CELT document G207002

The fifteen tokens of Doomsday

unknown

Airdena inna cóic lá n-déc ria m-Bráth

Edited by Whitley Stokes

The fifteen tokens of Doomsday

 p.310

1. Airdena inna cóic lá n-déc ria m-Bráth

 fo 95a1

Hieronimus in Annalibus Ebreorum clarat de signís quindecim dierum Diem Iudicii praecedentium, et cetera. .i. Innisidh Cirine fáidh amal fuair a lebraibh airisi na n-Ebraide airdena ana cóic la n-déc ria m-Brath, ⁊ is iat airdena an cóicedh lá déc ria m-Brath .i. na h-uili muir ⁊ uisci do thogbail do dreich an talman suas co nellaib nimi .u. cubuit déc osna sleibtibh súas, innus co m-bia annsin iachtach na rón ⁊ nualfadach na m-bledmil, beicedhach ⁊ seidfedach na piast m-bélderg muiridhe for na trachtaib tirma déis an uisci da fagbail isin ló-sin.

2.

Is e airdena an ceathramad la déc ria m-Brath .i. treathangair adhbul ⁊ tairm tonn-mar na n-uili uisci ac tuitim co tinnesnech andara la ina n-inadaibh disli féin arís, innus co tiaghuit a fodomuin an talman, co nach fes cait a tiaghuit.

3.

Is sé airdena in treas la déc ria m-Brath .i. na h-uili uisci do dhul ina certinadh cóir féin tara n-ais arís, ⁊ a techtadh1 ⁊ a cruadhugud innus co roichfedh sluaigh imdha orro.

4.

Is iat airdena an dara lá déc ria m-Brath .i. na h-uili ainmidhi muiridhi do eirgi co dásachtach ón talam suas co fraighthib na firmamindti ⁊ co nellaibh nimi, ⁊  fo 95a2 a m-beith ac sírblaedhadh ⁊ ac gairm comharc co tinnisnech ar omhun lae an Bratha, ⁊ ni fhidir nech ar doman acht an Fírdhía mór cumachtach créd canuid siad isin-ló sin.

5.

Is siat airdena an áenmad la déc ria m-brath .i. enlaithi ⁊ ethaidi an talman uili do beith ac siubal ⁊ ac udmaille do sír gan anadh gan fhosad orra, ⁊ beith gan biadh gan digh do chaithemh dóibh ann.

6.

Is e airdena an dechmad lá ria m-Brath .i. srotha móra tonngarbha tiugha teinntidhi do beith a firmamint ó turgabail gine co fuinedh.

7.

Is é airdena an naomad lá ria m-Brath .i. fogur mór grana garbh adhuathmur do clos a cleithib nime, ⁊ soighnein imdha ⁊ toirrnech dermair ac techt astu, ⁊ nell derg teinntidhi do eirgi a rann deiscertach nimi ⁊ a lethadh tar cIár an talman uili, ⁊ gress fola fordergi co lasair tonngairb tinntidhi do ferthain asin nell-sin, ⁊ co línfad sé an domun uile etir muir ⁊ tír, ⁊ lasracha teined ruithenta tar cethri rannuibh an betha, ⁊ talamchumscugud p.312 mór for in m-bith uili, ⁊ crithir dermair do eirgi an gach aird don talmain, ⁊ an muir cona h-ilmilib do dhul dar a múruibh amach isin ló-sin.

8.

Is e airdhi an ochtmadh lá ria m-Bráth .i. crith imurcach do beith arna duilib la  fo 95b1 crothadh na firmaminnti, ⁊ dresternach mór ag an talam uile ar omhun in mórgluinn bíss cucu, ⁊ gach huili dhúil do beíth 'na luighi la h-omhun, ⁊ tonna na fairrgi do eirgi comhard frisna h-aeraibh roarda, ⁊ gaetha móra tréna teinntidhi ag crothad an aigéin o íchtar co h-uachtar. Cichanach ⁊ torannfadach na muirinn ⁊ na n-uiscedha frisna srothaibh teinedh isna h-aeraibh gan ceol gan áines fo cethri h-airdib in domuin isin lo-sin. Betha bronach bithimsnimach gan t-shídh gan t-shláinti acu íar línad lerg ⁊ ghlenn an t-saegail ar na pectachaib ann.

9.

