CELT document G201016

Betha Farannáin

Unknown author

Edited by Charles Plummer

 p.1

Betha Farannáin 1

Tiondsccantar annso betha Fharannain uasail iolcraibtigh .i. mac rioghdha, réimdírech, credhal, cánonta, coisrecta Cuinn meic Colgan meic Aodha meic Finnbhairr meic Eogain meic Neill Naoigíallaigh.

Ro fhaccaib Columcille Ére ar ulc re feraibh Erenn tre fheircc adbailmóir; ⁊ tucc luighe ⁊ lainmionna nach faicfedh a shuile, ⁊ nach cluinfedh a chluasa fer no ben i n-Erinn; ⁊ ro comhailledh sin leis treimsi fada, amhail dherbhas an rand:

  1. Fuil súil n-glais
    Déchus Erinn tar a hais
    Nochan fhaicfe iarmotha
    Firu Érenn nás a mna;
⁊ da dherbadh sin ro chuir anart ciartha tar a shuilibh, ⁊ taparara i n-a chluasaib, ⁊ do chuaidh tar muir i n-Albain, go n-deachaid go h-I Choluimchille, gur bhennaigh hi.

Gur fhan teora bliadhna innte, no gur mothaigettar fir Erenn a uiresbaidh go hiomarcach orra; gur  p.2 chaitettar fir Erenn a ttechta ris an ccomfad sin; ⁊ go ttucc Columcille éra orra diblinaibh; no gur fás coccadh coitcenn ⁊ esaonta iomarcach eter feraibh Erenn ⁊ Alban. Go n-deachattar a chombraithre naomh ⁊ neimhedh ar a chend soir: Cuanna mac Miodhuirn, meic Duibhratha, meic Enna meic Neill Naoigiallaigh;  92r ⁊ Gobran 2 espoc, mac Ængusa, meic Ardgail, meic Conaill Cremtainne, meic Neill Naoigiallaigh; ⁊ Colman mac Eachach, meic Aillella, 3 meic Luigdech, meic Laegaire, meic Neill Naoigiallaigh; ⁊ Baoithin mac Brenainn, meic Fergusa, meic Conuill Gulban, meic Neill Naoigiallaigh; ⁊ Farannán fertach, mac Cuinn, meic Colgan, meic Aodha, meic Fionnbhairr, meic Eogain, meic Neill Naoigiallaigh. Docuatar na naoimh sin go h-Albain, ⁊ ro iarratar sein d'itche ⁊ d'athcuinge ar Choluimcille techt go h-Erinn do shiodhuccadh eter fheraibh Erenn ⁊ Alban; ⁊ tucc Columcille aonta fa theacht lena braithribh naem ⁊ neimedh. Ar thri h-adbaraibh tucc Columcille aonta fa theacht ar an turus sin .i. do denamh siodha eter fheraibh Erenn ⁊ Alban; ⁊ d'fuascéladh Sccannlain móir, meic Cinnfháolaidh rí Osraighe, ro báoi a ccuibriuch ⁊ a ccengal i ccro chumhang caolaigh ag Aodh mac Ainmirech rí Erenn.

Ocus dorinne Columcille gach snaidm acasin do reidhiucchad amhail ata i m-bethaid Choluimcille, ⁊ 'san Amhra Choluimcile; ⁊ adubratar fir Erenn nach rachad Coluimcille tar a ais aris go h-Albain; ⁊ ro chongbhatar i n-Ére go ttuccatar airdchennas naomh ⁊ naomhógh  p.3 Erenn dó tar éis Patraicc, go tucc Coluimcille sáorchuairt do bennuccadh Leithe Cuinn, go ttainic tar Éirne n-éignigh n-ionnfhuair, gur bennaigh reiccles riaghalta i ccrích caomhalainn Cairpre meic Neill, dá nach lenfam da sccelaib annso.

