CELT document G402571

Aiste Dáibhí Cúndún

Unknown author

Edited by Cecile O'Rahilly

Whole text

     p.35

    Aiste Dáibhí Cúndún

  1. Is buartha an cás so 'dtárlaig Éire,
    'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig,
    an uaisle ar lár gan fail ar éirghe,
    'na gcuail chnámh atáid a laochra.
    Mo thrua a mná i ndáil a chéile,
    ag uaill 's a' gártha, a' fásga a méar lag,
    ag buain na gciabh go dian dá bpréamhaibh,
    ag túairt na mbas go prap dá chéile, p.36
    's ag sile na súl go dúch i ndéaraibh.10 
    Och mo chrá! níl fáil ar réiteach.
    Is fíochmhar spáirneach atáid na spéartha,
    an ghrian ar eachaibh ag tarraing fá néalaibh
    is í le hathadh le Saturn fraochda.
    Le hiomad blian i ndiaig a chéile15 
    tá an t-éasga ar lasa ag taisdeal na spéire,
    tá an fhuil le faicsin i dTeachta na nDéithe,
    's ni mheasaim gur taise don mheardruin Vénus,
    is tá comet reannach ag bagar gach aonuilc.
    D'fhág súd na daoine bruíneach pléideach,20 
    is táid na críocha cíocrach faorach.
    Táid na ríochta gan rí gan saorfhlaith,
    is táid an uaisle buartha ón dtaom so,
    is táid na pobuil faoi choga is faoi spéirling,
    is na boicht go doilbh ag cosnamh ha hÉireann.25 
    Is dóibh is measa liom sparainn na spéartha
    's a mbeith cráite is fá dom dhéaraibh,
    dá gcur ó áit go háit gan réspect,
    gan díon aige taoiseach ná ag préamhfhlaith,
    gan duine díobh 'na thír dá léigean30 
    acht ruagairt gan fuara ar a dtréanaibh
    's a sult go Connachta uile dá léirchuir.
    Cuid dá ndícheanna díobh le héitheach p.37
    is cuid dá ndíol is na críochaibh daora
    ag déanamh sochair do bhodaig an Bhéarla.35 
    Scum na Sagsan is na bailtibh fa thréine
    ag mille na coda dár fosgadh ar éigin,
    dá leadra, dá gcnapa is dá spréacha.
    Och! monuar, mo bhuairt lem shaogal!
    Och! mo thrua, níl suan i ngaor dham!40 
    Táid mo chluasa ón mbuairt gan éisteacht
    is táid mo shúile múchta ó dhéaraibh.
    Nílim balbh, mo labhairt ní léir dham.
    Níl dáil sgartha agam theangain rem dhéadaibh.
    Tá duig am cheann is treighid am thaobh deas.45 
    Tá mo chruí gan bhrí 's mo chéadfa.
    Tá mo mhisneach go haimhneart 's mo ghéaga,
    mo lámha gan osa 's mo chosa gan éasgacht,
    mo bhéal le hathadh ag ceangal dá chéile.
    Níl lúth ar m'aire ná caitheamh na ngaethe,50 
    rith ar faithche ná ar mhachaire fhéir ghlais.
    Ní ghráim an seabhac, ní marcach me ar stéideach
    Ní bhfaghaim radharc ar ghadhar na spéasrach.
    Ní leanaim an fia go dian fá shléitibh.
    Níl mo thoil do sgoil na n-éigeas.55 
    Ní labhraim ceachtar díobh, Laidean ná Béarla, p.38
    is orm is dall Franncais is Gréigis,
    ní chanaim Spáinnis ná ráite Éibhir
    is teanga mo mháthar, mo chrá má's léir dham.
    Ní sheinnim go sámh ar chláirsig théidbhinn.60 
    Ní imrim áce ar tháiplis thaobhthais
    's i n-imirt na gcárt an t-ás ní léir dham.
    Fá mo smúinte cúrsa an tsaogail.
    Cé hiomdha dúithche, cúirt is aolchloch,
    cé hiomdha baile, cathair is tréantor,65 
    cé hiomdha ríocht is críoch is saorthreibh
    do thaisdil mo chos ón bport go chéile,
    mo chrá má b'fhollas dam modh i gcrích Fhéilim
    i n-áit dár ghabhas ná i mbaile dár fhéachas.
    Do bhíos san each do cheapadar Gréagaig70 
    ar ndul asteach i mbaile na Trae shoir.
    Do bhíos am sgolaire ag imeacht mar Aongus
    an uair do briseadh a loingeas ó chéile;
    do chuas don Chártage le hárdmhac Vénus
    an uair do chealg an ainnir dheas déidgheal.75 
    Do chuas le Jáson go hárus Médea
    i gcoinne na holla lér tolladh na laochra.
    Do bhíos i dtímcheall an ímpire Caesar p.39
    an uair do dhíothchuir Puímp 's a thréine.
    Do bhíos i gcamptha an Fhranncaig fhraochda80 
