CELT document I3000012

Tochmarc Étaíne

Modern Irish translation

 p.143

1. Tochmharc Étaíne

[1] Bhí rí uasal in Éirinn — de Thuathaibh Dé Danann a chineál agus Eochaidh Ollathair a ainm. Ainm eile dó an Dá óir b'é sin a dheineadh na fearta agus a rialaíodh na síonta agus na torthaí dóibh. Dá bhrí sin deiridis go nglaoití an Dá air. Bhí bean ag Ealcmhar an Bhrú — Eithne a hainm. Ainm eile dí an Bhóinn. Bhí sí ón nDá i gcairdeas colla. Ghlacfadh an bhean leis an nDá mura mbeadh eagla Ealcmhair uirthi toisc méid a chumhachta. Ina dhiaidh san do chuir an Dá Ealcmhar uaidh ar turas go dtí Breas mac Ealaíon i Mágh nInis agus do chuir an Dá geasa móra draíochta ar Ealcmhar agus é ag dul uaidh chun ná tiocfadh sé thar nais go luath agus do bhain sé dorchadas oíche de agus d'ainic ar ghorta agus ar thart é. Do chuir sé teachtaireachtaí móra air gur imigh naoi míosa thart in aon ló — mar dúirt sé go dtiocfadh sé thar nais idir lá agus oíche. Chuaigh an Dá isteach go dtí bean Ealcmhair agus rug sí mac dó — Aonghas a ainm. Agus bhí an bhean slán dá seoladh ós comhair Ealcmhair agus níor bhraith sé a locht uirthi .i. í tar éis bheith ina luí leis an nDá.

[2] Rug an Dá a mhac leis ar altram go tigh Mhír i mBrí Léith i dTeafa. Do hoileadh Aonghas ansan go ceann naoi mbliana. Bhí mágh mhór chluiche ag Mír i mBrí Léith. Bhíodh trí caogaid mhac ann de mhacaoimh thíre Éireann agus trí caogaid iníon d'iníona thíre Éireann. Bhí Aonghas ina thaoiseach orthu go léir ar mhéid a ghrá le Mír, ar chaoimhe a dheilbhe agus ar shaoire a chiníl. B'ainm dó ansan an Mac Óg mar dúirt a mháthair "Is óg an mac a deineadh i dtosach lae agus a rugadh idir é agus bruach nóna."

[3] D'éirigh idir Aonghas agus Triath mac Feabhail (nó Gabhair) de na Fearaibh Bolg a bhí ina leathtaoiseach don chluiche agus ina dhalta ag Mír. Níor mhaith le hAonghas go mbeadh Triath ag caint leis mar dúirt sé "Is olc liom mac an mhogha a bheith ag caint liom" — mar cheap Aonghas go dtí san gurbh é Mír a athair agus gurbh í ríocht Bhrí Léith féin a oighdreacht agus ní raibh a fhios aige an t-am san gur chara gaoil dó an Dá.

[4] Do fhreagair Triath agus dúirt "Ní fearr liomsa" ar seisean "an t-amhas gan fhios máthar ná athar dó a bheith ag caint liomsa." Ina dhiaidh san chuaigh Aonghas le gol agus le dúchas chun Mír agus aithis bainte as ag Triath. "Cad é seo?" arsa Mír. Cháin Triath mé agus chaith suas im aghaidh ná fuil máthair ná athair agam." "Is bréag san" arsa Mír. "Más ea" arsa Aonghas "C é hí mo mháthair agus cad as do m'athair?" "Ní deacair é sin. Is é Eochaidh Ollathair t'athair" arsa Mír, "agus is í Eithne bean Ealcmhair an Bhrú do mháthair. Is mise a oil tú fé cheilt ar Ealcmhar chun ná beadh sé cráite tusa a bheith déanta dá ainneoin." "Tair im theanntasa" arsa Aonghas, "go n-admhaí m'athair mé chun ná rabhad níos fuide i bhfolach fé aithisí na bhFear Bolg."

[5] Ansan d'imigh Mír agus a dhalta ina theannta chun a bheith ag caint le hEochaidh go dtí gur shroiseadar Uisneach Mí i lár Éireann mar is ansan a bhí tigh Eochaidh ionnas go raibh Éire ar chomhfhad uaidh ódheas agus óthuaidh, soir agus siar. Fuaireadar Eochaidh ar a gcionn i ndáil. Ghlaoigh Mír an rí ar leith chuige chun go mbeadh sé ag caint leis an macán. "Cad is áil leis an óglach so nár tháinig roimhe seo?" "Is áil leis a admháil dá athair agus fearann a thabhairt dó," arsa Mír "mar ní ceart do mhacsa gan fearann agus tusa i ríocht Éireann." "Mochean dó" arsa Eochaidh, "is mac dom é. Ach ní folamh fós an fearann ba mhian liom a thabhairt dó." "Cé'n fearann é sin?" arsa Mír. "An Brú lastuaidh den Bhóinn," arsa Eochaidh. "Cé tá ann?" arsa Mír. "Is é Ealcmhar an fear atá ann" arsa Eochaidh, "níorbh áil liom é a chrá níosa mhó."

[6] "Cogair, cé'm chomhairle a thabharfaidh tú don mhacán so?" arsa Mír. "Tá agam dó," arsa Eochaidh "Téadh sé lá Samhna sa Bhrú agus bíodh airm aige. Is é sin lá síochána agus cairdeasa d'fhearaibh Éireann agus ní bhíonn éinne ann gur fuath leis a chéile. Agus beidh Ealcmhar i gcnoc shí an Bhrú gan airm aige ach gabhlán fionnchoill ina láimh agus brat dúbalta uime agus dealg óir ina bhrat agus trí caogaid sa mhá chluiche ós a chomhair ag a gcluiche. Agus téadh Aonghas chuige agus bagradh a mharú air. Agus is beite gan é a mharú má gheallann sé a réir dó. Agus gurab í réir Aonghasa ríocht lae go n-oíche sa Bhrú. Agus ná leigse an fearann d'Ealcmhar nó go ngéille sé dom réirse. Agus gurab í tagairt Aonghasa tar éis teacht gur i mbithdhílse a thit an fearann dó ar anacal Ealcmhair gan é a mharú agus is ríocht lae go n-oíche a d'iarr sé. Agus" ar seisean "is i laethanta agus oícheanta a chaitear an saol."

[7] Ina dhiaidh san d'imigh Mír go dtí a chríoch agus a dhalta ina theannta. Agus an chéad Shamhain eile rug Aonghas ar airm agus tháinig sa Bhrú agus do bhagair buille ar Ealcmhar nó gur gheall sé dó ar a anam ríocht lae go n-oíche ina fhearann. D'fhan an Mac Óg ann an lá san agus an oíche i ríocht na tíre agus muintir Ealcmhair dá réir. Tháinig Ealcmhar arna mhárach chun a fhearann a éileamh don Mhac Óg agus do bhagair bagair mhóra air. Dúirt an Mac Óg ná leigfeadh sé an fearann uaidh nó go gcaithfeadh sé i réir an Dá é ós comhair fear nÉireann.

[8] Ina dhiaidh san do glaodar ar an nDá agus dhleacht sé siúd cor cáich fé mar a bhí curtha ar inneall aige. "Is leis an óglach so an fearann feasta dá réir seo." "Is é go deimhin" arsa an Dá, "Thitis i mbaol i lá síochána agus cairdeasa. Thugais t'fhearann ar t'anacal mar ba chaoimhe leat t'anam ná do thír. Mar sin féin beidh tír agat uaimse nach mó a aimhleas duit ná an Brú." "Cé'n áit é sin?" arsa Ealcmhar. "Cleiteach" arsa an Dá "leis na trí tíortha atá mórthimpeall air, do mhacáin gach lá sa Bhrú ós do chomhair ag a gcluiche agus toradh Bóinne le caitheamh agat as an bhfearann so." "Tá go maith," arsa Ealcmhar, "mar sin a dhéanfar." Agus chuaigh sé ar imirce go dtí Cleiteach. Ina dhiaidh san do dhein sé dún ann agus d'fhan an Mac Óg sa Bhrú ina fhearann.

[9] Ina dhiaidh san i gcionn bliana tháinig Mír ar cuairt chun a dhalta don Bhrú go bhfuair sé an Mac Óg ar lá Samhna agus é in airde ar tulach Shí an Bhrú agus an dá fhoireann mhacán ós a chomhair ag a gcluiche sa Bhrú agus Ealcmhar in airde ar tulach Cleitigh theas ag féachaint orthu. D'éirigh idir na macáin sa Bhrú. "Ná gluais" arsa Mír leis an Mac Óg "i dtreo ná beidh Ealcmhar ag teacht anuas sa mhá. Raghadsa chun síocháin a tharrac eatarru." Ansan do chuaigh Mír agus níor réidh dó síocháin a tharrac. Caitheadh bior cuilinn ar Mír gur bhain sé a leathshúil as a cheann agus é ag tarrac síochána. Tháinig Mír agus a leathshúil ina dhorn chun an Mhic Óig agus dúirt leis "Ní maith a thánagsa chun fios do scéala a fháil go bhfuilim fé aithis agus náire dá bharr mar leis an smál so ní éireoidh liom an tír gus a dtánag a fheiscint agus ní shroichfeadsa feasta an tír as a dtánag."

