CELT document G305000

The Gaelic Maundeville

Witness list

  • R: Rennes, Bibliothèque Municipale 598, ff.52a2–68b2.
  • Eg: London, British Library, Egerton 1781, ff.129a–146b.
  • A: London, British Library, Additional 33,993, ff. 6a–7a (fragment).

 p.1

The Gaelic Maundeville

The Buke of John Maundeville was translated into Irish in the year 1475 by Fingin O'Mahony, an Irish chieftain who died in 1496, and of this translation there are two copies (neither quite complete) and a small fragment. The first, oldest and best copy was written at Cell Créide (Kilcrea), a Franciscan monastery near Bandon, in the co. Cork, and was found by Dr. J. H. Todd1 in the Irish MS. at Rennes, 2 ff. 52a2–68b2. The second copy is in the British Museum 3, Egerton 1781, ff. 129 a–146b, and was made, probably in Brefne, not later than 1484. This contains at the end a folio the contents of which are wanting in the Rennes MS. For a comparison of these two copies see the Hon. John Abercromby's able paper, Revue Celtique 7, 66. The fragment is also in the British Museum, Additional 33,993, ff. 6a– 7a. It begins thus: “Seon Manndual .i. ridire do muindtir righ Saxan”, and ends thus: “⁊ rucadur léo co garda Anda i fiadnaisi in espaic agus luchta.”

The present edition reproduces the Rennes copy, so far as it goes, and adds the last folio of the copy in Egerton 1781. I have divided the text into numbered paragraphs, extended the contractions, and given a literal translation and a list of the rarer words.

The Irish preface asserts that Fingin made his version from English, Latin, Greek and Hebrew. But it is clear enough that he worked solely from an English text. See the notes to paragraphs 4, 7, and 138.

For the sources of the Buke of John Maundeville, see Dr. Albert Bovenschen's Quellen für die Reisebeschreibung des Johanns von Mandeville, Berlin, 1888, and Mr. G. F. Warner's magnificent edition of an English and a French text, printed for the Roxburghe Club in 1889, from which I have borrowed most of the identifications of placenames.


John Maundeville

Edited by Whitley Stokes

 p.2

Translator's Preface

1.

 52a2Locc don lebursa Ross Broin a crich h-úa n-Echach Muman, ⁊ pearsa dó Seon Mandauil ridiri do muindtir ríg Saxan, do faccaib Saxa la feile Michil, ⁊ do siblaigh móran do thírthaib in domuin, mar ata an Fraingc ⁊ an Almain ⁊ an t-slige assin co h-Iarusalem.

2.

Ocus cidh bé lé budh áil dol d' fechain an tíre sin arson cur togh Crist da popul fein h-i mar thír tarrngiri ⁊ do thsiblaigh da chosaib naemta fein hí, ⁊ co n-dernai móran senmora ⁊ tecaiscc da popul innti ⁊ cor thogh a máthair ⁊ hé fein do breith ⁊ do adhlacadh inntí  52b1 ⁊ mar adubairt sé curb'é fein rí na n-Idhal arson febus an toraid sin tuc an tír sin dó ⁊ arson naemhtachta antí do t-siblaigh h-i ⁊ dothogh a páis do faghbail a pongc cert-medhóin an domhain inn Iarusalem, innus comadh ghar dá sgélaib ⁊ da creidim rochtain asan inad sin sair ⁊ síar, budh deas ⁊ budh thúaidh ⁊ is ann do chuir sé an Spirat naemh docum a apstal domnach cingcidhisi ⁊ do chuir fó chethrib hairdib an domain iatt do t-silad creidim ⁊ crabuid do chinedhaib an domain. Ocus cidh bé le budh' áil a fhis do beith aigci in t-slige budh fherr do dul as cach thir co h-Íarusalem ⁊ na locc naemtha atát 'na timcill indeosaidh Fíngin mac Diarmata meic Domnaill meic Fínghin meic Díarmata Móir hí Mathgamhna hí.

3.

Óir iss é do chuir an lebursa a berlai ⁊ a Laidin, a Greigc ⁊ a h-Eabra a n-Gaeidhilgc do th-seolad na sliged ar muir ⁊ ar tír co Hierusalem da gach aen le budh mían dol da oilithri ar ⁊ co sruth Orrthannain ⁊ co slíab Sioin ⁊ cach slige nó gabad Seon ó sin amach, ⁊ do indisin cach ingnaid doconnaircc Seon ar dáeinib ⁊ ar thírthaib an domuin a coitchinne.

4.

Ocus dobí áois an Tigerna antan dorindi Seon a echtra .i. Mili bliadan ⁊ tri cét .xxxii. bliadan. A áois in trath do cuir Fíngín a n-Gáoidhilgc fo deiredh hé .i. Mili .cccc. lxx. u. bliadan.

 p.4

5.

Ocus dobí Seon ceithri bliadan .x. ar xx. ic cúartugud an domain, ⁊ ar n-impod dó don Roim do daingnig in pápa a leabar.

6.

Is iatt so na tigernada dobí óscinn Gáoidel inúair do cuir Fíngin so a n-Gáoidhilgc .i. Tadhg mac Domnaill Óicc meic Taidhgc na mainistrech meic Domnaill Óicc ina Mac-Carthaig Mór, ⁊ Diarmait mac Taidhgc meic Amhlaib ina h-úa t-Súlabain Bérre, ⁊ Donnchad mac Diarmata meic Domnaill meic Fíngin ⁊ Domnall cona m-braithrib ós cind h-úa n-Echach, ⁊ Cormac mac Donnchaid meic Domnaill Ríabaig ós cinn h-úa Cairpre ⁊ Diarmait  52b2 mac Domnaill Ríabaig ana Mac-Carthaig Cairprech, ⁊ Domhnull mhac Domhnaill mic Domnuill Cluasaigh oscinn t-shlechta Diarmuda Remhuir, ⁊ Finghin mhac Meic con meic Mic con mic Finghein ina O Eidersceoil Mhor, ⁊ Cormac mac Taidhg mic Cormaic oscinn Musgraidhi, ⁊ Donnchad Og mhac Dondchaid oscinn Ealla, ⁊ Concubur mac Toirrdealbaig mic Briain mic Mathgamhna ina h-úa Bhriain, ⁊ Énri mac Eoghain mic Neill Óig ina H-úa Néill, ⁊ trén Treana Conghail ag Conn mac Aedha Buidhi mic Briain Bhallaigh ⁊ derbrathair a athur ina H-úa Néill Buidhi ⁊ Aedh Rúadh mac Néill Ghairb meic Toirdelbaig an fhína ina H-úa Domnaill, ⁊ tren ichtair Connacht aigci, ⁊ Feidhlimid mac Toirdelbaig meic Aeda meic Toirdelbaig ina H-úa Conchubuir, ⁊ Tadhgc Caoch mac Uilliaim i Cellaig ina H-úa Chellaig, ⁊ Uilliam mac Aeda mic Briain ina agaid don táob tair do Shuctha, ⁊ Eogan mac Murchada hí Madagain ar t-sil n-Anmchada, ⁊ Murchad mac Muirchertaigh meic Donnchaid Chaemhanaid 'na ríg ar Laignib,  p.6 ⁊ Catháir mac Quinn mic an Chalbaig ar íbh Conchubuir, ⁊ Tadhg mac Laigin mic Rúadri ina h-úa Duinn, ⁊ Sean mac Mháolruanaid meic Thaidhgc meic Taidgc 'na ríg ar Éilib, ⁊ Gilla na Naom mac Taidhg meic Gilla na naomh ar ib Meachuir, ⁊ aili multí a n-Eirinn ó sunn amach nach rímtur ardháigh chuimre.

7.

Gach cuidechta thicfus a h-iarthur an domain, mur atá Ere ⁊ Alpa ⁊ Saxa ⁊ in Orbúaidh, d' iarraid an Talaimh Naeim fétaitt siatt mad ail léo fein can dol docum imlochtaidh tar Muir Rúaidh acht gabáil trit a n-Almain ⁊ tri rígdacht na h-Ungaire thorannaighes re rigdacht na Poidle ⁊ na Panonie ⁊ Alaseig, ⁊ is mór in rí rí na h-Úngaire, ⁊ is laidir é, ⁊ is imda tírtha 'na laim re cois na h-Ungaire mar atá Sauoy ocus Chemaine ⁊ cuid mór do Burgairie ⁊ cuid  53a1 mór do rígdacht Rois thórannaighes ré ríghdhacht tíre an t-snechta ⁊ ré Príuís. Tiagur asan Ungaire conuicci an cathraich díanadh ainm Cipbronér ⁊ caislén Nebrocc, ⁊ assin tar sruth Danobí, ⁊ is mór in sruth sin, uair tét sé itir cnocaib na h-Almaine ⁊ cnuic na Lumbairdi ⁊ ticitt da .xx. sruth aile ann fein ⁊ tét sé eitir an Ungaire ⁊ an Grecc ⁊ an Traigia, ⁊ tét sé a comlaidir sin itir na tírthaib sin co m-bí sé 'na uiscci mhilis .xx. míle 'sa fairrcci móir siar.

8.

Tiagur assin co Bel-grán ⁊ assin co Buigris, mura fhaghuitt droichett cloiche tar an raibér re n-abur Stráet Ombarrocc, ⁊ assin trit an talmain re n-aburar Pinnseras, ⁊ assin co cathair Sdernes  p.8 annsa Greicc, ⁊ assin co cathair Apimpane, ⁊ assin co cathair Bradinoble ⁊ assin co cathair Constanntínóble darb' ainm Basamnsón, ⁊ is innti sin is mó bís an t-imper grecgach ina comnaidhi, ⁊ is innti atá an eclas is aille sa doman, ic San-Séob, ⁊ delb Iustiníanuis impir ina shuidhi ar ech do marmair derg na órud a fiadnaisi na h-ecailsi, ⁊ dobí uball ina laim ⁊ coroin ima cenn, ⁊ do léicc sé an t-uball do thoitim asa laimh, ⁊ ised dothuiccetur fellsaim ⁊ daine glicca na Greigci as sin in flathamhnus dobí ican imper Greccach, mur atatt Romanaig ⁊ Greccaig ⁊ in Assía becc ⁊ in t-Suiria ⁊ tír Iúdá ina fuil Ierusalem ⁊ tír na Pers ⁊ an Araip ⁊ in Eigipt do dul úatha acht an Grecc amain, ⁊ do tairccedh co menic in t-uball sin do dochur al-laim na deilbi arís, ⁊ nír'fetad, ⁊ atá an lamh ele don deilb sin in airdi ⁊ a h-agaid siar mar chomurtha grennaighthi ar lucht an uilc.

9.

Ocus is annsan eclais atá an spoingcía do cuiredh docum Crist  53a2 lé digh an trath dobí sa croich. Ocus bídh a fis accaib curab do ceithri crannaib dorónad croch ar Tigerna mur adeir an fersa so
“In cruci sitt palma cedrus cepersus oliua.”
.i. an crann dobí na sesam de ó thalmain conuicci a cendn dobí sé do cepresus, ⁊ an crand dobí tarsna re reighedh a lama dobí sé do pailm, ⁊ an cep dobí i talmain inar' saidhedh an croch dobí sé do cedrus, ⁊ an clar dobí ona chenn súas, ina roibi troigh coleth arfatt, inar' scribad na tiduil, dobí sé do crann ola a h-Eabra ⁊ a Greigcc ⁊ a Laidin.

10.

Iss é adhbur fa n-dernatar na h-Idail croch Crist do cethri crannuib, oir do bu dóigh léo co léiccfide dó corp in Tigerna sa croich in cein do beth sé a lenmain da chéile, ⁊ is arashon sin dorindetur an cuid dobí i talmain don croich do crann cedrais arson nach crinann sé a n-uiscci na a talmain, ⁊ an cuitt dobí  p.10 as sin suas co cenn Crist rer'sínedh a cholann dobí sé do crann sepresus arson febhais a bhalaid indus nach dingnedh corp Crist dá logad sé innti, mur budh dóigh léosan, urchoid dona dáoinib do ticfad a n-gar dó arson olcuis a balaid. An crann dobí tarsna na croichi rer'sínedh a lama inar' cuiredh na tairrngeda dobí sé do pailm arson mar dobí sa th-sentimna cidh bé doberadh búaidh catha ona naimdib coroin pailme do chur ima chenn. Do bu doigh léo sin cu ra bíad fein rucc buaidh ó Christ trena chur dochum báis, ⁊ ní mar sin dobí, acht eisen ruc an búaid ó Ídhalaib ⁊ ó díablaib ⁊ do aircc ifrinn. ⁊ an chuitt do bí óna cenn  53b1 súas inar' scribad na tiduil do crann ola arson curab comartha sidhchánaé, mar indisis an stair in trath do léicc Nói an colum asan airc cona craeb ola thucc sé aris mur chomartha sídchána itir Día ⁊ na dáeini, ⁊ is mar sin budh dóigh leosan co m-beth sid acu fein deis meic Dé do chur do cum báis, ⁊ adúbradur curab de thainicc cach eissídhchain dobí acu an cein dobí 'na beathaidh.

11.

Bídh a fhis accaib curab ana luighi dobí an croch in uair do cuiredh Crist sa croich ⁊ cur thuilled péine dó an croch do thóccbail ⁊ é ínnti, ⁊ aderaid Greccaig ⁊ a fhuil ó mhuir Grecc sóir do dáoinib léighis libur ⁊ ica fuil fis na scripturi an crann don croich re n-abramáoid cepresus corab do thorad in crainn irfhuaccartha é da n-dúaidh Éua ⁊ Adhamh in t-uball, ⁊ aderaitt curab mar sin doghebatt scribtha ana lebraib hé. Accus aderaitt fós an trath do gab galur báis Adhamh cur chuir arcenn a meic .i. t-Séith, ⁊ adubairt ris dol co parrdhus ⁊ an t-aingil dobí icá choimét do ghuidhi fa raott becc ecin d' ola croinn na betha 4 do chur chugi día comailt da bhallaib innus co m-betís slán. Dochóidh Séith le breithir a athar co parrdus, ⁊ do eitigh an t-aingil a léigen astech na an ola do thabairt dó, ⁊ tucc sé cethri scellain do thorad in croind da n-dúaidh a athuir an t-uball, ⁊ adubairt ris antan dogebad a athuir bás a adhlacad ⁊ na cethri scellain  p.12 sin do chur fa bhun a thengadh ⁊ co fasfad cethri gega astu ⁊ co ticfad torad dona géccaib sin do slainéochad Adhamh cona t-slicht5 sin. Ar techtt do Séith o pharrdus mar a roibi a athuir fúair ar faghbáil báis é, ⁊ do chuir na scellain fa bun a thengadh mar adubairt an t-aingil, ⁊ do adhnaic co h-anorach é, ⁊ do fásatar na cethri gégca adubramar, ⁊ is díb sin an cethramad crann da n-dernad an croch, tuc torad maith .i. Ísa Crist dar slánaiged Adham ⁊ a t-slicht acht cach nech leis narb' áil trina pecad.

12.

 53b2 Do folchadur na h-Ídhail an croch chésta ⁊ crocha na deisi gattaidhi a talamh fa carruicc shléibhi Caluarie, ⁊ dobí sí ann sin da cett bliadan noco tainicc Elena ingen Cola rí Saxan día n-goirthi an Breta mór isin aimsir sin, uair tuc an t-imper athuir Consantin do mnáoi hí ara h-áille inuair dobí sé 'sa tír sin.

13.

Agcus bíd a fis agcaib co rabadur ocht cubaitt ar fatt annsa croich ⁊ tri cubaitt co leith ina tarrsna íar fír.

14.

Ata cuitt do choróin Crist a soithech cristail i sepél an ríg a Pairis, ⁊ tarrnge do tharrngedhaib a lámh nó a chos ⁊ cenn na sleighi do cuiredh ana thaeb, ⁊ mórán do taisib ele ann fós arna tabairt do rig Franc ó Ibhalaib, ⁊ cé deraid dáoine ecin corab do deilgcnib dobí an coroin spíne ní fír sin, acht is deimin curab do sheimnib fhásas anaici mara hí, ⁊ co fuilitt a comger sin co tollfadis mur doghendáis deilgcne, ⁊ doconnarcsa fein hí, ⁊ do galcus6 co menic an chuitt atá a Pairis don choroin ⁊ an chuitt atá ic Constantínnoble, ⁊ is do shibhnib cruaidhi gela mur adubramar íat aráon fhássas anaici mara arna rainn do daeinib eturra trath ecin, ⁊ an chuitt atá a Pairis doconnarcsa cenn sibne gile di ⁊ dobud cosmail re delgc do bris le gluasacht in t-soithig ina fuil sí ga taispenad do tigernaib ⁊ do daeinib anóracha tigc dá féchain, ⁊ do iarrusa dam féin hí maille re grassaib, ⁊ fuarus mur sin hí, ⁊ is deimin gur' cenn sibhne í  p.14 mar adubramar, ⁊ curab inann hí ⁊ in cuit ata ac Constantínnóble.

15.

Accus bíd a fis accaib in oidhchi do gabad ar Tigerna co ruccad a n-garrda Anna hé, ⁊ co tucad asanair gér dó, ⁊ cur cuiredh coroin  54a1 imma cenn do spínan ghel a comhcruaidh sin indus cur rith fuil a chind rena agaid ⁊ réna guaillib ⁊ réna ucht co h-imurcrach, ⁊ dorindetar móran fonamhaitt fói, ⁊ cid bé beres gegc d' ailbi spíne lais ina laim nó ara mhuin nó 'na tech imbí gecc de ní dénann toirnech na teinntech dígbail dó, ⁊ atát mórán do t-subhailchib aile aici na cenn sin, ⁊ ní lamh ann drochspirat techt fa tech i m-bí.

16.

Ocus annsan oidhchi sin do t-sén Petur ar Tigerna, ⁊ ina dhíaidh sin ruccad ar Tigerna co garrdhai Anna a fíadnaisi in espuic ⁊ luchta 7 na h-oifici uile, ⁊ dorindetur sin mórán tugha anagaid air ⁊ fhonámhait fói, ⁊ tuccadur asanóra dó, ⁊ do cuiretur coróin fa chenn do sgeith ghil do fhás isin gharrda sin fein ré n-aburar barbrúch, ⁊ atat mórán do t-subailchib aicci fóss. Ruccadur léo ina díaidh siu é co tech Cáifás ⁊ dorindetur fochuidbe ⁊ fanámhatt fái, ⁊ do chuiretur coiroin engleter imma chenn, ⁊ ruccadur léo co séomra Piláitt hé, ⁊ do churedur cach olc do fhéttadar 'na agaid ann sin, ⁊ do churetur coroin ima chenn do sibnib mara mur adubrumar remhainn, ⁊ do churedur étdach purpuri imbi mar tigerna, ⁊ do churetur a cathair hé, ⁊ do teighdis fein ara n-gluinib 'na fhíadnaisi, ⁊ is ed adeirdís “Bennachmíd duit, a rí na n-Idhal!” ⁊ isí an coróin sin do roinded itir Pairís ⁊ Constantínnoble, ⁊ is anórach hí ic na dáeinib arson a beth ima cenn sin 'sa croich.

17.

Accus ata crann na sleighi do cuiredh a táob Crist acan imper Almáinech, ⁊ a cenn  54a2 a Pairís, ⁊ adeir an t-imper Grégcach gurab aigci fein atá cenn na sleighi, ⁊ doconnarc sa hé, ⁊ is mó hé na in cend ata a Pairis.

18.

Ocus is ac Consantinnoble atá corp sant Anna 8 mathar Muire arna thabairt d'Elena le a h-Iarusalem, ⁊ is innti atá  p.16 Iohannes Crisosmus dobí 'na espoc isin cathair sin fein, ⁊ is innti atat taisi Lúcais espail arna m-breith asan m-Bitaine conuicci sin, ⁊ móran do thaisib ele 'na fhochur, ⁊ is innti atátt na dabcha marmair da n-gairter idri, ⁊ bíd ac siledh uiscci dogres ⁊ línaid uatha fein cach aenbliadain.

19.

Ocus bíd a fis accaib curab roálaind ⁊ curab lán do maith an cathair Constanntinnoble, ⁊ curab maith na ballada atát 'na timchill, ⁊ tri cornéil uirri, ⁊ muir Elespont ic techt 'na timchill a lethe, ⁊ gairit Bóns Consanntinoble don muir sin, ⁊ araile lámh sanSeoirsi, ⁊ atá inat aile ar machaire alaind re táeb in t-srothasa ina roibi cathair na Troi úair ecin, ⁊ do scrisatar Gregcaig hí.

20.

Is imdha oilen annsa tír sin mur ata Calcas, Calestra, Ceirtige, Tesbuirie, Arínona, Faidton, Malo, Carpate, Lemne, ⁊ is annsan oilén sin ata cnoc Atós teitt tar coicrich na cnoc iuta.

21.

Is imdha tír ann sin ata umhal don imper Gregach, mar tá Turcuple, Prinsinard, Comange, Tresei, Magidoin, ⁊ is uirri sin dabí Alaxander 'na ríg sul do chuir sé dochum an domuin do ghabail. Ocus is a cathair annsa tir sin ruccad ⁊ do h-adnaiced Arustotal fellsam, darb' ainm Stragis, ⁊ ata altóir ara adhlacadh ann sin ina n-dénaid lucht an tire sin fésta cacha bliadne mar bud  54b1 naomh hé, ⁊ is ann doníatt gach ceistt cruaidh ⁊ cach documal comairle bís acu, ⁊ is dóigh léo tre furtacht Dé ⁊ a glicais sin gurab í an comuirle is ferr teccmus dóib.

22.

Atatt cnuic lán arda annsa tír sin mur ata slíab Oilefint dheilighes itir Maighidoin ⁊ Tarsidhe, ⁊ atá sé a comard sin docum an áeir nach eidir a tuaruscbail do thabairt, ⁊ atá cnoc aile indti da nhgairter Atós, ⁊ roithid scáth an t-sleibi sin co slíab Oilefint. Atát .uii. míli ⁊ tri fichitt úadha ⁊ atá an t-áer a chomglan so ós cinn an t-sleibi sin nach faghaitt dáeine gaeth choidhchi ann, ⁊ atá se a chomhthirim sin nách étir lé bethadach ar domum beith ana bethaid ann. Ocus aderat dáeine  p.18 glica an tíri sin fein co n-dechadur fellsaim uair ecin ⁊ co tuccadur spongia léo ina sronaib le tirmach aeoir, ⁊ cor scribadur litrecha lena méraib a pudur mullach na cnoc sin, ⁊ anuair tancadur a cind bliadne doféchadur na litrecha cétna, ⁊ fúaradur can esbaid becc na mór íatt, ⁊ is de sin dar-léo fein atat na cnuic sin nís arrdi na in t-áer is gaire duinn.

23.

Agcus ata pailis scíamach acan imper Constanntínoble, ⁊ inad arna dhenum ar bhobhtaidib fa fuilitt peileir mharmair, ina m-bídh an t-imperi cona rígaib ⁊ cona tigernaib ac féchain giustala ⁊ aenaigh, ⁊ soleir fútha sin a m-bíd a n-eich, ⁊ nách étder lé h-aenduine techt a n-gaire dóib fein na da n-echaib acht na dáeine is ail léo fein.

24.