    is ansa trúp do thiúnsgain Séarlas
    dá chuir go Rí na ndúl le sgéalaibh.
    Le hAlasdram Muar do chuas ó Ghréagaibh
    ag taisdeal na gcríoch 's gach tír dá léirsgrios,
    ar ndul don Ásia, don Spáin 's don Égypt,85 
    Eóraip is Afraic nuair cheangail fá aonsmacht.
    Do bhíos am Shampson an chúil chraobhaig
    ar gcur na bhFilisteanach uile faoi dhaorbhruid.
    Do bhíos am Maoise, an tsaoi gan éalaing,
    an uair thug a luingeas ó fhuirinn na hÉgypt,90 
    clann Isra-íl 's a mbuíon i n-aonacht
    tré lár na mara 'nar basgadh na céata.
    Do bhíos am Thítus ba líonmhar tréine
    ar dtógbháil cathrach Jerusaléma.
    Do bhíos san Róimh nuair d'fhógair Néro95 
    an chathair do dhó 's a stór 's a gréithre,
    's am Musidórus ba chróga i gcéidil
    is am mhac Eabhrach d'aistrig 'éadach
    tré ghrá na mná dob' áille mhaorga.
    'S am Rí Artúir an Bhúird chaomhchruinn p.40100 
    ar ngeimhle a halla le chéile
    ar Mhá na n-Iongna le Ridire na Gréine;
    do bhíos am Mhadra .i. Alasdram éachtach
    ag taisteal gach críoch ar sgaoile a spéasrach.
    Do bhíos am Ghalfas ag tabhairt gach aonchath105 
    ar thóruíocht soithig na druinge naofa.
    Do chuas le hEarcuil go Cerberus tréinteann
    an uair thug amus ar chonnsgar Théseus.
    Do sporras 'na dhiaig sin ag tíacht don taobh so
    d'fhéachain saoithe is laoichre Éireann.110 
    Do bhíos am Chonall 'na cholla i mBinn Éadair
    an uair leig Eithne chum loinge gan spéirling,
    's i gcath Mhucruimhe ba tubaist mo sgéalta,
    do ghabhas lot go docht am thaobh deas.
    Do bhíos am Osgar i gcosgar na mbéimeann115 
    an uair d'fhág na catha 'gus Cairbre créimeach.
    Do bhíos am Chonn nár chrom ó chéidil
    ar tháin an tailimh lér threasgair na laochra, p.41
    's am chloinn Uisneach nuair sgiobadar Déirdre
    do chuir Rí Uladh ar cuthach le héad leo.120 
    Do bhíos am Lúig ba lúbach géaga
    ag buain an fhearainn do Bhalar na mBéimeann;
    's am thriúr cluinne Tuireann léidmheach,
    i gcuinne na muice mo thuras don réim sin;
    am Mhac uí Dhuibhne san mBruidhin Chaorthainn125 
    is ar thóruíocht Shaidhbhe, an bhraighidgheal bhéusach;
    i gcath Fionntrágha mo dháil ba phléideach,
    cíos na hainnise chailleas mar mhéirlig.
    Do bhíos am Chonn ag tabhairt gach aonchath;
    do chuas le Niall nuair thriall a hÉirinn,130 
    is tug géille an taoibh shoir leis ar éigin.
    Do bhíos ag fosgain Lochlann ón dtaobh so
    an uair do threasgair Maoileachlainn Turgésius,
    is i gcath Chluana Tairbh inar basgadh a dtréine
    an uair do thuit Brian is Murchadh i n-aonacht;135 
    i gcath Ruis na Rí is Muighe Léana
    's i gcath Muighe Tualaing chruaig na mbéimeann.
    I n-áit dár ghabhas ní fheaca is níor léir dham,
    's a bhfuaras ó Aoibhill na Craige Léithe,
    na ó Chliona an tsí-bhean mhaorga,140 
    ná ó Áine an bhánfhlaith bhéaltais, p.42
    ná ó Fhionnlag bhannda bhéasach,
    ná ó inín Deirg, an ainnir ghlan déidgheal,
    ná ó mhnaoi ar bith díobh dár fhéachas,
    ná ó Dhonn Fírinne, saoi na saorchleas,145 
    ná ó Ghearóid Iarla, triath na gcaol-each,
    ná ó Mhacaomh Innse Creamha níor éisdeas,
    ná ón tsaoi nuíanta Síomon aosda,
    ná ó Fhuaim Tuinne ba chlisde ar na gaothaibh,
    ná ó Bhrog na Bóinne 'nár chómhnaig Aongus,150 
    ná ó bhruín do bhruíontaibh Éireann,
    ná ó Bhrog na Bóinne 'nár chómhnaig Aongus,
    ná i leabhraibh fáig, mo chrá! má léasa-sa
    ná i sórt staire dár ceapadh san tsaogal
    samhail an turais si d'imig ar Ghaeulaibh.
    Do léas leabhair seannda na nGréagach,155 
    is gach stair dár ceapadh i dteanga na n-Éabhrach,
    is gach ar sgríobhadh ar Phuímp is ar Caesar
    is gach ar smúinig Plútarch d'fhéachas,
