicched. Do foillsicched grasa an Spiorait Naoimh do ri Erenn for M' Aodhócc tar na maccaibh ele. Do raidh an rí 'arna faicsin sin: “As follus foirbhthe fír-grásamhail an mac-sa .i. M' Aodhocc”, ar se; “⁊ bidh eiccen dó beith im fharradh-sa for an c-cuairt righ for a f-fuilim; no, madh ferr lais a leiccen amach, ⁊ dol dó tara ais, do-ghebha a rogha dibh”.

     19

    Do raid M' Aodhóc aga cloistecht sin: “Masa meisi as ail let do leiccen sáor uait, guidhim tú a n-onóir na naomh Trinoide go leicce na maccaoimh-si ele saór uait on m-braigdenus ina b-fuilet”. “Do-gebair-si an athcuinghe sin”, ar an ri. Do leiccedh doibh uile tionntudh dia t-tigibh iar sin. Do athain Ainmire e féin do M' Aedócc a n-anmcairdes, oir da tuicc sé gomadh colaman comhdaingen isin ecclais catoilice é iar sin, amhail ro comhailledh. Conid h-í céd-onoir  171a M' Aedócc cona maccaomhaibh annsin, grasaibh an Choimdedh ina coimlenmain.

     ix
     20

    La da raibe M' Áedhocc ag cluiche maille fri buachaillibh ar fud an fherainn, ⁊ sé ag coimhétt caorach a bhuime, tangatar ocht c-coin allta a n-aoin-fecht cuicce go mín muinterdha, ⁊ síad bocht, anfann, ocarach. Ro fhech san orra, ⁊ adubairt riu: “Toccbaid libh”, ol sé, “ocht muilt don tred, ⁊ ithigh iad”. Do-rinnettar na coin amhail do ordaigh M' Aodhocc doibh, ⁊ do-chuatar fon c-coill; ⁊ do ba le buime M' Aedócc na muilt-sin. Do-chuatar na buachailledha don baile go luath iar sin, ⁊ do innisettar do buime M' Aedocc an gniomh-sin.

     21

    Do eirigh an buime maille le feircc moir go M' Aedócc. Gabais éccla mór M' Aodócc aga faicsin; ⁊ adubairt: “A Dé na n-uile cumacht, ⁊ a Tigerna, a Iosa Criost, foir ⁊ fortaigh oram, oir as at onoir do-rattusa biad dona bochtaibh ocaracha”. Do bar follus an uair-sin ocht muilt dob ionann dath ⁊ mét ⁊ cuma risna ced-caorcaibh eter M' Aedhócc ⁊ a bhuime. Tangattar go min muinterdha mar na caorcha ele d' ionnsaighe an treda. Ní fidir neach fo nimh o sin alle cait as a t-tangattar don toiscc-sin; gur h-oirdercaigedh ainm De ⁊ M' Aedócc tresna miorbuilibh-sin.

     22

    Conidh da derbadh-sin do-rinne an t-ughdar an laidh-sin:

    1. La do M' Áedhócc, fa mor rath,
      Da bhuime ag coimhétt caorach,
      Go f-faca lea taobh acc teacht
      Na h-ocht c-coin allta a n-aoin-fecht.
    2.  p.196
    3. Dona conaibh, cenn a c-cend,
      Gabhais trocaire an t-ailgend;
      Seach na h-ainminntibh ele
      Siad bocht, deroil, díblidhe.
    4. “Óm buime, ettraibh as ecc,”
      Beiridh ocht muilt don mhór-tred
      “Ar son Dé”, diochra an t-oinech,
      Do raidh M' Aodhócc mior-builech.
    5. Dith a caorach o 't-cualaid
      Buime an erlaimh iol-buadaigh,
      Ferc adbal uirre ar a son,
      Rer lion uamhan an t-erlamh.
    6. Aodh mac Séttna, ar nar lér locht,
      Ar Dhia do iarr a furtacht 171b
      Ar fheircc a bhuime gan mes.
      'Na h-acchaid nir iarr aighnes.
    7. Do luach einigh Aodha óicc
      Fuair tiodlacad on Trínoid;
      Ocht caoirigh oile ar áon dath
      Ar cuma na c-ced-caorach.
    8. Saorthar le cerd na cruinne
      Aod ócc ar feircc a buime;
      Mac Sétna fa treisi atá
      Ag Dia Athair gach en-la.
      La.

     23

    An tan tra at-connairc athair ⁊ mathair M' Aedócc méd na n-gras do tiodlaic Dia dó, do-chuir dochum leiginn é, go n-dechaid clú a crabaidh, ⁊ oirdercas a foghlama, a eccna ⁊ a aird-leighinn co comhcoitchenn fo cach.

     x
     24

    La da raibe drong naomthach nemh-pectach ag guide Dé go dutrachtach fa foillsiughad doibh ionad a n-eiseirge, óir dob ail leo seirbis do denamh go duthrachtach do Dia ann, tainic an t-aingel da n-ionnsaighed, ⁊ do raidh riu dol mara raibe M' Aodocc, ⁊ go f-foilseochad sé doib inad a n-eiseirge. Do-chuattar san cuicce le breithir an aingil. Ro fhíarfaigh M' Aodhócc dibh: “An c-cualabair guth cluicc ag toidhecht annso daoibh”? ar se. Adubhrattar san, nach c-cualattar. “Teccaidh lim-sa, masedh”, ar sé, “go f-foillsigher ionad bar n-eiseirge daoibh”. Do-cuatar lais, ⁊ do thecaiscc doibh mara m-biadh a n-eiseirgi, gur mairettar ann go h-aimsir a m-bais i m-bethaid miorbuiligh mór-conaigh.

     p.197
     xi
     25

    La ele do M' Aedócc i n-ionad seicréittiuch ag legad a psalm. Tainic fiadh curthe comhtuirsech cuice, ⁊ gadhair go tinnesnach aga tafann, ⁊ do-rinne comhnaidhe h-i f-fiadhnaisi M' Aodhóg. Do-thuicc M' Aodhócc gurab ag iarraid comairce do dénamh dó do bí sé. Cuiris M' Aodocc a paidrín fo codnaibh an fhiadha. Do lenattar na gadair an fiadh, ⁊ is amlaidh do foillsiged doibh, a bheith i n-deilb duine. Ocus nir lenattar na gadhair an fiadh; gur imthig gan urcoid do denamh dó,  172a iar c-cur an paidrin de. Gur moradh ainm Dé ⁊ M' Aedocc tresna miorbuilibh-sin.

     xii
     26

    Do ba companach da ceile M' Aodocc ⁊ Mo Laisi Daiminsi. Tarla doibh beith a b-focair a cele fo bhun da crand aon do laitibh ar Magh Slecht a m-Breifne Connacht. Battar ag guidhe Dé go duthrachtach ima fhoillsiuccadh doibh 'na f-fochair a ceile no bheittis, no an budh eiccin doibh dealacadh le ceile. Ro tuittsetar na croinn fo bhun a rabattar an tan-sin .i. crann budhthuaid, ⁊ crand oile buddhes. An crann immorro fo bun a raibe Mo Laisi, as e do thuit fo tuaid; ⁊ an crann fo bun a raibhe M' Aodhócc, as é do tuit budhdeas.

     27

    Adhubhrattar san ainnsein: “Ata comhartha ar n-deilighthe annso”, ar siat, “'arna thabhairt duinn o Dhia”. “Ocus as amlaidh dleghmaitt ne imtecht o ceile, do réir mar do tuitettar na croinn don chur 'sa”, ar M' Aodhócc, “.i. tusa budtuaidh, a Mo Laissi, ⁊ misi buddes”. Celeabrais cach da ceile dibh 'na decchaid sin; ⁊ tuccattar pócca go mín muínterdha da ceile. Teid Mo Laisi go Loch Eirne budtuaidh, ⁊ cumdaighis ecclas álainn oireghda ann .i. Daimhinis. Téid M' Óedhocc buddes, ⁊ cumdaighis ecclas alainn, ⁊ cathair onorach ele andsein .i. Ferna Mór M' Aodhócc a lár Laighen.

     xiii
     28

    Fechtus ele dar baithed Daimhin mac Cairpri, an Damhargaitt, annsein .i. meic Eachach meic Criomhtainn meic Feicc meic Deghad Duirn, meic Rochadha, meic Colla Focrich, meic Eachach Doimlen .i. fer calma cumachtach do Chonnachtuibh, ⁊ dias lenamh ele ina fochair for Loch Eirne, ni frit immorro a chorp rea toccbail. Ro shiubhail tra mathair Daimhin ar morán do naomhaibh Erenn aga iarraidh orra cuirp na lenab d' fagbail léna n-adhlacadh. Ocus ní fuair an athcuinghe sin o áon aca. Adubairt Mo Laisi Daimhinsi ria: “An isin ionadh-sin”, ar sé, “no go t-tí M' Aodócc cuccat, oir atá a fhios agam go f-fuighe se na cuirp útt lea t-toccbail; ⁊ go n-dingne a n-aithbeouccadh tre grasaiph an Spiorait Naoimh”.

     29

    As gerr ina decchaid sin an trath tainic M' Aedhocc da n-ionn  172b saicched. Ro innis an bhen dó gach ní da n-dubhramar, ⁊ do bái ag  p.198 cáoi, ⁊ acc toirrsi go h-iomarcach ina fhiadhnaisi. Gabhais truaighe ⁊ trocaire M' Aodhócc fadeoigh dhi. Do-cuaidh M' Aodhócc 'chum an locha, ⁊ do-rinne urnaigthe deithnesach go Dia, gur eirgettar na leinibh béo o bás go bethaid chuicce, ⁊ do fhoccair da maithribh íatt asa h-aithle. Mar do-connairc Cairpre mac Eachach a mhac do dhusccadh a bás, tuccustair é fein ⁊ a mhac a m-bith-dilsi do Dia ⁊ do M' Aodhócc go brath, ⁊ a shiol; ⁊ screapall gacha tighe for naoi trichait cét Oirgiall. Ro moradh ainm Dé ⁊ M' Óedhocc trítt sin.

     30

    Conidh da dherbadh sin adubairt an file:

  • Sccél ele ar Aodh d' airidhe,
    Mor rea sccaoiledh a sccela;
    Dob é an faidh re faistine,
    Oighre saor-clannda Setna.
  • D' feraibh naomhta neimh-treithe
    Ticc drong chuicce tre cairdes,
    Fios ionaid an eiseirge
    Do bí orra 'na ainffios.
  • Tucc a menma ar meducchad
    An drong deisccreidech deoradh,
    Fód a m-báis gan breccnacadh
    Fuarattar uadha a eolas.
  • Re ceile do caithettar
    A re uile 'san ait-sin,
    Gan iad uaithe d' aitherrach,
    A m-bethadh cennsa craibhtigh.
  •  31
  • An fiadh cuirthe comthuirsech
    Do-chí cuicce 'sa conair,
    An firén rán ro-cuimsech
    Do-rinne a chaomhna ar conaibh.
  •  32
  • Crábhudh an da criostaide,
    Ca crábudh bud mó maise?
    Dob é an cadach criochnaighe
    Cadach M' Aodhocc le Mo Laisi.
  • Tucc Dia an doigh a n-dealaighthi
    Na da c-croidhe 'ar c-cur ceille,
    Do comharta cedaighthe
    Tuitim na c-crann o cele.
  •  p.199
  • An trath-sin do tuiccettar
    A c-cur araon o 'roile,
    Druim coidhche do-cuirettar
    Le céle, acht a dá c-croidhe.
  • Ticc Mo Laissi ócc eccnaidhe
    Go Daimhinis, Dún Daingen, 173a
    Teid M' Aedocc fial fechtnaidhe
    Go Ferna lan-moir Laighen.
  • Ata fris gach n-aon adbar,
    Gibhe do biadh 'ga n-guidhe
    O Righ nimhe as naomh-talman
    A n-aonta i n-en-ait uile.
  • Mo Laisi do mhuin moir-creidim
    Ar Sliabh Betha, bert cabhra,
    Fuair on aingel d' foirighin
    Soillsi 'sa duibh-re dorcha.
  •  33
  • Mac Cairpre dein, deigh-ceilligh,
    Daimhin, nar treth a t-tachar,
    Báitior h-i sruth sein-Eirne,
    As dias ele 'na farradh.
  • Naoimh Banba do bhinn-fhoclaibh
    Guidter lea mathair meir-gil
    An uair-sin, gerb iomarcach,
    Fa aisecc anma a h-én-mic.
  • Go ranaicc Aodh oirdnidhe,
    O naomh ní fhuair a h-iarraidh,
    An firen fial foircclidhe,
    Do coimeitt riamh a riagail.
  • An rioghan fhíal fír-lainneach,
    'Ar t-taistel iuil is ariuil,
    Ar Mh' Aodócc mór miorbuilech
    Guilis go tuirsech taidhíur.
  • Gabais truaighe an t-erlamh-sin
    Fa mnaoi na tuirse truime;
    Do-ghuidh as an n-ger-gul-sin
    M' Aodhócc fa furtacht uirre
  •  p.200
  • Mac Cairpre caoimh cath-tréoraigh,
    Daimhin, fa crodha i c-cathaib,
    An trath-si do thathbeoaigh,
    'Ar m-beith báite le h-athaid.
  • Daimhin an triath trom-gonach,
    'Ar n-eirge o bás go bethaid,
    Tucc Clann Colla comramach
    Fa chíos M' Áedocc gan mebhail.
  • Screpall gacha h-en-tige
    Do naiscc ar uaislibh Oirgiall
    Do Mh' Aodócc saor sheimhidhe
    'Sa beith coidhce 'ga coimriar.
  • Tucc diultadh don droch-einech,
    Nach tucc ennech ria roime;
    Ar Mh' Aodócc fíal foighittnech
    Iomda scriobhtha sgel ele.
  •  xiv
     34

    'Ar b-fás immorro do clu ⁊ do caomh-naomhtacht Mh' Aodhócc uile amhlaid sin, tangattar daoine iomdha as gach aird d' Eirinn do beith fona smacht ⁊ fona riaghail. Sanntaighis M' Aedhócc a thalamh ⁊ a thír  173b fein d' faccbail, ⁊ dul for teiched ass, óir nírb ail leis beith fan onoir, ⁊ fan airmittin i r-raibe.

     35

    Ocus smuainis dol dia oilithre don Roimh, ⁊ d' foghlaim fhesa ⁊ eolais an scrioptura diadha go deithitnech, mar donidis na h-erlaimh ⁊ na craibtigh ele 'san aimsir-sin. Is iad-so an lucht cumainn ⁊ coimhittechta aithrister do dhul le M' Oedocc forsanr-turus-sin .i. Caillin craibtech caoimh-genmnaidh o Fhiodhnach Maighe Réin, a oide foghlama ⁊ foircetail fein; ⁊ Mo Laisi diadha deigh-eolach o Dhaiminis; ⁊ Ulltan aobhda eccnaidhe o Ard Breacain, óir fa lucht aonta ⁊ aon-chadaigh i n-nim ⁊ i t-talmain da cele an cethrar-sin.

     36

    Ocus fos an cethrar cobhsaidh céillech coccúsach ele, do ba lucht ruin ⁊ ro-thairise aicce tar gach n-áon .i. Cele, ⁊ Aodan o Ferna Móir M' Aodhócc, Faircellach o Druim Lethain, ⁊ Fergus o Ros Inbir. Is iad-sin an cethrarda t-tug M' Aodhocc taisccedh ⁊ coimhétt a mhór-maithesa, ⁊ a mór-conaigh, an fedh ro boi ina bethaid; ⁊ da t-tucc  p.201 cennus ⁊ comarbus a cheall ⁊ a caoimh-ecclas, tobach a chiosa ⁊ a chana i n-oigrecht dia eis, gurab iatt-sin leth ar leth fa lucht ruin ⁊ ro-coccair, ⁊ fa lucht curaigh ⁊ caom-artraigh don erlamh óghdha urnaigtech acc fáccbáil na h-Erenn dó.

     xv
     37

    O rangattar an buiden craibtech caomh-naomh-sin go Roimh, do-rinne Dia fiort firinneach follus da foillsiuccadh do cach .i. cluicc an baile do búain uatha féin gan cuidiuccadh o dhaoinibh acht an t-aoin-Dia uile-cumachtach aga dénamh. Tainic iongantus mór, ⁊ machtnucchad menman, ⁊ criothnucchad croidhe do cach go coitcend isin c-cathraigh dona h-airrdenaibh naomhtha-sin do-clos doibh, go f-fuarattar fiossccel fadheoigh, mar do dherb fer ionaid Pettair ⁊ Poil crabhadh ⁊ creidemh na druinge deg-naomh-sin tainic a h-Erind.

     38

    Ro h-oirdnedh leis triar dibh ina n-escopaibh urdalta 'arna n-derbadh o dhaoinibh, ⁊ 'arna t-togha on Trínoid, ⁊ 'arna ceducchad  174a on Coimdhe caidh cumachtach .i. M' Áedócc miorbuilech, milis-briatrach, ⁊ Mo Laisi moir-fertach, macánta, ⁊ Caillin craibtech, credal. As don turus-sin fúair M' Aodhócc moir-fertach da thiodhlacadh toccaidhe on Trinoid, 'arna faccbáil ina fiadhnaisi for altóir Pettair h-i Roimh, 'arna t-toirbeirt do nimh trena naomhtacht, amhail fuair M' Aodhócc andsin .i. an brec M' Aedhócc, an seachtmadh mionn da mhionnaibh, ⁊ an bhachall Branduibh; amail as-bert an fili:

    1. Brec M' Áodhócc do maigh nimhe
      Fuair an t-erlamh oirdnidhe,
      'S do fuair an m-bachaill m-Brandaibh
      On stuaigh ra-chaim reltandaigh.

     xvi
     39

    Bliadain comhlan dona cleircibh don cur-sin isin Roimh maraon ag foghlaim eccna ⁊ eolais an scrioptura diadha do neoch rangatar a les, ⁊ acc fagháil onóra, ⁊ oirmittne cadais, ⁊ cumacht on b-papa, cona cleir, ⁊ cona cardionalaibh. Ceileabrait da ceile ar c-cengal a c-cumainn ⁊ a c-comaonta go h-iomcubaid re 'roile, iarna n-daingniuccadh i n-dinite ⁊ i n-onóir móir ⁊ i n-degh-ordaibh o fhior ionaid De for talamh go rangattar fo clú creidmhe ⁊ crabaidh ⁊ cumhacht tara n-ais go h-Erinn, da n-ionaduibh féin leth ar leth.

     xvii
     40

    Do-chúalaidh Aodh Dubh mac Fergna meic Fergusa .i. ri O m-Bríuin na ferta iolardha sin aga n-denam ag M' Aedhóg ⁊ an onúir ⁊ an airmittin adhbal fuair isin Roimh, ⁊ an da tiodhlacadh ána oirderca fuair innte .i. an brec ⁊ an bachall. Tainicc cuige go coimhdiochra, ⁊ troisccis go ro-umhal ris im aitherrach deilbhe ⁊ dénma d' fágail o Día do, oír fa doidhealbhdha eisiumh gusan uair-sin.  p.202 Tuccustair M' Aedócc cend Aodha fona cochall don cur-sin. Ro codail immorro Aod fo cochall M' Aodócc isin ionad-sin, ⁊ isi dealbh tug fair .i. dealbh Aódhain mic Eignigh an t-aoinnech fa h-aille d' feraibh Erenn ria aimsir.

     41

    Ro baistedh iar sin h-é a c-Coill na c-Cros ag Ath Airm; ⁊ as on crosadh ⁊ on coimhsigniuccadh do-rinne ar an righ ainmnighter  174b an t-ionad-sin .i. Coill na c-Cros, ⁊ Ath Airm, o arm ⁊ o earradh an righ an fedh do bái 'ga bhaisttedh ⁊ 'ga bhennachad do benadh de, a m-bith-dílsi do Dia ⁊ do Mh' Aedhócc. Tuccadh immorro Aodh Finn d' ainm fair. Tucc san screapall gacha tighe do M' Aodhócc fana cumachtuibh do luach a baiste, ⁊ tucc é féin go brath a m-bith-dílsi do Dhia ⁊ do Mh' Aedócc; ⁊ gan athgabhail tuaithe no cinidh donté do shiol Aodha Finn do-bheradh a mainchine na a mór-thogha o Mh' Aodóg go brath. Óir gach plaigh, ⁊ gach coccadh, ⁊ gach dith daoine da t-tainic, ⁊ da t-tiucfa, for Úibh Briuin, ⁊ for Breifneachaibh, as tre easccaine ⁊ tre fír-diomdha M' Aodóg 'mó mhainchine ⁊ 'mo mor-togha do chur uadha, ⁊ tre chur a cioscana for c-cula tainic.

     xviii
     42

    Ise so immorro luach baiste Aodha Finn do M' Aodhóg ó Ibh Bríuin .i. screpall as gach tigh do Mh'aodog gacha bliadna; each ⁊ earradh gach righ, ⁊ gach ban-rioghna; erradh ⁊ tlacht gacha taoisigh ⁊ gacha mná táoisigh, bó adhastair as gach creich o gach Breifneach o Druim Cliabh go Cenannus; ainmidhe as gach seilbh do comharba M' Aodhócc; serrach as gach groigh; muc as gach crú; caora as gach tret; mart gacha feile M' Aodhócc; cáor iarainn ó gach gobha don tempall mór; cuairt cáscc ⁊ nodlacc do mhanchaibh ⁊ do mhaoraibh M' Aodhócc; tús suidhighthe i tigh n-ola; tús coccair ⁊ comairle; ⁊ an céd-chorn i n-am ola an n-gach tigh i m-bia duine do muinntir M' Aodhócc; ⁊ gan sith do dhenamh i n-Uibh Briuin gan comarba M' Aodócc aga denamh, ⁊ aga h-eachtucchad, ⁊ diombuaidh siodha orra munab amhlaidh do-géntar.

     43

    Dalta ó comarba M' Aodhócc i n-daltus do righ Breifne, ⁊ an dalta-sin do frestal do biadh, ⁊ d' edach, ⁊ d' eccna, i n-onoir M' Aodhócc, goma h-eolach a leighenn ⁊ a lain-eccna é; oír ní dlighend mac righ no taoisigh, brucchadh  175a no biataigh, o gabhus forba no ferann chuicce, gan dalta o M' Aodhócc do beith aicce; ⁊ fos dlicchid rí Ó m-Briuin inghen comharba M' Aodócc do tabairt d' fior, ⁊ crodh ⁊ tionnsgra do tabairt lé. Failte do chur re comarba M' Áedog da mhionca da f-faicfi é; ⁊ tuarustal amhail gach m-bruccaidh o ríoghraidh Breifne do cumdach ecclaisi ⁊ tempuill M' Aedhóig i n-gach áit i m-bia.

     44

    Each ⁊ earradh righ Breifne an lá rioghfaidher é do thabairt do muinntir M' Aodhog, no deich marcc, no fiche bó. An bhrec M' Aodócc  p.203 do chur timcell an righ, ⁊ a cur a slanaibh fair im chert do dhénamh eter gach n-aon, d' anffann ⁊ do trén. A cur fós a t-tús gacha catha ⁊ gacha comlainn ria m-Breifneacaibh, ⁊ teacht deisiol ina t-timceall, ⁊ tillfid slán. Falach sroil ⁊ nobla óir don bhric fós dia cumhdach an tan ricfes a les, o riogaibh ⁊ o maccaibh riogh ⁊ taoisech. An ri féin do teacht an lá arnamarach d' eís a ríoghtha go Druim Lethan, no go Cuillín na f-Fer le h-offrail, ⁊ ni h-eccail leis an rígh teidm na galar gusan teidm n-deigenach. Do-gheib fod saoghail abhus, ⁊ flaithes Dé tall fadeoigh do chionn comhaill gach n-eithe da n-dubhramar. Ocus fós as ar an righ féin ata tabhach cíosa ⁊ cána M' Aodhóg o bhecc go mór ar fedh a thire ⁊ a ticcernais.

     45

    Sccéla ⁊ miorbuile M' Aedocc d' innisin, ⁊ d' foillsiuccadh da gach aon dona h-úaislibh ó mhuinntir M' Aodhog. Muna f-fagbaid immorro an cíos-sin tri troisccte do denamh for Ibh Briuin. An céd-trosccadh i n-Druim Lethan isin recles mór; an dara trosccadh for Leic na Nemand mara n-gnathaicched M' Aodocc feisin slechtain ⁊ figill do denamh maille le sior-urnaighthe; an tres trosccadh i Cuillin na b-Fer, .i. Ros Inbhir, uair as ann as mó eistes Dia ⁊ M' Aodhocc guidhe gach aoin dia muinntir; ⁊ an bhrec d' impod tuaithbel orra as a h-aithle. Giorra saoghail gan t-sechna, ⁊ ifrionn da gach áon tuilles an esccaine. Ocus an diombuaidh cétna for muinnter M' Aodócc muna n-iarraitt an cíos-sin gacha bliadna.  175b Da n-derntar comharbadha ⁊ aircinnigh M' Aodhócc do reir le Breifneacaibh, ⁊ gan an esccaine do thuilledh, da rabhait naoimh Erenn da n-esccaine, ní h-eccal doibh íatt.

     xxi
     46

    Is amlaidh so riogthar ri Breifne .i. da comarba decc M' Aodhócc do techt 'na thimcell, ⁊ prosesium do denam doibh .i. O Fairceallaigh ⁊ O Fergusa O Sealbaigh ⁊ O Connachtaigh ⁊ Magechrain Ó Dubhtaigh ⁊ O Duibhgennain ⁊ O Caiside; comarba Caillin, ⁊ comarba Cruimtir Fraoch, ⁊ comharba espuicc Fionncon. Ocus íad-sein do thecht ina thimcell. Tabradh an sámhadh-sin a n-aoin-fecht onóir d' Ó Dubhtaigh ⁊ d' fior a ionaid dia éis .i. oide M' Aodócc eisein; ⁊ tabradh O Duphtaigh slat do righ Breifne a n-onoir M' Aodócc. An t-slat-sin do buain do choll M' Aodócc a Seisccinn Uairbeoil i l-Laignibh .i. Dísert M' Aodócc ainm an ionaid.

     47

    Tabrad an rí a each ⁊ a earradh do muinntir M' Aodhócc, no anní adubramar gottrasta ara son. Trian na culaigheach sin d' Úa n-Dubtaigh a n-onoir a oilemhna ⁊ a altroma ar M' Aodog, ⁊ d' fior a ionaid, ⁊ an da t-trian ele don t-samadh cetna adubramar. Ní rí immorro, ⁊ ní taoisech an tí nach oirdnighter amlaidh sin.

     p.204
     48

    Conidh do cuimninghad ⁊ do derbadh gach n-eithe da n- dubramar do-ronadh an laidh-sin:

  • Cios M' Oadhócc gan meracadh
    'Na diaidh ar aicme Fergna
    Go brath ar a m-bennachad
    Naisccis Aodh Dubh go derbhtha.
  • Cuingis Aodh Dubh doidhealbhda
    Ar M' Aodhocc, fa mór tuiccsi,
    Da dítten ar doimenma,
    Buaidh n-deilbhe tar gach n-duine.
  • Tucc dó M'Aodocc muinterach
    A rogha deilbhe ar domhan,
    Nír bí an aiscidh airbernach,
    As nemh fadeoigh gan dochar.
  • Así roccha ruccustair
    Aodh, tar eccosc gach en fir
    Dealbh an fhir caoimh cruthamail,
    Dárbh ainm Aodhán mac Eignigh.
  • Tucc Aodh ócc gan anumla
    Suan ar an rígh go ro-trom, 176a
    Ni frith dealbh bud dathamla
    'Ar n-éirghe d' Aodh on cochall.
  • An uair-sin do h-ainmnigedh
    Le M' Aedocc gan locht labra,
    Ar Aodh Dubh gur daingnigedh
    Aodh Fionn d' aithearruch anma.
  •  49
  • Baister Aodh Fionn fíor-sochraidh
    Ag Ath Airm le h-Aodh ele,
    Mac Fergna moir mion-cobhsaidh
    Nír bhaist aon naomh riamh roimhe.
  • Luach a bhaiste on Breifnech sin,
    Do ba luach é gan ionnsa,
    Sgrepall ar gach aon n-dethaigh
    Fuair M' Aodócc on Aodh Fhionn-sa,
  • O Chenannus comhsochraidh,
    'S ó Droichet Atha d' aon-laimh,
    Go Drobaois n-gil gorm-srothaigh,
    'S co Cnoc lan-oirderc Laoghain.
  •  p.205
     50
  • Earradh gach righ ro-crodha,
    'S gach taoisigh go t-tren-feidm,
    Tosach gach cuirn comola,
    Is ainmidhe as gach ein t-seilb,
  • Dlegar daibh a daingnechad;
    Mart as gach creich da creachaibh,
    Mart ele le h-ainmneachad
    Im feil M' Aedócc gan meabhail.
  • Ofrail gacha h-en-gobhann
    I c-crich Breifne na m-bocc-magh,
    Cáor iarainn gan eccomtrom,
    Cuairt cascc ocus cuairt nodlacc.
  • O Mh'aodócc sheimh síor-aointeach
    Dliget clann Fergna danair,
    Eter righ is righ-taoisech,
    Dalta do gnáth do gabhail.
  • Dlighid dib an dalta-so
    Biadh is édach is eccna;
    M' Aodhócc, asé an dalta son,
    Foirfes orra i n-am decra.
  • Clann ingen Í Faircellaigh,
    Is h-Í Fergusa fhechtnaigh,
    D' onóir dona h-aird-cellaibh,
    Dligitt a n-urnaidm d' feraibh.
  •  51
  • Da fer decc do deig-feraibh,
    Is a c-congnamh le ceile,
    Do duthcus na n-deig-fer soin
    Teacht do riogadh righ Breifne.
  • Ó Fergusa, O Fairceallaigh,
    O Duibhgennán, O Dubtaigh,
    O Sealbhaigh an sailm-cettlaidh,
    Is Ó Connachtaigh cundail,
    Ó Caiside cairdemhail,
    Cleirech an leighinn Luchair.
  •  p.206
  •  176bO Rodachain ro-bladach,
    O Treabair nar tuill tendal,
    Mac Ethigen comramach,
    Maguibhne ocus Magechran.
  • Neach go brath do Breifneacaibh
    Ni rí tren, is ní taoisech,
    Go m-be an cuire cleireach sin
    'Ga n-oirdnedh uile a n-aoin-fecht.
  •  52
  • Dligid d' eís a n-oirdnigh sin
    Síol Fergna na slegh slim-teand
    An bhrec fhertach oirdeirc sin
    Do chur fo tri 'na t-timcell.
  • Don bric-sin do h-ainmnigedh
    A cur a c-cor go h-emech,
    Gan eccóir, gan aindligedh
    Do denamh doibh ar einneach.
  • Buaidh nagha rea innisin
    Ar rioghraidh aicme Fhergna,
    Do buadaibh na brice-sin
    A cur a t-tús gach tennta.
  • D' fuil Fhergna as dal dioghbala
    Fa gan M' Aodócc do min- réir,
    Gan comall a cíoscana
    'S gan dul fa úir an fhiréin.
  • Gach olc, is gach ainicin
    Da t-tainic, is da t-tiocfa
    Do cloinn Fergna d' airidhe,
    Diomdha M' Aodhócc fo- dera.
  • Siol Fergna gan moir-chreidhim
    Dligitt do gnath a géir-ioc;
    Do M' Aodocc an moir-leighinn
    Atad uile fa ein-cíos.
    Cíos.
  •  xx
     53

    'Ar c-cengal ⁊ 'ar c-comdaingniuccadh a ciosa ⁊ a chomhonóra do M' Áodhóg for Aodh f-Fionn mac Fergna, cona cinedh ⁊ cona clannmaicne 'na dheghaid, ar a bhaistedh ⁊ ar a bhuan-choiserccadh ag Ath Airm, mar do raidhemar romhainn, luidh roimhe go Druim  p.207 Lethain ar aslach ⁊ ar impide an aird-riogh .i. Aodha Finn, ⁊ fós ar comhairle ⁊ ar comhfurailemh righ ⁊ righ-thaoisech Ó m-Bríuin, ⁊ caich a c-coitchinde, eter íseal ⁊ uasal, eter laoch ⁊ cleireach.

     54

    Fothaigis ⁊ fír-bennaighis an t-ionad-sin as a h-aithle, amhail do bái a f-fioguir ⁊ a f-faistine ó aimsir Pattraicc priom-apstail, 'gár thairngir sem M' Aodócc móir-fertach triocha bliadhain riana ghein, ⁊ riana gnath-coimpert; gur baist Patraicc, ⁊ gur bhennaigh an baile-sin re t-teacht don érlamh  177a da ionnsaicched, 'arna faccbail don ard-apstol ina oircill gan áitiuccadh. Gurab é Patraicc prim-eccnaidh tucc Druim Letan d' ainm ar an ait-sin, ar a beith leth fri h-an .i. fri h-uiscce, oirfa Druim Leith a ainm o tús.

     55

    Tainic tra M' Aedhócc ar lorcc tairngire an tailginn go Druim Letan, mar do luaidemar romhainn, 'ar foirbtiucchad a áoisi, ⁊ a aimsire, 'ar metucchad a fhert ⁊ a ard-míorbuiledh, 'ar n-oirdhercuccadh a crabaidh ⁊ a caoim-bés, a eccna ⁊ a iol-cumacht, a derce ⁊ a degh-oibre, bennaigis ⁊ bith-cumhdaighis an baile-sin, cóirghis a cluidh ⁊ a caoimh-reilge, toimhsis ⁊ tóirnis a tempull ⁊ a caoimh-eccalsa, cumais ⁊ caomh-fuaighis benda ⁊ bodhainge a benn-cobar, eter cloich ⁊ claraib, ⁊ comhaidme, aithighis a tighe ⁊ a thecchdaisi; ordaighis a sruithe ⁊ a sámaidh, oirdnis ⁊ onóraighis a áos uird ⁊ oiffrinn, oibre ⁊ umhaloitte, ⁊ aird-leiginn ⁊ eccna, fri sioladh creidmhe ⁊ crabaidh, fri cantain psalm ⁊ psaltrach, fri ceileabradh na cánóíne coimdeta, ⁊ fri biathad aoidedh ⁊ adhailccnech, dámh ⁊ deoradh, anbfann ⁊ enert, ⁊ fri gach ele rangus a les i t-tuaith ⁊ i n-ecclais i n-aoin-fecht.

     56

    Faccbais rath cleire ⁊ comarbadh, rath sónais ⁊ soichill, rath failti ⁊ fiadaighthe go brath for an m-baile, amhail ata isin sen-focal .i. failte Erenn Druim Letan. Ocus bói athaid i n-Druim Lethan amhlaidh sin 'ga frecur ⁊ 'ga foghnamh, go t-tainic for a menmain imteacht a h-Erinn os íseal, do sechna ⁊ d' iomghabail na h-onora ⁊ an ard-cadais bói ag cach 'na comhair.

     xxi
     57

    Do-chualaidh tra Aodh Fionn mac Fergna .i. ri Breifne, M' Aodhócc do beith ag imtecht a h-Ibh Bríuin; ⁊ o 't-cualaid, bói aga toirmescc uime, óir nir miadh ⁊ nir maisi lais a athair baiste ⁊ bennaigthi, ⁊ tucc rogha dealbha ⁊ démna go follus fair, do sccaradh fris, daigh nír maith leis nach ina tír, na ina talamh féin do biadh a comnaidhe ⁊ a comhaitreab. Do raidh M' Aodog riss  177b iar sin: “Leicc damh-sa imtecht gan anadh, gan íarmhóracht uait”, ar se, “⁊ fogheba caidreabh ⁊ cumhsanadh i tigh nimhe ón Choimdedh”, ar se, “do chomaidh dia chionn”. Nír faomh immorro Aodh Fionn imtecht do leiccen dó da déoin. Gidh edh do treoraigh an Trinoid tara ced san  p.208 ⁊ tara cumachtuibh M' Aodog go crich Laigen go lán-folaightech, ⁊ assein i m-Bretain, d' ionnsaighe easpoic naomhtha boi innte .i. Dáuidh Cille Muine; ⁊ boi aimsir imcian ina fharradh and.

     xxii
     58

    Laithe n-aon dia raibhe M' Aodhocc ag radh a leiginn laimh risan mainistir amuigh, tanaicc procadóir mhainistreach Dauit 'na dhochum maille le feircc móir, ⁊ do raidh ris: “Eircc, a droch-duine”, ar se, “a n-diaigh na m-brathar isin coillidh”; ar cenn connaigh do-chuatar na braithre deiredh na h-oidhche an la-sin. Ni raibe dano a fhios-sin ag M' Aodhóg, ⁊ da m-beith, do-rachad ina n-diaigh gan furáilemh. Bói immorro fuath mor ag an b-procadoir ar M' Aodhócc, gan adbar, gan fochann. Faccbais immorro M' Aodog a leabhar oslaicthi an uair-sin le h-anbuain imteachta a n-diaigh caich.

     59

    Tucc an t-occlach dá dhamh dhásachtacha dhocennsaighthi da ionnsaighe, ⁊ do-raidh ris a c-cur fon c-cartaidh, ⁊ dol fon c-coill ar cend connaigh. Ar ulca re M' Aedocc do-rinne an procadoir gach ní dibh-sin. Ocus comhluath do ghlac M' Aodhócc na doimh, do bhattar min móir-cennsa ó fhurailemh an ard-naoimh orra; do-chuir fon c-cartaidh íatt asa h-aithle. Do len M' Aodhocc na braithre iar sin, ⁊ gan acht aon-lenamh immaille fris.

     60

    Bói dano móin mór, maoth, ro-bocc, ro-aimhreidh, 'san athgoirit roimhe ar an slicchidh, ⁊ timcheall mor aice. Adubairt an lenamh fri M' Aodhocc: “Do ba mor an athgoiritt dúinn, da roichmís tarsan mónaigh, óir as gerr go roichfemís na braithre”. Do raidh M' Aodocc risan lenamh iar sin: “Dena do roscc ⁊ do croidhe do chomhartucchad on Spirut Naomh, ⁊ o fioghuir na croiche césta, ⁊ do-chife tú cumhachta  178a Criost go h-athlamh it fiadhnaisi”. Ro impo M' Aodog na doimh ⁊ an chairt an tan-sin dochum na mona. Do-roine Dia slighe sochair shior-blaith, ⁊ conair cobsaidh coimhreidh tresan monaidh maoith mong-bhuig do M' Áedog ⁊ da damhaibh. Maraidh an t-slige-sin fós, do cuimniugadh na mór-miorbhal-sin M' Aodhog, go t-téid a t-tarbha ⁊ a móir-les do dhaoinib ⁊ do damhaibh o sin anuas. Rangattar iar sin mara rabattar na braithre, 'ar t-tabairt gloire ⁊ buidhechais do Dia.

     61

    Gach ní immorro da n-derna an procatoir do droch-méin ar M' Aodóg, do fhoillsigh Día do Dhauit eisem, ⁊ do foillsigh Dia do Dauit mar tucc an procattoir ar M' Aodhog a leabhar d' fagbáil oslaicthe amuigh ag an múr. Tainic doinenn ⁊ falc fertana an uair-sin ann; ⁊ do-connairc Dauit leabar M' Aodhog oslaiccthi, ⁊ ge do-connairc, do léicc dó amhail do bí. Gidh ed do chuimnigh arís an leabhar do beith oslaicthi, ⁊ do-cuaidh da fhoiridin, ⁊ fuair tirim trén-cumhdaighthe  p.209 iar sin é, gan dith litre no líne, ⁊ gan braon d' uiscce no d' fertain an aieoir do buain ris.

     62

    Mar do-connairc Dauit an miorbal r sin, do léicc don leabhar mar do bái, ⁊ do-chuaid féin mar a rabhattar na deiscipuil, go traigh an mara, doigh as laimh risan muir atá Ceall Muine. Do-chuaidh go h-airm i r-raibhe M' Aodhocc, ⁊ adubairt ris: “Cidh 'már faccbais do leabhar oslaicthe”, ar sé, “ag imtecht duit les na damhaibh ar madain a c-coinne caich fon c-coill le h-aghaid na baistighe ⁊ na doininne”? Mar do-connairc M' Aodhócc sin, do léicc a ghlúine re lár go h-umhal urramach d' aithméula a leabhair d' fáccbáil oslaiccthe; ⁊ do raidh gurab deithbhir do-la 'na diaigh siumh ar cenn connaigh tucc air a fháccbháil.

     63

    Ní dhubairt dano Dauith lé M' Aodhócc eírge do dhenamh, acht do-chuaid i n-diaigh na m-brathar. Tiagait isteach leth ar leth .i. Dauit ⁊ na braithre. Ro indis an lenamh doibh 'na deghaidh gach ní tarla doibh iar n-imtheacht don coill, ⁊ mar fuaruttar an t-slighe reidh ro-tirim isin monaidh  178b tre miorbuilibh M' Áedhócc. Fiarfaighis Dauit cait irraibhe M' Aedhóg. Adubrattar cach go coitcenn nach facatar é, ó do-luigh ar an traigh a b-fiadnaisi Dauit, 'ar f-faghail sccel a leabair dó. Do-cuiredh drong do mhaithibh na c-cleirech ar cenn Mh'aodhog go traigh an mara, ⁊ tuccattar leo é ón traigh. Tainic an lán mór-adbal mara 'na múraibh ⁊ 'na mór-tolcaiph gach taoibh ina thimcell, acht an ait ina raibhe féin, ⁊ nir urcoidigh aon-ní dó. Ro innis immorro espoc Dauit gach miorbaile da n-dérna Dia tré M' Aodhócc; tuc Dauit spreccadh ⁊ cursachadh go minic ar an b-procadoir tréna míbésuibh ar M' Aodhog. Ro moradh ainm Dé ⁊ M' Aodog tresna miorbuilibh-sin.

     xxiii
     64

    Do Bretnaigh an fer cetna .i. an procadóir, M' Aodhocc do marbadh lá eile tré thnuth ⁊ tre fhormat. Do-chuir se fon c-coill é ⁊ mogaidh on tuaith leis do buain chonnaigh. Do furáil an procadóir ar an occlach M' Aodhócc do marbhadh, ⁊ do gheall cennach dó da chionn sin. Ocus 'ar n-dol fon c-coill doibh, do chrom M' Aodhog ar mhaide da togbháil. Do toccaibh an t-occlach a lamha frisan tuaigh do bualadh Mh' Aodóg. Tainic do chumachtuibh an Choimdedh gur lenattar lamha an ócclaigh don tuaigh, co nar fét a n-gluasacht na a n-gnath-luamairecht. Ro adaimh an t-occlach a choir go h-ullamh annsin, ⁊ tainic d' iarraidh maithemhnais ar serbhontaidhe Dé go diocra ina decchaid sin .i. ar Mh' Aodócc.

     65

    'Arna faicsin sin do M' Aodhóg, cuiris a urnaigthe go Dia go diograisech. Tainic tra don urnaighthe sin gur fuaslaiccedh lamha an ócclaigh on cuibhriuch ⁊ on crapall a rabhattar. Teid an fer-sin go luath don bhaile, ⁊ do innis anní-sin da gach duine da t-tarla dó. 'Ar  p.210 f-foillsiucchad an sceoil-sin do Dauit, ro eirigh ar colbha a leaptha, ⁊ do-cuir leth-brócc air, ⁊ do-chuaidh go luath d' ionnsaighed na coilledh a c-coinne M' Aodhog. Mar do-conncattar na braithre é acc imtecht cos-lomnacht, do lenattar  179a go h-ullamh a maighistir. Tainic M' Aodocc 'na coinne go sruth do bí a n-gar don baile. Adubairt Dauit lena deiscioplaibh acca faicsin: “Tiacchaidh uaim fós”, ar se; oir do-connairc Dauit sluaga aingel i n-uirtimcheall M' Aedhócc isin aít-sin.

     66

    Mar do-connairc M' Aodog Dauit ag fuirech fris, do reth go ro-luath mara raibhe ⁊ do umlaigh dó. Ata cros isin ionad-sin do comarrthaa c-cattaigh ⁊ a c-comhaonta le ceile. Tuccatar grasa ⁊ ger-guidhe do Dia na n-dul dibhlinibh, ⁊ do-chuattar don baile leth ar leth. Imderccais Dauit an procattóir go h-adbal a f-fiadhnaisi caich don cur-sin. Adubairt M' Aodhócc: “A maighistir ionmuin, na bí aga chertuccadh, óir ceirteochaid Dia é, mar as lór, uair do-geba bás bith-obann, ⁊ oidedh eccosmail, ⁊ ni bia fios a adhnacail ag aoin-nech ar talmain, acht acc Dia na n-dul”. Tarla don occlach mar do tairrngir M' Aodóg, bás obann eccubaidh, ⁊ gan fios a écca ina a adhnacail ag aon-duine. Ocus ro moradh ainm De ⁊ M' Áodhócc de sin.

     xxiv
     67

    La ele cuiredh M' Aodhócc ar cenn soidhtigh lenda dia tabairt leis don mainistir; ⁊ acc gabháil dó laimh le glenn grainemhail gnath-dhoman do bái ar an slighidh roimhe, do thuit an chairt ina raibhe an soidhtech, ⁊ do thuitettar na doimh fon c-cartaidh fri h-all uathmar-granna. Cuiris M' Aodóg comhartha na croiche cesta etorra ⁊ an t-all. 'Ar togbáil a laimhe a n-airde don erlamh, nír urchoidigh aoin ní dona damaibh, ⁊ nir brisedh an chairt; ⁊ nir doirtedh braon don lionn; ⁊ ro moradh ainm De ⁊ M' Aodocc trit sin.

     xxv
     68

    Do bi mac ag righ Bretan, ⁊ se dall, bodhar, bacach. O 't-cualattar a chairde ⁊ a lucht oilemhna M' Aodhócc do denamh na míorbal  179b mór sin, do-chuirettar an mac dia ionnsaighed; ⁊ do-guidettar é ima shlánucchad. Do-guidhedh immorro ona maigistir go mór é .i. o Dáuit. Do-rinne dano M' Aodog urnaighthe go diochra dochum n-Dé, gur slánaicched go h-ullamh an t-ócc-mac ona ainmib da éis sin. Tuccattar cairde an leinimh budechus mór do Día ⁊ do M' Aodhóg de sin; gur móradh ainm De ⁊ M' Aodhóg tresna miorbuilibh-sin do-ronadh ar mac righ Bretan.

     xxvi
     69

    Do bi neach ele i m-Bretnaibh 'gá raibhe a acchaid, na h-áon-clár uile, gan súil, gan sróin, ⁊ do bí mar sin aga breith. Ruccadh go M' Aodhócc é da leicches. 'Ar n-guidhe De do Mh' Aodóg ar a son do slanaighed é fo cettoir, go tangattar a suile ⁊ a srón ina n-ionadhaibh iomchuibhde fein fadeoigh; ⁊ ro móradh ainm De ⁊ M' Aodog de sin.

     p.211
     xxvii
     70

    Tangattar Saxanaigh uair ele i m-Bretnaibh, sluagh mór doáirme. Do cruinnigettar Brethnaigh ar a c-cionn, ⁊ do-cuirettar teachta go Dauit da rádha ris, M' Aodog do chur cuca do bennuccadh a sluaigh, ⁊ do coisreccadh a c-catha. Do-cuaidh M' Aodhog ar furailemh Dauit mara rabattar Bretnaigh, ⁊ íatt féin ⁊ Saxanaigh ar acchaid a ceile. Ni rabattar Bretnaigh lion catha i n-acchaid na Saxanach. Do-guidh tra M' Aodóg ar son na m-Bretnach, gur teichettar Saxanaigh iar sin, ⁊ do lenattar Bretnaigh iatt, go rabattar seacht laithe na seachtmuine aga marbadh ⁊ acca muccnechad; ⁊ nir tuit aon duine do Brethnaibh lé Saxancaibh ar fedh na h-aimsire sin tre grasaibh Dé, ⁊ tre miorbuilibh M' Aodhócc. Co nach tainic aoin-nech do Saxancaibh don Bretain an fedh do bi M' Aodhóg innte iar b-foillsiuccadh na miorbal-sin. Ocus ro moradh ainm Dé ⁊ M' Aodóg de sin.

     xxviii
     71

     180a Do bi nech ele i m-Bretnaibh, ⁊ do tionnscain se M' Aodhócc do mhealladh, oir do fhuráil ar a muinntir a breith cuicce, ⁊ a radha go raibhe féin dall, bodhar. Do raidh M' Aodhocc 'ar n-aithne a cheilcce: “Do bi do righe ⁊ do ro-flaithes ar do chumus”, ar se, “no gur brethnaighis na tiodhlaicthi tucc Día duit do ceilt. Ocus o do-ronaisi an m-bréicc-sin, beir-si amhail adubhradais go h-aimsir do bhais”; ⁊ ro comhailledh sin. Ro moradh ainm Dé ⁊ M' Aodhócc de sin. Is iomdha dano miorbuile ⁊ moir-ferta do-rinne Dia a n-onóir Mh' Aodog i m-Bretnaibh nach airmither annso do sechna an emheltais. Conidh airesin ro faccaibh an tughdar iad gan a n-innisin.

     xxix
     72

    A h-aithle gach a n-derna M' Aodhocc do miorbuilibh i m-Bretain, gabhais ced aga oide .i. Dauit Cille Muine, ⁊ do tionnsgain techt tara ais go h-Erinn maille lea dheiscioplaibh. 'Ar n-dol dó a b-foccus trachta na h-Erenn do-connairc sladaighthi do lettaobh na slicched, ⁊ siad ag slad ⁊ ag marbadh oilitrech ⁊ áosa eccruaidh, no bíodh acc siubal o ionad go h-ionad. Adubairt M' Aodocc lea muinntir: “Déinem deithnes d' ionnsaighe na n-oilitrech”, ar se. Do bhen a clocc gan fuirech don chur-sin, go c-cuala tigerna na n-gadaighedh e: “As guth cluicc fir diadha degh-craibhthigh so”, ar sé, “⁊ as uime bhenus a clocc da fhurail orain-ne gan an gniomh-so do dhenamh”. Do sccuirettar dona h-oilithrechaibh iar sin.

