CELT document G305003A

Merugud Uilix maicc Leirtis

Witness list

  • St: Stowe MS. 992, fo. 59 b, 2-61 a, 2.
  • B: Book of Ballymote, p. 445 a-p. 447 b.

unknown

Edited by Kuno Meyer

Whole text

 p.1

Merugud Uilix 1 maicc Leirtis ann so.  2

Iar n- indriud ocus díscáiled prímchathrach 'na Troianda ocus tuirthechta 'na n-Gréc, tánic cach díb dochum a críchi ocus a feraind dilis féin. Tánic tra Uilix macc Leirtis dia dia chrích ocus dia ̇ferand , co n-acca úad slébti a ̇feraind féin. “Is doilig linn tra aní fogébam and sút .i. in rígan álaind áilgen ro ̇fácsam and a beith ac fir eili innar fiadnaisi, ocus ríg ele ar ar crích, ocus ar ferand do beith aici , ocus arsena féin imm ar n-deilb, cid iar fírinni bem .” 3 10 “Na cuirid fort-su sin,” ar a muinter fri hUilix “úair fogébam uili in t-olc sin.” Is and sin immorru ro taescair in gáeth forro-som, ocus ro cuirit i falc mara móir immach doridisi , co ro bátar bliadain ar  p.2 in mescmerugud sin, no co ráncatar i n-oilén mór.

15 

Ocus fúaratar caerchu ollacha móraidbli ocus ro marbsatar trí caerchu díb. Ocus ro cuirit a pupaill tairsib ocus ro tarlait a teinti ocus ro hurlamaigit a cairig. Trí lá ocus trí hoidchi dóib and. Iar sin tra atbert Uilix: “Is mithig dún immthecht ” ar 20  sé. “Ni cóir a n-aprai ,” ar síat “úair atá ar n- dáithan bíd co bráth ina fil do chaerchaib sund.” “Nocho dingén foraib,” ar sé “cen dula d'iarrair ar n-atharda bunaid féin.” “Aní atái d'iarrair ,” ar síat “tuitfimit-ni uili it lurg, amal ro fácbait do 25  muinter uili connici so.”

Is and sin tra ro fácbatar connici in n-oilén ocus táncatar inna longaib doridisi , ocus ro bátar bliadain ar in muir, co ráncatar oilén eli.

Co Iar tíachtain dóib tra isin oilén, dorala slíab óir dóib inna medón . “Is maith in turchurtha so ” ar 30  a muinter fri hUilix. “Ca fiss dóib-si ón?” ar sé. “Nach leór fil do sétaib acaib asa Trói ?” Ocus ro gabsat oc tinól in óir, noco faccatar in Cicroipecda cuccu .

Ocus ni ro ̇fí arfaig scéla díb, acht amal ro  p.3 bátar and, tánic foithib . In bail i m-bíd in cur no 35  in cathmílid, ro íadad a láma impu , co ro brúid ocus co ro mínaiged a cnáma ocus a feóil . Iar marbad sochaidi díb tra do túargaib nonbur leis díb etir a dí láim imm Uilix macc Leirtis. O ro rathaig 4 tra Uilix in fer fíamach fírglicc beith oc a 40  breith i forécin , ro éla etir uillib a muintire sís dochum láir, ocus ro fuccad a muinter úad.