[10] "Nára fíor é sin," arsa an Mac Óg, "raghadsa go Dian Céacht go dtaga sé chun tú a íoc agus beidh t'fhearann féin agat agus beidh an fearann so agat leis agus beidh do shúil slán gan aithis gan aineamh uirthi." Chuaigh an Mac Óg go Dian Céacht. "Tair im theanntasa" ar seisean, "chun m'oide a theasargadh a goineadh lá Samhna sa Bhrú." Tháinig Dian Céacht agus d'íoc Mír go dtí go raibh sé slán. "Is maith é mo thuras feasta," arsa Mír, "óir do híocadh mé." "Gura fíor é sin," arsa an Mac Óg, "fansa anso go ceann bliana go bhfeicfear m'fhian agus mo mhuintir agus mo theaghlach agus m'fhearann."

[11] "Ní fhanfad" arsa Mír, "mura mbeidh luach agam air." "Cé'n luach é sin?" arsa an Mac Óg. "Ní deacair a rá: carbad is fiú seacht gcumhala," arsa Mír, "agus brat mo dhiongmhála agus an cailín is áille in Éirinn. "Tá agamsa, "arsa an Mac Óg, "an carbad agus brat do dhiongmhála." "Tá leis," arsa Mír, "an cailín go sáraíonn a crot cailíní Éireann go léir." "Cá bhfuil sí siúd" arsa an Mac Óg. "Tá sí i gcúige Uladh" arsa Mír, "agus is í Éadaine Eachraí í, iníon Oilealla, rí oirthuaisceart na hÉireann, agus is í is caoine agus is míne agus is móráille in Éirinn."

[12] Chuaigh an Mac Óg dá fios nó go dtáinig sé chun tigh Oilealla i Mágh nInis. Cuireadh fáilte roimhe agus d'fhan sé trí hoíche ann. Dúirt sé a theachtaireacht agus shloinn sé a chineál. Dúirt sé gur tháinig sé chun Éadain a iarraidh. "Ní thabharfad duit í," arsa Oilill, "mar ní shroichim aon tairbhe ort ar shaorgacht do chineáil, ar méid do chumhachta agus cumhacht t'athar. Pé meabhail a chuirfidh tú ar m'inín, ní fhéadfad í a dhíol ort." "Ní mar sin a bheidh," arsa an Mac Óg, "mar ceannódsa uait í fé chéadóir." "Beidh san agat," arsa Oilill. "Cloisimís agatsa é," arsa an Mac Óg. "Ní deacair é sin," arsa Oilill, "dhá mhá dhéag i m'fhearann a fholmhú domhsa de pé rud atá ann mar dhíthreabh agus choillte, go mbeidh siad i gcónaí mar ingealtas do cheathra agus mar threabhadh do dhaoine, i gcóir cluichí agus céidí, dála agus dúnta iontu."

[13] "Déanfar é" arsa an Mac Óg. Tháinig sé abhaile agus do chaoin sé a chruachás leis an nDá. D'fholmhaigh sé siúd dhá mhá dhéag in aon oíche amháin i bhfearann Oilealla. Is iad so ainmneacha na má san ná Mágh Macha, Mágh Leamhna, Mágh nÍotha, Mágh dTochair, Mágh nDula, Mágh dTeacht, Mágh Lí, Mágh Line, Mágh Muirtheimhne. Nuair a bhí an obair sin déanta ag an Mac Óg, chuaigh sé go hOilill ag iarraidh Éadaine. "Ní thabharfaidh mé í," arsa Oilill, "nó go mbéarfaidh tú as an bhfearann so go dtí an fharraige dhá phríomhuisce dhéag atá i dtiobraidí agus móinte agus seiscinne, chun toradh a thabhairt ós na farraigí do thuathaibh agus cineálaibh, chun tír agus talamh a thiormú."

[14] Tháinig sé ansan gus an nDá agus do chaoin sé a chruachás leis. Ina dhiaidh san dhein sé siúd dhá phríomhuisce dhéag a dhíriú chun na farraige in aon oíche amháin. Ní fheacathas ann riamh go dtí san iad. Is iad ainmneacha na n-uiscí sin ná Fionn agus Múdharn agus Sleana agus Nas agus Amhnas agus Oichéan agus Or agus Banna agus Samhaoir agus Lóiche. Nuair a bhí deireadh leis na hoibreacha so, tháinig an Mac Óg chu cainte le hOilill ag iarraidh Éadaine. "Ní thabharfaidh mé í go dtí go gceannóidh tú í mar ní bheidh faic agam de mhaith an chailín agus í tabhartha duitse ach an méid a gheobhad fé chéadóir." "Cad a iarrann tú orm feasta" arsa an Mac Óg. "Iarraim" arsa Oilill, "cothrom an chailín domhsa d'ór agus d'airgead, ar is í sin mo chuid dá luach; an méid a dheinis go dtí so, is tairbhe é sin dá muintir agus dá chineál." "Déanfar é" arsa an Mac Óg. Cuireadh ar lár thigh Oilealla í agus tugadh uirthi a cothrom d'ór agus d'airgead. Fágadh an t-ionnús san ag Oilill agus rug an Mac Óg Éadain abhaile leis .

 p.153

[15] Chuir Mír fáilte roimh an mbuíon sin. Chodail Éadain in aon leabaidh le Mír an oíche sin agus tugadh brat a dhiongmhála agus an carbad dó arna mhárach agus bhí sé buíoch dá dhalta. Ina dhiaidh san d'fhan sé bliain lán sa Bhrú i dteannta Aonghasa. I gcionn bliana chuaigh Mír dá chríoch féin do Bhrí Léith agus rug sé Éadain leis. Dúirt an Mac Óg le Mír an lá a chuaigh sé uaidh: "Faire amach ar an mbean a bheireann tú leat toisc na mná fuathmhaire meangaí atá ar do chionn agus an méid fios agus eolas agus cumhacht a ghaibh a cineál" arsa Aonghas, "seach atá mo bhriatharsa agus mo chomairce léi ar Tuatha Dé Danann." .i. Fuamnach bean Mhír de chlainn Bheothaigh mhic Iardhainéil. Bhí sí gaoth agus treabhar agus eolach i bhfios agus i gcumhacht Tuath Dé Danann mar is é Breasal draoi a d'oil í go dtí gur nascadh le Mír í.

[16] Chuir sí fáilte roimh a fear .i. roimh Mír agus dúirt an bhean a lán de phlámás leo. "Tair, a Mhír" arsa Fuamnach, "go dtaispeánfaidh mé duit do thigh agus do theachta fearainn chun ná feictear iníon an rí do m'aithis." Chuaigh Mír timpeall a fhearainn go léir i dteannta Fuamnaí agus thaispeáin sí a dhlí dó agus d'Éadain. Chuaigh Fuamnach rompu sa tigh codalta mar a gcodlaíodh agus dúirt le hÉadain: "Thángaís go suí mná maithe." Nuair a shuigh Éadain sa chathaoir ar lár an tí bhuail Fuamnach í le fleasc chaorthainn chorcra gur dhein sí linn uisce dí ar lár an tí. Tháinig Fuamnach go dtí a oide, go Breasal, agus leig Mír an tigh don uisce a deineadh d'Éadain. Ina dhiaidh san bhí Mír gan bhean.

[17] Dhein teas na tine agus an aeir agus bruth na talún fortacht do'n uisce gur deineadh cnuimh den linn a bhí ar lár an tí agus ina dhiaidh san dhein cuileog den chnuimh sin. Bhí sí chomh mór le ceann fir ba chaoine do bhí sa tír. Ba bhinne ná cuisleanna agus cruiteanna agus corna fuaim a foghair agus easna a heití. Thaitníodh a súile mar léaga luachmhara sna réithe dorcha. Bhaineadh a boladh agus a bláth tart agus gorta den té go dtéadh sí ina thimpeall. Leigheasadh drúcht na mbraon a chaitheadh sí dá heití saothar agus galar agus támh do'n té go dtéadh sí ina thimpeall. Chomhriaradh agus imíodh sí le Mír nuair a théadh sér ar fud a fhearainn. Ba bhiatú do shluaite i ndálaibh agus d'oireachtais i ndúntaibh í a chloisint agus féachaint uirthi. Bhí fhios ag Mír gurbh í Éadain a bhí sa riocht san agus níor thóg bean an fhaid is a bhí an chuileog san ina chuideachtain. Agus bhiataíodh a feiscint é. Chodlaíodh sé lena foghar agus dhúisíodh sí é nuair a thagadh chuige duine nar chara dó.