Is é airrdi in t-sechtmad la ria m-brath .i. na h-uili cloch, idir bec ⁊ mór, do dluigidh a ceithri rannaib, ⁊ gach rann dib do beith ag imagallaim fria aroili, ⁊ ni fidir nech acht Día féin créd chanuid, ⁊ coillti an talman do thuitim asa premaibh iarna m-brisedh uili isin lo-sin, ⁊ crith-nugud gaibhthech na cloch iarna n-delugud dóibh re n-delbaibh disli ann, ⁊ srotha serbha siaburtha do theine sraibhi do turghabáil a taebaib an talman coma h-aonbreó an bith uile ó turgabail co fuinedh. Céo ⁊ mórtarrannach nimi isin lo-sin.

10.

Is e airrdi an t-sesed lá ria fo 95b2 m-bráth .i. na h-uili crann ⁊ cloch do beith ac snighi fola ann, ⁊ trigi gaoithi gairbhi gére do eirgi ann nech le croiter an bith uili a n-aoinfhecht. Gul ⁊ scrécach ⁊ éimhe ⁊ osnumach truagh thoirrsech ac síl Adhaim ag athcuingi an talman d'oslugud reompu, conach betais ag feghain na n-olc n-dermair-sin, uair do bo fherr fo shecht leo bás d'fagbáil iná beith béo an uair-sin.

11.

Is annsin tuitfit tri .xx. ar .u. cét reann o oirrther na firmaminnti anuas for talmain isin ló-sin, ⁊ tuittfit na sleibhti ann innus co m-bet aird ar aird frisna glenntaib, ⁊ druidfiter an firmamint ⁊ nem ⁊ talam ann.

12.

Is é airrdina an cóicedh lá roime an brath .i. toirrnecha mora ⁊ fuaim na cethri n-gaoth teinntidhi a cethri h-airdibh nimi. Na duili do crapadh ⁊ do dhelugud rena cumachtaib náema ⁊ a n-aigned do chló innus co tuitid sruibne do-airme do reltannai a firmamint .i. cóic reltanna ar trit .xx. ar tri .c. ar u. mili do tuitim sis co talam, mar tuites mes abaidh a ló gaoithi. An t-esca do shodh a fuil, ⁊ an grian do dhorcugud, ⁊ na sleibhti ⁊ na h-uili chumdaighthi do cur a luaithreadh. Iachtadh aigmeil ⁊ gair truagh na h-enlaithi aga n-dodh ⁊ acca loscud isin ló-sin, ⁊ sreaba  p.314 serbha sraibhemhla na teinedh tromanfaid sin idir nem ⁊ talam ann. Cai t-serb truagh ⁊ golghaire dúr dian, ⁊ toirrsi trom, ⁊ aithfer imaithfer  fo 96a1 dermair acc síl Adhaimh isin ló-sin.

13.

Bet an cinedh daonna uile annsin acc slechtuin co dichra do Día ⁊ ag a atach día saorad ar teine bratha.

14.

Is é airrdi an cethramadh lá ria m-bráth .i. uili anmanna inndligtecha in talman do thecht asa n-inadaibh disle ⁊ a m-beith arna muighibh ag blaodhadh ⁊ ac donnalad gan biadh gan étach isin ló-sin, ⁊ an cinedh dáonna do thecht asna h-inadaibh a m-bet, ⁊ cách díbh sech a cheile for dasacht, ⁊ ní tucid féin ní da n-abraid, ⁊ gach aon do blais betha do éc a n-aonuair isin ló-sin, ⁊ an bith uile do beith fo chasair ⁊ fo theine ann.

15.

Ocus doirrsi an righthighi do oslugud ann. Uch, comthuargain teinnisnech ⁊ mórgeimnech dermair na secht neimhe ac techt an Duilimh cona ainglib astu do breithemhnus bratha!

16.

Is annsin adberat aingil nime frisan Duilem: “Uch, uch, a Tigerna”, ar siat, “tarra co luath a comhfochraib duin, conach loisge teine beo bratha sinn!” Uair ge nemnech an teine-so fuil isin t-saegul budh téo fo shecht teine bratha inass. Oir ceithri teinnti fil ann ⁊ secht tes gach teinedh dibh n-aroili, amal isbert aroile ecnaidhi .i. teine talman ⁊ teine gealain ⁊ teine bratha ⁊ teine ifrind.  fo 96a2

  1. Secht tes teinedh talman tais
    an teine ghealain gealbrais,
    secht tes teinedh bratha brais
    an teine ifrinn amhnais.
Saerfaitir annsin na h-aingil ⁊ anmanna na naom ⁊ na fíren mur do beth iasc a n-uisci, conach loiscinn teine bratha iat.

