Abstract
Tá córas oideachais na bunscoile in Éirinn ag dul trí thréimhse shuntasach athnuachana agus athchóirithe faoi láthair. Sa tréimhse seo d’athrú agus d’fhorbairt leanúnach san oideachas bunscoile, tá treo nua á leagan amach a dhéanann athmhachnamh ar ábhar agus ar chur chuige an churaclaim chun freastal níos éifeachtaí ar riachtanais chomhaimseartha na ndaltaí. Tá a cur chuige nua dírithe ar fhorbairt iomlánaíoch an linbh agus ar chothromaíocht idir eolas, scileanna agus luachanna. Ina theannta sin, táthar ag iarraidh leanúnachas agus dul chun cinn céimnithe a chinntiú ar fud an timthrialla bhunscoile. Le blianta beaga anuas, is iomaí athrú a fheictear i gcomhthéacs an churaclaim bhunscoile (Curaclam Teanga na Bunscoile 2025; Creatchuraclam na Bunscoile 2023). Moladh athfhorbairtí sonraíochta i dtaobh na folláine, na healaíona, Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM) agus Oideachas Sóisialta, Timpeallachta agus Eolaíochta (OSTE), ach is iad na ranganna sinsearacha amháin (rang a trí go rang a sé) a bheidh ag tabhairt faoi theagasc Nua-Theangacha Iasachta (NTI) amach anseo. Dírithe ar chéim 3 agus 4 an timthrialla oideachais bhunscoile (NCCA, 2023), táthar ag súil go reáchtálfar teagasc na NTI i ndá chuid de réir a chéile .i. Feasacht Teanga (cur chuige iomlánaíoch i leith na dteangacha, cultúir agus tíortha éagsúla) agus Sealbhú Teanga (bunús téarmaíochta, scileanna meiteatheangeolaíocha agus eochairfhocail na sprioctheanga). Sa chomhthéacs straitéiseach níos leithne seo, ailínítear cur i bhfeidhm na NTI go dlúth leis na spriocanna náisiúnta atá leagtha amach do theangacha i gcóras oideachais na hÉireann. Leagtar amach réimse leathan cuspóirí in Déanann Teangacha Nasc – Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn (2017–2026), agus ar cheann de na príomhaidhmeanna atá inti ná ‘cumas na bhfoghlaimeoirí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh a fhorbairt chomh maith lena gcaighdeáin inniúlachta i dteangacha a ardú’ (DES, 2016–2019: 24).
| Original language | English (Ireland) |
|---|---|
| Article number | 2 |
| Pages (from-to) | 19-38 |
| Number of pages | 20 |
| Journal | An Reiviú |
| Volume | 14 |
| Publication status | Published - 13 May 2026 |
Keywords
- Múinteoirí bunscoile
- Nua-theangacha iasachta (NTI),
- Tumoideachas
- Athfhorbairt churaclaim
- Ilteangachas
- [Education]
Fingerprint
Dive into the research topics of 'Ré nua churaclaim - Peirspictíochtaí ar mhúineadh na nua-theangacha iasachta sa bhunscoil lán-ghaeilge'. Together they form a unique fingerprint.Cite this
- APA
- Author
- BIBTEX
- Harvard
- Standard
- RIS
- Vancouver