Dochuaidh in t-imperi do adhnacul a athur co h-eclais san Séob, ⁊ do tochladh talam lais do chur a athur ann, ⁊ fuair clar óir ann ⁊ corp fái, ⁊ dobi scribtha isin clár a Gréig ⁊ a h-Eabra ⁊ a Laidin: Geinfidhter Ísa Crist  54b2 ó Mhuire Óigh, ⁊ creidimsi ann. Ocus dobádur dá mili bliadan ria n-gein Crist an scribenn sin do denum doréir an annala dobí annsa clár fein o do scríbad é co deilb an domuin, ⁊ atá in clar fós annsan eclais sin, ⁊ aderaid curab é an fellsam glic Íarmogenius do h-adhnaiced ann sin.

25.

Ocus atá cnoc isin t-Shipra re n-abur Cnoc na Croichi Naoime, ⁊ atá mainistir manach inn ina fuil in croch do Shipra uile inar' crochad Dismus in gadaighi conaigh, ⁊ aderaid na manaigh re daeinib ecin co fuil leth na croichi césta acu fein, ⁊ ní fír dóib sin, ⁊ is écóir dóib do grad indmais no caradraidh bregc do denum.

26.

Ocus gé aderaid Greccaig a coitchinne cur Cristaidhi íad fein ata deithfer itir ar creidimne ⁊ a creidim, óir aderaid nach ón Mac ⁊ ón Athuir tainicc in Spírat Naom acht ón Athuir namá, ⁊ ní fuilid umal don phápa na don eclais Romhánaigh, ⁊ aderaid nach mó cumachta an papai don taeb abus do mhuir Grecc oldas cumachta an patrierca don táob thair, ⁊ is trit sin dochuir andara Séon fichit do bí 'na pápa litricha dochum na  p.20 n-Greccach dá iarraid orra aen creidim do beith acu ⁊ beith umal don phapa, óssé fein bicaire Día a talmain, ⁊ ós da chumachtaib cach ní do chengeolad a talmain a beith cengailti ar neim ⁊ cach ní do scailfed a beith scáoilti for neamh.

27.

Do chuiretur na Greccaig chuici-sium: “Creidmit co daingen do chumachta ⁊ do roúabur ar do mhuindtir fein, ⁊ ní h-éter lind a fhulang, ⁊ do rosaint nach fétmaid a ssassadh. Bidh an Tigerna maille riut, oir ata sé 'nar fochuirne”, ⁊ ní fúair a aitherrach sin do fregra úatha.

28.

Ocus is d' arán t-slimm donitt sacramint  55a1 na h-eclaisi arson curab é a lethét sin d' arán dobí acar tigernane in úair dorinne sé an mhandáil dá espalaib día-dhardáoin cennlá ⁊ issé an lá sin doníd sin arán na h-eclasi uile ara lorgc sin, ⁊ tirmuighid re grein hé, ⁊ coimétaid docum na n-aifrend é co cenn m-bliadne da thabairt do dáeinib galair a n-inad cuirp Crist mar dobertur accainne an abhlann re h-agaid an báis.

29.

Ocus ní dénat acht aen ongad arna lenbuib becca aca m-baisted, ⁊ ní chuirid ola ar aenduine re h-agaid báis, ⁊ aderaid nach fuil purgadóir ann, ⁊ nach fuighbe aeibnes na anáoibnes nóco tí lá na brethe ina cuirfider cach duine dorindi olc an-ifrinn ⁊ cach a n-dorindi maith ar neim do chaithem an aeibnesa.

30.

Issé in t-imper ísin Constantinoble doní patrierca ⁊ airdespuic ⁊ espuic, ⁊ dobir cach díniti da fuil arfeth a tigernais fein amach.

31.

Cidh bé le bud áil techt ó Constanntinoble d' indsaigid Ierusalem tri Turcie, conuicci an cathraich re n-abur Níc ⁊ trit an dorus réna n-abur Sonhgcód, atá mile co leth o Nic anagaid aird, ⁊ assin conuicci an fairrgci móir re n-abur Lamh San Séoirsi, ⁊ assin mara fuil san Niculas adhluicthi, ⁊ assin conuicci in oilen re n-abur Siló. Fássaid masdix annsan oilén-sain ar crannaib becca a cosmailes crand airnedh nó shiríned, ⁊ assin  p.22 co h-oilen Patamós mar ar' scrib Eoin suibiscél Apocalipse, ⁊ bíd a fis accatt curab fer da bliadan .x. ar fichit Eoin ic fagail báis don Tigerna ⁊ co roibi da bliadain .x. ⁊ tri fichit ina bethaid 'na díaidh, ⁊ ó Patamos co h-Efeis cathair alaind lé h-Eoin, ⁊ eclais rochaem aigci indti, ⁊ dofuráil Eoin fein tumba  55a2 do denum dó anaici na h-altóra móiri, ⁊ anuair doconnairc cur mithig dó dochóidh fein ann ⁊ dofurail a íadhadh air, ⁊ dorinne amhlaid, ⁊ anuair do féchad an tumba arís ní frith ann acht manna, ⁊ aderaid daeine co rucad in corp a parrthus assin, ⁊ ata an chathair sin anois ⁊ an Aissia becc uile a laim Turcach. Docíther co menic cosmhailes daeine m-béo fái an tumba sin Eoin.

32.

Ocus ó Efis co h-oilen Patrian mara ruccad san-Niculas, ⁊ assin co Marca marar' toghadh hé dochum beith ina espoc, mara fásann fín úasal rolaidir da n-gairter fín Márca, ⁊ docíther assin an t-oilén Greccach tucc an t-impir do Iónás faidh uair ecin.

33.

Ocus assin co h-oilen Cofus ⁊ Longa mara ruccad Ipocraitt, ⁊ aderaid daeine co fuil ingen ac Ipocraitt annsan oilén sin i n-deilb draccuin ina fuil cét troigh ar fatt ⁊ hí a ssencaislén fásaigh, ⁊ goiritt lucht an oilein sin uile bantigerna an oilein dí. Taispénaidh sí hí fein fo thri cach bliadain, ⁊ ní dénann urchóitt do neach acht mona derna nech urcóit di, óir anuair dobí sí 'na macaem docuir Deán annsa richt sin hí, ⁊ aderaid daeine co m-bía sí marsin nóco tí ridiri a h-iarthur an domain ⁊ dobéra póigc da bél, ⁊ mar doghéba sí an pógc sin dogena ben di, ⁊ ní bía acht a saegul fein aici ó sin amach, ⁊ ní fada ó tainicc ridire ó Ródus ⁊ dochóidh le béodhacht ⁊ le nert do thabairt póicci di, ⁊ dochóidh ara ech conuigci an t-inad a roibi sí, ⁊ arna faicsin dó do teich reimpi ⁊ do len sisi é co rucc da aimdeoin lé hé ar beinn aille móiri ⁊ do theilcc isin fairrgi é.

34.

 55b1 Tarrla lá aile macaemh ócc cennuige do faccbáil  p.24 a luingi d'íarraid scél annsan oilén, co tarla an uaim ⁊ an caislen. Airet dochóidh a fhatt san úaimh co faca in ingen is caoime doconnairc conuicci sin riam, ac ciradh a cinn, ⁊ immforcraidh indmusa ⁊ cloch uasal ⁊ greididh aile ana timcell. Do dhrúid ria ⁊ do bendaigh di, ⁊ do impogh si sí a h-aigid air, ⁊ do fiarfaig cid dob ail lais. Atbert sin curab isi dob ail leis do beith ina mnái aicci, oir do sháoil sé cur ben do bith aca reic hí co coitchend. Do fhiarfaigh sisi 'nar ridiri hé? Adubairt sin nar'bedh. Adubairt sisi “Ní beir at lennán acamsa nocom beir at ridiri. Ocus ca h-inad asa tanccais?” ar sí, “ cía tú féin?” “Cennuighi ⁊ duine úasal mé, ⁊ om luing tánacc a tír annsan oilensa”, ar sé. “Mased”, ar sí, “imthig docum do chompánach ⁊ dénaid ridiri dítt ⁊ tarra chuccamsa amárach co dorus na h-úamhan, ⁊ rachatsa chugat ann am draccún, ⁊ an rium, ⁊ tabuir póicc dom bél, ⁊ gabaim oram nách ecail duit mhissi do denam uilc na urchóidi duit, óir is écin dam cid be ridiri dobéra pócc marsin dam a beith ana fir acom, ⁊ da tucairsi dogebuir a facais do maith accumsa ⁊ mé féin ⁊ rígdhacht na n-oilensa uile”, ⁊ do indis a scela fein uile dó. Do cheilebuir sin di ann sin, ⁊ dochúaidh dochum a luingi, ⁊ do innis da compánachaib an scélsa ó tus co deredh. Tánicc arauárach mur do gell ar n-denum ridiri de, ⁊ mur doconnairc an draicc a n-dorus na h-uamhan do theich dochum a luingi ⁊ do len sisi hé, ⁊ arna aithin dhí nách impódhadh uirre do impó féin docum an caislein ⁊ do eigh co h-ard ⁊ co trúagh, ⁊ dochóidh an ridiri d'éc  55b2 ar rochtain a luingi, ⁊ ó sin alle nír' lamh aen ridiri a faicsin ⁊ ní lémha noco tí an ridiri da fuil an dán an pócc do thabairt ⁊ beith ana ríg arna h-oilénuib ⁊ issi cona maithes do beith ina mnáei aigci ⁊ is marsin do chúala sa é, ⁊ ní fhaca féin é.

35.

Ocus assin co h-oilén Ródius atá a laim Muindteri Eoin Baisti arna thabairt ac in imperi dóib, ⁊ atá an t-oilensa da cét míle o Constanntinóble.

 p.26

36.

Ocus assin co h-oilén na Sipra mur a fásann fín ro-mhaith bís dergc ar tús ⁊ gel fa déoidh, ⁊ in chuitt is gile dhe isí is gloine ⁊ is ferr balad dhe, ⁊ assin co cathuir móir Sataláx. Tarrla gradh dermhair ac fer annsa tír sin do mnáoi, ⁊ dochóidh an ben d'éc ⁊ do h-adhnaicedh hí a tumba mharmuri, ⁊ dochoidh an fer aidhchi ecin ⁊ d' osluicc in tumba ⁊ do loigh 'na fochuir, ⁊ do fáccad in t-adhlacad iarsin, ⁊ do imthig reime. A cinn .ix. mís on oidhchi sin tainicc an guth chuigci ⁊ adubairt ris “imthig docum an adhnacail cétna ⁊ oslaicc hé, ⁊ féch cred do ghebuir ón mnáoi cétna, ⁊ mona dechuir do gebuir olc mór.” Dochuaidh íarsin ⁊ do oslaicc an t-adhnacul, ⁊ doconnairc delb adhúathmur ac éirgi as, ⁊ do teich sé arna fhaicsin, ⁊ do ling sruth uiscci ina díaidh asan adnacul cor thimcilled an cathair, ⁊ cur báidh can fuirech hí ⁊ urmór an tíri.

37.

Ocus gé atat .u. cét mile ó Ródus conuicci sin, ⁊ is é sin inad ina baeghlaighi sibul ar fairrgci díb. Cidh edh is eidir le daeinib techt co Sipra ⁊ can gabáil co Ródus. Is imda cathuir maith annsan oilen sin, ⁊ atá airdespoc sa cathraig dianad ainm Nicasia,  56a1 ⁊ atá cethrur espoc fái, ⁊ issé cúan Famagost cúan is ferr sa doman, ⁊ atat Cristuide ⁊ Seirristine ann sin, ⁊ cach uile cined ar bith a fochur a cheile, ⁊ is annsan oilen sin do h-adhnaiced Genenont da n-denaid an tír féin fésta ⁊ anoir mór, ⁊ a Caislén Amarós issi Sipra cétna ata corp Ilarion ar coimét ⁊ ar anoir ramoir, ⁊ is annsa t-Sipra láim re Famagostt rucadh Bernard naemh.

38.

Ocus doniter fiadach isin tir cétna le pampionus is cosmail re lipardaibh, ghabhus ⁊ marbhus beathadhaigh eciallaidhi ní is ferr ina dogebad coin, ⁊ is ferr iatt inaid na leomaín.

39.

Gach tiagerna ⁊ cach duine uasal bis isin t-Sipra is do thalmain caithid a cuid, do cum cumad ínnfhuaire doibh é na beith ar bordaib, ⁊ a cossa conuigi a n-gluínibh i talmain.  p.28 Ocus in uair thigid daeíne a tirtaibh ele chuca is ar bordaibh cuirid iatt.

40.

Tiaghar asin ar tir cu h-Iarusalem ⁊ ar muir re la co n-oidhce conuige in cuan re n-abur Surí, ⁊ is ann sin ticcther assin Suría. Do boi cathair álaind uair ecin ac na Crisdadhaib ann sin nogur scrisidar na Serrisdínaigh h-i, ⁊ ata coimhet romor acu ar in cuan sin ar ecla cu tiucfadais Crisdaidhi orra ann. Accus is ann sa tír sin adubairt an ben re Crist: “is bennaigti in brú do imchuir tú ⁊ is bennaighti na cíghi do ibhis.” Is annsa tír-sin do aithbéogaig Elías fáidh mac na bantrebthaige ⁊ do maith an Tigerna a pecaidh don mnái Channanda, ⁊ dorindi senmóir aran leic ara fuil eclais anórach aniu ac Sang-Sauior.

41.

Atá cathair alaind laim risan  56a2 fairrgi ann sin Sofen mararoibi Eilías fáid ⁊ Iónás, ⁊ assin co Didonsate ⁊ assin co Beruch ⁊ o Béruch co Sardana .u. míle, ⁊ .u. mile ele o Sardana co cathuir Damuiscci.

42.

Cid bé lé bud áil slighi budh sía na sin do ghabail ar faircci co h-Ierusalem ⁊ techt co port Iafe mur nach beth acht sibul lái co leith uaid co h-Iarusalem. Iafeith mac Noi dorinne in baili sin ⁊ ata ann o aimsir na dílend conuig aniu, ⁊ dobi roimpi, ⁊ ata asnach daine 'san baili-sin a fuilit da fichet troigh ar fad.

43.

Ni hé aderim nach étder techt o Tiri o Súiria co h-Acon a n-aenló a cathuir dobí ac Cristaidhib uair ecin, ⁊ atá do muir uaithe sin co Lumbairtt da mile ⁊ tri cét mile lummbardach. Ocus is laimh risin cathraigh sin ata cnoc Cairmele mura roibhi Elías fáith ina comhnaide, ⁊ is ann sin dorinnedh ord na m-brathar g-Carmach ar tús. Atá cathair a m-bun an cnuic sin darob ainm Cayfas arson curop é Cayfas dorinne hí, ⁊ atá si arna cur as anois, ⁊ aran taobh is nesa di don cnoc aile ruccad sin-Sem ⁊ Eoin mac Sepidei , ⁊ atá eclus anorach arna denum isin innadh sin doib araon.

 p.30

44.

Cét míle o cathair Ácon conuice an cnoc mor re n-abur Sgalda Troius dremire na Traoi, ⁊ atá raiber laimh re cathair Acón ⁊ poll graibeil, ⁊ da m-berthea a m-beth do graibel ann as anocht ní budh lughaidi amárach é, ⁊ doníther an glaine is ferr for talmain de, ⁊ ticther a h-inadhaib imciana do mhuir ⁊ thír ar cenn an graibeil sin, ⁊ bith gaoth mór ann sa chlasaigh sin dognáth cuires an graibél trina chéle, ⁊ ni fhuil  56b1 mital ar doman berthur annsa n-inad sin da leghadh nach dénann gloine de, ⁊ an gloine doníther don graibel sin innuair cuirther ann arís hí doní graibel di.

45.

Ocus atá uidhi tri lá ó Acón co Gasa cathuir na Feilistinech, ⁊ isscíamach an cathuir sin, ⁊ is imdha a daeine, ⁊ is annsa cathair sin do tharraing Samson na piléir o palás ríg na Feilistínech cor' marb an rí cona rígaib ⁊ cona mhuindtir uile ar trascairt an páláis orra. Assin co h-Asccalón ⁊ assin co h-Iafe ⁊ o Iáfé co h-Ierusalem.

46.

An t-slige ó Íaruslem co Báibiloin co cathair Shobhdain an cétlá ⁊ co Gasa, ⁊ assin co caislén Daifri ⁊ do lethcenn na Súiria, ⁊ tritt an fásach re n-aburar Asalec uidhi ocht lá ann co slighthibh gainmidhi, ⁊ cidh fásach é do geibther bíadh re cennach ann. Ar fágbail an caislen nó an fhássaigh sin teigther co Belech baile maith a n-Egipt Canopater, ⁊ gabthur assin co h-Alofe ⁊ o Alofe co Baibiloin, ⁊ o Baibiloin co Caeir mur a fuil eclais scíamach aniu ac Muire sa cathraig sin mara roibi sí fecht ⁊ a Mac ⁊ Iosep .uii. m-bliadna ac teiched ría n-Irúath. Is ann san-eclais sin atá corp na h-Óighi sang-Barbura, ⁊ is annsa cathair sin dobí Iosep mac Iacop arna reic da braithrib, ⁊ is indti dochuir Nabgodonasór an triur macaemh .i. Sidirach ⁊ Misach ⁊ Abdinago, isin sornn tened.

47.

Bíd ocht míle do daeinib dognáth acan t-sobdán isin  p.32 caislén sin na Baibiloine ac faghbail a riachtanais a les uadha fein. Is daingin ⁊ is alaind an caislén sin arna dénam ar carraicc romóir, ⁊ dobádhusa fein am occlach aicci ann  56b2 mí ⁊ raithi ⁊ blíadan, ⁊ coccad aicci risin lucht bís ar fássach na h-Aráipi re n-abur Bidoness Asgolperdes, ⁊ doberad ingen prinnsa da muintir fein dam ina mnái damadh áil lem anmain aicci ⁊ mo creidim fein do treiccen. Do gab sé .u. rigdachta le nert a laime ⁊ a slúaig fein, ⁊ is iatt so íatt-sidhe .i. an Eigipt Canopater ⁊ Ierusalem ⁊ Suiría ⁊ rígdacht Analfe ⁊ rígdacht Damé ⁊ ríghdacht na h-Araipi dar' rí an tres fer tainicc leis na h-aiscedhaib dochum Maic Dé a n-oidhci a genemhna, ⁊ mórán do tigernusaib ele ⁊ Calafes darab ainm Oilén na ríg.

48.

O Baibiloin co sliab San-Caitilín ⁊ is airdi sin co maith na slíab Sioin, ⁊ is ann do h-adhnaiced san-Caitilin, ⁊ ní fuil tempul na sepél na comnuidhi duine ann, acht clocha arna tarraing cuigci, ⁊ cé aderaid daeine curab ar éntsliab tuccad na h-aithnedha do Móyci ⁊ do h-adhnaicidh San-Caitilín, ní mar sin is dóigh le lucht an tíri féin hé, óir atat da t-slíab acu. Sliab San-Caitilín gairitt do t-slíab dib ocus sliab Moyci don t-sliab aile. Cidhedh is a n-éintír atat ⁊ tamall eturra.

49.

Ar fágcbail t-slebi San-Caitilin do techt co h-Ierusalem gebair artus co mainister manach dobir lón dona h-oilitrechaib do thecht tre fhásach Suiria, ina fuil uidhi tri lá n-déc, ⁊ atát cinedhaigh aran fásach sin lomlán da cach drochchuingell díanad ainm Bidonés ⁊ Asgoloperdes. Ní bíd tighi acu sin co brath acht gné pupall do croicnib camhall ⁊ bethadach aile ithitt siatt fein,  p.34 ⁊ ní dénaid comnaidhi choidhchi acht anaici uisci fúair, ⁊ is decair uiscci  57a1 do fhaghbail isin fhássach sin, ⁊ ní dénaid áitiugud na trebaire, ⁊ ní ithid arán acht muna bé duine acu indaici cathrach do thír ele. Róstad a n-éisg ⁊ a féola doníd ar chlochaib leisan grein, ⁊ is béodha laidir íad, ⁊ ní dénatt obuir ar domun da m-bethugud acht fíadach, ⁊ ní shuidhid cobrath da n-déoin, ⁊ ni tuilled buidhi re Sabhdán na re tigerna da treine, ⁊ ní bí d' arm acu acht scíatha ⁊ slegha, ⁊ imarcraid línédaig 'ma cennuib ⁊ 'ma muinelaib.

50.

Ar fágbail an fássaigh sin ticther conuicci Bersibé, dobí 'na cathuir ac cristaigib uair ecin, ⁊ ina fhuil ní da n-ecailsib an rígh, ⁊ is innti dobí Abraham in patriercca ina comhnaidhi, ⁊ Bersibe ben Urias, máthair Sholman do chumhdaigh in cathair, ⁊ dobí 'na rígh da fichet bliadan ar clainn Israel.

51.

Ocus assin co h-Ébron, da n-gairther Glenn na n-dér, arson Adhaim do beith cét bliadan ann ac cáeined Áibéil iarna marrbad do Chaeín tre tnúth ⁊ format, ⁊ dobí so prímhchathuir na Feili-stínech úair ecin. Accus is a n-gleand Ébron dobí Íassú mac Nuin ⁊ Canep cona companachaib anuair thanccadur do brath tire tarrngire ó macaib Israel, ⁊ is ann dobí Dáuí 'na ríg .uii. m-bliadna co leith ⁊ a tri .x. co leth ar fichit i n-Ieruslem, ⁊ is ann atá adhnacal inna n-uasalaithrech .i. Adhamh ⁊ Abraham ⁊ Iacop cona mnáib .i. Éba ⁊ Sarra ⁊ Rabéca, ⁊ atá eclais anórach laim re h-adlacad na muindteri sin ⁊ coimét ger acna Serristinechuib uirre ar ecla co rachad Idhal Cristaidhi indti can chett dairighthi on t-Sabhdán cucu féin, óir is dóigh léosan nach éccora do mhadra dol a n-inadh naemtha inadh Idhal, ⁊ issé ainm an inaidh sin asa tengaidh sin Cariotarba, a Gaeidheilcc Adhlacadh na Patrierca, a h-Abra Arbo hé.

52.

Ocus is annsan inad cétna dobí  57a2 teg Abraham inuair do connairc in triúr ⁊ do adhair sé duine díb, ⁊ tucc lais da thigh hé.

 p.36

53.

Ocus is gerr assin an uaim cloichi ina roibi Adhamh ⁊ Eua ina comnaidhi arna cur a parrthus, ⁊ is innti rucc Ébha urmór a cloindi.

54.

Is ann fós do rinnedh Adhamh artús do réir droingi ecin ⁊ do gairthi cnoc Damass don inad sin, ⁊ atá glenn ann sin ina m-benaid dáoine imforcraidh spísraid, ⁊ da doimne tochlaitt an talmain ⁊ da fhairsingi, dogebther ana cruth fein cach blíadan é.

55.