17.

Is i airrdi an tres lá roimhe in m-brath .i. na h-uili adhlucud do oslucud, ⁊ a n-abaidhi do thecht go anorach, ⁊ an bith fo bhron isin lo-sin, oir ní bet aitreaba do biu na do marbh for bith cé ann.

18.

Is e airrdhi an dara lá ria m-brath .i. na h-uili beo do éc ann.

19.

Is é airrdina an láe ria m-brath .i. rí idhan na h-inogbála .i. énmac ríg nimi ⁊ talman ⁊ ithfrinn, co n-imut di-airme aingil ⁊ arcaingil nime .i. nói n-graidh nimi, ina choimidecht co mullach sleibhi Sioin do mes a n-gnim. idir maith ⁊ olc. ar cloinn eisidhain Adhaimh isin lo-sin.

20.

Is e samail muindteri nimi a coimidecht an Duilim isin ló-sin .i. reanna nimi ⁊ gainem mara ⁊ fér for talam. Is é mét cumachta ⁊ neirt na p.316 n-aingel .i. co scrisfuidis secht n-aingil dibh an bith uili o turgabáil gine co fuined fri re áonláe amain.

21.

Aduathmuire ⁊ mó a n-gotha ina torann, conadh annsin curter furfuagra on Dúilemh for in cinedh  fo 96b1 n-daona .i. Mícél arcaingel. ⁊ dochluinfid na h-uili duini in tan-sin forfhuagra Míchil on Duilemh aca togairm 'cum na mórdala-sin. Conadh annsin adreisit na h-uili marbh a talam an uair-sin .i. adresit ar tús na h-apstail ⁊ na faidhi ⁊ na faismedhaigh, na mairtirigh ⁊ na naoim ⁊ na fírenaig, ⁊ lucht óighi ⁊ aithrigi iar sin, ⁊ náidhin baistedha fadheóidh.

22.

Ni ba sou ⁊ ni ba sine nech inas a cheile isin ló-sin, uair is a n-áis trichat blíadan adresit an cinedh dáenna uili .i. i n-áis ina n-dernad Adam ⁊ i n-áis ina roibhi Ísu in tan ro baistedh é.

23.

Uch, budh salach tra eiseirgi na pecthach isin ló-sin. Beit annsin mórsluagh adhbul sil Adhaim uili ac imdecht co h-imsnimach tresna murib tromanfaid teinntidi aguir ⁊ tresna tonnaibh dimóra dofulaing derglasrach bís a ceithribh h-airdibh an betha a chomhdail an Airdgh certbreathaigh cumachtaigh co slíab Sioin.

24.

Uch tinoilfid annsin muinnter nimi ⁊ talman ⁊ ifrinn isin comdhail-sin, conidh annsin eirgis Ri na h-inogbála cona chroich deridh re ais a fiadnaise caich uili  fo 96b2, ⁊ is amlaid adre, cona corp derg uili uime, co slechtaibh gon ⁊ aladh a césta fair, ⁊ comad follus dona h-Idhalaib uili na crechta doimne doleighis ⁊ na piana móra tugsad féin fair.

25.

Suidhfe Críst iar sin cona dha apstalaib déc uime. Uch beth annsin an crich mor oirrderc ar techt .i. lúan laithi bratha, la dighbála ⁊ inneachaid dona pecachaib an lá-sin ⁊ la cádhusa ⁊ anóra móire dona fírénachaib é.

26.

Beith gair truagh taidhbhsech ac daoscursluag an domuin an la-sin ac a cur cengailti cruadhchuibhrigthi a fodomuin aduathmur ifrinn a lamaibh nemmunnterdha a namat .i. Diabul, ac a sírpianad ⁊ ag iadhadh ithffrinn tre bithu sír orro.

27.

Beit annsin na naoim ⁊ na fíreoin ac sírmolad a n-Duilim co deithidech, ⁊ iatt co subhach failid iar m-breith buaidh ⁊ cosgair o Dhiabul.

28.