    's ar sgríobh Hómer, rós na héigse,
    's ar sgríobh Virgil ar imeachtaibh Aonguis,160 
    's ar sgríobh Cicero i gcoinne ne méirleach,
    is gach ar deachtadh le Hector Boetius,
    's an méid do canadh le Marcus Aurelius.
    Saltair Chaisil is dearbh gur léir dham,
    Leabhar Ghlinn Dá Loch gan ghó do léas-sa p.43165 
    Leabhar Buí Moiling is Leabhar na n-Aosa,
    Leabhar Molaige is Oirecheapt Chionnfhaolaig,
    is Leabhar na gCogaí or bh'osnadhach céata.
    An <title type="manuscript book" TEIform="title">Réim Ríogra</title> is fíor gur léir dham,
    Amhra Choluim na bhfocal naofa,170 
    is mórán farrais ná fachtar i n-Éirinn.
    Dar mo bhasa, ní fheaca is níor léir dham,
    annsna starthaibh do chanaim san méid sin,
    samhail peannaide an tailimh si Fhéilim.
    Do-bheirim go deimhin le linn na n-Aosa175 
    ó Ádhamh go bátha an tsaogail,
    is ón mbátha go hÁbhraham naofa,
    is ó Ábraham go Dáibhí Réxa,
    is ó Dháibhí annsan go bruid na saorchlann,
    is ón mbruid arís go teacht Chríost dár saora,180 
    is ó theacht Chríost go críoch an tsaogail
    nach raibh, nach fuil is nach baogal
    do chur ar fhuirinn dár geineadh ó Éabha
    samhail na bruide fár cuireadh críoch Fhéilim.
    Anois tráchtfad páirt dá sgéalaibh,185 
    bíodh gur páis ar bhárr mo phéine é. p.44
    Is tinn an aithris dam eaglais Éireann,
    mar chím i n-easba a sagairt 's a cléirig
    tar taobh don talamh tug tabharthas naofa,
    a dtréad ar machaire, a marbhchuirp spréachta190 
    's a gcinn ar sparraibh mar cheannaibh na bhfaolchon.
    Cuid dá gcnapa 'na gceannaibh mar mhéirlig
    is cuid tar farraige ag seachna an éirlig.
    Is baintreach gach teampoll le tréimhse
    is táid a mainistreacha dá dtreasgairt gach lae aca,195 
    's an méid dá n-eaglais sheasmhas ar fhéar ghlas.
    Mo thrua is measa liom caille a dtréada
    is gan buachaill aca chum seasaibh san éigin.
    Monuar is measa mar mhairg ná'n méid sin
    a mbuaine i bpeaca 's gan aca an té réifeadh.200 
    Mo chrá má mheasaim gur taise dá laochra.
    Atáid dá ngearra 's dá gcreacha gach lae aca,
    's a bhfuil gan leaba acht aiteann an tsléibhe,
    seisg an churraig is ruide fá 'dtaobhaibh,
    fá shioc, fá shneachta, fá fhearthainn, fá ghaothaibh,205 
    gan greim re hithe acht biolar is féar glas,
    samha na gceapach nó seamair na ré-chnoc.
    Och monuar! an uaisle ar dtréigean!
    Do measadh a stát is tá ar láimh na méirleach,
    is táid a mbailte faoi bhastartaibh Béarla, p.45210 
    is táid a gcartacha daingean le tréimhse
    ar láimh na nGall nach ceannsa céadfa,
    is a ndúnta faoi mhúnlach lucht céirde,
    is gan dá ndaingeanacha aca le féachain
    acht príosúin dhubha nó tithe na ngéibheann.215 
    Cuid dá gceannaibh ar sgarthain re a gcaomhchorp,
    is cuid i nglasaibh don ghorta go n-éagaid.
    Cuid dá bhfosgain go Connachta an éirlig
    faoi ghlas na Sionna nach fuiris a réiteach,
    's an lón diamhair do bhiathadh a mbéiltir220 
    i n-árus chlúimh fá stiúsaí an eithig,
    's gan le rá mar shásamh d'aonneach
    acht a rogha aca bás d'fháil nó éirghe.
    Transplantátion dá rá i n-éifeacht.
    Mo thrua a gcumas ar n-imeacht a bpréimhe!225 
    A gcinn chum cláir go brách ní léigfear.
    I dtaobh an íoca bíd fá ghéibheann.
    Caithfid an dlí si Chríost do thréigean
    is briathra Chailbhin do ghlaca mar phrécept.
    Cé do gheallas duit dearbh na sgéal so,230 
    mo chrá má chím cá slí 'na ngéabhad.
    Níl sórt peannaide le haithris fá néalaibh
    do phláig, do ghorta, do choga, do chréimibh,
    nár thairg tíocht don chrích si Fhéilim, p.46
    ó lá an Bhealaig 'nár sgaipeadh na céata235 
    is ó lá an Leasa 'nar cailleadh na laochra
    is ó lá Chnuic na nDos ba dhéarach