     73

    Is amhlaidh do bhí an fer-sin dob ferr aca ina duine saidhbir sár-cumachtach, ⁊ móran maoine ⁊ maithesa for a cumus .i. Dioma mac Fionntain, meic Branain, meic Cendlachan, meic Armara, meic Naxair, meic Fothaid, meic Eachach Laim-deircc, meic Meisin Corb,  p.212 meic Concubhair Abhratruaidh, meic Finn Filedh, meic Rosa Ruaid, meic Fergusa Fairrge. 'Ar t-techt tra do M' Aodhóg a c-comhfoccus doibh, cuiris Dioma  180b duine dia muinntir ar a cend. Ro iomchair an fer-sin M' Aodhog ar a mhuin as a luing, ⁊ rucc lais mara raibhe a ticcerna é. Do-rinne aithrighe adbal iar sin, ⁊ tucc feronn i n-ofrail do Dia ⁊ do M' Aedog go brath. Is ann ata an feronn-sin isin rann tes d' Erinn re n-abairther h-Úi Cennsealaigh, ⁊ do-roine ecclas ann .i. Ard Ladhrann, ⁊ tucc an neoch adubhramar .i. Dioma é féin, maille lea chenel, ⁊ lena caoimh-ferann do Dia ⁊ do M' Aodhócc.

     xxx
     74

    La eiccin iar sin da raibhe M' Aodhócc laimh risan muir, ⁊ a bhraitre ina fhochair ann; ⁊ adubairt friu: “As aithrech lem gan a fhiarfaighe do mo maigistir .i. do Dauit, cia an t-athair faoisittne do biadh accam ind Erinn”. Do tionnsgnattar a deiscipuil long do dheisiuccadh dó, ⁊ imtecht leis an toiscc-sin. Gidh edh do bi eccla na mara go mór orra. Téid M' Aodhócc dochum na mara, ⁊ dob ail leis dol gan luing i m-Bretnaibh dochum an mhaigistir aga raibhe.

     75

    Tainic an t-aingel da ionnsaighe, ⁊ adubairt ris: “As borb a n-dernais”, ar sé. “Ní ó bhurba dob áil damh a denamh, acht tre cumachtaibh Dé”, bhar M' Aodóg. Adubairt an t-aingel: “Ní h-eiccin duit athair faoisittne ele d' iarraidh acht Dia na n-dul, óir tuiccidh sé rún ⁊ deirritius gach duine. Gidh edh mad ail duit fiadnaisi d' fágail ar th' faoisittin ⁊ ar do coccús, biodh Mo Lua mac Oiche d' athair faoisitne accat”. Do iompó M' Aodócc tara ais, ⁊ do-cuaid isin tir re n-abar I Cheinnselaigh, isin ferann le raiter Ard Ladrand; ⁊ mar do shuidh isin ionad re n-abartar Acchél, do cuimnigh se ar an c-clocc do dermaitt i m-Bretnaibh. Ocus an tan do h-a mithig a bhuain dó do-connairc M' Aodhócc laimh ris h-e. Tuccustair M' Aedóg  181a buidechas mór ⁊ moladh do Dia tritt sin.

     xxxi
     76

    La da raibhe M' Aodhocc ar traigh an mara roinnes iter Muimhneachaibh ⁊ Laighneachaibh .i. h-Úi Cendsealaigh ⁊ na Deisi, dob ail leis an traigh d' imthecht dochum na n-Déisi, ⁊ do bí se ar each maille lena deisciplaiph. Boi gabhal “mara” rompa ar an imghittis longa ⁊ lan-artraighe. Dob áil lena muinntir tuirling da n-eachuibh, óir nír saoileattar go f-fétfadais imthecht gan artrach 'san ionad-sin. Adubairt M' Aodóg: “Leiccidh na h-eich ar a n-acchaid féin ar siubhal”, ar sé, “óir fédedh Día an muir do tracchadhadh ⁊ do thiormuccadh dúinn”, ar sé. Do-rinnettar san amlaidh sin 'ar c-cur an do-thcusa go daingen i n-Día; co n-dechatar na h-eich gan a n-ingne do fhliuchad isin muír mór-thondach, amhail budh talamh tirim, nó ród ro-réidh ele í. Co n-dechatar 'san athgoirit amhlaidh sin isna Déisibh.

     p.213
     77

    Cumhdaigis M' Aodhócc ecclas isin ionad-sin re n-abarthar Disert n-Dáirbre, ⁊ bói aimsir fhada annsin maille lea dheiscioplaibh. Báttar dá bha ⁊ aon-laogh annsin ag na braithribh. Bói M' Aodhóg laithe n-áon ann ina aonar isticch ina sealla. Do-connairc na coin allaidh da ionnsaighe; battar go mín muinnterda ag techt 'na thimceall. Do thuig M' Aodhócc gurab acc iarraidh bídh do bhattar. Taínic a throcaire forra; tucc an laogh doibh, ⁊ do ráidh ría a ithe. An tan tra tainic bean do bhleoghan na m-bó tráth nóna, do shir an laogh do léiccen chuca. Do raidh M' Aodhócc ria: “Na bí aga iarraidh, óir tuccusa dona conaibh allta é”.

     78

    Adubairt brathair dona braithribh: “Cionnus fétfaidher na ba do bleoghan, ⁊ gan a laogh aca”? Adubairt M' Aodocc risan m-brathair: “Druid cugum do chend”, ar sé, “go m-bennaiginn é; óir an tan do-chífitt na ba h-é, do-béraitt a m-bainne go h-umhal orramach”. As mar sin immorro do bí, an tan at-cíttis na ba cend an bhrathar, do bídis 'ga lighe go lán-obann, ⁊ do-beirdís a m-bainne amhlaidh sin.  181b As minic doniodh M' Aodocc na miorbaile-sin .i. an tan do muirfidhe laogh, cenn an tí do-rachad do bleoghan na m-bó do benduccadh, go t-tabratais a m-bainne mar do-chíttis h-e.

     79

    Conidh da dherbadh at-bert an fili amlaidh:

  • Toiscc M' Aodhócc i t- tír m-Bretan,
    Toiscc da lentar lea laoidhedh,
    A clú ó sin fa shéla,
    Dúal na sccela do sccaoiledh.
  • A mescc na n-erlamh uile
    M' Aodhócc fa duine derbhtha,
    Don dá dhamh díana, díuide,
    Doní doimh ciuine cennsa.
  • Scáoilte lé báistigh m-braon-móir
    Leabhar M' Aodóg gan bine,
    Nocha dherna dó an dile
    Easbaidh líne no litre.
  • Gion gur slige ag cach riamh roimhe,
    Si ag cách oile 'na h-oilbéim,
    Trésan mónaidh ruaidh ro-bhuicc
    Do-rinne conair coimhréidh.
  •  80
  • Dá laimh as tuagh an túata
    Do cengladh uadha a n-áoin-feacht,
    Da bhallaibh nar fhét én-chor,
    Gur fhóir an t-erlamh aointeach.
  •  p.214
  • Bás an phrocadóir pheacthaigh,
    Mar do chedaigh an cleirech,
    D' feircc le M' Aodocc go minic;
    A bhás nír fhidir enneach.
  •  81
  • Na dhoimh is cairt na corma
    Risan aill n-dorcha n-domhain
    Do thuitset uile a n-aoin-fecht,
    Maircc dar caoimhthech an chonair.
    Cuirther leis crois da c-Coimhde,
    Go n-derna an Coimdhe a c-cobhair.
  •  82
  • Mac rígh Bretan gan baoth-glór
    Foiris M' Aodócc na manach;
    Tri h-ainmhe nar féd d' folach,
    Do bhí dall, bodhar, bacach.
  •  83
  • Neach ainmheach 'san crich cedna,
    Gerr an térma go t-terna,
    Nír chuir cairde ar a chabhair,
    Is é 'sa acchaid 'na h-en-clar.
  •  84
  • Buidhne Bretan gan míognáoi
    Tre guidhe an fhíor-naoimh etail
    Cuirit ár i n-gach achadh
    Ar shluagh Saxan le sechtmain.
  •  85
  • Neach do raidh mar cóir ceilece,
    Dó nír f-ferr de 'mun an soin,
    Beith bodhar, dall; ger dhuiligh,
    Go brath do fhuirigh amhlaidh.
  •  86
  • 'Ar t-techt tar ais go h-Éirinn
    Don náomh, fa gér-ghrinn guidhe, 182a
    Bás na n-oilitrech n-éccruaid
    Do bhac i n-en-uair uile.
  •  87
  • A clocc fadheoigh do dhermaitt
    I m-Bretain bhend-bhuicc bladaigh,
    Mar tainicc trath a búana,
    Do-chí uadha ar a aghaidh.
  •  88
  • Tre múr anfaidh go h-innill
    Ráon 'na ráon tirim tarla
    Ar M' Aodhócc go méd n-gáoisi,
    Ar lorcc Máoisi meic Amra.
  •  p.215
     89
  • Cend an bhrathar do bhennaigh
    I n-am bleoghain don bhan-coicc,
    Na ba mar laogh do lighdís,
    An trath ticcdís; nir bhan-toisg.
    Toiscc.
  •  xxxii
     90

    La ele do M' Aodhócc ag meilt cruithnechta isin muilenn. Battar na braithre uile le tosccaibh ele. Tainic ócclach d' Osraighibh istech, go rucc ní don min ar eiccin uadha. Tainic an t-oglach cetna chuicce 'na diaigh sin, ⁊ sé 'ar c-claochlodh datha ⁊ crotha 'ar n-íadhadh súl dá suilibh d' en-toiscc, gur íarr ní a n-athchuinghidh ar M' Aodhócc don min. Fechais M' Aodocc fair, ⁊ do fhiarfaigh de crét tucc mar sin h-é, ge do bí a fhios aicce. Ocus adubairt: “Do-gebhair-si ní don min lea breith let; ⁊ gidh edh biaidh tú cáoch tré bithe, ⁊ ni bía do shíol go brath gan nech leth-cáoch dhíobh it dheccaid”; amhail ro comailledh.

     91

    Ro cumhdaighedh cealla iomdha ⁊ mainistrecha le M' Aodhócc i n-Uibh Ceinnsealaigh don chur-sin, ⁊ do bí féin i mainistir díbh ren abarthar Cluain mór Dícholla; ⁊ is amlaidh do bí Dícholla feisin ina abbaidh urdhálta fo cúram M' Aodhóg isin maighin-sin. Conidh uadha ainmnighther an t-ionadh día éis.

     xxxiii
     92

    Do thiomaircc Aodh .i. rí Erenn, mac Ainmirech, sluagh mór d' argain ⁊ do chreachad h-Ua Ceinnsealaigh. Brandubh immorro mac Eachach, meic Muireadhaig, fa rí ar Uibh Ceindsealaigh; ⁊ isé bói ag cathuccad i n-acchaid righ Erenn .i. Aodhae. Tionoilit tra móran do daoinibh an tire-sin a n-eide ⁊ a n-indile fo díden Dé ⁊ ar comairce M' Aodhócc isin ionadh i r-raibhe .i. Cluain mór Dicholla. Mar do-chualaigh an rí an tainiomat spreidhe ⁊ cethra  182b do thiomsucchad i n-aoin-ionad, do-chúaidh do chreachad an bhaile.

     93

    Ro eirig M' Aodhócc amach a c-coinne an t-slúaigh, ⁊ cuiris comharrtha na croiche naoimh le rinn a bachla 'na n-acchaid ann. Adubairt neach don t-slúagh bói a t-tosach cáich don cur-sin, ag dol tar an c-comhartha: “Ní fhuil da naomhtacht nech do fhétfedh mo thoirmescc”, ar se, “gan dol tar an c-comartha”. Ocus 'arna radha sin dó, do thuit marbh gan anmain a b-fiadhnaisi cáich a c-coitcinne. Gabhais eccla adhbal cách a c-coimh n-ein-fecht don gniomh-sin; ⁊ do iompottar tara n-ais dochum an riogh. Iompoidhis an rí iar sin on ecclais, ⁊ asedh adubairt: “Ní fetmuid ne catucchad i n-acchaid na naomh, ⁊ na Trinoide tré-phersannaighe, ⁊ M' Aodhócc cona míorbuilibh”. Gur moradh ainm De ⁊ M' Aodóg de sin.

     p.216
     xxxiv
     94

    Fechtus ele da t-tainic M' Aodhóc don recles re n-abarthar Senboth Átha fo bhun an t-sleibhe re ráiter Suidhe Laighen, mar do bai ann ag siubhal na slicched, tarla sagh meic tíre dó ar an slicched 'na coinde, ⁊ sí truagh, anffann, ocarach. Tainic go min muintertha chuicce. Do fiarfaigh M' Aodhócc don ghiolla tárla dó ar an slicched, an raibhe áoin-ni aicce, do-bheredh sé don choin. Adubairt an giolla go raibhe aon-arán ⁊ órda éiscc. Gabhais M' Aodhóg anní-sin uadha, ⁊ teilccis dochum na con h-é. Do dhercc ⁊ do las an giolla acca faicsin sin; ⁊ adubairt an giolla gur eccail lais a thiccerna, óir nír bó do muinntir M' Aodócc féin dó, acht a theccmáil dó ar an sligidh. Adubairt M' Aodhócc: “Tabair let ní do duille na coilledh cuccam”, ar sé; ⁊ do-rinne samhlaidh. Bennaighis M' Aodhóg an duillebhar 'na dheaghaid sin, gur sóadh i n-arán ⁊ i n-iascc é. Tucc don giolla é as a h-aithle. Gur moradh ainm Dé ⁊ M' Aodócc tresna miorbhuilibh-sin.

     xxxv
     95

    Fechtus ele da raibhe an rí do raidhemar .i. Brandub mac Eachach, 'ar n-gabáil  183a ricche Laighen dó, ⁊ crecha mora roimhe 'ar na m-buain don leith tuaidh d' Éirinn, tarla lobhar do muinntir Mh'aodhóg dó, ⁊ do íarr déirc air i n-onóir Dé ⁊ Mh'aodóg. Tucc an ri mart maol-odhar i n-deirc dó. 'Na diaig sin tainic an rí da tír féin, ⁊ gabhais fos-longport ag an abhainn darab ainm Slaine. Gabhais tinnes adhbal-mhór an oidhce-sin h-é, ⁊ do-connairc aisling iongnadh .i. mar do-bértai i n-ifrionn h-é, ⁊ mar do bheittís piasta ifrinn uile, ⁊ a m-beoil oslaiccthi da ionnsaicched. Ocus dar lais fós do-connairc se peist mór i n-dorus ifrinn do ba mó dhíobh uile; ⁊ as i do ba sanntaighe cuicce. Ocus dar leis féin do bí ullamh dochum a shluiccthi.

     96

    Do tharraing sí an ri lena h-anáil da h-ionnsaighe, gur becc nar shluicc sí a n-aoin-fecht h-é; go t-tainic cleirech sochraidh soidhealbhda dá ionnsaighe go h-athlamh, gur chuir mart maol-odhar i m-beol na piasta, ⁊ do ba cosmail risan mart tucc an rí roimhe sin don lobhar h-í; gur shaor an rí o bheol bioth-oslaicthi na píasta. Do tharraing an pheist dha h-ionnsaighe arís h-é, ⁊ dob áil lea shluccadh cuice maran c-cedna. Tainic an cleirech cétna arís ó rochtain, ⁊ do bhuail an m-bachaill i c-cend trom-adhbal na péste, ⁊ do dún a bel go bioth-ullamh, gurab amlaidh sin ro saoradh an rí o ghuais na piásta ⁊ ifrind a n-aoin-fecht.

     97

    Do iompó spiorat an rígh dochum a chuirp, gur eirigh as a h-aithle, gur indis da muinntir gach ní at-connairc. Ruccadh an rí immorro iar sin don ionad re n-abarthar Inbher Crimthainn isin tinnes cetna i r-raibhe. Adubhrattar a charaitt ris: “Ata nech naomhtha isin talamh-so”, ar síad, “darab ainm M' Aodócc. Doníther ferta mora ⁊  p.217 míorbuile do lathair leis. Ocus cuir-si techta cuicce, do tabairt uisge choiserccta cuccat uadha”. Adubairt an rí: “Ni ba h-amhlaidh sin bías”, ar sé, “acht rachat-sa féin mara b-fuil sé”.

     98

    Teid an ri ina carpat,  183b ⁊ tainic mara raibhe M' Aodog. Ó do-chualaidh M' Aodhócc an ri do bheith da ionnsaighe, do-chuaid ina coinne. Acht cena mar do-connairc an rí M' Aodhóg úadha, adubairt: “As é súd an cleirech do shaor meisi o bél na piasta, ⁊ o phéin ifrinn arcena; óir aithnighim a cruth ⁊ a caoimh-eccoscc uaim”. Slechtais an rí fo chosaibh M' Aodhócc an tan-sin, ⁊ adubairt: “As aitrech lem mo peacadh”, ar sé, “oir do-rinnes morán uilc ⁊ eccora riamh go soiche so; ⁊ gibe ar bith aderai-si frim im slainte m' anma, do-ghén fom dithcell”. Do slanaigedh an ri iar sin o gach eslainte da raibe 'na diaigh, 'ar n-guidhe do M' Aodhóg ar a shon. Adubairt an rí: “Do slanaighis mé om eslainte”, ar sé, “⁊ rom sccarais ó phianaibh ifrinn”. Ocus ro innis do M' Aodog annsin gach ní at-connairc isin aisling adubhramar.

     99

    Adubhairt an ri ann sin: “Do-bheirinn-si me féin gom cinedh ⁊ gom clannmaicne i m-bith-dílsi do Dhia ⁊ duit-si; ⁊ adeirim m' adhlacadh maille ré mo shiol ⁊ rem chlannmaicne go brath it reilicc-si .i. Ferna”. Tucc an rí offrail go h-iomdha ⁊ ferann fairsing do Mh'aodhóg, áit inar cumdaigh ecclas álainn onorach .i. Ferna Mór M' Aodóg. Ro ordaigh in rí .i. Brandubh, i t-tulaigh aonaigh ⁊ oirechtais Laighen, eter clerech ⁊ túata, aird-espuccoidecht chuccidh Laighen uile do beith i n-ecclais catoilice M' Aodog, ⁊ M' Aodhog féin 'na aird-espoc innte, 'arna oirdnedh ⁊ 'arna onoruccadh i r-Róim roimhe sin le fer ionaid Dé i t-talmain, amhail do raidhemar romhainn, an uair fuair an m-bric M' Aodóig ⁊ an m-bachaill m-Branduibh .i. Brandubh mac Eachach, do-roine do leiges leis an m-bachaill do cumachtaibh Dé.

     xxxvi
     100

    An tan immorro bói M' Aodhóg ag cumdach mainistrech h-i f-Ferna, da-rónsat a deiscipuil eccaoine ris na raibhe uiscce a b-foccus doibh 'san m-baile. Bói crann mor isin m-baile an tan-sin. Adubairt M' Aodog lea dheiscioplaiph:  184a “Gerraidh an crann ut da bhun”, ar se, “⁊ lingfidh topur taitnemach, ⁊ sruth seimide solus-glan d' uiscce eachar-gorm uainidhe uadha”. Do gerradh an crann don cur-sin, ⁊ 'arna gerradh lingis loch-topur lán-álainn ina dhecchaid don dal-sin, ren abar Tiopra M' Aodocc. Do gnathaighdis mna ⁊ mion-daoine techt do nighe a n-edaighc ⁊ do niamh-glanadh a n-erreidh dochum an t-srotha do shil as an topar.

     xxxvii
     101

    Baoi fer úasal-conaigh isin ferann, dar bó comainm Becc mac Eogain, ⁊ bói a bhaile bunaidh a b-foccus don cill ⁊ don caoimh-ecclais, óir do-thiccedh a ferann co n-uicce an sruth-sin. Ocus  p.218 do-ticcdís mna an bhaile do nighe a n-édaigh as, amhail adubhramar cena. Rop olc le M' Aodhócc anní-sin, ⁊ adubairt ríu: “Tiagaidh uaim go h-ullamh, ⁊ na teccaidh comhgar sin don ecclais na duinne”, ar sé. Adubairt ben dona mnaibh nach rachdais, “óir as lind féin an t-uiscce, ⁊ an ferann a n-aoin-fecht”, ar síad.

     102

    Iar sin tra búi inghen álainn il-dhealbhach do Bhecc mac Eogain ag nighe édaigh lena cosaibh forsna clochaibh. Do lenattar a cosa don édach, ⁊ an t-édach dona clochaibh, ⁊ na clocha don talamh; ⁊ do bái sí amhail gach n-iomhaigh, nó mar gach n-deilbh n-daonna, gan aister, gan gluasacht amlaidh sin, conar lamh corrucchad do thaoibh seach a ceile. 'Arna cloistin sin d' athair na h-inghine .i. do Becc mac Eogain, tainic go luath mara raibhe M' Aodhócc, ⁊ do-ghuidh go h-umhal é fa fhuasgladh don inghin. 'Ar n-denamh urnaighthe do Mh'aodóg ar a son, do sccáoiledh go luath í on cuibriuch i r-raibhe. Ocus tucc an fer-sin .i. Becc mac Eogain, é féin ⁊ an baile-sin, ⁊ a sliocht go brath a m-bith-dílsi do Dhía ⁊ do Mh'aodhocc.

     xxxviii
     103

    'Na diaigh sin tainic airgech bói a c-comfoccus do cathraigh M' Aodhócc cuicce, ⁊ ro innis dó go raibhe a mathair i n-eslainte géir; ⁊ iarrais uiscce coisreccta chuice. Téid M' Áodog fein mara raibhe an bhen. Do ba taoscca in t-airgech ina M' Aodocc  184b an tan-sin; ⁊ fuair a mathair marbh, gan anmain ar a cionn. Tainic a c-coinne M' Aodocc tara ais amach, ⁊ do raidh ris: “A serbhontaidhe dílis Dé, ⁊ a mogh an Choimdedh cumachtaigh, na buaidhertar tú, óir atá mo mathair marb isin maighin-si”. Adubairt M' Aodhócc ris: “Éirigh-si”, ar se, “mara b-fuil do mathair, ⁊ abair ria, teacht mara b-fuilim-si da slanucchad”. Téid an t-airgeach tara ais, ⁊ adubhairt lea mathair: “Eircc go luath, óir ata M' Aodóg móir-fhertach 'gut iarraidh”. Ro eirigh an ben iar sin le h-aithne M' Aodócc, amhail no bheith ina codladh, go t-tainic slán da ionnsaighed ina coinne. Ocus ro móradh ainm Dé ⁊ M' Aodhócc de sin.

     xxxix
     104

    Araile aimsir do-cuaidh M' Aodócc mara raibhe an t-ab naomhtha .i. Munna mac Tulcáin, go Tech Munna: ⁊ do fiadaighedh go h-onórach ann h-é. Adubairt Munna mac Tulcain risan c-coimhtionól do bí ag frithailemh dó: “Eircc mara b-fuil M' Aodhócc”, ar se, “⁊ abair ris a b-fuil do braithribh ⁊ do daóinibh ele isin m-baile do chur dom aittreibh-si ⁊ dom árus, do chaithem bídh ⁊ dighe a c-coimhnein-fecht 'na onóir féin anocht”, ar se. Do-raidh M' Aodhócc go c-caithfitís uile biadh an oidhche-sin. Adubairt Munna risan techtaire:  p.219 “Innis do M' Aodhóg, nach fétaitt uile biadh do caithemh, oir atá móran easlán díbh”. Adubairt M' Aodhócc 'arna cluinsin sin: “As celgach da iarr an t-ab slainte dona braithribh; gidh edh fédadh Día slainte do thabairt doibh im onóir-si”, ar sé. Ocus 'arna radha sin do M' Aodócc, tainic gach nech da raibhe easlán diobh maille le gairdechus don proinntigh; ⁊ ro báttar drong diobh ⁊ gurab ar eíccin do battar beo roimhe sin; ⁊ tangattar sein do chaithemh a suipéir a c-cuma cáich don cur-sin.

     105

     185a A c-cionn an tres lái immorro ac fáccbail an bhaile do Mh'aedócc, adubairt Munna: “Ni raghair as an m-baile”, ar sé, “no go ru bhaitt na braithre 'san eslainte cedna, mar do bhattar roimhe”. Adubairt M' Aodog: “ Do thiodlaic Dia damh-sa sláinte lea tabairt doibh”, ar se. Do raidh Munda: “Ní h-amlaidh sin bías”, or sé, “óir foirbhtighit na subailce 'sna h-eslanaib”. Acht cena 'arna ceduccadh do M' Aodog tre furailemh Munda ro iompóttar na braithre .i. an coimhthionól cetna ina n-eslaintibh fein dorísi. Do imthigh M' Aodog annsin 'ar n-gabhail cheda, ⁊ 'ar c-ceileabrad do Mhunda; ⁊ téid da ionad féin 'ar f-fáccbháil bennachta, ⁊ 'ar f-fagháil bhennachta.

     106

    Conidh de mhiniuccadh gach neithe diobh-sin do-ronadh an laidh- si:

  • Lá do Mh' Aodhócc 'sa muilenn,
    Da rucc tuirend .i. cruith- necht da tréin-bhleith,
    Cuicce go t-tainic tuata,
    Go rucc min uada ar eicin.
  • Min arís a riocht ele,
    Nir gniomh goile na gaisccidh,
    D' éis a shúl uadh d' iadadh
    Leis do h-iarradh a naisccidh
  • A h-ucht naomh ocus naom-ogh.
    “Biaidh”, ar M' Aodócc gan mannar,
    “Go brath do dhéoin an Duilimh”
    “Súil dot suilibh gan amharc”.
  •  107
  • Ar righ Erenn go h-eiccnech,
    Ger mór d' einnech mar obair,
    Crodh Laighen uile d' forccla
    Do-rinne a c-comhda ar choccadh.
  •  p.220
     108
  • An cú ocarach allta
    D' eis a cabhra ar a casán,
    Doní do dhuille an doire
    Iascc re 'roile ocus arán.
  •  109
  • Brandubh mac Eachach ainmín,
    Do bí an t-aird-rí go h-eslán;
    Da leighes ni fuair einnech,
    Gur fhóir an cleirech cnes-bán.
  • Rí Laighen, ni cás ceilte,
    Foiris mac Eithne árnaigh,
    Tucc an rí arís 'na rithing
    O pianaibh ifrinn adhbail.
  •  110
  • Uiscce ar tosach na tennta
    Ní frith a f-Ferna roimhe, 185b
    Gur muigh a bun an bhile
    Topar fa gile gloine.
  • Tiopra M' Aodhócc go maisi
    Ainm na glaisi go gnathach,
    Biaidh os gach uiscce iodhan
    Sreabh na tiopra gan tragadh.
  •  111
  • O bhaile Bheic meic Eoghain
    Ticcdís mná an cheolaidh cornaigh,
    Do nighe a n-édaigh dobair
    A sruth an topair tonn-gloin.
  • Do thoirmiscc M' Aodocc málla
    An bantracht dána daith-gheal;
    Nír gabh ben dibh on deigh-fer,
    Doibh fa deiredh dob aithreach.
  • Ticc ingen an fir eolaigh,
    Bec mac Eogain gan ainméin,
    Gusan tioprait n-guirm n-gle-gloin,
    Do nighe a h-édaigh ainnséin.
  • Clocha an t-srotha arar saltair,
    Don mhnáoi nir charcair cosmail,
    An t-edach 's an úir endacc
    Do bí a c-cengal da cosaibh.
  •  p.221
  • Sealbh an bhaile caoim-cheolaigh
    Tucc Bec, mac Eogain finn-gil,
    Do Mh'aodhóg fa mór-cumacht
    Uadh ar furtacht da ingin.
  •  112
  • Tucc h-í ó bás go beathaid,
    Dia do cedaigh mar cumhacht,
    D' fertaibh an fíréoin ailgin,
    Mathair an airgidh d' furtacht.
  •  113
  • An áos eslán gan fuigel,
    Orra nír cuiredh cuma,
    Gur leighis iatt gan falach,
    Coimhtinol manach Munna.
  • Dénamh air tar gach n-aoin fer,
    Don fhoir aoidhedh nirb antrath,
    Ar nech fa ní dan iarfadh,
    Le h-Aodh nír h-iarradh athla.
    Lá.
  •  xl
     114

    Fecht ele do-chúaid M' Aodhócc ar cuairt mar rabhattar ogha naomhtha niamh-ghenmnaidhe, battar d' inghenaibh ag Aodh mac Cairpre, ⁊ rucc leis seisrigh dhamh a n-deirc doibh. 'Ar n-gabhail na seisrighe dona h-aireamhnaibh, tainicc ben bocht, ⁊ sí 'na lobhar, meirbh, móir-easlán, go M' Aodócc, ⁊ do iarr damh dona damhaibh i n-deirc air. Tucc san sin di. Adubhrattar na h-oiremhain: “Cionnus do-genmais-ne  186a treabadh anosa”? ar síad, “óir testa damh d' uimhir na seisrighe uainn”. Adubairt M' Aodhócc: “Anaidh-si fós”, ar sé, “⁊ do-bhéra Día damh daoibh ina ionadh sútt”. Do-conncattar iar sin damh ag teacht don fhairrge da n-ionnsaicched. Tainic dochum na seisrighe, ⁊ do-chuir a chend fon c-cuing go h-ullamh isin áit i r-raibhe an dam ele adubhramar. Bói isin seisrigh amhlaidh sin fedh an earraigh acc treabadh dona h-oghaibh; ⁊ no teighed gach n-oidhche dochum na fairrge. Ocus do léiccedh tri fraissi geimnighe as, ⁊ nó thigedh gacha maidne docum na seisrighe cetna, no gur imthigh aimser an treabhtha. 'Arna cloistin sin do cach a c-coitcinne, ro móradh ainm Dé ⁊ M' Aodhóg.

     xli
     115

    Fechtus ele do M' Aodhócc 'san ionad re n-abar Ard Lathrann, ⁊ do-connairc se seisrigh damh ag treabhadh laimh le Ferna .i. a chathair féin; ⁊ do bí a n-gar do chéd mile eter an dá áit-sin. Gidh edh do-connairc M' Aodhócc íatt tre grásaibh an Spiorait Naoimh. 'Ar n-iompódh immorro don t-seisrigh ón iomaire go 'roile, tarla an  p.222 t-oiremh 'arna legadh go lár eter an soc ⁊ an coltar don cur-sin, ⁊ an t-seisrech fo réim saothair ⁊ siubhail. Toccbais M' Aodócc a laimh aga fhaicsin sin, ⁊ do bhennaigh an t-oireamh uadha, gér bó fada ettorra, ⁊ na doimh 'na dheghaid. Do anustair an t-seisrech ina sesamh mara raibhe da siubhal; co nar urcoidigh don oiremh, go n-dechaid slán on eiccen-sin. Gur moradh ainm Dé ⁊ M' Aodog dona míorbuilibh-sin.

     xlii
     116

    Feachtus ele do-cuirestair espocc Dáuith .i. a maighistir féin, fios ar cenn M' Aodhócc do dhul ar cuairt cuicce ní sa luaithe, ria do-ghebedh fein bás. Do-chúaidh immorro M' Aodhócc fo fhios aoide go h-umhal go Bretain an tan-sin, ⁊ do bái aimsir fada ina fochair ann. Adubairt M' Aodócc lá éiccin lé h-easpucc Dáui: “Do gheallus, a Thiccerna, ⁊ a oide ionmuin”,  186b ar sé, “do druing do daoinibh airidhe fám chomgheall ⁊ fam choccus, go m-beinn aca i n-Eirinn aníu”. “Beir-si go deimhin i n-Eirinn aníu”, ar espucc Dáui. Do fhiarfaigh M' Aodhócc cionnus do biadh. “Rachait do muinnter i l-luing it diaigh”, ar espucc Dáuit; “⁊ raghair féin aníu rempu mar ader-sa riot .i. eirigh dochum an mhara, ⁊ gibe ainmidhe theiccemhus duit ar an traigh, eirigh air, ⁊ béraidh go h-ullamh go h-Erinn tú”.

     117

    Do-ghluais M' Aodhócc 'ar c-ceileabradh d' easpucc Dauit, ⁊ ar f-fagáil a bhennachta, ⁊ 'ar c-cengal pairte ⁊ priom-chairdesa fris, ⁊ eitir an druing do tiocfadh ina n-decchaid go brath ina n-ionadhaibh dia n-éis. Téid M' Aodocc go traigh an mara iar sin, ⁊ fuair ainmide adbul ainttrendda 'na choinne ⁊ 'na comhaircis and. Ocus do-chuaid ar a muin maille le creidemh daingen dochusach. Rucc an t-anmidhe leis h-é ass sin co n-uicce an port re raiter Inbher Criomtain. Ro iompo uadha annsin ar n-gabail ceda aicce do réir a ceille féin; ⁊ do-cuaidh M' Aodhócc da ionad fein, amhail ro gheall da lucht ruin ⁊ ro-thairisi, ⁊ tangattar a mhuinter ⁊ a lucht coimhitechta 'na díaidh, gan brón, gan bás, gan bathadh, tre cumachtaibh De ⁊ Mh'aodócc.

     xliii
     118

    Fechtus ele do réir eisiomlara Maoisi mic Amra, ⁊ Elias faith ⁊ Patraicc mic Calpuirn, ⁊ fós do réir eisiomlara ri nimhe ⁊ naomh-talman .i. Iosa Criost do bhaoi M' Aodhocc da fichet lá ⁊ da fichet oidche an chorgais i t-trosccadh ⁊ a t-treidhenus ina cathraigh fein, i f-Ferna, gan digh, gan bíadh daonna ar domhan do caithem risan re sin. A n-diaigh an troisccthi-sin tra dar lena muinntir fein, ⁊ le gach n-áon ele, do ba reime, ⁊ do ba ro-laidire, ⁊ dob ferr a cruth ⁊ a caoimh-denamh d' eis a throiscthi ⁊ a threidenais ina riamh roimhe.

     119

    Fuair M' Aodocc ceithre h-athcuingedha o Dia 'ar criochnugadh  187a a throisccti an tan-sin. An céd athchuinge: gibe nech do shiol Brandaibh mic Eachach, no do shiol Aodha Finn, mic Fergna, mic Fergusa, do suidhfedh ina catraigh no ina caoimh-ecclais, ⁊ do-gebhad  p.223 bás innte, gan dol i f-flaithes De tre bithe na bethadh. An dara h-athcuinge: gibé da mhancaibh nó da muintir do threiccfedh nó do theichfedh roimhe, gan dol i b-flaithes Dé dó maran c-cedna. An tres athchuinghe .i. gan ifrionn d' iadhadh ar enn-duine da n-adhlaicfidhe i n-en-ecclais dá eccalsaibh go deiredh domhain. An cethramadh athcuinghe .i. anam do shiol Aodha Finn, ⁊ do shiol Brandaib mic Eachach do tabairt a h-ifrionn gach n-áon la go deiredh an domhain.

     120a

    Conidh da foirgell sin go sunradach do chan an file na briathra- sa:

  • Fert follus ele innisfett
    Anos, d' eis ar áirmemar,
    Ar M' Aodog mor miorbuilech;
    A n-airemh ní h-urusa,
    Ferta M' Aodhocc míorbuiligh.
  • Damh a t-trath an treabhtachais
    Da sheisrigh do shirestair
    Ben bocht air mar athcuinghe,
    A n-onóir Chriost chumachtaigh,
    Gur bhronn di an degh-damh sin.
  • Tucc Dia 'arna dherlaccadh,
    Go ticcedh damh degh-nertmar,
    Do dhénamh a degh-oibre,
    On fairrge gach aon laithe
    I n-áit an doimh déirce sin.
  •  120b
  • O Ard Latrann lan-fada
    Go Férna moir muireraigh,
    Gerbh imcian an uidhe-sin,
    Do-cí, mar do-chualabhair,
    D' fertaibh Iosa an t-amharc-sin,
    Guais adhbal an oiremhan.
  • An soc is an sioth-choltar,
    Tarla an t-oiremh ettorra,
    'Ar siubhal na seisrighe,
    An t-erlamh gur fóire tair
    An t-oiremh ón eiccen-sin.
  •  121
  • Cuid d' fertaibh an firénaigh,
    Beith d' artrach ar ainmidhe,
    Nachar fhidir enn-duine,
    Ó Chill Muine a móir-Bretnaibh p.224
    Go tracht Erenn iath-glaisi
    Le h-en-lá gan iomachar
    An gealladh ro gheallustair
    Gur comhaill an cleirech-sin.
  •  122
  • Ar lorg Iesu ainglidhi,
    Is Elias fhaidemhail, 187b
    Is Maoisi mic moir Amra,
    Ocus Patraicc priomh-apstail,
  • Do bi M' Aodocc móir- fhertach
    Da fichet lá an lán-corgais
    I t-trosccadh, 's a t-treidhenus,
    Gan biadh ar bith buan-adhbal
    Do caithemh an c-comhfad-sin.
  • Dar lé a m-biodh 'ga bith-féchain,
    Nír meistte a cruth caomh-alainn,
    Beith gan biadh, gan bethacadh,
    Risan aimsir fada sin.
  • Itchi fhíren ailgenach
    Fo cethair ro cuingestair
    Ar an c-Coimde c-cumhachtach
    'Ar deiredh a degh-troisccthe:
  • Gach nech do siol sáor Brandaiph
    Mhic Eachach aird iol-buadhaigh,
    No Aodha Finn fír-sochraidh,
    Do anfadh ag áiteachadh
    Ina cathraigh coisreccta,
    'S do racadh d' ég innti sein,
    Ifrionn cona il-pianaibh
    Do beith aicce d' urlatu.
  • Itche n-ele fhoillsighim,
    Do iarr as a h-aithle sein:
    Gibé én-nech d' airidhe
    Do muinntir an Mh'aodócc-sin
    Do diultfadh e d' andothcas,
    Tech nimhe na naomh-aingel
    Do beith uadh gan áitechadh.
  • An tres itche as ionáirme:
    Tech ifrinn nach iadhfaidher
    Ar en-neach da n-adhnaicther
    I n-ecclais da eccalsaibh.
  •  p.225
  • An cethramadh caoimh-itce:
    Anam fechtnach firénta
    Do shíol Brandaibh boirb-thresaigh,
    Is Aodha Finn fíor-álainn
    Do breith leis go lán-ullamh
    A h-ifrionn gach n-aon laithe,
    Go deiredh an domhain-si.
    Gach itchi dar iarrustair
    Fúair an firén foirclidhe.
  • Aingil De 'arna deimhniuccadh
    'Ar t-toideacht ar tindenus
    An uair-sin da ionnsaigedh
    On Trínoid mar techtaire
    Ar Mh' Aodócc mín muirerach.
    Go t-ti bruth na buain-breithe,
    Bidh follus na ferta-sa.
    Fert.
  •  xliv
     123

    Fecht ele do M' Aodhóg h-i f-Férna; isí sin úair do bí drong da chinedh i m-braighdenus ag Muimhneachuibh i n-Úibh Conaill Gabhra. Téid M' Aodhóg da f-fuasccladh. Ocus 'ar t-teacht dó ann, nír léicc rí an tire-sin istech é; ⁊ nírbh áil lais a faicsin, ina a eistecht, gur congaibh amuigh é i n-dorus an dunaidh. Troisgis M' Aodhóg ar an rígh iar sin. Iar c-coimhlionadh a throisccthi dó, fuair inghen ro-gradhach do bí ag an righ bás  188a bioth-obann asa h-aitle. Do bhi a fhios ag mnaoi an righ, gurab do brigh troisccthi an naoimh fuair an inghen bás: ⁊ rucc corp na h-inghine lé mara raibhe M' Aodhócc, ⁊ do-guidh go diochra degh-tairis h-é ima h-inghin d' aithbeougadh. Do-rinne M' Aodocc urnaighthe ar a son, gur aithbeoaigh í as a h-aithle. Gidh edh do mhair miorún an righ do M' Aodhócc gan claochlodh don cur-sin; ⁊ do bí sesmach síor-aingid h-e o briathraibh ro-ferccacha ris.

     124

    An tan tra dob áil do M' Aodhócc a malluccadh, tainicc lenab ócc il-dhealbhach da ionnsaiccedh, ⁊ adubairt ris: “Gurab Día do betha ⁊ do shlainte, a fhir fhoirbthe, fír-naomhtha”, ar se, “⁊ biodh do mallacht ⁊ do mhóir-diomdha ar an c-carraic cloiche sin it fiadhnaisi”. “As ced lem-sa an charracc-so do bheith mallaighthe”, ar M' Aodocc. Do-rónadh da leith certa chudrama dhi fadheoigh. Mar do-connairc an rí an mhíorbal-sin do-rinne aithrighe go h-iomarcach, ⁊ do leícc na braighde uadha do M' Aodócc gan fuasccladh, ⁊ tucc an ferann darb ainm Cluain Claoidheach dó, do shith ina diultadh o dorus a tighe ⁊ a dunaidh. Cumdaighis M' Aodócc ecclas isin ionadh sin, ⁊ bhennaigh í ⁊ an rí araon. Gur moradh ainm Dé ⁊ M' Aodhócc de sin.

     p.226
     xlv
     125

    Fecht ele do M' Aodhóg maille le céd ar chaoccat do mhanchaibh ag buain arbha 'san foghmar. Tainic an rí .i. Brandabh mac Eachach, dochum na búana ar cuairt go M' Aodhócc. O 'tconnairc an rí íad-sein umhal orramach da cheile, adubairt: “As iongnad lem a comhmór sin, ⁊ a comhgrádach, ⁊ a comhumhal, do beith i n-áon-coimthionol”. “Is iongantaighe ina sin”, ar M' Aodog, “go f-fuilit uile 'na mancaibh don bhethaid naomhtha shuthain, acht aon-mhanach amhain”. “Cia h-e an fer-sin? ata 'na manach don bás, o nách manach don bethaid naomhtha h-é; go c-cuirmís docum báis é”, ar an rí, “co nach raibhe eter cháorcaibh Dé ní as foide”. Do raidh  188b espucc M' Aodhocc: “Ní muirfe tusa h-e; ⁊ gidh edh biaidh a fhios accat do lathair cia h-é; óir an tráth thiocfus am ceileabhartha ar t-trath, umhlóchaitt cách uile go talmain iatt féin a n-aoin-fecht, acht eisiumh 'na aonar”.

     126

    An tan tra tainicc trath teirte do ló, do cláon M' Aodhócc ⁊ na manaigh uile dochum talman, acht manach na droch-bethad amháin. Do fhiarfaigh M' Aodhocc de, cidh im nar umhlaigh do Dhia mar do-rinnettar fein uile. Adubairt-siumh gurab ní ele do bí ar a aire. Do-chuir M' Aodhócc eisiumh as an c-coimhtionól mar nar chreid; ⁊ fuair bás do rinn ar in seachtmadh lá d' éis an uird d' fagbail; ⁊ as do rinn fuair a oidedh, gur comailledh briatra M' Aodóg eter na mancaibh isin maighin-sin.

     xlvi
     127

    Fechtus ele do M' Aodocc, ⁊ rob áil lais dol don cathraigh rioghdha ro-oirderc .i. Caisiol Mumhan. Do anattar eich an charpait ar in c-conair, co nár gluaisettar d' aoin-leith. Rob iongnadh immorro le M' Áodócc anní-sin. Tainic aingel an Choimdedh da ionnsaighe, ⁊ do raidh ris: “Isedh as ail le Día, do duit-si i t-talamh oile”, ar sé,“⁊ ni don Mumain, acht go crich Connacht; óir atá Guaire Aidhne rí Connacht i t-tinnes docamlach isin cathraigh re ráiter Ceall Meic Dúach, ⁊ as duit-si ata a n-dán a leighes a h-ucht Dé ⁊ do naomhtachta”. Adubairt M' Aodhócc: “Gibe ní adéra teachtaire mo Thigerna riom-sa, as ullamh mé da dhénamh”. Do raidh an t-aingel: “As annsúd dob áil le Dia tusa do dhul; ⁊ gluaisfid h' eich go h-ullamh da ionnsaicched”.

     128

    Adubairt M' Aodócc lea ghiolla: “Léicc uáit na h-eich”, ar sé, “gibe leth rachait féin”. Ro ghluaisettar na h-eich gusin aird túaidh an tan-sin; ⁊ 'ar t-techt doibh go Loch n-Deirg-derc, do-cuatar na h-eich do chosaibh tiormaibh tríd, amhail budh talamh tirim, no conair coimhréidh, no beith aca isin úair-sin. Iar f-fágbail an locha doibh, tárlattar días d' feraibh doibh ar a c-cionn isin conair. Fiarfaighis M' Aodhócc eolus na slighedh  189a díorgha diobh go Cill Meic Duach, óir as innte bói Guaire Aidhne i n-eslainte an uair-sin. Adubairt duine dibh, nach raibhe slighe maith rompa. Adubairt an dara fer: “Masa  p.227 maithe na cleirigh sibh-si, do-ghena Día slighe maith daoibh féin, ⁊ dá bhar n-echaibh”. Do bhennaigh M' Aodócc an t-slighe, ⁊ do raidh mar so: “Atá a fhios ag Dia mar atamaid; ⁊ fetadh Día slige maith do dhenamh dúinn amhail adeiri se”.

     129

    Iarna radha-sin dó dano, dob follus doibh slighe shocair thirim, ⁊ ród cobhsaidh coimhreidh, tresna sleibhtiph árda anshocra, ⁊ tresna coilltibh craobhacha comhdlúithe, ⁊ tresna móintibh máotha mór-bhocca, go rangattar go Cill Meic Duach, mara raibhe Guaire mac Colmáin meic CobhthaighConnacht i n-othras ⁊ i n-esláinte. Acht chena do slanaigedh an rí o gach esláinte do raibhe ina lenmain, 'ar n-denamh guidhe ⁊ gér-urnaighthe do Mh' Aodhóg ar a shon. Ocus do raidh M' Aodocc ris iar sin: “Biaidh do righe ⁊ do ro-fhlaithes accat go cenn deich m-bliadan fichet oníu; ⁊ beir tri bliadna a n-deiredh do bethad i n-galar do bháis, ⁊ do-ghebhair flaithes Dé fa dheoigh ar son do dheirce ⁊ do dheigh-einigh”. Do bhennaigh M' Aodhócc an ri iar sin 'ar n-denam troisccthi ⁊ urnaighthi ar a shon, ⁊ 'ar c-cengal anmcairdesa ris; ⁊ do cumhdaighedh recles annsin a n-onóir M' Aodhócc, ⁊ do fáccaib an cill-sin ag Colman mac Duach; conidh uadha ainmnighter an cheall .i. Cill Meic Duach. Ocus do imthigh M' Aedhócc da áit féin iar sin.