Dá míle ó Ébron co h-adhlacad Loith .i. brathuir Abraam ⁊ is gerr ó Ébron slíab Mambre ó n-ainmnigther an gleann, ⁊ atá dair aran slíab sin o aimsir Abraham ille, ⁊ issé a h-ainm ac na Serrisdínechaib, an crann tirim, ⁊ aderaid co fuil ann ó tús an domuin, ⁊ dobí úr ⁊ duille air no co táinic an aimser far' cuiredh ar Tigerna dochum báis, ⁊ atá sé tirim can duille can torad ó sin ille, óir is ann sin dochoidh a duille ⁊ a thorad de ⁊ do morán do crannaib an domain, nó dano do loghadur ara lár, ⁊ atáit mórán aniugh mar sin díb, ⁊ adúbradur cuitt dona fáidhib co tiucfad prinnsa a h-iarthur in domain do gebad tír tarrngeri, ⁊ co n-aibértaide aifrinn dó fan crann sin, ⁊ co fásfad a duille ⁊ a thorad ó sin amach, ⁊ co n-impádhbaidis morán do Serrisdinechaibd'Idhalaib do cum creidmi tritt an mirbuil sin ⁊ atá an crann fa lán anóra acu ⁊ fa choimét gnaith, ⁊ gé tá an crann sin tirim atátt subáilchi imdha aigci. Óir cidh bé imcras a begc a mor de ni thuitind co bráth a n-galur thuitmech, ⁊ atatt a lan do subailchib ele aigci.

56.

Atat .u. míle o Ebron co Bethelem ⁊ is báeghlach an t-slige sin .i. coillti dlúithe isle.

57.

Is fatta caol cathair na Bethele ⁊ is maith na balladha ⁊ na dígca atá 'na timchill, ⁊ Éfrata dob ainm di uair ecin. Atá eclais roalainn don táob thair don cathraig sin ara fhuilet mor do thoraib ⁊ do chloictighib ⁊ do chornélaib  57b1 arna n-denum co láidir daingen, ⁊ atatt cethur pileir fichet do mharmair istigh isan eclais sin is áille ⁊ is laidiri do connairc ría, ⁊ atá faithchi álainn lán do rós cona bláth iter an eclais sin ⁊ an  p.38 cathair, ⁊ issé is ainm di Gort an blátha. Dobí macaem scíamach mná sa cathraig sin arna damnad docum a loiscthi tria drúis do denum di (mado fis) 9, ⁊ do cruinniged mórán connaidh 'na timchell ⁊ docuiredh tene dácach táob ann. “A Dé na n-uile cumacht!” ar an ingen, “ma dochí tú cura brecc docuired oram, sáer mé!” Maris lúaithe co tairnig le sin do rada do gab an connad ⁊ an craeibech talmain ⁊ d' fássadur premha ⁊ duille ⁊ rós dergc ar in cuitt dolas de ⁊ prema ⁊ duille ⁊ rós gel ar in cuitt nar' las, curab é sin cétrós tainicc ar doman, ⁊ is mar sin do slánaiged an mhaighden tre mirbuilib Dé.

58.

Ocus atá do lethtáob na cathrach sin don taeb tes do chornél na h-ecailsi mara ticc cách anúas ann san ochtmad ceim .x. an t-inad a ruccad Mac Dé, ⁊ é arna cumdach le h-ór ⁊ le h-airget ⁊ lé h-esúir ⁊ le nethib ele, ⁊ tri ceimenna don taob tis de sin atá maindser an asail ⁊ an daim, ⁊ is laim risin atá an t-inad anar' thuit an rélta dobí roim na rígaib acas éolas doib docum an Tigerna. Iásbar, Melsisar, Balsisár a n-anmanna a Greigc. Galgha, Galgla, Sarafí a n-anmanna a h-Eabra. Tucadur na tri r ígdha so ór ⁊ mirr ⁊ túis do Mac Dé mar ofrail. Tarladur na trí ríghdha so da chéle tri grasaib Día 'san Indía annsa cathraig darab ainm Gasácc uidhi tri lá .x. ⁊ da .xx. o Bethelém ⁊ cidhedh do badur san re cethri lá assin annsa Bethelém ar m-breith an Tigerna ⁊ ar faicsin na reltainne.

59.

Atá a cláustra na h-ecailsi cétna adhlacad na macraide do cuiredh docum báis le la h-Iruath.

60.

Atá eclais álainn ac san-Niculas laim risan eclais sin mar a n-dernai Muire comnuidhi iar m-breith a Meic, ⁊ mar ar bhligh a cíghi, ⁊ an bainni do bligh ann sin mairidh béus ann ar an marmair  57b210 n-dergc ana sreabaib gela.

61.

Cristaidhi uile atá isin chathraig sin, ⁊ is imdha fín maith ina timchill cin co h-íbhitt na Serrisdínig fín, óir do báidh Macamétus connle an duine do íbad fín annsa lebur tuc sé dóib  p.40 ar choimét a n-dligid feín darb ainm Acurón ⁊ do beir cuitt ele díb Masápair ⁊ cuitt aile Harme. Ocus aderaid daeine aile curap díthrebach domarb Macametus ⁊ é ar mesci ó fín tuc air an coinnelbáthad sin do denum, ⁊ ní ithid Serrisdínig fós an feóil mhuici arson curab cosmail re féol duine hí ⁊ dofuagradh isin t-senrecht can muic do ithe ⁊ ní h-ithter féoil mairt a n-Eighipt na a crich na Felisdínech acht laeigh díuil nó senba can t-siubal acu.

62.

Is annsa chathraig sin na Bethile ruccad Dauí rí clainni Israel ica rabadur tri fichit ben ⁊ tri cét lennan.

63.

Ocus da míle on Bethil co h-Íerusalem, ⁊ atá eclais álainn leth míle ón Bethil mar a tainicc an t-aingel da indisin dona búachailib mur do gened in Tigerna.

64.

Is annsa sligid cétna atá adhlacad Racel máthar an patrierca Iósep, ⁊ docuir a fer fein Iacop da cloich .x. do clochaib móra uirre mur comartha co rucc sí da mac .x. Ocus is imdha eclais álainn itir an Bethil ⁊ Ierusalem.

65.

Is aeibinn an t-inad ina fuil Ierusalem itir cnocaib, can fairrgi can usce acht a tairngther a fedánaib ó ghlend Ébrón chuicci. Ocus atá cenn ríghdachta Suiria chuigci atúaidh ⁊ rígdhacht na Feilisdínech anoir a túaidh, ⁊ é fein a tír Iúda, óir is ó Iúdás Macabeus dobeth ana ríg uirre aderar tír Iúda ría. Ocus atá cend ríghdachta na h-Aráipe chuicci anoir ⁊ a n-Eigipt aran táob tes de ⁊ in Gregc aniar. Do bí patrierca ⁊ airdespoc a n-Íerusalem uair ecin ⁊ mórán d' espocaib ina timchill annsa tír ó sin amach.

66.

.Uii. míle úaidh co cathuir Ebron ⁊ .ui. míle co h-Ereco Ocht míli co Bersibe. Ocht míli déc co h-Ascolón. Sé míle .xx. co Íafe. Tri míle co Ramatha.  58a1 Da míle co Bethilém.

 p.42

67.

Atá ar an táob tes di eclais a roibi Maccairius ⁊ ar fhaghbail báis dó do scrib ar balla na mainisdrech na manaigh ac denum a cumha, ⁊ mairidh an pinntiúracht sin fós, ⁊ dobud trúgh lé duine beith aca féchain aniu.

68.

Dobí in talam sin Ierusalem a lamhaib mórain do cinedhaibh ar doman mar atatt Cannándaigh ⁊ Asérí ⁊ Persaigh ⁊ Medhaigh ⁊ Turcaigh ⁊ Maisidunaig ⁊ Gregaig ⁊ Rómanaigh ⁊ FrangcaigCristaidhi ⁊ Seirrisdínig ⁊ morán do chinedhachaibh aile, óir nirb' áil le Día in talam sin do leigcen do pecachaib ⁊ atá anoiss a lamhaibh no Serrisdinech ré h-aimsir imcein ⁊ is étir lé Día a buain díb anúair bus áil leis.

69.

Ar n-gabáil Ierusalem don t-sabdán do furáil sé balla na cathrach do chur do taeb tuaidh don eclais innus co m-beth an t-adhnacul istigh annsa baile mur a roibi reime, ⁊ is amlaid atá an eclais atá a timcill an adlaici comcruind ⁊ í osluicthi tís ara piléruib, ⁊ cenn lúaidhi túas uirre, ⁊ atá tor álainn mur clogcás aran táob tíar di, ⁊ atá an tabernacul ar lár na h-ecailsi ar cuma leth-compáis arna cumhdach le h-ór ⁊ le h-esúir ⁊ le dathannaib úaisle aile.

70.

Atá adhlacad an tigerna don táob tes, ocht troighthi a fhatt an tabernacuil ⁊ .u. troighti ina lethet, ⁊ én troigh .x. ina airdi, ⁊ is gerr o dobí an t-adhlacad oslaicti innus co fétfadh cach oen duine dorachad cuicci pócc do thabairt dé, ⁊ a ghlacad, ⁊ do furáil an sabhdán íadhadh ana timchill arson co m-berdís daeine ní da chlochaib léo innus nach roither chuicci acht d'óen leth docum comadh usaidi a coimét é, ⁊ atá fuindeocc ar an tabernacuil, ⁊ is imdha lampaidhe ar lassadh do gnáth ina timchill, ⁊ an lampa ata a fíadnaisi an adhnuici co dírech báidhidh uáidh féin cach oen aoine ⁊ lasaid uáidh féin  58a2 cacha domnaig ind aimsir far' érig Crist ó bas co bethaid, ⁊ bídh ar lasadh co h-aeine arís.

71.

Atá ar an táob tes don eclais Caluarie an t-inad ar' cuiredh ar Tigerna ar an croich ⁊ inar' sáidhedh annsa cloich n-gil hí ⁊ begcan dergci innti arar' shil fuil ar Tigerna, ⁊ issé is ainm donn inad sin a Greigc Galgathá, ⁊ frith cenn Adhaimh  p.44 andsa n-inadh sin ar n-imtecht na dílenn mur comurtha co ceinneochaidhe pecadh Adhaim ann, ⁊ is ar an cloich cétna dorindi Abraham a shacramint don Tigerna. Ocus atá Godfrei Bolein ⁊ Baudauil ⁊ na rígdha ele do Cristaidib do gab Iérusalem adhlaicti don taeb ele don altoir .i. a fíadnaisi na h-altora ara taeb thes.

72.

Ocus as é pongc medónach an talman an t-inad ar' sáidhedh an cros, ⁊ is é sin fundamint an creidim ⁊ na n-uile talam.

73.

Tri bliadna .x. ar .xx. ⁊ tri mí saegul an Tigerna có croich, ⁊ do táeb thes do t-slíabh Caluarie, ⁊ atá an altóir ⁊ an pilér rer' cenglad ar Tigerna, ⁊ atá cethri clocha ann bís ac siled uisci dogres, ⁊ aderat aroile curab ac caeinedh an Tigerna atatt.

74.

Da troig ⁊ da .xx. asan inat sin mur a fuair Elena an croch noem fo charraicc arna fhalach ac na h-Idhalaib, ⁊ crocha an da gadaidi, ⁊ fuair na cethri tairrngi dobí ina chosaib ⁊ ina lámhaib, ⁊ is tairrnge díb sin do cuir Constantin imperi ina srían ler' gab sé an doman ó muir sair, ⁊ is annsan inadh ana fuil an eclais cétna do taispen an Tigerna é fein do Muire Maghdálén.

75.

Ocus issé sin inad ina fairsingi in cathuir le mét na faithchi don táob thair don eclais, ⁊ is don taob amuich do bhalla na cathrach atá eclais san-Stiamna marar' clochad hé fein, ⁊ is ann atá an dorus ordha do oslaicc úaidh fein remi an Tigerna ⁊ é ar asal ac dul dochum in tempuil  58b1 domnach na pailme, ⁊ mairidh lorg an assail sin a tri h-inadhaib isna clochaib cruaidi fós.

76.

Ocus da cét coiscem ón adhnacul eclais Eoin Baisti is fundámint da cach uile eclais da fuil ic Eoin.

77.

Ocus is í eclais an Adhluici .uiii. coisceme .xx. sair atá eclais comcruind alaind ard arna fholach lé luaidhi acan Tigerna ⁊ a h-urlár arna phagail do mharmair gléghil, ⁊ ní lamhaid  p.46 Idhail anáid Cristaidhi tadhall indtí, óir aderitt Serrisdínig nach cóir da comshamlaid sin do dhaoineib dul ana comnaemthacht sin d' inad. Ranaccsa innti arson t-sela on t-sabhdáin acam, ⁊ anuáir do chídd Serrisdínigh an séla sin léigcitt a n-gluine fútha amal do leígcfimmísne a fiadnaisi an cuirp noeimh.

78.

Ocus ní hé so an tempul dorinne Solam don Tigerna, óir nír mair sé acht da bliadain ⁊ cét ⁊ míle anuair tainigc Títus mac Bapassiana an t-imper Romanach, ⁊ do cuir foslongport a timchill Ierusalem ⁊ do gab hí, ⁊ do muir, ⁊ do loisgc tempul Solman, ⁊ do cuir .xi. cét ⁊ mile do Idhalaib docum báis, ⁊ do cuir a prisún an chuitt aile díb, ⁊ 11 do recad deichnebur ar .xx. dib araen pingind a n-éruic mar do chennchadur sin Mac Dé ar .x. pingindib fichet, ⁊ d' furail Iulianus imperi an tempul do denum arís, ⁊ arna denum dona h-Idhalaib tainicc talamchumscugud mór ann, ⁊ do trascair an tempul arís. Do furail Andriánus imperi Troiánnach tempul Ierusalem do denum annsa cruth a n-derna Solam é, ⁊ ní lamhdáis Idhail a tathaige le fogra an imperi, óir dob annsa leis Cristuidhi ina cach cinedh aile cinco roibi fein ana cristuidhi, ⁊ is é d' furail artús balla an baile do chur don táob amuich d' eclais an Adhlaici, ⁊ is nemchoimsigh an anóir doberitt na Serristtínig don eclais sin, óir mur  58b2 thiccitt tar an dorus asdech benaidd a m-broga díb ⁊ sléchtaitt co menic ⁊ aderit curab naomhtha an t-inad sin.

79.

Ocus atá inat ar lár an tempuil sin ina fuilitt cethri ceimenna .xx. ina airdi arna denam ar pilér marmuir da n-goirtther sancta sanctorum, ⁊ ní tét aenduine ann sin choidhchi acht a prelaid doní sacramint dóib.

80.

Ocus atá re táob an tempuil sin an cloch díanadh ainm Béléch mura roibi an Áirc noemh cona taiscedhaib so ⁊ is íatt so íatt. Na .x. n-aithnedha tuc an Tigerna do Mhóyci ⁊ an t-slat lér' traigh sé an Mhuir Ruaid dá tancadur clann Israel cossaib  p.48 tirma trithe ⁊ le tuc sé uiscci a cairrgib crúaidhi do clainn Israel andsan fhásach ⁊ le n-dernaidh mórán do mírbuilib aile, ⁊ slat Arón ⁊ soithech óir lán do manda ⁊ d' uindimint úasal, ⁊ tabernacuil Arón, ⁊ clár cethuruillennach d'ór ina rabhadur da cloich .x. do clochaib búadha, ⁊ figuir bethadhach do iesper uaine, ⁊ ocht n-anmanna ar Tigerna scribtha indhi, ⁊ .uii. coindléorad óir, ⁊ da pota .x. óir, ⁊ cethra sennsa óir, ⁊ altoir óir ana rabhadur da reisi .x. ar fatt, ⁊ cethri leomain óir uirre, ⁊ da trumba .x. airgit, ⁊ tabernacuil óir, ⁊ cach uile thaisced da roibi annsan eclais uile co geinemain Meic Dé.

81.

Ocus is ar an cloich sin dobí Mac Dé ac senmmóir ⁊ issí do scail reime ⁊ do fholaig hé antan dob áil leisna h-Idhalaib a clochad, ⁊ dorindi mórán do mhírbuilib aran cloich sin nach airmhither sunn.

82.

Is laim risan eclais cétna atá áit tighi Irúath do mharb an macraid, do mían Mac Dé do chur do cum báis, ⁊ a clainn mac ⁊ ingen fein, ⁊ a ben póssta ⁊ a lennán. Do gab idhroipis adhuathmur an t-Iruath sin cur atadur ⁊ cur loghadur a boill uile, ⁊ arna thuicsin dó nach éirébad do cuir fis ara roibi do tigernadaib isin tír ⁊ for a clainn, ⁊ do cuir a prisún íatt ar techt  59a1 chuicci dóib, ⁊ do ben minna da shíair fa marbad uile intan do gébad sé fein bás, óir dobí a fhis aigci nach cáeinfidhe hé fein ar chor aile annsa tír, indus co n-aibertái gurab trena bassan do beth in cáeinedh ⁊ an golgaire mor sin. Docúaid fein a n-dabaigh fhotraici, ⁊ do iarr uball ⁊ scian, ⁊ do saidh in scian ina medhon cor' leic a inathur amach annsa dabaig, ⁊ ar faghbhail bais don Iruath Ascolonda sin do lecc a siur na braigdi slán amach.

83.

Is é Iruath mac Antepater do furail a cend do buáin d'Eoin Baisti, ⁊ Iruath Egripta do cuir san-Sem docum bais.

84.

Ata lamh Crisosmuis ⁊ urmor cind Sdefain annsan eclus cétna.

 p.50

85.

As don taebh teas don eclais sin eaturra ⁊ sliabh Síoin ata eclais sciamach ac san-Semh mar ar' benadh a cend de. Acus ata eclus scíamhach ac Muire ⁊ agan Tigerna ar taebh sleibhi annsan inad a raibhe si 'na comhnaidhe ⁊ ina tesda sí, ⁊ do tocbadar na h-espail assin co Glend Iosafáth hi, 12 ⁊ is annsan eclais sin do taispén Crist é fein da apstalaib ar n-ergi ó mharbaibh, ⁊ adubairt “síd maille rib.” As annsan eclais dobadur na h-espail anúair do thurn an Spiratt noemh orra a cosmailes tened.

86.

Ocus is a slíab Sioin do h-adhnaiced Dabíd ⁊ Solam ⁊ mórán do rígaib aile, ⁊ is laim risan inadh sin atá an crann anar' croch Iúdás é fein ar n-aisegc na .x. tallann fichet ⁊ ar ná atmáil cur braith se an fuil nemurcóidech, ⁊ is don táeb tes de sin arís atá Asíldemach, an ferann do cennchad aran indmus sin d' adhnacul oilithrech ann.

87.

Ocus atá eclais don táob tíar d'Íarusalem murar' fhás an crand do cuiredh 'sa croich dobi mar drochett tar an raiber re n-abur turrens Sedron tig a glenn Iosafáth, ⁊ is ann atá adhlacadh  59a2 Muire a caithem da blíadan .x. ⁊ tri fichit di ar an saegul, ⁊ is laim ris sin atá an t-inad anar' ghuidh an Tigerna a Athuir fan Páis do chur tairis ⁊ inar' cuir allus fola dhe re ecla, ⁊ is ann sin ata tumba an ríg Iósafáth ó n-ainmnigther an glenn.

88.

Ocus is da lethtáob sin atá slíab Olifet mura fásann mórán ola, ⁊ ata da airdi co faicitt dóeine sraitt Ierusalem de, ⁊ atá slicht choisi clé Muire a cloich ann mar a n-dechaid sí as dochum nime, ⁊ atat .uii. coisceim fichit assin an sépél inar' shuidh do sheanmóir ina n-dubairt sé “is bendaigti na boicht spiratalta, óir is léo fein rígdacht na cathrach nemdha”, ⁊ is annsin do tecaisc sé an paidir día apstalaib, ⁊ is laim ris atá Bethpáti mar ar' chuir an Tigerna Petur arcenn an asail domnach na Pailme do dul co h-Íerusalem, ⁊ is laim rissin tair atá Betania mar a roibi Simon lobur do t-slánaigh an Tigerna, ⁊ inar' maith a pecad do Muire Maghdalén, ⁊ dobí an Simon sin ina espoc annsa cathraich sin iarna baisted dona hapstalaib.

 p.52

89.

Ocus atá sépél a m-Betania inar' h-adhnaiced Lasarus do thathbeogaig ar Tigerna ar m-beth cethri lá adhnaici dó ⁊ ar mórgad ann. Is ann sin tucc Muire a cris fein do Tomás iarna h-eiserghi ó mharbaib, ⁊ is gar dó sin slíab Gálalee ⁊ slíab Olifeth mar a rabadur na h-apstail anuair do indis Muire Maghdhalén doib eisergi an Tigerna ⁊ a fhaicsin di fein.

90.

Atá eclais anórach itir t-sliab Galalee ⁊ slíab Oileféth mar ar' innis an t-aingil do Muire a báss. Cóicc míle o Betania co h-Ierco mar a tuc Ráp an merdrech aeghaidhecht do ghilladaib Israel ⁊ mur a sháer ó bás ⁊ ó gúasacht íatt, ⁊ adeir an scriptúir co táinic a slánugud fein de sin.

91.

O Betania tegther co sruth Orthannain tria fássaige, ⁊ is  59b1 laim ris sin atá an slíab arar' troiscc ar tigerna da fichit lá ⁊ da fichit oidhchi, ⁊ is ann adubairt an Díabul ris mádh bo Mac Dé é arán do denum dona clochaib.

92.

Is í in Mhuir Técht dealuigis itir in n-Aráip ⁊ tír Iúda, ⁊ atá sí ó Ssará co h-Aráip, ⁊ ní h-éter le duine na le bethadach bás d' fhaghbail innti choidhchi, ⁊ do féchad sin co menic, ⁊ do cuiredh íarann co menic indti ⁊ do theilg sí sin a tír, ⁊ dá cuirthi cleitech étrom indti ní léigfedanichtar , íatt, ⁊ ní h-ibther a sáile choidhchi, ⁊ ní dentur comnuidhi a n-goire dhi, ⁊ doshluigc sí .u. cathracha tria pecadh mínádurdha na fer ⁊ na m-ban .i. Sodoma ⁊ Gomorra, Aldema ⁊ Ségor ⁊ Solamee ⁊ docíther cuitt do Seghor a n-aimsir t-soininne asan muir súas.

93.

Fasaid crainn ann sin dobeir toradh álaind, ⁊ anúair brister nó gerrtur íatt gúal dogeibther astigh inntu a comurtha in dighti, ⁊ atá uisci in mara so uile bren, ⁊ is don táob theas don muir sin atá ben Lóith ina lícc shalainn arson mar do féch sí tar ais aran cathur anúair dobí sí aca bádhadh.

94.

Issácc mac Abraham i cind int ochtmad lá íarna breith tuccad an baistedh genntlidhi air. Ismahel mac Abraham, i  p.54 cind a cethri bliadan .x., do baisted an lá cétna é, curab andíaidh Isácc doníat na h-Idhail a clann do baisted co genntlidhi i cind an ochtmad lá, ⁊ curab andíaidh Ismahél donítt na Serrisdínigh i cind a cethri m-bliadan .x.

95.