Uch coirighter an cinedh dáenna uili a ceithri h-oirechtaibh annsin a fiadnaise Críst .i. maithi ⁊ romaithi, uilc ⁊ ro-uilcc.

 p.318

29.

Uch is mairg tra nach bidh feidhil foraib firenda cunnail ailgin ainmnidhach dercach troisctech aintech umal aithrigach an oirchill na m-breath solam sírcinnti  fo 97a1 berur annsin.

30.

Uch cuirfiter d'éinleith an uair-sin na forimthigh ⁊ na gobreathaig, na cosnumhaigh ⁊ na colaigh, na druithi ⁊ na cainti ⁊ na crosanaigh, na h-eritegai ⁊ na dibergaigh, na merrligh ⁊ na h-éturidai, na góich, na gloraig, na cainti, na banchainti, na dimsaigh, na craesaigh, na fergaigh, na dunmarbhthaig, lucht fingaile ⁊ mebla, ⁊ lucht gach uilc ele.

31.

Is iat-sin curter le demnaib do síraitreabh ithfrinn tre bithu sír, ⁊ scrister in lucht-sin asin saogul, ar artreigsit fein fochraic nimi ⁊ faicsin a Naomathar cumachtaig, ⁊ béit míle blíadan a teine bithbeo bratha, oir is é-sin fad ⁊ reimis laithi an bratha.

32.

Uch ní suaimnech soréidh an sét-sin, oir ní fuigid biadh na deoch na cumsanad ann, acht sírgorta gnaith ⁊ íta gana fhurtacht ⁊ fuacht ⁊ tes dofhuluing.

33.

Uch budh truagh tra an gair gér golgaire, ⁊ an nual cuma mór, ⁊ an golfadach dúr dián, ⁊ an brón menman, ⁊ an cesad croidhi, ⁊ an basgaire buantruag beo bratha doníd  fo 97a2 na pecaig ac a trentarraing co tinnesnech iar n-diultad na trocuire docum peine siraidi ithfrinn, ⁊ beit ag diburgoid moir ⁊ ag aithfer imaithfer truagh for in Coimdhe gan a logad doibh annsa saogul sona saraigthi tucsat fair.

34.

Uch tra is annsin íadfaiter tri glaiss ar na pectachaibh in la-sin .i. iadhadh orro da cur a n-ilpianaib aduathmura ithfrinn, ⁊ iadhadh a sul frisin saogul, ⁊ iadhad ar feithim na flatha nemdha gan a fhaicsin doibh o sin amach.

35.

Uch suidhfid co h-imsnimach iar sin a fiadnaise ríg na cláine .i. an Diabhul, a n-glenn na pían ithfernaidi, mar a fuíl teine dhorcha do-solus ⁊ betha bronach bithimsnimach salach suidhemail nemnech nemglan, ⁊ mur a m-beth crith for dhét ⁊ crapall cruaidh for corp, ⁊ bron for menmain, ⁊ teimil for gruadaibh, ⁊ faidhi truagha toirrsecha, ⁊ gola gnatha, ⁊ basgaire buan, ⁊ déra troma fola tar gruadaibh aga cesad, ⁊ nuala aga n-eistecht acu.

36.

Uch doghéna Diabul iar sin cimidhi cenntroma cruadhcuibhrigthi cengailti dona pectachaibh pianta ag a m-buancesad a carcair cliabhchumhuing cenngairb iarnaidhi aduathmuir itfrinn tre bithu  fo 97b1 sír. Gnúisi bana buancésta co n-ecusc dhuine mairbh acu, ⁊ pesti aduathmura ilchennacha go srumaibh remra roderga orro, ⁊ enpéist mór ann ⁊ .u. cét cend uirre ⁊ .u. cét fiacal in gach cend, ⁊ cét coss uirreh ⁊ cét mér for gach cois ⁊ cét inga for gach mér dhi.

 p.320

37.

Cid tracht an cinedh dáenna uili nocha n-inneosadais imat ilpianad itfrinn, teine bithbéo do beith ar lasad do sír ann, ⁊ ni shoillsiginn é, ⁊ da n-doirti an fhairrgi ina chenn ní muchfad hí.

38.

Is i is pian tanusti ann .i. fuacht dofhulaing, amail adeir in promhadh-so De quo dicitur: si mitteretur mons ignítus in glaciem uerteretur .i. da curthaidi sliabh teinedh ar lasad ann doghénad oigre ⁊ snechta de.