     130

    Conidh da cuimniugadh sin ro chan an file an laid:

  • Cuairt Aodha na n-ard-ecclas,
    Da chinedh fa cuairt cabhra,
    Dia m-bai a braithre i m-braighdenus
    I c-crich O c-Conaill Gabhra.
  • D' fuasccladh a ghaoil geinealaigh
    Téid M' Aoehócc, an fáidh fíre,
    Nech dar córa creidemain,
    Go dún ticcerna an tire.
  • Don érlamh nír umhlaigh-siumh,
    Ri O c-Conaill na c-caomh-ród,
    A n-dorus a dhunaidh-siumh
    Do congmhadh amuigh M' Aodhóg.
  •  189bTroisccis M' Aodhocc mor- dálach
    Ar an righ gan cóir coisccthi;
    A inghen caomh comgradach
    Do-chuaid d' écc d' éis an troisccti.
  • Ben an righ go rath-ceillech
    Guidhis M' Aodhócc gan mion-dail,
    A h-inghen gur atheirigh
    O bhás go bethaid bith-slán.
  •  p.228
  • Miorún an fhir aineolaigh
    Mo 'sa mó risan fhíor-faidh,
    M' Aodhócc, ge do aith- beoaigh
    A inghen do gan dioghbháil.
  •  131
  • Fóbrais M' Aodhócc malach-dubh
    Esccaine an óig-fhir uaibhrigh;
    Gerb é a mhían a mhallacadh,
    Do thoirmiscc lenamh an uair-sin.
  • Glór an leinib lenbaighe:
    “Biodh do mhallacht núa anoisi,”
    A thailginn seimh, seabhcaidhe,
    “Uait ar an c-carraicc c-cloiche”.
  • “Ced lem, a leinib roi-deissi,”
    A beith di mar adeire,
    Buain don charraicc chloiche-si,
    'S gan a buain d' einní eile,
  • “Go n-derna di urranna”.
    Tucc Dia don érlamh d' onóir
    Da leith cherta chudroma
    Doní don charraic comhmoir.
  • D' éis gach neith dar nochtamar,
    Do-chuir M' Aodhócc air d' uamhan,
    Tucc an ri go ro-ullamh
    A braighde uadh gan fhuasgladh.
  • Tucc tiodhlacadh teccmaisi
    Arís do M' Aodhócc maoineach,
    Ferann is áit ecclaisi,
    Dana comainm Clúain Cláideach.
  •  132
  • M' Aodocc, mac na reltainne,
    An cáocca ar chéd, ni ceileab,
    Do foillsigh an t-en-duine
    Do dhamnadh diobh fa deiredh.
  •  133
  • Da eachaibh nír anámhuill,
    Mar ród tre faithche fionn-gloin,
    Tre Loch n-Deirg-derc n-dath-álainn
    Do-chuatar chosaibh tiormaibh.
  • Coillte, móinte, is maoith-sleibhte,
    Fuair an naomh, ós da neimh-cheilt, p.229
    Raon tre iathaibh aimhreidhe
    Go Cill Meic Duach o Loch Deirg-derc.
  • Ferta M' Aodhóg muireraigh,
    'Ga m-boi an creidemh ar congmáil,
    Do fhurtaigh gan uireasbaidh
    Galar Guaire meic Colmain.
  •  190aDo bí ar lorcc an lain-creidimh
    M' Aodhóg, dáilemh gach deigh-fis,
    Fúair o Ghuaire an ghnath-einigh
    Cill Meic Duach mar luach leighis.
  • Fáccbais Mac Dúach deigh-eolach
    'Sa chill da éis 'na abbaidh,
    Nir chengal naomh neimh-treorach
    Le ceile, a c-cengal cadaigh.
  • Mac Colmáin féil arm-thana
    Ag riar aoidhedh gach én uair;
    M' Aodhócc dob é a anmcara
    Ag techt cuicce ar a céd cuairt.
    Cuairt
  •  xlvii
     134

    Tainic nech naomhtha, dar bó comhainm Mo Lua mac Oiche, mura raibhe M' Aodhócc; ⁊ adubairt ris, gurb áil dó dol dia oilithre don Roimh. Adubairt M' Aodhócc fris: “Ni fes damh-sa go f-fuighe mo ched féin cuige-sin”. “As cinnte go f-fuige meisi bás, muna b-faice mé an Roimh”, ar Mo Lúa. Do-chuaidh M' Aodócc ina carpat don chur-sin, ⁊ rucc Mo Lua leis don Roimh an oidhce-sin gan gúais mara na mór-anfaidh, séda ina siubhail, na síor-aisttir, tre grasaibh an Spiorait Naoimh, ⁊ tre míorbhuilibh M' Aodhócc móir-fhertaigh. Ocus tangattar arnamharach go Férna Laighen gan lán-turbhaid.

     135

    Do raid M' Aodhocc ris iar sin: “An áil lat anois, a Mo Lúa, dol d' oilithre na Romha”? “Cidh fa budh ail”? ar Mo Lua, “⁊ go ra badhus arréir innte, ⁊ go f-fuarus locchad mo peccadh d' aithle m' aistir ⁊ m' urnaighthi, ⁊ m' aithrechais. Gidh edh as nár lem a dol comhluath-so dom ionad féin d' eccla an amarais oram”. Teid tra M' Aodóg leis annsin da iodhlacadh go a mhainistir féin, d' eis a beith 'san Roimh doibh aráon. Acht cena as acc Día na n-dúl amháin atá a fhios cionnus do-ronadh an siubal-sin, ⁊ ní ag daoinibh ar domhan, oir do fét Dia aithgiorra sliccidh ⁊ nemh-fad conaire do chur 'sna ródaibh docra, ⁊ isna conairibh comhaimhreidhe, eter muir ⁊ tír, dona naomhaibh nert-cráibhtecha sin re h-edh en-oidhce, amhail no beith aimser imchian aca rea h-imteacht.

     p.230 190b
     xlviii
     136

    Fechtus ele do M' Áodhócc, ⁊ tainicc procattoir Mo Chua Lothra da ionnsaighe; ⁊ adubairt ris: “Ni fhuil acht beccán cruithnechta againn; ⁊ cia díbh do-génam? a cur san i tír, no a tabairt dona braithribh”? Adubairt M' Aodog: “Cuiridh go h-iomdha, ⁊ tabraidh go lór dona braithribh”. Do fhiarfaigh an techtaire: “Cionnus budh eidir sin do denam”? Adubairt M' Aodhóg: “Gibe do méd, no do laghat ata agaibh anossa, ní theisdeobha enní uadha, da mhéd cuirfidher no caithfidher é, no go t-ti an t-arbar nua don talmain”. Ocus do coimhledh sin tre bréithir Mh' Aodhóg.

     xlix
     137

    Fecht ele tainic fedhmannach Mh' Aodócc fein da ionnsaighe, ⁊ adubairt ris: “Ní fhuil ní ar domhan 'san c-cisdenaigh againn”, ar sé, “acht en-soidtheach dighe, ⁊ beccan ime, ⁊ ní fhedamar an dona manchaibh do-beram é, no dona h-aoidedhaibh”. Adubairt M' Aodhócc: “Tabraidh doibh leth ar leth é gan coiccill, mar do beith a lán 'san cisdenaigh do cinel gacha bídh ⁊ gacha dighe”. 'Na diaigh sin ni raibhe easbaidh bídh na dighe ar duine isin tigh, acht gér-líonmar doibh tre cumachtaibh , ⁊ tre miorhuilibh M' Aodhocc.

     l
     138

    Fecht ele da t-tangattar daoine celgacha go M' Aodhócc 'ar f-fágbháil an édaigh féin i c-coill i f-folach do taoibh amuigh don baile, d' iarraidh edaigh ele fair. Adubairt M' Aodhócc 'ar f-foillsiugadh a c-ceilcce dó ó Dhía: “Anaid fós”, ar se, “go f-faghtar edach”. Ocus cuiris M' Aodóg go folaigtech duine ar cend a n-édaigh féin dochum na coilledh, ⁊ do teccaiscc dó mara b-fuighedh é. Tucc an t-ócclach an t-édach leis go M' Aodhóg, ⁊ tucc M' Aodhócc doibh-sion h-é. Gabhais naire adhbal mór íatt 'ar f-faicsin a n-edaigh fein, ⁊ do imghettar as a h-aithle, ⁊ do foillsigh Dia mar sin a c-ceálg ⁊ a c-cluain do M' Aodog.

     li
     139

     191a Tainic tra ri Erenn i n-aroile aimsir maille le mor-sluaighedh mór ina farradh .i. Aodh mac Ainmirech, ⁊ rí Connacht, ⁊ an rann tuaidh d' Eirinn cona n-uirrighaibh, ⁊ cona n-ard-taoiseachuibh, d' argain ⁊ d' ionnradh Laighnech a n-dioghail Chumasccaigh meic Aodha, meic Ainmirech, do marbad le Laighneachaibh feacht roimhe .i. Cumasccach do-cuaidh ar cuairt rioghdamnachta í l-Laignib, ⁊ ni gabadh gibe baile in t-teigedh, gan ben an baile do beith for a cumus an fedh do biadh 'san m-baile.

     140

    Téid go baile Brandaibh mic Eachach .i. rí Laighen, ⁊ nír ghabh gan a bhen sein d' faghail ar a leabaidh lánamhnais mar gach mnáoi. Gur marbadh Cumusccach ina ciontaibh la righ Laigen, gurab aire-sin do-deachaid Aodh mac Ainmirech i l-Laighnibh da dioghail; co nar ghabh comha na cennach uatha, acht a n-díth ⁊ a n-dilgenn  p.231 a n-aoin-fecht. Tainicc ri Laighen an tan-sin mar a raibhe a patrún ⁊ a priomh-anmcara .i. M' Aodhóg fertach Ferna, ⁊ do-rinne a eccnach ⁊ a iomhchosáoid fris. Do raidh M' Aodhócc: “As iomdha nech naomhtha ⁊ duine degh-crabaidh ag seirbhís go duthrachtach do Dia it' duthaig-si”, ar sé, “⁊ ni furáil daibh guidhe lat. Ocus eirigh-si immorro”, ar M' Aodhócc, “maille le h-imditinn laidir docum an catha, a h-ucht do naomh ⁊ do naomh-ecclasach fein; ⁊ bett-sa go lain-diochra lat”.

     141

    Do-rinne M' Aodocc urnaighthe adhbal ⁊ guidhe Dé go duthrachtach tar cenn a thigerna saogalta .i. Brandabh mac Eachach. Teid Brandabh arnamharach maille le dothcus daingean a n-Día ⁊ a M' Aodog d' ionnsaighe an chatha i n-acchaid aird-righ Érenn ⁊ na leithe tuaidh go tinnesnach. Aithrister immorro go raibhe ceitre mile fichet marcach i n-eccmais coisighedh ⁊ caomh-troightech 'san cath. Tuccadh tra cath Bhealaigh Duinbolcc etorra iar sin. Do  191b brisedh an cath iar sin la righ Laighen ar an lathair-sin, ⁊ do marbadh rí Erenn ann .i. Aodh mac Ainmirech, maille le líon dírimhe d' uaislibh ⁊ d' ard-maitibh Erenn ina fhochair ann, tre grasaibh De, ⁊ tre míorbhuilibh M' Aodóg isin uair-sin.

     lii
     142

    Baoi occlach i l-Laighnibh, dár bo comainm Sarán Saoibh-derc, oircinnech Senbotha Sine, ler marbadh an ri do raidhemar .i. Brandubh mac Eachach, rí laoch-armach Laighen. Fuair an ri-sin immorro bás gan faoisittin, gan lesucchad na h-ecclaisi. Iarna cluinsin do M' Aodocc rop olc, ⁊ rob imsniomhach leis h-é, ⁊ cháoi go toirrsech trom-chumtach, ⁊ adubairt: “As olc lem an lamh do marbh ⁊ do mhughaig didnighteoir na h-ecclaisi, ⁊ furtaigteóir na f-fann, ⁊ bíatach na m-bocht ⁊ na m-baintreabtach,⁊ didnighteóir na n-daoine n-eccruaidh n-anarsaidh, nach tuitenn sí dá gualainn go gnath-follus”. Ro fioradh sin fadheoigh, amhail innister romhainn.

     143

    Do-cuaidh M' Aodhog mara raibhe corp ⁊ caomh-taisi an aird-riogh iar sin, go raibhe bliadain bith-lan on callainn go cheile, cona cleir, ⁊ cona coimhtionol, 'na trosccadh ar arán ⁊ ar uiscce, amhail do raidhemar romainn a t-tús ar t-tinsgettail, 'ga thaithbeoughad, gur slanaigedh é as a h-aithle, ⁊ gur eirigh a b-fiadhnuse caich a c-coitcinne. Do raidh an ri le M' Aodhócc: “Guidhim tú, a athair ionmain”, ar sé, “ma do-geibhe flaithes Dé damh, mo leigen da ionnsaighe go luath, óir as lor lem a fhad ⁊ aimchéine ataim ag cruinniuccadh chaire ⁊ pheacadh isin saogal gusan tan-sa”. Ro thaitin an comhrádh-sin go mór le M' Aodhócc. Iar n-eistecht immorro a fhaoisittne dó, ⁊ 'ar n-glacadh cumaoineach, ⁊ sacramente don rígh o M' Aodhóg,  192a do-chuaidh dochum nimhe fo céttoir. Do h-adhlaicced go h-onorach é as a h-aithle i f-Ferna  p.232 Móir M' Aodhócc, mara n-adhlaicther a shiol ⁊ a sliocht o shin alle, ⁊ rioghradh Laigen cona lain-tional.

     144

    Tainic Sarán Saoibh-derc .i. an nech útt do raidhemar, ler thuit an rí .i. Brandabh mac Eachach, 'ar n-gabháil aithrechais dó; ⁊ 'ar f-faghail aithrighe do-cuaidh ar uaigh an rígh go Ferna, ⁊ bói ag cái ⁊ acc comhtuirsi uirre. Baoi a t-trosccadh ⁊ a t-tredenas gacha tratha, ⁊ as becc fós nár bo nocht ó édach. Ocus ni fáccbadh an uagh do ló no d' oidhce. 'Ar m-beith aimsir fada amlaidh sin dó, adubairt an guth fris as an uaigh, mar budh é guth an rígh é: “A Saráin”, ar sé, “as céd le Dia ⁊ le M' Aodhócc an lámh dár marbhais meisi do thuitim for talmain díot, amhail at-bert M' Aodhócc ar tosach”. 'Arna radha sin dó, do thuit a lamh as a thaobh, mar do órdaigh M' Aodhócc roimhe. 'Arna fhaiccsin sin don coimtionól, ruccattar Sáran leo on uaigh; ⁊ rucc a betha as go maith iar sin.

     liii
     145

    Fechtus ele do M' Aodhócc ac denamh urnaighthe, go c-cualaidh gotha na n-aingel go h-iomarcach ós a chionn isin aér. Ocus o 't-chualaidh, do-guidh Día go diocra go m-berti don domun é go h-ullamh, óir do ba toirrseach do seirbhís an t-saoghail an uair-sin eisiumh. Gidh edh dob ferr le Día M' Aodhócc do mharthain i c-colainn daonna ní budh sia ina sin, ionnus go t-tiocfattais mórán dona míchreidmechaibh dochum creidme ⁊ crábaidh as a loss. Ocus do ráid an t-aingel isin aér: “Ni h-ail le Dia gan do beith-si it bethaid fós”, ar sé “⁊ docum lesa ⁊ lán-fhurtachta na n-daoine do denamh, dia tabhairt  192b dochum puirt bethad tre shíoladh ⁊ tre foillsiuccadh na canoine coimdheta”. Adubairt M' Aodocc: “An fedh bus ail let-sa, no le Día, no bheith-si i m-bethaid”, ar se, “ní toirrsech liom-sa mét mo shaothair ⁊ mo shior-foganta do-san”.

     liv
     146

    Fecht ele táinic duine daidhbir go M' Aodhócc dar dhligh a thiccerna cíos ⁊ fiacha mora, ⁊ gan maithemhnus aicce da fagháil ionnta, ⁊ ro éccaoin-sin le M' Aodhócc; ⁊ iarrais furtacht ⁊ foirithin fair. Do bí M' Aodhócc an tan-sin le h-aghaid sil éorna do chur, ⁊ tucc lán a mhaim don ócclach. Adubhairt an t-occlach le M' Aodocc: “Créd dob áil lem-sa do denamh de-so”? ar se. Do raidh M' Aodhócc: “Diolfa tú do chios, ⁊ fiacha t' ferainn uile a n-aoin-fecht ris-sin”, ar sé, “⁊ bíaidh cuid accat féin fá dheoigh dhe”. Do-rinne an mac daidhbir gen gaire ⁊ subhachais 'ar c-clos an chomhráidh-sin uadha. Do claochló an síol eorna ina ór dath-álainn tre cumachtaibh Dé i n-ucht an ócclaigh, ⁊ rucc lais mara raibhe a thiccerna é iar sin.

     147

    Fiarfaighis an rí de: “Cáit a b-fuarais an lán óir-si accat”? ar se.  p.233 Adubairt-siumh dano, gurab e M' Aodhócc do-rinne do shiol éorna na h-ithrach é, ⁊ tuc da thiccerna é as a h-aithle. Do ráidh an ticcerna an tan-sin: “Ni h-oirces damh-sa an t-ór-so do ghabail, acht as do Dhía, ⁊ do M' Aodhócc féin dlegar a tabhairt. Ocus do-bheirim-si sáor tusa do Día ⁊ do Mh' Aodhócc go bráth”. Tainic an t-ócclach-sin ar c-cúla arís go M' Aodhóg maille fri gáirdechus mór, ⁊ do innis dó gach ní adubairt a thigerna ris, ⁊ mar tucc sáor o sin amach go brath é. Tucc an fer-sin a fherand uile do M' Aodhócc iar sin. Do-rinne M' Aodocc urnaighthe 193a go Dia ina dhecchaid-sin, gur claochló an t-ór ina ghran iomcubaidh eorna, mar do bí a easbaidh ar an ithir 'ga raibhe roimhe. Gur moradh ainm De ⁊ M' Aodocc de sin.

     lv
     148

    Fecht ele dob áil lé M' Aodhócc ecclas do chumdach, ⁊ ní fhuair saor i n-aon-ionad día cumhdach dó. Do bhennaigh iaramh lamha an ócclaigh dar comhainm Gobán, ⁊ do-rinne sáor derscnaightech de. Do saoradh dó an ecclus-sin, ⁊ do h-ainmighedh uadha h-í. Ní raibhe immorro fer a saraighthi no sháraigti a chilli, ⁊ ni raibhe sáor a sáraighthe ó sin amach do cumachtaibh Dé ⁊ tre míorbhuilibh M' Aodhócc.

     lvi
     149

    Boi M' Aodhócc miorbhuilech móir-fhertach secht m-bliadna bioth-lána 'na trosccadh i n-Druim Lethan gan bainne gan lionn, gan feoil gan annland, acht bladh becc d' arán éorna, ⁊ deoch uiscce ón oidche go céile, ⁊ deoch becc bhainne gacha tres domhnach, ⁊ sé ar talamh lom, nó ar leic lan-cruaidh, gan earradh gan edach acht croicne bethadach n-allta n-eccennais, ⁊ sé acc síor-ghabáil a psalm ⁊ a psaltrach, ⁊ ag guidhe Dé go deithnesach for Leic na Némhann, óir do ghabhadh trí cáoga psalm gach láoi ar clochaibh fuara fíor-taisi, no for lár lom lán-sccúaptha; ⁊ secht psaltracha ⁊ caocca psalm re gach psaltair, ⁊ ni diultadh re dreich duine ar domhan fa bhíadh, no fa digh, no fa édach, acht go f-faicedh ina uireasbaidh é.

     150

    Tainic tra an t-aingel da ionnsaighe d' éis a throisccthi ⁊ a threidhenais, 'ar t-tuiccsin a chrabaidh ⁊ a choccuis don Coimde, ⁊ fíarfaighis de: “Crét h-athchuinge forsan aoin-Día anossa”? ar se. “Así mh' athcuinghe émh”, ol M' Aodhócc, “da gach duine tiocfus im ionad i n-Druim Lethan, acht go n-dernait mo réir, ⁊ go n-anait im ucht, ⁊  193b gach aon do shiol Aodha Finn no do shil ele adhnaicther agam, ⁊ thoghas im chill, ⁊ bhías fám ecclais go h-onórach, nemh gan amarus d' faghail dó, ⁊ fós gomadh mé fein bús breithem brátha for Breifneachuibh”. Teid an t-aingel uadha iar sin, ⁊ ticc cuicce fa dheoigh, ⁊ do-raidh ris: “Rod-fía, rod-fía .i. do-ghebair gach ní chuinge for an  p.234 c-Coimdhe c-cumachtach, a naoimh érlaimh oirdeirc”, ar se, “óir as faoilidh fír-suilbhir friot an uairsi h-é”.

     lvii
     151

    Do taidbredh fís amhra iongantach i n-aroile aimsir iar sin do M' Aodocc i n-Druim Lethan .i. craobh-sccáoiledh catha Aodha Find go h-uilidhe ar aon-lathair, a n-géga geinealaigh, ⁊ a c-craobha coibhnesa, ⁊ fós ainm gach righ, ⁊ gach ro-thiccerna do-ghebadh flaithes ⁊ forlamhus uatha go deiredh domhain. Fa h-iongnadh adbal, ⁊ fa machtnuccadh menman le M' Aodhócc anní-sin. Cuiris fios go fíor-aibéil ar cend Colaim Cille chuicce d' innisin a aislingthi dó, do bhreith bhreithe firinnighe fuirre. Téid tra Colaim Cille fon fiss-sin; ⁊ téid for nemh d' fios breithe na h-aislinge-sin, amhail no teiged do gnath gacha dardáin d' iomaccallaimh fri h-ainglibh nimhe, amail as-bert féin isin rand:

    1. Im eolach ar talmain tinn,
      Riccim go h-adhbaidh iffrinn,
      Téicchim gach dardáin for nemh,
      Fo gairm righ na t-tri muinnter.

     152

    Ro innis an t-aingel dano fis na h-aislingthi do Cholam Cille, ⁊ is edh ro raidh: “Gaibhleochaid ⁊ craobh-sccaoilfidh cinedh ⁊ clannmaicne an fhir uaibhrigh ard-chumhachtaigh sin, Aodha Finn meic Fergna, fa f-fuilit cealla ⁊ comhaittreabtacha M' Aodhócc guna mór-muinnteraib, issedh fhoillsighes an aisling-sin”, ar se, “⁊ budh naimhde, ⁊ nemh-cairde, ⁊ bud lucht coccaidh ⁊ esaonta a cinedh ⁊ a coimhiarttraighe da cheile, ⁊ ass edh a n-anmanna .i. Ruarc ⁊ Raghailach. Ruarc immorro, mac Tigernain,  194a meic Seallachain, meic Cernachain; ⁊ Raghallach, mac Cathalain, meic Duibh Cruinn, meic Maol Mordha, meic Cernachain; ⁊ bidh sochaidhe shiolfus uatha araon”.

     153

    “Toccaibter ⁊ trén-chumdaighter isin tír ele le M' Aodhócc”, bhar an t-aingeal, “ionad onorach ele ina eccmuis Droma Lethain d' fagáil a dhlighidh ⁊ a chiosa go coitcenn ó chach; ⁊ bidh h-í an tres tene as búaine bhérus ar betachad i n-Uibh Briuin .i. tene na h-áite-sin, as a f-faca M' Aodog an aislingti .i. Druim Lethan; ⁊ Cuillín na b-Fer .i. Ros Inbhir; ⁊ Ceall Mór Fheidhlimidh. Ocus an Ruárc-sin do raidhes”, ar an t-aingeal, “do-bhéra Día go tinneasnach teine fhiuchach a fheirge for a shliocht, ⁊ for a iartraighe, muna riaraitt, ⁊ muna mór-onóraigitt M' Aodhog imo chíos ⁊ i mo dlighedh. Raghallaigh dano dlegait sein sochar Droma Lethain do métucchad, ⁊ do mór-congmáil, seach cách, do brigh deithitte ⁊ duthrachta Mh' Aodóg doibh-siumh tar gach uile cinedh ina comhghar”.

     p.235
     lviii
     154

    Ticc Colaim Cille go M' Aodhócc, ⁊ innisis aithescc aingil o tús go deiredh dó, ⁊ fa follus do M' Aodocc féin eiséin, oir tainic an t-aingeal lea theachtairecht a c-coimhittecht Colaim Cille go M' Aodocc, ⁊ adubairt ris techt go luath go Ros Inbhir, ⁊ aittreabh ⁊ aitiucchad do denam ann, ⁊ gomadh ann nó biadh a adhnacal ⁊ a eiseirge ar cend an Choimdedh cona comhaonta, ⁊ gomadh é búdh breithemh bratha for Breifneachaibh. Tainic M' Aodhócc le forchongra ⁊ le furáilemh an aingil ⁊ Colaim Cille a c-coimh n-ein-fecht go Port na f-Finlec, re ráiter Ros Inbhir an tan-sa, cona caoccat naomh-cleirech ina farradh, i n-éccmais aosa oibre ⁊ umhalóitte, ⁊ aosa canta, ceileabraidh, ⁊ caomh-oifficci arcena.

     155

    Iar torrachtain tra a c-comhfoccus don Cuillin cuanna caoin-ettrocht, ⁊ fiodhbadh álainn foithremail, boi a n-aice an locha lán-adbail, do M' Aodhócc cona mhuinntir, ⁊ cona mor-naomhaibh maille ris, at-chualattar an céol coimmbind caomh-cubaidh,  194b ⁊ an claiscetal bind-briatrach, ⁊ fogur mor-gothach muisecdha, ⁊ nualla nemhdidhe na n-aingeal n-álainn n-eccsamhail os cionn an Chuillin ⁊ a thaige, ⁊ iomaccallaimh na n-aingel n-ettrocht n-iol-cumachtach gan anadh, gan oirisem, ag céimniuccadh os a cenn, gur uo lán an t-aer dia lionmaire, ⁊ dia láin-iomat, ⁊ dia medhair ⁊ dia mór-gothaibh. Do fecsattar na naoimh seacha, ⁊ adubairt neach dibh: “As álainn an buidhean d' feraibh ána, athlamha, iomluatha útt, filet ag cantain an chíuil cáidh comhtaidhiúr úasan c-Cuillín”.

     156

    “Bidh d' anmannaiph oirderca an ionaidh-si go bráth an t-ainm-sin”, ar M' Aodhog .i. Cuillín na f-Fer n-álainn; ⁊ Ros na n-Aingel a ainm ele, ó thadhall ⁊ ó thaisteal na n-aingeal ina uirtimcell; Port na f-Finnleac ainm ele dó dano, ona lecaibh fionna fíor-taithnemacha at-cithi-si for an c-caladh ina chomhgaire; Ros Inbhir immorro a ainm coimhlenamhna ag cach fa deoigh ó inbher an locha lethain lán-móir, ⁊ na h-abhann nert-cubraidhe a n-ein-fecht ag ionnsaighedh a cheile, oir ind ainm gach oirir, no gach imil; ⁊ bior ainm da gach uiscce .i. imeal gach uiscce diobh-sin acc dul a c-cenn a ceile. Conidh aire-sin ráiter Ros Inbhir fris.

     157

    Coiserccais ⁊ caomh-bennaighis M' Aodhócc an t-ionad-sin maille le h-iomat aingeal ⁊ ard-naomh ina uirtimceall da sír-bhennuaccadh. Cumhdaighis duirrtheach dioghainn, degh-daingen, ⁊ ecclas caomh-cumhdaighte, cetaruillech, cánonta, a n-oircill a eíseirghe. Boi immorro aimsir fhada isin ionad-sin ag síoladh creidhmhe ⁊ crábaid, ag denamh einighard-thiodhluicthe, acc fodhail déirce ⁊ almsan, ag proicept ⁊ ag senmoir dona poiplibh, ag denamh eccna ⁊ fír-leiginn  p.236 d' ard-sccolaibh, ag biatadh aoidedh ⁊ anffann gach aon láithe, go t-tabradh a chabair díles dhiongmála féin da gach duine do taoibh anma  195a ⁊ cuirp a c-coimh n-ein-fecht, gurob ar an inneall-sin do chaith an caomh-naomh do chaith an caomh-naomh a bhúan-aimsir.

     158

    Muiriccen mac Dubain, meic Murgaile, meic Duinn, meic Dúngusa, meic Colmain, meic Conaill, meic Concubair, meic Cathbaidh, meic Aongusa Músc a quo Muscraighe Faoilinne, meic Floinn, meic Lonáin .i. fili Múscraighe, meic Mogha Ruith, meic Fir Tlachtga, meic Fergusa, meic Rosa, meic Rugraighe, bói i c-cennus ⁊ i c-comhflaithes Muscraighe an tan tainic M' Aodhócc go Ros Inbir, óir fa d' ferann Muscraighe Faoilinde Ros Inbhir an tan-sin .i. o Ghlend Ferna go Loch Meilge, ⁊ o Sléibh Da Chon go Glend Muighe duthaigh Muscraighe. Boi dano siur mhenmnach, mor-cumachtach, ag Muiriccen mac Dubhain, Faoilenn a h-ainm-séin. Ro chumhdaigh-sidhe ráith rioghdha, ro-fairsing, ⁊ cathair caomh-alainn, comhdhaingen isin crich-sin. Is innte-sein do caittí inmhe ⁊ oirechus an ferainn-sin go h-iomlan. Is on Faoilinn-sin ainmnighter Raith Faoilinne ⁊ Muscraighe Faoilinne.

     159

    Fa h-olc tra la Faoilinn ⁊ la Muirigén M' Aodhócc d' aittreabadh ina f-forba ⁊ ina f-ferann fein. Ro dlomsat ⁊ ro diultsat dó as. Nír gabh M' Aodócc diultadh uatha, ⁊ adubairt: “An t-ionad inar dhéonaigh Día damh-sa oirisemh, ⁊ aitiuccadh do denamh fa dhéoigh, ni fuicceabh an t-ionad-sin”, ar sé, “óir is e fód mh' eiseirghe ⁊ m' adhnaicthi an fód-so for a f-fuilim”; doigh tri fóid nach fétann aon-duine do shechna na d' iomgabhail .i. fód a geine, fód a báis, ⁊ fód a adhnacail; amail as-bert:

    1. Trí fódain nach sechainter,
      Mar adeiritt amhra focail,
      Fód a gheine, fód a bháis,
      Ocus fód a adhnacail.

    Nir gabhsat uadha dano gan a athchur, ⁊ gan a ionnarbadh d' a aimhdéoin d' éis a aithiscc ⁊ a uradhaill.

     160

    Ferccaigter M' Aodhocc fri Muirigen ⁊ fri Faoilinn fa deoigh. Impáidis a bachla ⁊ a bhuain-mionna fo tri túaith-bél  195b ina t-timceall. Benais a cluicc ⁊ a ceolána a n-aoin-fecht orra .i. an Mac Rath, ⁊ Clocc an Deilcc, ⁊ Clocc na Tráth, re ráiter an Fionn Clocc, ⁊ cluicc na cleire ⁊ an coimhtionóil, o sin amach; ⁊ esccainis gan fuirech íatt, ⁊ adubairt nach biadh aoin-nech da síol no da sliocht i c-cendus na criche-sin go bruinne m-bratha; ⁊ fós nach biadh do tharba a tire na a t-talman aca, acht an crioch ⁊ an raith ina raibhe d' ainmniuccadh ó Fhaoilinn ina h-aonar .i. Raith Faoilinne, ⁊ Muscraighe Faoilinne; ⁊ gomadh teallach fás,  p.237 folamh, a f-forba ⁊ a f-ferann dia n-éis, amhail ro comhailledh; gurab i l-Laignibh do-chúaid Muirigen tre mallachad ⁊ tre móir-easccaine M' Aodhóg. Conadh ann ata a shliocht ⁊ a shíol o sin alle tre mallachad ⁊ tre móir-esccaine M' Aodhócc. Conidh ann bias a siol go bráth. Faoilenn immorro bói-sidhe gan mac gan móir-iartaighe maran c-cedna.

     lix
     161

    Fecht ele do M' Aodhocc ag ionnlat a lámh a h-abhainn bói laimh risan m-baile. Battar drong do dhaoinibh aga féchain. Iarna fhéchain adubairt duine díbh: “Ní fhuil ar domun en-nech do fétfadh M' Aodhóg do chur chum cennairrce no coimhfeirge”. Do bi bathlach borb, barbardha, bith-ainffesach, ar an lathair-sin aca. Ocus adubairt: “Fétfad-sa”, ar sé. Is amlaidh immorro do bai M' Aodocc an tan-sin, ⁊ édaighe do croicnibh bethadach m-bruidemail, ⁊ ainminntedh allta uime. Tánaic an t-occlach da ionnsaighe, gur theilcc isin abhainn h-é. Adubhairt M' Aodhócc go foighittnech fris: “Cret sin do-rinnis, a dhuine dhisccir, do-bhertach”? ar sé.

     162

    Do-chonnairc an t-occlach iar sin na croicne do bháttar fa M' Aodhócc tirim, tesaighthe, tren-cumhdaighthe, gan ruainne ná fionna do fliuchad na do láin-milledh diobh  196a on uiscce; ⁊ o 'tconnairc do-gabh aithrechus adbal é; ⁊ do raidh: “As aithrech aithmelach lem a n-dernus”, ar se, “⁊ tabhair-si maithfidhe damh ar son Dé na n-dúl”. Adubairt M' Aodhócc: “As maith do dhál, a dhuine”, ar sé “.i. do admhais do choir ⁊ do chionta, ⁊ fuarais aithrighe ionnta. Gidh edh muna dherntá aithrighe, do shluiccfedh an talamh tú it chiontaibh; ⁊ do-gebha nemh anosa, ⁊ fos do-ghebhair bás criostaidhe a c-cionn da fhichet bliadhan oníu”. Ocus do coimledh gealladh ⁊ briatra M' Aodhócc amhlaidh-sin.

     lx
     163

    Fechtus da t-tainic fedhmannach Mo Lua Lothra d' ionnsaighe M' Aodocc, ⁊ adubairt fris: “Do shaothraighemair-ne”, ar sé, “ecclas do denamh, ⁊ atá an t-adhmat benta isin coilledh aguind, ⁊ ni fhuil culaidh aguinn do caiplibh ina d' feraibh a tharraing ina a thabairt lind”. “Tiaghaidh-si dá bhar t-tighibh”, ar M' Aodhócc, “⁊ gibe ni do-cluinfidhe anocht, na fécedh aóin-neach uaibh é”. Do-chualattar san fogur mór ag techt on coill dochum na h-ecclaisi, ⁊ nír lamh en-nech aca a fhechain tre furailemh an naoimh orra.

     164

    Bói bathlach borb, beicc-eolais, istigh an tan-sin; ⁊ do-chuaidh tar aithne M' Aodhóg da fechain crét do-rinne an foghar fír-mór, ⁊ an torann tinnesnach. Do-connairc uadha tre poll na comhladh no na  p.238 h-eochrach moran do mhanchaib ócca examhla go f-foltaibh fionna forórda forra ag tarraing ⁊ ag tarrladh an adhmaid on coilled go h-athlamh. Tainic guth mór amuigh an tan-sin, go n-dubairt: “Sguiridh, a aingle, dá bhar n-obair, ⁊ da bhar n-umhalóitt; óir muna f-fechad an nech útt sibh i n-acchaid aithne an naoimh, do-dhénadh sibh féin an ecclus uile do cumhdach anocht, cionnus nach biadh uiresbaidh uirre”. Ina diaigh sin immorro do cumdaigh Gobbán an ecclas do bhrigh a bhennaighthe do M' Aodhócc.

     lxi
     165

    Aimsir ele do M' Aodhócc i c-crich Muman .i. in Íph Conaill Gabhra a c-comhfhoccus do reicclés Ída; ⁊ dob áil le M' Aodhocc dol ar cúairt  196b mara raibhe a athair faoisttine .i. Mo Lua mac Oiche, go c-cualaidh cluig bhaile Ída aga m-buain. Do fhiarfaigh M' Aodhócc cret dob adhbar do bhuain na c-clocc-sin ad-chualaidh. Adubairt an guth isin aer, gurb í dalta Ída fuair bás .i. óg do ba dalta diograisech, ⁊ dob ionmain le féin. Do-chualaidh Ída M' Aodhócc do beith a c-comfoccus di; ⁊ ó 't-chualaid do-chuir nech chuicce da radha ris techt do thaithbeouccadh na h-ingine a h-ucht a naomhtachta, ⁊ a nert-guide. Do-raidh M' Aodhócc le duine da dheiscioplaibh dol 'san áit-sin, ⁊ a bhachall do breith leis, ⁊ a cur ar ucht na h-ingine. Dó-ronadh amhlaidh sin, ⁊ do éirigh go h-ullamh a f-fiadhnaisi cáich a c-coitcinne, ⁊ gach nech at-connairc ⁊ at-cuala na mór-míorbhuile-sin tuccatar gloir do Dhía ⁊ do M' Aodocc tréna mór-miorbuilibh.

     lxii
     166

    Taínicc gadaighe la ele go M' Aodhócc, ⁊ do ghoidh damh dia cetraibh, go n-duaigh é as a h-aithle. Do líedh an gadaighe 'san gniomh-sin, ⁊ an tan dob áil lais mionna do tabairt do M' Aodhóg isin damh, do-conncas cluas an doimh as a bhel, ⁊ gach nech do bí ina thimceall 'ga faicsin-sin do biodh ag fanámat ⁊ acc focuidmedh fáoi. Do-rinne an gadaighe aithrighe iar sin, ⁊ do-rinne a fhaoisitte, ⁊ do imthigh a staid maith ⁊ i n-deigh-sligidh fa deoigh, gur moradh ainm Dé ⁊ M Aodhocc.

     lxiii
     167

    Aimsir ele do M' Aodhocc i f-Férnna go f-facaidh drong do ridiribh righ Laighen da ionnsaighe, ⁊ nech i n-glasaibh léo da bhreith go righ Laighen ina chiontaibh ⁊ ina choirthibh, óir do ba fer millte reachta ⁊ riaghla go h-iomarcach é. Gabhais trocaire go mór M' Aodócc dó; ⁊ do raidh ríu: “Leiccidh damh-sa a n-onoir Criost cumachtaigh an fer-so gan a bhreith da mhilledh”. Adubrattar san nach léiccfittís  197a no go m-beith ar cumus an righ. Iar n-dol dano laimh risan c-coill do bí c-comhfoccus dona ridiribh-sin, do taidbsicched doibh ceithern mór da naimhdibh do bheith i c-cealccoibh rompa ar gach taobh don t-slicched ina t-timcell, gur theichettar-san gan fhuirech aga faiccsin  p.239 sin, gur fáccbattar an m-bragait m-búan-cuibhrighthi 'na h-áonar gan imcoimhett isin ionad a m-bói. Mar do-chualaidh an rí anní-sin do fhuráil eisiumh do shaoradh on accra ⁊ on iarmóracht do bái fair. Gur moradh ainm Dé ⁊ M' Aodocc tritt-sin.

     lxiv
     168

    Aimsir ele do M' Aodhócc ⁊ do Munna mac Tulcain a b-farradh a céle. Téid M' Aodhócc i c-cúil na h-ecclaisi i n-ionad urard. Do-connairc Munna mar sin é, ⁊ do fhiarfaigh: “Crét sin do-cí tú, a fhireoin uasail, ionnraic”? ar sé, “⁊ gibe amharc do-chí, innis damh-sa é”. Cuiris M' Aodhócc comhardha na croiche naomhtha go nemhfallsa ar sulibh in abbaidh in uair-sin .i. Munda, go f-facaidh gach ní at-connairc M' Aodhocc .i. an domun mór uile o thurgbáil gréine go fuinedh, amhail is a méd aon-staide amáin no beith. Do thuirlingsettar don ionadh a rabhattar .i. Munda ⁊ M' Aodocc, ⁊ do indis Munna dona mancaibh an scel-sin as a h-aithle. Gur moradh ainm Dé ⁊ M' Aodhocc de-sin.

     lxv
     169

    Aimsir ele do M' Aodocc ag siubhal na sligedh aon do laitib. Tarla Colman mac Fiacrach 'na choinne for an conair. Fuair each d' eochaiph Colmain bás obann an tan-sin a f-fiadhnaisi M' Aodhócc. Tucc immorro M' Aodocc each da eachaibh féin fo carpat Colmain i n-ait a eich fein; ⁊ 'ar m-beith doibh tamall aithgerr mar sin, tainic each Colmáin go min muinnterda o bhás go bethaid go M' Aodócc, mar dob áil do grasaibh Dé ⁊ M' Aodhocc, ⁊ do-chuir fona carpat fein í. Iar n-iompódh do Cholmán arís isin conair céttna, fuair a each fein béo ar a chionn fo charpat M' Aodhóg, ⁊ ro iongantaigh sin go mór, ⁊ tucc moladh do Dia ⁊ do M' Aodog.

     lxvi
     170

     197b Aimsir ele do M' Aodhócc acc planntuccadh crann torthach lá airidhe ina lubhgort fein, ⁊ an fer do bí acc fritholamh na c-crann dó, tuccustair gecca do crannaibh nemh-thorthacha ele da ionnsaighe .i. beithe ⁊ fernocc; ⁊ gach crann da teccmadh do M' Aodhocc, do phlanntaighbedh iatt go h-iomlan a f-fochair a cheile don chur-sin. Tainicc tra do grasaibh Dé ⁊ do mírbuilibh M' Aodócc, na croinn nemhthoirthecha do-chuirestair, go n-dernadh croinn comhthorthacha dibh fa deiredh, ⁊ go t-tangattar ubhla socaithme sír-mhillsi, ⁊ cnúas comhabaidh urdhalta inite forra in aimsir cnuais ⁊ caom-toraidh na crann ele do teacht.

     lxvii
     171

    Aimsir ele do M' Aodhócc ⁊ do lenamh ócc anfoirbti laimh le crois do bái 'san m-baile i f-Ferna. Sccriobais M' Aodhocc psalm don lenab 'na diaigh sin. Do-connairc an lenabh eisiumh súas  p.240 in dreimire ordaidhe an airde bói o thalamh go nemh; ⁊ 'ar t-techt anúas dó 'na dheghaid, nír fhét an lenab fechain 'na acchaid le h-iomat dealraidh ⁊ re taitnemh na diadachta 'na dreich 'ga dhathadh ⁊ aga degh-maiseachadh. Adubairt M' Aodócc risan lenap: “Sechain go brath a innisin do duine ar domun crét do-connairc tú”. Do raidh an lenamh: “Da n-innisi tú damh-sa cáit an dechadais, ni inneosat-sa d' aoin-nech anni at-connarc”. “Do-cuadhas”, ar se, “fo ghairdechus muinntire nimhe ar cionn anma Choluim Cille do-chuaidh cuca, do bí 'na anmcaraitt accam fein 'san saoghal”. Do innis an lenamh na briathra-sin a n-diaigh báis M' Aodhócc a f-fiadhnaisi caich, 'arna beith féin 'na duine fhoirbhthe fir-craibtech.

     172

    Conidh da derbadh sin adubairt an file an laidh:

  • Tuilledh ar mhíorbhulibh M' Áodocc,
    Mór rea maoidhemh,
    Dul da ríomh, as deilm gan diamhair,
    Nír feidm aoin-fir.
  • Do-chuaidh go Roimh d' uidhe en-láoi
    Aodh go f-feile, 198a
    Gan guais anfaidh mara moire,
    Cara ar c-cleire.
  • Teid 's Mo Lua re lo co n-oidce,
    As iul dana,
    Soir, 's anoir a ráon-fod Rómha,
    M' Aodhócc mátta”.
  •  173
  • 'Sa cruithnecht bhicc do bí ag M' Aodhóg,
    Mór an caomhna,
    Do bí cur síl, as biadh bliadna
    Co fhial aobhdha.
  •  174
  • Sástar do bhiadh becc na cathrach
    Cach do threoraigh,
    Lucht a thighe; cia nach cúaladh,
    Dia do deonaigh.
  •  175
  • Drong gan édach do-chí cuicce
    Tre ceilcc m-breccaigh,
    'Arna chur fo diamhair didin,
    D' iarraidh edaígh.
  • A n-édach féin uile on fiodhbaidh
    'Arna fhalach
    Do-bheir chuca ar ais gan fuirech,
    Tais an tabhach.
  •  p.24131
     176
  • Lamh t-Sárain da thaobh 'ar t-tuitim,
    {}
    A n-íoc Branduibh móir do mar- badh,
    Nar doigh diomdach.
  • Tucc Brandabh o bhás go bethaid,
    Ger bhert gábhaid,
    Ar Mh' Aodhócc ni misde a maoidemh,
    Cistte an chrábaidh.
  •  177
  • Glór aingel os a cionn cluinid,
    Céim gan decair,
    Gur iarr ar Dia mar sás socair
    Bás tar bhethaid.
  • 32
  • “Ferr le h-Iosa”, ar an t-aingel,
    Aithescc aobhda,
    “Cur creidme i c-cach le recht riaghla.”
    Cert an chaomhna,
    Ina do bhás go méin mórdha,
    “A sheimh sháordha”.
  •  178
  • Sloinnem fert ele da fhertaibh,
    Erlamh Eorpa,
    Do-rinne M' Aodhoc mór maordha
    Ór don eorna.
  •  179
  • Gobán sáor, asé do bennaigh,
    Benn ar shaoraibh,
    Rucc geall ar gach n-áon daríribh
    Saor an t-saogail.
  •  180
  • Seacht m-bliadhna do bí 'na trosccadh,
    Truag an t-anshodh,
    Acht an chuid-si tar gach comól,
    Uiscce is arán.
  • Se ar leic no ar lár lom gan édach
    Re h-ucht carcrach,
    Ag gabháil, ni dalbh go docrach,
    Salm is saltrach.
  •  p.242
  •  198b'Na breithemh bratha ar gach m-Breifnech
    Biaidh go deimhin;
    Fuair o Iosa, ní díol doiligh,
    Díon gach deigh-fir.
  •  181
  • Muiriccen féin ocus Fáoilend,
    Fuicchle fíre,
    Do bhen díbh, ní cél re ceile,
    Trén an tíre.
  • Do-cuir Muirigén mac Dubháin,
    Dána an daigh-fer,
    Asa thir féin, ba fál folaigh,
    Go lár Laighen.
  • Anaid a clann i c-crich Laighen,
    Lór do dhiamair,
    Gan techt 'na tír féin da fegain,
    Réim gan riaghail.
  • Do fháccaibh esccaine M' Aodhócc,
    Meisde a h-ionad,
    Faoilenn mór gan mac, gan muirer,
    Slat ogh, iodhan.
  • Nir fháccaibh fós don tír tonn-gloin
    'Gun mín menmnach,
    Acht a h-ainm ar an iath d' anmhain,
    Ger triath teglach.
  •  182
  • Iarna teilccen ar lar lindedh,
    Nir léim indill,
    Ticc a bhrat araon on abhainn
    'S a taobh tirim.
  •  183
  • Adhmad ecclaisi do iomcair
    Go a h-áit bunaidh
    Le fedhain aingel gan animh,
    Caingen cubaidh.
  •  184
  • Ogh do bí ag Ída 'arna altrom,
    Nirbh óg Éda,
    Do fhurtaigh í ar aithne Ída
    D' aithle a h-écca.
  •  p.243
     185
  • A dhamh lé gadaighe gádthar,
    Ger ghoid fholaidh,
    Cluas an doimh as a bhél berair,
    Fa trén tobaigh.
  •  186
  • Braighe fa rér o rígh Laighen,
    Labhra deimhneach,
    Tucc leis, mar do-clos go cuimnech,
    A glas geimlech.
  •  187
  • An domhan uile go h-iomlan
    D' fairrge is d' fionn-magh
    Do-chonnairc tre radharc ro-ghlan,
    Amharc iongnadh.
  •  188
  • Do-chuir 'ar n-écc eich meic Fiachrach,
    Nír écc folaigh,
    A h-anam innte 'arna h-oidedh,
    Cinnte an cobhair.
  •  189 199a
  • Tucc gach crann aimrid don fiodhbaid
    D' Aodhócc umhla;
    Fern is beithe túas da tarba
    Fa cnúas cumhra.
  •  190
  • Dréimire óir ag Aodh aga dréim
    Ga ferr férach,
    Ag dul o thalamh glan grianach
    Go nemh néllach.
  • Fa glóir anma Colaim Cille
    Go cúirt nimhe
    Do-cuaidh súas isin rian reimhe,
    Grían go n-gile.
  • Da slondainn míorbaile M' Aodog,
    Mór rea sloindedh,
    Ar a fhertaibh, calma an cinnedh,
    Tarla tuilledh.
    Tuilledh.
  •  lxviii
     191

    Aimsir ele do M' Aodhocc ag siubhal na sligedh go h-Ath Iomdhain. Adubairt a giolla ris: “Abair riom, a athair”, ar se, “cia bhes 'na epscop it ionadh it chathraigh féin, i f-Ferna”. Do raid M' Aodócc: “Gibe neach oiscceolus dorus an atha úd romhainn, asé bías  p.244 'na easpocc im ionad-sa”. Do-conncattar da n-ionnsaighe buidhen do sccolairibh baotha bioth-udmalla maille le scciataibh, ⁊ le gáibh lenbaighechta léo, ag denam cluiche ⁊ coimhiomána. Tainicc nech díobh, ⁊ do fosccuil dorus an átha go h-ullamh, ⁊ do-léicc súas an comhla baoi fris. Adubairt an giolla: “An deimhin gurab é an sccolaighi ócc eccríonna útt bús padrún dúinn it ionad-sa”? ar se.