Sruth Orrthannain a slíab Libáin ticc sé ón dá thobur darab ainm Ieor ⁊ Dán, ⁊ is imdha íasc an t-srotha sin, ⁊ atá sliab Gilbue do thaeb dhe ⁊ machaire roálaind ⁊ sliab Libán don taeb aile no co roithenn fássach Faráo, ⁊ is iatt na cnuic si 59b213 roindes iter ríghdhacht Shuiriam ⁊ talam an Fína mara fassaid ubhla sétrus is mó na cenn duine. Gabaid an sruth so itir Galalee ⁊ Ídome ⁊ Botron ⁊ tri machaire Meldane ina fuil tempul Ieob ⁊ annsa Muir Ruaid.

96.

Anuair dobí ar Tigerna ica baisted annsa sruth so do clos guth in Athur ós a chind ica rádha “Is sé so mo Mac dil-si ⁊ eistidh-si hé”, ⁊ do connarcus in Spirat Naem ic techt a richt choluim air, indus co roibi an Trinóid uile acan baisted sin, ⁊ óna fothrucad annsa sruth so do leighised Namán Sirda ona lubra.

97.

O Muir Técht sair a coicrích an Talman noeimh atá caislén Carras darab ainm slíab alaind, dorinde Baudauin rí Frangc ar n-gabáil na rigdhachta sin dó ⁊ ar n-denum Cristuidhi díb. Atá Gabáo baile álaind fón caislén sin, ⁊ mórán Cristaidhi ann ic íc císa risan sobhdán.

98.

Tiaghar assin co Nasareth ⁊ uidhi tri lá as sin co h-Ierusalem, ⁊ teit daeine a prouensi na Galalee co Romata ⁊ as sin co Sethim ⁊ co cnoc ard Éfraim mara roibi Anan 'na comhnaidhi máthair Samuél fáidh ⁊ as sin co Sibola mara roibi an airc naemtha acc Elyas fáidh icca coimét, ⁊ mar a n-dernaid popul Ébron ídhbairt dar Tigerna, ⁊ mura labair an Tigerna re Samuél.

99.

Gairitt as sin atá Sabón ⁊ Rama ⁊ Beniamin, da labrann an scriptúir.

100.

Deich mili ó Ierusalem co cathraigh Seteim dianadh ainm Néople. Atá tempul ic Iosep mac Iacóp dobi 'na choimhétaighi  p.56 aran Eigipt  60a1 ac Forann laim risin inar' h-adhnaicedh a taisi arna tabairt asin Egipt.

101.

Occus is laim ris sin atá cathuir Garrisón mara n-dénitt na Serrisdínig a n-idhbairt.

Laim risin atá Glenn Bitaim inar' gabatur a braithrecha Iósep mac Iacop ⁊ inar' fhobradar a marbad ⁊ an uáim inar' cuiredh é riana reic.

102.

An t-sligi as sin co cathur Samaría cennport an tíri sin ⁊ is asin cathuir sin da treib .x. mac n-Israel ⁊ is innti do h-adhnaiced Eoin Bausti itir an da fhaidh aile .i. Heliseus ⁊ Ábdón. Cidh edh chena is a caislen Maicin anaici Mara Técht do benadh a chenn de, ⁊ tucadur a dheiscipail a corp léo conuicci sin, ⁊ do furáil Iúlius Apostata in t-impiri a chnámha do thógbail ⁊ a losgad uile, ⁊ nir' fétadh an mér do sín sé docum an Tigerna inúair adubairt se “Ac so Úan Dé”, do losgad ó shoin. Ruc an banógh SanTecula lé é arna cnocaib, mara roibi anoir romór air, ⁊ fuair Teodosius imperi cenn Eoin a m-balla an inaidh sin, ⁊ do furail a tabairt as ⁊ étach cengailti ina timchill lán d' fhuil, ⁊ do cuir co Constantinnóble é marsin co fuil a leth indti ó sin ⁊ in leth ele a n-eclais Siluester isin Roim, ⁊ in mías arar' cuiredh a cenn arna buain de  60a2 ata sí a n-Ghein, ⁊ do gheib anóir mór on tír sin, ⁊ aderit daeine ele co fuil cenn Eoin ⁊ in mías annsa Picaird, ⁊ aderat aroile nach é atá ann acht cenn easpuic náomhtha .

103.

Da míle .x. ó Sibast co h-Ierusalem ⁊ is itir cnocaib an tíre sin atá tobur Iacóp athriges dath cacha bliadne cethri h-úaire. Uair derg, uair glas, uair búaiderta ⁊ uair ele tiugh ⁊ Samairitáni goirter do lucht an tíri sin ata, ⁊ cidh é creidim na n-espal atá acu sin, ní h-inann íatt ⁊ na Cristuidhi ⁊ ní h-inann íat ⁊ na Serrisdínig ar creidim, ⁊ étaighi derga lín bís ima cennaib choidhchi ⁊ étaige gela im cennaib na Serrisdínech  p.58 ⁊ étaige gorma im cennaib na Cristaide atá ann sin ⁊ étaigi derga im cennuib na n-Idhal, innus co n-aithentar gach drong dib tarachele.

104.

Is don Talmain Noemh an Galalee, ⁊ is innti atá an Naighne ⁊ Caparnaum ⁊ Corrosaym ⁊ Besayda mara rucadh Petur ⁊ Andrias, ⁊ is a Corrosaym i m-Baibiloin geinfider Anticrist mar adubairt in fáidh co ticfadh asa Babiloin diúici do t-sluicfid an doman uile. Oilfidhter Anticrist a m-Besauida ⁊ rígeochaid sé Corrosaym curab de sin adeir an scriptuir: Trúagh duit, a Corrasaym, Trúagh duit, a Besayda, Trúagh duit a Chaparnaum!

105.

Ceithri míle ó Nasareth co Cannán Galalee mara n-derna ar Tigerna a cétmírbuil  60b1 anuair do impádh se an t-uisci a fín a tigh arsidéclina, ⁊ Muire fein ac fritholad and.

106.

A Nasareth do h-oiled Muire, ⁊ leth míle assin an carracc ard arcuiretar na h-Ídhail an Tigerna da teilgen ría sís, ⁊ do ling sin di ar carraigc ele, ⁊ ata slicht a bonn ann sin fós. .U. bliadna .x. áos Muire ac breith an Tigerna. Dobí si tri bliadna .xxx. ⁊ tri mí a comaimsir frisin, ⁊ cethri bliadna fichit d' aeisi.

107.

Tri míle ó Nasureth co slíab Tabór mar a n-dechaid ar Tigerna ⁊ Petur ⁊ Eoin ⁊ San-Sém a coinne Elíás ⁊ Móysi, ina n-dubairt Petur: “Is maith beith ann so”, ar sé, “⁊ denum tri tabernacuil ann duitsi ⁊ d'Elías ⁊ do Mýsi,” ⁊ d' athain Crist can sin d' innisin nocon-éirgedh sé ó bás co bethaid, ⁊ is aran cnoc sin sennfitt an triur aingil a sduic le tiubraid síatt síl Adhaim ina corpaib daenna docum in brethemnais.

108.

Mile ó shlíab Tabór co sliab Ermon mura fuil cathur Nauim, assin co cathuir Tiborne atá ar muir na Galalee ⁊ ní ré fairrgi aderar sin acht re h-abaind ina fuilet da .xx. míle ar lethet, ⁊ is imdha íascc an rabeir sin; ⁊ is ann do gab in ecla mór Petur, ⁊ is a cathair Sibórum ata an bord arar' caith an  p.60 Tigerna bíadh a fhochuir a apstal deis a eiserghi mura r' aithnedur é ar brised an arain.

109.

Bith a fis accaib curab fa cnocc Liban comraicces tír tarrngire sair, ⁊ as sin co Bersibé budhthúaidh, ⁊ o Bersibé  60b2 budhdhes .x. cét míle ar fot ⁊ o Iericó co h-Ierusalem ⁊ co h-Iafeth .xl. míle tarrsna, ⁊ is imdha Cristuidi amescc na Seirristínech ic íc cisa risan sabhdán.

110.

Gidh bé lé budh áil techt o Galalee co h-Ierusalem gebaid se co Damas, ⁊ is álaind in cathur sin, ⁊ atá sí lán do maith ⁊ do cennaighecht, ⁊ atá uidhi tri lá úaithe co h-Ierusalem, ⁊ ar chamhallaib ⁊ ar mulaib ⁊ ar dromadairieib ⁊ ar echaib doberitt a cennaigecht chuca. Eleseus Damuiscc serbfogantaidi Abraham, is uaidhi ainmnighther í ní is lúaithi na rucadh Iosyas dobo doígh leis an serbfhoghantaighi comadh é fein budh thigerna ann andiaidh Abraham.

111.

Ata cathur laim re Damuscc re n-aburar Mons Siccir, ⁊ is imdha fisici annsa cathuir sin, ⁊ is innti dobí Pól apstal ina fhisicci ría techt docum creidmhe dó, ⁊ Lúcas sybiscélaid ac foghlam fisicechta ina deiscipal, ⁊ is annsa n-inad ina fuil Damuscc do marb Caein a derbrathuir fein .i. Áibel.

112.

Ata eclais scíamach ar carraicc .u. míle ó Damuscc ina fuilet manaigh cristuidhi ina comnuide ⁊ atá annsan eclais sin laim risan altóir clár isan bhalla ⁊ delb Muire air arna pinntéil co maith ⁊ indtaiger a fuil ⁊ a fheoil co menic ⁊ ní faicter an delb sin acht co h-annamh, ⁊ silid an clár sin ola inniu  6la1 mar budh crann ol(a)i é, ⁊ atá soithech murmair fáoi ina coimettur an ola sin a comuir daeine eslan ⁊ fóiridh íatt ona gallruib.

113.

Atá an abann darab ainm Sabátorí itir cathuir Dacc ⁊ Rafána, ⁊ siblaig sí cacha sathuirnn ⁊ bí 'na comnuide feth na sechtmaine ó sin amach.

114.

Atá slighi timchill o íarthur an domain can dol ar  p.62 faircci docum Íarusalem .i. don Almaine ⁊ do Pruis ⁊ assin tri Thartaria .i. ríghdhacht do rígdachtaib Maghnaiss Canais. Is urchóidech gainmidhi in talam sin, ⁊ is becc do thorad thicc ann, ⁊ is becc d' arbur fásus and, ⁊ ní fásann fín na pis na pónair ann. Is imdha a h-ellach, ⁊ ithitt féoil cach uile ainmidhi itir lochta frangcacha ⁊ lochta becca ⁊ chat ⁊ mhadra can arán. Ocus bainne ⁊ blathach mur dhigh, ⁊ le bualtach a m-bó arna thirmugud re grein deisigit gach uile bíadh bís acu do díth tenedh, ⁊ bíd toirnech ⁊ teinntech annsa tír sin co menic marbus mórán do daeinib ⁊ do cethraib ⁊ bídh fúacht ⁊ tesbach co gar dha chéle innti ⁊ don túaruscbail fúarusa ó daeinib glica aran tír so ní h-indénta comnaidhi innti, ⁊ ni rabhusa innti.

Dobeth duine re h-uidhi tri lá o Priuis isin tír sin na Serrisdínech, ⁊ mina beiritt Cristaidhi féin biadh leo ní fogabhatt isin tír sin hé, ⁊ ní h-urusa a sibul choidhchi acht a n-geimhred re h-imat a h-uiscidh, ⁊ ní sodhaing annsin acht an trath bis imforcraidh snechta ar muin an oigre. Ní bí duine 'sa tír sin cin luirg, ⁊ ni coimsich d' feraib an domain a fúaire an geimhrid ara fatt budhthúaidh.

 p.226

115.

Atbér frib ní do creidim na Serrisdínech doréir mur leghtur sa lebur tucc Macamétus dóib, darab ainm Acaron ic droing díb ⁊ Misáp ac cuitt ele ⁊ Haram ac cuitt ele doréir a tengtha fein. Cidh bé dogéna maith  61a2 rachaid a parrthus déis a báis, ⁊ cidh bé dogéna olc rachaid a n-ifrinn, ⁊ da f˙iarfuighedh duine díb crett é parrdhus aderaid sin curab inatt ína fuil cach uile shubháilchi ⁊ cach uile thorad tria bithu sír, ⁊ ina fuil sruth fína ⁊ sruth meala ⁊ sruth lemhlachta ⁊ sruth fíruisci ⁊ forgnem álaind fá thoil duine d'ór dergc ⁊ d' airget ⁊ do chlochaib búadha, ⁊ ina m-bé deichnebur ban ac cach aen-duine, ⁊ cidh dodechad 'na n-aentaid uile ní budh lughaitti dobeitis ina maighdenuib é.

116.

Ocus labraitt co menic do Muire Oigh, ⁊ mar do gab toirches ó shanais Gaibrieil, ⁊ mar do toghad hí chuigi tar mnaib an domain, ⁊ co rucc mac can truailled a h-óghdhachta ⁊ cur' labuir co lúath iarna breith, ⁊ cur' gab ecla mór Muire anúair do labair an t-aingil ría, ⁊ is mar sin innisis Acarón an scél so, ⁊ adeir co roibi duine isin tír si darb' ainm Tacina, ⁊ co téghedh le genntlidhecht a richt aingil ⁊ co truailled mórán do mhaighdenaib, cura bí sin ecla dobí ar Muiri reim Gabrial asa n-derna sí do chundrad ris Mac Dé do thecht ana broinn cin shaethar ferrdha ⁊ can truailled a h-oghdhachta.

 p.228

117.

Ocus adeir an lebur cétna curab fo crann pailme ruc sí a mac, ⁊ arna fhaicsin di do gab nairi hí ⁊ do caei, ⁊ adubairt comadh fherr le co faghbad bás, ⁊ do labuir an náeidhi ría, ⁊ adubairt ría can ecla do beith uirre, ⁊ innisidh Macametus co menic a n-Acaron cur labuir an naeidhi sin .i. Ísa Crist, mur ruccad é, ⁊ adubairt curab ó Dia cumachtach tainicc sé, ⁊ curab é an Dia sin do thiucfad do breith14 aran cinedh n-doenna do cur na pecach a n-ifrinn ⁊ na fírén a flathamnus, ⁊ curab é fáidh is ferr tainicc dona fáidhib é, ⁊ co tucc sé radharc do dhallaib, ⁊ cur thathbéogaig mairb ⁊ co tuc sibul do bhacachaib ⁊ éistecht do bhodhruib ⁊ cur' slánaigh lobuir  61b1 ⁊ gach uile ghalar archena ⁊ gur' ruaicc demuin a dainibh ⁊ a bethadachaib ⁊ co n-dechaidh fein imslan dochum nimhe. Ocus doberit anoir mhor dona leabruibh a m-bid na sosceil, ⁊ co h-airithi do soscel Gaibreil, ⁊ na daeine acu onab eolach leabur do legadh, aderid an soscel sin co menic mar urrnaighthi maille thoil maith.

118.

Doniat mi imslan do troscadh annsa bliadain ar aen cuid, ⁊ sechnaid a mna frisin re sin, acht muna beit daeine galair no eslana acu, ⁊ adeir in leabur cétna gurab olc creidim na n-Ídhal arson nach creidit siad Isa Crist do thecht o Dhia ⁊ co tugadur a n-eitheach anuair aderit gur cuiredur Mac De re croich ⁊ cu tugadur bas dó. Ni h-amhlaid sin dobí, acht anuair dobud mithig leis fein dochuaidh dochum nime ⁊ do fáccaib cosmailes a dheilbi ar Íudas Scarióth do cuiretur Idhail re croich. Ocus ticfaidh fein doridisi do breith ar daeinib an talman, ⁊ aderaitt curab olc an creidim dona Cristaidib a rád co cuirfidís na h-Idhail Ísa Crist re croich na co n-dingenad Día uilechumhachtach ina airett sin d'éccórad .i. Ísa Crist mac Muire do chur d' fhagbail báis tarcenn daeine ele, ⁊ is é an t-airtecal sin is mó dheliges itir na Cristaidi ⁊ iátt dar léo sin.

119.

Ocus creiditt co maith oibrechad Dé do beith cóir ⁊ a shosceoil ⁊ cach ní da n-dubairt do beith ina fírinne, ⁊ a mírbuili, ⁊ creiditt Muire do beith ina h-óigh ría n-geinemain Meic Dé ⁊ ina díaidh, ⁊ is ullamh íad dochum inntaighthi docum ar creidimne,  p.230 ⁊ do chluinitt senmóir ⁊ ráidti na fáidhed ⁊ aderaitt co cuirfidhter dliged na n-Idhal ⁊ dliged Macametus ar cúl, ⁊ co mairfed dliged na cristaided co sír ⁊ creiditt síatt an Día uile cumachtach do cruthaig neam ⁊ talam ⁊ gach uile ní, ⁊ nach deutur aenní cóir na h-écmais ⁊ co fhuighbe cach aen mur thuillfes lá na brethe do maith nó dh'ulc ⁊ creiditt curab fírindech gach ní da ndubairt trit na fáidhib doib 61b215.

120.

Ocus do chetuigh Macamétus a n-Acaron días triur cethrur ban do beith ac cach aenfer dib, ⁊ ni anaitt air sin can nónmur ban an mét fhétus ac gach fer díb, ⁊ da cuiredh ben díb sin uáidh dobera cuit da maithes di ⁊ dobera ben ele 'na hinad.

121.

Creiditt síatt tri persana na Trinóidi cidhedh ní creiditt a mbeith a n-aenpersain. Aderaitt co labhrann Día ⁊ muna labrad co m-beth balb, ⁊ co fuil spirat ann ⁊ muna beth nach beth betha, ⁊ creiditt gach uile ní dá n-dernadh do maith riam ⁊ da n-derntur choidhchi curab ó bél Día thainicc sé, ⁊ creiditt curab Día do cuir an t-aingil dochum Muire da rádh ría Ísa Crist da tabairt ara mac.

122.

Ocus atá an bibla ⁊ na soscéil ⁊ raiti na fáidhed uile scribtha acu ina tengthuib fein, ⁊ aderitt co n-dénaitt na h-Idhail pecad arson nach coimlitt a n-dliged do fháccuib Moysi acu, ⁊ co pecaighitt na Cristuidhi arson can aithne inait a shoscéil do cumall.

123.

Atbér frib, ar Moinmíl, mar adubairt in sabhdán frim aidhchi 'na sheomra ar cur cáich amach. “Cinnus doníter seruís do Día in bur tírsi?” Adubartsa co n-déntur co maith. “Ní fír sin”, ar sobhdán, “óir is olc an anoir dobeiritt an prelaidhi da tigerna, ⁊ is olc an eisimpláir dobeiritt don popul”, ⁊ do fhíarfaigesa cindus donítt sin, cindus fuair sin in fis sin. “Donítt,” ar sé, “is iatt cétmuinnter tét isna táibernib íat, ⁊ ní furáil leo beith ac ól ⁊ ic caithem feth an láei ⁊ na h-áidchi mur dobetais bethadaigh éccíallaidi nach fider crett é Día, ⁊ da n-derndáis an  p.232 cóir íssi eisimplair Crist on ainmnighter íatt do lenfadís ar míne ⁊ ar buaine, ar deirc ⁊ ar trocaire, ⁊ atait na Cristaidhi a comshanntach sin co recaitt a clainn ar beccán fíach ⁊ a mná re feraib ele, ⁊ bíd mná fer acu tarcenn a m-ban féin,  62a1 ⁊ na minna ⁊ an gella doberitt ní coimlit é, ⁊ is mursin tharcaisnigit ⁊ diultaitt an dliged tuc Crist dóib da slánugud, ⁊ is arashon sin do léigcebur ar tigernus ⁊ ar talam dúinne, ó nach raibi Crist aca chosnam inar n-agaid, ⁊ ní h-edh amáin acht do tidhlaicc duinne é arson bar pecaidh, ⁊ is deimin nach ar ar nert féin fúaramur é ⁊ atá a fis acaind co maith inar lebraib féin cidh bé trath dogéntaidhisi seruís do Diá co maith ⁊ comuillfide a recht co n-gébthaidhi in talam so arís. Cidhedh an feth anfuidhi an bar pecthaib fein ní fuil ecla acainne romaib ⁊ atá a fhis acainn co maith co n-impódha sibsi óna pecthaib trath ecin, ⁊ nách gébtur frib an inad da cuirfidhi bur n-agaid, ⁊ co m-bía an talam so uile acuib óir bíaidh bur Crist féin inar farrad cach uáir dogéntáidi seruís co maith dó.”

124.

Do fíarfhaigesa de sin crett tuc fis ríaghla na cristaidhi mur sin aicci sin. Tucc sin chuicci astech an mhuindtir dochuir sé úaidh reime ⁊ do thaiselbh dam cethrur tigernad dona tigernuibh do do bad mó díb sin, ⁊ adubairt rium cur' chuir sé an lucht sin a richt cennuighedh le clochaib úaisle in cach thír a rabadar Cristaidhi d' féchain a m-bés ⁊ mar donídís seruís do Crist, ⁊ do labuir fein frangcbérla rium, ⁊ adubairt curab mursin rangcadur sgéla na Cristuidhi chuicci ⁊ a tirthadh ⁊ na daeine do beith ullamh dochum beith ana cristaidib tre fhebus an dligidh co locait é tre olcus choimlitt na Cristaidhi é ⁊ adubairt curab maith choimlet na Serrisdínig an dliged tuc Macamétus dóib a n-Acaron tuc Gaibriel lais chuicci féin, ⁊ do labrad in Gaibriel sin co menic re Macamétus, ⁊ do indised toil Dé dó co h-imshlán.

125.

Bíd a fhis accuib curab annsa n-Aráip rucadh Maca-  p.234 métus, ⁊ co roibi ina ghilla eich  62a2 innti ac sibul re cois cennuighedh ó thír do thír co rainicc a n-Egit ⁊ í ina talam cristuidhi in trath sin. Aimser dá roibi ac denam an t-sibuil sin tarrla a cenn dithrebaig é ina sepél ar fásach na h-Aráipi, ⁊ ar n-dul isin sépél dó do fairsingighed air an dorus curb ingnadh a mét. Go rabí sin cétmírbuil Macametuis.

126.

Ráinicc sé assin dochum beith ina choimétaidi a ríghdacht Caradán fón ríg féin ⁊ ar n-éc an ríg do pós Cádrígha ben an ríg é, ⁊ do bói galur tuitmech ina díaidh fárbh' aithrech lé a phósad, ⁊ cidhedh do chuirsin do thuicsin innti curbé Gaibriel aingil ticced do labairt ris ⁊ corb egcen dó tuitim ⁊ beith ar lár marsin lé h-áille an aingil an feth dobeth ac labairt ris.

127.

Dobí an Macametus sin 'na rígh aran Araip .xx. ⁊ .uí. cét bliadan aes an Tigerna antan sin, ⁊ do t-slicht Ismahél meic Abraham ⁊ Aghaire hé, ⁊ goirrter Serrisdínig Ismahelytes ó Ismahel ⁊ cuitt ele díb Agárens ó Aghar, ⁊ cuitt ele dib Amonytes .i. ón días mac rucadur a ingena féin dó Loith, ⁊ Serrisdínig fhíre ó Ssarra féin.

128.