[18] I gcionn tamaill tháinig Fuamnach ar cuairt chun Mír agus tháinig na trí déithe Danann ina teannta mar urraí .i. Lú agus an Dá agus Oghma. Chaith Mír achasán mór ar Fuamnaigh agus dúirt léithi ná raghadh sí uaidh murach neart na n-urraí a thug í. Dúirt Fuamnach nárbh aithreach léithi an rud a dhein sí mar b'fhearr léithi gníomh maith dí féin ná dá drifiúr agus pé áit in Éirinn a bheadh sí ní bheadh sí ach ag déanamh aimhleasa d'Éadain an fhaid is a bheadh sí beo, pé riocht ina mbeadh sí. Thug sí breachta móra agus draíochta daingne ó Bhreasal Eadarlámh, ón ndraoi, chun Éadain a ionnarba agus a fhógra ó Mhór mar bhí fhios aici gurbh í Éadain an chuileog chorcra a bhí ag déanamh oirfididh do Mhír mar ní raibh grá ag Mír ar bean an fhaid is a chíodh sé an chuileog chorcra agus ní bhaineadh sé pléisiúr as ceol ná ól ná ithe nuair ná feiceadh sé í agus ná cloiseadh sé a ceol agus a foghar. Chuir Fuamnach gaoth amais agus draíochta gur séideadh Éadain ó Bhrí Léith chun nár fhéad sí barr ná bile ná tullach ná dionn a fháil in Éirinn ar a suíodh sí go ceann seacht mbliana ach bhíodh sí ar carraigreacha mara agus ar treathanaibh tonn agus ag snámh tríd an t-aer nó gur tharla sí i gcionn seacht mbliana ar imeall in ucht an Mhic Óig ar tulach an Bhrú.

[19] Is ansan adúirt an Mac Óg: "Mochean Éadain imeachtach imníoch a fuair mórbhaolta le gaois Fhuamnaí. Ní bhfuairis fós aon áthas de thaobha tairise le muintearas Mhír. Fuair sé mé féin gníomhach le sluaite sochraide, folamhú díthreibhe, tochailt na doimhne, iomarca ionnúis agus díobháil díomhaoin iníon Oilealla gur tháinig sí chugamsa ina dhiaidh san agus í balbh agus truaigh. Mochean."

[20] Chuir an Mac Óg failte roimh an gcailín .i. roimh an gcuil chorcra agus chruinnigh i mothall a bhrait ar a bhruinn í. Rug sé chun a thí í agus chun a ghrianáin le fuinneoga soilse le dul amach agus teacht isteach agus cuireadh tlacht corcra uimpi. Agus d'iomparaíodh an Mac Óg an grianán san pé áit a dtéadh sé agus b'ann a chodlaíodh sé gach oíche ina cuileachtain agus é a fortacht a meanman nó gur tháinig a sult agus a dath chúichi agus gur líonadh an grianán san le luibheanna boladhmhara iontacha gur tháinig a forbairt le boladh agus bláth na luibheanna sainiúla luachmhara san.

[21] Dúrthas le Fuamnaigh an grá agus an miadh a thug an Mac Óg dí. Dúirt Fuamnach le Mír: "Cuirtear fios ar do dhalta chugat go ndéanadh sibh cóir don bheirt agaibh agus raghaidh mé ar lorg Éadaine." Chuaigh teachtaire ó Mhír go dtí an Mac Óg agus chuaigh sé chun cainte leis agus do ghaibh Fuamnach an timpeall nó go raibh sí sa Bhrú agus do chuir sí an ghaoth amais chéanna fé Éadain a rug as an ngrianán ar an scinniúint a bhí uirthi roimhis go ceann seacht mbliana fé Éirinn. Rug an ghaoth amais ag triall ar truaighe agus ar lobhra í nó gur chuir ar cleith tí i gcúige Uladh í ina rabhadar ag ól gur thit sí sa chuaich órga a bhí ar láimh bhean Éadair, caithmhíleadh ó Inbhear Chíochmhaine i gcúigeadh Chonchúir, gur shloig sí leis an ndeoch a bhí sa leastar í agus toirchíodh mar sin í agus rugadh ina hinín dí ina dhiaidh san. Tabharthas ainm dí .i. Éadain iníon Éadair. Do bhí dhá bhliain déag ar míle ansan ó chéad-ghein Éadaine ó Oilill go dtí a gein deiridh ó Éadar.

[22] Ina dhaidh san d'oil Éadar Éadain ag Inbhear Cíochmhaine agus caoga cailín ina teannta d'iníonacha taoiseach — agus dob'é sin a thugadh bia agus éadaí dóibh le bheith i gcónaí i dteannta Éadaine. Lá amháin tharla do na cailíní go léir bheith san inbhear á bhfolcadh go bhfacadar an marcach sa mhachaire chúchu ón uisce. É ina shuí ar capall donn stuamhar forránach foirleathan casmhongach caiseireaballach. Bhí sí-bhrat uaine i bhfilleadh uime agus léine fé dheirgbhreacadh uime agus biorán óir ina bhrat a shroich a ghuala ar gach leith. Sciath airgid le himeall óir uime ar a dhrom agus sciathrach airgid inti agus bocóid óir uirthi. Agus bhí sleá le cúig reanna agus ceangail óir uimpi ó urlainn go cró ina láimh. Bhí folt fionnbhuí air go héadan agus filléad óir ar a éadan chun ná beadh a fholt ag titim ar a aghaidh. Stad sé neomat ar an bport ag féachaint ar an gcailín agus bhí grá ag na cailíní go léir air. Ansan dúirt sé an laoi seo:

[23] "Tá Éadain anso inniu gan dabht ag Sí Bhan bhFionn iar nAilbhe idir maca beaga dí ar bhruach Inbhir Chíochmhaine. Is í d'íoc súil an rí i dtobar Loch Dá Lí; is í d'ól bean Éadair sa deoch as a cuach. Is dá muin a sheilgfidh an rí an éanlaith de Theafa agus a bháifidh a dhá chapall i linn Loch Dá Airbhreach. Is mó cogadh a bheidh ann ded mhuin ar Eochaidh Mí; beidh toghlacha ann ar síthe agus cath ar ilmhíle. Is í do luíodh sa tír, is í do chosain an rí, is í gurbh ainm dí Bé bhFionn, is í ár nÉadain í ina dhiaidh san."

[24] Ó tháinig an Mac Óg chun cainte le Mír, ní bhfuair sé Fuamnach ina chionn. Dúirt Mír leis "Thug an bhean bréag umainn agus má ndéarfar léithi Éadain a bheith in Éirinn, raghaidh sí chun olc a dhéanamh dí." "Tá Éadain sa Bhrú im thighse ó chianaibh sa deilbh inar tógadh uaitse í agus b'fhéidir go bhfuil an bhean ag triall uirthi siúd."

[25] Tháinig an Mac Óg thar nais go dtína thigh agus fuair an grianán gloiní gan Éadain ann. D'iompaigh an Mac Óg ar lorg Fuamnaí gur tháinig sé suas léithi ar Aonach Bodhbhghna i dtigh Bhreasail Eadarláimh an draoi. Thug an Mac Óg fóbairt fúithi gur bhain a ceann dí agus rug leis an ceann san nó go raibh sé ar bhruach an Bhrú.

[26] Ach cheana deirtear i sliocht in áit eile gurbh é Manannán a mharaigh an bheirt acu .i. Fuamnach agus Mír i mBrí Léith, dá ndúrthas: Dob'í Fuamnach bhaoth bean Mhír — Sioghmhall is brí le bilibh; i mBrí Léith, ba láthar lán, loisceadh iad le Manannán. FINIT.

 p.163

2. II {IIa YBL column 990} {IIb YBL column 876}

[1a] Do ghaibh Eochaidh Oireamh ríocht Éireann. Ghéill cúig cúigí Éireann dó agus rí gach cúigidh. B'iad so a ríthe an t-am san ná Conchúr mac Neasa agus Meas Geaghra agus Tiarnach Téadbhannach agus Cú Raoi agus Oilill mac Mada Muirisce. B'iad dúnta Eochaidh Dún Fréamhann i Mí agus Dún Fréamhann i dTeafa. B'ansa leis de dhúntaibh Éireann Dún Fréamhann Teafa.

[1b] Do ghaibh Eochaidh Oireamh ríocht Éireann agus ghéill cúigígh Éireann dó. Agus b'iad so iad: Conchúr mac Neasa agus Meas Geaghra agus Tiarnach Téadbhannach agus Cú Raoi agus Oilill mac Mada Muirisce. B'iad dúnta Eochaidh ná Dún Fréamhann i Mí agus Dún Fréamhann i dTeafa. B'ansa leis ná gach dún Dún Fréamhann Teafa.

[2a] Fógraíodh ó Eochaidh ar fearaibh Éireann feis Teamhra a dhéanamh an bhliain tar éis dó ríocht a ghabháil chun a mbéasa agus a gcíosa a mheas dóibh go ceann cúig mbliana. B'é aitheasc fear Éireann go léir ná déanfaidis feis Teamhra do rí gan bhanríon leis, mar ní raibh banríon ag Eochaidh nuair a ghaibh sé flaitheas. Chuir Eochaidh teachtairí gach cúigidh uaidh ar fud na hÉireann chun na mná nó an chailín dob'áille in Éirinn a lorg dó mar dúirt sé ná beadh ina theannta ach bean nár chomhlaigh léithi fear d'fhearaibh Éireann riamh. Fuarathas dó ag Inbhear Cíochmhaine .i. Éadain iníon Éadair. Agus thóg Eochaidh í ansan mar d'oir sí dó ar crot agus deilbh agus cineál, áine agus óige agus oirearcas.