39.

An tres pian do aitreachaib nimi, ⁊ loisginn ⁊ ilpesti ithfrinn do beith ac cnam ⁊ ac cerrbad na n-anmann do sír.

40.

An cethramad pían, brentus búan animcubaid ithfrinn.

41.

An cóiced pian, comtuarcaint tinnisnech na n-demhan amal urlaidi gobann a cerdcha ac sirtuairgaint ⁊ ag dunmarbad na n-anman.

42.

An sesed pían, dorcadus bithbuan, amal adberthar isin caintic-so: Terra tenebrarum ubi umbra mortis, et nullus ordo, sed sempiternus horror inhabitat.2

43.

An sechtmhad pían .i. faisidin na pecadh nach  fo 97b2 dernadh nech féin d'faisidi isin t-saegul-so, innus comad fhollus do lucht ithfrinn uili in tan-sin íat.

44.

An ochtmadh pían, sírfheithemh gnuisi in Diabuil, oir co deimin gin go beth a n-ithfrinn pian, budh lór do péin sin, óir crithre teinedh silid co tinnisnach a rosg daor an Diabuil amal silid docháir derg a teallach.

45.

An naomhadh pían, glais ⁊ cuibrighi teinntidhi do beith ar lasad, ar gach ball ⁊ ar gach áighi fo leith dona pectachaibh, connach cuimgid dul asna pianaibh a m-bíd tre bithu sír, o nar'cengladur féin na boill-sin isin t-saogul a pennait ⁊ a croich na h-aithrighi a cin a n-uilc ⁊ a pecad.

46.

Imthus na naom ⁊ na fírén immorro, ferfaid an Coimde cumachtach failti co frithnumach friu isin ló-sin, ⁊ at-beraid ann friu: Uenite benidicti et cetera.

47.

Is annsin do-berar secht n-gloire do curp na fírén ⁊ secht n-gloire .i. da n-anmannaibh. Is iat-so secht n-gloire na corp-sin: Claritatem .i. soillsi, oir budh soillsi fo secht na grian cuirp lucht na h-eiseirgi isin lo-sin. Velocitatem .i. luth, oir bud luaithi co mór cuirp lucht na h-eisergi na gaoth. Fortitudinem .i. sonairti. Libertatem .i. saoire. Voluntatem .i. toil, oir budh inann toil dóibh  fo 98a1 ⁊ don Choimdhi. Sanitatem .i. slainti, oir ni bidh saoth na galur orro tre bithu sír. Immortalitatem .i., nemmarbtacht oir ni bheth delugud cuirp ⁊ anma o cheile acu do gs.

48.

Is iat-so secht n-gloire in anma .i. egna ⁊ caradradh ⁊ comaonta, umachta ⁊ anoir, rethince ⁊ failti. Uch is iat-sin onoire ⁊ aisgidhí do-beir p.322 an Coimdhi cumachtach da fírenachaib féin .i. do lucht na cennsa ⁊ na h-ailgine ⁊ na derce ⁊ na trocuire, na sognim ⁊ na h-oighi ar Dia.

49.

Is annsin tra ata in betha suthain gan bás, ⁊ in fhailti ilceolta ⁊ an oirfide coimdita gan crich gan foircenn, ⁊ an t-slainte gan galur, ⁊ an t-aibhnis gan imresain, ⁊ an oigi gan airsidecht, ⁊ an sidh gan easaonta, ⁊ an flaithius gan cumscugud, ⁊ an t-saeire gan t-saothur ⁊ in ainmne gan ocrus ⁊ an samh gan chollud. Noime gan urchra, aonta aingil, fledugud gan crich, do chaithim na morchasc idir náoi n-gradhaibh aingil nimi, ⁊ Flaith ard uasal, chaom chóir chumdachta, mor mala mínglan mailli friu, a cathaireachaib órda ⁊ a lepthachaib gloinidi, ⁊ suidfither gach aon duine annsin ar miadh ⁊ ar dligedh ⁊ ar a sognimradh, ag fethim an Righ oireghdha óig, urnaigthi fírenda fírbreathaig uasail airminnig umail a fiadnuse na diachta moire .i. Righ na  fo 98a2 tri muinnter a coimcetal fri hyrupin ⁊ fri harufin ⁊ fria naoi n-gradaibh nimi, ⁊ frisintí do bí ⁊ tá ⁊ bias ann do shír, gan aois, gan urchra, gan anfainne, gan aimnert, gan dubha, gan domenmain, a corpaib seime edrochta, a sosad aingil ⁊ a m-brugh parrthuis.