Dob inmain lesan Macamétus sin dithrebach dobí da míle o shlíab Syóin ar fásach aran sligid móir itir an Aráip ⁊ Caldea uidhi lái ó tír Iúda ⁊ ón fhairrgi mur a ticc cennuighecht ó Uénís ⁊ ó thírthaib aile. Teighed Macametus a coimmenic sin d' fis an díthrebaig ⁊ d'éistecht a shenmóra indus curab olc le muindtir é, óir dobudh inmain lais an díthrebach sin, ⁊ dob fherr lé muindtir Macamétuis co fhághbad an díthrebach bás, óir do thicced de a m-beith can chodlad co menic feth na h-óidhchi. Lá ecin da n-dechaid Macamétus do fhis a compánaigh díthreabaig, do an na fhochuir an oidhchi sin ina thigh féin, ⁊ tuc an díthrebach fín maith dó, ⁊ do gab meisgci Macamétus, indus cur' thuit a chodlad air, ⁊ dochúadur muindter Macamétus  62b1 ina diaidh do tigh an dithrebaig, ⁊ fuaradur e, ⁊ do beanadur a cloidhimh amach, ⁊ do marbadur in dithrebach leis, ⁊ do churetur ana truail lan d' fuil aris he. Ar n-eirgi do Macametus asa collad fuair in dithrebach marb ⁊ adubairt go crochfadh a muinntir uili tre bas  p.236 in dithrebaig. Adubradar san gurab eisin fein do marbh he tre meisci, gurab uime sin do mallach Macametus an fin ⁊ gach duine d' ibed e coidhche, ⁊ is de sin nach ibhid na Serristinigh fin os aird o shoin ale cidhedh ibhit e a n-uaignius, ⁊ bith deoch maith eile acu doniter do premaibh na berruighi da n-dentur in siucra.

129.

Don t-suidhiugud ara fuilid na tirta etir na cethra srothaibh tic a Parrthus, righdhocht Mesopataníé ⁊ righdhocht Caldea ⁊ righdhacht na h-Araipe ataid siad etir Tighir ⁊ Efraten. Ocus rigdhacht Medh ⁊ Pers etir Tigir ⁊ Nil. Ocus rigdacht Suria ⁊ Feilistin idir Efrate ⁊ fairge Mediteran, ⁊ ata in muir sin o Marrocc noco tet si 'sa fairge letha tiar don Spain tri mile ⁊ da fichit mile o Constantinople go cenn in raibir sin.

130.

Troposonda cathair maith, is innti atá corp Atanas espuic Alaxandria dorinne Qui cumque uult. Do chuir in t-impire Gregach tigerna maith da muinntir fein do coimet na cathrach sin ar Tuircinechaibh, ⁊ docoidh in tigerna sin a n-easumla for an imper n-Gregach, ⁊ do goir se imperi Troposonda de fein, ⁊ ata in cathair sin cona tigernus anecmus na n-Gregach o soin ale.

131.

Ata caislen tamall fada on cathair sin a n-Armen bicc, ⁊ dealb seabaic ar persi and, ⁊ delb banntigerna ara comair aga coimét, ⁊ cid be duine do anfad gan collad isin caislen fasaigh sin tri lá ⁊ tri h-oidchi ac fetheamh an da dealb sin doticfad an banntigerna sin cuige ⁊ doberadh a roga athcuinge dó. Dobí rí uaibrech beodha ara tir sin fecht n-aill, ⁊ dorinne se in fhaire sin gin codlad tri lá ⁊ tri h-oidhche. A cinn in treas oidhche do conairc-se ben is caime do conairc do mnaibh in domhain, ⁊ adubairt ris cidh be ní bus ail duit d' fhaghbail fogébur é. “Ata ór ⁊ airget agum”, ar se, “⁊ tigernus maith, ⁊ sidh cartanach, ⁊ mo nert ar gach n-aen,  62b2 ⁊ issi athchuingi dob áil lemm d' fághbail, tusa do mnáoi.” “Ni h-éter sin”, ar sí, “óir spiratt  p.238 misi, ⁊ ní fuil corp talmaide umamm, ⁊ ní h-éter lé fer beith acam. Cidhedh dober dhuitsi an maithes mór ⁊ an tigernus ⁊ an tren ⁊ an sídh sin atá acatt fein do congmáil duit ⁊ dot oighredhaib co cenn an mad glún úaitt fein, ⁊ cidh bé ar doman maithes saegulta iarfir na cenn sin.” Do dhíult sin sin do ghabáil. “Ó nách gabair”, ar an banntigerna, “dobersa a contrada duit ⁊ d' fher th'inaidh atdíaidh co bráth beith fó umhla ríg ele co bráth, ⁊ ríachtanus a less gnáith ⁊ cocad síruidhi.” Do imthigh sí úaidh daeisi sin, ⁊ atá anní adubairt ica comull. Tarrla do mac duine do immfaire tri lá ⁊ tri n-oidhchi do denum isin chaislen cétna sin. Táinicc an bantigerna chuici ⁊ adubairt ris a athchuingi do íarraid uirri. “Saidhbres an t-saeguil do báil lem d' fhaghbail”, ar sé. “Do gebur si sin”, ar sí, “⁊ innis uaimsi cidh bé choidéolus aenlocad andso choidchi nách cuirfed sé a bonn aran saegul ó sin suás.”

132.

An t-slige ó Troposonda co cathair Artirón do múiretur ⁊ d' airgetur Tuircínigh, ⁊ úaithe sin co cnoc Araráa da n-gairitt Idhail Dánó, mura fuil airc Náei, ⁊ do cídh daeine a soinind maith aran cnoc sin hí.

133.

Ocus assin conuicci an cathuir scíamhaigh re n-abur Tansóra, ⁊ ata cnoc saluinn laim rissin, ⁊ fétuidh cach aenduine a díl do breith lais de.

134.

Ocus assin trit an Aramén móir ⁊ co cathair Casátus mur a tarladur na tri ríg dáchéle ac dul leisna h-aiscedha dochum Meic Dé.

135.

Ocus assin co tír na m-ban, ⁊ atá laim rissin tálam Iób asa  63a1 tabratt na mná sin fir ina caeimhthecht, ⁊ madh meic beraitt doib cuiritt cucu fein iatt anuair ticc sibul dóib, ⁊ madh ingena loiscter a cíche dessa clé, ⁊ an banntigerna bís orra is maith coimétus an tír sin, ⁊ a leth a lámh bítt na mná so dogres .

 p.240

136.

Don taeb ele do Calldea .i. ar an taeb teas, atá an Ethóip, ⁊ is mór in tír sin, ⁊ daeine círduba aitrebus indti, ⁊ ata ara taeb tes di tobur nach etir le duine ar doman d' ol lea fhuaire a ló ⁊ lena thes a n-oidhchi, ⁊ bid aibhne an tíre sin uile ana n-usci búaidhertha, ⁊ blas saile ara t-oibrechad. Ocus is mescamail iatt uile, ⁊ is becc do bíadh chaithit, ⁊ atat daeine innti so ac nach bí acht aenchos mhór ⁊ is gabaid lúas na muiudteri sin, ⁊ anuáir doníatt comhnaidhi tóghbait a m-boind eturra ⁊ in grian co n-ditnetar aran tes íatt. Ocus is annsa tír sin atá Sadó .i. an cathur asa tainicc an tres rí le h-offrail dochum ar Tigerna le treoir na réltainne.

137.

Tíagur asan tír sin annsa n-Inndia móir atá arna roinn a tri, ⁊ is adhbhal tes an tíre sin,  63ab ⁊ an Indía bec atá can imforcraidh tesa na fúachta, ⁊ ind Innía is sía uainn díb atá sí rofhuar, ⁊ atá do mét a seca ⁊ a h-oigre co n-déin cristal da h-uisci ⁊ co fásann diamont co lór innti, ⁊ atá do láidirecht an díamoint fhásus innti nach fuil ar doman ní úrchóidighes dó acht fuil bocain.

138.

Do geibter diamoint ele 'san Araip, ⁊ is mór iatt ⁊ ní commaith ríu so íatt, ⁊ do geibther diamont ele 'sa t-Sipra ⁊ diamont isin Maisidoin, ⁊ do geibter cuitt ele díb a n-Amasee anuair bíther ac dealugud an óir ⁊ an miánaigh ⁊ ni crúaidhi diamont na h-Indía ina sé, ⁊ do gebther diamont maith ele annsa cristann ⁊ diamont annsa mhaighneis, ⁊ do geibther adó déntáeb a lenmhuin achéile .i. gné fherrdha díb ⁊ gné bannda, ⁊ drúcht nemda oiles íatt, ⁊ aderar co coitcend isin tír sin co n-geinter móran diamont on da diamont sin, ⁊ do connarcsa fein sin, ⁊ berthar tamall san inad a fásaid ⁊ léigter dóib fan drucht, ⁊ métaighit ann.

139.

Ocus da m-bía an diamont a taeb clé duine is mó a brígh ann ina aran táeb n-des, arson curab sía budh thúaidh don táoibh chlé an doman fásas na don taeb thes, ⁊ cidh bé  p.242 imurcras diamont ara leth clé congmaid co laidir beodha é ⁊ coimétaid slán é, ⁊ dobeir grasa a n-gnim ⁊ a n-urfhuighill dó anagaid  63b1 a namat da m-bía an chóir aigci, ⁊ congmhaidh ina chéill dírigh é, ⁊ sechnaidh ar imresan ⁊ ar drochaislingib é ⁊ ar drochspiratuib ⁊ ar urchóit cach uile bethadhaig éccíallaidi ⁊ ar piseóccaib ⁊ ar neim, ⁊ is amlaid is ferr é can cennach ⁊ can a fhaghbail a n-athchuingi, ⁊ is móidi a subailchi sin ⁊ is laidirede congmus duine anagaid a namatt é, ⁊ dobeir furtacht anagaid na h-éttruma céille. Cuir aran adhamus í, ⁊ madh maith an diamont ní léigfi si di in t-snáthat do tharruing, ⁊ is inann an t-adhamus ⁊ an maghnés, ⁊ ni bíd na subáilchi so úair ann tre locht antí imurcuires é.

140.

Ocus is imdha clocha úaisle ele i sruth Inde, ⁊ bíd essgamhain an a m-bíd .x. troighdi fichet ar fad, ⁊ na daeine bís anaici an srotha sin bíd glas buidhi drochdatha.

141.

Atá oilén isin Innía ina fuilett dáeine ⁊ áitiugud ⁊ bailti márccaid, ⁊ is mó anaid .u. míle a fhadd, ⁊ ní gnáth lé dáeinib an t-oilén sin d' fhaghbail chóidhchi arson co fuilitt fa plánét Sháduirnn ara moille bís accur a cúrsa, ⁊ curab mursin is natúr dona dáeinib fái, ⁊ a contradha sin anar tírne arson co fuilmíd fá plánét an ré, ⁊ is h-urusa linn sibul ⁊ ar tír féin do fhaccbail ⁊ dul ar fud an domain andíaidh ar planétta .

142.

Ata oilen ara táob tes don Indía dianad ainm Armes, ⁊ ticcid longa ⁊ cennaigi ó Uénís ⁊ ó Gien arcenn cennuighechta ann ⁊ a mórán  63b2 do thírthaib ele cristaide.

143.

Atá do thes innti co tuitit magairledha daeine sís ara cossaib innti le mét díscáeilti in tesa, ⁊ in úair tecmaid daeine don tir fein orra tógbaid an-airdi íad co lúath, ⁊ coimlitt uindimint  p.244 dáirighthi díb ⁊ muna derntaidhe sin friu do ghébdáis bás gin fuirech isan oilénsa ⁊ a móranaib d' oilénuib ele na h-Indía.

144.

Bíd daeine ina loighi can énshnáithi impu fa abhaind nó fó fhairgi acht a m-béoil abhain ⁊ a súili, le romét an tesa ó nertaighes an grían co noin, ⁊ ní bí aen tairrngi íarainn a longaib in oiléin si arson co tairnccenn an t-adhamus an t-íarann.

145.

Tíaghar asan oilénsa co h-oilen Canáa, ⁊ is imdha fín ⁊ arbur isin oilén sin, ⁊ is imdha atherrach creidium innti. Anóraighet drong acu an grian, ⁊ drong ele an tene, drong ele nathracha neime ⁊ drong ele croind ⁊ drong ele in cét-ní teccmus dóib a mochtrath, ⁊ drong ele delba ⁊ drong ele idhail, ⁊ ni fuil aenní díb so da tabrat anóir nach dochum día tarrngitt, curab arason doberit í.

146.

Ní mó coin inaitt lochait an oilein sin.

147.

Tiagur assin co Lombe mara fhuil cathair  64a1 Polome ainmnighter ó chnoc Polume atá laim ría. Ata topur fa bun an chnuic sin ara fhuil balad maith ⁊ blas milis, ⁊ cidh bé fromus fothri é tét a n-óicci, ⁊ leighisidh cach uile galur bís air, ⁊ athrigidh an topur sin balad spísraid examail cach aenúair sa ló, ⁊ aderar curab a parrdus talman ticc ar imadd a subailchi, ⁊ goiritt daeine topur na h-óicci don topur sin.

148.

Atá damh ac ríg an tíri sin, ⁊ bí duine dognáth aca choimét, ⁊ soithech óir aicci, ⁊ a n-dein an dam d'áoilech ⁊ d' fúal beiridh leis isin soithech óir sin dochum na preláidi é, ⁊ beridh an prelaid lais dochum an ríg é. Cuiridh in rí a lamh ann ⁊ coimlid de fein mur uinnemint na nethe naemtha sin, ⁊ ticcitt ina dhíaidh sin na tigernuidhi doreir a ceimenn, ⁊ in popul uile ⁊ doníad mar an cétna.

149.

Ocus an día bís ac droing ele annsa tír sin bídh a leth ar cumma duine ⁊ in leth ele ar cuma dhaim, ⁊ labraidh in Díabul friu an sin. Marbaid daeine co minic an sin a clainn a fíadnaisi an dee sin, ⁊ croithid a fuil mur idhbairt uime, ⁊ an duine do geib bás annsa tír sin loiscter a chorp ar eccla co fuidedh se pían ona píastaib icca ithe isin talmain, ⁊ da m-bia clann aici leigfidhter an ben can losccad 'na fochuir, ⁊ is mur sin dogníther risin fer o tet a bean muna baca an ben é ac dul dochum báis di. Aderit an pairt dobi acu aran saegul curab ecin dóib a beith acu thall.

150.

Is imdha fín an tire sin, ⁊ ibhidd a mna é ⁊ ní ibhitt a fhir, ⁊ berraidd a mná a fhésócca ⁊ ní berraidd a fhir.

151.

Gabtur asan tír sin co rígdacht Mabarón ina fuil uidhi .x. lá ar fad, ⁊ is imdha cathracha ⁊ bailti isin tir sin, ⁊ is a cathraig Calámí isin tír sin atá adhlacadh Tomais apstail  64a2 a tumba álaind, ⁊ an lámh do chuir sé a cneidh thaeib an Tigerna, ⁊ atá si trit an tumba amach nocht, ⁊ cach días itir a m-bí cúis nó tagra scribtur da dhuilleóig dóib, ⁊ cuirter annsa laim sin íad, ⁊ congmaid sisi duilleóg na córa aici ⁊ telgidh duilleóg na h-éccóra úaithe, ⁊ ticther a tirthaib imdha do denum na córa sin.

152.

Atá diá fallsa arna cumdach d'ór ⁊ do clochaib úaisle a n-eclais sanTomás, ⁊ ticcther a n-oilithri a fad cuici sin, ⁊ gerraitt na h-oilithrig cuitt da m-ballaib ar gradh a n-día fhallsa sin, ⁊ ticcit drong ele a cinn an tres coisceim ó fhágcbat a teg conuicci an dée sin.

153.

Atá uaimh uiscci do lethtáob na h-ecailsi sin ina cuiritt na h-oilithrigh sin mórán do clochaib búadha ⁊ d'ór mar offrail don dee sin, ⁊ anuair ricc an eclais a les ris dogeibther asan uaim íatt, ⁊ cuirter a foghnam don eclais íatt, ⁊ na laithi fésta bís an cruinnighitt an popul dochum na h-ecailsi, ⁊ cuiritt an día mar anóir dó a carpatt, ⁊ mórán do clochaib buadha ⁊ do nethib maithi ina timchill isin carpat, ⁊ in popul ó sin amach ina dhíaidh. Tiagait oilithrigh ⁊ loighitt fon carpat co m-brister cossa ⁊ lamha chotta díb, ⁊ co marbtur cuitt ele acu, ⁊ is dóigh léo san cach mét d' olc do gebatt isin inad sin curab móidi an anóir thall é.

 p.248

154.

Ata uidhi da lá .x. ⁊ da fichit assin co rígdacht Lamár. Ní bí étach um mnái na im fer isin tír sin, ⁊ doníatt fonamhat fón duine ima faicett étdach, ⁊ aderitt curab lomnacht dorinne Diá Adhamh ⁊ Éua ⁊ curab mur sin is cóir da cach áen beith ó sin ile. Ní eitighitt a mná fir ar doman, ⁊ aderit corab marsin adubairt Día fríu sílad ⁊ imdugud, ⁊ an talam do línadh, ⁊ ní h-éter lé fer ar doman a rádh ann sin mo ben fein na lé mnái m'fer féin, ⁊ anúair beres ben  64b1 díb lenab dobir don fhir is áil lé fein é, ⁊ is comchoitchenn dóib cach uile ní bís acu, itir talam ⁊ ór ⁊ airget ⁊ mnái ⁊ fhir, ⁊ berar daeine a tírthaib ele da reic ríu, ⁊ in cuitt bís remur díb ithid can fuirech íatt, ⁊ an cuitt bís truagh remhraigitt íatt ⁊ ithitt iarsin.

155.

Ocus ní faicther an rélta atúaidh annsa tír sin, arson mar atá lár in talman itir an tír sin ⁊ hí, óir ní faicther ara taeb tes hí, ⁊ ata rélta acu fein co fírinnech thes nach cuirenn énchor di choidhci mar tá an rélta athúaidh, ⁊ is asso tuiccim dá faghdáis daeine long ⁊ lón ⁊ gaeth co timchollfuidhdís an doman tís ⁊ túas ⁊ imacuairt. Dochúadhusa fein asan tír sin co Libie, ⁊ do cíther assin an rélta thes ré n-abur Anteiricc, ⁊ is leis sin doníatt mairnelaig na lethe tes uile éolus mar doníatt mairnelaig na taeibi túaidh éolus leis an réltainn re n-abur Transmutana, ⁊ is íatt an da reltainn sin roindes an firmamint eturra, ⁊ do chúartaighesa ón réltainn tes conuigi an réltainn túaidh, ⁊ dob eter lim an doman do chúartugud tís ⁊ túas ⁊ ina timchill, ⁊ co fuighind daeine ⁊ oilein in cach inadh dhe mar tá isin tír a fuilmítt, ⁊ co fírindech an lucht atá fan réltainn tuáid atat troigh fán troigh ar ísle úainne, óir cach cuitt don doman ⁊ don mhuir atat síat contrarda comfhada o medon in domain ⁊ síar, budh dhes ⁊ budh thúaidh.

 p.250

156.

Bíd a fis accuib anúair bís lá acaindi isan-aird tiár don doman curab oidhchi a tigernus rig na h-Indía, ⁊ anuair is oidhchi acaindi curabh  64b216 lá acu sin, ⁊ mar is anagaid aird thicther asin aird tíar co Íerusalem is ré fánaidh thiaghar ó Ierusalem sair conuicci an Indía, ⁊ bídh a fhis accatt curab é Ierusalem certlár in talman mar derbus cach aen rádh da n-dhubhramur.

157.

Do chúala fein an trath dobádhus am macamh ócc co n-dechaid duine asa thír fein do t-sibul an domain, ⁊ cur' gab trit an Innía uile, ⁊ assin co rainicc oilen ina cúala aeguridhedh ac timain eallaig ⁊ ac labairt a tengaid a tíre féin. Osur mur t-saeilmitne íatsan do beith fúinn is marsin is doigh léo sin co fuilmítne fúthasin. Ocus damadh éider le duine tuitim on talmain annsa firmamint mar nach cosmail, óir dobadh chosmhaile duine do tuitim ón firmámint dochum na talman, mar adubairt Día : Na bídh ecla ort nár crochus an talam can congmhail ó ní ar bith air, ⁊ cidh edh chena is aen do mile do gébad an t-sligid chóir dochum a tíre féin arson imatt na sliged ana m-beth duine ar merugud mona betís grasa Dé aicci . Óir ata an talam a chomhfhairsing sin immacúairt tuas ⁊ tís .i. .xx. míle míle ⁊ cethri cét míle ⁊ .iiii. mile .xx. doreir baramhla na n-daeine n-glic nach fuil cur ina agaid accamsa, ⁊ ní h-áirmighther Éire na Alba na Saxa fan clíma ard, mur nach airmhighter oilein airrthair na h-Innía.

158.

Atá oilén Samabér laim ris an oilen re n-abur Lamarré ⁊ is maith in t-oilén sin, ⁊ cuirid daeine úaisle comurtha le h-íarann n-derg ara n-aighthib, óir ann is dóig léo fein,co ra bíattis uáisle 'sa doman. Ocus bíd cogaid gnáith eturra ⁊ na daeine lommnochta adubhramur romuinn.

159.

 65a1 Atá oilen danadh ainm Iáná tamall on oilén sin, ⁊ .uii. rígti fói fein, ⁊ fásaid cach uile spísrad an mur  p.252 ata sinnsér ⁊ claus ⁊ cainél ⁊ más ⁊ nutmic, ⁊ cach uile spísrad o shin amach, ⁊ an croicenn bís ima nutmic issé sin an más. Ocus ní fuil ní ar doman ina esbaid acht fín, ⁊ is saidbir acfuindech17in tíri sin ⁊ atat ballada a chúirti ar an cor cétna, ⁊ a lomnán do scéluidhecht scribtha ⁊ do cathaib arna balladuib sin ⁊ annsna h-urláruib, ⁊ ni creidfedh duine ar doman saidhbris an rig sin ⁊ an tíre, acht antí do chífedh é, ⁊ is menic rucc rí an ferainn sin búaidh catha o Maghnus Cánus cidh é rí is mó sa doman é.

160.

Atá laim risin oilen dianadh ainm Salnasé ⁊ gairit daeine ele Patén de. Is mór in rígdhacht so, ⁊ is imdha cathracha áille indti. Ocus atatt crainn inti ar fasann min ghel deghbhalaid deghblasta. Is mar so gerrtur an crann sin fácuairt cogar do thalam, ⁊ soithige ina thimchill, ⁊ silid súgh tiugh as, ⁊ tirmaighter so re grein nó ré gaeith, ⁊ cuirter día meilt é iarsin, ⁊ dobí ana plúr gléghel cin easbaid. Ocus ticc fín ⁊ ola aran cor cétna o crannaib an oilein sin ⁊ ataitt crainn ele ann ana faghtar neim mur an cétna, ⁊ cidh bé caithes an neim sin ní h-éider a leighes acht ó dhuillib an crainn sin d'ól ar uisque ar fín.

161.

Atá muir marb anaici an tíre sin, ⁊ fássaidh berrach uirre, ⁊ do gebther fo premhuib na berruighe sin clocha buadha, ⁊ antí imurcuirfes cloch díb sin ní fuilighenn iárann air choidhchi ⁊ ní denann urchóid dóib, ⁊ indúair bís cath eturra is airm crainn bís acu ⁊ is leis marbait a chele.

162.