[2b] Fógraíodh ó Eochaidh ar fearaibh Éireann feis Teamhra a dhéanamh an bhliain tar éis dó ríocht a ghabháil chun a mbéasa agus a gcíosa a mheas dóibh go ceann cúig mbliana. B'é aitheasc fear Éireann go léir le hEochaidh ná déanfaidis feis Teamhra do rí gan bhanríon leis, mar ní raibh banríon ag Eochaidh nuair a ghaibh sé flaitheas. Chuir Eochaidh teachtairí ins gach cúigidh uaidh ar fud na hÉireann chun na mná nó an chailín a bheadh oiriúnach dó a lorg dó, agus dúirt sé ná beadh ina theannta ach bean nár chomhlaigh léithi fear d'fhearaibh Éireann riamh. Fuarathas dó bean óg ag Inbhear Cíochmhaine .i. Éadain iníon Éadair. Agus thóg Eochaidh í ansan mar d'oir sí dó ar crot agus deilbh agus cineál, áine agus oirearcas.

[3a] B'iad trí mic Fhinn mhic Fhionnlogha mhic na banríona ná Eochaidh Feidhleach agus Eochaidh Oireamh agus Oilill Ánghubha. Ansan do thit Oilill Ánghubha i ngrá le hÉadain ag feis Teamhra tar éis d'Eochaidh comhluí léithi mar dhein sé nós de bheith ag sírfhéachaint uirthi agus is comhartha grá sírfhéachaint. D'aifir a mheanma an gníomh san d'Oilill agus níorbh aon chabhair dó é. Bhí toil níos treise ná aigne. Do thit Oilill i dtinneas déithe chun ná beadh toibhéim air agus ná dúirt leis an mbean féin é.

[3b] B'iad trí mic Fhionnghaill agus Finne na banríona ná Eochaidh Feidhleach agus Eochaidh Oireamh agus Oilill Ánghubha. Ansan do thit Oilill Ánghubha i ngrá le hÉadain ag feis Teamhra tar éis d'Eochaidh comhluí léithi mar bhíodh sé ag sírfhéachaint uirthi agus is comhartha grá sírfhéachaint. D'aifir a mheanma an gníomh san d'Oilill agus níorbh aon chabhair dó é. Do thit Oilill i dtinneas déithe mar ní dúirt sé le héinne é agus ní dúirt sé leis an gcailín féin é.

[4a] Rugadh Fachtna lia Eochaidh chun breathnú a dhéanamh air nuair a cuireadh i gcéill a bháis é. Dúirt an lia leis: "Ceann den dá íon maraithe duine ná híocfadh lia .i.  p.167 íon ghrá agus íon éada, atá ortsa." Níor admhaigh Oilill dó mar bhí náire air. Ansan fágadh Oilill le bás i bhFréamhainn Teafa agus chuaigh Eochaidh ar cuairt Éireann agus fágadh Éadain i dteannta Oilealla chun a thiughmhaine a dhéanamh .i. a uaigh a bhaint, a chaoineadh a dhéanamh, a eallach a mharú.

[4b] Rugadh Fachtna lia Eochaidh chun breathnú a dhéanamh air nuair a cuireadh i gcéill a bháis é. Dúirt an lia: "Ceann den dá íon maraithe duine ná híocann lianna .i. íon ghrá agus íon éada, atá ortsa." Níor admhaigh Oilill dó mar bhí náire air. Ansan fágadh Oilill le bás i bhFréamhainn Teafa agus chuaigh Eochaidh ar cuairt Éireann agus fágadh Éadain i dteannta Oilealla chun a thiughmhaine a dhéanamh .i. a uaigh a bhaint agus a chaoineadh a dhéanamh.

[5ab] An tigh go mbíodh Oilill i ngalar, théadh Éadain ann gach aon lá chun a bheith ag caint leis agus bhíodh a ghalarsan níos lú dá bharr agus an fhaid is a bhíodh Éadain san áit sin, bhíodh sé siúd ag féachaint uirthi. Thug Éadain fé ndeara an rud san agus smaoinigh sí ina meanma é. Lá amháin go raibh an bheirt acu ina tigh, d'fhiafraigh Éadain de cad ba chúis dá ghalar. "Tá sé ód ghrása" arsa Oilill. "Is trua an fad go ndúraís é" ar sise, "dá mbeadh a fhios againn, is ó chianaibh a bheifeása slán." "Fiú amháin inniu bheinnse slán dá mba mhian leat é" arsa Oilill. "Is mian gan dabht" ar sise.

[6a] Ina dhiaidh san thagadh sí gach lá chun a cheann a fholcadh agus chun a chuid fheola a ghearradh dó agus chun uisce a dhoirteadh ar a lámhaibh. I gcionn míosa  p.169 bhí Oilill slán. Dúirt sé le hÉadain: "Agus cathain a bheidh agam an méid a theastaíonn dem ícse?" "Beidh sé agat amárach" ar sise, "ach ná déantar an col i sosadh na fíorfhlatha. Tairse chugam amárach go dtí an tulach ós cionn an leasa."

[6b] Ina dhiaidh san thagadh sí gach lá chun é a fholcadh agus chun a bhia a ghearradh dó agus chun uisce a dhoirteadh ar a lámhaibh. I gcionn míosa bhí Oilill slán dá othras. Dúirt sé le hÉadain: "Agus cathain a bheidh agam an méid a theastaíonn dem ícse?" ar seisean. "Beidh sé agat amárach" ar sise, "tairse chugam amárach go dtí an tulach ós cionn an leasa."

[7a] Bhí Oilill ag friothaire an oíche. Chodail sé ag am a dhála. Níor dhúisigh sé go dtí teirt lá arna mhárach. Chuaigh Éadain chuige go bhfaca sí an fear ar a cionn a bhí cosúil le hOilill agus a cháin lobhra a ghalair. Dúirt sé an chaint ba mhian le hOilill. Dhúisigh Oilill um theirt. Is fada chrom sé ar tuirse a dhéanamh nuair a tháinig Éadain sa tigh. "Cad a dhein tuirseach thú?" ar sise. "Bhí coinne agam leatsa agus níor thánag chugat mar thit codladh orm nár éiríos ach anois. Is soiléir nár shroiseas m'íoca." "Is cuma san," arsa Éadain, "bíonn lá i ndiaidh a chéile." Leis sin bhí sé ag friothaire an oíche agus tine mhór ar a bhéalaibh agus uisce ina fharradh le tabhairt ar a shúilibh.

[7b] Bhí Oilill ag friothaire an oíche sin. Ansan chodail sé ag am a dhála agus níor dhúisigh sé go dtí teirt lá arna mhárach. Chuaigh Éadain chuige go bhfaca sí an fear ar a cionn a bhí cosúil le hOilill a cháin léithi an chaint ba mhian le hOilill. Dhúisigh Oilill um theirt. Chrom sé ar tuirse mhór a dhéanamh. Ina dhiaidh san tháinig Éadain sa tigh. "Cad a dhein tuirseach thú?" ar sise. "Bhí coinne agam leatsa agus níor thánag chugat mar thit codladh orm nár éiríos ach anois. Is fíor nár íocadh fós mé." "Is cuma san," arsa Éadain, "bíonn lá i ndiaidh a chéile." Leis sin bhí sé ag friothaire an oíche sin agus tine mhór ar a bhéalaibh agus uisce ina fharradh le tabhairt ar a shúilibh.

[8a] Ag am a dála tháinig Éadain chuige go bhfaca  p.171 an fear céanna cosúil le hOilill. Chuaigh Éadain abhaile. Chrom Oilill ar gol. Tháinig Éadain trí huaire agus níor tháinig Oilill chúichi. Fuair sí an fear céanna. "Ní leatsa," ar sise, "a bhí dáil agam. Cé hé tú féin a tháinig chugam? An fear go raibh dáil agam leis, ní raibh teacht chuige ar chol nó ar aimhleas ach chun damhna rí Éireann a shábháil ón ngalar a thit air." "B'oiriúnaí duit teacht chugamsa, mar nuair ba Éadain Eachraí iníon Oilealla tú, bhíos féin it fhear céile agus b'in tar éis sárluach príomhmánna agus uiscí Éireann agus ór agus airgead go dtí do chothrom a fhágaint id dhiaidh." "Ceist agam ort," ar sise, "Cad is ainm duit?" "Ní deacair a rá: Mír Brí Léith" ar seisean. "Ceist ort," ar sise, "cad a scar sinn?" "Ní deacair a rá: draíocht Fhuamnaí agus breachtraíocht Bhreasail Eadarláimh." Dúirt Mír le Éadain "An raghaidh tú liomsa?" "Ní raghad" ar sise, "ní mhalartód rí Éireann ar fear ná fuil fhios agam clann ná cineál dó." "Is mise áfach," arsa Mír, "a chuir do ghrá i gcroí Oilealla i dtreo gur thit a fhuil agus a fheoil de agus is mise a bhain gach aon mhian chollaí de  p.173 chun ná beadh cailliúint oinigh ort ann. Ach tair liomsa dom chríoch má deireann Eochaidh leat é a dhéanamh." "Is maith liom" arsa Éadain.