     192

    Tainicc tra an sccolaighi go M' Aodhog iar sin 'ar n-adhnadh ⁊ 'ar lasad don Spiorat Naomh go h-iomarcach ann, ⁊ do raidh ris: “A fhir diadha deisccréidigh”, ar se, “dob aíl liom-sa dol lat, ⁊ mo betha do thabairt at tír fo cuing do riaghla-sa, ⁊ do ro-chrabaidh”. Do fhiarfaigh M' Aodóg de, ca tír dó, no ca h-ainm boi fair. “Muimneach meisi”, ar sé, “⁊ Cronán m'ainm .i. Cronán mac Faoilinn, meic Feradhaig, meic Eirc, meic Fiachrach, meic Deghad, meic Eogain, meic Deghadh, meic Labhradha, meic Bresail Bhelaigh, meic Fiachach Baicedha, meic Cathaoir Móir; ⁊ d' aittreabtachaib na Luacra tes damh”. Adubairt M' Aodocc: “Goirfidher ainm ele díot .i. Mo Ling Luacra; ⁊ len meisi o so amach”, ar sé.

     193

    Lenais Mo Ling Luacra é as a h-aithle  199b go h-aimsir báis M' Aodhóig, go n-dernadh fer naomhta, nós-oirrderc, naomh-craibhthech dhe 'na dhecchaid, gur ordaigh M' Aodhócc ar son a mhiorbuiledh ⁊ a mor-naomhtachta a beith 'na espucc urdalta ina ionad féin i f-Férna dó a n-diaigh a bháis .i. ina theghdais féin, ⁊ ina chathraigh choisergtha; ⁊ do coimhledh mar do gheall M' Aodhócc gach ní aca-sin.

     194

    Dligitt muinnter Raghallaigh Druim Lethan do mhétucchad ⁊ do mór-onoruccadh sech cach, óir do fháccaibh M' Áodócc d' fágbhálaibh aca, a n-edala do techt for a leaptachaibh chuca, ⁊ do aithin díbh gan tadhall na t-athaigidh for a ferann féin, ⁊ gan uirett an míl muighe no an bric dubháin do bethadhach for bith do marbadh for crich a chille no a thermainn, ⁊ da n-dérnadh, giorra sáoghail, ⁊ ifern, gorta ⁊ galar do ciond. Anuair do bí deichneabhar ⁊ ceitre cáocca do naomhaibh maille re M' Aodocc i n-Druim Lethan ag guidhe Dé go díochra im díth ⁊ im dílghenn for gach n-áon do dhenadh a sáruccadh, no a h-éiccen, no a h-aindéonucchad; ⁊ fós im rath ⁊ im shobarthan for an lucht do dhenadh réir a sámadh ⁊ a sruithedh dia éis.

     195

    Isíatt so na seacht mionna battar 'na narmaibh cathaighthe ag M' Aodhóg i n-acchaid eccóra slechta Aodha Find, ⁊ cáich a c-coitcinne .i. an Bhrec, ⁊ an Bhachall Branduibh, ⁊ an Bhachall Bán, ⁊ an fionn clocc .i. Clocc na t-trath, Clocc an deilcc, ⁊ Mac rath, ⁊ an menestir. Dlegaitt dano Siol Áodha Finn an tan do-cífitt miond dona mionnaibh-sin, no iatt uile, éirge rempu, ⁊ slechtain dóibh.

     p.245
     196

    Conidh do deimhniucchad anmann na mionn sin an t-ugdar na roinn-si:

  • Ca lion mionn ag M' Aodhócc mór,
    Lea n-ainmniuccad gan ansodh?
    An ceist chuirim gan cogar,
    Eol damh féin a fúaslaccadh.
  • Na seacht n-aird-mhionna go m-blaidh
    Do comhroinn ar a cheallaibh
    Faccbais lea n-iomradh uile
    Go h-iomlan an faidh firinne.
  •  200aBennachad cáich aca-sin
    A h-ucht M' Áodhocc móir mion-gloin,
    Cuibrech caich iad 'na deghaidh,
    Da t-tuillter a t-troim-deabhaidh.
  •  197
  • Áiremh na mionn meabhair lem,
    Ler taobh cumdach na c-caomh-ceall
    Lena bind-briathraibh gan móid,
    Do réir mín-riaghla M' Áodhóig.
  • A h-áon, an Bhrec go m-buadaibh,
    Bheires trén ar throm-sluaghaibh;
    A dó dibh, an m-Bachaill m-Báin,
    Do bí i l-laimh Aodha iomláin.
  • An m-Bachaill m-buadaigh m-Branduibh,
    An tres díob adubramair,
    Mar do-clos uaim-si gan móid,
    Uaisle na mionn-sa M' Aodhóig.
  • An cethramadh mionn diobh soin,
    An m-blaith-menistir m-buadhaig,
    'Na b-fuil cuid da aisccidh féin,
    'S roinn do thaisibh an fhiréin.
  • An cuiccedh an Mac ratha,
    Do bí i l-laimh an naomh-flatha,
    Céolan urnaighthe a chuirp cain,
    Ar glún ar ucht an érlaimh.
  • An seisedh diobh, Clocc na t-trath,
    Do cruinnigedh don chill cách,
    Do teighdis faa ghuth don cill
    Ced is cáocca mac leiginn.
  •  p.246
  • An seachtmadh dibh, Mac an deilcc,
    Do bí i m-brot an ghil gruaidh-deircc;
    As íad sin do réir áirimh,
    Seacht mionna an féil fír-failidh.
  • An mín máordha, an maccaomh óg,
    Fertach miorbuilech M' Aodhóg,
    A sccéla, as léir-glan liom-sa
    Érlamh na secht saoir-mionn-sa.
  •  198
  • Ca líon dlighes eirghe amach
    Le cois na f-fethal f-fertach,
    D' faghail ciosa da gach taoibh
    Do mionnaibh uaisle an ard-naoimh.
  • Asi as aird-chenn orra soin,
    An Bhrec M' Aodocc go m- buadaibh,
    h-i f-fuil aisccedha o Chriost féin,
    As do sccriobh Colaim cneis-réidh.
  • An Bachall Bán is ní brécc,
    Re n-dlegar cach do coimhett
    Os da n-áiremh go léir lion,
    Así so an dara h-aird-miond.
  • Teallach Duncadha na m-Buadh,
    Teallach Eachach, líon a slúagh,
    Cath Conmaicne, Cul O f-Floinn,
    Mar cuid ronna don bachaill.
  •  200bFir Manach 'sa Breifne anoir,
    'S Dartraighe 'gun m-Bric m-buadaigh,
    As lé a cíosa 'sa cána,
    A n-onóir, a n-ofrála.
  • Leis an menestir m-blaith m-binn
    Isna h-iathaibh-si adeirim,
    Tobhach a ciosa 'sa cen,
    Gan anaoibh is gan éiccen,
    O Droichet Atha gan faill
    Go Druim Lethan, mar labraim.
  • Don Bhachaill Brandaib, 's ní brécc,
    Cuiccedh Laighen na lain-ced,
    Di dlighter on cuiccedh caomh
    A cios d' faghail don ard-naomh.
  •  p.247
  • As amlaidh dlegaitt na maoir,
    An cíos toccbaid da gach taoibh
    Comharba M' Aodhócc gloin grinn,
    Da roinn uadha ar gach aird-cill.
  • 'Arna n-airemh liom go leir,
    Seacht mionna úaisle an firéin,
    Beitt uile, 's ní in bhar n-iongnais,
    Ag cur libh lá an ticcernais.
  • Gilla Mo Cuda, is ni gó,
    As edh m' ainm-si gan annro,
    Secht mionna M' Aodhócc gan gáoi,
    Lim do h-airmedh ar en-cháoi.
    Ca líon.
  •  lxix
     199

    Fechtus da n-deachaid M' Aodhócc go h-airm i m-bói Mo Laisi Daiminsi, do chengal a c-cadaigh ⁊ a c-comháonta le ceile i n-nimh ⁊ ar talmain, amhail do-rinnettar roimhe, an tan tucc an Coimdhe comartha a sccartana re 'roile doiph 'ar t-tuitim na c-crand fo bhun i r-rabhattar i c-crich Muighe Slecht go sonnradhach fecht ele, amhail ro innisemar cena; ro cenglattar tra cadach ⁊ comhaonta cuirp ⁊ anma a n-aoin-fecht annsin .i. gibe do thuillfedh éccnach nó oirbhire o dhuine díbh, a mhallacht ⁊ a móir-easccaine a n-aoin-fecht ar an tí do tuillfed; a m-bennacht ⁊ a m-buan-guide ag gach nech do dénadh a ríar ⁊ a ro-buidhechus búdéin, ⁊ riar ⁊ ro-bhuidhechus gach duine do lucht a n-ionaid dia n-éis. Ocus do ordaighettar ettorra féin in uair-sin tús onóra ⁊ airmittne cáich ga ceile dibh do commalairt imoseach eter a sruithibh ⁊ a sámhaibh, .i. tosach guide  201a ⁊ gér-ataigh acc M' Aodhócc a mainches ⁊ a moir-thermann Mo Laisi; ⁊ tosach ag Mo Laisi 'na mainces san; uair ni dual atach ná iomrádh M' Áodog gan Mo Laisi, na Mo Laisi gan M' Aodhóg; amhail ata 'san rann-so:

    1. Ionann rún, ionann aonta
      Don da naomh-sa go maisi;
      Ni bí Mo Laisi gan M' Aodocc,
      Ni bí M' Aodhócc gan Mo Laisi.

     200

    Ro chengail ⁊ ro comdaingnigh Mo Laisi cíos ⁊ cánachus M' Áodhocc for Mhanchachaibh don mór-cuairt-sin .i. cuairt cascc gacha tres bliadna; screpall for gach cathraigh ⁊ for gach dúnadh dia n-duintibh, ⁊ marcc for an righ an lá ríoghfaither é, ⁊ brat for gach taoisech. Leth-bonn ar gach en-tech do Tuaith Ratha .i. for shliocht  p.248 Cairpre meic Neill i n-aoin-fecht. Pinginn ar gach n-dethaig eter Manchachuibh uile; tús gach cuirn comhóla, guala gach righ ⁊ gach ro-flatha, tús aithiscc ⁊ uradhaill d' fior a ionaid dia eis; ⁊ fos gan righ na taoisech tuaithe do denamh isin tír gan luach lesa do mhuintir M' Aodhóg. Tech ⁊ garrda i m-baile Mo Laisi ag M' Aodhócc .i. Daimhinis. Eirghe do muinntir Mo Laisi re muinntir M' Aodhócc gach uair do-chifitt; ⁊ maran c-cedna ag muinntir M' Aodhócc re muinntir Mo Laisi. Ro faccaibh immorro Mo Laisi lén ⁊ laicce, diommbúaidh cuimhne ⁊ comhairle for Mhancachuibh, acht go c-cluinit an cíos-so aga iarraidh; acht muna íocait go h-umhal orramach fri maoraibh M' Áodog.

     201

    Ro órdaigh M' Aodhócc feisin do Bhreifneachaib rea m-bethad riar ⁊ ro-bhuidhechus muinntire Mo Laisi maran c-cedna, ⁊ gan a leiccen fo éra. Tucc Mo Laisi fós leth-cethramha d' ferann gan cion easpuicc na aird-righ uirre do M' Aodhócc, le cois gach comadh ⁊ gach coimhthiodlacaidh da tucc dó, d' áit urdhalta fri tobhach ⁊ fri tionól a chiosa ⁊ a chanachais for crich Manchach guna mór-thúathaibh, ⁊ dia breith asséin dia aird-cheallaibh buddéin d' éis a tionóil go h-en-lathair ar cionn a máor ⁊ a mór-comharbadh.  201b Cumhdaighis M' Aodhocc ceall caomhettrocht choiserccta isin ionad-sin, dárab comhainm na Cealla Becca. Ocus fáccbais Ó Congaile a c-cennus na cille-sin, da cumdach ⁊ da cothucchad. Ata lec M' Aodocc isin maighin-sin forar fháccaibh féin do buadhaibh, gibe nech do dhenadh eccóir no ainndlicched for oirchinneachuibh no for aittreabthachaibh na h-ecclaisi-sin, gan a beith a c-cionn bliadna 'na bethaid; ⁊ an lec-sin d' iompod fo tri tuaithbhel fair, mar adeirit eolaigh an fherainn ⁊ na criche a c-coimhneinfecht; mar adeir an senfhocal .i. Sencaidh gach fer forba nó ferainn.

     202

    Conidh do dherbadh gach neite díbh-sin do-ronadh an laidh-si síos:

  • Cert M' Aodhócc ar shluagh Mhancach,
    Gasradh riogdha ro-marbtach,
    An cert do cengail Mo Laisi,
    Gniomh ar a b-fuil fiadhnaisi.
  • Mo Laisi cenn Manchach uile,
    Eter righ is ro-duine,
    Do cengail cadach 'na fód
    Eter é féin is M' Aodhócc.
  • Mar so do cenglatar soin
    Na naoimh a c-cadach cubaidh,
    O luach ced marcc go dealcc bruit,
    Is tobach air mar eraic.
  •  p.249
  • Do naiscc Mo Laisi mac Nat Fraich
    For a muinntir féin gan gáoi,
    Guidhe M' Aodhócc mín go m-bloid
    Ar tús coidhce da c-cabhair.
  • Cuairt gacha tres cáscc go rath
    Tucc M' Laisi malla miadhach;
    Screapall gach catrach 'na fód
    Ar tús do mhaoraibh M' Aodhócc.
  • Marcc an lá do-gentar sin
    Rí Eirne an fherainn toirthigh
    Do cur a t-treisi ar gach ród
    A n-onóir M' Laisi 's M' Aodócc.
  •  203
  • Leth-bonn as tigh gach Ráthaigh
    Mo Laisi ar a thír do thathaigh,
    Do cléir M' Aodhócc fath faoisimh,
    Ocus brat gach ríog-táoisigh.
  • Corn ar tús do M' Aodócc Mor
    Do aontaigh Mo Laisi ar a slogh,
    Guala gach riogh, réim gan broid,
    D' Áodhócc is d' fior a ionaid.
  • Tuilledh ele don chíos cóir
    Atá orra da onóir, 202a
    Tús aithiscc an chaomh-fóid chain
    Acc M' Aodhócc guna muinntir.
  • Ata tuilledh 'sar luaidh sinn,
    Ar sluagh Manchach, mar mhaoidhin,
    Ac M' Aodhócc da chíos gan choir,
    Pinginnar gach n-dethaig.
  • Rí ná t-taoisech, ni céim cert,
    I c-crich Manchach a n-aoin-feacht
    Do dhénamh do sen na d' ócc,
    Gan luach lesa do Mh'aodocc.
  •  204
  • Do gheall M' Laisi, fa mór-tren,
    Go m-beittis a laoich fa lén,
    Da t-tuccdáis dímhes 'na fód
    Ar mhainces díles M' Aodhócc.
  •  p.250
  • Mancaidh da c-cluinit an cíos,
    Is gan iatt uile da íoc,
    Biaidh orra 'gun c-Coimdhe
    Diommbuaidh cuimhne is comhairle.
  • Cliar acc denamh áor uile,
    Cliar ele rea n-esccuine,
    Fir Manach, as doilghe daibh,
    Mallacht mic Sédna d' fagail.
  • Tech is garrdha 'na chill caoimh,
    Fa mó 'sa mó mar cumaoin
    D' Aodhocc mar ionad tathaimh
    Tucc M' Laisi eter Mancachaibh.
  • Ni dlighitt muinnter Mo Laisi
    Gan éirghe ar gach én aiste,
    Ar gach ferann, ar gach fód
    Go brath ré muinntir M' Aodhócc.
  • Tucc an naomh miadhach Mo Laisi
    Do M' Aodhócc áit ecclaisi
    Da chartún saor mar soin
    Gan cion aird-righ nó espuicc.
  • As aire tucc an chill caomh,
    Mar brondadh uadh don ard-naomh,
    Do thionol a chíosa cain,
    Da comhroinn ar a ceallaibh.
  •  205
  • Ata lec ina leic luim,
    Mas fír d' eolchaibh an feruinn,
    Ó Mh' Aodhócc isin chill cáid,
    Da h-anacal ar eccóir.
  • On leic sin go bráth ní bí,
    'Sa h-iompód tuaithbel fo trí,
    Fer a h-éccora gan ail
    A c-cionn bliadna 'na bethaid.
  • Cúis fár chengail an da naomh
    Cadach ettorra d' en-taobh,
    D' uaisliuccadh a c-ceall c-crodha,
    'S do meducchad onóra.
  •  p.251
  • Do choscc coccadh ocus cath,
    M' Laisi do chengail cadach 202b
    Le M' Aodhócc na m- briathar m-bind
    'Mon c-caomh-fód iath-ghlan fairsing.
  • An trath tiaghaitt o a t-tigh féin
    Muinter Mo Laisi do min-réir,
    Dlighitt Breifnigh tar gach nech
    A cleiribh do beith buidheach.
  • Ni lenfa sinn óso amach
    Do cadach na naomh neimhneach,
    Atá ina c-cert le ceile
    Gan fheircc is gan aimhreide.
  • Mé Giolla Mo Ghoda on ród
    Do mhuinntir Mo Laisi is M' Aodhóg;
    Tre guidhe na naomh go nert,
    Go m-berarar nemh naoimh-cert.
    Cert.
  •  lxx
     206

    Fechtus dia m-bói M' Aodhócc ⁊ Ulltán Aird Brecain acc Ath na b-Fer a b-fochair aroile, 'ar t-teacht on Mumain do M' Aodhóg, ro chenglattar a c-cumann ⁊ a c-caratradh le ceile annsin, ge do chenglattar roimhe go minic, óir fa lucht baidhe ⁊ bith-chadaigh do bhunadh d' aroile iad féin. Aithnighis M' Aodócc d' Ulltán an uair-sin cuma a chiosa ⁊ a chána for cinedh ⁊ for chlannmaicne Aodha Finn; ⁊ fós cuma a gég n-geinealaigh, ⁊ a chraobh coibhnesa, tre glosnaithe filedh; óir fa file, ⁊ fa fíor-naomh, an fer-sin .i. Ulltan. Ro thairrngirset an da erlamh ⁊ an dá árd-náomh-sin gach rí ⁊ gach ro-thiccerna da t-tiucfadh go deiredh an domain do cinedh Aoda Finn; gurab aire-sin ro airim Ulltán ainm gach aon rígh ⁊ gach áon ticcerna dibh-sein tre glosnaithe ealadhna, tre mhunadh ⁊ móir-theccuscc M' Aodhócc, maille le cuma a chiosa ⁊ a chána forna cinedhaibh. Ceileabhrais cách dibh da céile don cur-sin go cumhthach, ciamhair, comhtuirsech, 'arna rádh do M' Áodhócc nach f-faicfedh cechtar diobh a cheile go brath tre spirat fhesa ⁊ faistine.

     207

    Teid M' Aodócc siar go Cluain Meic Noís do cengal a chumainn ⁊ a cadhaigh le Ciarán cona coimhthionól. Téid tra Ulltán soir go h-Ard m-Brecain go a bhaile féin; gurab ann ro cum ⁊ ro comhfuaigh tre aircetal ughdar ⁊ ollamhan gluine geinealaigh ⁊ craobha coibhnesa catha Aodha Finn,  203a ⁊ cioscain M' Aodhócc amhail ata siosana:

  • Senchus M' Aodhocc meabhraigh lat,
    Uair ni dleghar a dhermat, p.252
    Eccnaidh ó Fherna an glan gle
    On Druim 's ó Ros Ainglidhe.
  • Do aithin eccnaidh 'na sen,
    'Ar t-tíchtain go h-Ath na b-Fer,
    A shenchus go léir 's go lom;
    Ata go h-eolach agam.
  • A gabhail gacha samhna;
    Da fhurail ar Shíol Ferccna,
    Na beirdis leo fo diamhair
    An cháin gan a gnath-iarraidh.
  • Laibheoratt don canaidh caoimh,
    Sloinnfet sencus an ard-naoimh,
    Adér ribh a fhír gan on,
    An líon riogh bhías 'ga fhoghnamh.
  •  208
  • An cethrar dherbhus an rand,
    Luaidh 'san sencus a n-anmann,
    An drem da n-dlegar dia éis
    A tabach isa fhaisnéis.
  • Cuicc bliadna cethracat cain
    'Ar t-tichtain dó tar muir anóir,
    Meabraidh me da eis uile
    A fherta 's a mhíorbuile.
  • M' Aodhócc Mór mac sáor Settna,
    meic Eirc, le c-claoitti céda,
    meic Feradhaig fhéil gan ail,
    meic Fiachrach, meic Amalgaidh;
  • mheic Muiredhaig, meic Cárthainn,
    meic Eirc, meic Eachach Álaind,
    meic Colla Úais, laoch gan len,
    meic Eachach déttla Doimhlén;
  • Mheic Cairpri a Life, na ceil,
    Meic Corbmaic, meic Airt Aoin-fir,
    Meic Cuinn Cétcathaig calma,
    Ór sioladh gach saor-dhamna.
  • O Mh' Aodhócc fa mór-eccna
    Go Conn fa faoilidh freccra,
    Ní cheiseabh ar an c-cuire,
    Da sheiser 's da dhegh-dhuine.
  •  p.253
     209
  • Dalta Caillin caoimh credhail
    Do-níodh léghadh gach leabhair,
    Oirbhertach an eccna uill,
    Toirbhertach b-freccra ó Choluim.
  • M' Aodhócc do shíol Colla Úais;
    Colaim Cille nar críon duais;
    Días do Leth Cuinn go c-céd rath,
    Dia n-éis ni thic a c-comhmaith.
  • Ionnraic áilghen, cechtar de
    Mór ar chách a c-cumaoine; 203b
    Ni tiocfa, ciodh daor an dlug,
    Éccnach dia n-éis 'san saoghal.
  •  210
  • Ag Tuilen le taobh an roid,
    Ann do sccaras is M' Aodhócc,
    Eisiumh síair go Cluain gan crád,
    Meisi soír go h-Ard m-Brecain.
  • Is annsin adubairt riom,
    Aithescc fire nar gar liom:
    “Cidh cian, cidh gar, ar dhá ré,”
    “Nochan fhaicfem a ceile”.
  • Fertach fíre h-i f-Férna an fer,
    Maith da aoidhe i n-Druim Letan;
    Ann as géire rea ghuidhe,
    Acc Meilghe 'san Ros Ainglidhe.
  • Druim caomh ced ionad ar gabh
    'Ar t-tiachtain a crich Muman,
    Dár bhaistt Aodh Dubh acc Ath Airm,
    Dar len Aodh Fionn an fíor-ainm.
  • Bennaighter Aodh leis annsoin,
    Rath righe d' fior a ionaid,
    Acht nach diultadh, réim riaghla,
    Cáin M' Aodhócc gach en-bliadhna.
  • Do fháccaibh buadha go brath
    Do clannaibh Ferccna sech cách,
    A thír, a fonn ina fine,
    Co nach treabhdais ainffine.
  •  p.254
  • Aca do fáccaibh gan on
    Eineach is féle, is foghnam,
    Aoidhedchaire, as buga breth,
    Fulang coccadh, is crúas cath.
  •  211
  • Ard-fhlaithes re h-athaid doibh
    O Mh' Adhócc gusan mór-gloir;
    Triar os Bhanbha, foirglim feacht,
    Tri trír os cúiccedh Connacht.
  • 3334
  • Tri cuicc riogha aca iar sin
    Gebhus ar an m-Bréifne, na ceil,
    No go t-tuccthar an tar trom,
    As meabhair liom a n-anmann.
  • Tri Fergail, tri Aodh amhra,
    Trí Neill, tri h-Ualgaircc ferrdha,
    Ticcernán, Amhlaibh, da Art,
    Cúicc Concubhair, da Cathal;
  • Mac an Chosccraigh, an Crom-bán
    As leissin beirther an tár,
    Asé sin lingfes na fir,
    Ocus millfes na Breifnigh.
  • Cian lem gid choimsigh an fer,
    Tren tucc fa toirrsi m' aignedh,
    'Ar fuinedh gréine a ló the,
    Cath Cinn t-Sleibhi ata ar m' aire.
  •  212
  • Na riogha gabhus iar soin
    Diobh go deiredh an domhain, 204a
    Gibe do sccriobh, ní snaidm sunn,
    Ainm gach riogh diobh aderam.
  • Amhlaibh, is da Tadg gan tár,
    Tri Domhnaill, Lochlainn, Aodh Bán,
    Rúaidri, Art, tuirbhim gach tan,
    Muircertach, is da Cathal;
  • Aodh an Dúin, Goffraidh Ferrdha,
    Do shiol Bán-chosaigh Lemhna,
    Domhnall, Donnchad, Murchad Mend,
    Fergal Fuilech, Aodh Imgerr.  35
  •  p.255
  • Aodh Imgherr o Léim an Leith
    Gebhus an Bhreifne fodeigh,
    An tan bús diothach an drem,
    Flann Ciothach bús rí Erenn.
  • Acc sin gan bhréicc, gan bhernadh,
    Rioghradh Breifne, Síol Fergna,
    Dligit cain do M' Aodhócc mas,
    Amhail sloinnes an senchas.
  •  213
  • Ag so cáin M' Aodhócc na mionn
    O Shíol Fergna, is o Aodh Fhionn,
    Ó fheraibh Saidbre na srían,
    Is o oirechtaibh Oirghíall.
  • Each, erredh gach righ go rath,
    Molt, muc, mart, ocus dabach,
    Gan faill tabach orra soin,
    A t-tabairt uair 'san bliadain.
  • Bó as gach baile, ni saobh soin,
    Is sgreapall as gach deathaig,
    Tosach tairchi is comhóil cain,
    Tosach failte is fothraccaidh.
  • Da n-diultait Siol Fergna an cain,
    Biaidh orra díth is diogbháil,
    Ni bía a nert ar nech fo nimh,
    Oír ticc ríu nert Dé dhuiligh.
  • Dó dlegar tabach an tréoid,
    Gibe as manach do M' Aodhócc,
    An cethrar fíalsa fuair sin,
    Biaidh gan iarsma 'na degaidh.
  • Céle is Aodhán o Férna,
    As léo leth foirne is fedhma,
    'Sa leth ele tra gan tlus
    Ag Fairceallach, acc Fergus.
  • Da léiccit uatha go beacht
    An cáin gan túr tre mhainneacht,
    Biaidh an ecclas Dhe fó ghron,
    Is bíaidh an tír gan toradh.
  •  p.256
  • Tri ní mhilles an Bhreifne,
    A n-iomtnúth féin le céile,
    Cur re Cruachain aird na nech,
    Is mainneachtnaighe a cleireach.
  •  214
  • An cethrar da tucc a cóir,
    As íad boi faris 'san Roimh, 204b
    Lucht curaigh mheic Settna ar fecht,
    Da t-tucc iar n-écc a oighrecht.
  • Is edh dlighes gach duine diobh-sin
    Beith ar comméitt don muinntir,
    Comméitt cadhais íatt aráon,
    Mar do ordaigh an t-ard-naomh.
  • An uair díultar tre debhe
    Cáin M' Aódhócc 's a muinntire,
    Biaidh socht ar shluagh Lemhna lais,
    Biaid Clann Ferccna fo athais.
  • Biaidh a crioch 'na comhar crech,
    Beitt fir ag fodail Breifnech,
    Riu éirges fercc Dé do nimh,
    Traotar a c-cert ar Crúachain.
  • Raidim, ni diamhair an breth,
    Tucc fiadhain o Dhia duileach,
    Nochan fuil cobhair na f-fer
    Faa c-comhair acht én-magh.
  • Troisccitt cinn na t-tuath 's na t-treabh
    I r-Ros Inbhir na n-Aingeal
    Im fhéil M' Aódhócc, moid gan ces,
    Doigh as de ticc a t-trom-les.
  • Aitchet na naoimh fionna anoir
    Im thecht cuca da c-cabhair,
    Aitchet re tennta gan geis
    An damh dercc a Daiminis.
  • Ni lamhtar a tír 'na t-tres,
    Go t-tí flaith rea finechas,
    A t-tír do thadhall go trom,
    Nocha lamhonn sluagh eachtronn.
  •  p.257
  • As me Ulltán o Ardbile,
    M' anam ar cor righ nimhe,
    Im fili, im faidh, ro fes,
    As de shloinnim an senchas.
    Senchus.
  •  lxxi
     215

    Is amhlaidh so immorro ro órdaighsett na naoimh .i. Colaim Cille ⁊ Caillín cíos M' Aodhog for Úibh Briuin, ⁊ for Laighneachaibh, do comhroinn eter a ceallaibh ⁊ a chomarbaibh .i. eter Druim Lethain, ⁊ Ros Inbhir, ⁊ Férna Mór, óir fa dalta dil degh-thairisi do Chaillin M' Aodhócc, ⁊ fós fa fer cumainn ⁊ carattraidh dó Colaim Cille maran c-cettna, gur órdaighettar ar an adhbar-sin cíos M' Aodhócc do roind eter a thrí ceallaibh. Trían cíosa M' Aodhócc go Druim Lethan, an méid do-gébthar i n-Íbh Bríuin de; ⁊ a dá t-trían go Ros Inbhir ⁊ go Férna. Da t-trían ciosa Laighen go Druim Lethan, ⁊ go Ros Inbhir. Ni dligit muinter Droma Lethain an cíos abhus d' iodhlacadh amach go Férna, ⁊ dlighitt  205a muinnter Férna an cíos d' iodhlacadh uatha go Druim Lethain; oir do fháccaiph M' Aodhócc d' fiachaibh ar muinntir Céile ⁊ ar mhuinntir Aódháin iodhlachadh an chiosa-sin go Druim Lethan; dith fine immorro, ⁊ spreccadh, ⁊ athais gach aoin orra muna t-tuccdáois an t-iodhlacadh-sin dó.

     216

    Até annso áiremh cíosa Laighen Mh' Aodhócc .i. beirt righ Laighen an lá do-gentar rí Laighen de, acht a léine sroil, ⁊ a áon-ghae; ⁊ lána bhróicce d' airccett; ⁊ fer ionaid Aodha meic Setna do theacht fo thrí 'na timceall. Ocus ó do-bhéra féin, nó fer a ionaid, slat i l-laimh in rígh, biaidh buaidh tréine ⁊ treisi fair. Dliccedh an rí an lá-sin cona muinntir offrála móra do dhénamh o bhécc go mór, ⁊ an tres cuid dá t-tiubra rí Laighen uadha, dlighitt rioghradh Laighen a thabairt uatha, ⁊ an cíos-sin uile do thabairt ar laimh na c-comharbadh, gibe roinn thoileochait do thabairt fair .i. O Fairceallaigh ⁊ O Fergusa, óir ni fhuil cumacht ag aoinnech ele fair, acht amhail oirdeochaitt.

     217

    Conadh do dherbadh ⁊ do dheimniucchad chomhronda an chiosa-sin eter na comharbaibh do-rónadh an laidh:

  • Comhroinn M' Aodhócc, fa mór modh,
    Mar do ordaigh an t-érlamh,
    Eter a cheallaibh go cóir
    Ar a chíoscain accédóir.
  • Atád 'arna dherbhadh damh
    Ag M' Aodhócc Dhroma Lethan,
    Trí cealla lána gan locht
    I l-Laignibh 'sa c-clar Connacht.
  •  p.258
  • Férna Mór M' Aodóg gan bréicc
    I c-crich Laighen go lán-meid,
    Druim Lethan, as sealbh sochraidh,
    As naomh-port do Connachtoib.
  • Ros Inbhir, Cuillin na b-Fer,
    As úaisle na gach aittreabh,
    Port na f-Finnlec, tar gach fód,
    Ann do h-adhlaicedh M' Aodhócc.
  • M' Aodócc féin do- rinne an roinn
    Ar na trí ceallaibh chanaim,
    Roinn a chiosa 's a cána,
    Fa roinn díles diongmála.
  • Colum Cille is Caillín caomh,
    Do ordaigh an da ard-naomh
    Roinn na cíoscána gan col
    Do denamh i n-Druim Lethan.
  •  205bDo ordaigh Colaim Cille
    D' Aodhócc, fáidh na firinde,
    Roinn na cíoscána do chum
    Ar a cheallaibh a c-comhtrom.
  •  218
  • Cíos Laighen d' Férna na f-fledh
    An la rioghtar ri Laighen,
    Beirt an choccedhaigh da ched,
    Is lán a broicce d' airget.
  • Do rígh Cruachan dlighther soin,
    'Ga rioghadh h-i Connachtaibh,
    Fer ionaid M' Aodhócc gan feall
    Do thecht fo tri 'na thimceall.
  • Acc fer ionaidh mheic Séttna
    Ata an lúach maith-si ader-sa,
    Erredh rígh Connacht na c-cath,
    Acht lene sróil is áon-ghae.
  • Offrála lá dénma an righ
    Óna sleachtaibh, ona shiol,
    Dlighitt eter sen is ócc
    D' fior ionaid miadhach M' Aodhócc.
  • Cath Aodha Find fein malle,
    Gibe díbh gebhus righe,
    Ná siritt slata 'na n-doid,
    Acht ó fhior ionaid M' Aodhóicc.
  •  p.259
  • Ócclach M' Áodócc ó do-bheir
    Slat righ i l-laimh in righ-sin,
    Béraidh búaidh i n-gach t-achar,
    Na sluaigh féin da áontachad.
  • Trén ele a ionnsamhail sin
    Atá ag gach rí do Laighnibh
    Ar fedh caomh-fód a chrioch féin,
    Ocus M' Aodhócc do mín-reir.
  •  219
  • Trían a chíosa 'sa chána
    Do ordaigh M' Aodocc málla
    Do Dhruim lán-oirdheirc Lethan,
    A n-deinedh Áodh áitechadh.
  • Trian ele an chiosa gan chaill
    Do Cuillín na f-Fer n-Álainn
    Tucc M' Aodócc mar cóir cairte,
    Da Roimh aoibhinn adhlaicthe.
  • Trian gach cíosa da m-bé a bhus,
    Dliccid Férna go follus
    Do chuid ronna on táoibh túaidh,
    'S gan a iodhlacadh en-úair.
  • Da t-trían ciosa Ferna féin
    Do theacht ar aithne an fhiréin
    Go Druim Lethan gan locadh,
    Is íadh féin da iodhlacadh.
  • Cele ocus Aodhan gan on
    Dó órdaigh da iodhnacal,
    Muna iodhlaicit, gan acht
    Tuillit ó M' Aodhócc mallacht.
  •  206aArd-port M' Aodhócc, asé sin
    Budh cenn uidhe da gach aoidhidh,
    Druim Lethan, treabh go t-taintibh,
    Re linn M' Aodhócc mór-fhailtigh.
  • Dá madh le M' Aodhócc na f-fledh,
    Mar bú leo Caiseal do sheal,
    Ní treiccfett Druim Lethan lór
    Ar maith 'san cruinne comhmór.
  •  p.260
  • Tri dabhcha, as dá dligedh soin,
    Is blas meala ar gach n-dabaigh,
    D' fior ionaid Aodha i n-am óil,
    'S do Ros Inbhir mar onóir.
  •  200
  • Na trí h-aird-cealla gan on
    Atád ag Aodh mar ionad,
    Tucc cennus na c-ceall ele
    Do Ros Inbhir d' áiridhe.
  • Ros Inbhir nír tréicc Aodh oll
    Ar impidhe, na ar fhorgall,
    Mar tá innte a clí 's a corp,
    D' feithemh dhi ocus d' furtocht.
  • Do tiodhlaic Aodhóg go bráth
    Cennus is uaisle iomlán,
    Smacht is cáin a cheall go cert
    Do Ros Inbhir a n-ein-feacht.
  • Ata 'sa chill-si a b-fuil sinn,
    Leabhar ard-náomh na h-Erenn,
    Sgela gach naoimh díbh gan ail,
    Is sccela a c-ceall go cubaidh.
  • Gibe diobh nach leghthar lim,
    Do leabhraibh ard-naomh Erenn,
    Léghaim fa mhaisi gan móid
    Leabhar Mo Laisi is M' Aodhócc.
  • Leabhar M' Aodhócc, fa caomh cruth,
    Ar grad cinnte is ar chadach,
    A tregad dím ni dligid,
    Leghtar lim go lain-minic.
  • Giolla Mo Ghoda rea ghairm
    Ag eolchaibh, is e m' forainm,
    Ar ceallaibh M' Aodhócc gan mhoill
    Mé rea chíoscáin do comhroinn.
    Comroinn
  •  221a

    Eittirbhretha M' Aodhócc annso do réir Ghiolla Mo Choda Í Caiside an t-sáoi fhesach, fhír-eolach, marair lea sccriobadh on ard-naomh gan merball, gan merachad .i. a bhretha eter a cheallaibh cadhasachaibh comhmóra, ⁊ cath Aodha Finn cona rioghuibh ro-úaisle, cona táoiseachaibh tenna, tiodhláictheacha, cona m-brughadhaibh, ⁊ cona m-bíatachaibh .i. onórucchad a cheall ⁊ a chlíar, a mhionn  p.261 ⁊ a mhóir-fethal, a thermann ⁊ a thrén-cadhas, ⁊ gan a mhionn no a mháoir  206b do leiccen go brath fo eiteach; ⁊ gan étheach fo mionnaibh M' Aodog. Gibe do-dhéna gach ní dibh-sin rucc M' Aodhócc do breith air féin cona cléir ⁊ cona coimhtionol guidhe tara chenn da shaoradh o phiantaibh adhuathmara iffrinn. Ocus gibe rí no tigerna coimheolus do M' Aodog, nach dleghar a esccaine acht fo trí cásaibh .i. sárucchad a cheall ⁊ laghduccadh onóra a comarbadh, ⁊ cumgachadh a fhuinn ⁊ a fherainn.

     221b

    Conidh da derbhadh sin do chum an t-ughdar .i. Giolla Mo Choda, an laidh:

  • Eittirbretha M' Aodhócc min,
    An áil libh a n-airemh dhíbh?
    A shluagh fer m-Breifnech go m-bloidh,
    Gabaidh uadha bhar múnadh.
  • Isé céd munadh do-bheir,
    Le M' Aodhócc erlamh eistigh,
    ar a cleirech gan cionaidh,
    Gan eitheach fana aird-mhionnaibh.
  • Mar comhairle da chleir fein
    Tucc M' Aodócc an caomh cneis-réidh,
    Sior-ghuidhe ar cath Aodha Finn,
    Da sechna ar piantaibh ifrinn.
  • Da c-cennchar an guidhe glan
    O cléir craibtigh na coradh,
    Acht muna diolait da cionn,
    Foccus doibh ecc is ifrionn.
  • Eittirbhretha meic Setna,
    Ata accam gan t-sena
    Gach ní atú do luad go grind,
    Eter tuaith ocus aird-chill.
  • Gibe baile a b-fáicfit sin
    Cliar M' Aodhócc mallacht bunaidh,
    Olc an baile 'sa daoine,
    Beith gan rath, gan ro-naoime.
  •  222
  • Eittirbhretha M' Aodóigh móir,
    A cath Aodha Finn fíor-cóir,
    Éisttidh lea léghad go cert,
    Ríaradh cách íarna n-eisteacht.
  •  p.262
  • Na bretha cetna gan cair
    Do réir tiomna do órdaigh,
    Da m-beith ar cuimne imosech
    Ag uaislibh riogh is taoisech.
  • Gan dáoirsi do chur 'na cill,
    'S mór-cumdach a mac leiginn,
    Congbáil a cadhais go cert,
    Mar sin tuillter a bennacht.
  • Tuilledh ele sloinnfe sinn
    D' eittirbreith M' Aodog béil-binn 207a
    Ar cách mar do bhaistt go glan,
    Ag luadh cert Droma Lethan.
  • Adbar fan abarthar sin,
    Eittirbretha léa brethaibh,
    Siad do bheith eidir da rann,
    'S an naomh m-breith go comtrom.
  • Ar Breifneachaibh, mar do dligh,
    Da sechna ar fheircc an Dulimh,
    A n-Druim Lethan, 'na naomh-fod féin,
    As breithemh M' Aodocc mín-réid.
  • Gan esccaine ar a rioguibh
    Go brath, acht fa trí gniomhaibh,
    Do mhol M' Aodócc 'na cill cain,
    'Na naomh-fód, i r-Ros Inbhir.
  •  223
  • Mar so tucc M' Aodócc da mhaor:
    Gibe thuilles na trí gniomh,
    Beith gan medhair 'na righe,
    Ma dlegair a easccaine.
  • A h-aon diobh: da n-derna so
    Adhbar righ, no rí ullamh,
    Cumhgugadh a fhuinn na a fhoid
    Go brath ar muinntir M' Aodhoig;
  • Fulang saraighthe a cille
    D' fior tren gan rath firinne,
    Isé deiredh bías de,
    A gniomh féin da easccaine.
  •  p.263
  • Ag so on tres gniomh diobh, nach lag,
    Fer a ionaid do dermat,
    A onóir o nach f-faige,
    Breth M' Aodocc a easccaine.
  • Tiomargain cethra no cruidh,
    Goid no meirle nach mothaig,
    Acht gaodh adhbal a dhaoine,
    Ni h-adhbar righ d' esccaine.
  • Ag sin na h-adbair gnátha
    Do cros an breithemh bratha
    Ar riograidh catha Aodha Finn
    Do cluinsin ina aird-chill.
  •  224
  • Saoghal fada, rath bunaidh,
    Fa gach ní da n-dubhramair,
    Tucc mac Séttna, réim go rath,
    Do luach a cheall do cumhdach.
  • Gach mac riogh coimhedfus sin,
    Biaidh mar gach ri don rioghraid
    Seachnadh sé fonn na coire
    Na ceall muna medoighe.
  • A chlann 's na riogha go rath,
    A tháoisigh tuath, 'sa sleachta,
    Fa cath Aodha ferrdha feil
    Mórfaid puirt M' Áodhocc mín-reidh.
  • Dénaitt gach maith da chill caoimh,
    Da cléircibh d' éis an naoimh, 207b
    Do-bhéra M' Aodhócc da chind
    Iomainn, uird, ocus aiffrind.
  • Guidhe ar gach duine immaille
    Fuair, do réir a chumaoine,
    Gach aon ceileabhrus 'na fhód,
    Do réir breithemhnais M' Aodhócc.
  • Ag sin bretha meic Séttna;
    Mairg Breifnech bes da séna,
    Nach diolfa a chíos faseach,
    Suil tí lá na n-eittirbreth.
  •  p.264
  • Ni h-ainm ele goirter diom
    Acht Giolla Mo Choda na naomh,
    Mo Laisi is M' Aodhócc faseach,
    Gnath leghann a n-eittirbreth.
    Eittirbretha.
  •  lxxii
     225

    Feachtus dia m-baoi M' Aodocc h-i f-Férna Móir a n-deiriudh a aimsire, gur fhoillsigh aingeal an Coimdhedh dó crioch a shaoghail, ⁊ deiredh a bhethadh do beith ina fhoccus ⁊ 'na fhoiccseradh don dul-sin, ⁊ do raidh ris tocht go h-ionadh a eiseirge, ⁊ go h-áit a adhnacail, ⁊ a chealla, ⁊ a annóide úaisle, ⁊ a thermainn toghaide d' fagbáil 'ga n-urradhaibh ⁊ 'ga n-oighredhaibh iomcuibhde dia éis. Do-róine M' Aodhócc amhlaidh sin. Faccbais Ferna cona ferann for cumus Cele ⁊ Aódhain, ⁊ aga c-cinedh ⁊ aga c-clannmaicne, maille re cioscháin Laighen go laithe an bratha do toccbáil ⁊ do thiomsucchad, da comhroinn go comtrom eter a cheallaibh ⁊ a comarbaibh, amhail do raidhemar romhainn.

     226

    Tainicc aissein go Druim Lethan, ⁊ do-roine maran c-cédna isin c-cill-sin. Fáccbais cennus ⁊ comarbus na cille-sin ag Urcain mac Oilella, dárbh ainm Fairceallach, gur baist M' Aodhócc an fer-sin .i. Urchain, go t-tucc Fairceallach d' ainm fair; oír as íatt cét-óclaigh battar acc M' Aodhócc .i. Fairceallach ⁊ Fergusa, da mac Oilella, meic Rechtaide, meic Eitin, meic Felim, meic Caoil, meic Aodha, meic Oilella, meic Eirc, meic Eogain, meic Neill Noigiallaigh. Ocus nochan faghadh M' Aodhócc, d' ór no d' airget, d' ionnmus no d' erradhaibh, do chíos no do caomh-offrail, enní nach for a laimh do-bheiredh go soiche a scáoiledh ar bhochtaibh an Coimdhe, ⁊ ar dheibhlénaibh Dé,  208a ⁊ ar áos ciuil, ⁊ oirfittidh, ⁊ ealadhna, a n-déirc ⁊ a n-daonnacht, ar sgath a einigh,⁊ a uaisle, ⁊ a ionnrácais.

     227

    Doigh is íatt cethrar coimhitteachta battar maille ris isin Roimh, a f-feccmais an trir ordeirc ele do raidhemar .i. Mo Laisi, ⁊ Caillin, ⁊ Ulltan .i. Cele ⁊ Aodhan Fherna, Faircellach ⁊ Fergusa o Druim Leathan ⁊ ó Chuillin na f-Fer, gurab aire-sin ro fhágaibh-siumh a oidhreacht aca iarna eccaibh, ⁊ acca n-oighredhaibh ina n-deghaid. Fáccbais tra M' Aodhócc Fairceallach ina ionad féin i n-Druim Lethan, ⁊ tuccastair an baile cona maithes ⁊ cona mórconach for a cumus, ⁊ for a cumhachtuibh, ⁊ ag a síol, ⁊ ag a shliocht, o sin amach go brath. Faccbais fos rath ⁊ sobharthan for a cinedh ⁊ for a clannmaicne, acht go rabhaitt do réir M' Aodócc. Fáccbais bennacht isin m-baile, ⁊ ceileabhrais dó 'na deaghaid.

     228

    Téid go Ros Inbhir as a h-aithle .i. d' ionnsaighe fóid a adhnacail ⁊ a eiseírge. Beiris lais Fergus mac Oilella mic Eitin .i. a dhalta díles  p.265 degh-thairisi ⁊ a chele comháoisi ⁊ comhaittechta. Tuccustair oircinnecht ⁊ aird-cennus an bhaile for a breith, ⁊ for a bharántus, ⁊ for cumus a fhine ⁊ a fhíor-aicme, go laithe an bratha. Faccbais rath sonais ⁊ soichill, rath feile ⁊ fír-einigh, rath n-eccna ⁊ n-inntleachta, for fher a ionaidh dia éis, ⁊ for an m-baile do bunadh, acht go rabhat fo umhla ⁊ fo onóir do M' Aodhócc. Báoi M' Aodócc immorro aimsir i r-Ross Inbhir amhlaidh sin, ag furnaidhe a écca ⁊ a oidhedha, 'arna foillsiucchad on aingeal dó, deighenach a bethadh ⁊ a bhuan-t-saogail do bheith cuicce.

     229

    Cuiris techta go tinnesnach ar cenn Dalláin Forgaill go Cill Dalláin dia bheith 'na fiadhnaise aicce for a thoga, ⁊ for a thiomna, ar a mionnaibh, ⁊ ar a mór-fethlaibh, ⁊ for cengal a cíosa ⁊ a chána for cath Aodha Finn, ⁊ for aicmedhaibh oile archena; óir ba file, ⁊ ba faidh, ⁊ ba fír-naomh, an fer-sin .i. Dallán; ⁊ fós ba fer baide ⁊ bith-codaigh, cumainn ⁊ carattraidh do M' Aodhóg é,  208b da m-beittís gan a n-gaol re 'roile, oír fa clann deisi derbhratar Dallán ⁊ M' Aodhócc .i. M' Aodog mac Séttna, meic Eirc, meic Feradhaig; ⁊ Dallán mac Colla, meic Eirc, meic Feradhaig. Ticc Dallán ar na h-adbaraibh-sin fo toghairm an naoimh nemhdide nert-craibhtigh, ⁊ an tailginn tocchaide trócairigh, go Ros Inbhir, go h-airm a m-bói M' Aodhócc; ⁊ bói re h-athaid fada 'na fhochair, go ro fhoillsigh a togha ⁊ a thiomna, ⁊ no gur comhroinn a chluicc ⁊ a caomh-bachla, ⁊ a mhionna maordha móir-fhertacha ar eccalsaibh ⁊ ar a aird-cheallaibh; ⁊ fos no gur foillsigh a chioscain forna cinedhaibh fa dhéoigh do Dhallán, amhail do-rinne d' Ulltán Airde Brecain d' faisnéis ⁊ d' innisin, no gur chuirestair féin glósnaithe filedh fuithe da cuma ⁊ da cumhdach ar aithne an erlaimh ⁊ an ard-naoimh, ⁊ in ógh-espuicc, oír fa faidh, ⁊ fa fili, an fer-sin .i. Ulltán.