Is and sin tra tánic Uilix dochum 'na long ocus ro innis 'na scéla sin don nonbur ro bói isna longaib. Ocus do ráidetar a muinter fris : “Cuirem tuilled 45  innar longaib do sétaib ocus glúaisem romuinn ! ” “Ni ba fír sin,” ar Uilix “no co findar cindas ruccad mo muinter úaim, ocus is trúag tind liumm a m-breith úaim.” “Cid trúag sin ,” ar síat na habair , úair is cert a míad linn do beith-siu etrainn .” 50  Is and sin tánic Uilix d'iarrair ind ̇fir móir, co ríacht co dorus 'na húamad . Atchondairc-sium 'na gnúisi aigedbána ettlaidi a muintire isin úamaid oc a déicsin 51  immach . “A áes cummtha ,” ar sé “is  p.4 mór in gábad sin i fuilti.” “At fír,” or síat “ocus 55  rotbía féin ass.” “Ni ba fír ón,” ar sé “combarala dam ocus dond aithech .” “Inneo?” ar síat. “Ca haccmaing fil acat do cur fris? Ni ̇fil do géri do slege na do daingni do láma ní frissa roissed fo- grainne do slege cnáim inna churp.” “In fobairthi- 60  si éirgi tairis aníar?” ar sé. “Trúag ám sin,” ar síat “atáit trí cosschéimenn cach fir úainn etir a dí chích .” “Ca fiss dóib-si,” ar sé “in barbardacht fil inna churp nach fil trumma as dingbála di inna churp inna chotlud ? Eírgid tairis aníar,” ar sé “ocus tócbaid 65  bar n-anála i n-úachtur bar cléib do bar n-étrum- mugud tairis.” Ro éirgetar -sum ocus táncatar tairis immach. Ocus ro bátar trí cosschéimenn cach áeṅfir díb etir a dí chích oc immthecht tairis. “Dénum immthecht budesta! ” ar síat. “Ni ba 70  fír ón,” ar Uilix “combarala dam-sa ocus dond aithech .” Tánic dia indsaigi , ocus in t-áensuil mór ro bói i tulportaib a étain, ro chuir fograinne 'na slege etir in dá abra, ocus tuccustar sáthad ar in sleig isin suil, cor bo monar dó a immdítin ar in  p.5 75  loch lethanmór lindusci ro memaid esti. Cid tra acht ro chraith in slíab ocus ro gair in úama risin n-esarchosairt doroine in fer ruadremur romór dia chossaib ocus dia lámaib ac iarrair indí dorat in n-ainécin fair. Ocus táncatar inna luing asa aithli 80  sin .

Airmithir fer do muintir Uilix do dul ar dremni ocus ar déaithi, corob é in fer sin dorala do Aenias macc Anaichis dia m-bói for loingis. Bliadain tra do Uilix ar muir iar tíachtain assin oilén sin, ocus nonbur dia muintir, is ed ránic 85  iṁmslán leis co tír do neoch nach fúair bás tria galraib anaichnib. Tánic iarom Uilix i tír, co tarlatar maicc ingaire dó oc a n-almaib. Ba roglicc tra in fer sin, ba fer fíamach fírgáeth ocus ba coitchennbérla , úair ro foglaimthea leis bérla cacha 90  tíre i téiged, ocus ro ̇fíarfaiged scéla tresin m-bérla ro ̇fogain dóib. Ocus is ed fúair acco, corbo é Brethem 'na Fírinne ro bo aire isin crích sin. “Ca fírinne ̇fognas dó?” ar Uilix. “Cach duine dogní ; a ̇foglaimm aici ro soich a dúthaig fo chétóir ” ar 95  íat-som. “Cid dam-sa,” ar Uilix “nach dingninn m' ̇foglaimm aici?” “Ni ̇fuil a accmaing acat,” ar in frisnésid “úair ni fágbaither aiccept in áenláe cen  p.6 deich n-uingi fichet do dergór dó. Ocus tú-sa,” bar íat-som “cársa cóich thú ?” “Do éloithchib 100  'na Troianda dam-sa ” ar sé. Ocus tánic úadib ar ammus a luinge, ocus ro ̇fíarfaigetar a muinter scéla de .