Mar do cualattar fir (no náoimh) Erenn sin  92v an méid ro báoi 'na comhfoccus diobh, tangatar roimh Choluimchille go termann Feichin na b-fert; ⁊ tangatar annsin siol Cuimne .i. seiser ⁊ secht fichit do naemhaibh cenmotha Aodh mac Ainmirech rí Erenn. 4 Tainic 'san toicestal sin a n-dail Coluimcille do shiol Cuimne, 5 Monine Sleibhe Cuilinn, ⁊ da mac Conaill a Cill Corra, ⁊ easpocc Maine a Tír Oilill, ⁊ Muiredhach Cille h-Alaidh a Tír Amalgaidh, ⁊ easpoc Róin a Cill espuicc Róin, ⁊ Caimin Innsi Celtra, ⁊ Riagaill Muicinnsi la Dál cCais, ⁊ Sénan Innsi Cathaigh, ⁊ Sénán Laithrigh Briuin, ⁊ Ernin Cluana Reilgech a Midhe, ⁊ seacht n-espuicc Cluana h-Emain, ⁊ Liban, ⁊ Fortcern i n-Odba Cera i b-Partraighe, ⁊ Grellan Craoibhe i n-oirther Muighe Luircc,⁊ Sccire a Cill Sccire, ⁊ Corcaircenn ⁊ Corcaircaoin, da ingin Eoghain, ⁊ inghen Cathbath6 a Cill Comhlach a Muicch Luircc, ⁊ Loman Locha Gile, ⁊ Cairpre ⁊ Brefne, ⁊ Mifrisi mac Fachtna ag Sligeach, ⁊ Inell craib-tech,⁊ Osnadh a n-Glenn Dallain i c-Coirpre, ⁊ Geighe i n-Inis Geighe, ⁊ Derbiledh i n-Iorrass, ⁊ seacht ccailleacha a Tír ua fFiachrach Aidhne, ⁊ Magaine Ratha Aradh, ⁊ Brochlach  p.4 i cCairpre. Robhatar an uirettsin do shiol Cuimne do naomhaibh a ccoinne ⁊ a ccomdháil Coluimchille, cenmotha ardnaoimh oireghdha Eirionn.

Tainic Columcille chuca, ⁊ tangatar dibhlínibh, tar Traigh na Mna Mairbe .i. Traigh álainn Éothuile,  93r ⁊ asse go Tulach na Maoile, risan abarthar Sccrin Adhamnain aníu; ⁊ ro bennaigh hí; ⁊ ro faccaibh Adamnán úasalnaomh innte; 7 ⁊ assein go h-All fíorálainn Farandáin aníu. 8 Tainic i n-a ccoinne annsin Tiopraite mac Maoileduin, meic Fiachrach Ealgaigh, meic Dathi, ⁊ a mhac Dúnchad. “Maith amh”, ar Farannan, “a Choluimcille, as ionad crábaidh ⁊ cleircechta an t-ionadh so; ⁊ fuarus fein mian mo mhenman ⁊ gradh glemaisech mo chroidhe fa áras naoimh ⁊ neimedh do denamh annso; ⁊ anmhain ann go foircend mo bethadh ag bindgabail mo psalm ⁊ mo psaltrach, ag moladh righ nimhe ⁊ talman.” “Dogéba tusa an fearann so ar son do bhennachta, ⁊ ar bhennacht Coluimcille ⁊ na naobh diblinaibh,” ar Tiopraitte mac Maoileduin. Ruccattar na naoim buidechus adhbal risan iodbairt sin, ⁊ ro bennaighettar an t-ionad sin, ⁊ an t-uiscce iodhanghlan, ⁊ an t-all taitnemach; ⁊ ro fáccbatar Forannan na ffiort 'san reigles riaghalta sin.

Is amlaidh ro thocaithedh Farandán a bhetha 'san ionad sin an ccéin ro mair; an céd trián don oidche gonuicce a dí oscaill 'san dabhaigh 9 firalainn fhuaruiscce; andara trian don oidche 'na charcair cloch ⁊ crábaidh p.5 cerchaill cloiche fona chionn, ⁊ cercaill ele cloiche fona chosaibh tareis na dabcha; ⁊ an trian ele ag éistecht le foghar na fairrge fiordoimhne, ⁊ le tormán na ttonn re slesaibh carracc ⁊ cruadhall, ⁊ ag eistecht le riontach na rón, ⁊ le fogar  93v na ffaoilenn, ⁊ le coiccedal na ccraobh ccnuastorthach, ⁊ le hallglór an essa ardcainntigh fionnfhuair ag siledh 'san dabhaigh diansrothaigh. Ocus as mar sin ro chodladh an trian deighenach don oidche go madain.