     230

    Iss edh andso adbar cíoschána M'Aodhócc for Ibh Briuin, ⁊ for Breifneachaiph, ar bhaisttedh, ⁊ ar bhennachad Aodha Duibh meic Fergna i n-Áth Airm, amhail adubhramar romhainn. Gur foillsigh M' Aodhócc do Dhallán gach ar gheall, ⁊ gach ar chengail Aodh Fionn for a chinedh, ⁊ for a clannmaicne, amhail do fhoillsigh d' Ulltán roimhe .i. each ⁊ erradh rígh Breifne an la rioghfaider é; screpall ar gach n-deathaig, bó i n-gach baile, mart as gach creich, muc as gach crú, cáora as gach trét; bond baistte gacha bliadhna for gach n-aon dia aicme; ⁊ offrail gacha feile M' Aodhócc; serrach da gach groigh, tri dabhca cona lionn go m-blas meala for an lionn-sin do Ros Inbhir gacha bliadna. Tús suidhighte i t-tigh n-óla ag muinntir M'Aodhócc, tús fáilte ⁊ fothraccaidh, tús gacha cuirn comhóla; gúala gach righ ⁊ gach taoisigh acc muinntir M' Aodocc; eirghe rompa, ⁊ re gach mionn da mionnaibh gach uair teccaitt i c-cenn cháich,  209a i t-tigh no amuigh.

     p.266
     231

    An chioscáin cétna so for Oirghiallaibh, ⁊ Mhancachaibh malle, ar thaithbeouccad Daimin Daimh Arccaitt. “Iss edh annso tra mo thiomna for mo mhionnaibh”, ar M' Aodhóg fri Dallan. “An chéd-thiomna diobh dano .i. an Bachall Bhrandaibh,” ler thaithbhéoaighestair Brandabh mac Eachach, meic Muirethaig, meic Aongusa, aird-ri Laighen, “fáccbhaim iséin i f-Férna Móir M' Aodhóg, im cathraigh inmhe ⁊ aird-espuccoidechta, i mescc laochraidhe Laighen.”

     232

    “Fáccbaim fos Clocc an Deilcc, ⁊ Clocc na t-Trath i n-Druim Lethan, ⁊ an mionn oirderc il-cumhachtach ele .i. mo ministir maisech móir-fhertach, no biodh ar aistter i n-gach ionad accam, ina b-fuil ní do thaisibh na naomh ⁊ na n-uasal-aithreach .i. taisi Steafain mairtir, ⁊ Laurint, ⁊ Clemint, ⁊ ina b-fuil mudhorn Martan, ⁊ cuid d' folt Maire, maille le morán do thaisibh na naomh ⁊ na naomh-ogh archena, 'arna comhroinn ⁊ 'arna comhbrecadh eter an Bric ⁊ an menistir; óir as aire ad-berar an Bhrec fría, ó comhmbrecadh taisedh na naomh ⁊ na naomh-ogh a n-áoin-feacht, 'arna comhol ⁊ 'arna daingniuccadh innte, 'arna t-tionól ⁊ 'arna t-tiomsucchad a h-ucht Mo Laisi míorbhuiligh ar beinn bhruit Mh' Aodhócc, Samhail adeir Betha Mo Laisi. ”

     233

    “Faccbaim dano na tri mionna ána oirdherca ele .i. an Brec, ⁊ an Bhachall Bhán, ⁊ an Mac Rath i r-Ros Inbir .i. h-i r-Ros Inbhir na n-Aingeal, áit a m-bia mo thaisi, ⁊ mo thiomna, ⁊ mo thiruair-si go laithe an brátha, ⁊ aingil 'ga n-iomcoimhett go h-uasal-onórach. Is é fath fan ordaighim m' adhnacal 'san ionad-so .i. i r-Ros Inbhir, ⁊ mo mionna onóracha im fharradh ann, ar mét a foithredh ⁊ a fhásaighed gacha taobh ina timceall, ⁊ mar sin beitt go brath ionnus go m-bia mo chorp, ⁊ mo chaomh-thaisi, ⁊ mo mhionna míorbuilecha maille friom, ag  209b aithbear an uilc ⁊ an eccóra ar lucht m' inghrema ⁊ m' esonóra, ag anacal ⁊ acc imdeghail do lucht m' umhla ⁊ m' orrama, mo troisccte ⁊ mo treidhenais, ⁊ da gach áon thoghas im ecclais. Díth ⁊ dioghbáil, laghducchad righe ⁊ ro-fhlaithesa, saoghal aithgerr, ⁊ iffrionn fa dhéoigh ag sliocht Aodha Finn da t-tréigett mo mhainchesa ⁊ mo mhor-thogha,⁊ da sechnait a n-adhlacadh im ecclais”.

     234

    “A Dhalláin dano”, ar M' Aodóg, “ataoi ag imtheacht anosa; beir lat soir go sunradhach go Breifneachaibh mo bhennacht, oir as íad do-rinne ⁊ do-dena caomhna ⁊ comhfurtacht dom chill ⁊ dom comharbaibh, ⁊ nár ér mh' occlach na mh' oircinneach im brat no im biadh no im buan-tiodhlaicthibh, ⁊ nar iarr m' umhla nó mh' urraim im aon-adhbar, ⁊ do-dhenait amhlaidh sin go brath .i. sliocht Mhaol Mhordha meic Carnachain, meic Duibh Dothra .i. riogradh ro-bheodha Ragallach  p.267 ⁊ goma fíor-buidech Criost cumachtach da síol ⁊ da slechtaibh. Mo bhennacht fós go síol Dúnchada go duthrachtach, óir do-ronsat mo réir go ro-thairisi i n-gach inam, ⁊ do-dhénait go siorrdaidhe ó so amach.”

     235

    “Beir fós mo bhennacht go Teallach uaibhrech Eachach, óir do-rónsat mo ríar go ro-mhinic; ⁊ as fúthaibh ata fod mo gheinemhna ⁊ mo ghnáth-choimperta .i. Inis buadhach Brecmaighe for Magh Slecht go sonradhach. Mo bhennacht gomá secht aris go Breifneachaibh, a Dhalláin”, ar sé, “eter íseal ⁊ úasal, eter rígh ⁊ ro-dhuine, eter uathad ⁊ sochaide, óir nir tuillset m' esccaine ná mh' oirbire riam tar gach áon aicme ele, ⁊ gion go f-faicfit mo chorp coidhce festa, do-cífitt m' fiorta ⁊ mo miorbuile 'ga n-iomcoimhett ó so amach”.

     236

    Bói dano Dallan go cumhtach, ciamair, comhthuirsech, ag ceileabhradh do M' Aodhocc isin maighin-sin. Acht cena fa dedhail mná rea mac, nó oighe rea láogh, no con fri cuaine, no lachan re linn, an ettarsccaradh re 'roile an trath-sin. At-bert M' Aodhócc: “Ni fhuil acht áon-bliadhain amhain dom shaoghal ó so súas”, ar sé, “bí-si a c-cionn na blíadhna-sin maráon risna trí cáocca naomh ele bhias im fhochair i n-aimsir  210a m' eitseachta, do cathucchad fri demhnaibh ⁊ dubhailcibh, ⁊ do lathair m' adhnaicthi isin ionad-so”.

     237

    Ocus as cuma do bhái aga radha, ⁊ do-rinne an duan- so, do dherbadh a thoccha ⁊ a thiomna, do cuimhneachad a chíoscána do Dhallán fa deoidh, amhail ro cuimnigh da gach aon ele co n-uicce sin, go n-dubhairt:

  • Bind an tiomna lúaiter lind,
    Dom trí ceallaibh, nach ceilim,
    Ferna Mór, mo cheall gan cleth,
    Druim Lethan, is Ros Inbhir.
  • I Ros Inbhir h-i f-fuil sind,
    I c-Cuillin na f-Fer n-Álaind,
    Áit a m-bía mo chorp gan ceal,
    Isin port-sa fa deiredh.
  • Me M' Aodhócc dani an tiomna,
    Dár dheonaigh Dia gan diomdha,
    Do chath Aodha Finn gan tlus,
    A m-breith lim go breithemhnas.
  • Cath Aodha Find thiar is toir,
    Nemh uaim-si da n-anmannaibh,
    Gach a n-adhnaicther dibh-sin
    I n-Druim Lethan is Ros Inbir.
  •  p.268
  • A taoisigh, a sleachta, a sluaig,
    Is a meic riogh go ro-buaidh,
    A t-téid díbh fóm úir go beacht,
    Bérat lem ar nemh naemh-cert.
  •  238
  • Do Manchachaibh don taoibh toir,
    Do réir chengail mo chattaig,
    Da n-adhnaicther im chill cain,
    Nemh gan elang da n-anmain.
  • Do Laighnibh go léir anos
    Deonaighim nemh go follas,
    Da n-adhnaicther diobh uile
    h-i f-Férna fam fior-ghuidhe.
  • Connachtaigh, Laighnigh go léir,
    Íocait sin a c-cert rem cléir,
    Nemh uaim-si go brath gan goid
    Da gach én-nech mar éraic.
  • O Eirne go Sionainn suairc
    Fairche mo chiosa fa c-cuairt,
    O righ Cruachna as dom cert
    A each 'sa earradh a n-áoin-fecht.
  • Ofrail go beacht derbhthar lim
    Ó gach éin-neich dom aird-mionn
    Gacha bliadhna, ní saobh soin,
    'S a h-iarraidh ar gach urraidh.
  • Fath mo chana is mo chíosa
    Ar sliocht Aodha Finn fiochda,
    Ar bhaistedh Aoda i n-Ath Airm,
    Dar len Aodh Finn an forainm.
  • Íocfaitt a sleachta 'sa sluaigh
    Mo chíos gach bliadhna go m-buaidh, 210b
    Is beratt-sa ar nemh anond
    Gach neach do-dhena a comhall.
  •  239
  • Eolus mo chíosa go c-céill
    Do-bher-sa go cert dom cléir,
    A tabach doibh ar a thír
    D' fiachuibh aca ar gach aird-righ,
  •  p.269
  • Do chomarbaibh mo cheall caomh,
    Mar onóir tar gach en-naomh,
    Seach gach n-duine d' feraibh Fail,
    Da rabhait uile i n-en-dail.
  • Tosach suidhighthe go sír,
    Is gúala gacha deigh-righ,
    Tosach tairce is comhóil cain,
    Tosach fáilte is fotraccaidh.
  • ar gach baile derbhaim duibh,
    Is screpall ar gach n-deataigh,
    Dom chíos ar chath Aodha Finn
    Fáre h-umhla is re h-oirrim.
  • Each is earradh, derbhtha a n-díol,
    La dénma gacha deigh-righ;
    Tuilledh ele as dliccedh duibh,
    Mart, muc, is molt gan meabail.
  •  240
  • Tri dabhca, mar derbhtar lim,
    Is roinn ciosa go coitchind
    Ar rioghraidh catha Aodha Finn
    Don Ros Inbhir-si a b-fuilim.
  • Bonn baiste gacha bliadhna
    Ar gach n-áon do réir riaghla,
    Is offrail gach fir ele
    Im féil M' Aodocc d' áiridhe.
  • Muc as gach crú, glór gan goid,
    Caora as gach tréd togháidhi,
    Searrach da gach groigh gan tlus,
    O Laoghan go Cenannus.
  • Re faicsin mo mionn go m-baidh
    Do shliocht Aodha Finn fír-náir,
    Ar son mo guidhe gan gheis,
    Eirgitt uile 'na n-airrceis.
  • Íocait mo chíos gach samhna
    Sliocht Aodha Finn meic Fergna,
    Do-bhér doibh, as bert go m-brigh,
    Nemh is nert da gach deigh-righ.
  •  p.270
     241
  • Ata an cios cedna go cert
    Ar Oirgíallaibh a n-ein-fheacht,
    Culaidh righ Oirghiall go h-án,
    Each is erradh go h-iomlán.
  • Mo chíos cataidh is mo cháin
    Ar Manchachaibh, feirde an dáil,
    Diombuaidh, muna íocait soin,
    Go brath ar a seacht tuathaibh.
  • Mo sheacht mionna, as bhrigh go m-buaidh,
    Do-bher a n-anmanna uaim:
    An Bhrec, is an Bhachall Bán,
    'S an Bhachall Brandaibh bith-lán.
  •  211aAn cethramhad mionn dibh-sin,
    An m-blaith-minestir m-buadhach,
    Ina b-fuil an taisccidh sáor,
    Roinn do thaisibh na n-ard-naomh.
  • An cuiccedh diobh, an Mac Rath,
    Bhios im laimh amuigh is amach,
    Clocc na t-trath, as Clocc an deilcc,
    Bhíos fom brot ar gach en leirg.
  •  242
  • Roinn na mionn-sin uaim gan fhaill
    Do-den a Dallán Forghaill,
    Do ordaigh Caillín go c-ceill,
    Is Colaim Cille cneis-reidh.
  • Fáccbaim mo Brec go méd n-gluinn
    h-i c-Cuillin na f-Fer n-Áluinn,
    'S mo ministir, mar maoidhim,
    I n-Druim Lethan lán-aoibhinn.
  • Fagbhaim an m-Bachaill m-Branduibh
    h-i f-Férna féil almsanaigh,
    D' fagail mo chiosa gan ceal
    Go brath o laochraidh Laighen.
  • Cuid maith dom mionnaibh ele
    Fáccbhaim íad rea n-esccaine;
    Clocc na t-trath, is Clocc an deilcc,
    Bhios fri easccaine d' éin-ceird;
    An da clocc-so labhras sinn
    I n-Druim Lethan, im ard-chill.
  •  p.271
  • Fáccbhaim fós an m-Bachaill m-Báin,
    Ata accam im urlaimh,
    Isin chill-si h-i f-fuil mo clí,
    I Ros Inbhir Ainglidhi.
  • Fáccbaim an Mac Ratha tra,
    Bhíos im laimh-si gach n-en lá,
    Os cenn m' ferta 'san cill caidh,
    I r-Ros Inbhir mar onóir.
  •  243
  • As uime fháccbhaim an Bhrec
    'S mo corp h-i b-Port na b-Finn-lec,
    Ar laghatt coccúis gach áoin
    f-fuil uime i n-gach en-taoibh.
  • Gibe diobh do throisccfedh rim
    I r-Ros Inbhir na n-aiffrionn,
    Do-bhér-sa da chionn gan caill
    Nert, is umhlacht, is oirrim.
  • Rath toraidh, is coimhétt cruidh,
    Saoghal fada, is rath bunaidh,
    Ar schliocht oirderc Aodha Finn,
    Da t-troisccit isin aird-chill.
  • Bíd cath Aodha Finn uile
    'S a tionol fam trom-guidhe,
    Do-ber-sa naoimh-nemh da chionn
    Da gach aoin-nech gan foircionn.
  • Gibe nach toghfa ann mo cill
    Do chath Aodha ferrdha Find,
    Bidh bith-gerr ina shealbhus,
    Bidh ifrionn gan amharas.
  •  244
  •  211bBeir mo bennachtain-si lat soir,
    A Dhállain, go Breifneachaibh,
    As riu thaobhaim mo cill cain,
    Eter daoinibh is cethraiph.
  • Nír érsat mo manach riamh
    Rem bethaid im brat no im biadh,
    Nocha clos le duine n-dil
    Mh' orraim ag flaith da flathaibh.
  •  p.272
  • Mar sin do-dénait go bráth
    Muinter Maol Mordha sech cach.
    Gurab gnáth-buidech Criost cain
    Da síol ocus da sleachtaibh.
  • Mo bhennacht ar sliocht Dunchaid,
    Ar an m-buidhin suairc sulchair,
    A c-caidreabh do fháccaib sind,
    Aille an aittreabh gusa t-teighim.
  • Bennacht for Theallach n-Eachach,
    An cuire crodha, creachach,
    Ata aca d' fód sealbha
    Fod gnatach mo gheinemhna.
  • Mo bhennacht goma sheacht seacht,
    A Dhalláin, iomchair íatt lat
    Soir go Briefneachuibh uile,
    Eter righ is ro-dhuine.
  • Nír tuillset m' esccaine riamh,
    Acht mo cealla do choimhriar,
    Gion go f-faicfit mo corp cain,
    Beid m' ferta im diaigh 'na m-bethaid.
  •  245
  • Gach nech mórfas Druim Lethan,
    Tiomna as cóir do cuimhneacadh,
    Mórfatt-sa a ainim ar nimh
    D' onóir ocus d' airmhittin.
  • Na tabhratt cor ele uaim,
    Toghait accam gach en úair,
    Eitter fhiora, is maca, is mna,
    Deighenach na tiomna-sa.
  • Gach aon do chath Aodha Find
    Treiccfes me, a Dhalláin Forgaill,
    Treiccfet-sa a c-caomhna gan clodh
    La coinne na t-trí tionól.
  • Deichneabhar tri cháocca naomh
    Bí-si, a Dhalláin, leo rém thaobh,
    Oníu amach ní fhuil lá
    Acht bliadain dom shaoghal-sa.
  • Bun na tiomna-sa adeir me:
    Berat ar nemh go n-aoin h-e
    Lucht mo togha, gidh lór lind,
    Mara m-bia foghar fír-bhind.
  •  p.273
  • Aodh mac Séttna, meisi adeir,
    An duan-tiomna-sa is deimhin,
    I r-Ros Inbhir h-i f-fuil sind,
    I n-iomdaidh bhuiligh blaith-bind.
    Bind.
  •  lxxiii
     246

    Ceileabhrais Dallán do M' Aodhócc isin maighin-sin, ⁊ teid reime  212a go Cill Dalláin, dia áit budhdéin; ⁊ bói ann nó gur comhfoiccsigh cend na bliadhna dó adubairt M' Aodhócc fris. Ocus bói acc furnaidhe le fios fírinnech do breith on fíor-náomh air. Cuiris M' Aodhócc fios deithnesach go Dallán, ⁊ d' ionnsaighe na naomh ⁊ na n-uasal-aithrech ele, do neoch nach raibhe do lathair díbh; go m-beittis i n-áon-ionadh re h-acchaid báis an fhior-naoimh ⁊ an fíreoin. Tionoilit tra ⁊ tiomsaigit as gach aird a rabhatar, go rangattar Ros Inbhir, mara raibhe M' Aodhócc. 'Ar t-torrachtain doibh go h-áoin-ionad, bói M' Aodhócc acca ullmhuccadh féin fo coinne an bhais.

     247

    Ro fháccaibh immorro a f-fiadhnuse a sruithedh ⁊ a samhadh rath, ⁊ sonus, ⁊ sobharthan, i n-gach cill ⁊ i n-gach tuaith do-dhénadh cumhdach ⁊ comhfurtacht día cheallaibh ⁊ dia chomharbaibh, dia dhaoinibh ⁊ dia deibhlenaibh. Ocus fós i n-gach áit a leghthar, no a lain-sgriobhthar a bhetha ⁊ a bhúain-sccéla go brath, ⁊ gach rí ⁊ gach taoisech dia leghthar a bhetha do bunadh iarna rioghadh, ni h-aithrioghthar go brath eisséin dá éis.

     248

    Iar c-cumhdach immorro, ⁊ iar c-comhonóruccadh ceall ⁊ caoimh-ecclas n-iomdha n-iolardha, ⁊ iar n-denamh miorbuiledh mór-adhbal do Mh' Aodhócc .i. iar t-tódúsccadh marbh, iar leicches dall, ⁊ loscc, ⁊ lán-bhacach, iar c-cobhair clamh, ⁊ enert, ⁊ anbfand, ⁊ aósa eccrúaidh, iar n-ionnarbadh iodhal, ⁊ arracht, ⁊ ainchreidmheach an Coimdedh, iar t-tóccbháil fedb ⁊ iriseach Iosa a n-gach ionad, iar c-coscc úna ⁊ ard-ghorta i n-gach annóitt ⁊ i n-gach aittreibh díar fhoghain, iar leiges áosa gacha treablaitte, ⁊ gacha trom-esláinte da t-tainicc chuicce forsan Trinoid; tainicc an laithe deighenach dia áois ⁊ día aimsir 'na fhoccus, mar do fhoillsigh aingeal a fhurtachta ⁊ a imcoimhéda dó. Tangattar deichneabhar ⁊ tri caocait naomh ⁊ naomh-ogh go lathair a écca ⁊ a eitseachta, go f-fuair cumain ⁊ sácarfaic o' roile dibh-séin ⁊ uatha aráon as a h-aithle, gur fáoidh a spioratt dochum nimhe eter na naomhaibh ⁊ na naomh-ainglibh iar m-breith buadha ó dhemhan ⁊ ó dhomhan isin laithe deighenach do mí Iánáir d' airidhe.

     249

     212b Tangattar tra slúaigh adhbal-mhóra aingeal 'na airrcis, ⁊ ar cenn a anma go c-céolaibh coimhbinne, ⁊ co n-orgánaibh aobhdha examhla, ⁊ go núallaibh múisecdha mór-thaidiúiri. Ro h-adhnaicedh  p.274 M' Aodhócc go h-onórach isin maigin-sin leis na h-ainglibh, ⁊ leis na h-ard-naomhaibh ar lorcc a thiomna ⁊ a thogha féin, h-i b-Port na b-Finn-lec, re ráiter Ros Inbhir, go naomhaiph, ⁊ go naomh-oghaibh 'na uirthimceall and maille le h-iomat díairmhe d' ainglibh nuaghlana nimhe, d' fiadhnaisi ⁊ d' iomcoimhet for a écc, ⁊ for a adhnacal, go f-fuil eter airbhribh ogh ⁊ aingeal ⁊ árchaingeal i n-aontaidh apstol, ⁊ ard-naomh, ⁊ deiscipul an Duileaman, i n-áontaidh treisi ⁊ taithneimhche na Trínóide, i m-bethaid gan bás, i n-áois gan urcra, i t-tigernus gan traothad, i n-inme gan foircend, i comhflaithes gan cinned, i f-frecnarcus toccaidhe na Trínóide, Athair, Mac ⁊ Spiorat Naomh, tre bithe na bethad, tre shaoghal na saoghal. Conidh bladh do bhethaid Mh' Aodhocc co n-uicce-sin an fedh ro bói ina bethaid.

     250

    As iomdha tra miorbuile do-rinne Día ar M' Aodhócc ina bhethaid, nach airimhther and-so, do mhian an eimheltais do seachna ⁊ d' iomgabháil. Do-rinned ⁊ do-gníther miorbuiledha mora i t-talmain for a thaisibh o sin alle, ⁊ do-géntar go laithe an bratha, amhail as follus as an sccel-so siosana.

     lxxiv
     251

    Do bái nech isin Roimh ar a raibhe pairilis; ⁊ do ba duine laidir lán-cumachtach é. Bói acc iarraidh a leighis ⁊ a lanfhurtachta a móran d' ionaduibh, ⁊ ni fuair idir. Adubhrattar daoine iomdha ris, go raibhe fear naomhtha nós-oirdheirc i nd-Eirinn, darb ainm M' Aodocc, ⁊ gomadh deimhin sláinte d' faghail dósamh, dia t-ticcedh dia ionnsaighed, ⁊ go rabhattar tiodhlaicthe on Trinoid go h-iomarcach aicce.

     252

    Tainic thra an fer-sin go h-Éirinn, ⁊ do bí 'sin aimsir a b-fuair M' Aodhog bás.  213a Gidh edh do bi do doigh as naomhtacht Mh' Áodocc aicce-sium, gur doigh leis a easláinte do chur ar c-cúl tre corp an tailginn do thadhall, ⁊ do tren-glacadh. Do-rónadh eolus go Ros Inbhir, mara raibe corp ⁊ caomh-taisi an érlaimh ⁊ an fhireóin. Do-cuaidh mara raibhe an corp don chur-sin, ⁊ do iarr cett for a lucht coimhetta, dol dia fhoirnedh, ⁊ dia fhíor-glacadh a n-onóir an Choimdhe chumachtaigh. Fuair-siumh an ced-sin; glacais an corp accedóir, ⁊ fuair aiseacc a shlainte gan uiresbaidh as a h-aithle a f-fiadhnaisi cáich a c-coitchinne, go n-deachaid slán dia crích ⁊ dia chaoimh-fherann maille re luathgaire ⁊ le lán-ghairdechus. Gur móradh ainm Dé ⁊ M' Aodhócc detsin.

     lxxv
     253

    Do bai nech eslan ele fri re deich m-bliadhan fichet i c-coiccrich Laighen, dár bó comhainm Fínán Lobar. Do-connairc  p.275 se in aisling oidhce féile M' Áodocc feacht ele .i. mar do-cífedh sé carpat 'ar t-teacht go h-ecclais Férna, ⁊ días isin carpatt .i. fer forusta, fíor-naomhta, co n-dealradh degh-maisech na diadachta i n-dreich ⁊ i n-eccoscc in chleirigh; ⁊ do bái ogh álainn éxamail ina fochair; ⁊ íatt fein acc onóruccadh aroile, mar do-dhénadh serbontaidhe a thiccerna.

     254

    Fiarfaighis Fínán sccela dibh. Do fhreccair an cleirech h-e, ⁊ iss edh adubairt: “An ógh bith-álainn bennaighthe úd”, ar sé, “Brighitt ban-ogh issidhe .i. ban-naomh na n-Éirennach, ⁊ M' Aodhócc Ferna Moire meisi”, ar se, “mogh ⁊ serbhóntaidh díles an Duilemhan. Ocus amárach atá m' féil, ⁊ a n-oirrther feil na ban-óighe úd; ⁊ as aire tangamair-ne do bhennuccadh gach áoin onóraighfes na laithe ⁊ na féilte a b-fuaramar bás corparrdha, d' almsanaiph ⁊ d' offralaibh. Ocus bí si go h-ullamh i n-oircill écca”, ar M' Aodhócc, “óir rachair tú an tres lá oníu dochum nimhe”.

     255

    Do éirigh Fínán go forbailtech aramarach, ⁊ do gabhadh a charpatt dó, ⁊ do-chúaidh roimhe go Magh Liffe go h-ecclais m-Brighde .i. go Cill Dara; ⁊ do innis a aisling do cách a c-coitcinne .i. mar  213b adubairt M' Aodocc o tús go deiredh. Fuair Fínán féin immorro bás ar an tres laithe go lán-conáigh, 'ar f-faghail furtachta ona easlainte chorparrdha, ⁊ 'ar m-breith buadha ar domhan ⁊ ar deman, co n-dechaid docum nimhe.

     lxxvi
     256

    Aimsir ele a n-diaigh báis M' Aodhóg do bí Mo Ling Luacra 'na easpocc urdhálta i nd-ecclais M' Aodhócc h-i f-Ferna Móir. Do-cuaid sein oidche airidhe do codladh i l-leabaidh M' Aodhocc .i. leaba i n-gnathaighed-siumh troisccthe, ⁊ slechtana síor-gnathacha, ⁊ crabadh diochra, duthrachtach, do denamh. Acht chena nír lamh enn-duine ríamh roimhe dul innte, o fúair M' Aodócc bás co n-uicce-sin. Adubairt cleirech da raibhe is tigh: “A Mo Ling”, ar sé, “co n-uicce-so ni dheachaid en-nech isin leabaidh-sin d' éis báis ar b-pátruine, ar mét a grás ⁊ a ghnath-naomhtachta, óir as annsin do-niodh cumhsanadh d' eis a shaothair ⁊ a shior-urnaighthe do Día”. Do raidh Mo Ling: “Gibe 'na easpucc ina ionad, fhédadh sein do réir cora ⁊ ceirt codladh ina leabaidh”.

     257

    'Arna radha sin do Mo Ling gabais galar anbháil é as a h-aithle 'ar luighe 'san leabaidh dó. Mar do-chonnairc-siumh sin do-chuir urnaighthe diochra go Dia d' faghail furtachta ⁊ fhoirithne uadha. Gidh edh nir treicc a theindios ná a troim-easlainte leis-sin h-é. Ocus do chomarthaigh ó comhartha na croiche naoimh é féin, ⁊ do ghoir ainm M' Aodhócc go minic d' iarraidh a fhurtachta, go n-deachaid a galar as ⁊ a easlainte uadha as a h-aithle.

     258

    Do eirigh Mo Ling go luathghairech maille le gáirdechus mór  p.276 as leabaidh M' Aodhócc, ⁊ adubairt: “As fír”, ar sé, “nach diongmála do dhuine ar domhan isin aimsir-si, d' iomatt a mhaithesa nó a mhór-naomhthachta, codladh no cumhsanadh i l-leabaidh M' Aodhóg mór-craibhtigh”. As follus as-sin immorro a med do grasaibh ⁊ d' onoir fuair M' Aodhócc ar nemh, an tan ata an urdail-sin d' onoir ⁊ d' airmidin ag Día ar a thaisibh ar talmain, ⁊ fós ar an leabaid ina n-gnathaighed cumhsanadh ⁊ comhairisiumh do denamh d' aithle a urnaighthe  214a ⁊ a fhior-crábaidh.

     259

    Conadh do derbadh gach neith dia n-dubramar do-ronadh na roinn-si:

  • Maraitt ferta M' Aodhóicc móir,
    Fúair ó Dhia Athar d' onóir;
    Nach lia a fherta rea lind féin,
    Ina aniu d' éis an fíréin.
  • Gion go f-foil a colann caomh
    Ocus a anam d' en-taobh,
    Atad go mór ar marthain
    Ferta M' Aodhócc malach- duibh.
  • Ata sccel na sgél chosmail
    Accam ar an erlamh-soin,
    Fan onóir fuair tar gach nech
    D' éis a bháis o Dhía duileach.
  • Tarla nech roimhe 'sa Roimh
    I n-galar anba anbhóil,
    Ní fuair sin liaigh a leighis,
    Is é i b-péin o pairilís.
  • Gach aird 'san c-cruinde gan cleith
    Do siredh leis da gach leth,
    Ni fhuair acht, gid dál deimhin,
    I n-en-aird a fhoiridhin.
  • Aon do laithibh do raidh ris
    Neach eolach rea teacht thairis:
    “Do-bhér doit, as fáth fáilte,”
    Teccuscc d' furttacht th' eslainte;
  • Ata érlamh don thaobh thíar
    I t-tír na b-fuinedach f-fír-fíal,
    Fóirfes th' ainimh gan fuireach,
    “Dan h-ainm M' Aodhócc míorbuileach”.
  •  p.277
     260
  • Go h-Erinn t-tonn-gloin t-tairthigh
    Ticc an t-occlach anaithnidh
    On Róimh i r-raibhe a fine,
    D' fios an fhireóin ainglidhi.
  • An trath-sin 'ar t-teacht oa thoigh
    Do bháoi M' Aodhóg gan marthain;
    Tascc an erlaimh, fa táscc tind,
    Do-clos i n-gach aird d' Éirinn.
  • 'Ar c-cloistin báis M' Aodhóicc móir
    Donté-sin tainic on Roimh,
    Ticc go Ros Inbhir gan ail,
    Go roimh adhlaicte an erlaimh.
  • Re lucht coimheda an cuirp caoimh
    Do-ní a easlainte d' eccaóin;
    Ced glactha an cuirp gan ces
    Iarrais mar liaigh d' a leighes.
  • Ced an chuirp saor-clanda shéimh,
    Do derbadh fherta an fhirein,
    Fuair an t-eslan gan dol de
    O coimhthionól na cille.
  • Lamh ó do-cuir ar a corp,
    Do bi uile 'arna furtocht,
    Gan tinnes coisi no cind,
    Mar do glac taisi an tailginn.
  •  214bDa tigh féin, ni ceilte ar cách,
    Acc dol ar ais on occlach,
    O Mh' Aodhócc diadha dércach
    Do bí sleamhain slan-crechtach.
  •  261
  • Tarla nech easlán ele
    I l-Laighnibh úair d' áiridhe
    'Ar n-écc M' Aodhócc caoimh gan col,
    Fínan lan-oirderc lobhar.
  • Oidhce feile M' Aodhócc do thuit
    Codladh ar Fhínán orderc,
    Do-chí cuicce M' Aodócc mór
    Le céle is Brighitt ban-óg.
  • Do innis M' Aodhócc gan meth
    Sgela d' Fíonán gan fhuirech:
    “Sinn aráon, as derbtha deit,”
    M' Aodhócc féin ocus Brighit;
  •  p.278
  • Gach nech onóraighes m' féil
    Ocus féil Brigde buddéin,
    Onóir thall i t-tigh nimhe
    Atá aicce d' airidhe.
  •  262
  • Áit a léghtar, as ceim cert,
    No a sgriobhthar mo bhetha bheacht,
    Rath faseach ocus sonas
    Biaidh 'san áit gan amharus.
  • Gach rí is gach taoisech tren
    'Arna rioghadh gan ro-lén,
    Dá leghtar mo betha bil,
    “A aithriogadh ni h-éidir”.
  • Do ráidh an t-érlamh áointeach
    Le Fíonán go forb-fáoiltech,
    Go b-fuighedh bás 'na bás glan
    Ar an tres lá go loghmar.
  • Teid go Cill Dara 'na drubh
    Ar maidin arnamharach
    Fíonán go cléir na cille,
    D' innisin a aislingi.
  • Fíonán lobhar mar gréin gloin
    Do-chuaid o bhás go bethaid
    Ar an tres laithe gan lén,
    Mar do ráidh M' Aodhócc mór-trén.
  •  263
  • Mo Ling, gérbh escop naomhtha
    A n-ionad M' Aodocc máordha,
    Se 'na leabaidh 'ar luighe
    Nir fét súan no sadhaile.
  • I n-iomdaidh a fhir páirte
    Liontar Mo Ling d' esláinte,
    No gur guidh M' Aodhog gan acht,
    O Dhia ni fhuair furtacht.
  • Do Mo Ling 'arna guidhe
    Doní M' Aodhócc míorbuile,
    Gan cneid, gan galar, gan goimh,
    Do bí 'ar n-eirghe as a iomdhaigh.
  • M' Aodhócc fa derscnaighthe dreach,
    Ata a aithne ag gach én-neach 215a
    Gradh do bheith acc Iosa air
    Rea bhás ocus rea bhethaid.
  •  p.279
  • Ge ata a chorp i c-criaidh fa chruth,
    Ocus aingil 'ga folach,
    Ni duine antí nach tuicc
    Ferta M' Aodhócc go marait.
    Maraitt.
  •  264

    Tuilledh ele do thestaibh ⁊ do thuarusccbhalaibh M' Aodhócc d' aithle a bhais ó Giolla Mo Choda Ó Caisitte:

  • Uasal an mac, mac Settna,
    Terc nech do dligh a éra,
    Nochar ér féin duine dil,
    'S nír shir ní ar nech ar talmain.
  • Ger fíal Colaim Cille an flaith,
    Gion gur ér riamh olc no maith,
    Adeirim go beacht gan moid,
    Feile goma sheacht M' Aodhócc.
  • Nochan faca M' Aodhocc riamh
    Duine gan brat na gan biadh,
    As dáil cosmail De, for a corp
    Nech nachar mían leis d' furtocht.
  • Bretha cláona 'na cill fein
    Nocha rucc mac Séttna seimh
    Leis an nech budh cara dó
    Tar an b-fer búdh easccaró.
  • Nochar mhol a crabadh féin,
    Nir chaisced cainnteach a dheirc;
    Droch-crábadh da n-derna nech,
    Nocha clos é 'gá éccnach.
  • Esparta gach trath nóna,
    Aifrionn, léxa, is canóna;
    Salma senais, riaghail ócc,
    Dob iad-sin míana M' Áodhóg
  • Gan longadh comhluath re cách
    Go h-éis a saltrach 'sa tráth,
    Mar do shásadh a corp cain,
    Ní líonadh é 'mun am soin.
  •  p.280
     265
  • Tuilledh ele sloinnfe mé
    Ar mhac Sétna ocus Eithne,
    Anté 'sa ainm lúaiter lind,
    Mían leis einech 'na aird-cill.
  • A n-dérna M' Aodhócc na mionn
    Do crábadh 's do crois-fighill,
    Is ar scath a chaoimh-ceall go rath
    'Sa lucht ciosa ocus cana.
  • Aird-chealla M' Aodhócc íatt-so:
    Druim Lethan ocus Férna,
    Ocus Ros Inbhir oghdha,
    Nemh da gach áon onórfa.
  • Maith érlamh dan scela-so
    M' Aodhócc na m- briathar m-búadha, 215b
    Ocus maith saor-fhuil da f-fuil,
    Maith a aittreabh re h-áoidid.
  • Derlaictech mac Eithne dún,
    Fosaidh a chiall, beacht a rún,
    Mochen daonna as cruaidh creidme,
    Flaith firén na foighitte.
  • M' Aodocc gan mes ar mhaoinibh,
    Gnúis fíor-alainn forbfáoilidh,
    Taccra claon ni bi 'na bhél,
    Saoi chreidmech, narach, neimh-thréith.
  • Da t-tuiccdis uaisle Erenn
    A dheigh-bhretha, a dheig-leigheann,
    Do bhíadh miadh ó shen go h-ócc
    Ar briatraibh millsi M' Aodhócc.
  • Na dermadad a shluagh féin
    Briathra M' Aodocc, is a sccel,
    A riaghla, a reachta 's a modh,
    Briathra dechta rea n-derbadh,
  • Riarat clanna Neill gan acht,
    Ocus caoimh-riogha Connacht,
    Iocthar a chios 'arna chur
    Risan érlamh naomhdha n-uasal.
    Uasal.
  •  p.281
     266
  • Senchus M' Aodhocc meabhair linn,
    Mar adeir sccel an scribhinn,
    Do chach ré a chur do mheabhair,
    Go bun gnath a gheinealaigh.
  • M' Aodhocc mac Settna ar sliocht righ
    Do-chuir d' Eirinn a h-essídh;
    Colla Uais ór fhás an naomh,
    D' Úais nír chás ar a chomhgaol.
  • Mac Séttna, ni slighe cham,
    A gheinealach reidh romham,
    meic Eirc fheramhail fedhmaigh,
    meic Feradhaig indeall-gloin,
  • meic Fiachrach na n-arm n-gaisccidh,
    meic Amalgaidh urmaisnigh,
    meic Muiredhaig, fa seimh síol,
    Don fhréimh fuinedhaigh aird-riogh;
  • meic Carrthainn an croidhe feil,
    meic Eirc, meic Eachach airm-géir,
    Gan guais orra i n-gleic na a n-gniomh,
    meic Colla Uais in aird-righ.
  • Re ceithre m-bliadhan, beacht lind,
    Do Cholla Uais os Eirinn,
    'Sa righe i n-am a h-iomcair
    Acc barr íle o Eireannchoibh.
  • Mac Séttna M' Aodhócc na mionn,
    Gar é d' oireachus Eirionn,
    Sé féin nír seachnadh mar so
    An dechmadh céim ó Cholla.
  • Do bí sé acc sechna na locht,
    Do chaith a aois le h-óghacht; 216a
    Do chennaigh a nert ar nimh,
    Do ghremaigh cert da chairdibh.
  •  267
  • Aodh mac Settna 'san aois óicc
    Fuair tiodhlaicthe on Trinoid,
    ar cach 'na oigh 's 'na eccnaidh
    Bláth óir ar a fhoircettlaibh.
  •  p.282
  • Tiodlacadh aidhbsech eile
    Fuair an t-erlamh ainglidhe,
    Feile nar coiccledh ar chách,
    Caidreabh céille ocus conach.
  • Do chaith sé, saidhbir a seal,
    Le frestal clíar is coinnemh,
    A thainte, fa céim caithme,
    Do réir fáilte is fiadhaighte.
  • Connradh lér cosnadh eineach
    Doniodh M' Aodhócc míorbuilech,
    ar na n-uile go h-umal,
    A biadh uile d' altuccadh.
  • Tucc sé da comharbaibh ceall
    Faccbála ar nach fuil foircend,
    Geall reidhe a c-cenn gach cille,
    Geall feile ocus fairsinge.
  •  268
  • M' Aodhócc, gér mór a ana,
    A eineach, 's a almsana,
    Betha bocht, ó m-bíodh fa bláth,
    Ar dil rea corp da chonach.
  • Liach gráin eorna gach lái lais,
    Do M' Aodhócc fa cuid corgais,
    Sásadh gann don bharr-dhonn binn
    Abhlann i n-am in aiffrinn.
  • Ocht c-corghais 'sa m-bliadain m-buicc,
    Mar do bhái i m-bethaid Patraicc;
    Srían rea corp in gach corgus,
    Oc riar na n-ocht n-iomarbus.
  • Moran trath re timceall cros,
    Beccan suain, druim re díomus,
    Seal amhlaidh ag an ulaidh
    Ar shalmaibh, ar slechtanaibh.
  • M' Aodócc mór, mac Séttna sáoir,
    Becc da re rucc go diomháoin,
    Seal do ló re h-oideacht scol,
    Seal ag proicept don popal.
  •  p.283
     269
  • Smuainis M' Aodocc, fa mor n- gill,
    Dul da oilithre a h-Erinn,
    Tríall go Roimh tarla ar a thoil
    Go h-adhba Poil is Pedair.
  • Le culáidh M' Aodhócc tar muir
    Do-cuattar cethrar crábaidh,
    Drem cáoim do-chuaid o chiontaibh,
    Naoimh gan uaill 'na n-aigentaibh.
  • M' Aodhócc féin, is Caillin cáidh,
    Is Ulltán ó Ard Brecáin, 216b
    Nír ghar a fherc da iris
    'Sa damh dercc a Daimh-inis.
  • Don Roimh mar rangatar sin,
    Do bí a f-fáilte 'arna faicsin,
    Cluicc an bhaile 'arna m-búain féin,
    Slúaigh 'sa naire ar a n-oigh-réir.
  • Fer ionaid Pettair is Poil
    'Arna mes, moide a n-onóir,
    Dul gan toirnemh do thoccair
    Da n-oirdnedh 'na n-epscopaibh.
  • Tri h-espuicc, fa h-aidbsech rath,
    Do-rinne don triar treorach,
    Do-ní aird-espucc d' Aodh ann,
    Naomh fa cáirdes-bocc cumann.
  • Brec M' Aodhócc do muigh nimhe
    Fuair an t-erlamh oirdnidhe,
    'S do fúair an m-Bachaill m-Brandaibh
    An stuaigh ro-chaim reltannaigh.
  •  270
  • Gabhaitt cett a c-cionn bliadhna
    'Ga lucht cumta is coimhriaghla,
    Teacht go h-iath Érenn tarais,
    O thriath na c-ceimenn c-cadais.
  • Tarbhach a t-turas Romha
    Don cethrar naomh neamh-ónda,
    Ferainn cairte, fa tenn toradh,
    Bailte ceall gan cumhsccugadh.
  •  p.284
  • 'Ar t-teacht do M' Aodocc tar muir,
    Dob oirderc fert da fhertaibh,
    Dár bhaist Aodh Dubh i n-Ath Airm,
    Da dhul do chách da ched-ainm.
  • Aodh Fionn on ló-sin alle
    Tainicc do bhrigh a bhaiste
    An da Breifne ar breith an naoimh
    Ní a leith értha d' én-taoibh.
  •  271
  • h-Í Cendshealaigh na c-cuach n-óir,
    h-I Briuín na meirgedh maoth-sróil,
    Crioch Oirghiall rea thaoibh mar tád,
    Fa coimhriar do máor M' Aodhóg.
  • Fir Lí, Fir Lemhna, Fir Luircc,
    Fir Manach go Magh Miodhbuilcc,
    Geal-fhonn re gach magh mesmuid,
    Bladh d' feronn an aird-easpuicc.
  • h-Í Tuirtre na t-tulach n-ghlan,
    h-Í Mic Uais na b-fond f-fledhmhar,
    Críoch Fer Rois irrulla an naomh,
    Re cois Ó c-Colla a comhgháol.
  • Cuirt aird-espuicc h-í don fhior,
    Ferna Mór ar lár Laighion,
    Cuid gan cleith da thogha thes
    I l-Leith Mogha, is dá mainces.
  • Aird-cheall aicme Aodha Finn,
    Druim Letan na lercc n-aoibhinn, 217a
    An chlannmaicne, doibh as díon,
    Roimh adhlaicthe na n-aird-riogh.
  • Ros Inbhir, áras oinigh,
    O rath M' Aodhócc miorbuiligh,
    'Arna naomhadh thall faa toil,
    Faobhar ann ar a fhertoiph.
  • Siodhraigh mór innisim díbh,
    Do n-goiredh cach O Cuirnín,
    Dom lucht cumain, cliar na c-cros,
    Ni cumainn sriabh na sencus.
    Sencus.
  •  p.285
     272
  • Maircc sháireochas mo chill cáid,
    Maircc fa t-tabhraid mo cluig gair,
    Maircc ar a m-bentar mo cluicc
    Gacha maidne is gach easpuirt.
  • Maircc duine téid fóm thermonn,
    Maircc sháireochus mo tempoll;
    Do-gheba ar a son re treall
    Giorra saoghail is ifreann.
  • As mé an teine re losccadh,
    Me an n-athair as cruaidh cosccar,
    Budh geire ina guin gach ga
    Mo cléirigh is mo mionda.
  • As mé M' Aodhócc urnaightech,
    Fuarus ó Dhia rath n-dealbha,
    Ni fhaicfe mo dhiultadhach
    Go brath an flaithes nemhdha.
  • Bentar mo cluicc-si guin sccíach
    Ar shiol Raghallaigh, coscc gliadh,
    Is cluicc Mo Laisi go m-binne,
    Is cluicc in naoimh Fheilime.
  • Bentar cluicc Mo Laisi ann,
    M' Áodócc is Fuin- che, nar ghand,
    Ar Raghallcaibh, reim brighe,
    Da n-diochur o a n-deigh-righe.
  • Ní shaigitt 'sa righe reil
    Raghallaigh, as rioghda réim,
    Ni gebhaitt da éis go cert
    Righe ar iath na ar oireacht.
  •  273
  • As mé an n-athair ag díth slúagh,
    As me an teine as cró-derg gual,
    As me an leomhan ag díth cruidh,
    As mé an mathgamhain ar menmain.
  • As mé an beithir, reim rioghda,
    As mé M' Aodócc mór-miolla,
    Biaidh 'gum fhoghlaidhibh, reim tend,
    Gairde saoghail is ifrenn.
  •  p.286
  • Me mac righ Oirgiall moire,
    Me ciste na cánoine,
    Mé naomh as neimnnighe puirt,
    Ocus as uaisle ard-cluicc.
  • Gibe ar a m-bentar mo cluicc,
    Loitter leo, ocus marbaitt; 217b
    Gair mo thermainn is mo mionn
    Acc cur anmann i n-ifrionn.
  • Diombuan a clann is a c-clú,
    An drem do-ní rim iomthnúth,
    Galair tromma 'na n-dail soin,
    Is ifrenn da n-anmannaiph.
  • Eslainte legas gach nech,
    Gáir mo clocc is mo chleirech,
    As báthad coindell mo chros,
    Ifrenn tall a b-fineachus.
  • Cuicc galair do-bheir Mac Dé
    D' áos m' esccaine is m' eiccnighe,
    Sccamach, lirach, mortin marb,
    Bás obann ocus ifreann.
  • Tren namat mallacht mo mhiond,
    Air, is esccaine, is aincend,
    Da rabh mo chlíar fand, faiteach,
    Biaidh orra Día dioghaltach.
  • Ni thuccus cúl don oineach,
    As mé M' Aodhócc miorbuileach;
    Maircc thuilles om cléir a c-cailcc,
    As maircc ocus as ro-maircc.
    Mairg.
  •  lxxviii
     274
  • Maircc dan comharsa naomh garcc,
    Teccmáil fris as réim re h-ard,
    Maircc as gar da chill go c-cion,
    Do-chluin a chert, 's do brisfedh.
  • Maith an naomh ar a labram soin,
    M' Aodocc mór Droma Lethain, p.287
    Do-chúaid feacht buadha go m-bladh
    Suas go tech an Duilemhan.
  • Ag écc do Mh' Aodócc bodhbda,
    Eter múr is mór-gharrdha,
    An cheall guna búar bennach
    Tuccadh uadha d' Fairceallach.
  • D' éis Fhaircheallaigh do dul d' écc,
    Tuccadh an cheall dia coimhet
    Don ghnúis fáoilidh, nar ér dáimh,
    Dont sáoir-fher, do Mháol Chiaráin.
  • Cú Duiligh, fa gar do gnímh,
    Tar éis Mhaol Chiaráin go m-brigh,
    Tri bliadhna an dias-sin gan acht
    D' éis a céile a c-comharbacht.
  • Maol Brigde, fa bind foghar,
    As dó fa mac Concobhar,
    Nír ghabh Maol Brighde an ceall cain,
    'S do ghabh a mhac, Concobhar.
  •  275
  • Re lind Choncobhair, barr sccol,
    Tar éis cáich i n-Dru im Lethan,
    Ticc O Ruairc, diorma nar thim,
    D' fagail aóighidechta on aird-cill.
  •  218aDob é líon tecchlaigh Fergail
    Go port M' Aodhócc mín-dealbaigh,
    Tri deigh-fir décc gan folach,
    Triar is tri céd comhramhach.
  • Tri h-oidce doibh 'sa chill cain,
    Í n-Druim Lethan, don laochraidh;
    Gan urchra ar ócc na ar shen diobh,
    Is Concobhar da c-coimhdhíol.
  • A frestal, ger cruaidh cennaigh,
    Gér nemh-náir d' Ó Fhairceallaigh,
    Ní raibhe gan díol dá chuid
    Fer díchill dibh na dermuitt.
  • Tri cet fer do loing, dar lim,
    Timceall Ferghail righ Erenn,
    Concubhar acc ríar gach fir
    Do bhiadh 's do lionn 's do leabthoibh.
  •  p.288
  • Fuair Fergal, flaith na Temhra,
    h-I b-port M' Aodhócc mín-dhelbdha
    A ríar uatha i n-gach tigh
    Do chuirm is do chaomh-coilcthibh.
  •  276
  • 'Ar n-éirghe ar an b-faithce amach
    Adubairt Fergal faobhrach:
    “A chliar-sa, 's a chill dona,”
    “Congbaidh uaibh damh-sa diorma”.
  • Do raidh an comarba annsoin:
    “Congbáil na h-iarr, a Fergoil,”
    “Ma tá h' uidh re Temhraigh tinn,”
    Ar cléir M' Aodhócc 'na aird-chill”.
  • Congbáil bliadhna do dá cet,”
    “A Choncobhair, is ní bá brécc,”
    “Ar do cleircibh, is ar do thech,”
    “'S gach fer dibh do beith buidech”.
  • “Do fhlaith mar tú nír cubhaidh”,
    Dob é comhradh Concubhair,
    “Beith ag cur bhúandadh ar chill,”
    “O atá th' aire re h-Eirinn”.
  • “Dá madh tusa M' Aodhócc féin”,
    Adubairt Fergal ainnséin,
    “Do cuirfinn buanna ar do chill,”
    “Go m-beinn im righ ar Eirinn”.
  • “Congbáil tara coinnmedh féin”
    “Ar muinntir M' Aodhóg min-reid”
    “Do neoch da b-fuil ar doman
    “Ni cuireabh”, ar Concobar.
  • “Beir-si gan cethra is gan crodh,”
    “A chomharba”, bhar Feargal,
    “Fán freccra tuccais 'gud toigh,”
    “Más aiccnedh libh a lenmain”.
  • “Cion do chur i n-Druim Lethan”
    “Do rioghaibh mar gnathachadh,”
    “Ni thiubhar amach go brath,”
    Ar connradh creach na conách;”
  •  218b“Cur congbála ar mo cinedh”
    “D' esonoir no d' aindlighedh,”
    “Ni bhia an sccel-sin uaimh ar m' eis”
    “Ar fher m' ionaidh 'ga fhaisnéis”.
  •  p.289
     277
  • Éirghis an uair-sin amach
    O Ruairc ocus a theghlach,
    Faccbaitt Druim Letan gan cradh,
    Tuccsat é go h-én-ionad.
  • Aisecc nír fhaomsat annsin
    Do Mh' Aodhócc na da mhuinntir,
    Sanntaighit go búan na ba,
    Is gradhaighit na cethra.
  • Tri h-oidhce gan éirghe ó a thigh
    Don comharba is dá mhuinntir,
    Luaithe íad go tech Temhrach
    Ná Ó Ruairc 'sa ro-thecchlach.
  • Maithe f-fer n-Eirenn uile,
    Eter righ is ro-dhuine,
    Go Ferghal do bí a n-gealladh,
    Go Temhraigh da timchealladh.
  • Tri h-uaire, gan fhios doibh fein,
    Tuaithbel na Temhrach ainnséin
    Tiaghaitt na maithe gan móid,
    'Arna mesccadh do M' Aodhócc;
    An chuairt-sin do bhen a bladh
    D' Ferghal Ó Ruairc ré a rioghadh.
  • Neach do shiol Fhergail fhuiligh
    Tre móid M' Aodhócc míorbhuiligh
    Cennus for Themraigh na t-treabh
    Nochar gabh d' áis no d' éiccen.
  • Luach ar a chreich gan cumhga
    Fúair Concubhar comarbha,
    Buain righe d' Ó Ruairc malle,
    'S gan cur búana ar a bhaile.
  • M' Aodhocc mac Sédna suairc sáoir
    Nar thuill ó én-neach anaoibh,
    A chlíar 'sa chill don chur-sa,
    Maircc do chách dan comarsa.
    Mairg.
  • 36
     p.291

    14. Betha Mo Chuda

     i
     1

    Cartaghus dino do clannaibh Fergusa do-somh doshunnradh. Fígenius a athair, ⁊ Med a mathair; neach ba carthanach la Día ⁊ dáoinibh, conidh uadha as-bertha Carthaghus fair.