Ocus ro innis dóib feib atchúala ocus ro bói ac a ráda friu foglaimm do dénum. Ocus is ed ro ráidset, nach roibi a thoisc accu a dénum: “úair 105  ro thuitsetar ar fuilt ocus ro theimligetar ar ruisc ocus ro dorchaidsetar ar n-gnúisi ocus ro buidetar ar n-déta , ocus ni bud oirches dún ar n-ór na ar n-indmas do thabairt ar ̇foglaimm nach tuillfed dún do dénum.” “Ca ferr dóib ,” ar Uilix “a ̇fácbáil 110  ar bernadaib báegail no ar doirsib aideda 'nas a thabairt ar ̇foglaimm tuillfes dóib bodéin ?” Is and sin tra táncatar rompo isin dúnad, ocus dorala dóib fer in baili forsin faithchi, ocus ro ̇fíarfaig scéla díb . Ocus ro innsetar dó cach dochair fúaratar 115  ocus ro ̇fíarfaig díb crét 'ma táncatar. “Táncamar do ̇foglaimm acat-su .” “Fogébthai-si sin acht corab accmaing a dénma acaib.” “Cahaccmaing etir ón?” ar síat. “Ni tabraim-sea aiccept áenláe cen deich n-uingi fichet do dergór dam.” “Fogébam 120  duit-si sin” ar síat. Ro ferad fáilti friu ocus tuccad  p.7 cotalthech fo leith dóib ocus tuccad tra airigthi bíd ocus lenna dóib inn, ocus dorinned folcad ocus fothracad dóib. Ocus deisitar and in n-oidchi sin.

Ro éirgetar co moch iarnamárach cosin 125  n-inad i roibi Brethem 'na Fírinne.

Ro toimsit deich n-uingi fichet do dergór dó ocus dorinne- sium aiccept dóib-sim dorindi doib. Is é seo tra in t-aiccept: “Cemad áenathair ocus áenmáthair do beith acaib bar nonbur, ocus cemad áenduine ro marbad bar 130  n-athair ocus bar máthair , ocus a tachar i cenn comairle acaib cen a marbad-sin lib, noco n-dern- tai trí comairli lib uime, ocus noco n-airchenn bar m-beith uili d'áeneolus tri bithu. Ocus cid áen- duine acaib tecmas, araide na maidid in t-echt, 135  noco n-gaba fo thrí ar a anáil ocus co n-dérna comairli a menman budéin. Mad ed dono dobéra a menma asa comairli, maidid in t-echt iar sin.” “Abair beos!” ar síat. “Ni buithi indiu acht sin” ar sé. Táncatar dia tig iar sin. “Is ór i n-aiscid 140  sút ” ar a muinter fri hUilix.

Ro bátar and in n-oidchi sin, ocus cerbo maith a frithailem in cétoidchi, rob ̇ferr in n-oidchi sin. Ro éirgetar co moch  p.8 iarna márach ocus táncatar co tech n-aiccepta .

Ro toimsit deich n-uingi fichet d'ór dó, ocus is ed asbert - 145  sum: “In t-slige a n-immthigid cach laei, na lenaid frithrót no frithchassán, acht lenaid in sligid móir .” “Abair iar sin ” ar síat-som. “Ni buithi indiu d' ̇foglaimm acht sin ” ar sé. Táncatar dia tig iar sin. “Is ór dímain siut ” ar a muinter fri hUilix. “Ni 150  fess nach fuigbithi a gréimm ” ar Uilix. Ocus cer maith a frithailem in dá cétoidchi, rob ̇ferr in tresoidchi. Ro éirgetar co moch iarna márach ocus táncatar inna tech n-aiccepta . Ocus ro toimsit deich n-uingi fichet do dergór, ocus is ed 155  atbert -som: “In fai ccthi in gréin in trath sa? “Atchíamait” ar sía t-som. “Na glúaisid nech acaib asa áit na asa adbaid , do beith do méit a thindenais , noco raib in grían isin aird inna fil in trath sa.” “Abair íar sin ” ar síat. “Ní buithi d' 160  ̇foglaimm don chúairt-sea úaim-sea acht sin ” ar sé. “Ocus na himmthigid-si immárach noco n-aicilliur-sa sib ” ar sé. Táncatar dia tig iar sin ocus do éirgetar co moch iarna márach ocus táncatar ar in faithchi immach. Ocus dorala in t-óclaech dóib ar in faithchi  p.9 165  ocus ro thimmain celebrad dó ocus ro ̇fácbatar ben- dachtain acca.” “Beir lat” ar in Brethem “in cilfing m-bicc-sea do timmna, ocus dia fúaslaicthe uirri- seo , nocho rís do dúthaig co bráth aridisi .” “Is becc lúag linni sin iar rochtain ar tíre.” Ocus ro thin- 170  choisc eolus dóib cen muir dochum a tíre.