50.

Uch is dofhaisnesi tra mét ⁊ fairsingi ⁊ lethe na cathrach nemdha. Uair an t-én is luaithi foluamain ⁊ eitill for bith cé ní tairsidh do tóchel an righthoighe thoi (?) o thosach domuin co deredh.

51.

Uch is mór ⁊ is adhbul mét ⁊ suthaine ⁊ soillsi na cathrach-sin, ⁊ a saime ⁊ a soillsi, a caoime ⁊ a roghloine, a cobhsaidecht ⁊ a fostacht, a loghmuire ⁊ a h-aille ⁊ a h-ailgine, a h-airde ⁊ a h-étdrochtaighi, a h-ordan ⁊ a h-airmidniu, a lánsidh ⁊ a lanaontu.

52.

Uch is moghenur tra bes co n-deghbésaibh ⁊ co n-n-deghgnímaibh do aitrebh na cathrach-sin a lo bratha, uair beth a n-aonta na cechtardha .i. a n-aonta is róuaisli na gach aonta .i. aenta na rightrinoidi an Athar ⁊ an Maic ⁊ an Spiruta Naim.

53.

Ailim trocuire mór-Día, co roisim uile an aontaid an Righ uasail ilcumachtaigh sin, ⁊ co n-aitreabhamh co sír maille fris, ⁊ rl.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): The fifteen tokens of Doomsday

Title (original, Irish): Airdena inna cóic lá n-déc ria m-Bráth

Author: unknown

Editor: Whitley Stokes

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: John Carey and Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork and Professor Marianne McDonald via the CELT Project

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 4360 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland — http://www.ucc.ie/celt

Date: 2004

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G207002

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript Source

  1. London, British Library Additional MS 30512, fo 95a1–98a2. Description (from the website of the British Library): "Leabhar Ui Maolconaire: a collection of legends, lives of saints compiled by the family of O'Mulconroy. Written in various hands. A list of contents by Eugene O'Curry is prefixed. Inserted, on ff. 73b, 74, are notes concerning the family of Mac Geogaghan, circ. 1631. Vellum; ff. 123. 15th cent. From the libraries of W. Monck Mason and Sir W. Tite. Octavo." For details see Robin Flower: Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum. Vol. II, London 1926 (repr. Dublin 1992), pp. 470–505.
  2. On p. 309 of his edition of the Fifteen Tokens of Doomsday, Whitley Stokes mentions "a tract dealing with this subject at fo. 26 of a ms in the library of Trinity College, Dublin, marked 1291, and transcribed by Hugh O'Daly in 1775. See Dr. Abbott's Catalogue, p. 307."

Secondary literature (For literature about the Apocrypha, click on http://celt.ucc.ie/Apocrypha.pdf)