     2

    Ro thircan an t-aingel laithe n-áon do Comhgall Benncair treimsi do bliadhnaibh riana breith eisiumh: “Bérthar gein buadha”, ol sé, “i n-iartar Erenn, día m-ba lán béoil na n-dáoine adíu ⁊ anall; ⁊ ticc go h-airm i m-bíai-si, do dhul do Roimh; ⁊ is edh as ail do Íosa, tusa da congmail bliadain it aontaidh”.

     3

    Ocus tainic celmaine Brenainn leis an faistine-sin, an tan ro scart an t-aingel fris: “Berthar mac don chenél dia t-tai-si”, ol sé, “⁊ bidh ile a mhiorbhuile i n-nimh ⁊ i t-talmhain, ⁊ Cartagus a ainm”. Ocus tainic celmaine Comhgaill ⁊ Brenainn l' aroile.

     4

    Clanna Fergusa ro bói h-i c-Ciarraighe Luachra an tan-sin; ⁊ ticc áenach coitchenn aca, ⁊ mathair Charthagus ann; go ro thoirinn cáor theinedh do nimh for a cend. In cáer-sin ro chuir Iosa d' foillsiuccadh naomhtachta na geine bói i m-broinn na h-ingine. Do-chuaidh for cúla iaramh.

     5

    Ro lamnaigh an inghen, ⁊ beiridh mac fri taobh Maingi; ⁊ ni raibhe uiscce for an tulaigh-sin; ⁊ maighis sruth assa taobh, ⁊ do-berar Aídanas chuca, ⁊ baistis as in sruth é. Ocus do-berar Cartaghas d' ainm fair; ⁊ do-berar da oilemain do Chartaghus .i. don t-sein-espucc é. “Mo chuidig tu”, ol in t-espocc naomhtha; conidh de do len Mo Chuda dhe.

     6

    Gidedh as Mo Cuda do-gairthi dhe, ar son gurab e do-goiredh a mhaighistir de, ar méd a gradha ⁊ a deithite uime. Ocus as terc aga raibhe fis aitherraigh Mo Cuda do beith d' ainm fair; ⁊ as diles Mo Cuda no Charthach do sgriobadh air. Adubairt Aodan ag denamh fáidhéorachta: “An mac-so ro bhaisttes, bidh dealraightech, ⁊ bidh sogradach do Dhia ⁊ do daoinibh é”.

     7

    Ocus ba fir son; uair do bí sé sgiamach, degh-maisech, mar Dabit; ⁊ do bi sé sechantach ar na droch-mianaibh, mar Dainiel; ⁊ do bi cennsa, cáenbharrach, mar Moysi. Ocus nir bo h-onórach 'ga  p.292 athair no 'ga mathair e, ar son nach aontaigedh se da n-inntinnibh saoghalta san. Ocus do coimhlionadh briathar Dhauid adubairt: “‘Pater meus et mater mea dereliquerunt me; Dominus autem asumpsit me’ ()” .i. do faccaibh m' athair ⁊ mo mathair mé, ⁊ do-gabh an Tigerna cuige me. Ocus mar do coimeitt Dabit caoirigh a athar, as mar sin do coimeitt Mo Cuda muca a athar fein ina macantacht a b-focair aodhairedh ele na muc. Ócus do-téighedh d' iongaire muc a athar araón risna h-aodhairibh.

     ii
     8

    Luidhsiot na h-aodhairedha la n-áon go dun an righ, ⁊ Mo Chuda léo. Gradhaigis in rí Mo Chuda, oir bá socharthana h-é. Do fhíarfaigh an ríghan, inghen Maol Dúin meic Aodha Bennain, de; “Cidh an seirc-sin agat don aodhaire”? ol sí. “Is edh tadhbás damh”, ol in rí, “coróin órdha lais, ⁊ columhan órdha óa mhullach go nemh, ⁊ brugh ordha ina thimceall gan mullach fair;  151b ⁊ ro charus h-e forna h-airrdhenaib-sin”

     iii
     9

    Téitt Mo Chutta lena muccaibh fo fedhaibh na Maingi, go c-cualaidh Cartaghus .i. an sein-espocc, ag cantain a phsalm; ⁊ carais go mór na salma. Ocus gabais an ráen i n-decchaid na c-cleirech, ⁊ téid go h-airm i m-báttar, gusan mainistir ren abartar Túaim. Ba machtnadh lasin righ ca slighe i n-deachaid Mo Chuda in acchaid-sin; ⁊ cuiris dáoine for a lorg. Ocus do-berar chuicce i n-giallaigeacht é.

     10

    Ro bai an ri for fleidh h-i f-farradh athar Mo Chuda an tan-sin; ⁊ do-bheir trealamh gaisccidh do Mo Chuda: “Ag so”, ol sé, “⁊ an accam-sa i n-oighreacht t' athar”. “Ni anabh”, ol sé; “is ferr lim na briathra ro cúala lasna cléircibh”. Ocus o ro airigh an rí gradh Dé la Mo Chutta, do-bheir don easpucc é do proicept breithre Dé dó; ⁊ ba luathgairech leo-samh sin dibhlínaíbh. Ocus ro an aicce, go tucc an t-espocc gradha saccairt fair.

     11

    Beiris lais h-e go h-airm i r-raibhe in rí. “Acc so”, ol sé, “an dalta do-radais damh-sa; ⁊ as eolach 'san scrioptuir h-é. Ocus edhbair-si tú féin, ⁊ do ríghe do-somh, ⁊ do Dhia”. “As ócc, anáosmhar, linn h-e”, ol síatt. Léiccis an sein-espucc naomhtha for a ghluinibh é, ⁊ at-bert: “Edhbraim-si me fein ⁊ mo chill dó”, ol sé. Ocus léiccis an rí ar a ghluinibh é, ⁊ edhbrais é féin, fioru, macca, mna, do Dhía ⁊ do Mo Chuda. Cuiris Mo Chuda a troigh for muinel an rígh, ⁊ ro thomhais an rí dia troightibh. Ocus ro machtnaighedh uime, siubhal for an righ.  p.293 “Na boill rer bhen mo troigh-si dhe, ni ba h-eccal dó faobhra nád gallra”.

     iv
     12

    Luidh Mo Chuda ass, ⁊ do-ni ecclais fri Maing atuaid; ⁊ ro fhothaigh ecclais n-aile fria Maing andes i Machaire Colmain, ⁊ faccbais frestal diadha forra. Ocus téid fein go Ros Gialláin, go h-airm i i m-bói Cíaran, d' fágail fhesa cia h-ait i n-oirisfedh. As-rubairt Cíaran: “Ro-siacht aingel  154a Dé go Comhgall”, ol sé, “⁊ as-bert fris gomadh i medhon Erinn no airisfedh, ⁊ Raithin ainm an ionaidh, ⁊ i f-Feraibh Ceall atá. Ocus biaa-sa sesca bliadan inn; ⁊ cumhdaighfidher cathair let iaramh isin aird thes d' Erinn, ⁊ Lios Mor a h-ainm, ⁊ is ann don-ic foircenn do shaoghail”.

     13

    Ro fíoradh sin; ⁊ do thircan Colmán Eala an c-cédna; ⁊ ro thairngir Colum Cille fecht riamh iar n-do-la do Raithin, gur bo h-acobhar lais airisiumh inn; ⁊ as-rubairt: “Ní damh ro cedaigh Día beith sunn”, ol sé, “acht do-icfa nech airmittnech iar t-trill, dia m-ba domgnas an dú-so, ⁊ bidh Cartach a ainm, ⁊ bidh oirderc i fertaibh ⁊ mhíorbhallaibh”. Ocus ro chlannustair Colum Cille tri slata isin ionad-sin; gur bhó dibh-sidhe ro tionnsgnadh damhna reclesa la Mo Chuda iar t-toidheacht.

     v
     14

    Fechtus do Mo Chuda oc ernaighthe a áenar, co faca nech for a bheola, Maghus a ainm, co n-ebert fris la h-aimhirsi: “Tabhair” ar sé, “duille forsan abhaill-so fil it farradh”. Do-rad-somh sighin na croiche tarsan abhaill, go raibhe fo dhuille go h-uilidhe. “Ba h-áillide sidhe bláth fuirre”, ol Maghus. Do-rad-somh in m-blath amail as-rubhradh fris. “Ba ferr gomadh 'na ubhlaibh forbiadh”, ol Maghus. Fo-ghni-siumh ón, gur bhat lan-toirthech do ubhlaibh. “Ba ferr gomtis aipche”, ol Maghus, “go ro toimhlem”. Ro fíoradh son, go m-battar ina n-áen-broin abaigh for lár ar belaibh na h-abla. Toccbhais Magus ubhall dia thomailt, ar ba h-adhlaic lais ar a méd ⁊ ar a n-áille;  p.294 ⁊ ni ro fhaolustar a tomhailt ar a sheirbhi. “Ba ferr gan a t-tabairt, ina an serbhas fil léo”. Bennaigh-siumh iaramh, gur bho blas meala orra. Imtighis Maghus iaramh, co ro dallta la breithir Mo Cuda go cend m-bliadna ar an amairsi ro gabh dhe; go t-torracht fo breith Mo Chuda i forcenn na bliadhna, gur bó slán dia dhoille iar n-umhla ⁊ aithrighe dó, gur bho manach dó céin bói i m-bethaid. Ro moradh ainm Dé ⁊ Mo Chuda de-sidhe; ⁊ a mí Marta do-ronta in sin.

     vi
     15

    Fechtus do-rala macán amhlabhar gan eistecht ar amas Mo Chuda. Ro ataigh-siumh Dia dia chinn im cobhair fair; go ro h-íctha fo céttoir.

    37

     vii
     16

     154b Luidh araile fer lubhra, go ruacht do saigidh Mo Chuda; gur bho h-ogh-slan iaramh la h-atach Mo Chuda.

     viii
     17

    Luidh araile fer doidhealbhdha do saighidh Mo Cuda, do accaine a troighe fris. Ro h-ícadh-somh dano, co nar bó ferr delbh nach aile; go ro an ina mainces iaramh.

     ix
     18

    Araile duine truagh tainicc ar ammus Mo Cuda gan cumang treabhtha lais, go ro iarr cobhair fair. Ni bái cumang la Mo Cuda dó, ar ni ra bhattar doimh na arathair lais; ⁊ as ruamhar fognídh día mhancaibh, ar ní ghabadh nach cethra saoghalta o neoch. Co n-ebert fri nech dia muinntir, toidecht fon fidh comhfhogus, ⁊ dí dhamh alltaighe do tabairt don trog uccat. Fognít samhlaidh; go ro airsett a m-boi aca, ⁊ tiaghait for dásacht iaramh.

     x
     19

    Luidh nech aile do saighidh Mo Chuda, ⁊ boi-séin for dasacht iar n-dol do dheamon inn. Go ro ghuidh Mo Chuda mo shláinte, ⁊ ro ataigh-siumh Dia dia chinn gur uó slán iaramh.

     xi
     20

    Fechtus do-cuaidh Mo Cuda do bleith coda na manach go muilenn comhfoccas do. Bói rí éttrocar forsan crích, ⁊ ba misccnech fri Mo Cuda, go ro chuir ammus fair. At-racht iaramh casair teinedh, ettorra co na ro cuimgeset ní dó. Tiaghaitt for ammas an righ, ⁊ at-fiadhat a sccela dó. Dasachtaigter uime-siumh de-sidhe, co n-deachaid fein día shaighidh; ⁊ at-racht an chasair cétna ettorra ⁊ an muilenn; co n-ebert nech dia mhuinntir: “Anam”, ol sé, “fris, co ro imtighi on bleith for a t-tá, ⁊ marbhtar iaramh”. “Bidh maith on”, ol cach. Anait samhlaidh co n-darocht, ⁊ nochtait a n-arma; go ro lensat dia  p.295 lámhaib, ar ní forcaomhsat ní dó-samh chena. Slechtait dó iar-suidhe, ⁊ tiagait for a mhainces ⁊ ógh-reir.

     xii
     21

    Fecht aile do Mo Cuda h-i r-Rathain. Tainic an t-aingel cuicce, ⁊ as-rubairt fris: “Eirg go t' athardha”, ar sé, “⁊ atá rí Ciarraighe fri bás a mucha, ⁊ tabhair comain ⁊ sacarfaic dó; ar at-béla ria n-oidhce”. “Ni rúa-sa an uair-sin cuige,  155a munam cobhra Día”, ol sé. Do-ratt an t-aingel carpat teinntidhe foa, go ro-siacht fri prapadh súla gusin righ, ⁊ ro lesaigh amail as-rubartmar, co n-abail dia laimh, iar m-breith buadha o dhemhan ⁊ ó dhomhan; ⁊ ro-siacht-somh go Raithin isin laithe cetna, go rucc for esparta na manach.

     xiii
     22

    Fechtus dia luidh Mo Chuda ar amas Cholmáin go Lainn Eala, ar go t-tísedh lais go Raithin do bhennacadh ferta ⁊ tumba dó, ar do-ridhnacht Día dó gach fert no bhennaighfedh, co na téisedh ifernach inn. “Eircc-si go Raithin”, ol Colmán, “⁊ tiagh-sa dhi día dardáin”. Ní thainic Colmán amhail ro gheall; ⁊ téitt Mo Chuda doridhisi dia shaighidh, ⁊ at-bert: “Cidh na ro chomhaillis an gealladh do-radais”? ol sé. “Aingel rom-fucc go h-adhnacal n-aile dia bennachad”, ol sé; “⁊ eircc-si go Liss Mór, ⁊ fogeba comharta ferta ⁊ adhnaicthi ann iarna choisergadh ó ainglibh; ⁊ cumdaighter ⁊ bennaighter let fodheisin, ar is ann forbía th' esérge, ⁊ ní bá h-ifernach nech día téis inn”. Fo-ghní-siumh, amail as-rubhradh fris.

     xiv
     23

    Fechtus do Mo Chuda h-i r-Rathain, gur baidhedh aon-mac rígh Delbhna. Guidhis an rí Mo Chuda ima oidhre do dhúsacht. Do bái lá ⁊ aidhche fon sruth in tan-sin. Teid Mo Chuda uasa lasin rígh; ⁊ guidhis Dia uman mac do thódhúsccadh. Ocus ro eirigh don grían go h-airm i m-bádar. Ro iodhbair an rí an mac do Mo Cuda. “Fuirghedh occ dín a ríghe”, ol Mo Cuda; ⁊ rob e an mac-sin roba rí for Dealbhna a h-aithle a athar, ⁊ a clann dia éis.

     xv
     24

    Mo Chuda dino nech as cruthaighe bai ina aimsir. Dus-rat tricha ógh seirc n-dearmáir dó, na ro fhetsat do cheilt; ⁊ ba doirbh la Mo Cuda sin, ⁊ guidhis Día imón seirc-sin do thinntodh h-i seirc spiratalta, ⁊ ros-iompo; ⁊ do-gní Mo Cuda cailledha dona h-oghaibh-sin, ⁊ ro batar oc fognamh do Día go a m-bás.

     xvi
     25

    Luidh Mo Chuda la n-aén h-i c-Ciarraighe Cuirci; ⁊ Corc ri Muman for a chinn isin crich.  155b Ticc cáer theinntidhe as an aer, go ros-marb seitigh ⁊ mac an righ, ⁊ dí each a charpait. Guidhis an rí Mo Chuda imo tódúsacht. Ocus do-gní la grasaibh Dé.

     p.296
     xvii
     26

    Bai rí na criche-sin dall, amhlabhar; ⁊ ros-fóir Mo Chuda h-é.

     xviii
     27

    Bái nech ele innte, ⁊ eslainte theinntidhe fair. Ocus cuiris Mo Chuda a crios thairis, ⁊ fuair furtacht fo cetóir. Ocus ro airis Mo Chuda bliadhain isin crich-sin iar f-faghbáil almsan mór on rígh. Ocus luidh go Rathain.

     xix
     28

    Laithe dar gabh Mo Chuda tar ath for Abhainn Móir, gur toccaibh ubhall fuair fair. Ocus ro bái inghen cherr marbh-lamach occ righ Fer Muighi, ⁊ a lamh dhes 'arna táth fría táobh. Ocus beiris Mo Chuda an t-ubhall lais go h-airm i r-raibhe an inghen. “Ag so”, ol sé. Sínis an inghen an lamh clí, amail ro cleacht. “Sin an laimh n-aile”, ol Mo Chuda. “Ní thicc dím”, ol an inghen. “A fhechain”, ol Mo Chuda. Ro shín, ⁊ ro sccaoil an cuibrech ro boí eter an laimh ⁊ an taobh; ⁊ ro fhás fuil ⁊ feoil na laimhe ⁊ an taoibh, gur bó óghslán.

     29

    Gabhais luathgaire, gairdechas an rí, ⁊ at-bert: “Ní fuil ceile bus áil lat nach fuighbe festa”. “An cléirech uccat ros-foír mé, as áil damh”, ol sí. Téid an inghen la Mo Chuda; ⁊ do-gni reclés di h-i c-Clúain Dalláin, ⁊ boi ina h-oigh naomhta o shin ille.

     xx
     30

    Araile aimser do-rala días manach as in m-Briotain do shaigidh Mo Chuda, ar bá h-errderc a c-cíana, go m-batar athaidh occa; go ro gabh codarsna ⁊ format fris, ar do muinsetar gomadh aca forbíadh a ionad ⁊ cennus for a mhancaibh, díamadh marbh. Go ro coccrattar meabhal fair, ar ba derbh léo gomadh síor-saoghlach, muna tucctai dían-bás do. Conidh edh airecc fuairset, cuibhrighi do chur fair, ⁊ a bhadadh fo dichleith.

     31

    Isin uair-sin do-rala manach do mhuinntir Mo Chudaar bó bés fritaire, ⁊ ernaighte, ⁊ siubhal for reilgibh ⁊ táisibh gach n-oidhce, go ro fhiarfacht, cidh bói léo. As-berat-somh ba h-e édach na manach dia diunnach  156a ⁊ fothraccadh. “Taispentar damh-sa”, ol sé, “ar ni gnath oidhchi friss”. Toccbhais an turfholach, ⁊ fo-geibh Mo Cuda inn. “Ní maith in gniomh ro triallabair”, ar se, “⁊ léiccidh uaibh”. “Bidh maith damh-sa”, ol Mo Cuda, “ciabtar ifernaide-siumh dhe”. Ocus as-bert friu-siumh imtecht dia n-atharrdha, ⁊ na léiccfedh a aithe forru an col ro triallsat.

     xxi
     32

    Fechtus dia luidh Fínan ar ammusMo Chuda, ⁊ at-connairc  p.297 na manchu occ ruamhar, ⁊ araill dibh go t-tiaghaibh ⁊ oiredhaibh forra. “As truagh”, ol Fínan, “ainmhedha bruidemla do dhenamh dia bhar manchaibh; ar ro ba córa daimh fri h-ar ⁊ tarrudh libh, oldas an aradhain uccat do thabairt for deisciplaibh Dé”. “Ní ro mhianaig-sium sealbh saoghalta linn”, ol Mo Chuda. “Ni maith inn sin”, ol Fínán, “cen derca ⁊ edhbarta na manach talmanda do ghabail occan ecclais, ⁊ coibhsiona ⁊ ernaighthe doibh dia chinn; ⁊ na déntar samhlaidh ó sunn amach”.

     xxii
     33

    Araile nech airmittnech ro-siacht do shaighidh Mo Cuda, Lasianus a ainm, ⁊ ron-ucc triocha loilgech lais i n-urfholach do Mo Chuda. Tiagait na manaigh do proinn; ⁊ ro leicc-siumh meirten fair, ⁊ at-bert, ní eisbedh acht loim; ar bá derbh lais ni bói loim lasna mancaibh. At-fiadhar son do Mo Cuda, ⁊ ro bennaigh an uiscce boi for a belaibh, gur bó loim, ⁊ at-naghar do Laisiánus. Ocus andar lais, ba h-uiscce iarna claochmodh i n-ass; ⁊ ro ghuidh Día imá toidheacht ina cruth feisin; ⁊ ro sodh i n-uiscce iaramh amail connaig.

     34

    “Ní maith innso”, ol sé, “uiscce fil sunn, ⁊ ni h-ass”. Ocus at-fiadhar do Mo Chuda inn-sin, ⁊ luidh go Laisiánus, ⁊ ro aithin, is ó Día for-fuair claochmodh i n-uiscce don ass; ⁊ at-bert fris: “Cidh ar na proinnighi linn”? ol sé. “Ni tó”, ol Lasiánus, “go ro gabha-sae almsana ona manchaibh domhanda, ⁊ ó gach aon díanid áil chéna”. “Do-gentar samhlaidh”, ol Mo Cuda; ⁊ fo-gní iaramh in cein bói i m-bíu. Ocus ro fhaccaibh Laisiánus an triocha agh lais; ⁊ fo-ghníseat a n-áentaidh, occus ceileabhraitt diaroile iaramh.

    38

     xxiii
     35

     156b Feacht n-ann at-bertatar na manaigh ra Mo Chuda: “It aipche ar n-guirt”, ol síat, “⁊ ní fhuil meithel sunn”? “As tualaing Dia meithel doibh”, ar Mo Chuda. Go t-tainic foirenn d' ainglibh forsan n-gort, ⁊ gur bhensat h-e.

     xxiv
     36

    Fecht dona manchaibh ag dul for fiddh, go ro bris a chriss tar manach dibh la truíme a eire. Cuiris an prioir gad thairis amail crios, gur chonnaimh thairis h-é, co ros-morg a fheoil uadha, go n-dechaid i n-aimhnerte, súaill nar bhás lais. “Cidh an f-fainne-sin fort, a manaigh”? ol Mo Chuda. “Cris ro cuir an prioir thorum”, ol in manach,“⁊ rainic mo cnámha; ⁊ nírbh ail damh a chur dím lá h-umhla, go m-benadh an prioir dím h-é”. Ocus do thaisbéin a crechta do Charthaghus. “Do-ghebhaitt na h-álaidh-sin furtacht”, ol Mo Cuda, “⁊ do-ghebhair féin sáogal fada, no nemh do lathair”. “Nemh dhamh”, ol an  p.298 manach. Do-bheir Mo Chuda corp Íosa dia thomhailt dó; ⁊ do-chúaidh 'chum nimhe.

     xxv
     37

    Luidh ri Temhra ⁊ rí Midhe do díchur Mo Chuda a Rathain, iar c-cur breg-sccel n-iomdha fair. Ocus do-níad craind, dus cia dibh do-rachadh do díchur an chleirigh .i. Mo Chuda, a Rathain. Ocus do thuit an crand for righ Midhe, ⁊ cuiris a bhrathair do dhichur Mo Chuda; ⁊ at-bath an brathair fo cédoir. Fergaighter an rí, ⁊ tiaghait anunn, ⁊ sraighlit Mo Chuda cona mhancaibh a Rathain.

     38

    Ro bai manach dibh, ⁊ galar cos fair, ⁊ do-cuaidh i c-cosaibh in righ, ⁊ ba h-insiubail-siumh fein. Ocus ba h-iomdha neach la Mo Cuda go c-cláochladh áibide fair. Ro esccain Mo Chuda gach áon ros-dichuir é, ⁊ in neoch ros-tarraing h-é, ⁊ an rí.

     39

    Ocus ro gab Mo Chuda seach fhert mhanaigh naomhtha ro h-adhnacht treall do bliadhnaibh roimhe sin; ⁊ ro éirigh an manach a h-úir. “Beir meisi lat”, ol sé. “Nocha to”, ol Mo Chuda, “no co t-tí lá an timairccthi”.

     40

    Ocus rob é lín imirce Mo Chuda an tan-sin .i. moir-seiser ar dá fhicet ar ocht cetaibh; ⁊ gabait tré fhiodh do-imtechta. Bai crand dímór 'na luighi forsan conair,  157a ⁊ ni ro caomhsat na fainn dul tairis. Toccbais Mo Chuda a laimh uasa: “Eirigh”, ol sé, “amail ro badhais feacht riamh”. Ocus ro eirigh an crann la breithir Mo Chuda, ⁊ ro faccaibh an chonair réidh. Ocus ba h-iomdha boicht ⁊ troigh, ⁊ espuicc, ⁊ abbaidh forsan imirce-sin; ⁊ a raibhe do lobhraibh fuirre, bá sé Mo Chuda ro freastladh día lamhaibh a saotha ⁊ a n-gallra.

     xxvi
     41

    O 't-chuala rí Muman .i. Failbhe Flann, Mo Cuda for slighidh, ticc ina dháil do tabairt aiti i n-oirisfedh dó. “Ni thicc dím”, ol Mo Cuda, “óir do déonaighedh áit eiseirge damh”.

     42

    Luidh go h-Ard Fínáin, ⁊ ticc ri na n-Déisi ina dáil. Ocus ro iodhbair Aird Fínáin dó. Ocus ba h-ingen do Fhailbhe Flann séitigh an rígh-sin. Ocus do-connairc si fís amra .i. ealta do énaibh díaírmhe do teacht go h-airm i r-rabhatar, ⁊ an t-én ba cuingidh dibh do thoirnemh forsan righ. Ocus do innis don righ gach a f-facaidh, ⁊ ba luthgairech leo-somh sin. “Mo Chuda”, ol sé, “triallfus sunn, ⁊ as í a imirci an ealta-sin; ⁊ is é féin an t-en do airis oram-sa”.

     43

    Nir cian doibh iaramh go f-facattar Mo Cuda cona imirce. “Do chuinghidh ferainn i n-oirisfemais fort-sa tangamar”, ol Mo Chuda frisin rígh. “Do-ghebae Liss Mór”, ol an rí. “As cian ó do thirchan  p.299 an t-aingel damh-sa, gomadh annsin do bhiadh m' eiseirge”. Ocus oirisit h-i f-farradh Colmain ina chill teora laithe ⁊ teora h-aidhche gan do linn leo acht aen-soidtech, ⁊ ba lór doibh gach n-oidhche a b-faghdais de.

     44

    Ocus teccaitt 'chum atha for Nem linn; ⁊ tuile mor ann a c-coine aroile .i. on muir ⁊ on abhainn. Cuiridh Mo Lúa ⁊ Colman ina remhtus. Cuiridh Colman an mhuir dhe ina h-aill fria thaobh; ⁊ cuiris Mo Lua an sruth dhe ina aill ele. Ticc Mo Chuda for a lorcc 'san áth, ⁊ h-é ina lecaibh tiormaibh, ⁊ do dheonaigh don uiscce dol i c-cenn aroile; ⁊ do-cuaidh.

     xxvii
     45

    Luidhsiot go Liss Mór. Sccarait for fíarláid an duin dia bhennachad, ⁊ do dhenamh aittrebh fair. Go t-tarla ogh doibh i reicles isin m-baile. Ocus lioss m-becc aca aga chlaidhe. “Dísccir h-é”, ol an ogh; “cladhaidh an liss-so as mo díbh”,  157b ol sí. Do-niat, conidh de sin do len Liss Mór dhe; ⁊ do edhbair h-i féin ⁊ a sealla do Dhia ⁊ do Mo Cuda.

     xviii
     46

    Luidh duine bocht la n-aen go Mo Chuda for a t-tuccadh serc lenna, ⁊ bainne, ⁊ fíona. Toccbais Mo Chuda a lamh os in topar bái ina freccnairc, ⁊ do-ní teora ranna dhe, ina fhion, ina lionn, ⁊ ina bainne; ⁊ do ibh an bocht a dháothain dibh, gur bó slán. Ocus ros-bennaigh Mo Cuda an topur, go ro cuir ina chruth féissin doridhisi.

     xxix
     47

    'Ar c-criochnuccadh na n-oibrech n-diadha sin do Mo Chuda, do-chuaidh a corp h-i f-fainne ⁊ i n-arsaighecht. Ocus do-chuaid h-i t-teghdais m-bicc ona mancaibh. Ocus do innis doib nar bó cían a reimhes. Ocus ni fhedadh dol dia f-fiss, acht as iatt-somh thiccedh dia fhiss-somh. Ocus ro shill súas la n-áen, go f-facaidh dorus nimhe occa fhosluccadh, ⁊ foirenn d' ainglibh ag techt ass go h-airm i r-raibhe-siumh. “I n-dáil t' anma-sa tangamair-ne, a Mo Cuda”, ol síatt. Cuiris fioss forna mancaibh, ⁊ ro innis doibh a n-iomsccaradh fri aroile; ⁊ do chaith Corp Criost, ⁊ do-berar sacramaint na h-ecclaisi dó, ⁊ do sccar a anam fria chorp, ⁊ do-chuaidh i n-aentaidh aingeal i f-frecnairc na Trinóide; Athair, Mac, ⁊ Spirat Naomh. FINIS.

     p.300

    15. Indarba Mo Chuda a r-Raithin.

     266a
     i
     1

    Mo Chutta mac Finaill do Ciarraigibh Luachra a ceiniul .i. do Uibh Ferbu an t-sainriudh. Tainicc sein i n-oílithre andes go Leith Cuinn, go ros-gaibhi r-Raithin. Bui maincine mor ime occ lubuir ⁊ acc ernaighte; deichneabar ar secht cedaibh do isin mancine, ⁊ no aiccilledh aingli gach tres fer dibh.

     2

    Ro ba cobair mor don mainchine, an t-oilithrech naomh don-anaicc tar muir .i. Cusantin mac Ferccusa ri Alban. Ro ren-side maitius an talman ar oilithre do asccnamh nimhe, co na tarat a mod manchine amhail cech manach fognamha do Dia. Conid h-e ro claidh ⁊ ro thorainn an cill, .i. Rathen, ⁊ ro lesaigh cepaid Consantin fri Rathen andes, ⁊ Magh Constantin for bru Brosnaighe Atha Maighne.

     3

    Ba mor immorro a proinn ⁊ a saith .i. proinn ced nos-ferud, co tabartai fuigell Mo Cuda do. Ro sen Mo Cuda a beol ⁊ ni caithedh acht coibeis fri gach manach iaram, ⁊ ni tesda dia nert, cia ro thesda dia saith. Ba mor torbu a umhaloitti dona mancaibh; nert cét ann. Ro guidh-sium dano Mo Cuda dia leccad dia tir fodeissin i n-Albain, d' fios sccel a cloinne ⁊ a cineoil. Ro chedaigh do techt. Tainicc-siumh doridisi. Ro taisccedh do-somh a cuid proinne airett ro baoi thair, ⁊ do-radadh for seithe ina fiadnaisi ina cumasccadh, iter brothcan, ⁊ ass, ⁊ arbhar, ⁊ do-rell for cruimhe cidh araill de. Ro gabh iaram a fuathroic, ⁊ ro timaircc cona dib lamhaibh cuicce, go ro gle dó a caithim uile. Tuccadh do dano fuigell an chleirigh, ⁊ do-romailt uile co fosadh ⁊ co h-alainn. Baoi an fertigis occa forcoimétt na facbadh ni dia proinn cen tomhailt.

     4

    “Fon daire duit fodesta”, ar Mo Cuda arabarach, “⁊ imir do bharainn fair”. “Cid dia tucais form tocht do laim amail do-cuad h-i  p.301 tosach arráir? Nim-tainic-sea riam d' ecomnart, a Mo Cuda, ni no samhlaind fris; cech eccomnart riam rom-farraid”, for se, “ro laas dim fom cumhang. Gach maith rom-baoi rom-buanadus”. Luidh-siumh fon daire iar sin, ⁊ nos-reidhigind.

     ii
     5

    Fecht ele do-somh isin cludh, ag denamh a oibre.  266b Ro proinnsiott na clerigh, ⁊ ro dermaittedh eisium. Ro lonnaigedh-siumh di-suidhi, co n-do-cuirestair lan na sluaiste uada as in cladh don úir dar forles an proinntige, co n-da-rainic a cuid a mias-cuadh cech manaigh bói istigh. Teid Mo Cuda dia shaigid-siumh iar sin. Is ann ro battar na srotha allais tairis la dichracht an t-saothair. Do-bert Mo Cuda abhois fo a edan, ⁊ do-bert fo a edán feissin. “Maith, a chleirigh”, for Cusantin, “allus a maoile fein ícus cach”. “Uch, ro loitis”, ar Mo Cuda, “uair no icfudh cidh drucht do lighi, min epertea sin”.

     iii
     6

    Ro tionoilsett cleirigh Úa Neill fecht ann i m-Magh Lenai, ⁊ ro troisccsiot ann co f-foillsighthi doib dunorgain do-rónad is tir. Ros-foillsigedh doib-sium tre n-aroile oig .i. tria Cainnli ingen Diarmata. Rucc Mo Cuda leis na clerciu iar sín co Rathen, ⁊ ros-biath co h-iomlan andsin iatt .i. samadh Finden cona n-abaidh .i.Colmán mac h-ui Telluibh, ⁊ samadh Coluim Cille, ⁊ samadh Ciarain cona n-abbaid .i. Cronan Dercc mac h-ui Laicti. Ro gab tra tnuth ⁊ formatt na clerciu annsin fri Mo Cuda ar iomat na manach, ⁊ ar fephus na cathrach ⁊ ar shaidbriosa m-bid ⁊ a n-edaigh, ⁊ ar feabhus an clerigh fein, uair ba fer go rath n-De h-e.

     iv
     7

    Ro benadh clocc proinne oc Mo Cuda iar sin, ⁊ do-choidh ina proinntech. Batar na h-abbaidh aga radh ettarra fein: “Cidh dia t-ta an clocc proinne-si ittrasta” for siatt, “ar ro caithsim-ne 'na r-raibhe do biudh isin m-baile; ar maidhmighi”, ar siat, “do-gni-sem so, no is ar ro-imat bidh occa”. Cuirither iaram techtaire uaidibh dia fios an m-boi biad occa. Luidh iaramh an techtaire .i. Manchin e, fos-aircindech Cluana Mic Nois. Luidh iaramh Manchin isin proinntech, ⁊ at-chí an fuirecc m-bidh bae occa. “Cidh so, a Mhancin?”, for Mo Cuda. “Mo sccian do-radadh uaim forsin meis”, or se. “Fir”, for Mo Chuda. “Cid fil ann tra”? ar se, “ar is do thaisceladh foirne do-deachad. Gurab gorta not-béra fein, ⁊ fer th' ionaidh do gres”.

     8

    Ro soi an fos-aircindech gusna cleircibh iar sin, ⁊ ro innis  267a gach ni at-connairc ⁊ at-chuala, ⁊ ros-gabh tnuth ⁊ formatt na cleirchi frissintí  p.302 Mo Chuda iar sin, ⁊ as-bertsattar fris: “Faccaibh an mendat at-taoi”, ar iett, “⁊ leicc Leth Cuinn d' Finnen ⁊ do Colaim Cille, ⁊ do Ciaran mac an t-Saoir”. “Ni ragh-sa adiu”, for Mo Cuda, “go ro gaba ri no espoc mo laim as; ar ni maith do cleiriuch utmoille, acht muna dichuirther ar eiccin”.

     9

    Lotar na h-abbaidh iar sin cusin righ .i. co Blathmac mhac Aedha Slaine, ⁊ do-ronsat casaoitt Mo Chuda fris. Tainicc sein leo co Cluain Iraird, ⁊ as i comairle ro cinnsiot ann .i. Mo Chuda d' ionnarbadh. Conid sí sin in tres saobh-sanus Lethe Cuinn, ⁊ is h-i Cluain Eraird do-ronta a t-triur iad, dia n-ebhradh:

    1. Teora saobha sanasa
      Clainni Cuind imraga-sa
      Cur Colum Cille tar sal,
      Timdibhi sáogail Ciarain,
    2. Mo Chutta cona chlamhraidh
      D' innarbadh a Rathain ro-glain;
      Forbais doibh ar clannaib Cuinn
      Tarraid do siol Muoluim.
    Conidh diommbuaidh comairle ro fagbadh for Cluain Eraird iaramh.

     v
     10

    Lottar na cleirigh iaramh cusna riograidh léo .i. Blathmac ⁊ Diarmait, da mac Aedha Slaine, da righ Erenn, co m-battar ri dorus na cille. Giollae aouc ann Diarmait. “Eircc dun, a Cusatin”, ar Mo Cuda, “do guide na rig im dail m-bliadna do thabairt duinn, cen ar n-gluasacht adiu”. Tet iaramh Cusatin dia saichin-siumh, ⁊ a lorcc slaidhe ina laimh, ⁊ a culchi imme. “Coich seo”? for in oig. “Cusantin in t-oilitir-sin”, ar iatt. “Maith a ocu”, for se, “do guidhe h-itchi cuccaibh-si do-dheochadhus on cleriuch, co tarttai dail m-bliadna do cen fogluasacht, ⁊ damh-sa dano ar m' oilithre ⁊ ar mo geilsine don Coimde”. “Is ferr a thabairt”, ol Diarmait. “Do-berthar”, ol Blathmac.

     vi
     11

    Tiagait as iaram. Do-berad na cleirigh cetna iatt iar cinn bliadna, co m-batar ar dorus na cille. “Eircc dun, a Cusatin”, ar Mo Cutta, “do ghuidhe bliadna oile cen ar f-fogluasacht”. Teitt-siumh dano fon iondus cetna. “Is e an bachlach cetna”, for cach, “nis-bia failte don chur-sa”. “Is droch-impide,  267b a occa”, for Cusantin, “ar ro bamair-ne riam isin maitis attataoi-si, co ros-renam e ar in Coimde. Ro battar secht n-duine form comus-sa, ⁊ rig cech duine, ⁊ or ⁊  p.303 arccat, graighi ⁊ alma bo cech duine, for mo cubus-sa sin uile, co n-dam fil i moghsaine sund ar serc n-De .i. an Coimde. Cia do-berta iaramh form-sa ⁊ foranti rom-faid, bes ro piadh focraicc”. “Fochen duit”, or da mac Aedha, “rod-fia failti ⁊ cairde m-bliadhna”. “Beridh-si bennachtain dono”, for eisium.

     vii
     12

    Teccait dia bliadhna doridhisi iter laoch ⁊ clerech, co m-battar a n-dorus na cille. “Eircc, a Cusantin”, for Mo Cuda, “cusna riogaibh, gur cuince cairde m-bliadhna duinn forra”. “At-agur min tucait”, for Cusantin. Luidh iaramh dia saichin. “In bachlach cedna diabhar saighid”, for siatt. “Nocon acaille iter, robar bia ferc leis”. Fecaitt na gille for daescaire fris, occa caopadh. Ni tucc-somh dia oidh inní-sin co toirsed na righu. “An tibrid-si cairde na bliadna do Mo Chuda”? or se. “Eircc uaind, a bhachlaigh” for siatt, “nit-fia failte”. Lasin sreidh in gabail uadh, ⁊ geibidh bragaitt cechtar nae na da righ ina dib n-glacaibh. “An tibridh”, for se, “in itchi connaighim? ⁊ min tardadh, bid liath cechtar fathar do inchinn a cheile uaibh”. “Do-beram co deimhin”, ol siatt. Tugadh do-somh in cairde, ⁊ ni la bennachtain fuair.

     13

    Uch, marbh Cusantin íartain, ⁊ isin t-sechtmain ria n-eccaibh do, oc ceilebrad doiph ina n-ecclais, co n-acca Mo Cuda in Satan for cind Cusantin. “Cidh dot-fuc annsin”? for Mo Cuda. “Manach dam-so”, for se, “ar ata an doman fora cubus”. “Is doigh, as becc-sidhe”, for Mo Cuda. “Is cuitechad ann, gid becc”, for eisiumh. “Maith a cleirigh”, for Mo Cuda, “tabair do coibhsiona”. “Do-ber-sa immorro, a ticcerna”, for Cusantin, “nach fil don domun for mo cubus, acht imraidim nama comadh maith lem, in lec forsan geibh-si do pater, comadh-si no beth dar m' aghaid”. “Bidh-si immorro”, for Mo Cuda,  268a “eircc-si, a Shathain, isin coirthi cloichi fri cill andes, ⁊ ni derna ercoid ann, acht donti ticfa frisin ecclais”.

     viii
     14

    Tangattar meic Aodha Slaine iar sin co m-borrfadh ⁊ barainn, uaille ⁊ diumuis, ⁊ na cleirigh; ⁊ ba h-iarna n-deg-gresacht do ladrannaibh h-Ua Neill. Deithbir on dano, ar ni faigebhdais scor a n-ech la feraibh Midhe, min dicuirte Mo Cuda. Uch, ba h-ainimh mor  p.304 Consatin an tan-sin. “Eircc anunn a Diarmait”, or Blathmac, “ar is at rí”. “Ragat”, for Diarmait, “cenip fo lith lem.” “Neach uaibh leis, a chleirchiu”, for Blathmac. “Do-gentar”, ol iatt.

     15

    Ro ladh crandchar eter samad Finnein ⁊ Ciarain, ⁊ Coluim Cille, d' fis cia h-epscop uadaibh no raghad la Diarmaid. Do-rala do muinntir Clnana Meic Nois, ⁊ ro lasat-sein for a fairchi, ⁊ do-rala do muinntir Cille Achid Drumfhata. Ro lasatt-sein iter a c-ceallaibh, ⁊ do-rala do muinntir Cluana Congusa h-i Cinel Ardgair. “Ragat-sa”, for a h-aircinnech-side, “do ghabhail a lamha”.

     16

    Tiagaitt tra anunn Diarmait ⁊ an cleirech, ⁊ socchaidhe mor archena maraon friu. Teid Diarmaid, co taratt a uillinn frisind ursainn na h-ecclaisi i m-boi Mo Chuda. “Tarr istech isin ecclais, a Diarmait”, for in cleirech. “As lor do-dechad”, or Diarmait. “In do gabail mo lamha-so do-deachad”? for Mo Cuda. “Is fris rom-cuired cetus”, ol Diarmait. “Madh dian deni-siu forru”, ol Mo Chuda, “am erlum-sa dano”, for se, “let-su”. “Ro fheimghios”, ol Diarmait, “nis-gebh do laim co brath, ar med do nóimhe ⁊ t' ordain, ⁊ is am aithrech cidh ar techt iter”. “Co n-dot raib-siu ordan ⁊ oirechus dono”, for Mo Cuda, “for nimh ⁊ talmain, ⁊ cumhachta ⁊ righi ⁊ flaithemhnus for Eirinn go brath, cein co tis frim comarba-sa. Nir soiter do gnuis frit naimdiu, ar ro soisiu remam-sa. Do-beratt tra ind oicc aithis fort iar n-dol amach .i. Diarmait Roanaidh do radh riut, ⁊ gurab i n-ordan doicc duit-siu sin, ⁊ dod shiol, ⁊ gurab uait an righe do gres”.