Atá oilén ele laim ríu ren-abur Colanach, ⁊ bídh an mét is áil lé ríg an tíre  65a2 sin do mnáib aigci, ⁊ ní luighenn acht aenúair a farrad cacha mná díb, ⁊ is nemchoimsi a m-bídh do clainn aicci, ⁊ atát .cccc. elifint cennsa aigci ara n-imcuirenn sé caislén crainn anúair tét dochum catha, ⁊ is gnáthach a letheitt sin isna tírthaib si.

163.

Atá aroile ní ingnadh isin tír sin .i. cach uile mainer  p.254 eisg da fuil a fairrgi ticcit aruáirib ré táeb an tíre sin ⁊ anaid tri lá ⁊ tri h-oidhchi ann nó co m-berenn an tír an mét is áil léo féin léo díb, ⁊ mur imthiges cenél éiscc díb tic cenél ele 'na inadh no co n-dentur mur sin fríu, ⁊ ní fider duine ar doman crett is cúis do sin, acht aderitt lucht an oilein sin curab arson a mét do clainn ⁊ do mnáib bís acan ríg sin dognit na h-éiscc an anoir sin dó.

164.

Atat seilchedhe isinn oilen sain, ⁊ ata do mét innta co m-bítt munter ina cumnaib mur thighib.

165.

Ocus anúair tét fer d'éc 'san oilén sin adnaicther a ben 'na focuir.

166.

Is éider dul asan oilen sa co Capolus don taeb budh dhes ar fairrgi, ⁊ anúair do ghebat daeine bás ann a crochad re crannaib dogníter, ⁊ aderit curab ferr na h-eoin is aingil do Día reime día tomailt oldátt píasta in talman.

167.

Atá oilen oile laim rissin ina n-oilter coin docum daeinne do thachtadh, ⁊ mur gabus eslainti duine ann sin ⁊ aithnid a caraid nách ereocha, léiccter na coin sin cuigci ⁊ tachtaid é, ⁊ ithter é íarsin.

168.

Ocus is eider dol assin co Melc, ⁊ ní bí aire ac lucht an oilein sin ar raed ar bith acht ar chogad ⁊ ar daeinib do marbad, ⁊ fuil daeine is deoch dóib so dognath, ⁊ an duine is mó mharbus do dhaeinib acu issé is mó anóir díb sin uile.

169.

Ata Traccóda laim risin n-oilénsa ina fuilit daeine fiadhánta acnách bíd tighi acht úamhanna talman, ⁊ aithrecha neime mur bíadh, ⁊ ní fhuil aire ar spreidh acu acht ar an cloich darab ainm traconite; cloch sin a m-bí da fichet dath.

170.

 65b1 Atá oilen ele co gar do soin, Natumerán a h-ainm, ⁊ cinn con bís ar mnáib ⁊ ar feraib an oiléin sin, ⁊ ni bí étach umpa acht folach a denacht, ⁊ is maith a cath ⁊ a comracc in muindter so, ⁊ anúair gabuit duine a cath tidhlaicitt dochum an ríg é, ⁊ is innraic craibdech an rígh sin, óir bíd tri cét níamann mur paidrinib fóna bhraighit ⁊ adeir tri cét urnaighti cach n-aenlá sul caithes bíadh ⁊ bidh cloch roibí fora braguitt ina  p.256 m-bí troigh ar fad ⁊ .u. ordlaigi, ⁊ anuair doníther rí de is ann curther an cloch sin fona bragait ⁊ siblaid a timchill na cathrach ⁊ hí fona brághaitt, ⁊ da faicther ic sibul é choidhchi ⁊ can an cloch sain fana bragaitt bentur an ríghdhacht ⁊ an cloch de. Do shantaigh Maghnus Cánus co menic an cloch sin d' fhaghbail dó féin, ⁊ ní fuair hí do chogad da méit da n-dernaid 'na díaidh, na do comuidh óir na airgit da targaidh uirre.

171.

Atá oilen Dodém risan oilen sin, ⁊ inúair gabus eslainti duine ann tét a mac da m-bía mac aicci a cara muna bía, dochum an t-sacairt, ⁊ tecaitt araen a fíadnaisi a n-día fhallsa ⁊ fíarfuiget de an ereocha an duine. Da n-abra san co n-éreocha bethther co maith ris, ⁊ da n-abra nach n-éireocha rachait an mac ⁊ an sacart dochum an eslain ⁊ curfid a lamha ara bél ⁊ ara sróin co múchait é, ⁊ doníter scenuide becca da féoil ⁊ doberar cuiredh ara cardib, ⁊ roindter an féoil sin orra mar fésta, ⁊ is mur sin doní an mac risan athuir ⁊ an t-athuir risan mac, ⁊ an ben réna fer, ⁊ in fer risan mnái.

172.

Atatt .u. oilein .x. ⁊ da .xx. ara fuil rí ar cach oilén dib fa ríg an tíre sin. Is fói atá an t-oilén ana m-bí aen súil mór a n-étan cach aein díb, ⁊ is amh ithid a cuit féola ⁊ eiscc uile archenai.

173.

 65b2 Ata oilén oile laim risin ⁊ a daeine cin cennaib orra ⁊ a suile a máolaib a n-gúalann ⁊ a m-beoil ara n-ochtaib.

174.

Atá oilen ele ann co n-daeinib cin cennaib cin t-súilib, ⁊ a m-béoil itir a slinnenaib.

175.

Ata oilen ann ⁊ agaid comlethan chomcruind acu, can t-sroin ac cach duine dib, ⁊ bél comchruinn, ⁊ da pholl becca amail t-súil.

176.

Atá oilen ann ina fuilitt daeine, ⁊ anuair chodlait amuigh fon grein folcuit a n-aighti uile lena m-bélaib úachtair.

 p.258

177.

Atá oilen ann an a m-bí fer ⁊ ben a lenmain da chéle .

178.

Ata oilen na fer m-begc laim rissin icnach fuilitt béoil acht inád ina téit bun cleiti, ⁊ is tre bun an cleiti sin ithitt ⁊ ibitt a cuitt.

179.

Ata oilen laim ris sin darab ainm Silá, ina fuilitt ocht cét míle ina timchill, ⁊ ní léiccitt bethadhaigh éciállaidi a becc dh'áitiugud de so, ⁊ atá cnoc ann ⁊ loch fa bun. Is é sin 18 cnoc ina n-abraid sium Adhamh ⁊ Éua do beith cét bliadan ac denum aithrigi, ⁊ aderitt curab da n-deruib aráen doronadh an loch sin. Dobir rí an tíri sin uair 'sa bliadain cett do daeinib bochta clocha búadha an locha sain do chnúasach a n-anóir Adhaim.

180.

Ocus bítt mórán do geidhib isin tír sin ar a m-bídd da cenn, ⁊ léomain geala bís ann, ⁊ atá an fairrgi a comard sin ann comadh dóigh le duine co ticfad sí taran talam.

181.

Tiagur asso sair budh deas co Mansi, ⁊ is sí so rígdhacht is saidhbri ⁊ is lía maith fa cumachtuib daeine. Atatt cristaidhi ⁊ Seirristínig innti ⁊ mná sciamcha, ⁊ Albanee gairter don tír sin, ⁊ da tucadh duine cach uile festa uáidh ann  66a1 sa ríghdacht so acht muna tucad sé aithrecha neime úaidh aran fésta is mó d' ulc aderar ris na do maith. Olann find mar bís ar caerchaib ar tíre-ne bís ar cercaib in tire sin mur clúmach. Gach ben aca m-bí fer pósta annso bídh coróin imma cenn mar comurta pósta.

182.

Tíagar asso co Casay, ⁊ is í sin cathuir is mó sa doman, ⁊ atatt .x. mile ⁊ da fichet ina timchill, ⁊ da míle .x. do droichetuib indti ⁊ caislén a cind cach droichitt díb, ina mbíd bharda ⁊ muinter ica coimét ar Maghnus Cánus, oir isí roinnes réna tigernus, ⁊ is na timchill fhássus an fín darab ainm Riigón. Is imda Cristuidi ⁊ ancristuidhi indti, ⁊ is indti is menca bís rí an tíre sin.

183.

Is eter techt asan cathuir sin co mainister manach atá laim ría, ⁊ is nemchoimsi mét anóra ⁊ t-saidhbresa na mainistrich sin, ⁊ anúair ithid a comhthinól a cuidd tét manach díb ⁊ cruindigid  p.260 a fuidell uile, ⁊ beridh leis é co dorus oiribir na mainisdrech ina m-bíd mórán do crannaib úaisle, ⁊ benaid clocc airgit, ⁊ ticc a m-bí do bethadhachaib annsin chuicci iter én ⁊ bech ⁊ bethadhach, ⁊ ithitt an bíadh sin a soithech airgit, ⁊ mur benus an manach an clocc arís tét cach bethadhach díb gusan maigin ó táinicc.

184.

Ocus adubairt an manach rimsa curab anmanna tigernadh ⁊ daeinedh úasal sin uile, ⁊ adubartsa curb ferr sin do tabairt do dáeinib bochta ina dóib sin, ⁊ adubairtsin nach rabadur boicht isin tír sin, ⁊ da m-betdís corb' ferr a thabairt dona trí mílib anam leisnarb' éter an t-inadh a rabhadur d' fágbáil ina thabairt dona daeinib lerab eter dol d' íarraid bídh in cach inadh bus áil léo féin.

185.

Uidhi .ui. lá .x. on cathair sin co Siuens. Ata .xx. mile a timchill balla na cathrach sin, ⁊ ataitt tri fichit drochet indti, ⁊ is menic bís rí Mansí isin cathair so.

186.

Tíagur asin cathair sin  66a2 tar raiber fíruisgci ina fuilitt cethri míle ar lethat a tigernus Maghnuis Cánais, ⁊ ticc in sruth sin tre tír na fer m-begc darab ainm pigmáns. ⁊ ní bí acht tri ferdhuirnn ar airdi in cach duine díb so ⁊ is blaith inócclach iad da méte fein, ⁊ do beirid mná a cind a leth bliadne, ⁊ is arsaidh co mór an duine acu bís ocht bliadna ina beathaidh .

187.

Tíagur assin co Menc, ⁊ is imdha longa nách gile in snechta ináid isin cathuir sin arna n-denum mar thighib móra fa shéomradhuib ⁊ laini d'áeirechaib, ⁊ ó náduir an crainn da n-déntur íad bíd a comgel sin ⁊ ní hó dath oile.

188.

Is éder lé dáeinib dol tar an raiber darab ainm Carmasán trit an Cataighi uile, ⁊ anuair thuiles an sruth sin doní mórán uilc dúairib ann.

 p.262

189.

Is mór an tír an Chataighi ⁊ is aluind ⁊ is imdha a spísartha ⁊ a cennuighecht, ⁊ ticcid longa ⁊ cennuigecht dognáth ó Uénis ⁊ o Ienua ⁊ on Róimh isin Cataighi, ⁊ bíd mí testa do bliadain ar fairrgi ic dol ic techt.

190.

Atá sencathair don táoib toir do Cátaighi ina n-dernadur Tartaraei cathuir núa sain, ara fuilet da dorus .x. ⁊ míle iter cach dorus díb, ⁊ atá pálás alainn ac Maghnus Canus innti sin ina fuilitt da míle a timchill a balla ⁊ is imda páláis ann sin astigh, ⁊ atá cnoc mór a n-garrdha an páláis sin ina fuil pálás oile ara mhullach, ⁊ imarcraidh crann n-úasal a timcill an cnuic sin dobir mórán do thorthaib maithi, ⁊ ara m-bíd eóin ingantacha, ⁊ anuair tét Maghnus Cánus do gabail aéir dobir chuigci da laim an mét as áil leis fein dona h-énuib ⁊ dona torthaib sin, ⁊ can an palás d' fágbáil.

191.

Atatt cethri piléir fichit óir fan halla sin, ⁊ a ballaide línta do croicenn an bethadhaigh re n-abur pantérs. Ní dergi fuil na an croicenn sin, ⁊ issé is ferr balad sa doman ⁊ inúair bís taitnem na greine air ní h-urusa  66b1 do suil ar doman a fechain le febus a dhellraid, ⁊ ní leigenn drochaer ar gaire an inaidh a m-bí lé febus a balaid, ⁊ a comtrom fein d'ór is fíu é.

192.

Ocus an t-inadh a suidhenn an t-imperi sin dochum a choda annsa halla, ⁊ is ard é os cind cáich, ⁊ an bord ara caithenn a chuid is lommnán do clochaib búadha ⁊ do níamhannuib é, ⁊ do ceimennuib óir lán do clochaib buadha mar do siblaig sé dochum an buird sin. Atá inadh suidhi ica mnáei ara leth clé, troigh is ísle ina é féin, ⁊ indara ben mnáib troigh don táeb tís de sin, ⁊ iesper co folach óir ⁊ co clochaib úaisle imda eli isin inad suidhi don días ban sin, ⁊ an tres ben da mnáib troigh don táeb thís de sin, óir ní bí sé choidhchi can triur ban aicci, ⁊ suidhid bantigernadha an tighi ó sin amach co cenn an buird doréir a n-úaisle ⁊ a n-indme fein, ⁊ cach ben fir posta bís ann bíd comarta coisi ar úachtar cumhdaigh a cinn da indisin co fuil sí umal da fer fein, ⁊ ór uili, lán do clochaib búadha, an bord ara caithid sin bíadh ⁊ an t-adhbur imperi  p.264 bís inadíaidh da clainn do leth des troigh ní is ísle ina é féin, ⁊ tigernuidhidh a chinidh doréir a n-uáisle ⁊ a n-indme féin assin co cenn in buird, ⁊ ór lán do clochaib buada an bord ara caithid a cuid.

193.

Bíd cethrar cleirech fo an inadh a caithinn an t-imperi a cuid ac scribenn cach oenfhocuil da n-abar sé itir maith ⁊ t-saith.

194.

Ocus á festadaib móra líntar a timchill a halla do craebhaib óir mar budh finemain fo thorad do beth ann, ⁊ cach uile dath arna torthaib sin, ⁊ an cuid bís derg díb 'na rubí, ⁊ an cuitt gel 'na cristal 'na beirel, an cuid buidhi d' omra, an cuid úaine d' emerantes nó do cristalytes, a cuid dub d' ocices do gerantes, ⁊ an cuid glas do mástig, ⁊ doníter so don ór ⁊ dona clochaib uáisle sin a commaith  66b2 sin comadh doigh le duine dana budh aithnigh é comadh fín uile é.

195.

Ni tét soithech ar talmain ar bord in impere sin acht iesper cristal ametis ór glan, ⁊ ni tét copán ann acht d' emorandes do shafir d'ór derg d' omra, óir ní fuil do meas acu ar airget co n-dingnidis soithige de na ní eile acht fament ina halladaib ⁊ ina séomradhuib ⁊ ina cúirtib.

196.

Dobádhusa ⁊ mo compánaig bliadain ⁊ ráithe ⁊ mí na fochuir ⁊ é ac cogcad ar rí Mansi, ⁊ dobod mór a thúaruscbáil acuind ríasíu ranccamur hé, ⁊ dobudh míle mó ina caidrebh dúinn, ⁊ ní creidfidmís coidhche mona faicimís féin é a fhebus ⁊ a t-saidhbres cidhedh is anoruige ⁊ is ferr bíadh ⁊ deoch iarthuir an domain ina a m-bíadh sin, arson co n-ithid sen feoil cach uile bethadhaigh, ⁊ co tírmuighit a láma a n-ichtar a leinted deis a coda, ⁊ co n-ibet baindi gach uile bethadaigh.

197.

An Maghnus Cánus so do síl Chaim meic Naei é, ⁊ is í a chuidd don doman an Assía uile. Sem cona clainn do ghabh  p.266 an Affraic, Iafeth an Eóruip, ⁊ is é Cámh dobudh t-saidhbri ⁊ dobud laidiri don triur so, ⁊ is gerr ó sin ale o dobadur .uii. cinedh do t-slicht Chaim darb ainm Tarcare, andara cinedh Tangéid, an tres cinedh Grasé, an cethrumadh cinedh Uálare, an .u. cinedh Seme, an .ui. cinedh Mense, an .uii. cinedh Sobé. Atat so uile umal do Maghnus Canus. Tarrla senduine do Tarcaré doconnairc ⁊ é ina lebaid oidhchi écin rideri glégel chuicci ar ech. “An fuili at chodlud?”, ar an rideri, “oir is é Día cumachtach do cuir misi chuccat dia rad friutt na .uii. cinedha so atá acatt f'anumhla ⁊ fa asanoir impere ⁊ righti ele gusaniu19  67a120 indis dóib corb' áil let beith at imperi orra, ⁊ mar dobádur cusaniu fa daeire ⁊ fa esanóir imperedh ⁊ righthidh, co m-betdís an muindter cétna fad daeirsi-si ⁊ fat esanoir”; ⁊ is fanamat dorinnetur cach uime sin trit sin do rádh fríu, mar budh amadán é. Do shiblaig an rideri cétna sin ar na cinedhuib sin, ⁊ adubairt friu Sangbus do gabáil ⁊ co cuirfedh sé a n-daeirsi díb ⁊ co n-gebad morán do thírthaib ele anacend.

198.

Tancadur san arabárach ⁊ dorindetur imperi de sin orra fein, ⁊ tucadur cach anóir do fhétadur dó, ⁊ tucadur Cané dh'ainm air mur adubairt an rideri friu roime. Ar n-denam impire dhe doroine statúide ⁊ dligeda núa darab ainm Íssacan, ⁊ issé cétna ní adeir sin anóir do thabairt do Día uilecumachtach do shaer iad o dáeire namat ⁊ comadh é do ghoirfidís día cabuir ó cach decair do imeochad orra. Andara statúid .i. cach uile duine do fétfadh arm do imchur arm do beith aigci, ⁊ in dechmad fer díb maigisder do dhénam de, ⁊ an fichetmud fer do beith ana maighister ⁊ an cétmad fer ana mhaighister, ⁊ an milmad mur in cétna.

199.

Do foccuir sé dona .uii. cinedhaib sin a roibi don t-saegul acu d' ferann ⁊ d' oigrecht do dhíultad, ⁊ beith buidech de cidh bé ar doman ní dobéradh sin dóib. Dorindetur-san sin, ⁊ arna thuicsin dhó sin co rabadur umhal do denam cach neich budh áil lais do glúais leo ⁊ do gab trén ⁊ nert a roibi 'na thimcill co sliab Belyál.

 p.268

200.

Tanicc an ridiri cétna chuigci arís isan oidhchi, ⁊ atbert ris: “Uch!” ar sé, “gab ó shlíab Belial sair mórán neirt, ⁊ issí sin toil Dé, ⁊ muna fhetair dul idir an slíab ⁊ fairrgci cuir do gluine futt .ix. n-uaire ⁊ déne urnuighti co Dia na n-uile chumacht ⁊ t' agaid sair, ⁊ dobéra sligid  67a2 dhuitt.” Dorinne Cán sin, ⁊ dochóidh an fhairgi .ix. troighti o imel an t-sleibi amach cur leig sligid do Chán idir an slíab ⁊ í fein, co n-dechaid Cán cona shlúag tairsi, ⁊ cur gabh sé Cátaighi, ⁊ issí sin righdhacht is mó sa doman. Arson na .ix. sléchtana so ⁊ na náei troighthi dochúaidh an fairgci amach atá nuimir a náei fa anáir móir ac Maghnus Cánus ⁊ aca thír o sin.

201.

Ocus anuair do ghab Cán righdhacht Cataighi fuair fein bás, ⁊ do ghab Sítocán a inadh ⁊ dochúadur an días mac oile dh'iárraid tigernais dóib féin, ⁊ do gabadur Priúis ⁊ Rúísi, ⁊ do goiretur Cán da cach duine díb, ⁊ is trit sin doberur Maghnus Canus ar ríg na Cátaighi ⁊ adeir se ina letrechaib fein curabb é tigerna na tigerna ⁊ rí na ríg é féin, ⁊ adeir fós gurab é Dia is rí ar neim ⁊ curab é fein is rí ar talmain.

202.

Do thuaruscbail choiméta ⁊ orduighti cuirti Maghnais Canuis. Doníter cethri fésta sa bliadain ac Maghnus Cánus. An cétfhésta uman trath rucadh é. Andara fésta .i. comainm an láei tucadh an baisted genntlidhi air. An tres fésta anuair thinnscnas a dee labairt. An cethramadh fésta anuair doní mírbuile. Orduigid sé a muintir ina cétaib ⁊ ina míltib, ⁊ bídh a fhis ac aenduine díb cred is feidm dó.

203.

Bíd cethra míle barún ac ordugud cach fésta díb sin, ⁊ ac frithalamh Maghnuis Cánuis, ⁊ bíd coróin óir fa chenn cach baruin díb sin lán do clochaib búadha ⁊ do niamannuib, ⁊ édach óir im cach duine díb, ⁊ is lugha lúach an étaig sin acu na lúach an étaig olla inar tír-ne, ⁊ atat na cethri míle barún so arna roinn, ⁊ atharrach datha ar étdach cach míle díb, ⁊ mar thigc an cét míle le frithólam dochum an impiri imthighid tar  p.270 ais ar leth léo féin ⁊ ticc andara míle ⁊ fágbad frithalam núa acan impiri, ⁊ imthigid a cuid oile don halla léo féin, ⁊ doníad an tres míle ⁊ an cethramad míle mur an cétna, ⁊ ní labhrann aen duine dona cethruib dronguib sin aenfocul.

204.

Bíd mórán d' fellsamhnuib ⁊ d'áes cach uile eladhna a fiadnaisi an impire, ⁊ adeir fellsam díb anuair docí sé  67b1 curab aimser dó, “Dénaidh umla don impire is mac do Día ⁊ is tigerna ar tigernaib an talman.” Cromuidh cach aen duine ann sin a cenn co lár, ⁊ adeir an fer cétna: “Tógbaid bar cinn”, ⁊ tóccbait uile aran aenshligid antan sin. Is sé is cíall dó sin co fuilid sin umal co brath don impire. Adeir an fellsam ele: “Cuiredh cach aenduine acuib a lúdacán ina chlúais.” Cuirid co luath. Is sí a chiall sin nach eistfidís sin aen fhocul gotha aran impire co brath, ⁊ ní h-eder coccad do deilb dochum an impiri nach indeosaid a fellsamain ⁊ a astrolaighe dó é.

205.

Erghidh cach tigerna dá cinedh ⁊ dá thír, ⁊ dobeir gach fer acu mul stéd gléghel don impiri a comurtha in t-sendligid ina n-dubairt an tigerna can dul folum ana fíadnaisi fein. Ocus dobeirtur drong da cach uile bethadhach ana fuil anam ina fíadnaisi, itir íasc ⁊ én ⁊ léomain ⁊ lipard, a comurtha co fuil cach bethadhach ana fuil anam umhal dó.

206.

Tigcit clesuidhi ina fíadnaisi ⁊ doníad innshamail gréine ⁊ esca lán do dellrad do denum umhla dó-san mar grein ⁊ mur esgca. Tigcit maighdena an tighi íarsin, ⁊ doberitt copain óir lán do bainne capall chuigci ⁊ dochum na bantigerna. Tigitt ridiri ara n-echaib ⁊ bíd ac dénam gíustála ansa halla nó co n-erghenn an rí ⁊ a muindter uile da cuitt.

207.