    ionar fealladh ar Alasdram éachtach.
    Bíodh gur cailleadh sgata san Léith-chloich,
    an chlú an uair cailleadh, chuaidh ainm i n-éaga.240 
    Is ón lá tháinig Táaf mar léader
    do bheir chum ceana do ghlaca 's do thraocha
    nó chum dísle 'shíne ar mhéaraibh
    nó chum coga do chosnamh ar bhaogal.
    I n-áit a gcreidimh ó bheireadar géille245 
    's ó tugadh masla do theachtaire an phréamhfhlaith,
    's ó cuireadh sgaipe ar an eaglais ó chéile,
    's ó cuireadh le bárr nirt Clann Márgan a hÉirinn,
    's ó lá an aitinn do ghlaca dá léana,
    's ón lá briseadh i nDuibhlinn a dtréine250 
    's do bhádar 'na sodar ó Life go Léithghlinn,
    ní raibh mo shúil i rún le Gaeulaibh.
    Siúd an uair ba dhual bheith déarach,
    siúd an uair do bhuair an taobh so.
    Siúd an lá cailleadh a sagairt 's a gcléirig.255 
    Siúd an lá ionar thráig a dtréine, p.47
    Siúd an lá ionar crádh a laochra.
    Siúd an lá do bhí a gcás le réiteach.
    Siúd an áit ionar fágadh Éire.
    'S ón lá fuair Cromuil an chonair 'na slaodaibh,260 
    'nár sgaoil fá chumas an brusgar so an Bhéarla
    ar fuaid chupaird is chláir an t-ár 's a' t-éirleach,
    is tug i nDroithead Átha an t-ármhach créachtach,
    ar mhnáibh, ar leinbh, ar fhearaibh is ar laochra,
    is tug an sgíomhal so tímcheall Éireann,265 
    's ón lá cuireadh fá thubaist críoch Laoghaire,
    ionar glacadh go fíor a ndlí 's a bprécept,
    siúd mar dhlí go glinn dár ndaora.
    Inneósad páirt dá gcás má fhéadaim:
    caithfeam ár gcreideamh fá dheire do shéana.270 
    Níl cead le fáil chum lámhaig ar ghaethibh,
    ná marcachas ar eachaibh an fhéir ghlais,
    ná snámh go leabhair ar abhannaibh tréana.
    Ní leómhthar pionnsa 'thionnsgna ar aon chor,
    iomrasgáil ná trácht ar léimrig,275 
    ná ar aon tsórt airm dár ceapadh i n-éifeacht. p.48
    Prioca práis 'na láimh ní léigthear.
    Gach a measaid bheith óg ní leómhaid ar aon chor.
    'Sé chanaid gan ghó gur Rogue nó méirleach.
    Ní fhoidhnid teagasg ar Laidin ná ar Ghaelge280 
    ná d'aon bheith gasda 'sna healadhnaibh saora.
    'Sé is cúis bhunaig, mar thuigim, don méid sin:
    mallacht an Phápa gach lá dá léirsgrios.
    Siúd an ní do-bheir Gaoil fá mhéala,
    do-bheir ár mná faoi ghártha a' géarghol,285 
    do-bheir an phláig ins gach áird dár dtraocha,
    do-bheir ár n-aibhne ar díth éisge,
    do-bheir an talamh gan tartha le chéile,
    do-bheir dath fola ar shrothaibh na hÉireann.
    Guím thu, a Mhuire, ⁊ fortaig an taobh so,290 
    a bhuime na mbocht nár loc ón réiteach.
    Guím Eóin Baiste 's na hapstail le chéile,
    naoimh an domhain i bhfuirm mar adéarfainn,
    do chur a nguí chum Críost dár saora
    ón mbruid, ón bpeannaid is ón ngéibheann295 
    'na bhfuilid Gaoil, mo dhíth, le tréimhse.
    Is dá ndáileadh Dia d'aontriath do Ghaeulaibh,
    d'uaislibh Táil nó don Chárrthfhuil thréanmhair
    do ghlacfadh do láimh i dtráth an éachta,
    do chuirfeadh an t-ár le lánchath chréachtach,300 
    is do chuirfeadh tar ais le slait na méirlig, p.49
    cé nach buan ón mbuairt mo shaogal,
    am shrón, dar Duach, an t-uar do shéidfeadh.
    Yes, by Gad, I'd swag my béaver.
    Ní léigfinn mo chluas do thuargaint d'aonneach.305 
    To kick my arse ní rachadh gan spéirling,
    To break my chaps mo chreach da léigfinn
    le haonmhac boduig dár choguin an Béarla
    gan bheith 'na bhruicill 's a shiolla do léirchleith.
    An uair nach faighim-se leigheas na gcréacht so,310 
    leagfad mo shúile dúnta i n-aonacht,
    ní chuirfead cor dom chois go n-éagad,
    bíodh Críoch Fáil mar atá le tréimhse,
    go dtigid grása ó árdMhac Dé ghil,315 
    'na buaile phráisg dá cárna ag méirlig.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Aiste Dáibhí Cúndún