Ro immthigset iar sin, ocus in fat ro bátar ar sligid, ni hed airmithir sund. Acht ráncatar coicrích móir, ocus tech n-áiged coitchenn isin choicrích sin. Ocus táncatar-som and amal cach n-áen . Doríacht 175  as cach aird sochaidi móra isa tech sin . Iarfaigis cach díb dia chéli : “Cia leth rachaid-si immárach?” “Tíagmait isin choicrích ” ar síat. Cid tra acht ro éirgetar in lín ro bátar isin tig áiged. docuadar olse.Táncatar ar gort ón tig immach. Uilix tra is ed atbert 180  side: “Is olc dochúatar mo deich n-uingi fichet d'ór úaim-seo cen anad co n-éir in grían isin n-aird atubrad frind .” Is and sin ro suid-sium . “Crét sin?” ar a muinter fris. “Anfat acum ̇foglaimm ” ar Uilix . “Aní atái d'iarrair,” ar síat “ar tuitim-  p.10 185 ni uili it lurg amal ro thuitset foirend 'na cethri long fichet ro thuitset ar Trói it lurg, tuitfimit-ni in n-indas cétna it lurg.” “In anad dogníthi-si ? ” ar fer don chuitechta. “Is ed ” ar síat-som . “In eolach sib-si isin choicrích?” “Ní heolach” ar 190 síat-som . “Nach faiccthi-si in gort ocus in sligid ?” “Atchíamait-ni ” ar síat. “Indsaigid sin ,” ar sé “ocus dia roisti tairis sin, ro soisti immslán bar tír.”

Ro immthigset in chuitechta iar sin ocus ro an Uilix cona muintir no cur éirig in grían isin 195  aird atubrad fris. “Is é siut ” ar síat “tossach 'na cuitechta ar in sligid , ocus dia m-bemís-ni and sút astrasta, ro soismís immslán.” “Dar lium-sa tra,” ar Uilix “ni díb-si in buiden-sa i timmchell in guirt immaig ocus ni díb in síred so don leith 200  eli.”

Ocus ro chonncatar fo chétóir ac sceinm fon cuitechta íat, co nár ̇faccsat duine inna bethaid díb. “In faiccthi siut?” ar Uilix. “Atchíamait” ar síat. “Is maith gréimm ar n-deich n-uingi fichet d' ór dóib; ocus immthigmit-ni bodesta ,” ol sé 205  “úair scáilfit siut a haithli in áthais .” Táncatar iar  p.11 sin rompo isin sligid, co ríachtatar in coicrích ocus táncatar i n-díthrub mór. Ocus nir lensat cái na conair don prímsligid immach. Acht chena tán- catar días dia muintir ar frithchassán immach ocus 210  fúaratar a n-oidid fo chétóir. Cid tra acht táncatar connicci a n-dúnad bodéin in mórseiser ro bátar, ocus táncatar isin cotaltech i roibi in rígan . Ocus atchonncatar hí i cathair móir for fossadlár in tige, ocus áenócláech rob ̇ferr delb do láechaib in 215  domain ar a gúalainn. “Ro ráidis frib siut ” ar Uilix. “Is écin a ̇fulung sin ” ar síat. “A dáine maithi út tair ,” ar in rígan .i. Peneloipi a hainmm, “cía sib-si etir?” “Dáine mescda muiridi sinni ” ar síat. “Immthigid ” ar sí “isa tech n-óiged .” 220  Ro frithailed in n-oidchi sin íat, co ráncatar inna n-imdaid.