[8b] Ag am a dála tháinig Éadain chuige go bhfaca an fear céanna cosúil le hOilill. Chuaigh Éadain abhaile. Chrom Oilill ar gol. Tháinig Éadain trí huaire agus níor tháinig Oilill chúichi. Chonaic sí an fear céanna. "Ní leatsa," ar sise, "a bhí dáil agam. Cé hé tú féin a tháinig chugam? An fear go raibh dáil agam leis, níor thánag chugat ar olc nó ar aimhleas ach chun damhna rí Éireann a shábháil ón ngalar a bhí air." "B'oiriúnaí duit teacht chugamsa, mar nuair ba Éadain Eachraí iníon Oilealla tú, bhíos féin it fhear céile agus b'in tar éis sárluach príomhmánna agus uiscí Éireann agus ór agus airgead go dtí do chothrom a fhágaint id dhiaidh." "Ceist agam ort," ar sise, "Cad is ainm duit?" "Ní deacair a rá: Mír Brí Léith" ar seisean. "Ceist ort," ar sise, "cad a scar sinn?" "Ní deacair a rá: draíocht Fhuamnaí agus breachtraíocht Bhreasail Eadarláimh." Dúirt Mír le Éadain "An raghaidh tú liomsa?" "Ní raghad" ar sise, "ní mhalartód rí Éireann ar fear ná fuil fhios agam clann ná cineál dó." "Is mise áfach," arsa Mír, "a chuir do ghrá i gcroí Oilealla i dtreo gur thit a fhuil agus a fheoil de agus is mise a bhain gach aon mhian chollaí de chun ná beadh cailliúint oinigh ort ann. Ach tair liomsa dom chríoch má deireann Eochaidh leat é a dhéanamh." "Is maith liom" arsa Éadain.

[9ab] Ansan tháinig sí abhaile. "Is maith ár gcomhrac," arsa Oilill, "ní hamháin táim leigheasta feasta ach níl aon lot oinigh duitse ann." "Tá san go breá mar sin," arsa Éadain. Ina dhiaidh san tháinig Eochaidh abhaile óna chuairt agus ghairdigh sé a dheartháir a fháil ina bheathaigh agus tugadh buíochas mór d'Éadain ar son an méid a dhein sé go dtí gur tháinig sé abhaile.

 p.175

3. The Wooing of Étaín again. {YBL column 992}

[1] Uair amháin eile d'éirigh Eochaidh Oireamh rí Teamhra lá álainn in aimsir shamhrata agus dhreap in airde ar shosta na Teamhra chun féachaint ar Mágh Brea. Ba breá a lí agus í fé bhláth gach aon datha. Nuair a d'fhéach sé timpeall chonaic sé an t-óglach anaithnid in airde ar an sosadh ós a chomhair. Bhí fuan corcra uime agus mong órbhuí air go braine a dhá ghualann, súil choinnleach ghlas ina cheann, sleá le cúig reanna ina láimh, sciath le tul geal ina láimh agus geamanna óir uirthi. Shocht Eochaidh mar ní raibh fhios aige é a bheith i dTeamhair an oíche roimhis agus níor osclaíodh fós na leasanna ag an am san.

[2] Tháinig sé ar ionchaibh Eochaidh ina dhiaidh san. Ansan dúirt Eochaidh: "Mochean don óglach ná haithnímid. " "Is chuige sin a thángamair" arsa an t-óglach. "Níl aithne againn ort" arsa Eochaidh. "Ach tá aithne agamsa ort" arsa an t-óglach. "Cad is ainm duit?" arsa Eochaidh. "Níl sé oirirc" ar seisean, "Mír Brí Léith is ainm dom." "Cad chuige a thángaís?" arsa Eochaidh. "Chun ficheall a imirt leatsa" ar seisean. "Go deimhin táimse go maith chun fichille" arsa Eochaidh. "Bainimís triall as" arsa Mír. "Tá an bhanríon ina codladh," arsa Eochaidh, "Is léithi an tigh go bhfuil an clár fichille." "Tá anso cheana, " arsa mír "clár fichille nach measa." Bhí san fíor: clár airgid agus fir óir agus soilsiú gach cúinne air le cloch luachmhar agus fearbholg de ronnaí cré-umha fite fuaite trí chéile.

[3] Chuir Mír eagar ar an bhfichill ansan. "Imir" arsa Mír. "Ní imreod ach ar gheall" arsa Eochaidh. "Cé'n geall a bheidh ann?" arsa Mír. "Is cuma liom" arsa Eochaidh. "Beidh agamsa duit," arsa Mír, "más tusa a bhéarfaidh an bhua orm, caoga capall dúghlas agus iad ceann-bhreaca craoraga cluas-bhioracha broinn-leathain bolg-shróin cos-chaola comhbhrasa faobhracha feimheanna urarda aigeanta seasta soghabhálta lena gcaogaid srianta crónta. Sroichfid am teirte amárach." Dúirt Eochaid an rud céanna leis. Ina dhiaidh san d'imríodar. Rugadh bua ar Mhír. Chuaigh sé uaidh agus rug a chlár fichille  p.177 leis. Nuair a d'éirigh Eochaidh lá arna mhárach tháinig sé ar sosta na Teamhra le héirí na gréinego bhfaca a chompánach cheana chuige ar an sosadh ina fharradh. Ní raibh fhios aige cár chuaigh sé nó cad as gur tháinig sé, go bhfaca sé an caoga capall dúghlas agus na srianta crónta leo. "Tá san go hionraic" arsa Eochaidh. "Is fiach rud má ghealltar" arsa Mír.

[4] "An imreoimíd ficheall?" arsa Mír. "Ba mhaith liom," arsa Eoc haidh "ach bíodh geall ann." "Beidh agamsa duit," arsa Mír, "caoga torc agus trí bliana slánaithe acu agus iad cas-bhreaca bolg-liatha drom-ghlasa, le crúba capaill orthu agus lothar draighin ina gcuirtear iad go léir. An uair eile caoga claíomh órdoirn. An uair eile caoga bó fhionn cluas-dhearg agus laonna fionna cluas-dhearga acu nasc cré-umha ar gach lao díobh. An uair eile caoga molt glas ceann-dearg trícheannach tríbheannach. An uair eile caoga colg déid. An uair eile caoga brat lí breice. Ach gach caoga díobh agus a lá féin."

[5] Chuir a oide altrama ceist ar Eochaidh agus d'fhiafraigh de cad as gur thóg sé a mhórshaibhreas. Dúirt sé leis "Am baist, ana-scéal an rud san." "Go deimhin, is beite duit faire amach air. Is fear mórchumhachta an té a tháinig chugat. Cuir deacrachtaí móra air, a mhic ó," ar seisean. Ina dhiaidh san tháinig a chompánach chuige agus do chuir Eochaidh na mórcheisteanna oirirce air .i. díochlochadh Mí, luachair thar Teafa, tóchar thar Móin Lámhraí, coill thar Bréifne., gonadh aire sin a dúirt an file na ranna so:

  1. Is iad so na ceithre rudaí
    a chuir Eochaidh Oireamh
    ar iolar drong dreachúil
    le líon sciath agus claíomh:
  2. Tóchar thar Móin Lámhraí,
    coill thar Bréifne gan deacracht,
    díochlochadh mas mór Mhí
    agus luachair thar Teafa.

 p.179

[6]  Is iad san na geallta agus na deacrachtaí a cuireadh air ansan. "Tánn tú ag cur an iomarca orm" arsa Mír. "Nílim mhuis" arsa Eochaidh. "Bíodh achainí agus logha agam uait más ea. An fhaid is a shroicheann do chumhacht, ná bíodh bean ná fear ann lasmuigh dá dtigh go dtí fáinne an lae amárach." "Déanfar" arsa Eochaidh. Níor shiúil éinne an mhóin sin roimhis.

[7] D'earb Eochaidh ansan ar a reachtaire féachaint ar an bhfeidhm a chuireadar i ndéanamh an tóchair. Mar sin chuaigh an reachtaire sa mhóin. Dar leis b'iad fir an domhain ó éirí na gréine go dtí luí na gréine a tháinig sa mhóin. Dheineadar go léir aon tulach dá gcuid éadaí agus chuaigh Mír in airde ar an dtulaigh sin. Do chuiridís an choill lena bun agus lena préamhacha in íochtar an tóchair. Bhí Mír ina sheasamh ag greasáil an tsluaigh ar gach leith. Dar leat bhí fir an domhain ag déanamh fothraim mhóir féna bhun.