Atá cach uile én acan imper so, ⁊ mórán do daeinib icca choimét, ⁊ atat .x. mile elefint ríata aicci ⁊ mórán do daeinib acca coimét.

208.

Atát da cét fisigci cristuidhi aicci ⁊ da cét fiseicci Serrisdínech, ⁊ is mó táobus sé na fisicci Cristuidhi oldátt na Serrisdínig, ⁊ is imdha barún Cristuidhi ⁊ daeine ele a cuirt  p.272 Mhaghnuis Cánuis, ⁊ cinco h-aburtar Cristuidhi ris fein na rena tír creidid an Día Athuir uilecumachtach co maith.

209.

Atá pilér óir a séomra an impire ina fuil ruibí ⁊ carpuncla ⁊ troigh ina fad, ⁊ soillsige in séomra isan oidhchi.

210.

Marcuighecht Maghnuis Canuis andso sís. Inuair gluaisis Maghnus Canus ó tír da thírthib a tir oile leigcidh sluagh da slúagaib uidhi láei roime  67b2 ⁊ slúag dá cach leth de, ⁊ slúag 'na díaidh, ⁊ téitt fein a carpat dogníther don crann re n-abur lingnum alóes tigc ar sruth do srothaib Pardhais annsa tír sin, ⁊ cláir óir don taeb amuich lán do clochaib búadha, ⁊ cethri h-eilifinti ⁊ cethri sdéta fán carpat ica imurchurcuicer séser tigernad ar sdétaib a timchill an carpuitt da cach leth innus nách roiched duine ar doman a n-gar don charpat acht an duine do iarfad in rí, ⁊ is mar an cétna t-siblaigis oigri an impire, ⁊ dobudh ingnad lé duine a innisin a m-bí do daeinib isin tír sin.

211.

Atat da prouensi .x. fa Maghnus Cánus, ara fuil rí ar leth ar cach prouensi díb, ⁊ ina fuilitt mórán do cathrachaib ⁊ do bailtib maithi.

212.

Do shiblaig Maghnus Cánus la día roibi ac sibul a comfhogcus uirdd crabuid, ⁊ tainicc prelaitt an uird ina choinne, ⁊ tucc uscci coiserctha lais, ⁊ croither ar Maghnus Cánus é, ⁊ da m-bia cros aicci léigcidh an rí a gluine fói á fíadnaisi na croisi, ⁊ benuidh a chumdach día cenn, ⁊ anuair do cí sé in lucht crabuid sin chuicci adeir sé risna tigernaduib ⁊ risan lucht anóra bís ina fhochuir an t-sligid do léiginn doib chuicci, ⁊ cidh bé toradh bís acan chomthinolsa doberid numir a h-aen .x. don torad so chuicci sin a soithech airgit, ⁊ doberaid in óiret cétna da mnái dá mac mar anóir.

213.

Is sé Maghnus Cánus impire is mó ar an talmain, cidh mór in sabdán, nó rí na Pers, rí na h-India, ní baramail dósan áen díbsidhe.

214.

Bídh cét ben ac duine 'na thír ⁊ da .xx. ben ac duine ele ⁊ ní is mó ic duine aile ⁊ ní is lugha na sin ac duine ele,  p.274 ⁊ ní sechnaid ben ar doman acht a máthair a n-deirbsiúr, ⁊ an triur ban bís acan n-imper isí ingen ríg na h-India is anoruigi  68a1 dib: da m-bía mac aigci issé is oigri acan impir.

215.

Ocus creittid uile a n-Día uilecumachtach, acht cid bíd delba doníther do crannaib ⁊ do clochaib nó d' ór nó d' airget da tabraid cétbainne cach eallaig da m-bía acu.

216.

A tosach an ré núa tinnscnaid so gach uile oibriugud do denum, ⁊ is mór an anóir bís acu air an n-grein ⁊ ar an ré. Ocus ní bíd spuir ac marcshlúag an tíre si dognáth; ⁊ cidh bé ainm bes aran impere cuirid sen Cán air, ⁊ Tadg Cán dob imper ann anuair dobádusa ann.

217.

Is sé olc is mó dogníther sa tír sin, dar léo san, da fáccadh duine a fhual a n-gar do thigh ann, ⁊ cidh bé do fhúicfedh do muirfidís muinter an tighi é da mad treisi dóib, ⁊ ní rachad aenduine annsa teg cétna nó co m-bennaighti é ⁊ co crothtaidhi uindimint túis coscerta ara fud.

218.

Ocus ithid so cach uile bethadach cethurchosach ar bith, ⁊ is beg dh'arán ithid acht muna ithe tigerna é, ⁊ ibid a n-daeine saidhbri bainne essail lára bethadhaigh éigin ele mur dhigh, ⁊ cach ósin amach ibid englas doníther do baine ⁊ d' uiscci, óir ní fuil fín isin tírsi.

219.

Ocus is maith in lucht cogaid íadd. Bídd da bogha tri bogha ac cach aenduine díb, ⁊ mórán saighett, ⁊ túagh trom, ⁊ bíd cloidhme gerra aca n-daeinib úaisle, ⁊ cennberti ima cennaib ⁊ eidedh ima n-echaib do mitaill doníther acu fein, ⁊ da teched duine acu a cath a comlunn muirfidhter lena muindtir fein é, ⁊ ní bíd choidhchi acht aca smuáined cindus do gébdáis na tírtha ina timchill, oir ata a tairrngire acu co n-gébuitt na tírtha lena m-boghadhaib, óir is commór marbaid daeine rompa ⁊ inandíaidh lena  68a2 soighdib.

 p.276

220.

Is becc a fésócca ⁊ a súile, ⁊ aderar a coitchine corab fallsa íad, oir ní choimlit anní gellait. Ocus anuair do geib duine bás acu cuirit slegh tritt annsa talam, ⁊ anúair tindscnas sé bás d' faghbáil fáccbaid a muindter an tegh dó co tét d'éc, ⁊ anuair tét d'éc berid leo amach aran faithche é ⁊ adhlaicit é.

221.

Inuair do geib Maghnus Canus bás cuirther a cathaeír é ar lár puible ⁊ bord ina fíadnaisi ⁊ édach ⁊ bíadh ⁊ copán lán do bainne lára aran m-bord, ⁊ cenglait láir cona serrach ina fíaduaisi ⁊ each cona díllaitt ⁊ cona srían ⁊ a h-éire óir uirri, ⁊ tochluitt an talam a timchill na puible noco folchuid h-í, ⁊ co n-iadhaitt an talam ósa cinn da cach leth. Ocus ní lamhann aenduiue dul a n-goire an inaid sin co bráth. 21 Ocus aderitt nach léigfid a tigerna a saegul ele can teg ⁊ bainne ⁊ ór ⁊ ech, óir is dóigh lé lucht an tíre sin co n-ithid na daeine do geib bás bíadh a tír ele taréis an t-saeguil d' fáccbáil dóib mur ithid ann so, ⁊ ní lamhthar techt tara bás ó sin súas a fhíadnaisi a charad.

222.

Ocus anuair do geib an t-imper bás tigcid na .uii. cinedhaigh adubramur ar aenshligid, ⁊ doníd impiri da mac, ⁊ muna bía mac aicci dontí is gaire dó día cinedhaibh.

223.

An tír sin dar' labramur an Cataigi, annsan Aisía co domain atá sí, ⁊ tét sí síar co ríghdhacht na Traigia, ⁊ dob é rí an tíre sin an tres rí tainicc leisna h-aiscedhaibh dochum Meic Dé co Bethil ⁊ ríghdhacht Corryson atá don táeb thúaid don Cataigi. Is lán í da cach uile maith acht fín, ⁊ don taeb tair de atá uidhi cét lá d' fássach, ⁊ in cathuir is ferr inndti Corraym is ainm di, ⁊ is on cathair sin ainmnighther an tir.

224.

Is sí ríghdacht is gaire dhi sin, Cumayn, ⁊ is mór an righdacht sin cidhedh ní fuil sí uile ar h-aitiugud. Ata cuid di rofhúar, indus nách éider a h-aitiugud, ⁊ cuid ele rothe, indus nach  p.278 eider beith innti. Is terc crann isin tir sin dobir torad, ⁊ is annsa tír sin bís aeilech na m-bó mur tene do díth connuid mónad, ⁊ nach bí tighi acht  68b1 puible.

225.

Ocus ticc an tír sin co Priúiss ⁊ co Ruisé ⁊ trit an talam so gabus Eitil .i. an abhann is mó do beccaib ar talmain, ⁊ bídh an oiret sin do leic oigre uirre innus co m-bíd cách ac cathachad uirre ní sa mó ina cét míle itir cois ⁊ ech. Ocus is gar don abhaind sin muir Oxian da n-gairid fein Maure, ⁊ muir Chaisp, ⁊ is lethan an muir sin assin co tír Íuda, ⁊ ara son sin dorindi Alaxander cathuir re n-abur Alaxandrie innus nach rachad aenduine tar an muir sin can chett, ⁊ gairther Portefar aniu don cathair sin, ⁊ is í cathair is mó 'sa tírsi Sarásíe, ⁊ is slige sin do dul a tír Iuda, ⁊ ní gabturacht a-ngheimhrid, ⁊ Berbent is ainm don imluchtadh sin.

226.

Do labras do righdhacht Maghnais Cánuis anúasana ⁊ laiberatt do ríghdacht na Pers ac techt anúas asa Cataighi co muir Grecc. Is sé rí na Pers rí is mó a n-gar do Maghnus Cánus, ⁊ atat da ríghdacht fáei féin, ⁊ téitt righdacht díb sair co ró righdacht na Turcach ⁊ in cenn tíar di co cathuir Caispie, ⁊ gabaid budhes co tír Iúda, ⁊ is íatt dá chathair is ferr indti .i. Bacrie ⁊ Sormograuant.

227.

Téid ríghdacht ele díb ó sruth Fissón conuigci an Aramein móir budh dhes ⁊ budh thúaidh co catuir Caispie ⁊ budh dhes arís co cathair Íuda, ⁊ is saidhbir na tírtha so, ⁊ ní fuil uiresbaid neich ar bith orra, ⁊ is síatt tri cathracha is ferr indti .i. Nessabor ⁊ Safán ⁊ Sarmanasé.

228.

Atá ríghdacht na h-Armene láimh ré sin ina rabadur  p.280 cethra righdhachta uair écin; ⁊ is mór saidhbhir an tír si, ⁊ atá sí síar ó ríghdacht na Pers ar fad co Turcia, ⁊ a letheatt ó Alaxandria co ríghdacht Med, ⁊ is imdha cathracha áille 'sa ríghdacht, ⁊ is í Tauarisi cathuir is mó ainm indti.

229.

Atá righdhacht Medh láimh ris sin, ⁊ fada cáel atá sí. Tét sí sair co tír na Pers ⁊ conuigi ind Indía m-bicc ⁊ síar co tír Calldea ⁊ budh thúaidh co-nuicci an Arméin m-bicc.

230.

Is imdha cnuic móra ⁊ begca an tíre si. Atat da cinedh innti .i. Sirrisdínig ⁊ Cordíne, ⁊ is iád da cathair is ferr indti Saraghe ⁊ Carmen.

231.

 68b2 Is sí Seóirs righdacht is gaire dhi: teid a cenn sair co cnoc mór Abiór ⁊ o Turcie conuigci an farrgi móir, ⁊ assin co Methuib ⁊ co h-Aramen, ⁊ ata righdacht do righdachtaib in tiri si Seors fa Maghnus Canus, ⁊ ni ticc de righdacht Abcas do gabáil ara daingne, ⁊ atá uidhi cethra lá indti, ⁊ is innti atá Hamson a talam dorcha mar nach faicther ní ar bith, ⁊ ní léigenn ecla do duine ar domhan dol isin céo sin. Cidhedh na daeine is gaire dó aderitt fein co cluinid glaedhach coilech ann co menic ⁊ gotha dáeine.

232.

Rí uáibrech dobói a crich na Pers uair eigin darb' ainm Saurés, ⁊ nirb áil leis Cristaidhi do beith a n-inad a soighthedh a nert na a cumachta é. Do cruindighetur na Cristuidhi a rígdacht Abcás ara daingne. Do len san íad co slúagh mór, ⁊ ar faicsin an t-slúaigh móir dona Cristuidhib do guidetur Crist Mac Dé im furtacht dó thabairt dóib, óir nírb' ail leis an ríg comartha ar doman do ghabail úatha ⁊ umla ⁊ idbairt da déib féin. Do bí slúag an rígh ann sin ar machuire Hamsón. Do éist Día urnaighti na Cristuide, ⁊ do chuir céo dorcha a timchill an maighe a roibi rí na Pers cona slúag indus nár' lamh aenduine dol ann sin ⁊ nach facus aenduine ac  p.282 techt as ó sin alle, ⁊ mairidh amhlaid sin fós.

233.

Ticc abann asan talam dorcha sin ⁊ gabaid itir an Armein móir ⁊ Tuircie ⁊ Capadósie ⁊ Sabre ⁊ Bricc ⁊ Sesión ⁊ Pitán ⁊ Sónéth, ⁊ is imdha cathracha maithe isna tírthib sin, ⁊ is tercu a cnuic na a n-aibne, ⁊ is mín aeibinn íad féin.

234.

Atá ríghdhacht Mesapotanía sínti sair co sruth Tighir ⁊ co cathair Mosel ⁊ síar co h-Efratén co cathuir Rocays, ⁊ ón Airmén aird co fásach na h-Indía bicci, ⁊ is aeibinn saidhbhir an ríghdacht so, ⁊ atá sí co Caldea, ⁊ atat da cnoc innti darab ainm Simár ⁊ Lísón.

235.

Ocus atá  69a1 a n-Ethoip sair co ró an fásach mór ⁊ síar co tír Núbíe ⁊ budh dhes co tír Morican dhelaighis iter cnocuib na h-Eithoipe ⁊ Liuie aird ⁊ Liuié íssel, ⁊ téid síar co farrgi móir na Spáinne.

236.

Ata rígdhacht Caldil don taeb oile do Cataighi do tigernus Maghnuis Cánuis, ⁊ cidh bé rachus asan Cátaighi annsan Indía móir m-bicc is écin do gabail trit an righdacht sin. Is mór aeibinn an ríghdacht sin, ⁊ is imdha a tortha, ⁊ do geibther tortha ar crannaib innti, ⁊ anúair bís abaidh do geibther úan co n-olainn astigh ara lár iter fuil ⁊ fhéoil ⁊ chnáim, ⁊ ithter an toradh sin ⁊ an t-úan sin lé chele, ⁊ ní romór an t-ingnad lemsa sin, ar son curab aithnid dam co fássaid éin a cranduib am thír féin.

237.

Is issin tír sin do len Alaxander na .x. cinedhaibh Idhalochaib da n-gairther Gógc ⁊ Mogógc dochum cnoc romór atá indti, ⁊ ó nár fhét slige do réidhiugud iter na cnocaib da shlúag do guidh sé Día fá na cnocaib féin d'íadhadh a timchill na n-Idhal. Do éist Día guidhi Alaxandir ⁊ do íadhadur na cnuic a timcill na n-Idhal co fuilit ann ó shin can t-sligid ac duine úatha na chuca. Ocus aderar isin tír sin anúair ticfus Annticrist  p.284 co n-dingnet na h-Idhail sin mórán uilc dona Cristaigib, ⁊ is trit sin congmaid Idhail an talman sin an berla Eabhra acu dognáth; ⁊ aderait a coitchinne corab amhlaid so thicfuid asna cnocaib sin, co n-dingne sinnach fúachais ansa sligid do thaircc Alaxander do réidhiugud nó co n-dechaid amescc na cinedhdach sin iter na cnocuib, ⁊ mur do chíd sin an bethadach nách facadur ríamh roime ina a innshamail benaid hé dochum a fúachaisi, ⁊ tochlaid hí ina díaidh nóco roichid an obair dorindi Alaxander, ⁊ is marsin ticfuid asna cnocaib, ⁊ aderuit co m-bet Cristaighi fa Idhalaib an uair sin mur attatt Idhail fútha san aníu.

238.

 69a2Ata laimh risan righdhacht so an tír darab ainm Bacarie, ⁊ fássaidh olann ara crannaib da n-déntur étaighidh romhaithe. Ocus is imdha bethadhaigh darab ainm ypotans isin tír si: bídh leth cach bethadhaigh díb ina dhuine ⁊ an leth ele ana ech, ⁊ bíd tamall a tír ⁊ tamall a n-uiscci. Ní caithid bíadh acht daeine anuair is eider léo a faghbail. Atatt griba isin tír sin beres duine cona ech ⁊ coigir dhamh cona cuing léo dochum a ned ina crobhaibh, ⁊ bíd ingne fada géra orra, ⁊ is mo ana adharc dhaim cach inga díb, ⁊ bíd istir sin dochum dhighi d'ól eistib amail bídd cuirnn acainne, ⁊ bíd boghadha acu dia n-esnach mar an cétna.

239.

Preter Iohannem .i. rí na h-Innía, is imdha oilein ⁊ righdhacht fáei, ⁊ a Pintosgsór bís a comnuighi fein, ⁊ cidh imdha cathuir maith a Pintosgsór issí Nís cathuir is ferr ann ar a ghnathaige bis an t-impere ann nó innti, ⁊ issé dobir in Innía ina h-oilénaib na srotha thicc a pardhus acca dealugud re chéle, ⁊ is maith ⁊ is saidhbhir in righdhachtso acan impere Indecach, ⁊ is imdha ríghdacht ele fái. Cidhedh ní comtsaidhbir hí risan Cátaighi ara minci ticc cennuighecht ó íarthur an domain annsa  p.286 Cátaighi, ⁊ na lécend a n-ecla do cennuigib dol isin Indía ar muir; arson a fuil do clochaib adhamus inti.

240.

Dobádhusa féin lá ic sibul an mhara sin na h-Indía ⁊ do connarc coill mór fa dhuillib uáim ar farrgi, ⁊ do fhíarfuighissa crett tuc coill ann sin, ⁊ can talmain fúithe. Is amhlaid do innisetur foirenn na luingi dam, curab coblach mór tháinicc uair écin ann sin, ina rabadur tarrngedha íaraind ina longaib, ⁊ cur tarnngetur na clocha adhamuis dobi sa fharrgi chuca a n-ichtar íad, ⁊ curab tortha ecin dobí indtu asar' fás an choill sin.

241.

Cidhedh gabhaid cennuighi trit tír na Pers ⁊ tri Cammayn co cathuir Armés, dorinne an fellsamh Ermés, ⁊ tar gabul mara ann sin co cathuir Sabóth ina faghuittch uile cennuighecht, ⁊ ataitt na h-eóin re n-abar paipínseóighi ann sin amail mar bíd na fuiseógca accuindi, ⁊ labraid tengtha in tíri sin mar cach n-duine, ⁊ bíd .u. méir Dardáein manndála indíu ⁊ ar comairci an Fir docaithes indíu damh ⁊ a Cill Creidhi damh ⁊ dom aithni ní gúitrengach an muindter gá tú.22  69b1 ar cach cois dóib ⁊ cois dóib ⁊ tengtha caela; is begc labraid, is sé a n-ainm acusan fein pistác.

242.

Ingen do Maghnus Canus is ben do Preter Seon, ⁊ ingen dósan ac Maghnus Cánus. Is imda clocha búada an tíre sin, ⁊ atat a commór sin co n-déntur míassa ⁊ copain ⁊ mórán do nethib ele dib. Rí cristuidhi in rí si fein ⁊ urmór a thire. Cidhedh ní fuil gach airteccal da fuil accuinne don creidim acu. Creittidd in t-Athuir ⁊ an Mac ⁊ an Spiratt Naem co maith, ⁊ is innraic craibtech íad, ⁊ is mór in gradh d' ellach.

243.

Atatt da tír .x. ⁊ tri fichit fa ríg na h-Innía, ara fuil rí ar cach tír díb, ⁊ rigthi fá droing díb sin.

244.

Atá muir mór graibeil isin tír sin línustraighes23  p.288 ⁊ ara m-bí anfadh mór ⁊ can aen braen uisgci na sáile ann. Cidh edh doní sisi cach aenní doní an muir sháile, ⁊ ní bí comnuighi uirri choidhchi, ⁊ ní fider duine crett atá don taeb ele dhi; ⁊ do geibter mórán éiscc innti nách inann ⁊ íascc na farrgi nó an t-srotha, ⁊ is maith a m-blas ⁊ a m-balad.

245.

Uidhi tri lá ón farrgi sin conuicci na cnocaib móra asa ticc sruth ina m-bói imurcraidh do clochaib búadha o parrthus talman, ⁊ ní fhuil deór uiscci ann, ⁊ tét sin maille re h-anfad mór assin conuigi an muir n-gainmhidhi tri lá sa sechtmuin, ⁊ ní faghthur a thúaruscbail ó sin amach nó co tigc arís, ⁊ na cethra lá ele don sechtmhain bid daeiine ac cruindiugud na cloch sin, ⁊ mar sin cach aen sechtmaine dóib.

246.

Atá tír ghainmech mín iter na cnocaib sin don táeb oile don t-sruth, ⁊ coillti ina m-bi torad ac fás co medon lái, ⁊ ó medón láe súas co nóin bíd ac dul ar cúl innus nach faghthur a túaruscbail ó tét grian fáe, ⁊ ní ithid daeine an toradh sin, óir aderaid curab íarann é.

247.

Atá fássach do táeb ele don tír sin ara fhuilid daeine ⁊ adharca asa n-étanaib mur do beth ar bhúaib, ⁊ ni labraid acht mur doníatt na muca.

248.

Anuair thét an t-imperi so Preter Seon dochum chatha bíd tri crossa óir reimhe lán do clochaib búadha ⁊ do níamhannaibh,  69b2 ⁊ míle fer armach ac coimét cach croissi díb ⁊ níssa mó na cét míle coissidhi ele archena, ⁊ ní h-eider áirem da t-slúag ó sin amach. Ocus anuair bís ac sibul co h-uáingech ina thír féin ní bí acht cros crainn can pindtel, can ór, can cloich úasail roime a comurtha curab ina lethét sin do crois fuair a tigerna bás, ⁊ bíd soithech óir lán do críaidh reime mar comurtha curab cré dogéna de fein fa deredh, ⁊ bidh soithech ele óir lán do clochaib búadha reime a comurta a neirt ⁊ a imperechta.

249.

Indeosatt ní do thúaruscbail cuirti Preter Seon ann so .i. an cathuir a m-bí sé doghnáth atá Sás. Ar barr an  p.290 chaislein is mó innti .i. da ubhall óir ina fuilitt da charpuncla shoillsigis co mór an cathuir uile annsan oidhchi, ⁊ na doirrsi is súaithenta atá ar an cathraig sin is do cloich búadha re n-abur sardínés íad, ⁊ fuinneóga a halla ⁊ a sheomradha do cristal, ⁊ an bord ara caithenn bíadh d'ór ⁊ dona clochaib is úaisle ina thír ⁊ a tristéil don monadh cétna, ⁊ atat carbungcuile24 ina seomra t-soillsigis an oidhchi, ⁊ cidh lór soillsiges an t-séomra úatha sin bíd da lampa déc ann do cristal lán do balsamus ar lasadh ac tabairt boltanaidh maith don t-seomra ⁊ ac rúagadh drocháeir as ⁊ fuirmighi a leaptha d'ór ⁊ do safír do coimét ar mían druisi ⁊ da chur ina chodlud, óir ní luighend sé a farrad a mná acht tri h-úare sa bliadain d' fhaghbáil clainne, ⁊ bídh dognáth ina cuirt fein nísa mó na .x. míle fichit do daeinib anécmais a ticc chuicci ⁊ uaidh, ⁊ ni caithitt na .x. mile fichet sin, inaid na .x. mile fichet bís a cuirt Magnuis Canuis, oiret bídh na dighi ré da míle do lucht ar tírene.