Ba maith an fer ro báoi annsin .i. Farannán fertach; oir así so tuarasccbail Cholaimcille fair .i. fer fíren an ferso go n-gloine aignidh ⁊ inntinne, amhail uasalathair; fer firen amhail Apram; fer cennsa craibtech o chroidhe amhail Maoisi mac Amra; psalmcatlaidh molta amhail Dáuid; cumhdaighteoir na h-eccna amhail Sholamh; soidhtheach firinne amhail Pol apstal; fer lán do rath ⁊ do roieolas an Spiortu naoimh amhail Eoin suiscelaid; lubgort lanabbaid 'ar n-a líonadh do shubhailcibh; gescca finemna 'ar n-a fíorchumdach; teine taidlech taitnemach ar thes crabaidh ⁊ cogúis; leomhan ar nert ⁊ ar chumachtaib fri demnaibh; colum ar cennsa ⁊ ar ghloine gniomharta; naithir neimhe ar ghliocus le maith; mogh saothair ⁊ fognama do Chriost an fer sin .i. Farannan.

Ro fhágaibh Farannan buadha iomdha ar an dabhaigh sin .i. gibe no fhothraiccfedh innte do chlannaibh Fiachrach d'fior nó do mnaoi, gemadh esslan riamh roimhe, acht go ccuiredh tri tonna tar a bhaithis d'uiscce iodhanglan na dabhcha, 10 go ttiucfadh slán ón t-sruth. Edach  p.6 ⁊ erredh an aithrigidh d'fágbail ag an ccomarbae mar almsain; ⁊ an almsa fhétfus fer echtairceineoil do tabairt 94r. An t-esslan d'anmain 'san ccarcair cumaing crábaidh, ⁊ dinech na dabcha d'ól, ⁊ a breith go a adhba bhunaidh, ⁊ foiridh conach, ⁊ sgamach, ⁊ sinech, ⁊ gach uile ghalar bhíos ar innilibh becca ⁊ mora. Ocus ro fágbadh fágbála iomdha ar an uiscce .i. gach aon da n-gébha trid tri lomanna d'ól de a n-onóir do Dhia ⁊ d'Farannan, ⁊ tiocfadh slán. Trí troisccthi a n-onóir Farannain gacha bliadhna .i. cédaoine, aoine, ⁊ satharn enuair 'san bliadhain, ⁊ trosccadh roimh feil Farannain. Ocus ro faccaibh mar aithne ag gach aon gan uiret deilcc bruit do bhúain da fhiodhbadh foltalainn, ⁊ gan slán do chodladh 'na leabaidh, acht easslán bías i n-éiccen, ⁊ reliqua. Mallacht cliar ⁊ ceall ⁊ clocc, naemh ⁊ neimhedh Erenn, ⁊ garseicle ⁊ míoclú moradhbal da gach aon nach íocfadh a chíos ⁊ a cháin lé comharba Farannain, ⁊ andara mallacht da gach aon duini dobhéra cíos an chomarba acht d'fior iomchair a meircce míorbuiligh.

Is amlaidh so frith an reiccles úasal oirdnidhe ⁊ ionad naomh ⁊ neimedh fa huaisle i n-iath Eireamóin ar tós .i. feacht n-aon da ttainic Columcille ar saorcuairt Leithe Cuinn ⁊ naoimh Erenn maille fris, ⁊ tainic go tír Úa fFiachrach Muaidhe, ⁊ asé ba rí 'san tír an tan sin .i. Tiopraite mac Maoiledúin, meic Fiachrach Ealgaigh, meic Dathi meic Fiachrach. Ro edhbair ⁊ ro ardthiodhlaic Tiopraite tri h-eccailsi onóracha ⁊ tri reiclesa  94v ronaomhta do Choluimcille ⁊ da naomhaibh. As iadso na  p.7 h-eccailsi sin .i. Sccrin oirdeirc Adamnáin, ⁊ Alt fiorálainn Farannáin, ⁊ Cill caomhálainn Cuanna ar bord na h-Iasccaidhe. Ocus a ccionn aimsire imceine 'na diaigh sin .i. a ccionn cuicc cét bliadhan gabhais Cathal Croibderg ua Concobair righe Connacht d'aimdeoin Gall ⁊ Gaoidheal, ⁊ ro gabh treisi ar fonn Úa f-Fiachrach, ⁊ cuiris ferann manach an chuiccidh uile le Cnoc moralainn Muaidhe, ⁊ ro cengail All fíorálainn Farannáin ris; ⁊ ata marsin osin ille. Conadh í betha Farannain gonuicce sin. 11