     17

    Ro soi Diarmait amach iar sin, ⁊ do-ratt Blathmac aithis fair: “As ruanaidh tice on cleiriuch”, ol se  268b .i. as rioghda. Ro be dono radh caich iaram fris .i. Diarmait Ruanaidh. “Eirgid fein”, for Blathmac frisna cleircibh, “⁊ geibidh laim Mo Cuda, ar is fribh cosnus feronn”. “Ni ragam gan tusa linn”, for siat. “Ragat-sa libh”, for an righ. At-ragat a n-aoin-fecht uile, laochaibh cleircibh, co h-airm a m-boi Mo Cuda.

     18

    Do-choidh dano airchinnech Cluana Congusa dia saighidh, do gabhail a lamha, ar is dó rainic an cranncar. “An geba-sa mo laim-siu”? or Mo Cuda. “Gebat, ar ni bhia isin suidhe abádh fris”, or in cleirech. “Nit raib-siu dono nemh no talamh”, for Mo Cuda, “⁊ corap fo ssop ⁊ cuitbiudh i n-dalaibh i nd-oirechtaibh do gres t' airchinnech”. “Uch, maircc nod-geibh, ⁊ lasa n-gabur”, for secnap Cille Achid. “Bennacht fort”, or Mo Cuda, “bidh let ordan do cille”.

     p.305
     19

    “Berid as e”, ar fos-aircindech Cluana Meic Nois, “na fuirghidh an bachlach crand-briathrach isin c-cill”. “Nit raib-si nemh no talamh”, for Mo Cuda “⁊ fuacht ⁊ gorta dot breith fein, ⁊ do breith fhir th' ionaidh do gres”. “Mor liach a n-do-gnid”, for secnap Durmaigi. “Bid tusa bus secnap ⁊ bus aircindech it chill do gres”, for Mo Cuda. “Tairrngidh anuas é”, for aircinneach Durmaighi. “Digradh do samhta fort tria bite, ⁊ for fhior t' ionaidh do gres, ⁊ gurab eiccin meur fair tria bhite inn aireacht dia munadh”. Ro saoi co muinntir Cluana h-Iraird, ⁊ ro esccaoin drem dibh, ⁊ ro bennach drem ele.

     20

    Luidh Blathmac feisin anunn iar sin, ⁊ Cronan Dercc comarba Ciarain. “Cidh dia t-tuidcidh?”, for Mo Chuda. “Do gabhail do lamha-sa”, or Blathmac. “Ni gebha”, for Mo Cuda. “Ni bia isin t-suidhe abbadh fris”, for se. “Gebatt-sa dono do lamha-sa asin suidhi righ i t-taoi, ⁊ getat nemh ⁊ talam fort, co na bia ri no ridhamhna uait, ⁊ is iatt bas daire don giolla do-choidh amach do chlann ⁊ do chiniul go brath”.

     21

    Ro soi go Cronan iar sin, ⁊ adubairt fris: “Ni daonda ataoi frim-sa”, or se, “ar inisle do gnim-si sin, ⁊ do aontadh fri samudh Ciarain; ut sit in prouerbium apud eos: Mumnensis manum Mumnensis accepit .i. co ro moti raibh ap a Mumain occa. ”

     22

     269a “Ni raib immorro somaoin 'na h-abdaine-sin tre bithi sír for Muimnech, acht aon nama do Mumha gebus í do innechadh for Leith Cuinn mo diocur-si. Connachta fo Araib, ⁊ h-Úi Neill gan righe rurech, acht a m-beith fo fhan echtrand fri re. Cluain dano cen lubair, cen riaghail, iar n-dith a sruithi, i m-bia comhcedludh discir nach druine trepait a h-iatha a bith cen rimad comgnimha fri forcetal, cen toi fri ortt, acht sruithi cen commaidh cresine, acht comhcetlud in espaic fria linn, cein co ti an daol bán firfes dia eis, ⁊ bidh maith ind ecclas fria re, bid olc í i n-aimsir in lucair deoda don Mumha firfes a comrama cen espa; co ra bai-siu fein fo aithis”. Statim oculus sinister Cronani excecatus vel extinctus est.

     23

    “Dian-bas dot breith dono, ⁊ do ciníudha dot eis, ⁊ an lamh ro sinedh cuccam-sa”, or se, “gurap follus do chach a mí-aradha”. Quod postea completum est. “Cech ab dano gebhus itt ionadh gibe ernail  p.306 treblaitte gebhus e iar n-gabhail abdhaine, nir sccara fris co a bhas”. “Fer ghai deirc itt ionad-sa dano”, for Cronan, “⁊ dian-bas do breith dreime dibh”. Ro fhaccaibh dano briathra aile beos do. “Bidh lim-sa an cathair-siu dono”, ar Cronan. “Ac”, for Mo Chuda, “acht bidh Rathen Mo Chuda, ⁊ Mo Chuda Rathain at-bertar ann”.

     24

    Gabaitt iaramh a laimh, ⁊ lottar timcell martra ⁊ relecc. “Uch, a tigerna”, ar manach dia mancaibh fri Mo Chuda, “ata galar im chois; ní fedaim techt lat”. “An dino”, ar Mo Cuda. “Nato”, for Colman mac h-úa Telduib, ap Cluana Iraird, “ni bia ind aoibhell-sin uait-siu accain-ne i m-medhon”. “Eircc”, for Mo Chuda, “⁊ tabair do cois forsin cloich ucatt”. Ocus o do-ratt an manach a cois fuirre, ba slan fo cedoir; ⁊ as i sin Lec Mo Chuda i r-Rathen. Do-choidh dano an galar i c-cois Colmain la breithir Mo Chuda; ⁊ as-pert co m-beith go h-artraigtech do gres i c-Cluain Iraird an galar.

     25

    At-rachtattar na mairb asin talmain do neoch at-bath fria aimsir-sium  269b do techt lais. “Amin”, for Colman god manach, la gabail coisi Mo Cuda, “ro gellais-si duin-ne”, for se, “comadh ettrain no beith h' eserge; ⁊ apair dino in let ragmat, no an sunn anfamat”. “Anaid sunn”, ar Mo Cuda, “ar ni filit in da eiseirge isin t-soiscel, ⁊ ticub-sa dia laithe bratha cóm manchaibh uile co crois Cusantin i n-dorus na cille, curap immalle digsem do fuigell bratha”.

     ix
     26

    Luidh iaramh Mo Cuda ass, cusin mor-imirci-sin lais .i. xl ar ocht cedaibh a l-lion. Mor do fhertaibh ⁊ do miorbhuilibh do-roini co r-rainicc na Deisi; ⁊ do-ratt ri na n-Deísi .i. Maol Ochtraig mac Dinertaigh, a chorp ⁊ a anmain do, ⁊ do-ratt do gach aon no togfadh dona Deisibh do leccadh leis. Ro gab-somh iaramh i n-Dun Seinm for Nim. “Bith-biad-sa sunn”, for eisiumh, “co n-dechus do Nimh for nemh”. “Cid do-forni sin, a chleirigh”? or caillech ro bai ann fris, Caimell a h-ainm. “Nach lis-sin indso do-gniatt na manaigh”, for eisiumh. “Is les mor cetus”, ol in chaillech. “Bidh é a ainm dono”, for eissiumh “.i. Les Mor”. Conidh de sin ata Lioss Mor Mo Chutta.

     27

    Marb dóno Mo Cuda dia bliadhna iar sin. Do-choid dono Cronan i Mumain for a fairci .i. comarbha Ciarain; do-coidh assin go Les  p.307 Mor, d' iarraidh loghtha dia cinel a los na m-briathar ro fagaibh Mo Cuda forra. Mo Lua Lobar, as e ro bai ar a cind ann. Bui-siumh arnabharach oc cuingidh logta for Mo Lúa. “Dia t-ti Mo Chuda doridhisi h-i c-curp”, for se, “cuindigh logadh fair. Cein co t-ti, ni thibrem-ni logad dia eissi”.

     28

    Tainic Cronan andes reme iar sin do saigidh Cluana Meic Nois. Tainicc i l-luing for Sinuind. At-connairc an t-aen-ethar, ⁊ ethair iomdha aga tograim. Ro baiditt immorro, ⁊ ro marbaitt na roibhe isind ethar. Tainic aon do lucht an ethair for snamh cusin luing i r-raibhe Cronan, ⁊ ro gabh Cronan ar cend é. Do-ratt immorro aon do lucht na tograma beim do, co ro ben a cend de, ⁊ a laimh do Chronan araon. Luidh Cronan  270a iar sin co port, ⁊ do-coidh for tir, ⁊ at-bert fria muinntir: “Anaidh sunn”, ar se, “co ro codlar”. Battar fri re iar sin occa idnaighe dus in érsed. Marb tra Cronan annsin tre breithir Mo Cuda, amail do-rairngert do, ⁊ ro thairrngir aon dia chinel do ghabhail abdhaine a Cluain, ⁊ meth for an tuaith ⁊ for an ecclais fria reimes. Et hec omnia completa sunt, et complentur, et complebuntur.

     x
     29
  • Ro la an doman bacc ar bacc
    Da mac décc fil acc Blathmac;
    Aen mac décc la gach mac;
    Is annsa a ríom re a rath-nert.
  • Ro la athirruch athbac
    Dec meic cech ui do Blathmac;
    Aiteoch an Rí dos-rat nert,
    Na raibh ri no taithmet o Blathmac.
  • Treabaid Blathmac mile rod
    Cian ó ata in iomat ócc;
    Biaidh Blathmac iar sin i f-fán,
    Faicfidher a aenarán.
  • Blathmac cía no raitea fris,
    Fil nech bad treisi iris;
    Focicher don nirt i t-tá
    Fri h-en-oidce ocus en-lá. Et reliqua.
  •  30

    Mo Chutta cona coimhtionol .i. moirsheiser ⁊ secht fichit ⁊ secht c-cétt, ⁊ imaccallaimh re h-ainglibh cech tres fer dibh. Lá n-ann luidh  p.308 Mo Chuda gusin coimhtionol-sin ime ina prosesiam mor-timcel reilge na n-aingel i r-Rathain occ denamh an ernaighthe, et reliqua.

    3940
     xi
     31 270b

    Mo Chutta cecinit

  • Ind ecclas naemh nemdha,
    Is saer h-í, is crodh cundla;
    Tabraidh taobh re sruith-nert;
    Is cruitnecht, is craobh cumra.
  • Da n-gabaid ind ecclais,
    Cur bá h-altrom naeidhen,
    Gurab tren bhar m-briathar
    Occ biathadh a h-aidhedh.
  • Is siad so na h-aidhigh
    Is dír isin ecclais,
    Lucht lubra ocus leiginn;
    Bochtain, diblein diadha;
    Mo-genar do-genad
    Cobhair oca fegadh,
    {}
    Oc denamh a riara.
  • Da n-gabhaitt in ecclas,
    Fograim, daibh a pudar,
    Abraidh náchas-gebaid,
    No denaid a lubair.
  • Do lubhair a tempuil,
    Ceilebradh is crabhadh,
    A h-altoir maith maisech
    Co raibh si 'arna senad,
    Gurab caemh re fegadh
    Iar n-denam a caiseal.
  • Da n-gabaid an ecclas,
    Foccraim, ni radh rúine,
    Daigh is lim as cumhan,
    Gurab eirghe curadh,
    Bidh ulad cech cúile
  •  p.309
  • A h-aithle na n-uladh,
    Foccraim, is rádh bunaidh,
    Da n-dernaidh bar saethar,
    Da moraidh bar lubhair,
    Saothraighet bar c-cosa,
    Imdaighter bar lossa,
    Toccbaidh súas bar m-bosa,
    Bid crosa os gach ulaigh.
  •  32
  • A h-aithle cros cinnte,
    Da cinnid bar saethar,
    Ní abraim ribh anad;
    Bar n-dul amach re bliadain,
    Gur bat fai cet fiadaigh
    Oc iarraidh bhar manach.
  • Gach manach do-bera
    A edhbairt don ecclais,
    Do denamh a saethair,
    Do mhoradh a cille;
    Rob leis fein a díni
    Oc treabhadh a tire,
    Cu rachtea ar crine,
    A righe ar muigh nimhe.
  • Gach manach nac tiubrae
    A edbairt don ecclais,
    Do denamh a sáethair,
    Do móradh a lubar;
    A gort, ni rab gen as,
    Rob olc gach ní treabhus,
    Gurab demin bheires,
    Gurab de lenus pudhar.
  • Na rap pudar daibh-si;
    Troiscidh ar na mancaibh
    Diultfaid forind ecclais,
    Issedh dlegar duibh-si;
    Mad becc libh a m-beraitt,
    Eirgidh ocus treabhaidh,
    Denaid gurta gemhair,
    Lenaid as in ecclais,
    Ind ecclas naemh nemdha.
    Et reliqua.
  •  p.310 271a
     xii
     33

    Mo Chudae Rathain cona coimhtionol .i. as e-so a lin .i. oirseiser ⁊ secht fichit, ⁊ secht ced; ⁊ imaccallaimh re h-ainglibh gacha treas fer dibh. Ina coroin doib a timcell reilcce Rathain ag denamh an ernaighti. Amhail bai Mo Chutta ann, co n-faca an deman ina medhon ettorra. Fiarfaighis Mo Cuda de: “Ca conair fuarais, a truaigh, co n-uicce-so”? Freccrais an diabal é, ⁊ isedh adubairt: “Formail an Connachtaigh”, ol se .i. mac leigind do cinel Aodha na h-Echtghe. “Maith a chlerigh”, ol Mo Cutta, “ca h-ait i raibi do menma an tan tainic an diabal tort, go fil inar medon ettrainn”? Luidhigh an mac eccailsi ic prostrait i fiadnaisi Mo Cuda, ⁊ ro indis an t-adhar do .i. “Ag tabairt catha ro battar mo braithre collaidhe, ⁊ ro foillsighedh damh-sa inní-sin, ⁊ as ettorra ro búi mo dutracht gen gur muig rempu, ⁊ ni h-annso, ⁊ do-gellaim-si duit-si ⁊ don Coimde cona faigbe diabal slige amach toram-sa, ge fuair amuigh”; ⁊ ba fir ón.

     34

    “Maith, a cleirigh”, ol in diabal fri Mo Cudae, “cedaigh damh imtecht, uair ni lamhaim dul ind aér suas la h-analaibh na naemh ⁊ na h-irnaighthe, uair ni dom fuarus i n-ifrionn pian as truma ⁊ as diochra oldas anala na naemh, ⁊ na h-irnaighthe”. Ro chettaigh dano Mo Cuda don diabal imthecht la truaighe na n-aitesc rochan i f-fiadhnaisi na naemh. Ro imtigh immorro an diabhal iar sin ina fiadhnaisi, ⁊ nis fainic cuca doridhisi. Et reliqua.

    xiii. SCEL ELE AR MO CHUDA ANNSO.

     35

    Mo Chuttae Rathain immorro do-rinne roind da coimhtionol ⁊ da aidhedhaibh adhaigh n-aen ann. Gach biadh immorro frisa m-benadh a lamha, no cuimledh  271b dona broccaibh no bittis uime gach lai. Adhaigh n-ann dono as-bert Mo Cuda: “As mór an righe-si i fuilim”, ol se, “.i. moirseiser ⁊ secht fichit ⁊ secht cet isin coimtionol-so i fuilim, ⁊ imaccallaim fri h-ainglib gach tres fer dibh, ⁊ abdhaine ⁊ cennus accam-sa forro-san, ⁊ conidh mesa misi oldas gach fer dibh-sin. Ocus ni slige nimhe dam-sa sin, ⁊ ni biu amlaidh ni bús sia, acht rachatt gusan luing ata ag imtecht a h-Eirinn, cu na rabhar da adhaigh i n-aen-ionad, acht acc aitricche ar fud an domain moir”.

     36

    Rucc as an adhaigh-sin amhlaidh sin, ⁊ ro élo arnamarach go h-airm a m-boi Comgholl, ag Tigh Teille. Amhail at-connairc cach dibh a chele .i. Mo Chuda ⁊ Comgholl, bennachais cach dibh diaroile. “Suidh”, ol Comgholl fris. “Ni h-ail lem”, ol Mo Cuda, “uair ata tinnenus form, uair ata an long oc imtecht”, ol se, “⁊ as eigen damh rochtain innte”. “No to”, ol Comgholl, “uair do-bhera Dia don luing  p.311 anadh anocht”. Suidis immorro Mo Cuda, ⁊ ros-benadh a brocca de, ⁊ amhail ro benad, as-bert Comgholl: “Tair amach, a dhiabail”, ol se, “asin broig, ⁊ ni bherair lat in ettail fuarais ni as sia”. Lingid immorro an diabal as in m-broicc amach, amhail at-cuala sin, ⁊ asedh adubairt oc imtecht: “Ni sechbaidh deit do thégmail dia Comgoll no o, a Mo Cuda, uair ni leiccfind-si di adhaigh i n-aen-ionadh tú, ar in lethcumaigh do-ronais ar do bhrogaibh fein sech broccaibh an choimtionoil, uair no chumailtea do lamha doibh an tan no bithea ag roind na proinne no bidh occaibh, ⁊ ni fuarusa slighe ele cuccat acht an conair-sin namá”. Imthigis an diabal iartain, ⁊ as-bert Comgoll frisan naemh inntodh dia tigh, ⁊ tathaighe a trath do dhenamh. Ocus as-bert:

    1. “Maith do chleireach beith abus no i f-foss
      Ocus tathaighe na trath;
      Do-berat demhna cuidmide
      “Spirut utmaille for cach”.
    Anais Mo Cuda abhus gan imtecht do cumachtaibh De ⁊ Comghoill. Finis.

    41
     p.312

    16. Do mhacuibh Ua Suanach.

     272a
     1

    Fiachra cettamus, mac Eachach Muidhmedhoin, batar da mac lais .i. Amal gaidh Nath I. Meic dano Nath I .i. Eocha Brec, Eocha Mingort, Elgach, Earca Caelbuide, Corcoroi, Onbecc, Mac Cuais, Oengas Lamhfadha. Clann Eachach Bric .i. h-Ui Eachdach Muaidhe .i. Clann Breithi meic Eachdach Bric, Clann Loeghaire meic Eachdach Bric .i. Muinter Muiren i n-Umhall; dibh-sidhe Maol Duin mac Criomtain, meic Dima, mic Diarmata, meic Senaigh, meic Laegaire, meic Echdach Bric. Cuimin mac Dima, meic Diarmata, i c-Cill Cuimin i tir O n-Eachdach .i. isin Ulaigh Moir fo chosaibh h-Ua Shuanaigh .i. i r-Rathain ro h-adhnacht Cuimin.

     2

    Cenel Laeghaire, Muinter Muiren Glinne Muil Duin, Mointer Mail Foghamair, I Cridgen, I Lenain, I Flatili. Clann Breithi meic Echdach Bric .i. Mael Falce mac Breithe, Brodubh mac Breithe, Brenainn mac Breithe. Dibh-sidhe na tri h-Ui Suanaigh .i. Fidhmaine, Fidhairle, Fidhgus, tri meic Fidhbadhaigh Ferabla ingine Dima Duibh, meic Diarmata, meic Senaigh, meic Laeghaire, meic Eachdach Bric. Fidhbadhach on mac Con Duiligh, meic Comain, meic Suanaigh, meic Crecain Muaide, meic Bruidge, meic Brenainn, meic Breithe, meic Eachdach Bric ut supra, meic Nath I, meic Fiachrach, meic Eachach Muigmedhoin.

     3

    Ite iaramh naeimh Ua n-Eachach .i. Aedhan ic Cluain Eochaille isin Corann, Colman mac Eachach ic Senbochta i n-Uibh Ceinnselaigh; meic Eachach Muighmedhoin innsin. Naeimh immorro Sil Bric .i. Colman mac Duach, meic Ain- mirech, meic Conaill, meic Cobhtaigh, meic Eoghain, meic Eachach Muimnigh.  272b Na tri h-Ui Suanaigh tra, ite annso a n-gabhala .i. Fidhmaine occ Rathain, Fidhairle i Cintsaile, Fidgus oc Glas Carn, et reliqua.

     4

    Mar fuair Mo Chuda h-Ua Suanaigh Ros Corr cona erann .i. Maol Bresail mac Cathasaigh meic Flainn Lena boi ar foghail. Aen dia fhogail .i. sarucchad croisi h-Ua Suanaigh a fhir- con airce i Fidh Elae imon cleir n-aesa certi is de ata Cros na Cainte i Fid Elo;  p.313 i flaith Domhnaill meic Murchada do-ronadh an sarucchad h-Ua Suanaigh. Do-rimart Domhnall mac Murchada iar n-argain h-Ua Suanaigh in dilgenn uile. For-feimdhetth breth eraic ar med an t-saraighthe, co ro ladh for cubus h-Ua Suanaigh fadeisin. Is h-i immorro breth rucc-sidhe .i. tir an echta do thuitin i n-dilsi do Mo Cutta d' Ua Suanaigh .i. Ros Coir; na daoine do-roine ca h-echta .i. h-Ui Cernaigh, h-Ui Gilla Shuanaigh, h-Ui Conin, gan a n-impodh frisan fine cetna co laithe in bratha, et reliqua.

     5

    MO CUTTA CECINIT OCCA IONNARBADH O RATIIAIN

  • Nib shursan sccaradh sccarmait,
    Dursan nach anadh anmait;
    Gidh sunn, cidh tall no mairmis,
    Ro badh ferr linn na sccarmais.
  • In as lem-sa,
    Cain in cell-sa;
    Inas leis-siomh,
    Taisigh do-somh,
    Gurabh leisiomh.
  • Amhail gabus mac go m-blaidh
    Forbai a uasal-athar,
    Gebaidh m' ionad-sa go m-blaid
    Mac fial feta Fiodhbadhaigh.
  •  273aRathan na naemh ro charsam,
    Sosadh saer ar ro fhersam;
    Ar tafonn as nir charsam,
    Truag in mhalairt, nib shursann.
    Nib shursann, et reliqua.
  •  6

    MO CUTTA CECINIT

  • Ni bia oran fairisiumh
    Acht mar bhis ben ar aithedh,
    Mo Rathen, budh mo Rathnin,
    Budh mor, budh mor mo Rathen.
  • Rathen ran, reil a ana
    Os ruidh reidh Erca fine,
    Is ris samlain-si Rathen,
    Re h-achadh do mhuigh nimhe.
  •  p.314
  • Budh i mo cheall catamhail,
    Beid innte buadha binne,
    Beid scola go lan- gradaibh
    Og foghlaim eccna inne.
  • Budh-si mo cheall catamhail,
    Biaidh innte imat n-angel,
    Budh-si mo port gabhala,
    Bidh-si mo dun, mo daingen.
  • In mac lasa toicebhthar,
    Bidh leis an dun na dria;
    Aca ni bia a indsamhail,
    Eter manchaibh ni bia.
    Ni bia, et reliqua.
  •  7

    Fechtus rainic h-Ua Suanaigh co Laind Meic Luachain. Occlaech saidhbir i c-comfogus do Laind an tan-sin; battar secht meic occa, ferann mor .i. Coisimnach ainm ind occlaich. “A cleirigh”, ar Colman mac Luachain fri h-Ua Suanaigh, “tair lium do iarraidh faighde ferain ar Choisimnach”. “Rachat”, ar h-Ua Suanaigh. O 't-ces iatt, ro h- iadadh an baile friu, ro troisccsett go mattain i n-dorus na ratha in lion ro bhattar  273b .i. h-Ua Suanaigh cona muinntir, Colman, Maol Tuile mac Nochuire, .i. bron-dalta h-Ui Suanaigh.

     8

    Conidh ann as-bert Colman re h-Ua Suanaigh .i. “tabhair do mhallacht ar Choisimnach cona cloinn”; co n-dernsat an triar-sin tri runda do Choisimnach, ut dixit Colman an rand:

    1. “Fuirimh, a Fhidmaine Fhind,”
      Briathar do reir righ na rind
      Ar Choisimnach, comhall n-gal,
      Cona moir-sheiser brathar”.

    Dixit h-Ua Suanaigh:

    1. “Mo mallacht-sa, co ti brath,”
      Ar Choisimnach ina rath,
      Is ar a chloinn, ni chelar,
      “I cein raibh nemh is talamh”.

    Ut dixit Maol Tuile:

    1. “Ni ro atrebhthar in rath”
      O a comharbaibh, co t-ti brath;
      Ar trosccadh na sruithe sen;
      “A Criost caidh, ro comhaillter”.

     p.315

    Tuccadh dith ar Choisimnach iar sin, ro tuit an ferand ag an ecclais o sin alle, et reliqua.

     9

    Tri meic ro faccaibh Gilla Coluim Ua Mael Muaidh .i. Cu Bladma, Donnchadh, Muircertach. Ro gabhsat na meic-sin occ foghail occ ingreim for Raithin, for muintir Raithin, for h-Ua Suanaigh; cu tainic Cu Bladma la n-ann go Rathain, ro marbh cuicc mile dec eter bec mor. Tainic iaramh fercc comharba h-Ui Suanaigh .i. Saerbrethach Ua Ceallaigh, chosaitt e go mor  274a i t-tech Murchadha I Mael Echlaind i n-Durmagh, ar is ann boi Ua Mail Echlaind istigh. Ocus do- roine a cosaid .i. Con Bladhma, ina fiadhnaisi fein.

     10

    Ron-gabh-somh in glas-bachaill, ro luigh nach deachaid do Rathain isin lo- sin uile, conach derna olc dar h-innisedh uadh. “Ni coir”, ar cach a coitchinne, “cosaid breicce do denamh fort”. Gidh edhsin tainic doridhisi do Rathain .i. i n-deghaidh h-Ua n-Duibginn. Ro bui ar fhoghail for dibeircc an tan-sin; tangattar for comairce ann, rucc na bu do lar na reilcce. Ro impo fer na m-bo fris- siumh iarttain, do-rad guin don sgin boi occa i mullach a brond. O 't-ces do-somh e fein i n-airdhenaibh bais, targaidh a mhaincine d' O Ceallaigh, d' Ua Suanaigh, nir gabh Ua Ceallaigh, ro ba marb- somh fri cend nomaidhe iarttain. Ocus ro moradh fiorta De h-Ua Suanaigh andsin.

     11

    Ron-gabh Muircertach Ua Maol Muaidh righe Fer Cell iar sin. Tainic adhaigh n-aen ann do Rathain for aidhigecht, is ann boi a leabaidh in adhaigh- sin, isin tempull, boi a bhen ina fharradh isin leabaidh. Muighi do digh coiscc boi occ senoir ro boi isin m-baile. Ruccadh ar eiccin chuicce gusin tempall, mart do crudh in bhaile. Co n-ethat diblinaibh. Co m-boi an tan-sin Domhnall Ua Maol Muaid for ionnarbadh, Muinnter Luainim ina fharradh. Co r-rangattar a moch-trath do Rathain, gur uo iatt ro duisigh Muircertach, co n-dechaidh isin tempall for cula, gur loisced an tempall fair tre eilnedh an  274b tempaill ind oidhche roimhe-sin; go ro moradh ferta De h-Ua Suanaigh annsin.

     12

    Ro marbadh Domhnall Ua Maol Muaidh ro loisc an tempall, ar lar Rathan ria cinn bliadna. Donnchadh h-Ua Maol Muaidh .i. an tres mac do Ghilla Coluim, ro gabhadh eisidhein ag Murchadh h-Ua Mail Echlainn, ro tiodnaic do Mhuinntir Luainim go t-tuccsat tunaith fair, go ro foil- gettar h-i poll mona co na frith riamh .i. ar mett a doibes.

     13

    Aodh mac Domhnaill I Maol Muaid tainic-sidhe beos do Rathain for aidhighecht, gur marbhsat Muinter Luainim h-e i n-Inis Mo Chutta, se fir dec dia muinntir maraen fris; ro moraitt ferta De Mo Chutta h-Ua Suanaigh isna gniomhaibh-sin.

     14

    Is h-i dano oidhedh rucc athair na mac-sin .i. Gilla Coluim .i. an  p.316 Geocach h-Ua h-Ailleain d' Feraibh Cell do marbadh Gilla Choluim i n- Inis Locha Meic Dubhrai, do marbadh a mna .i. inghen h-Ua Bricc, dona Deisibh Muman, siatt for meiscce, ro marbadh in Geocach iarttain. Con- idh de ata Port in Geochaigh in bhail ro marbhadh e; et reliqua.

    42

     p.317

    17. Betha Ruadhain.

     i
     1

    Beatha Ruadain do Shiol Duach sund. Ba soichenelach inti h-isin d' fuil riograide Mumhan .i. Ruadhán Finn mac Fergusa Beirn, meic Dera Duibh, meic Daire Cerb, meic Oillella Flann Bicc, meic Fiachach Muillethain, meic Eogain Moir, meic Oillella Oluim.

     2

    Do thogh Dia an Ruadhan-sin i m-broinn a mathar, ⁊ o dhiul a ciche dó, óir ba lan do rath an Spiorta Náeimh eisidhéin o laithe a thuismidh go laithe a eitsechta. Do-rad anté Ruadhan gradh dermair don Choimdhe ina naoidhentacht.

     3

    Iar techt aóisi in foglama dó, do múin an Coimdhe cumhachtach dó, dol d' foghlaim an screptra ⁊ an creidimh chatolice ⁊ na h-eccna díadha archena. Do-luidh Ruadan iar sin go h-Ibh Neill an deiscirt co Finden, .i. co h-escop Cluana h-Eraird; ⁊ ro chaith  193b a aimser aicce, gur bo foirfe isin scriptuir é. Gabais ced imthechta iar sin occa oide. Beiris bennachtain uadha, ⁊ faccbhais bennachtain aicce.

     ii
     4

    Luid Ruadhan iar sin go Musccraighe, a n-Ara Mac Ua Neitt, ⁊ toccbais ionadh oirisimh ann. Cuiris an Coimdhe aingel go Ruadhan iar sin, ⁊ is edh as-bert fris: “Ni ced duit on Coimde t' eiseirge do bheith sunn”.

     5

    Luidh Ruadhan iar sin go Lothra i n-Urmumain, dú h-i f-fuil a chathair aniu. At-chi anti naem Ruadhan an torc n-allta n-adhuathmar for a chinn i c-cúas croind, ar ba h-aitte cumhsanaidh dó-sam eisidhe. Gabhais eccla anti naemh Ruadán occ faicsin an tuirc. O 't-connairc an torc antí Ruadhan, do-luidh as in locc a m-boi mar umla don Coimde ⁊ do Ruadhan. Cumhdaighis antí Ruadan ecclas n-oirbhidnigh don Coimdhe ann, for forgall an aingil, a quo Lothra i Mumain aniu.

     iii
     6

    An cedna aimsir taghais Brenainn .i. Mac ui Alta ionat oirisimh dó settal o Ruadhán i t-Tulach Brenainn. Cumdaighis Brenainn duirtech ann, áit a c-clunidis clucca aroile adíu ⁊ anall.  p.318 At-bert Brenainn: “fagbham an chrioch-so do Ruadhan, oir ní thuillem nech i n-en-crích fris ar a oirbittin ⁊ ar a onoir fein”.

     7

    Luidh Brenainn iar sin co Cluain Ferta Brenaind, ait h-i f-fuil a cathair fein aniu. Ocus bennachais ann. Bennachais Ruadhan Brenainn ar son a umhla dhó-somh, ⁊ as edh as-bert: “Mo cathair-si” ar se, “ni ba h-e daingne a chathair-siumh tre bithi inas”.

     iv
     8

    Luidh Ruadhan iar sin a crich Chineoil Chairpre Móir go Snamh Luthair. At-bath rí na criche an tan-sin.  194a Tuccadh i c-cend Ruadhain e dia adhnacal; ⁊ iatt oc toirse ⁊ occ derghubha go dermair. Gabhais truaighe anti náemh Ruadan doibh, co ro aitcestair in Coimde tar a cend, co ro duissicch Dia an rí iarttain i n-onoír Ruadháin. Ro edhbair an rí h-isin a cathraigh ⁊ a chrich, ⁊ se budeisin, ⁊ a chineol archena, do Dhia ⁊ do Ruadhan tre bithe; ⁊ ro moradh ainm De ⁊ Ruadhain de sin.

     v
     9

    Luidh Ruadan áen do laithibh do Rus Eirnine i Crich na n-Oirther. At-chi sochraide for a chind and; dibercoid, ⁊ toirsi trom, ⁊ dergubha dermair leo. Cesnaighes Ruadhan damhna na diucaire. “Ata immorro”, or siatt, “a fotha accainn .i. aimser tedhma moir do-rala sund, ⁊ ro fáccbadh ⁊ ro folchadh cistedha na cathrach fon talmain, ⁊ ní fes duinne cia h-ionadh incleithe h-i filet”.

     10

    Luidh Ruadhan iar sin sechnon na cathrach occ sir-beim a cluicc, co ro ghortaigh a chlocc, ⁊ é ag atach an Coimdhe tar a cend. O 't-clos don Choimde ettarguidhe diochra Ruadháin fair, ro ersluicc an talamh uaistibh, gur bo follus do cach na cistedha; co tardsat a n-eiredha eistiph iarttain i n-onoir naemh Ruadhain. Ocus ro edbrattar na maithe a c-cathraigh ⁊ a c-cineol ⁊ iatt budeisin do Dhía ⁊ do Ruadhán. Morthar ainm De ⁊ Ruadháin de sin.

     vi
     11

    Do-luidh coicc Ruadhain laithe n-ann do idhlacadh loma don cathraigh secht laithe diaigh aroile. An tan immorro do ticcedh go dorus na cathrach, do mionaighte lestar an loma, ⁊ do doirtea i m-bith ind. Luidh Ruadhan iar sin go dorus na cathrach, ar go fionnadh cia dos-gnidh an t-aidhmilledh bunaidh forsan coicc.

     p.319
     12

    At-connairc antí Ruadhan dha demhon for a chind, .i. demon forin ursaind n-deis  194b ⁊ demon forsan ursainn clí; ⁊ ord iarnaidhe i l-laimh gach demain díbh. “Cidh dia tancabair sunda”? ol Ruadhan. “Ninsa”, ar siatt, “i. do blodhadh lestair in loma, ⁊ dia dhortadh feisin”. “Cidh sin”? ol Ruadhan. “Ata immorro”, ar siatt “.i. for domíad in choicc frisna h-aidedhaibh, ⁊ frisna bochtaibh archena”. Naiscis inti Ruadhan forna demhnu iartain triall rempu i fudomhain in mara moir amach, ⁊ oirisiumh and do gres, connach tístais do aidhmilledh neich isin du cétna sin, ná i n-dú n-aill tre bithu. Do-gniat na demain amhail as-bert Ruadan friu.

     vii
     13

    Luidh araile ferscal do Aradaibh Cliach co Ruadán dia atach ar go n-dernadh liaigh de budeissin. Senais antí Ruadan a dhurna ⁊ a ruscca dó-somh. Foillsigter ind uile ealada leighis do-somh iarttain gurbo foirfe inntibh é.

     viii
     14

    Rioghan Cualann, ros-gabh guasacht tedma moir h-i. Baoi cáocca liaigh fria h-acchaidh fri h-athaid fhoda; ⁊ nir chumaingsit icc di. Luid an Coimdhe iartain i r-riocht aingil go Ruadhan, ⁊ is edh as-bert fris: “As duit-si do deonaigh an Coimdhe an rioghan do ic”.

     15

    Tocbais anti Ruadhan a toirrchim dhe. Ro foillsighedh tre aislingthe iona collad don rioghain anti Ruadhan a n-eccosc etrocht, ⁊ maille fri gloir n-dermair. Andar lésí is edh as-bert fria: “Cuirfet-sa macamh ócc dot shoighidh comainm an laithe a t-tanacc sunn. Is amhlaidh rot bia m' eccoscc, ⁊ rot-cfa”. Edhbrais an riogan iarttain h-i búdéin h-i láimh De ⁊ Ruadhain, ⁊ at-bert frisna legaibh sódh for culaibh, ⁊ nar cumaingsett slainte di.

     16

    Cuiris Ruadhan iartain in liaigh remhraite dia soighidh, ⁊ ticc lestar n-umhaidhe bói occa cona lan uiscce ann do shaigidh Ruadhain. Senais antí Ruadan  195a an t-uiscce. Laaidh bheos a shele ind. Ocus do-rad digh don liaigh ass, ⁊ iss edh as-bert fris iarttain Ruadhan: “Soich an rioghan, ⁊ beir an soidheach cetna let. Lai feissin do sheile ind, ⁊ tucc digh as don riogain, ⁊ bidh slan iarttain issidéin .i. an lía fola fil ina broind sgeraid fria iaromh ina gein mairb; ⁊ na geibh do lóg ó rígh Cualann acht an brat fil aicce, dianid ainm Leuia”.

     p.320
     17

    Luidh an liaigh iarttain gusin ríogan, ⁊ do-gní feib at-bert Ruadhán; co ro íc an rioghan iarttain. Ro thaircc in rí tiodlaicte ile don liaigh uadha tar cend íca na rioghna. “Acc”, ol in liaigh, “ni gebthar sín uait, acht an leiuia do breith lim go Ruadhan”. “Rod-fia”, ar rí Cualann; ⁊ do-ratt in ri in lin-brat do-som iarttain, ⁊ ro mair for altoir Ruadhain fri h-aithaid fhada iarttain; ⁊ ro móradh ainm De ⁊ Ruadhain de sin.

     ix
     18

    Araile la boi long Brenainn for fudhomain mara Luimnigh, co ro súig an luing, go ros-báidh iartain, ⁊ maccamh óg, ba mac do ri Bretan bói occa foghlaim occ Brenainn, ina h-iochtar. Isedh as-bert Brenainn: “Is do Ruadhan Lothra do dheonaigh an Coimdhe an long-so do sodhad for cula doridhisi, ⁊ an mac becc do dúsccedh.”

     19

    Cuiris Brénainn iartain techta go Ruadhan dia chuinghe fair techt go h-airm i m-bói, ar go c-cabhradh Ruadhan an cás-sin. Luidh Ruadhan go Brenainn iarttain, ⁊ aitchis antí Ruadhan an Coimdhe tar a cend, go ro eist Día ettarghuidhe Ruadhain, go ro shoidh an luing for cula, ⁊ mac righ Bretan beo lais. Ocus iss edh as-bert an mac becc: “Is é cochall Ruadhain boi lim-sa fon muir, co nar leicc an t-uiscce dom ingreim, go ro shoidhes im frithing  195b for cula doridhisi”. Morthar ainm De ⁊ Ruadhain lasin fert-sin.

     x
     20

    Teora coicat do mhuinntir la Ruadhan do ghrés, ⁊ no geibhdis betha gan feidm n-daonda léo, acht ernaighthe ⁊ edarguidhe an Dúileman, ⁊ claiscettal coimdheta leo in gach dia, do móladh an Choimdhedh tre bithu, ionnus go f-faghdais a m-bethaidh. Crand iongnadh bói ag Ruadhan isin cathraigh; sugh ainglecda do shiledh as in crand do ghres; boladh fína lais, ⁊ an c-cedna do shasadh ann. Geibhis tnuth dermair naemhu Erennfris iar-sodhain, gurbat formattaigh fri Ruadan iatt.

     21

    Go ro luidhsett naemha Erenn co Finnen, epscop Clúana h-Eraird, oír ba h-oide dala ⁊ foircetail d' ilar naemh eisidhe; ocus at-berat aroile gur bedh do uile naemhaibh Erenn. Do-ghníatt na naeimh innlach n-dermair fri Finden, ⁊ is edh as-bertsat fris, nach tairisfittis aes timthirechta dia mancaibh ina n-eccalsaibh, gan triall os aird, no fo dichleith, do soighidh na bethad naeimhe go Ruadhan. Luidh Finnen, ⁊ naeimh Erenn iarttain diblínaibh go Lothra go Ruadhán. O do-riacht Finden isin c-cathraigh anonn, at-connairc an crann cumachtach, ⁊ senais Finden an crann. Battar ann asa h-aithle, go m-ba h-uair tomhaltais doibh iar-sodhain.

     p.321
     22

    At-raigh an fertigis go Ruadhán, ⁊ is edh as-bert fris: “Nir snighedh on crand dúinn aniu acht daethain ar manach ⁊ ar muintire fadéin. Ocus caidhe at-toimhelaitt ar naoidhigh”? At-bert anti naemh Ruadhan: “Tabair-si uiscce an topair diar soighidh, ⁊ imsoidhfidh an Coimde h-i fion iar sodhain”. At-racht an coicc iar sin gusan topar, ⁊ lionais a lestar don uiscce. At-racht in maighre  196a dia soighidh tresan cloich boi fon topur iar-sodhain. Ba d' ingnadh ⁊ ba difaisneisi leo-somh a mett, oir maraidh a fhuilliucht isin cloich beos. Luidh an ferthighis go Ruadhan iarttain, ⁊ an t-uiscce ⁊ an t-eo dermair lais. Coisriccis Ruadhan an t-usci, co ro shaidh in Coimde h-i fín iartain i n-onoir Ruadhain.

     23

    Díolais Ruadhan naemha Erenn ⁊ a aidhedha arcena ind acchaidh-sin d' fíon ⁊ d' iassc, gurbatt subhaigh soimhenmnaigh iarttain. Aílit na naeimh anti Ruadhan maille fri duthracht n-ernaighthe, ar co tairsiudh co cutrama friu budeissin, ⁊ fria mancaibh a m-bethaid dáenda, daigh co na batt formadaigh fris. Ro aentaigh antí Ruadan i n-umhla ⁊ i foighittin an t-atach. Bennachais Finnen iar sin anti Ruadhan ar logh a umhla, ⁊ bennachais an c-cathraigh, ⁊ an talamh, do-dailfedh toirthe do.

     24

    Iss edh as-bert Finden fri Ruadhan iar-sodhain: “At-berim-si duit, an talamh oirfither accat, toirthe dermaire do techt de co síoraidhe, ⁊ nach suirfe lesachadh tre bithe, amal do-gniter la daoinibh anaill”. Faemais Ruadhan inni-sin donti náemh Findén. Soidhis Finnen ⁊ naeimh Erenn dibhlinaibh for cúla iarttain o Ruadhán maille fri sídh suthain; ⁊ tiodlaicis Finnen a bhennacht do Ruadhan iar-sodhain.

     xi
     25

    Diarmait mac Fergusa Ceirbeoil, frisan abradh araile Diarmaid mac Cerbaill, ba ri Erenn i r-reimhes Ruadhain. Cuiris an ri-sin maoir ⁊ aes timtirechta sechnon Erenn do tabhach a chísa ⁊ a cabhalaigh, ar faillsighti a nert d' feraibh Erenn dibhlinaibh.

     26

    Bai araile occlach eisiodhan ainiccnech lais ba maer do-somh, diar bo ainm Bacclamh. Satan ar cumsanadh annsidhein riamh ⁊ iaramh. Ni aiclidh-somh  196b diabal do gres, acht no bittis d' aen-scel fri aroile ag tarrachtain aindlesa De do gres. Triallais anti eissenn-gaide .i. Bacclam gae dermair lais ar atach n-diabail, dar ghoiristair fein gae ind áird-righ, co m-beiredh tarsna lais i n-dinnaibh ⁊ i n-deag-cathrachaibh na righ ⁊ na n-uasal archena, ar gomadh tormach neirt don aird-rí eissidein.

     p.322
     27

    At-racht Baclam iar-sodhain fon samhail-sin h-i c-Connachta do-sunnradh. Luidh remhe go dinn Aodha Guaire .i. go righ Ua Maine. O do-riacht-somh, at-rubhratar cach fris: “Triall lin-ne immaille fri h-oirmittin ⁊ fri h-onóir isin cathraigh anonn”. At-bert-somh nad raghad iter, co m-beired gae ind righ lais tarsna, feibh co m-beiredh i n-dinnaibh gach rígh arcena. O 't-cualatar teglach Aeda Guaire inní-sin ro bhrisettar an c-cathraigh, ⁊ leiccit Bacclam anonn, ar mionachadh na cathrach, ⁊ a ghae tarsna lais.

     28

    Aodh Guaire immorro o 't-cualaidh an gniomh-sin, lonnaighis uime, ⁊ fuactnaighis go dermair iar-sodhain, ⁊ soichis go h-airm i m-bói an maor, ⁊ imris oidedh anfforlainn fair, go ros-bath fo céttoir. Acht ge do-righne Aodh Guaire an gniomh-sin, ba doigh lais na rachadh leis tar forsmacht in aird-ri. Luidh Aodh Guaire iar sin do Muscraighi co h-epscop Senaigh. Ocus teitt for a chomairce tre bithin gaoil do beith aca fria cele, óir ba dias deirbhsethar a maithre dibhlínaib.

     29

    Luidh Senach epscop iar-sodhain la h-Aedh n-Guaire for imnedh an rígh go Ruadhan Lothra for a ghaol fris; oir ba días deirbhsethar do Ruadhan ro oilestair an t-uasal-epscop Senach Ruadhan .i. Cael ⁊ Ruanat a n-anmanna. Acht ge ro faemastair inti Ruadhán in  197a chomairce, ba h-eccail lais nach eistfedh an ri fris iter. Luidh Ruadhán dano la h-Aedh n-Guaire go Bretnaibh for omhan Diarmata .i. an rí, d' imditten a chomairce. Faccbais i m-Bretnaibh eisidein, ⁊ soidh for cula budeissin.

     30

    Imtusa in rígh Diarmata, o 't-chualastair inní-sin, faidhis techta iar sin go rígh Bretan, ⁊ go h-uaislibh na criche arcena, la forchongra a n-dun-oirgne do denamh, mine cuirdis Aedh Guaire for cula doridhisi. O 't-cualatar Bretnaigh inni-sin, soidhit Aodh Guaire for cula doridhisi.

     31

    Ascnais Aodh Guaire co Poll Ruadhain, ar is annsin fuarustair anti naemh Ruadhán for a cind. Dos-gní Ruadhan iartain aitte ⁊ adha isin talmain d' Aed Guaire isin duirrtech i r-raibhe fein, occ fognamh don Coimdhe, d' imdítten a chomairce forsan rígh n-uaibrech; ⁊ ni leiccedh-somh dia soighidh acht aen-ghiolla n-ama i n-inam a foghanta don lucc talman i r-rabhustair occ antí naemh Ruadhán.

     32

    At-cualustair antí Diarmait Aedh Guaire do techt go Ruadhan dia imdítten fair-sium. Do-luidh Diarmait iar-sodhain go Poll Ruadhain, ⁊ ro lá aar a carpait gusin duirrtech i r-raibhe intí naemh Ruadhan og fognamh don Coimdhe, do tabairt Aodha lais ó Ruadhan. O do-riacht an tara don duirrtech anonn, druidis an Coimdhe imdoirsi a amhairc,  p.323 gur bo dall; co nar chumhaing a fhoghnamh dibh. An tara immorro geibis aithrechus n-diocchra isin n-gniomh ro triall, ⁊ do-rad é budeisin for breith n-Dé ⁊ Rúadhain inn.

     33

    An tan ba cian lasin righ boi an t-ara tall, luidh feissin don duirrteach anonn, ar go c-cesnaigedh do Ruadhán, caidhe an dú i r-raibe Aod Guaire;  197b óir ba doigh lais nach ebéredh antí Ruadhan dailbh fris. “Ni fetur-sa on”, ol Ruadhan, “acht mine fil fot cosaib”. Soidhis Díarmaitt for c-cúla as in duirrtech, óir nir thuiccestair an m-breithir at-bert Ruadhan fris. Machtnaighis ina menmain iar-sodain, comba fír a n-ebairt Ruadhan fris .i. co cumhaingfe nech do chor i t-talmain dú i r-raibhe a chos isin duirrtech, ⁊ gurab for ingabhail dailbe at-bert Ruadhan an m-breithir uccat fris.

     34

    At-chí in rí béos ina decchaidh-sin isin duirrtech thall aroile gillae do aes timthirechta Ruadain ag triall gusin lucc talman i m-bói Aódh Guaire, ⁊ suttrall for lasadh lais, do foghnamh d' Aédh inn, feibh do-gníth do grés. At-ces do Diarmaitt inní-sin, ⁊ goiris gilla dia muinntir díar bó ainm Dondán, ⁊ isedh at-bert fris, triall don duirrtheach, ⁊ in talamh do thochailt go h-Aedh n-Guaire, ⁊ go tucctha ass dia shaighidh feissin anall as in poll tar saruccadh Ruadhain. Luidh Donnán don duirrtheach cona aidhmibh iarnaidhe lais. An tan dob áil dó an talam do tochailt dona h-aidmibh go h-Aedh n-Guaire, seacais a laimh fair, co nar chumhaing iter a foghnamh dhi.