250.

Bid .uii. rígdha ac seruís dó dognáth gach ré mí choidhchi, ⁊ da díuci déc ⁊ tri .xx. ⁊ tri cét íarla ⁊ mórán do tigernaibh ⁊ do ridirib aile, ⁊ bíd da airdespoc .x.  145b1 ⁊ patriarca san-Tomas espail is papa acu, ⁊ in airdeaspoic ⁊ in abadha mar betís rígthi againne. Cuid  145b2 dona tigernaibhsi os cinn in t-seomra ina m-bí in rí, cuid ele dibh os cinn na cuirte, ⁊ cuid ele os cinn an halla o sin amach.

251.

Ata uidhi .iiii. mís do lansiubal tarsna na h-Ínnidha, ⁊ ní fuil comairem ara fad acht muna faghadh a dígend fuirre.

252.

Atá pailis roalaind agan imper si a Pinntogsór, a cathair Nís aniugh is mince bís sé. Dobí duine rosaidbir uair ecin ann darab ainm Cotolombes, ⁊ dobí caislen daingen laidir age ar mullach cnuic ata lé, ⁊ badhun ard daingen fairsing ina timcell facuairt, ⁊ gardha roalaind ara taibh astigh don badhun ina rabhadar crainn dobheir toradh rouasal ⁊ gach uile toradh ⁊ gach uile luibh ar talmain ara raibhe baladh maith ⁊ blaith aloinn ⁊ moran do thobraibh roaille ⁊ do halladhaibh ⁊ do  p.292 seomradhaibh aille 'arna folach d' or ⁊ d' asuír ⁊ do dhelbhaibh bethadhach ⁊ ennach da curtái docum laburtha ⁊ do denum ceoil le h-ealadnaibh saera, amail dobetís ina bethaidh. Ocus tuc se cach en ⁊ gach bethadhach annsa gardha sin neoch doba doigh leis do cur solais ar dainibh. Ocus dobi moran do mnaibh leth istigh da .uii. m-bliadnaibh déc aigi ann dona mnaibh iminóglacha fuair se ar talamh ⁊ fir iman ais cétna, ⁊ étaighe oír umpo, ⁊ adubairt gurub aingil íad uile, ⁊ dorinne se tri tobair aille ⁊ balladha ina timchell fen ar leth do íesper ⁊ do crisdal arna cengul an ór, ⁊ dorinne slighthi fo talmain o gach tobar dona tri tobraibh ina rithfedh fin a tobur dibh ⁊ mil a tobar ele ⁊ bainne a tobar ⁊ mídh a tobar ele. Ocus adubairt gurub e sin Parthus.

253.

Ocus inuair do tígdís techta cuige a tírthibh ele do beredh leis annsa parthus sin íad, ⁊ do taisbenadh doibh é itir ceolaibh ⁊ topraibh ⁊ doberedh deoch doibh. Do curedh ar meisge íad go luath ⁊ aderedh ríu da madh ail leo bas do fulang ara son sin go tibredh sin a n-anmanna annsa parthus sin, ⁊ co m-betís fa áis na maighden sin co brach, arís ag eistecht in ceoil sin, ⁊ go rucdís inuair bad áil leó fen mara facfadís a n-glóir fen ⁊ in cuid do faemadh sin do cuiredh da marbad dochum in tigerna no cum in duine fa h-ail leis don tír, ⁊ aderiudh rís gan ecla do beith orra o bu deimin leó in anmanna do techt farisin annsa parthus sin arís, ⁊ do marbhthai móran do tigernaibh in tíre lesin ceilg sin.

254.

Frith a fís sin fair a cinn aimsire ina dhiaidh sin, ⁊ do cruinnidar na tírtha uili do innsaighi Catalombes ⁊ do brisedar a caislen ⁊ do airgidar ⁊ do marbadar é fen, ⁊ mairid fós aít na tobar sin beós.

255.

Tamall uadha sin laim re sruth Físón atá gleann itir da chnoc ina fuilet 4. míli ar fad, darub ainm Gleann na n-Diabal, ⁊ ni bí sin coidhche gan a beith lan d' anfadh ⁊ d' athfuathmairecht innus go táibhster greadhan do dainibh uar ann gu m-bí se lan do trumpadhaibh ⁊ d' adharcaibh ⁊ do taburaibh aga coimseinm  p.294 ann. Atá in glend sin lomnan do deamnaibh uile, ⁊ aderid daine gurub dorus do doirsibh ifirn é, ⁊ is imdha cristaidi ⁊ daine ele do gabh trit ria met, ⁊ nach fes a tuarusgbail o sin a leth.

256.

Atá ceann díabuil cona guaillib ar caraic ar lar in glendasa. Cuiridh teine tara bel ⁊ tara sróin co minic ⁊ asa suilibh ar a m-bi atharach datha, ⁊ bídh a combren sin innus nach bad urusa do duine beith ar marthain o do rachaidh an goire da baladh.

257.

Re h-aiged techta duinne cum in gleanna sa do eistimar aifren no dó ona braithribh minura do bi farinn fen asa Lumbaird, ⁊ dorinnemar ar faisidin ⁊ do caithimar corp naemtha, ⁊ tangamar 4. fir déc d' encomairle cum na sliged sin, ⁊ do ghabhadar in cuid ele dar companachaib timcell an gleanna sa inar coinne. Do gluaisimairne  146a225 sa gleann, ⁊ is minic do trascarthaidh sa sligid sin sinn le toirnigh ⁊ le tindtigh ⁊ le glaedaigh, ⁊ is imdha ór ⁊ airget ⁊ clocha uaisle do curthai romainn ⁊ do gach leth dínn ar in sligid, ⁊ ní fedamarne 'n ar nethe fír é sin no'n ar chealg. ⁊ do connac moran do corpaibh daine sa gleann sin dar lium fen, ⁊ ní fedar 'nar béo no'n ar marbh íad acht tucus do baramail doibh co raibhe edach cristaidhi fa droing dibh.

258.

Do connarc ann mar dobetís da rí cristaidhi anaiged a chele a cath ina muirbhfídís a sloigh uili do gach leth don sligid. Ni fuil a fís agum fen 'narb fírinne a faca sa gleann sin no 'n ar breg, oir nir' benus fen re h-enráed da faca sa glend sin ar ecla na n-díabul. Rangamarne .x. a coinne ar companach slan, ⁊ ní fhuil fis tuarusgbala in 4. ele osin.

259.

Ata laim risin n-gleann sin don taib ele ailen mor ina fuil daine is comfada re .x. troigthibh .xx. ⁊ gan d'étach umpu acht croicne gabhar no bethadach ele, ⁊ feoil daine omh is bíadh doibh, ⁊ bainne is deoch doibh, ⁊ dobad ferr leo feóil daine d' fagail na feoil ele.

260.

Aderid daine go fuil oilen tamall uadha sin ina fuilid daine is comfada re .vii. troighibh ⁊ re tri .xx. troigh, ⁊ atait cáirigh annsa ailen sa nach mó dam na gach caera dibh, ⁊ ní  p.296 fuil a fis agum cad íad, ⁊ ní fhacus enduine dibh so, ⁊ do connarc in olann tig dona caerchaibh sin ⁊ cuid dibh fen go minic.

261.

Atá ailen ele a muir accíon ina fuilet mná roaille ⁊ clocha buada ina suilibh, ⁊ da facaid le feirg no le fich ar duine marbaid lena suilibh é mar doníd an basalixa.

262.

Ata oilen ann sin ina fuilid daine maithi inóglacha, ⁊ in cét oidhche posus fer bean annsa  146b1 n-oilen sin cennchaidh se fer ele do beanfadh asa maighdenus í, ⁊ da faghadh fen amairech ina maighdin h-i beanfaidh se pian romor don fir sin. Do fiarfaigius cred fa dendis sin, ⁊ do h-innised dam gur loighidar moran d' feraibh faré maighdenaibh andsa tír sin, ⁊ go fagtai na fir marbh arnamairech.

263.

Ata oilen ele ann sin ina denaid na mná dubachus trena claimn d' ergi ⁊ subachus romor trena clainn d'ec go luath, ⁊ aderid gach duine eirghius gurub cum saethair ⁊ cum galaircum tromdhachta tígid ar in saeghal sa, ⁊ gach lenamh teid d'éc co tét a parthus mara faghann bainne ⁊ mil ⁊ aibhnius can bás ⁊ óigi can arsaidechta ⁊ gach uile ní maith can saethar. Togha righ donid lucht in ailen sin, ⁊ ní ar uaisle na ar saidhbres toghaid é acht ar innrucus ⁊ ar fírinne ⁊ ar deghbésaibh ⁊ ar a glicus, ⁊ madh annsa duine bus boichte annsa n-oilen do gebid sin dogenaid ri de, ⁊ da n-derna in righ sin eccóir no ainndliged ni leama duine ar doman labhairt ris na biadh na deoch na munterus do tabairt dó, nogo fagha bás do ghorta.

264.

Atá oilen ele annsa tír sin ina fuilid daine maithi fírinnecha gen go fuil creidem díreach acu, agnach fuil fúath duine no formad na uabhar na saint no druis no cráes, ⁊ is maith coimétaid na .x. n-aithnedha, ⁊ ni denaid olc do dhuine acht muna dena duine olc doibh, ⁊ ní romór as edh a n-innmhus nó a sbreidh, ⁊ ní tabraid luighe ar bith, acht as edh nó ni hsedh.

 p.298

265.

Tarla in t-ailensa ar Alaxanndar, in trath dobí se ag síubal in domain ⁊ ag a gabhail, ⁊ Dinndimus dobi 'na righ intan sin fair. Ní fuil sa doman daine is fírinne na lucht in oilen sin, ⁊ ni bhí toirnnech na teinntech na anfadh na cogad na triaboloid annsin coidhche, ⁊ is búidech da m-bethaidh fein íad, oir is doigh leo gurub inmain le Dia íad, ⁊ ni cum breitheamnus na cum córach atá righ orra acht co mbetis fa umla righ.

266.

Ocus atá abhann mór trit in oilensa re n-abar Renemar, ⁊ áta  146b2 fasach romór do thaibh ele di ina fuil crann greine ⁊ esga nech do labhair re h-Alaxanndar ⁊ do innis a bás dó, ⁊ aderid daine gach duine ithis toradh na crann so co m-bí se cét bliadan ina bethaidh, ⁊ dobadhmarne co santach do dul ann sin nogo bacadar daine glicca din é nach do innis duinne nach rachadh cét míle fer n-armthach ann tar uathbás na m-bethadach n-égíallach.

267.

Atait daine innti lomnan do cleitech uile acht a n-aighte ⁊ a n-dernanna, ⁊ is coimdes doibh muir ⁊ tír, ⁊ amh ithid féol ⁊ iasg ⁊ Rla. ⁊ rla. ⁊ rla. ⁊ rla. ⁊ rla.

268.

Ata am dhoigh fein co cualabhair si in t-adhbar fa tuccadh Preter Seon ar rí na h-Innia, gidh edh innéosadsa dona dainibh nach cuala é. Riacute;gh dobí san Innia uair ecin, ⁊ dobí moran do ridiribh cristaidhi farís mar atait aniugh. Do smuain sé aige gumadh ferr leis go dh'faiceadh se serbhís na cristaidhi ⁊ ina n-eclasaibh fen, ⁊ doba cristaidi in trath sin Tursie ⁊ Suria ⁊ Tartairia ⁊ Iudeia ⁊ Palastini ⁊ Arabia ⁊ Harmapé ⁊ Persaidh ⁊ Medhaigh ⁊ Airmein ⁊ in Eighipt uile. Tainig imper na h-Innia ⁊ ridire cristaidi farís go cathair Easraidh san Éighipht, ⁊ easpoc na cathrach ag tabairt gradha sagairt uadha. Do fiarfaig in t-imper don ridiri: “cred íad in muntir úd a fiadnaise in easpaic?” ar sé. “Daine ler'ab ail beth ina sagartaibh siud”, ar in ridire. “Ni h-abeórtar imper na rí rium fen coidhche, acht sagart, ⁊ in cét sagart rachus amach dibh siud asa tempall as e a ainm bías oram.” Ocus Séon dob ainm don cétsagart  p.300 docuaidh ⁊ amach dibh, ⁊ is de sin atá Preter Seón ar rí na h-Innia o soin aleth.

269.

Ocus is imdha cristaidhi maithi sa tír sin aníugh, ⁊ is fírinneach íad fen, ⁊ is innraic, ⁊ aderid a sagairt aithfren mar adubradar na h-apsdail rompu, ⁊ ni h-aithnid doibh gach ní dar cuir in papa do tuilled leisna h-aithfrenaibh mar is aithnid don eclais againne.

270.

Ata ailen Tabrobaine don taib toir don Innia, ⁊ is mor saidhbir in righocht sin, ⁊ iss fa rí na h-Innia ata, ⁊ curid ⁊ benaid arbhar fa dó sa bliadain innti, ⁊ bídh da geimredh ⁊ da shamradh innte. {}

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): The Gaelic Maundeville

Author: John Maundeville

Editor: Whitley Stokes

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber and Philip T. Irwin

Funded by: The CURIA Project and The Higher Education Authority via PRTLI

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 26 830 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G305000

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Rennes, Bibliothèque Municipale 598, ff.52a2–68b2. For details about its origin see Denise Maher, Kilcrea friary: Franciscan heritage in Co. Cork (Cork 1999), 21–31 [Rennes, B municipale, 598, with two facsimiles]. See also Dottin, Catalogue, Revue Celtique 15,79–91.
  2. London, British Library, Egerton 1781, ff.129a–146b; vellum, written 'probably in Brefne, not later than 1484', by two scribes; for a description of the manuscript see Robin Flower, Catalogue of Irish manuscripts in the British Library [formerly British Museum] ii (London 1926, repr. Dublin 1992). A comparison of these two copies is found in John Abercromby, Revue Celtique 7, 66.
  3. London, British Library, Additional 33,993, ff. 6a–7a (fragment).

Editions/Translations

  • See below.

Other Literature on John Maundeville's Travels (a small selection)

  1. John Abercromby, Two Irish 15th century versions of Sir John Mandeville's travels, Revue Celtique 7 (1886) 66–79, 210–224, 358–368, 451.
  2. Albert Bovenschen, Quellen für die Reisebeschreibung des Johanns von Mandeville, Zeitschrift der Gesellschaft für Erdkunde zu Berlin 23 (1888), 177f. (with extensive literature about Maundeville's fictitious travel description).
  3. The Buke of John Maundevill, edited together with the French text by George F. Warner (Westminster: Roxburghe Club 1889).
  4. Richard Hennig, Terrae Incognitae. Eine Zusammenstellung und kritische Bewertung der wichtigsten vorkolumbianischen Entdeckungsreisen an Hand der darüber vorliegenden Originalberichte. 4 vols. (Leiden 1939), vol. 3, 200–204.
  5. Malcolm Letts, Sir John Mandeville, the Man and his Book (London 1949).
  6. Malcolm Letts (ed.), Mandeville's travels: texts and translations (London 1953).
  7. Josephine Waters Bennett, The rediscovery of Sir John Mandeville (New York 1954).
  8. Michael Charles Seymour, 'A medieval redactor at work', Notes and Queries 206 (1961) 169–171.
  9. Michael Charles Seymour, 'The Irish version of 'Mandeville's Travels: the insular version', Notes and Queries 208 (1963) 364–366.
  10. L. Schepens, 'Quelques observations sur la tradition manuscrite du Voyage de Mandeville', Scriptorium 18 (1964) 49–54.
  11. Michael Charles Seymour, 'The scribal tradition of Mandeville's Travels: the insular version', Scriptorium 18 (1964) 34–48.
  12. Mary Boyle and Michael C. Seymour, 'The Irish epitome of Mandeville's Travels', Éigse 12 (1967/68) 29–36. [Paragraphs 1–2, 7–16 (cf. Stokes's ed.), from MS British Library Additional 33,993; with an Engl. text.]
  13. C. W. R. D. Moseley, 'The metamorphoses of sir John Mandeville', Yearbook of English Studies 4 (1974) 5–25.
  14. Christiane Deluz, Le livre de Jehan de Mandeville: une "géographie" au XIVe siècle, Louvain-la Neuve, Institut d'études médiévales de l'Université catholique de Louvain (Textes, études, congrès, 8) 1988.
  15. Michael Charles Seymour, Sir John Mandeville (Aldershot 1993).
  16. Michael Charles Seymour, 'Sir John Mandeville', Authors of the Middle Ages: English Writers of the Late Middle Ages (London 1993) vol. 1, 38–49 (list of manuscripts); 50–56 (editions).
  17. Gilles Milton, The Riddle and the Knight: In Search of Sir John Mandeville (London 1996).
  18. Iain Macleod Higgins, Writing East: the "Travels" of Sir John Mandeville (Philadelphia 1997).
  19. Rosemary Tzanaki, Mandeville's Medieval Audiences. A Study on the Reception of the Book of Sir John Mandeville. 1371–1550; (Burlington 2003).
  20. Susanne Röhl, Der "Livre de Mandeville" im 14. und 15. Jahrhundert (Munich 2004).
  21. Nollaig Ó Muraíle, 'Whitley Stokes and Modern Irish', in: Elizabeth Boyle and Paul Russell (eds), The tripartite life of Whitley Stokes (1830–1909) (Dublin 2011) 196–217.

The edition used in the digital edition

‘The Gaelic Maundeville’ (1899). In: Zeitschrift für Celtische Philologie‍ 2. Ed. by Whitley Stokes, pp. 1–62, 226–300.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G305000,
  editor 	 = {Whitley Stokes},
  title 	 = {The Gaelic Maundeville},
  journal 	 = {Zeitschrift für Celtische Philologie},
  volume 	 = {2},
  date 	 = {1899},
  address 	 = {Halle/Saale},
  publisher 	 = {Max Niemeyer },
  pages 	 = {1–62; 226–300}
}

 G305000.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Editorial declarations

Correction: The text has been proofread three times. Text supplied by the editor is tagged sup resp="WS".

Normalization: The electronic text represents the edited text. The glossary on pp. 301 to 312 is omitted. Text supplied by the editor is marked sup resp="WS". S/s, F/f with overdot are rendered Sh/sh, Fh/fh. In words starting with a vowel, t- has been hyphenated off. Expansions (restricted to portions in Irish cited in the introduction) are marked ex. Corrigenda by Stokes are integrated using corr sic="" resp="WS" tags. Where manuscript forms are given and corrected by Stokes, the corrected form in the CELT edition replicates the manuscript expansions recorded by Stokes. Editorial notes may take the form of variant readings, editorial corrections or annotations, and these are integrated into the electronic edition accordingly. Text other than in Irish is indicated. The English translation is available in a separate file, T305000.

Quotation: Direct speech is tagged q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, a line-break, or a milestone, this break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the text; div1=the editor's paragraph; page-breaks and paragraphs are marked. The book was originally divided into chapters. Stokes numbered all paragraphs sequentially, including the translator's preface, which was not part of the book (paragraphs 1–6). This led to overlapping hierarchies. Therefore, chapter 1 starts at paragraph 7, and all chapters are treated as milestones (mls unit="Chapter" n=""), whereas the chapter headings are taken into the paragraphs. Paragraph 46 was split into 46a/b, because a new chapter, with its own heading, started at that juncture.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Personal names, group and place names are not tagged.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “paragraph”, eg paragraph 1.

Profile description

Creation: By Fingin O'Mahony, translating material by 'John Maundeville' whose work first appeared in the first third of the 14th century.

Date: 1475

Language usage

  • The text is in Early Modern Irish. (ga)
  • The introduction and annotations are in English. (en)
  • Some formulaic phrases are in Latin. (la)

Keywords: travel; description; fictitious; prose; John Maundeville; 15c; translation

Revision description

(Most recent first)

  1. 2010-03-05: File parsed; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2010-02-08: Whole file proofed (3). (ed. Beatrix Färber)
  3. 2010-01-22: Header created; editorial annotations, corrections, and variant readings integrated; file parsed. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2010-01-17: File converted to XML; introduction added and marked up; encoding updated; milestones added; supplied text encoded; apparatus inserted. (ed. Beatrix Färber)
  5. 1994-03: File proofed (1, 2); structural and content encoding applied; corrigenda from pp. 311, 603 of Zeitschrift für Celtische Philologie 2 incorporated. (ed. Philip T. Irwin)
  6. 1994-02: Text scanned. (data capture Philip T. Irwin (?))

Index to all documents

Standardisation of values

  • Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T305000: The Gaelic Maundeville (in English Translation)

Source document

G305000.xml

Search CELT

  1. See the Proceedings of the Royal Irish Academy, Irish MSS. Series, vol. I, pp. 73–79. 🢀

  2. See M. Dottin's catalogue of its contents, Revue Celtique 15, 79–91. 🢀

  3. now British Library 🢀

  4. Better na trocaire “of the mercy” as in Egerton. 🢀

  5. MS conatsqr with a mark of length over q. Eg. has Adham ⁊ ashlicht🢀

  6. Better doglacus fein as in Eg. 🢀

  7. Here ends the fragment in Additional 33,993. 🢀

  8. MS tsoscéla Anna. 🢀

  9. The words in parenthesis are interlined. 🢀

  10. -mair taken back in electronic edition before beginning of new folio. 🢀

  11. From Eg 135a1. 🢀

  12. Eg. inserts: ⁊ is annsin bertar in brath for in ciniudh daenna “and 'tis there that the doom will be given on the human race”. 🢀

  13. -uic si taken back in electronic edition before beginning of new folio. 🢀

  14. in marg. breith🢀

  15. -ib taken back in electronic edition before beginning of new folio. 🢀

  16. -abh taken back in electronic edition before beginning of new folio. 🢀

  17. "A corruption of “accmaingech”" (p. 300). 🢀

  18. Sic Eg. annsa, R. 🢀

  19. -aniu taken back in electronic edition before beginning of new folio. 🢀

  20. The words ⁊ fá asanóir … ele gusa are repeated in 67a1. 🢀

  21. In the MS this sentence is misplaced, coming between “ech” and “óir”. 🢀

  22. “Today is Maunday Thursday, and I am under the safeguard of Him Whom I partook of today, and in Cell Crede am I: and I know that the community with whom I am is not ...?” 🢀

  23. In marg. inf. “Dardáein manndála indíu ⁊ ar comairci an Fir docaithes indíu damh ⁊ a Cill Creidhi damh ⁊ dom aithni ní gúitrengach an muindter gá tú.” “Today is Maunday Thursday, and I am under the safeguard of Him Who I partook of today, and in Cell Crede am I; and I know that the community with whom I am is not ...?” 🢀

  24. 'carbungle' with cui written over n🢀

  25. -imairne taken back in electronic edition before beginning of new folio. 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top