Editor: Cecile O'Rahilly

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber and Beatrix Färber

Proof corrections by: and Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project and PRTLI 4

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 3530 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2008

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402571

Availability: Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.The electronic edition was published with the kind permission of the Dublin Institute for Advanced Studies who owns the copyright.

Notes statement

This text is taken from

Title (): Five seventeenth-century political poems

which can be purchased via http://www.celt.dias.ie/publications/cat/.

Editor's note on the manuscripts and headings: G is faded and illegible in parts. N is practically identical with G. B occasionally gives a reading so different from that in any other manuscript that it suggests that the scribe copied from an imperfect version or wrote the poem from memory. M is a transcript of B. In the group C etc., I is a transcript of F and L a transcript of J. E and K, both transcribed by Micheal Óg Ó Longáin, are not identical. E resembles C etc. K, which omits odd lines, resembles O. In E, Ó Longáin adds a note at the end of the poem: Silim go bhfuil cor cam san aiste seo; ní on ughdar nó uaimsi úd sin innte acht on sgribhneóir do sgribh romsa í. Ní dhearnasa do leasughadh uirthe acht a sgriobh mar fuaras reomham i. In his later copy K, however, Ó Longáin did emend: where the line is apparently obscure in meaning, he either omits it or substitutes his own line, and he adds lines not found in any other copy. The heading in most manuscripts is

Title (): Aiste Dháibhi Cundun

,

Title (): Aiste Dháibhi Cundun air Erinn

, In E and K it is headed

Title (): Cumha Caointe na hEireann 1691

, with a later correction of the 91 to 50 in E.