“In fetabair-si aní rob áil limm-sa ? ” ar Uilix. “Ni fetamar ” ar síat. “Uaim élaid ro bói acum-sa assin cathraig immach fon talmain , ocus is and atá indara dorus di ac in cathraig thall, 225  ocus comla íata fris , ocus in dorus ele ar in faithchi immaig, ocus lathar leccchloiche fair. Ocus is ed  p.12 is áil dam-sa, dul tresin n-dorus n-immechtrach ar fut 'na húama innunn, noco riis in n-imdaid , ocus in bail i m-bíat i n-áeninad ar in adart in cloideb do 230  gabáil forro a n-dís.” “Is olc in comairle sin ,” ar síat “acht is córa duit dul ar ammus ríg Gréc ocus t'imned d'écáine fris, ocus amal dochúadais-siu inna sochraiti-sium ticced-som it sochraiti-siu do chosnam t'atharda dúithchi duit-siu .” “Ni ro 235  lécet dono 'na déi adartha sin! ” ar Uilix.

Ro bói tra aithber immaithber oc a muintir fair-sium .

Do thuitemar uili it lurg amal sin” ar síat. Is and sin tra ro éirig-sium úaithib d' indsaigi 'na cathrach innunn, noco ránic in n-imdaid ocus 240  atchúala comrád 'na déise for in adart . Ocus ro nocht a chloideb fo chétóir ocus túargaib in láim.

'Is olc gréimm m' ̇foglamma dam,' ar sé 'cen gabáil ar m' aicned tús co n-gabainn ar m' anáil.'

Túargaib in láim fo thrí co m-benad d' éiss a chloidib 245  fria muinél 'na déisi. In tres fecht túargaib in láim ocus rob áil leis in t-echt do maidim , is and sin ro ráid in rígan: “Uch, uch, a maicc!” ar sí “dotárfas dam t'athair- siu ós ar cind ocus ro bói  p.13 ar cenn do bein dinn. Indar leis rob 250  fer cáemfuar coimmtech tú-su . Tuingim-sea fom déib adartha,” ar sí ‘nach fetar-sa cin o ̇fir eli ó ro immthig-sium i sochraite Gréc, ocus torrach ro ̇fácaib misi in tan ro immthig, ocus is tú-su ruccad don toirrches sin. Ocus ni ro léicius-sa corp 255  fir eli i n-áenlepaid rium, acht a ̇fuil-sium ocus m' fuil-sea oc coimét a einig-sium.

O'tchúala tra Uilix in comrád sin, ro ̇fáiltnig a aicned fris. Ro éirig sí iar sin ocus ro cháiestar frassa díana dér, ocus ro bói-sium ac éitsecht fria, 260  cur thuit a chotlad fair, no co táinic dered oid- chi. Ro éirig iar sin ocus ro bo méla mór leisin in cotlad sin. Táinic reme immach ocus ro laig etir a muintir ocus ro indis scéla dóib . Ocus ruccastar atlugud buidi do na déib inní sin . Ro 265  éirgetar iarna márach ocus táncatar isa tech cétna. “A dáine maithi ,” ar in rígan 'cársat cía dóib-si etir?' ol sí. “Uilix macc Leirtis misi” ar sé. “Ni tú in t-Uilix rob aichnid dúin-ni ” ar sí.  p.14 “Is co deimin!” ar sé “Ocus 6 indésat 270  mo chomartha duit ” ar sé. Ocus dochúaid inna rúinib ocus inna comráitib ocus inna der- ritib iar sin. “Caide do delb no do muinter,” ar sí “masa tú Uilix?” “Do chúatar i mugu ar sé .