     35

    An gniomh n-ettualaing ro triall Dondán forsantí Ruadhan, geibhis aitricche n-diochra inn, ⁊ edbráis é feín for breith n-Dé ⁊ Ruadhain. Ara in righ immorro do dhall in Coimdhe isin duirrtech i n-onoir Ruadhain, ⁊ Donnán feisin, do-gni Ruadhan mancha dibh, ⁊ do naemhaitt iatt-sidhein, ⁊ is íatt do-rala i nuimhir naemh n-Erenn i Pull Ruadhain aníu. O 't-connairc Diarmaitt immorro gan na techta do teacht, luidh feisin gusin duírrtech,  198a ⁊ do-ratt Aedh Guaire lais tar sarucchadh n-Dé ⁊ Ruadháin. Ocus lottar iarsín go Temair, ⁊ Aodh lais.

     xii
     36

    Ba fercc mor la Ruadhan inní-sin, co ro tionoil a mhanchu, ⁊ lottar go Brénainn m-Biorra. Luidh Brenainn lais cona manchaibh diblinaibh co Temraigh. Cuingis Ruadhan a chomairce forsan righ .i. for Diarmaitt. Erais Diarmait go h-athlamh antí naemh Rúadhan. At-clos do Ruadhan inní-sin, ⁊ do Brenainn, occus dia mancaibh. Ro triallsat a c-clucca ⁊ a c-ceolana do bein for Diarmait, go ros-gortaighset aga m-bein. Co n-gabhsat fós a psalma esccaine ⁊ innighte fair, nir  p.324 cumaingset iter a riar don aird-ri la-sodhain, acht do-ratt i t-tarcusal dermáir íatt.

     37

    Cumhsanaighidh Ruadhan ⁊ Brenainn i Temhraigh ind oidche-sin. Da rígh dec bói la Diarmait, ro eiblettar an da mheic décc battar occa an cédna aghaidh, go ros-frith marbh arabhárach. Toccbhaidhter ile comharc ós aird trithibh i t-Temhraigh iarna cluinsin. At-rachtsat na ríghu-sin gusin aird-rí, i. go Diarmait, conidh edh as-bertsat fris: “Is tre shailm-chettal na c-cleirech ⁊ antí naemh Rúadhain fil oc tabach a dhála sunn fort-sa, is de sin ro eibhletar ar meic-ne”. Lottattar oidedha na mac marbh sin go Ruadhan iar sin, co ro aitchettar anti Ruadhan maille fri derghubha n-dermair ar co toduiscedh a maca doib. Luidh Ruadan ⁊ Brenainn cona mancaibh ina crois-fighill iarttain, ⁊ dos-gnit duthracht n-ataigh forsan c-Coimdhe im thodusccadh na mac marbh; co ro shóidh an Coimdhe iatt ina m-bethaidh doridhisi, i n-onoir Ruadhain.

    43.

     xiii
     38

     198b Adhaigh n-aill n-aile boi Ruadhan i t-Temraigh ag tabach a comairce, co tarfas fis don rígh in adhaigh-sin .i. crann dermair d' faicsin do. Andar leis boi feicce an croinn a clethibh nimhe, ⁊ a fremhae i t-talmain. At-chi béos teora coicta fer dia saigedh. Biail beil-lethan i l-laimh gach ae dibh, co ro gabsat acc sloighi ⁊ acc sír-lettradh an croinn dibh, co ro srainsett leo for talmain, go ro duiscc tairm in chroinn ag tuitim an righ as a thoirrchim suain, go h-uttmall, imnedhach, gurab é ní ro oiris i sinistreachaibh a eistechta .i. foghar sailm-cettail Ruadhain cona mhancaibh ⁊ a claicc-beim dibhlínaibh occ esccaine fair, gur forlíonsatt a clúasa iarttain.

     39

    At-racht an ri as in cathraigh amach la turccgabail greine, óir ba geis do flaithibh Temrach eirge n-greine do breith forra alla astigh do shecht múraibh na Temrach. Luidh an ri iar sin go h-airm i m-bói an naemh-clerech Ruadán cona manchaib. O do-riacht an ri ro sccuirset na manaigh dia c-clais-cettal, ⁊ do-ronsattái d' eistecht frisan righ.

     40

    Conidh ann at-bert Diarmait: “Maith monar fil lim-sa, triall occ cosnamh na cora ⁊ na firinne, ⁊ ag coimett an rechta, ⁊ acc oirmitniuchadh an dlighith. Ocus tuccadh a deimhni damh-sa”, ol se, “do reir cumsanaidh an t-siodhae. Madh sibh-se”, ol se, “bus olc  p.325 monar, ag triall ag cosnamh na h-aingidhechta, ⁊ occ diochur an rechta ⁊ na riaghla flatha, ⁊ occ domíadh in dlicchidh, ⁊ occ imdítten na c-ciontach; snigfedh dioghal an Choimdhedh foraibh ind”, or se.

     41

    Conidh ann at-bert Diarmait: “Bidh-si do cheall-sa, a Ruadhain, cét ceall dibhghus a remthus ard-cheall n-Erenn”. Ro freccart Ruadan dó-soin: “Bidh túscca  199a dibhghus do flaithemhnus oldas”, ol se, “⁊ ni aittreba neach dot seimedh Temair for do lorcc”. Friscart Diarmait do Ruadhan: “Bid fás t' aitti-siu”, ol se, “ar do-ragha muc-thréd dia soigedh, co ros-claidhet dia srubhaiph”. Ro freccart Ruadhán dó: “Bidh fás Temhair ile ced m-bliadan resanní-sin”, ar se, “⁊ ní ros-aittrebha nech iar sin co ricce an m-bráth”.

     42

    Ro freccart Diarmait dó-somh: “Do teccaimh aithis for do churp”, ol se, “oir biaidh dibhdadh boill dot bhallaibh fort .i. do shuil, conach ba léir duit silladh amhairc thairsi, suil faccbas tú an talamh”. Friscart Ruadhan dó: “Bidh do rennaibh biodhbadh atbela-sa co n-oidigh n-deroil fort, ⁊ roind ⁊ dian-sccáoíledh dochraidh for do bhallaibh”, or se, “nas fuigebthar la 'roile go h-adhnacal”. Friscart Diarmaitt: “Do túaim adhnacail-si, do tora torc allaidh dia saighidh, go ros-tochla”, or sé. Frisccart Ruadhan dó: “At-beirim-si gell”, or se, “in sliasait nar fhoscclais frim-sa i t-Temhair, nas fuighebhthar lat bhallaibh fecht n-aill go h-adhnacal; ⁊ in tegh inat marbhthar”, ol intí naemh Ruadhan, “bidh occ díglodh in tighe iar c-caerchaibh for sluasaitt in chartaidh ros-tóccbhaidhther tú a broind áoilich”.

     43

    Iss edh as-bert Diarmait: “Leicc ass ale”, ar se, “do dhingaibhsidh mo flaithes, ⁊ ataidh-si occ imditten na cintach. Fil a fhis sunn”, ol se, “is abhar tocha lasin Coimde innú-sa. Saigidh for cula”, ol Diarmait, “⁊ ín fer libh tar cend fuaslaicte damh-sa”. A m-battar and iar-sodhain, co f-facattar triocha each n-gorm oc teacht  199b co Ruadhan, nar bo h-indshamhail fri h-echraidh n-aill ar aille, oc tocht as in muir moir fri Poll Ruadain andes. Laais Ruadhan iad-sidein a coimhrith fri h-echraidh Temrach, co ro cinnset a c-coimhrith foraiph. Ocus dos-ratt Ruadhan in echraidh i f-fuasccledh Aodha Guaire. Do-ratt an rí iatt-sidhe d' uaislibh a thecclaigh. Gairitt becc iar-sodhain co ro soidhsettar in eachraidh isin mhuir comhramhaigh cetna gan poinn dia t-tarbha 'ga n-erradhaibh. Imthighis Ruadhan iartain a Temhraigh maille fri síth on righ, ⁊ Áedh Guaire lais.

     xiv
     44

    At-chí antí Ruadhan clomha ina dhíaigh. Ro ailsiot na  p.326 cloimh almsain fair. “Ni fhuil im chumang sunn”, ol se, “acht in eachradh fil fon carpat, ⁊ do-sia duibh-si for seirc an Coimdedh”. Soidhit na cloimh o Rúadhan iar sin, ⁊ na h-eich leo. At-chí antí Ruadhan iar sin an da n-oigh n-allaidh dia shoigidh as in coillidh ina fochraibh; do-rattsatt a cindu fo irsibh an charpait, co ro imchuirshett é immaille fri h-oirmittin móir dia cathraigh feissin. Soait na h-oige for a n-alltaighibh fodheisin.

     xv
     45

    Aroile aimser corgais bói antí Ruadan, ⁊ is edh as-bert fria a mhanchaibh: “Fil dál coinnme naeimhe da bhar saigidh-si; ⁊ tabhraidh feoil libh dia soighidh, ⁊ toimlidh feisin an fheoil leo, an tan nach tarla a n-daethain do bhíudh ele i n-bhar c-cumhang”. 'Ar torrachtain na naemh, do-rattsatt na manaigh an fheoil leo. Ro senustair naemh Ruadhan in fheoil iarttain, cebtar nár lais. Ro shaidh in Coimdhe Ísu Crist in feoil-sin go m-ba h-arán i n-onoir Ruadhain.

     46

    An tan immorro ro lai na naeimh forsna borta, tainic athlaech léo don baile; diultais  200a an t-arán do chaithemh o 't-connairc gurab d' féoil do-ronadh an t-aran go gar resan úair-sin, do bhithin amurais ⁊ eccrábhaidh. Frith a daethain aráin n-aill dó-somh. A m-boi an t-athláech occ tomhailt an arain, co tarfás dona cleirchibh ⁊ do cách archena gurab snighi fola fordergi boi fria bél, ⁊ gúrab feoil bói do thomhailt. Foillsígther dó-somh cach aga fhaicsin amhlaidh sin. Geibhis an t-athlaech aithrige n-diochra don gniomh-sin. O 't-condaircc Ruadhan aithricche ind athláich ro shénastair cuid ind athláich. Ro shóidh in Coimdhe i n-arán nádurtha i n-onoir Ruadhain iar sin. Mórthar ainm Dé ⁊ Ruadháin lasin firt-sin.

     xvi
     47

    Aroile samh-aimsear bói náemh Ruadhan, at-connairc da chlamh dec dia soighidh, go ro shuirset almsain forsan fer naemh. Conidh and as-bert-somh fríu: “Fil i c-cumhang an Coimdhe almsain d' fagháil duibh, a trogha”. Clannais naemh Ruadhán a bachaill i t-talmain iar sin, go ro gortaigh an talmain 'ga cor inn. At-racht tomaidm d' uiscce tresan talamh iar sin, gur bo topar derscnaighthech, diar bo ainm Pisina, oir do-rala bliocht d' iascc. Is fris at-berat cách topar Ruadhain aníu. Imthusa an dá clamh déc, ro fhothraiccset a h-uiscce an thopair gurbhatt ógh-slána íatt. Mórthar ainm Dé ⁊ naemh Ruadhain tresan firt-sin.

     p.327
     xvii
     48

    Is dochum an Ruadháin naeimh ro tiodhlaic an Coimdhe Ísu Crist ind oigh n-allaidh as in coillidh fri fescor i n-am  200b espartan. Do oirisfedh ind oigh n-allaidh fria bleoghan occ Ruadán. An agh immorro ro reithestair go h-uttmall uirettrom; iar-sodhain ro imthigh an agh, ⁊ do-riacht co Colman Éla co ros-bligedh do Cholman gairitt iar turgbail urthosaigh laithe íarttain.

     xviii
     49

    Aroile urtosach erraigh ro thriall Ruadhán oiriseamh i n-Doire Eidhneach. At-chuala mac Dairine Doire Moir sin .i. eisiumh do bheith ann. Ro triall an t-occlach ina dochum, ⁊ ruscc dermhair lan d' im lais, dia tiodlacadh do Ruadhan. Ro la mac Dairine an lestar for da damh n-aimhriata iar-sodhain.

     50

    Do-radsat na doimh a n-acchaid forsan cathraigh o Dhoire Mor conair nar ghnathad riamh na iaramh. Coirighís an Coimde slighe n-derscaighthech for a cind tresan monaidh, nach frith riamh riasin uair-sin na iaramh; gur bo crúaidh socair an t-slighe dona damhaibh for gach ceim, no go riacht co Ruadhan co Doire Eidhnech. Dos-gni antí Ruadhan teora cóicta cuid don lestar go ro fodhlastair forsan cédna lín do dáoinibh eisidhein. An lestor immorro frith lan laithe cingeisi iar-sodhain amail ro boi acc techt go Ruadhan.

     xix
     51

    Aroile aimser do-rala Ruadhan i n-Aradhaibh. At-chi an m-banscail dia soigidh; gruaidhi fliucha ⁊ tóirsi trom, ⁊ dibergóid dermair lé. Co ro ataigh anti Ruadhan go h-umhal foigidnech im tódhusccadh a meic o marbaibh di. An tan ro ataigh antí Ruadhán an Coimdhe cumachtach tar cenn an mairbh, at-racht an marbh iarttain.

     xx
     52

     201a Macamh n-aill n-aile ro thodhuiscc antí náemh Ruadhan. An tan ro ladh a chenn fo chasal Ruadhain eisidéin at-racht o marbaibh.

     xxi
     53

    An tres fer immorro ro thodiuscc Rúadhan ó mharbaib a Cuillinn a flaith Eile. Do-ronadh in aitti dó ina n-dernain mírbhal-sin. Tulach Ruadhain a h-ainm sein gusaníu.

     xxii
     54

    Baoi araile occlach esccainte h-i c-crich úa Néill diar bo h-ainm Aodh Eiccintach. Ile n-olc lais, óir ba discir ⁊ ba droch-comhairlech  p.328 anti eisidein. Ro edhbair dano a fherann d' Áedh mac Bric. Tingellais Aodh flaith n-De dó-somh ind.

     55

    At-bath an t-ócclach iarttain. Ro chathaighset slogh adhbal ainíarmartach na n-demhon fris. Cathaighis an t-epscop náemh 'san áer tara cend friu. An tan rob ail doibh imirt anforlaind forsan epscop, ⁊ an t-occlach do bhreith leo da aitti ⁊ da adhba .i. do ifurn, ailis epscop Aodh co h-athlamh anti Ruadhan ⁊ Colam Cille, co toirsitis dia cobhair. At-rachtsatt an dá fher náemtha iar sin dia shoighidh, go ro cathaigsett friu dibhlínaibh,go ruccsatt an t-occlach leo i f-flaithes n-De, iar m-breith coscair for demon.

     56

    Ruadan ⁊ Colum Cille immorro iar sin raidhis gach nech dibh, go ro dermaittsiot a c-cluicc do beim d' eis sin, iar farcbail imchomhairc occa chele. Colum Cille immorro bói manuail órdha lais, dia breith dia scriobhadh do macaibh foghlama. Ros-dermaitt ag Ruadhan Lothra aon do laitibh iartain.

     57

    Do-rala Baithin i f-farradh Coluim Cille. Conidh ann at-bert  201b Baithín fri Colum Cille: “Caidhe”, ar se, “an manuál báoi lat lá an fhughaill”. “At-beirim, a Bháithín”, ar Colum Cille, “co ro dhermaites h-í lá an fhughaill-sin occ Ruadhán; ⁊ at-beirim frit, soich-si feisin go Rúadhan, ⁊ tabhair an manabail lat damh”.

     58

    Ro thriallastair Báoithin for sétt iar sin go Rúadan. Ruadhan immorro bói an manabail lais i n-aichill Báithin, óir do foillsighedh dó cían suil do thicfedh, go t-tiucfedh Báithine for cend na manabaile. Baithin iaramh ro faccbustair iomchomarc bethadh ag Ruadhan, go riacht budeisin for cula go Colum Cille, ⁊ an leabhar lais.

     xxiii
     59

    Ruadhan immorro da throigh déc i n-airde lais, ⁊ foirfe do deilb, óir ba derbh gur bó riaghalta allastigh anti Ruadhan, óir ba h-infeich allastigh ⁊ allamuigh anti Ruadhán, ⁊ ba h-inícha allastigh eisidhe. Ba h-uasal immaille fri daoinibh inti Ruadan; ba h-uaisle immaille fri Dia inas. Ba h-oll cuirp eisidein, ba h-uille a grasa inas. Ba h-oll i frecnarcas De ⁊ daoine anti Ruadhán náemh; ba mar 'san aimsir fil sund antí Ruadhan, ba móa 'san aimsir fil gan toidecht anti Ruadhan.

     60

    Ba mor i n-gradh eisidhe, ba mor i n-umhla eisidhe, ⁊ már i f-foighittne ⁊ a t-trocaire eisidhe; ⁊ ba mar 'san ile maithes anti Ruadhan, meince ⁊ lionmaire a dhegh-oibrech n-dinghala 'san cenntar, is as fuarastair il-mhaithes i n-altair o Mhac Muire Oighe ingeine, Ísu Crist, ar t-Tigernai-ne. Is aire beos fuarastair in luaighidhecht laindhermair, ⁊ in oirmittin n-difhaisneise, ⁊ in gloir nach cumangar do  p.329 dibhadh do ghres, i t-tir nimhe, h-i frecnarcus in aird-ri, Athar ⁊ Meic ⁊ Spirtu Naeimh, an Trinoid mair, aen-De, in Coimde ilcumachtach, ar n-aen-aird-ri, aga fil an sith suthain ⁊ comhlanas an uile maithesa, et reliqua.

     61

    As leabhar Echraidhe Í Shiagail ó Fheraibh Ceall do benadh an betha-so Ruadain i c-conueint brathar Atha Luain aois 'an Tigerna an tan-sin 30 Febru. 1628. ⁊ do sccriobhadh leis an sccribhneoir cedna an betha cedna i c-conueint bráthar Duin na n-Gall aois an Tigerna an tan-sa, 2 Marta 1629. Meisi an brathair bocht Michel O Clerigh

     62

     160b Fechtus dia n-deachaid anti naomh Rúadan for cuairt cleircechta go righ Eoghanachta Caisil .i. Eochaidh mac Mail Ughra, is h-isin aimser tainic araile drái d' feraib Alban for cuairt bíd go feraibh Eirenn cona trom-dhaimh lais, do breith einigh Erenn, no d' fagail gach neith no sirfedh for fiora Eirenn.

     63

    Lobhan ainm an druagh; go t-tainicc go h-airm i m-bói Eochaidh, co nar gabh aisccidh ele uada, acht an aon-shuil bói ina chionn do tabairt dó, no a einech, ⁊ einech b-fer n-Erenn, da breith lais i nd-Albain. O ro chuala an righ anni-sin, ro raidh go mairfedh a bhladh do shir, ⁊ nach mairfedh an roscc. La-sodhain ro la a mhér fona shúil, go ro theilcc an roscc i n-ucht an druagh.

     64

    O 't-conairc antí naemh Rúadhan an ithche neimh-dligthich-sin ro shir an dráoi, ro leicc for a ghluinibh é, ⁊ do-rinne croisfighill dhe, ⁊ ro guidh Dia go duthrachtach go n-dechdais di shuil an druagh Lobain i c-cenn in righ Eochadha, do fhognamh dó i n-ait a ruiscc fodheisin; ⁊ ro fíradh anni-sin, tre impidhe naomh Ruadhain.

     65

    Ro sginnsiott di shuil an druagh as a chionn tre impidhe naomh Ruadhain, ⁊ tre cumhachtaibh Dé, go n-dechsat in acchaidh ⁊ i n-einech Eochadha, go ro fhoghainsiot dó, amhail bidh iad a suile féin o thosuch a bhethadh no beith occa; go n-abradh gach aon atchidh é: “Suil Lobháin fil occa”, conidh de-sin ro len Súillebhain de. O 't-connairc Eochaidh an mirbal-sin, ro edhbair é féin cona shiol, ⁊ cona chlannmaicne  161a a m-bith-dilsi do Dia ⁊ do Ruadhan; gur moradh ainm De ⁊ Ruadhain de sin.

    Document details

    The TEI Header

    File description

    Title statement

    Title (uniform): Bethada Náem nÉrenn

    Title (translation): Lives of the Irish Saints

    Author: unknown

    Editor: Charles Plummer

    Responsibility statement

    Electronic edition compiled by: Elva Johnston

    Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

    Edition statement

    2. Second draft, revised

    Extent: 130580 words

    Publication statement

    Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

    Address: College Road, Cork, Ireland

    Date: 1996

    Date: 2015

    Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

    CELT document ID: G201000

    Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

    Notes statement

    For a description of the MS see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 23 (ed. Elizabeth FitzPatrick and Kathleen Mulchrone, Dublin 1940) 2780–83. The following texts occur only in O'Clery 1: Cóemgen I, Cóemgen II and Colmán Ela. The following occur only in O'Clery 2: Berach, Brendan I, Ciarán of Saighir II, and Úi Suanaigh. The following are found only in Stowe: Ciarán I and M' Áedóc I. The following are found both in O'Clery 1 and Stowe: Abbán, Bairre, Mo Chuda I. The following are found in O'Clery 2 and Stowe: Ruadán and Mo Chuda II (in part). Where Lives occur in two or more MSS more detailed information is given below about them and the use made of them. Abbán: this Life occurs in O'Clery 1, ff 145b–50, and Stowe, pp 205–21. Plummer prints the putatively more conservative text of O'Clery 1 and cites copious variant readings from Stowe and indicates parallel passages in the Latin Lives of the same saint. Only the text of O'Clery 1 is retained in the electronic edition. The chapter numbers (=div2 of the electronic text) derive from O'Clery 1, the sub-sections (=div3 of the electronic text) derive from Plummer. Bairre: this Life occurs in O'Clery 1, ff 122b–28a (see Pádraig Ó Riain, Beatha Bharra: Saint Finbarr of Cork: the complete life, Irish Texts Society 57 (1994), 42–47, with facsimiles of p. 122b and 128b), and Stowe, pp 1–17 (see Ó Riain, op. cit. 46–52, with facsimile of p. 277), which derive from the same exemplar. Two fragments of a third copy occur in Dublin, Royal Irish Academy, Book of Fermoy, f 59c–60a (MS 1134), vellum, scribes various, 15th cent. (lacunose) and containing sub-sections 1–7, 49, 50. For a description of this MS see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 25 (ed. Gerard Murphy and Elizabeth FitzPatrick, Dublin 1940) 3091–3125; Ó Riain, op. cit. 40–43 (with facsimile of Book of Fermoy, p. 88). Plummer collated these fragments for his edition. Plummer also makes reference to a later expanded recensions that occurs in several late MSS (18th–19th cent.), siglum Ir2. In fact, the modernised recensions exists in some 23 MSS and for a full discussion of these MSS and their texts see Ó Riain, op. cit. 188–99, and for an edition of the text, ibid. 200–22. In this electronic edition, the readings from Fermoy, Stowe, Ir2 are ignored. The chapter numbers (=div2 of the electronic text) derive from O'Clery 1, the sub-sections (=div3 of the electronic text) derive from Plummer. Berach: the electronic edition represents O Clery 2, ff 71–88 Brénainn: the electronic edition represents O Clery 2, ff 224a–263b. For a discussion of its relationship with other texts bearing on Brénainn, Plummer, op. cit. p. xvii–xxv. Dá apstol décc na h-Érenn: There are two vellum MSS and three paper of this text. (1) Dublin, Royal Irish Academy, Liber Flauus Fergusiorum, v ff 7c–8b, aliter 50v (=23 O 48=MS 476), 15th cent.; for a description of the MS see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc 10 (ed. Winifred Wulff and Kathleen Mulchrone), 1254–73. (2) London, British Library, Egerton 1781, ff 152d–153d, written in 1487 by Diarmait Bacach Mac Parthalain; for a description see O'Grady and Flower, Catalogue of Irish Manuscripts in the British Library, ii (London 1926, repr. Dublin 1992) 526–45: 544 no. 30). (3) O'Clery 1. (4) Brussels, Bibliothèque royale, 5100–4, f 12a, written in 1634 by Michael O'Clery. MSS (3) and (4) are copied from the same MS, Leabur Ruadh Muimhnech, written by Murchad Ó Coinlis. (5) London, British Library, Egerton 136, AD 1630 (for a description see O'Grady and Flower, Catalogue of Irish Manuscripts in the British Library, ii (London 1926, repr. Dublin 1992) 554–63: 560–61 no. 19. Plummer prints O'Clery 1 with variants from Liber Flauus Fergusiorum, Egerton 1781 and Egerton 136. The electronic edition represents the text of O'Clery 1 and the variants are ignored. The text is also edited from Brussels, Bibliothèque royale, 5100–4, f 12a with variants from Liber Flavus Fergusiorum by Rudolf Thurneysen, 'Eine Variante der Brendan-Legende', Zeitschrift für celtische Philologie 10 (1915) 408–420: 409–16 (text), 416–20 (translation into German). Ciarán Saighre I: this text is from the unique copy in Stowe. Ciarán Saighre II: this text is from the unique copy in O'Clery 2, ff 144a–53b. Cóemgen I: this text is from the unique copy in O'Clery 1, ff 274a–77b. Cóemgen II: this text (wholly in verse) is from the unique copy in O'Clery 1, ff 278a–86b. Cóemgen III: there are four MSS of this life, both late. (1) Dublin, Trinity College Library, H. 4. 4 (1346), p. 146–66, written by Aodh Ó Dálaigh (Hugh O'Daly) in January 1725 in Dublin (for an inadequate account of the MS see T. K. Abbott and E. J. Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in the Library of Trinity College Dublin (Dublin 1921) 170–71). (2) Dublin, Royal Irish Academy, 24 M 38 (MS 60), ff 1–36, 19th cent., written by Owen Connellan. (3) Dublin, Royal Irish Academy, 23 K 24 (MS 59), pp 35–70, written in 1765 by Labhrás Mhac an Alladh (Laurence McNally); (4) Dublin, Royal Irish Academy, 24 L 35 (MS 61), pp 1–19, written by Fr Anthony Gernon in Louvain in 1640. MS 2 and 3 are confused by Plummer, op. cit. p. xxvii, but it is clear that his references are to MS 2. MS 4 was unknown to Plummer and is not the archetype of MS 1. For details of MSS 2–4 see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 2 (ed. Kathleen Mulchrone), 167–73. Plummer edits the text from MS 1 with variants from MS 2. The electronic edition represents the text of MS 1. Colmán Ela: this text is from the unique copy in O'Clery 1, ff 219a–26b. M' Áedóc I. This text is from the unique copy in Stowe, pp 132–47. M' Áedóc II. Three MSS are used in Plummer's edition. (1) O'Clery 1, ff 168a–218b, copied in 1629 from and older MS. (2) Dublin, Royal Irish Academy, 23 O 41 (MS 181), pp 241–328, written in 1721 by Semus Mhaguidhir (James Maguire) (for a description of the MS see Catalogue of Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 4 (ed. Kathleen Mulchrone), 496–99). (3) Dublin, Trinity College Library, H. 6. 3 (1406), written in 1737 by Aodh Ó Dálaigh (Hugh O'Daly) (inadequately described, Abbott and Gwynn, op. cit. 266). There are late MSS not used by Plummer. Plummer edits the text from MS 1 with variants from MS 2 and MS 3. The electronic edition represents the text of MS 1 with one correction from Osborn Bergin. Mo Chuda 1: Text from O'Clery 1, ff 151a–57b with variants readings from Stowe. The electronic text represents the text of O'Clery 1. Indarba Mo Chuda a r-Rathin=Mo Chuda II. The text occurs in (1) O'Clery 2, ff. 266a–71b. (2) Book of Fermoy (23 E 29, MS 1134), 34b2–36b, vellum, 15th cent., ends imperfect (for a description see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 25 (ed. Gerard Murphy and Elizabeth FitzPatrick), 3091–125: 3099). (3) Oxford, Bodleian Library, MS Ashmole 1763, f 58. (4) Stowe, a (slightly abbreviated) version inserted into the life of Mo Chuda above. These MSS have been collated by Plummer who prints O'Clery 2 with copious variants from MSS 2–4. The electronic edition represents the text of O'Clery 2 only. A different recensions of sub-sections 2–20 of this text is edited from Oxford, Bodleian Library, Rawlinson B 512, f 59b (with translation in Whitley Stokes (ed), The Martyrology of Oengus the Culdee, Henry Bradshaw Society 29 (London 1905) 92–97. Do mhacuibh Úa Suanaig: the text is the unique copy in O'Clery 2, ff 272a–74b.Rúadán. The text is printed from O'Clery 1, ff 193–202, with variants from Stowe, 287ff. The electronic text represents the text of O'Clery 1.

    Source description

    Manuscript sources

    1. Brussels, Royal Library, MS 2324–40, written by Michael O'Clery, AD 1620–1635 (hereafter O'Clery 1).
    2. Brussels, Royal Library, MS 4190–200, written by Michael O'Clery, AD 1627–1635 (hereafter O'Clery 2).
    3. Dublin, Royal Irish Academy, MS 968 (olim A iv 1 olim Stowe MSS, vol. 9, see Catalogue of the Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 22, p. 2780), copied at Cork by Domhnall Ó Duinnín for Francis O'Mahony, provincial of the Friars Minor of Ireland in September 1627 (hereafter Stowe).

    Edition

    • Charles Plummer, Bethada Náem nÉrenn. Lives of the Irish Saints (Oxford: Clarendon Press 1922, repr. 1968). 2 vols. Vol. 1: Introduction, texts, glossary; vol. 2: Translations, notes, indexes.

    Select bibliography of the writings of Charles Plummer

    1. P. Allen; F. M. Stenton; R. I. Best, Charles Plummer 1851–1927 [with bibliography], Proceedings of the British Academy 15. Separately printed [1931].
    2. P. Grosjean, Charles Plummer, Revue celtique 45 (1928), 431–435.
    3. Charles Plummer, The Conversion of Loegaire and his Death, Revue celtique 6 (1884), 162–172.
    4. Charles Plummer, Notes on the Stowe Missal, Zeitschrift für vergleichende Sprachforschung 27 (1885), 441–448.
    5. Charles Plummer, Some new light on the Brendan legend, Zeitschrift für Celtische Philologie 5 (1905), 124–141.
    6. Charles Plummer, Cáin Eimíne Báin, Ériu 4 (1908), 39–46.
    7. Charles Plummer, Betha Farannáin, Anecdota from Irish Manuscripts 3 (1909), 1–7.
    8. Charles Plummer, Vitae Sanctorum Hiberniae (Oxford 1910). 2 vols.
    9. Charles Plummer, The miracles of Senan, Zeitschrift für celtische Philologie 10 (1914), 1–35.
    10. Charles Plummer, Notes on some passages in the Brehon laws, Ériu 8 (1916 (17)), 127–132; 9 (1921), 31–42; (1923), 109–117; 10 (1926), 113–129.
    11. Charles Plummer, On the meaning of Ogam stones, Revue celtique 40 (1923), 387–390.
    12. Charles Plummer, Notes on some passages in the Thesaurus Palaeohibernicus of Stokes and Strachan, Revue celtique 42 (1925), 376–378.
    13. Charles Plummer, Irish Litanies (London 1925). Henry Bradshaw Society 62.
    14. Charles Plummer, Miscellanea Hagiographica Hibernica (Brussels 1925). Société des Bollandistes, Subsidia Hagiographica 15.
    15. Charles Plummer, On the colophons and marginalia of Irish scribes, Proceedings of the British Academy 12, 11–44. Separately printed, 34 pp. (London [1926]).
    16. Charles Plummer, On the fragmentary state of the text of the Brehon laws, Zeitschrift für celtische Philologie 17 (1927), 157–166.
    17. Charles Plummer; J. Fraser; P. Grosjean, Vita Brigitae (Irish Texts 1 (1931), 2–18).

    Editions, secondary and reference works

    1. John Francis [=Iain] Campbell, Popular Tales of the West Highlands, orally collected with a translation by J. F. Campbell; vol. I, 48 (Edinburgh: Edmonston and Douglas, 1860–1862).
    2. Charles Plummer (ed.), Vitae sanctorum Hiberniae, 2 vols. (Oxford 1910; repr. Oxford 1968) [SS Abbanus, Aedus, Albeus, Barrus, Berachus, Boecius, Brendanus, Cannicus, Carthagus, Ciaranus de Cluain, Ciaranus de Saigir, Coemgenus, Colmanus de Land Elo, Comgallus, Cronanus, Declanus, Endeus, Fechinus, Finanus de Cenn Etigh, Fintanus, Geraldus, Ita, Lasrianus seu Molaissus, Maedoc, Mochoemog, Mochua de Tech Mochua, Moling, Molua seu Lugidus, Munnu, Ruadanus, Samthanna, Tigernacus].
    3. Charles Plummer, Bethada Náem nÉrenn. Lives of the Irish Saints (Oxford: Clarendon Press 1922, repr. 1968). 2 vols. Vol. 1: Introduction, texts, glossary; vol. 2: Translations, notes, indexes.
    4. Silva Gadelica, 2 vols. (London 1892), i 1–65, ii 1–69 [Lives of SS Ciarán of Saigir, Mo Laise, Maigniu, Cellach; respectively from London, BL, Egerton 112; s. xviii (1780–2); London, BL, Additional 18205; s. xvi; London, BL, Egerton 91; s. xv; Dublin, RIA, 1230 olim 23 P 16 al. Leabhar Breac].
    5. D. B. Mulcahy (ed. & trans.), Beatha naoimh Chiaráin Saighre: Life of S. Kiaran (the Elder) of Seir (Dublin 1895).
    6. Rudolf Thurneysen, 'Eine Variante der Brendan-Legende', Zeitschrift für Celtische Philologie 10 (1914), 416–420 [available online at CELT].
    7. Paul Grosjean (ed.), 'Vita S. Ciarani episcopi de Saigir ex codice hagiographico Gothano', Analecta Bollandiana 59 (1941), 217–71.
    8. W. W. Heist (ed.), Vitae sanctorum Hiberniae ex codice olim Salmanticensi nunc Bruxellensi, Subsidia Hagiographica, 28 (Brussels 1965) [SS Brigida, Furseus, Brendanus (2), Ciaranus Cluanensis, Darerca seu Monenna, Finnianus de Cluain Iraird, Tigernachus, Columba Hiensis (2), Fintanus de Dun Blesci, Albeus, Lugidus seu Molua (2), Fintanus de Cluain Edhnech, Finanus de Cenn Etigh, Ruadanus, Aidus episcopus Killariensis, Cainnechus, Fintanus seu Munnu (2), Colmanus de Land Elo, Columba de Tir Da Glas, Aedanus seu Maedoc Fernensis, Abbanus, Cronanus de Ros Cré, Laurentius episcopus Dublinensis, Flannanus, Senanus, Comgallus, Carthachus seu Mochuda, Lasrianus seu Molaisse, Maccarthinnus, Ciaranus Saigirensis, Dairchellus seu Moling, Colmanus Dromorensis, Caemgenus Glenndalochensis, Baithinus Hiensis, Daigeus mac Cairill, Mochteus, Eoganus Ardsratensis, Macnissseus, Cuannatheus seu Cuanna Limorensis, Mochulleus].
    9. Liam de Paor, St Patrick's world: the christian culture of Ireland's apostolic age (Dublin 1993) 227–80 [SS Ailbe, Déclán, Ciarán of Saigir].
    10. Pádraig Ó Riain, Beatha Bharra: Saint Finnbarr of Cork, the Complete Life (London: Irish Texts Society 1994).
    11. Máire Herbert, 'Hagiography', in: Progress in medieval Irish studies (Maynooth 1996).
    12. Ingrid Sperber (trans.), 'The Life of St Ciarán of Saigir', in William Nolan and Timothy P. O'Neill (eds.), Offaly: history and society (Dublin 1998) 131–52 [from Dublin, Marsh's L, Z 3.1.5. olim V. 3. 4; s. xv].
    13. Christina Harrington, Women in a Celtic Church: Ireland 450–1150 (Oxford 2002).
    14. Thomas Charles-Edwards, 'The Northern Lectionary: a Source for the Codex Salmanticensis', in: Jane Cartwright (ed), Celtic Hagiography and Saints' Cults (Cardiff: University of Wales Press 2003) 148–160.
    15. Nathalie Stalmans, Saints d'Irlande: Analyse critique des sources hagiographiques (VIIe-IXe siècles) (Rennes 2003).
    16. Pádraig Ó Riain, A dictionary of Irish Saints (Dublin 2011) (with bibliography).
    17. Charles Doherty, Linda Doran and Mary Kelly (eds), Glendalough: City of God (Dublin 2011).
    18. Pádraig Ó Riain, 'The Lives of Kevin (Caoimhghin) of Glendalough', in Charles Doherty, Linda Doran and Mary Kelly (eds), Glendalough: City of God (Dublin 2011) 137–144.

    The edition used in the digital edition

    Plummer, Charles and Richard Irvine Best, eds. (1922). Bethada Náem nÉrenn‍. 2nd ed. repr. 1968. Oxford: Clarendon Press.

    You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

    @book{G201000,
      title 	 = {Bethada Náem nÉrenn},
      origtitle 	 = {Lives of the Irish Saints},
      editor 	 = {Charles Plummer and Richard Irvine Best},
      edition 	 = {2},
      note 	 = {vol. 1: xliv + 346 pp; vol. 2: 484pp},
      publisher 	 = {Clarendon Press},
      address 	 = {Oxford},
      date 	 = {1922},
      note 	 = {repr. 1968}
    }
    

     G201000.bib

    Encoding description

    Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

    Sampling declarations

    All editorial introduction, translation, glossary, notes and indexes have been omitted. Editorial corrigenda are integrated into the electronic edition. Only the text of the main MSS has been been retained, since variants are cited, in cases where there are other MSS, in a non-systematic way and Plummer did not attempt a critical edition that would lend itself to appropriate variant recording. Missing text supplied by the editor is tagged.

    Editorial declarations

    Correction: Text has been checked and proof-read. All corrections and supplied text are tagged. Further checking is required.

    Normalization: The electronic text represents the edited text. The editor's expansions of abbreviations are marked throughout. Words are segmented in accordance with CELT practice.

    Quotation: Quotation marks are rendered q; double quotation marks are nested within single quotation marks.

    Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the page-break and line-break are marked after the completion of the hyphenated word.

    Segmentation: div0=the volume; div1=the individual saint's Life or religious text; sections (which derive from the MSS) are marked div2; sub-sections, which derive from the editor, are marked div3, when present; poems are marked for stanzas and lines. Typographical line-breaks are not marked. Page-breaks and folio numbers of the manuscript are marked.

    Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

    Interpretation: Names of persons (given names and surnames), groups (dynasties, tribes, peoples etc.), places are tagged. Offices and titles (king, abbot, lord etc.) are tagged. Numbers and dates are tagged. Tagging is not yet complete.

    Reference declaration

    A canonical reference to a location in this text should be made using “Life” and “Line”, eg Life 1, Line .

    Profile description

    Creation: By unknown authors in Irish monastic scriptoria c. 1000-1200, various and unknown

    Language usage

    • Over 99% in Middle Irish and Early Modern Irish. (ga)
    • Less than 1% in Latin, mostly biblical citations and textual formulae. (la)
    • Supplied title and editor's annotations are in English. (en)

    Keywords: religious; prose; medieval; Saint's Life; Abbán; Bairre; Finbarr; Berach; Ciarán of Saighir; Coemgen

    Revision description

    (Most recent first)

    1. 2015-03: Encoding improved and streamlined, additions made to bibliographic details. (ed. Beatrix Färber)
    2. 2014-10-28: Encoding improved; minor typos corrected, some missing manuscript foliation milestones added. (ed. Beatrix Färber)
    3. 2012-03-06: Some corrections made to encoding of div3 attributes. (ed. Beatrix Färber)
    4. 2008-09-30: Header modified. (ed. Beatrix Färber)
    5. 2008-08-29: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
    6. 2008-07-23: Value of div0 "type" attribute modified, content of 'langUsage' revised, more content markup added, encoding of titles modified. (ed. Beatrix Färber)
    7. 2005-08-04T15:35:55+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
    8. 1997-09-22: Header re-structured; select bibliography provided; text parsed using NSGMLS and normalized using SGMLNORM. (ed. Margaret Lantry)
    9. 1996-01-31: Creation and insertion of TEI Header. (ed. Donnchadh Ó Corráin)
    10. 1996-01-25: Revised text parsed and mark-up verified using SGMLS. (ed. Mavis Cournane)
    11. 1996-01-10: Re-checking and re-correction of mark-up and text; most biblical citations identified. (ed. Elva Johnston)
    12. 1994-09-09: Correction of edition. Capitalisation of place name and personal name elements. ( Elva Johnston)
    13. 1993-09-29: First proofing completed. ( Elva Johnston)
    14. 1993-09-06: Data capture completed. ( Elva Johnston)
    15. 1993-07-07: Data input begun. ( Elva Johnston)

    Index to all documents

    Standardisation of values

    • Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

    CELT Project Contacts

    More…

    Formatting

    For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

    page of the print edition

    folio of the manuscript

    numbered division

     999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

    underlining: text supplied, added, or expanded editorially

    italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

    bold: lemmata (hover for readings)

    wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

    TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

    Source document

    G201000.xml

    Search CELT

    1. Ni fuil FINIT sunn ar bhethaid Abbain 🢀

    2. An brathair bocht Michel O Clerigh ro sccriobh an bhetha-so Bharrai i c-Corcaigh i c-conueint na m-brathar as leabhar memruim le Domhnall O n-Duinnín, 24 Iunii 1629🢀

    3. 'damh' is added above the line unnecessarily. 🢀

    4. 'leo' added above the line unnecessarily. 🢀

    5. added above the line by a later hand unnecessarily. 🢀

    6. 'no estad' inserted above the line. 🢀

    7. Slicht droich-leabhair shenda meambruim le cloinn Briain Oig Úi Máolconaire innsin. A c-conueint na m-brathar ag Drobhaois Februarii, 1629. An brathair bocht Míchel O Cleirigh ro sgriobh. 🢀

    8. From this point to div42 infra inclusive, the division and numbering of the chapters have been altered in the MS., in some cases more than once. I have restored the original divsions and numbers, as the only way of obtaining a consistent series. 🢀

    9. 14 socii S. Brendani 🢀

    10. Hic pretermissa sunt errore librarii que in Latina uita narrantur ab introitu S. Brandani in Paradisum auium usque ingressum insulae familiae S. Albei 🢀

    11. 80 anni ibi erant 🢀

    12. 'ina muraibh' wrongly inserted here. 🢀

    13. Iste fabule sunt plus ab alio libro 🢀

    14. I c-conueint na m-brathar ag Drobaois ro aitsccriobhus an bhetha so Brenainn as an c-cairt ro sccriobhus roimhe as an leabur do sccriobh Sioghraidh úa Maolconaire do Roisi ingin Aoda Duibh meic Aodha Rúaid i Domhnaill, ben Neill Óicc, meic Airt, meic Cuinn í Neill, i m-baile ann t-Sen-caislein do lettaoibh Sleibhe Truim. Aois Crist an tan-sin, amail dherbus an scribneoir .i. 1536. Ocus aois Crist an tan-sa 27 Marta, 1629. Meisi an brathair bocht, Michel ua Clerigh 🢀

    15. In Br2 this is the second line of the verse. 🢀

    16. I c-Coill an Iubhair h-i c-conueint brathar Atha Luain do scriobhus betha Ciarain an ceid-fhecht as leabhar Aodha Óig Úi Dálacháin ó Lios Cluaine h-i Midhe; ⁊ do aithscriobhus anosá ag Drobaois. 18 Feb. 1629 🢀

    17. As leabhar an t-saccairt Roibnéd Puirsel ro scriobadh an blodh becc so do bethaidh Caoimghin i c-Cloich Uateir laimh le Leithglenn, i c-cuiccedh Laighen, an céid-feacht, 16 do September 1629; ⁊ ro sccriobh an scribneoir cetna, an brathair bocht Micheul O Clerigh an dara h-uair 'san c-cairt-so i c-conueint na m-brathar ag Drobaois 5 December 1629 🢀

    18. This section is not numbered in the MS, but the repetition of the first word “aiccmeil” after line 24 shows that it forms a separate poem. 🢀

    19. Gabh tar th' ais anonn 🢀

    20. Gabh don taobh amuigh don duilleóicc as foiccse dhuit, ⁊ anall annso arís 🢀

    21. forte Aiffin 🢀

    22. There are no numbers in the MS to this and the following poems. 🢀

    23. Atu tuirsech, gion, gub iongnadh 🢀

    24. I c-Caislen Caoimghin laimh le Glenn Da Lacha i c-cuiccedh Laighen i m-baile Fiachach í Tuathail do sccriobadh na laoithe-so da n-goirter Betha Caoimgin as an leabar do sccriobad d' Fiachach Úa Tuathail, ⁊ as sein-leabar arsanta ele le Domnall mac Donnchadha í Cuilemhain; ⁊ as follus do lucht a leghtha go b-fuilit go salach, ge nair damh-sa sin d' admail do taoibh mo coda fein. I c-conueint na m-brathar m-bocht ó Dún na n-Gall do sccriobadh so an dara feacht ag Drobaois, 6 December 1629; an brathair Michel ro sgriobh 🢀

    25. Sosduim a t-tigh Phattric Úi Murchadha aníu an seaght lá 20 do mhi Octobur 1727 laimh re Cúan Bhineteir Mhic Seinlaoi, ⁊ aig Rinn ca Céibhe a c-cathar Atha Clíath. E. Ó Dalaigh🢀

    26. Beannacht leat-sa, a pháipéir is tabhair grádh ger uaimsi forruid mo chairde disle, mo chreach mo dhibirt uatha. Beannacht ar anam an sgriobnóir .i. Labhras Mac Anallaigh, 1765🢀

    27. metre=deibide 🢀

    28. rectius clanna deisi derb-brathar 🢀

    29. Here the scribe accidentally skipped a page, and began the poem on f. 223 a instead of on f. 222b. 🢀

    30. As leabhar Eachraidhe I Shiagail ó Fheraibh Cheall i Midhe ro sccriobhus an beccan fuarus an ceid- feacht do bethaid Colmain, ⁊ ro aithscriobus so an tan-so ar mo lorcc fein i c-conueint bhrathar Dúin na n-Gall ag Drobhaois, 19 November anno Domini 1629; ⁊ gan amarus aithnim fein go f-fuilim ag sgriobhad morain go fada, eimilt, slim; gidh edh biodh a aithber ar na daoinibh do athain diomh lorcc na sein-leabar do lenmain, go h-am a sgagtha. 🢀

    31. The words from 'Lamh' to 'diomdach' are written as a single line in Br, but the metre seems to show that the second line of the stanza has been dropped. It was probably a mere cheville. 🢀

    32. The words from 'Ferr' to 'riaghla' are written as a single line in Br. 🢀

    33. Forte rectius Tri ar ceithre cuicc accu iar sin. 🢀

    34. Sunt potius 23 🢀

    35. 19 sunt 🢀

    36. Acc Drobaois i c-conveint bráthar Dúin na n-Gall do sgriobhus an betha-so M' Aodócc, as an c-cairt do sgriobus féin roimhe-so as an leabar do sgriobh Fionntan Ó Cuirnín d' Úa Fhergusa .i. Partalán mac Matha, ⁊ adeir an Fiontan-sin gurab as sein-leabhraibh dubha doileghtha o ré na naomh ⁊  p.290 Siodhraich Móir Í Cuirnin ⁊ Giolla Mo Ghoda Í Caiside do sgríobh ⁊ do cumdaigh an betha-so o bhel ⁊ o briatraib M' Aodócc féin. Do sgriobh an Fionntan-sin an t-sen-cairt do bi accum; ⁊ gan amurus, ge go f-fuil moran do mhiorbhuilibh móra maithe 'san m-bethaid-si, ni thaitnend a dechtadh na a h-ord sgribneorachta lem-sa ⁊ et cetera 17 November 1629. Meisi an brathair Michel bocht. 🢀

    37. I c-Corcaigh damh aníu. 30 Iunii 1629. 🢀

    38. seallaim colléic 🢀

    39. Do sccriobus an scél-so riasunn 'san duilleog remainn, air ni a h-aen-lebhar frith an t-ecclamad 🢀

    40. A t-tig na m-brathar do sccriobadh ag Drobhaois 24 Ianuarii 1627 as lebhar Briain Meig Neallusa 🢀

    41. As in leabur do scriob Tadg O Cianain do sgriobadh an beccan-sin ag Drobaois, 28 do Marta 1627 🢀

    42. Ni faghaim ni 'sa mo lena sccriobadh ar Mo Chutta ar Ua Sanaigh etir na sein-leabhraibh, as eittir le fer a legtha-so an meid bhenus le gach naemh diobh so do chur i n-eccar iomcubaidh 'san ait ina b-fuighe bethaige na naemh ni sa lionmaire. Atu toirsech gan amharus ag Drobhaois 3 Mart 1629🢀

    43. 1 Marta 1629 🢀

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top