CELT document G307004

Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac

unknown

Edited by J. H. Lloyd

Whole text

 p.156

Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac

Isan g-Caisleán i n-gar do Charraig Mhachaire Rois ar mhachaire Fhearnmhuighe (Farney) is eadh do chuireas sios an sgeul-sa ó bheulaithris Thomáis Uí Chorragáin.

[1] Bhí fear ionn aon uair amháin a rabh Parrach Mha'l Bhrighde air, agus bhí mac aige. Goideadh dhá mhart uabhtha. D'imthigh Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac ar maidin dá g-cuartughadh. Bhí siad ag siubhal go rabh an oidhche ann. Chas toigh orrthu, agus fuair siad lóisdin go lá. D'ársaigh siad gur chaill siad dhá mhairt, go rabh siad dá g-cuartughadh ó lá. Fuair siad a suipeár, sáith feola. Nuair a bhí siad réidh le n-a suipeár, chuaidh mac Pharra' Mhi'l Bhrighde amach ar sgáth cloidhe. Chuaidh nighean an toighe (= tighe) a rabh siad ar lóisdin ann ar an taoibh eile do'n chloidhe. Tháinic buachaill a rabh sí ag súirghe leis.

[2] “Anois”, adeir sí leis an m-buachaill, “tarr anocht. Tá strainsearaidhe ar lóisdin againn, is fuigfe mé an dorus fosgailte, ag féitheamh ort.”

[3] D'imthigh an bheirt, is tháinic mac Pharra' Mhi'l Bhrighde isteach 'un (= chum) tighe. Fuaras réidh leabaidh dó, agus do n-a gháid in sa' rúm. Bhí leabaidh eile aige (= ag) seanduine an tighe ann, agus aige n-a bhean in sa' rúm ciadna (= céadna). Bhí leabaidh ag an chailin i g-cóirneál na cisdeanaighe.

[4] Nuair a chodlaigh siad, d'éirigh mac Pharra' Mhi'l Bhrighde, is tháinic sé aníos 'un na cisdeanaighe. Dhruid sé an dorus. Chuaidh sé isteach in sa' leabaidh aige nighin an tighe. Shaoil sí gur'b é an baitleár a bhí aicí a rabh sí ag caint leis tráthnóna an oidhche roimhe.

[5] “Tomhais gá hé tá againn anocht”, adeir sí, “na fir adaidh (=úd) ar ghoid mo gháid agus mo dhréathair  p.157 (=dear-bhráthair) na ba uabhtha. Mharbh siad cionn acú, agus fuair siad sac do'n fheoil aréir le h-ithe, agus tá an mart eile amuigh 'sa' choill.”

[6] D'éirigh cailleach an tighe as a leabaidh, agus cha rabh solus aicí. Ghrópáil sí na leabthacha, agus an leabaidh nach bh-fuair sí acht aon dhuine amháin ann, chuaidh sí isteach 'sa' leabaidh. D'éirigh mac Pharra' Mhi'l Bhrighde as leabaidh an chailin, agus chuaidh sé síos 'un an rúim. Chuairtigh sé na leabthacha, agus an leabaidh nach bh-fuair acht aon dhuine amháin ann, chuaidh sé isteach ann. Chuaidh sé isteach i leabaidh seanduine an tighe.

[7] “A gháid”, adeir se, “chuala mé gá hé ghoid na ba. Bhí mé aige nighin an tighe ó oidhche, agus d'ársaigh sí damh gá hé ghoId na ba.”

[8] “A ráscail”, ars' an seanduine, “goidé ru aige mo nighin ó oidhche thú?” Thoisigh an bheirt ag troid.

[9] Labhair an chailleach thall 'sa' leabaidh eile: “Is truagh mur (= bhur, bhar) n-dóigh”, ars' í, “má's mar sin a bhíonn siú (= sibh) [ag] troid 'sa' m-baile”.

[10] Shaoil an chailleach gur'b é an gáid agus an mac a bhí ag troid.

[11] “A chailleach dhiabhail”, ars' an seanduine, “goidé rug thall annsin thu?” D'éirigh an chorráid as.

[12] “Éirigh, a gháid”, arsa mac Pharra' Mhi'l Bhrighde, “seo na fir a ghoid nár (= ár) g-cuid ba. Mharbh siad cionn acú, agus tá an cionn eile amuigh 'sa' choill. Fuigfeamuid goidtí (=goidte) iad. Gheabhmuid a n-gabhail ar maidin.”

[13] Dubhairt fear an tighe nach mar sin a bhéidheadh, acht go bh-fuighead siad an mart a bhí beo is luach na mairte eile. Fuair siad an mart a bhí beo, agus fuair siad luach na mairte eile. Chuaidh an bheirt a bhaile.

[14] Sin mo sgeul-sa, agus brobh in do bheul-sa, agus ceapaire fada buidhe in mo bheul-sa.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac

Author: unknown

Editor: J. H. Lloyd

Responsibility statement

Electronic edition compiled by: Beatrix Färber

Funded by: University College, Cork and The HEA via the LDT Project

Edition statement

1. First draft, revised and corrected.

Extent: 980 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2010

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G307004

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Source

  • Collected orally from informant Tomás Ó Corragáin, Farney.

The edition used in the digital edition

‘Parrach Mha’l Bhrighde ’s a mhac’ (1899). In: Zeitschrift für Celtische Philologie‍ 2. Ed. by J. H. Lloyd, pp. 156–159.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@article{G307004,
  editor 	 = {J. H. Lloyd},
  title 	 = {Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac},
  journal 	 = {Zeitschrift für Celtische Philologie},
  volume 	 = {2},
  address 	 = { Halle/Saale},
  publisher 	 = {Max Niemeyer},
  date 	 = {1899},
  pages 	 = {156–159}
}

 G307004.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read twice.

Normalization: The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is marked sup resp="JHL".

Quotation: Direct speech is marked q.

Hyphenation: When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page break, the break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the tale. Paragraphs are marked p and numbered.

Interpretation: Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Profile description

Creation: Recorded from Tomás Ó Corragáin.

Date: 1899

Language usage

  • The text is in Modern Irish. (ga)

Keywords: tale; prose; folklore; folktale

Revision description

(Most recent first)

  1. pre-1998: Text scanned. (data capture Staff of the CURIA Project)
  2. 2010-10-31: Header created with bibliographical details; conversion script run; SGML and HTML versions created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2010-10-30: File proofed (2). (ed. Beatrix Färber)
  4. 1998: Text proof-read (1); structural markup applied. (ed. Staff of the CURIA Project)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

T307004: Parrach Mha'l Bhrighde 's a mhac (in English Translation)

Source document

G307004.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top