Crét fo derid dot chomarthaib ro ̇fácbais 275  acum-sa?” ar sí . “Delg óir,” ar sé “ocus cend airgit fair; ocus ruccus-sa do delg-su liumm ac dula dam isin luing, ocus is and sin ro immpóis- siu úainn ,” ar Uilix.” “Is fír tra sin,” ar sí “ocus dia m-bad tú Uilix, do fíarfocha do choin .” “Nir 280  sáilius a marthain etir ” ar sé. “Dorónad brochán áise dí acum-sa,” ar sí “úair do rathaigius a grád co mór a Úilix. Ocus cía halt con etir in chú sin ?” ar sí. “Dá tháeb glégela aice ocus druimm gelchorcra ocus tarr círdub ocus erboll úainecda” 285  ar Uilix. “Is í túarascbáil 'na con sin ,” ar sí “ocus dono ni lámann duine isin baile a cuit do thabairt dí, acht misi ocus tú-su ocus in rechtaire .” “Tabar in chú istech !” ar sé.”

Ocus ro éirgetar cethrar  p.15 ar a cenn ocus tuccsat leo istech hí. Ocus amal ám 290  atchúala sí fogur gotha Uilix, tucc builli ar in slabraid , cur chuir in cethrar inna laigi ar fut in tige inna degaid, cur ling i n-ucht Uilix, ocus co ro lig a gnúis ocus a aigid . O'tchonncatar muinter Uilix sin, ro lingset cuci . In duine díb nach roiched a 295  chness, ro phócad do phócaib a étach. Ocus nir glúais a ben fris-sin . “Is tú Uilix ” ar sí. “Is mé” ar sé. “Is immda lucht 'na cumachta,” ol sí “ocus taiscfet -sa m' áentuma, co tí do delb duit-si.”

Sechtmain dó and in tan tucc sí aichni for a deilb . 300  Ocus ro áentaigset iar sin. “Atá cilfing becc acam ” ar Uilix, “tucc m' oite dam ocus adubairt frimm cen ̇foslucud furri noco tuccainn duit-si hí” Ro ̇foslaicset furri fo chétóir. Deich n-uingi ocus ceithri fichet tuccastar-som ar in foglaimm, is ed ro 305  bói innti , ocus tinne óir ar a huachtar do choimét a fírinne fair.

Conid é merugud Uilix maicc Leirtis ó thús co derid co sin .

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Merugud Uilix maicc Leirtis

Author: unknown

Editor: Kuno Meyer

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Emer Purcell

proof corrections by: Hilary Lavelle, University of Ulster at Coleraine

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project.

Edition statement

2. Second draft.

Extent: 4670 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2006

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G305003A

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources

  1. Stowe MS. 992, fo. 59b, 2–61a, 2 (cf Rev. Celt. vi. p. 190), a vellum codex compiled, according to an entry, on fo. 1, in 1300 A.D.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, 536 olim 23 P 12 al. Book of Ballymote, p. 445a–447b, a MS written towards the end of the 14th century.
  3. Dublin, King's Inns' Library, MS 12, 41-43.

Editions

  1. Kuno Meyer, Merugud Uilix maicc Leirtis: the Irish Odyssey (London 1886).
  2. Robert T. Meyer (ed.), Merugud Uilix maic Leirtis (Dublin 1958).