[8] Ina dhiaidh san cuireadh úir agus grean agus clocha ar an móin. Go dtí an oíche sin bhíodh fir Éireann ag cur teinne ar éadan damh go dtí go bhfacadar lucht an tsí á chur ar a bhformna. Dhein Eochaidh mar sin é agus is de sin a tugadh Eochaidh Oireamh air mar is é an chéad duine d'fhearaibh Éireann a chuir cuing ar muineál daimh. Is iad so na focail a bhí i mbéal an tsluaigh agus é ag déanamh an tóchair: "Cuir i láimh, cuir anso i láimh, oirirc damhraidh, tráthanna ar bhfuinneadh, róthrom áilíos, ní fios cé leis an leas, cé leis an t-aimhleas de thóchar thar Móin Lámhraí." Ní bheadh ar an ndomhan tóchar a b'fhearr mura mbeifí ag féachaint air. Fágadh lochtanna ann ina dhiaidh san. Ansan chuaigh an reachtaire go hEochaidh agus d'inis dó scéala na mórfheidhme a chonaic sé ós a chomhair agus dúirt ná raibh ar fearsaid an bheatha chumhacht a sháródh é sin.

[9] Nuair a bhíodar ag caint, chonacadar Mír chúchu. Bhí ard-ghustal air agus droch-chuma. Baineadh geit as Eochaidh agus chuir sé fáilte roimhis. "Chuige sin a thángamair" arsa Mír. "Is allta agus is díchéillí a tánn tú liom mórdheacrachtaí agus móraincheasa a chur orm. Dhéanfainn rud ba mhaith leat fós ach tá mo mheanma báirneach leat." "Ní báirneacht le búireanna duitse é sin, ceansófar do mheanma" arsa Eochaidh. "Géabhthar más ea" arsa  p.181 Mír. "An imreoimíd ficheall?" arsa Mír. "Cé'n geall a bheidh ann?" arsa Eochaidh. "Geall is mian le ceachtar de'n bheirt againn" arsa Mír. Buadh ar Eochaidh an lá san. "Bhuais orm" arsa Eochaidh. "Dá mba mhian liom is fadó bheadh buaite agam ort" arsa Mír." "Ceist, cad ba mhian leat uaimse?" arsa Eochaidh. "Dhá láimh timpeall ar Éadain agus póg dí" arsa Mír. Shocht Eochaidh leis sin agus ansan a dúirt "Tair mí ó'n lá inniu agus tabharfar duit an rud san."

[10] An bhliain sarar tháinig Mí go hEochaidh chun ficheall a imirt, bhí sé ag tochmharc Éadaine agus níorbh fhéidir leis í a ghnóthú. Is é an ainm a thugadh Mír dí ná Bé bhFionn go ndúirt sé léithi:

  1. A Bé bhFionn, an raghaidh tú liom
    i dtír iontach ina bhfuil rionn?
    is barr sabhaircín folt ann
    agus dath sneachta ar corp slim.
  2. Is ann ná bíonn is liomsa ná is leatsa.
    Geal fiacail, dubh fabhra
    is lí súile líon ár slua,
    is dath sian sléibhe ann gach grua.
  3. Is pincín gach muin,
    is lí súile uibheacha loin;
    cé gur breá féachaint ar Mágh Fáil,
    annamh é tar éis gnás Mhágh Móir.
  4. Cé gur breá libh coirm Inis Fáil,
    is meisce coirm Thíre Móire,
    is tír amhra an tír a deirim;
    ní imíonn óige ann roimh aois.
  5. Sruthanna teo milse thar tír,
    rogha de mhiodh agus fíon,
    daoine maorga ann gan on,
    coimpeart gan pheacadh gan chol.
  6. Chímíd gach éinne ar gach leith
    agus ní fheiceann éinne sinn;
    teimheal iomarbhas Ádhaimh
    a chuir cosc ar sinn a áireamh.
  7.  p.183
  8. [A bhean, má shroicheann tú mo thuath anumhal,]
    [is barr óir a bheidh ar do cheann;] 1
    mil, fíon, laith, leamhnacht le lionn,
    a bheadh agat liomsa ann, a Bhé bhFionn.
Dúirt Éadain: "Má fhaghann tú ó m'fhear céile mé, raghadsa chugat; mura bhfaghann tú, ní raghad."

[11] Ina dhiaidh san tháinig Mír go hEochaidh agus lig dó buachtaint air fé chéadóir, chun go mbeadh ábhar conspóide aige do Eochaidh. B'in é an chúis gur íoc sé na cumhaí móra agus b'in é an chúis gur fé ainbhfios a d'iarr sé a gheall go ndúrthas tar éis an ghill é. Ansan nuair a bhí Mír lena mhuintir ag íoc cumha na hoíche .i. tóchar thar Móin Lámhraí agus díchlochadh Mí agus luachair thar Teafa agus coill thar Bréifne, is iad so na focail a bhí ag a mhuintir fé mar a deir Leabhar Droma Sneachta:

[12] "Cuir i lann, cuir anso i lann, oirirc damhraidh, trom an choibhdhean a chloiseann fíor, fearga buíonta, balcthroma crannchuir, FORDERG SAIRE FEDHAR SECHUIB SLIMPRIB SNITHIB, scíotha lámha in droichead claona ar son aon mhná, díbh an díoghail, díbh an tromdhámh, toirchim flatha FER BAN FOMNIS, IN FER MBRAINE CERPAI FOMNIS, DIADH DERGAE FER ARFEIDH SOLAID, FRI AIS ESLIND FER BRON FORTI, ER TECHTA INDE LÁMNAD ó luachair ar dhá Theafa, díochlochadh Mí INDRACHT cé leis an leas, cé leis an t-aimhleas ."

[13] Shocraigh Mír dáil i gcionn míosa. Ach thionóil Eochaidh formna laoch Éireann go rabhadar i dTeamhair agus is chuid dob'fhearr d'fhiannaibh Éireann, gach cuairt timpeall a chéile um Theamhair, i lár agus lasmuigh agus laistigh, agus an rí agus an bhanríon i lár an tí agus na leasa iata fé ghlas mar bhí fhios acu go dtiocfadh fear na mórchumhachta. Bhí Éadain ag dáil dí an oíche sin do na flaithibh mar ba shaincheird dí deoch a dháil.

[14] Ansan nuair a bhí comhrá ar siúl acu chonacadar Mír chúchu ar lár an ríthí. Ba mhas an duine é i gcónaí ach bhí sé níos maise fós an oíche sin. Chuir sé uamhan ar na sluaite a chonaic sé. Bhíodar go léir ina dtost ansan agus do chuir an rí fáilte roimhis. "Is chuige sin a thángamair." arsa Mír "Tugtar dom an rud a  p.185 ghealladh dom. Is fiach rud má ghealltar. Thugas duitse an rud a gealladh." "Níor smaoiníos ar an rud san go dtí so" arsa Eochaidh. "Gheall Éadain féin domhsa" arsa Mír "go dtiocfadh sí uaitse." Imdheargadh Éadain leis sin. "Ná bíodh náire ort, a Éadain," arsa Mír "ní drochbhanúlacht duitse é. Táimse," ar seisean, "tar éis bliain a chaitheamh ad iarraidh leis na maoinibh agus seodaibh is áille in Éirinn. Agus níor thógas tú ach le moladh Eochaidh. Trí dhéineacht ní bhfaghainn tú." "Dúrtsa leat" ar sise, "ná raghainn chugat go dtí go ndíolfadh Eochaidh mé. Mar liom féin, beidh mé agat má dhíolann Eochaidh mé."

[15] "Ní dhíolfad tú mhuis" arsa Eochaidh "ach cuireadh sé a dhá láimh umat i lár an tí fé mar a tánn tú." "Déanfar" arsa Mír. Ghaibh sé a ghaisce ina láimh chlé agus an bhean féna ascaill dheis agus rug leis trí forléas an tí í. D'éirigh na sluaite i dteannta an rí agus méalacht orthu go bhfacadar an dá eala timpeall na Teamhra. B'é a dtriall go Sí ar bhFeimhean agus chuaigh Eochaidh agus formna fear Éireann ina theannta go Sí ar bhFeimhean .i. Sí na mBan bhFionn. B'í comhairle fear Éireann tochailt gach sí dá raibh in Éirinn nó go dtiocfadh an bhean amach chuige.