As leabhrán Meic Seain Charraigh í Maonaigh .i. comarba Farannain do sccriobadh an betha sin Farannain. Do sliocht Dathi meic Fiachrach an Sean sin, amal derbus a geinelach ata sccriobtha i n-a leabur fein. A tigh na m-brathar ag Drobaois ro sccriobadh, 13 Febrv. 1629. Meisi Micel bocht brathair.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Betha Farannáin

Editor: Charles Plummer

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Vibeke Dijkman, Mavis Cournane, and Benjamin Hazard

Funded by: University College, Cork and The Higher Education Authority via the LDT Project

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 2170 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2004

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G201016

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript Source

  • Brussels, Bibliothèque Royale, MS. 4190—4200 ff, 91v–94v.

The edition used in the digital edition

‘Betha Farannáin’ (1910). In: Anecdota from Irish Manuscripts‍ 3. Ed. by Charles Plummer, pp. 1–7.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G201016,
  editor 	 = {Charles Plummer},
  title 	 = {Betha Farannáin},
  journal 	 = {Anecdota from Irish Manuscripts},
  number 	 = {3},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {Hodges Figgis},
  date 	 = {1910},
  pages 	 = {1–7}
}

 G201016.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Expansions are marked ex. Names are capitalized in line with CELT practice. The editor's corrections are marked corr sic resp="CP", with the erroneous form retained in the 'sic' attribute. Footnotes are marked note type="auth" and numbered. Text in Latin is indicated.

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, this break is marked after completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the saint's life; div1=the section. Page-breaks are marked pb n="". Foliation is tagged mls unit="folio".

Interpretation: Titles are tagged. Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Profile description

Creation: By one or more unknown authors in Irish monastic scriptoria. 900–1200

Language usage

  • The text is in Middle Irish. (ga)
  • Some words are in Latin. (la)
  • Editorial notes are in English. (en)

Keywords: religious; prose; medieval; Saint's Life

Revision description

(Most recent first)

  1. Pre-1997: Text scanned in. (text capture Staff of the CURIA Project)
  2. 2010-11-27: Conversion script run; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-08-30: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-07-25: Value of div0 "type" attribute modified, content of 'langUsage' checked; minor modifications made to header. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  6. 2005-08-04T15:41:04+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  7. 2004-09-14: Header completed; more markup applied; file re-parsed, HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  8. 2004-07-30: File proofed (2), provisional header constructed; markup updated; file parsed. (ed. Benjamin Hazard)
  9. 1998-08-20: Content markup applied; file parsed. (ed. Mavis Cournane)
  10. 1998-08-20: Text proofed (1); structural markup applied. (ed. Vibeke Dijkman)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G201016.xml

Search CELT

  1. Lege primo quinque verba post finem vitae, (marginal note). 🢀

  2. Gorbán interlined in later hand. 🢀

  3. Deest ut videtur meic Guaire meic Luigdech (marginal note). 🢀

  4. Aodh...Erenn, written over something which has been erased. 🢀

  5. This list is taken bodily from LL. 354d. 🢀

  6. Cathbath in LL; Cathl- MS. 🢀

  7. Adamnan...innte, erased but still legible. 🢀

  8. All Farannain a cConnachtuibh a t-Tir Fhiachrach (marginal note). 🢀

  9. 'dabach' is here used of the pool at the foot of a waterfall. 🢀

  10. na habhann, manu prima🢀

  11. as lia a gó inas a fíor, (note in later hand, these are the 'quinque uerba' referred to above). 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top