Source description

Manuscript sources

  1. Maynooth, Mur. 86, in the hand of Seán na Raithíneach.
  2. Dublin, National Library of Ireland 108 (Philipps 13740), scribe Seán Ó Caoimh, 1777–1787.
  3. Dublin, Royal Irish Academy F v. 1, scribe Seaghan Ó Muláin, 1796.
  4. Dublin, Maynooth 52, scribe Dáibhí Ó Duibhluachradh, 1796 (incomplete).
  5. Dublin, Royal Irish Academy 23 G 24, scribe Ml. Óg Ó Longáin, 1805.
  6. Dublin, National Library of Ireland 350 (O'Cassidy MSS), scribe Eoghan Tóibín, 1815.
  7. London, British Library, Additional 31874, scribe an t-athair Dáibhí Ó Mathghamhna, 1816.
  8. Maynooth, Mur. 5, scribe Seaghan Ó Muláin, 1818.
  9. Dublin, National Library of Ireland 219 (Joly 2), scribe Pádruig Ó Rinn, 1825.
  10. Dublin, Royal Irish Academy 23 M 14, no scribal signature; after 1828.
  11. Dublin, Royal Irish Academy 23 C 8, scribe Ó Ml. Óg Ó Longáin, 1833.
  12. Dublin, Royal Irish Academy 24 M 4, scribe Seán Ó Dreada, 1836.
  13. Dublin, National Library of Ireland 72 (Philipps 10832), scribe Peadar Ó Longáin.
  14. Dublin, National Library of Ireland 206 (Comyn 25), scribes Antony and Eugene O Curry, after 1837.
  15. Dublin, National Library of Ireland 364 (O'Cassidy MSS), no scribal signature; 19th century.

Secondary literature

  1. John P. Prendergast, The Cromwellian Settlement of Ireland (Dublin 1922).
  2. Robert C. Simington, The Transplantation to Connacht 1654–58 (Dublin 1970).
  3. Jane H. Ohlmeyer (ed.), Ireland from independence to occupation 1641–1660 (Cambridge: Cambridge University Press 1995).
  4. Joseph T. Leerssen, Mere Irish and Fíor-Ghael: studies in the idea of Irish nationality, its development and literary expression prior to the nineteenth century (Critical Conditions: Field Day Essays, Cork University Press 1996).
  5. Jane H. Ohlmeyer 'The civil wars in Ireland'. In: John Philipps Kenyon; Jane H. Ohlmeyer (eds.), The civil wars: a military history of England, Scotland, and Ireland 1638–1660 (Oxford: Oxford University Press 1998) 73–102.
  6. Micheál Ó Siochrú, Confederate Ireland 1642–1649: a constitutional and political analysis. Dublin: Four Courts Press, 1998.
  7. Jane H. Ohlmeyer (ed.). Political thought in seventeenth-century Ireland: kingdom or colony. Cambridge: Cambridge University Press in association with the Folger Institute, Washington, DC, 2000.
  8. Pádraig Lenihan, Confederate Catholics at War 1641–49, Cork: Cork University Press, 2001.
  9. Michelle O'Riordan, Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality (Cork 2007).

The edition used in the digital edition

O’Rahilly, Cecile, ed. (1952). Five seventeenth-century political poems‍. 1st ed. reprinted 1977. Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{G402571,
  title 	 = {Five seventeenth-century political poems},
  editor 	 = {Cecile O'Rahilly},
  edition 	 = {1},
  note 	 = {ix + 181 pp},
  address 	 = {Dublin},
  date 	 = {1952},
  note 	 = {reprinted 1977},
  publisher 	 = {Dublin Institute for Advanced Studies}
}

 G402571.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

The present text represents pp. 17–32 of the volume. Editorial introduction, variant readings, notes and indexes have been omitted.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: There are no quotations.

Hyphenation: The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation: div0=the poem; stanzas are marked lg.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. Foreign words are tagged.

Profile description

Creation: By an Irish bardic poet. c.1650-1660

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)
  • Some words are in English. (en)

Keywords: bardic; poetry; 17c; political

Revision description

(Most recent first)

  1. 2008-10-11: Header modified; keywords added; file validated. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2008-04-27: File proofed (2). Header constructed; file parsed; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2008-04-04: Provisional header constructed. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2008-04-03: File proofed (1), remainder of file keyed in; more structural markup applied. (ed. Laura Harmon)
  5. 2008-04-01: File partly marked up. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2008-03-18: Text scanned. (data capture Beatrix Färber)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402571.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top