[16] Thochlaíodar Sí na mBan bhFionn agus tháinig duine amach as chúchu agus dúirt leo nach ansan a bhí a mbean. "B'é rí sí Éireann an fear a tháinig chugaibh. Is amhlaidh atá sé ina dhún ríoga leis an gcailín. Éirígí chuige go dtiocfaidh sibh ann." Chuadar óthuaidh. Thosnaíodar ag tochailt an tsí. Bhíodar chuige sin bliain is ráithe. An méid a thochlaídís inniu bhíodh sé comhlán lá arna mhárach. Chuadar dhá fhiach fhionna chúchu as an sí agus thángadar dhá mhadra .i. Scleath agus Samhair. Chuadar ódheas arís go Sí na mBan bhFionn. Chromadar ar an sí a thochailt. Tháinig duine chúchu arís as agus dúirt leo "Cad tá agat inár gcoinne, a Eochaidh," ar seisean "Ní rugamair do bhean. Níor deineadh aon díobháil duit. Seachain rud a bheadh ina aimhleas do rí a rá." "Ní raghadsa uaibhse" arsa Eochaidh "go ndéarfaidh sibh liom conas a shroichfidh mé mo bhean." "Beir leat coileáin dalla agus cait dalla agus fág iad. Is í sin an obair a dhéanfair gach aon lá." D'fhilleadar ansan agus dheineadar an rud san. Agus is mar sin a thugadar fé.

 p.187

[17] Nuair a bhíodar ann ag tochailt Sí Brí Léith chonacadar Mír chúchu. "Cad tá agat im choinne?" arsa Mír, "is éigeart a dheineann tú orm. Tánn tú ag cur deacrachtaí móra orm. Dhíolais do bhean liom. Ná gortaigh a thuille mé," ar seisean. "Ní bheidh sí agat" arsa Eochaidh. "Ní bheidh" arsa Mír, "Téir abhaile. Tiocfaidh do bhean ag am teirte amárach. Fíor na gcéanna agus na n-iorradh," arsa Mír, "Ná gortaigh a thuille mé má tánn tú sásta liom an babhta so." "Faomhaim" arsa Eochaidh. Nasc Mír a choir agus d'imigh uathu. Nuair a bhíodar ann am teirte arna mhárach chonacadar an caoga bean ar aon deilbh agus ar aon éagasc go léir le hÉadain. Thit na sluaite ina dtost ansan. Bhí drabóg ghlasliath rompu. Deirid le hEochaidh "Tóg do bhean an babhta so nó abair le bean díobh fanacht id theannta. Tá sé in am againne filleadh abhaile."

[18] "Cad a dhéanfaidh sibh?" arsa Eochaidh le fearaibh Éireann "den aincheas atá tagtha oraibh?" "Níl aon chomhairle againn cad a dhéanfaimíd" arsa fir Éireann. "Tá agamsa" arsa Eochaidh, "is í mo bheansa an bhean is fearr a dháileann deoch in Éirinn. Beidh aithne agam uirthi ón ndáil." Do cuireadh a cúig is fiche sa taobh anonn den tigh agus a cúig is fiche sa taobh anall den tigh agus cuireadh leastar leanna ar lár an tí. Ansan thagadh bean anonn agus bean anall agus ní bhfuair sé Éadain ann fós. Tháinig sé go dtí an bheirt bhan déanacha. Duine acu a dháil ar dtúis. Dúirt Eochaidh "Is í seo Éadain agus ní hí féin." Ansan ba chomhairle leo go léir "D'fhan Éadain," ar siadsan, "bíodh is nach í seo a dáil." D'imíodar na mná eile go léir. Ba mhór an sásamh d'fhearaibh Éireann an gníomh san a dhein sé agus móréacht na damhraí a dheineadar agus teasargan na mná ó na fearaibh sí.

[19] D'éirigh Eochaidh lá álainn agus bhí seisean agus a bhanríon ag comhrá ar lár an lis nuair a chonacadar Mír chúchu. " "Tá go maith, a Eochaidh," arsa Mír. "Tá go maith" arsa Eochaidh. "Ní hionraic a bhís liom," ar seisean, "na hárddeacrachtaí d'imirt orm agus a mbeith ar do chúl agus a dtugais de chuinge chugam. Ní raibh rud ná cuirfá fém thuairim ann." "Níor dhíolas mo bhean leat," arsa Eochaidh. "Ceist agam ort, an dteilgeann tú do chúis liom?" "Ní theilgfead" arsa Eochaidh,  p.189 "nó go dtarlóidh duit geall eile a chur." "Ceist agam ort, an folláin do mheanma leat?" arsa Mír. "Folláin," arsa Eochaidh. "Is mar a gcéanna domhsa," arsa Mír. "Bhí do bhean torrach do bean nuair a rugadh uait í," arsa Mír, "agus rug sí iníon agus is í sin atá id theannta. Agus tá do bhean im theanntasa agus tharla duit í a leigint uait an tarna huair." Ina dhiaidh san d'imigh sé.

[20] Ina dhiaidh san ní raibh sé de mhisneach ag Eochaidh sí a thochailt ar Mír arís mar bhí árach air. Tháinig ceas croí ar Eochaidh ó éaló a mhná agus óna chomhluí féin lena iníon. Bhí sí siúd torrach uaidh agus rug iníon dó. "A dhéithe!" arsa Eochaidh, "ní fhéachfaimíd ar a chéile, mise agus iníon m'iníne." D'imigh beirt dá mhuintir chun í a chur i gclais leis na péisteanna. Thugadar cuairt ar tigh Fhionnlámha buachaill na Teamhra a bhí i Sliabh bhFuaid i lár díthreibhe. Ní raibh éinne sa tigh. D'itheadar bia ann. Chaitheadar an cailín don tsoith lena coileáin a bhí sa chró sa tigh. D'imíodar arís. Tháinig an buachaill agus a bhean abhaile go bhfacadar istigh an garlach geal sa chrú. Chuir an rud san ionadh orthu. Rugadar amach as an gcró í. D'oileadar í gan fhios a bheith acu cad as dí. Ba mhaith an fhorbairt a tháinig uirthi mar b'iníon rí agus banríona í. Is mó druine a bhíodh aici ná ag aon bhean. Ní fheiceadh a súile rud ná féadadh a lámha a dhruine. Do hoileadh ansan ar an nós san ag Fionnlámh agus agena bhean nó go bhfaca muintir Eidirsceoil í lá amháin. D'insíodar don rí é agus thóg Eidirscéal ar éigin as í agus as san amach bhí sí aige mar bhean. Agus b'í siúd máthair Chonaire mhic Eidirsceoil.

[21] Ina dhiaidh san bhí Eochaidh Oireamh i bhFréamhainn Teafa agus Éadain in easpa uaidh agus ba scíth leis a mheanma. Tháinig Sioghmhall Caol ó Mír (.i. mac iníon Mhír .i. Oicnia a hainmse) agus loisc Dún Fréamhainn ar Eochaidh agus do thit Eochaidh leis agus rugadh a cheann le Sioghmhall go Sí Neanta i ndíoghail oineach a sheanathar .i. Mír. Ach ní fíor san áfach mar thit Sioghmhall agus Fuamnach bean Mhír le Manannán i mBrí Léith tamall fada roimhis sin i bhflaitheas Tuath Dé Danann, dá ndúirt an file:  p.191

  1. Dob'í Fuamnach bhaoth bean Mhír
    — Sioghmhall is brí le bilibh;
    i mBrí Léith, ba láthar lán,
    loisceadh iad le Manannán.

[22] Is mar seo áfach a tharla bás Eochaidh Oireamh fé mar a deireann eolaigh an tseanchais. Fé mar a dúramair bhí Eochaidh i bhFréamhainn Teafa agus is ansan a bhíodh a dhúnáras agus a dhomhnas fé dheoidh. De sin d'fhás daorchíos fónaimh go trom agus go dírímh ar lucht na críche agus an fhearainn mar bhíodh beatha an rí orthu de ghnáth gonadh aire sin a ghlaotar seachtú Éireann ar Teafa, mar do thit an seachtú cuid chíosa agus biadhta an rí orthu. Más ea, bhí Fir Chúl de Luighnibh Teamhra i dTeafa ag an am san agus is orthu do cuireadh an cíos san. B´é Mórmhaol a bhí ina rír ar Fearaibh Cúl ag an am san agus a bhí ina reachtaire i bhFréamhainn. Mac máthar dósan ab ea Sioghmhall mac Breistine mhic Mhír rí Beanntraí. Dheineadar comhairle eatarru ansan agus is é an rud a chomhairlíodar ná Eochaidh a mharú.

[23] D'éirigh an bheirt acu amach ansan .i. Beanntraí fé Shioghmhall agus Fir Chúl fé Mhórmhaol, agus ghabhadar Dún Fréamhann ar Eochaidh agus loisceadar an dún air agus mharaíodar Eochaidh ann. Chuadar i gConnachta ansan agus a bhfoghail acu agus rugadar ceann Eochaidh leo go Sí Neannta ar nUisce, gonadh do chuimhniú an ghnímh sin a dúirt an seanchaí na ranna so thíos:

  1. Eochaidh Oireamh sárgheal seang
    ardrí aireaghdha Éireann —
    shrathaigh sé a chíos calma cruaidh
    a shrois fé Bhanbha bhratrua.
  2. Tuatha Teafa na dtreas teann —
    fuaradar cíos rí Éireann.
    Chuir an rí reachtmhar a thromaigh iad
    an seachtú orthu a n-aonar.
  3. Tháinig tuirse theann an tsluaigh
    leis an reacht ábhal éagóir.
    Do hadhnadh fearg tríothu de
    gur maraíodh Eochaidh Oireamh.
  4.  p.193
  5. Tuatha Teafa a bhí tréan thall —
    mharaíodar Eochaidh Fréamhann;
    níorbh é neart gan ábhar dóibh
    leis an reacht ábhal éagóir.
  6. Mórmhaol ab ainm ar dtúis don rí
    a dhein an mórghníomh;
    Fir Chúl ab ainm d'Fhearaibh Teafa thoir
    a tháinig thar Dún Fréamhann.
  7. Cé deirtear gurbh é Sioghmhall na sleánna
    a mharaigh Eochaidh Oireamh,
    is túisce a fuair seisean bás i réim
    na gceannairí ná Eochaidh Fréamhann.
  8. Cailleadh Sioghmhall na sleánna cathacha
    le dreach mhín gheal Mhanannáin
    tamall áibhéil fada gan tlás thoir
    sara bhfuair Eochaidh bás.
  9. Dhá Shioghmhall Sí Neannta,
    calma a dtroigh, tréan a dteannta,
    Sioghmhall mac Cairbre na gcath,
    Sioghmhall do bhí ag bás Eochaidh.
  10. Sioghmhall mac Breistine bhuain
    rí Beanntraí le mórbhuaidh
    agus Mórmhaol mór ón má,
    is leo súd a cailleadh Eochaidh.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Tochmarc Éadaine

Title (original, Irish): Tochmarc Étaíne

Title (supplementary): Modern Irish translation

Editor: Alan Mac an Bhaird

Responsibility statement

translated by: Alan Mac an Bhaird

proof corrections by: Kevin Murray

Funded by: University College, Cork and The translation was donated to CELT by Alan Mac an Bhaird.