  1. St. John D. Seymour, 'The Eschatology of the Early Irish Church, Zeitschrift für Celtische Philologie 14 (1923) 179–211.
  2. St. John D. Seymour, 'Notes on Apocrypha in Ireland', Proceedings of the Royal Irish Academy 26 (1926) Class C: 107–117.
  3. St. John D. Seymour, Irish Visions of the Other-World: A Contribution to the Study of Medieval Visions (London 1930).
  4. Louis Gougaud, Christianity in Celtic lands: a history of the churches of the Celts, their origin, their development, influence and mutual relations by Dom Louis Gougaud, translated from the author's MS. by Maud Joynt (London 1932; reprinted Dublin 1992).
  5. William W. Heist, 'Welsh prose versions of the Fifteen Signs before Doomsday', Speculum, 19:4 (1944) 421–32.
  6. William W. Heist, The Fifteen signs before Doomsday, East Lansing 1952.
  7. Brian O'Dwyer Grogan, The Eschatological Doctrines of the Early Irish Church, [unpublished doctoral dissertation] (Fordham University 1972).
  8. David N. Dumville, 'Biblical Apocrypha and the Early Irish', Proceedings of the Royal Irish Academy 73 (1973) C: 299–338.
  9. Martin McNamara, The Apocrypha in the Irish Church (Dublin: DIAS 1975; corrected reprint 1984), esp. 128–139.
  10. Bernard McGinn, Apocalypticism in the middle ages: an historiographical sketch, Medieval Studies 13 (1975), Pontifical Institute of Medieval Studies, Toronto, 252–286. Reprinted in: Bernard McGinn, Apocalypticism in the Western Tradition (Brookfield, Vermont 1994).
  11. The Irish Adam and Eve story from Saltair na Rann. 2 vols. Vol. I: Text and translation by David Greene and Fergus Kelly; Vol. II: Commentary by Brian O. Murdoch. (Dublin: DIAS 1976).
  12. Bernard McGinn, Visions of the End: Apocalyptic Traditions in the Middle Ages (New York 1979).
  13. Máire Herbert, Martin McNamara (eds.), Irish Biblical Apocrypha. Selected texts in translation, Edinburgh 1989.
  14. Martin McNamara, 'Early medieval Irish eschatology'. In: Próinséas Ní Chatháin and Michael Richter (eds.) Irland und Europa im früheren Mittelalter: Bildung und Literatur (Stuttgart 1996) 42–75 (esp. 74–75).
  15. Thomas O'Loughlin, 'The Celtic homily: creeds and eschatology'. Milltown Studies 41 (1998) 99–115.
  16. Milton McCormick Gatch, Eschatology and Christian nurture: themes in Anglo-Saxon and medieval religious life (Aldershot 2000).
  17. Benjamin Hudson, 'Time is Short: The Eschatology of the Early Gaelic Church', in: Caroline Walker Bynum and Paul Freedman (eds.), Last Things: Death and the Apocalypse in the Middle Ages (Philadelphia 2000) 101–23; esp. 102–105.
  18. Martin McNamara, Apocalyptic and eschatological heritage: the Middle East and Celtic realms, Dublin 2003.

The edition used in the digital edition

‘The fifteen tokens of Doomsday’ (1907). In: Revue Celtique‍ 28. Ed. by Whitley Stokes. 308–326: 310–322.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G207002,
  editor 	 = {Whitley Stokes},
  title 	 = {The fifteen tokens of Doomsday},
  journal 	 = {Revue Celtique},
  number 	 = {28},
  address 	 = {Paris},
  publisher 	 = {F. Vieweg},
  date 	 = {1907},
  note 	 = {308–326: 310–322}
}

 G207002.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 310–322 of the published edition, including textual notes.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Editorial expansions are marked ex. The editor's corrections are taken from his footnotes and marked corr sic="" resp="WS", with the erroneous form retained in the 'sic' attribute. Words have been segmented in line with CELT practice. Footnotes are marked note type="auth" and numbered. Text in Latin is indicated.

Quotation: Direct speech is tagged q.

Hyphenation: Hyphenation was introduced. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word. Soft hyphens are silently removed.

Segmentation: div0=the eschatologial tale; div1=the section. Page-breaks are marked pb n="". Foliation is marked mls unit="column" n="".

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: By (an) unknown Irish monastic author(s). 900–1200

Language usage

  • The text is in Middle Irish. (ga)
  • Some passages are in Latin. (la)
  • Some English words occur in the notes. (en)

Keywords: religious; prose; medieval; eschatology

Revision description

(Most recent first)

  1. Pre-1997: Text scanned in. (text capture Staff of the CURIA project)
  2. 2008-10-01: Keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-07-18: Value of div0 "type" attribute modified, 'creation' tags inserted, content of 'langUsage' revised. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2005-08-25: Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion (ed. Julianne Nyhan)
  5. 2005-08-09T12:16:36+0100: Converted to XML (ed. Peter Flynn)
  6. 2004-10-05: Bibliography compiled; file parsed; HTML file created. (ed. Beatrix Färber)
  7. 2004-09-24: Header created; file converted to ascii; proofed (2); modifications and additions to markup; Latin text marked up. (ed. Beatrix Färber)
  8. 1998: File proofed (1); structural and contents markup added. (ed. John Carey)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T207002: The fifteen tokens of Doomsday (in English Translation)

Source document

G207002.xml

Search CELT

  1. This and the following note occur in reverse order in Stokes's edition. 🢀

  2. Cf. Job 10.22: Terram miserie et tenebrarum, ubi umbra mortis et nullus ordo, sed sempiternus horror inhabitat. 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top