Literature

  1. E. G. Cox, Classical Traditions in Medieval Ireland, Classical Quarterly 3 (1924) 267–84.
  2. Robert T. Meyer, 'The Middle Irish Odyssey: folktale, fiction or saga?', Mod Philol 50 (1952) 73–78.
  3. Gerard Murphy, The Ossianic lore and Romantic tales of medieval Ireland (Irish Life & Culture 11) (Dublin 1955) 17.
  4. W. B. Stanford, The Ulysses Theme: a study in the adaptability of a traditional hero (Oxford: Blackwell 1954; 2nd edn. revd., 1968).
  5. Howard Meroney, [Review] JCS 2 (1958) 258–60.
  6. Gearóid Mac Niocaill, Review of Robert T. Meyer (ed.), Merugud Ulix maic Leirtis, MMIS 17 (Dublin 1958) in Éigse 9 (1958–61) 134–136.
  7. Robert T. Meyer, 'The Middle Irish Odyssey and Celtic folklore', Papers of the Michigan Academy of Science, Arts and Letters 46 (1961) 553–561.
  8. Kevin O'Nolan, Homer and the Irish hero tale, Studia Hibernica 8 (1968) 7–20.
  9. Kevin O'Nolan, Homer and Irish narrative, Classical Quarterly ns 19 (1969) 1–19.
  10. W. B. Stanford, Towards a history of classical influences in Ireland, Proceedings of the Royal Irish Academy 70 C (1970), 13–91.
  11. Kevin O'Nolan, The Use of Formula in Storytelling, Béaloideas 39–41 (1973) 233–250.
  12. Frederick Ahl, 'Uilix mac Leirtis: the classical hero in Irish metamorphosis', R. Warren (ed.), The art of translation (Boston MA 1989) 173–198.
  13. Barbara Hillers, 'The odyssey of a folktale: Merugud Uilix Meic Leirtis'. Proc Harvard Celtic Colloquium, 12 (1992) 63–79.
  14. Ralph O'Connor, Classical Literature and Learning in Medieval Irish Narrative (Woodbridge 2014).

The edition used in the digital edition

Meyer, Kuno, ed. (1886). Merugud Uilix maicc Leirtis‍. 1st ed. v + 36 pp.; v–xii Introduction; 1–15 Critical edition of Text; 16–29 Translation; 30–36 Index Verborum. 270 Strand, London: David Nutt.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G305003A,
  title 	 = {Merugud Uilix maicc Leirtis},
  editor 	 = {Kuno Meyer},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {v + 36 pp.; v–xii Introduction; 1–15 Critical edition of Text; 16–29 Translation; 30–36 Index Verborum.},
  publisher 	 = {David Nutt},
  address 	 = {270 Strand, London},
  date 	 = {1886}
}

 G305003A.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pages 1–15 of the volume. All editorial introduction, notes and indexes have been omitted.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof–read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is tagged sup resp="KM". Expansions to the text are marked ex. There are some discrepancies between line numbering and location of variants. Therefore the encoding of the variants was in some cases tentative.

Quotation: Quotations are marked q.

Hyphenation: The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation: div0=the adaptation; paragraphs are marked p; page–breaks are marked pb n="".

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Profile description

Creation: By one or more unknown author(s). The earliest extant MS is from AD 1300. 1150-1300

Language usage

  • Text is in Middle Irish. (ga)
  • Some words are in Latin. (la)
  • Witness list and annotations are in English. (en)

Keywords: Classical; prose; medieval; adaptation; Greece; Odyssey

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-09-22: Keywords added; file validated; new wordcount made. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-07-23: Minor editorial changes to file header, text and bibliography made; XML file reparsed. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2006-11-15: Header modified; file reparsed, HTML and SGML files created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2006-09-04: File proof-read (2); more markup added, structural and content markup converted to CELT usage; pagebreaks inserted and milestone tags positioned. (ed. Emer Purcell)
  5. 2006-08-31: Header compiled with bibliographical details. (ed. Emer Purcell)
  6. 2006-05-30: File proof-read (1) and basic markup applied. (ed. Hilary Lavelle)
  7. 2006: File captured by scanning. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T305003A: The Wandering of Ulixes son of Laertes (in English Translation)

Source document

G305003A.xml

Search CELT

  1. Iuliux St. and so throughout 🢀

  2. incipit do. m. U. sosis bodesta. B. 🢀

  3. From here to line 17 St is defective. 🢀

  4. According to Meyer, this variant occurs in line 37. 🢀

  5. Small circle over u. 🢀

  6. is-ocus omitted in B 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top