Edition statement

1. First draft.

Extent: 9970 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a Department of History project at University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2015

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: I300012

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Notes statement

Source description

Manuscript Sources

  1. Dublin, Trinity College Library, H 2. 16, Leabhar Buidhe Lecain: Yellow Book of Lecan, col. 876–877 (facs. p 175a–b). See Robert Atkinson (ed.), The Yellow Book of Lecan, a collection of pieces, prose and verse, in the Irish language, in part compiled at the end of the fourteenth century, published from the original manuscript in the library of Trinity College, Dublin by the Royal Irish Academy with an Introduction, Analysis of contents and Index (Dublin 1896). For catalogue details see T. K. Abbott and E. J. Gwynn (eds.), Catalogue of the Irish manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin (Dublin 1921) MS. 1318, pp 94–110, 342–48.
  2. Dublin, National Library of Ireland, MS G 4 (Vellum; A.D. 1391) a fragment formerly belonging to the main part of the Yellow Book of Lecan) col. 985–97. For catalogue details see Nessa Ní Shéaghdha (ed.), Catalogue of Irish Manuscripts in the National Library of Ireland (Dublin 1967) fasc. 1, 28–31.
  3. London, British Library, Egerton 1782, fo. 106r–108v. See Robin Flower and S.H. O'Grady (eds.), Catalogue of Irish manuscripts in the British Library [formerly the British Museum] (London 1926 repr. Dublin 1992) volume 2, 259–98.
  4. Dublin, Royal Irish Academy, 23 E 25, Lebor na hUidre, 10636–10707; 10790–10915. For full details see R. I. Best and Osborn Bergin (eds.), Lebor na hUidre: Book of the Dun Cow (Dublin 1929; repr. 1953; repr. Dublin Institute for Advanced Studies 1992); for further MS details see Kathleen Mulchrone and Elizabeth FitzPatrick (eds.), Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy (Dublin 1943) 3367–3379.
  5. Dublin, Trinity College, MS H 3. 18, p. 605–606 (glossed extracts). see T. K. Abbott and E. J. Gwynn (eds.), Catalogue of the Irish manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin (Dublin 1921) MS. 1337, pp 140–58.

Editions and translations

  1. Edward Müller (ed. and trans.), Scé Ailill ⁊ Étaine in Revue Celtique 3 (1878) 351–60 [Egerton version].
  2. Ernst Windisch (ed.), Tochmarc Étáine: 'Das Freien um Etain', Irische Texte mit Übersetzungen und Wörterbuch 1 (1891) 117 ff. [Egerton and LU versions].
  3. Rudolf Thurneysen, 'Etain und Ailill Anguba'ä Sagen aus dem alten Irland (Berlin 1901) 77 ff. [translation of Tochmarc Étaíne II from YBL and LU].
  4. Arthur Herbert Leahy (ed. and trans.), Courtship of Etainä Heroic Romances of Ireland: translated into English prose and verse, with preface, special introductions and linguistic notes by John Strachan (2 vols. London 1905–06) [Egerton and LU versions].
  5. Myles Dillon, Tochmarc Étaíne, Irish Sagas (Dublin 1959) 11–23 [based on the combined sources].
  6. Christian J. Guyonvarc'h, La Courtise d'Étaín, Celticum 15 (1966) 283–327 [French translation].
  7. Jeffrey Gantz, The Wooing of Étaíne, Early Irish myths and sagas (London 1981) 39–59 [based on the combined sources].

Further reading

  1. George Kittredge, Sir Orfeo, American Journal of Philology 7 (1886) 186–202. [The plot for Tochmarc Étaíne is closely related to the way the medieval English romance, Sir Orfeo, differs from the classical Orpheus myth].
  2. Heinrich Zimmer, Keltische studien: Über den compilatorischen charakter der irischen sagentexte in sogenannten Lebor na hUidri, Zeitschrift für vergleichende Sprachforschung auf dem Gebiete der Indogermanischen Sprachen 28 (1887) 585–94.
  3. Ludwig C. Stern, Das Märchen von Étáin, Zeitschrift für Celtische Philologie 5 (1905) 522–534.
  4. Ludwig C. Stern, Das Märchen von Étáin [LU 129a–131b German translation], Zeitschrift für Celtische Philologie 6 (1907) 243.
  5. Alfred Nutt (ed.), Tochmarc Étaíne, Revue Celtique 27 (1906) 325–39.
  6. Henri Gaidoz, Le mal d'amour d'Ailill Anguba, in: Osborn Bergin and Carl Marstrander (eds.), Miscellany presented to Kuno Meyer by some of his friends and pupils on the occasion of his appointment to the chair of Celtic philology in the University of Berlin (Halle 1912) 91–101.
  7. Lucius Gwynn, The two versions of Tochmarc Étaíne, Zeitschrift für Celtische Philologie 9 (1913) 353–6.
  8. Lucius Gwynn, Cináed úa hArtacáin's poem on Brugh na Bóinne, Ériu 7 (1914) 210–38.
  9. Rudolf Thurneysen, Die irische Helden- und Königssage, (Halle 1921), Kap. 73; 47;77; 78.
  10. Joseph Loth, Le nom de Laënnec: un cas difficile d'Onomastique (Quimper 1927) [Lagenāco-s, irl. laigen 'lance'].
  11. Sarah Michie, The Lover's Malady in Early Irish Romance, Speculum 12 (1937) 304–14.
  12. Rudolf Thurneysen (ed.), Tochmarc Étaíne, Zeitschrift für Celtische Philologie 22 (1941) 3–23.
  13. Margaret Dobbs, The silver basin of Étaín, Zeitschrift für Celtische Philologie 24 (1953–4) 201–3.
  14. Gerard Murphy, 'A Bé Find, in rega lim', in Early Irish Lyrics: eighth to twelfth century (Dublin 1956, repr. 1998) 104–107.
  15. Donnchadh Ó Corráin, Tochmarc Étaíne, in Irisleabhar Mhá Nuad (1962) 89–96.
  16. Françoise Le Roux, Commentaire du texte de la Courtise d'Étain, Celticum 15 (1966) 328–75.
  17. John Carey and John T. Koch, The Celtic Heroic Age: literary sources for ancient Celtic Europe and early Ireland and Wales (Aberystwyth 2000) 135–55.
  18. Thomas Charles-Edwards, Tochmarc Étaíne: a literal interpretation, in: Michael Richter and Jean-Michel Picard (eds.), Ogma: essays in Celtic studies in honour of Próinséas Ní Chatháin (Dublin 2002) 165–81.

The edition used in the digital edition

‘Tochmarc Étaíne’ (2015). In: ed. by Alan Mac an Bhaird, pp. 143–193.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{I3000012,
  editor 	 = {Alan Mac an Bhaird},
  title 	 = {Tochmarc Étaíne},
  journal 	 = {},
  number 	 = {},
  address 	 = {Cork },
  publisher 	 = {CELT },
  date 	 = {2015},
  pages 	 = {143–193}
}

 I3000012.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited edition. The original Irish text from YBL, including editorial introduction, is available in a separate file.

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the tale; div1=the version of the tale; page-breaks are marked pb n="".

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “version”, eg version 1.

Profile description

Creation: Translation by Alan Mac an Bhaird

Date: 2014

Language usage

  • The text is in Modern Irish. (ga)

Keywords: mythology; Étain; prose; wooing; medieval; translation

Revision description

(Most recent first)

  1. 2015-30-11: File converted to XML; TEI header constructed based on companion file; text and corrections added; file parsed; SGML and HTML fiels created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2015-03: File proofed (1), except for part IIb. (ed. Kevin Murray)
  3. 2014-01-31: Donated a modern Irish translation of the text to CELT. (donation Alan Mac an Bhaird)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

I3000012.xml

Search CELT

  1. dhá líne atá le fáil i Leabhar na hUíre 🢀

CELT

2 Carrigside, College Road, Cork

Top