CELT document G402168

Iomdha teachtaire i dtigh Dé

Variants

[XXIII] 
[YBL col 211] 4a gabhmuid 5b creideadh 6a A m. 8a da ngael d
do maca is 13d ina l. 15a lig 19a a dhis 21a sa. d se a cuir- 22a feaghadh
b deanamh 25d in (or ní ?) 26a a. 27d m. as a mb. 31a inntinn 32b leig
(g overlined) 34a go b mathfighe char 36a t. a t. 39d uainn (indistinct).
40b a(cht misi leisabaili.


Cormac Ruadh Ó hUiginn

Whole text

     p.42

    XXIII

  1.  211Iomdha teachtaire i dtigh Dé
    gan teachtaire is tigh a mbí
    nach bia ar eachtra ar dhaoinibh Dé
    sgaoilidh sé a theachta ar ar dtí.
  2. Teachtaire i ngach gclí do chuir
    ar tí ar dteactai-ne dá thigh
    íomdha dháibh thuas i n-a thoigh
    dá ndáil soin a-nuas do nimh.
  3. Aingeal re haghaidh gach aoin
    raghaidh is an daingean dúin
    is annsa ná an chonair chóir
    glóir an domhain fhallsa ar m'úidh.
  4. Gabhuid raon i n-a raon cham
    nach gaol don charaid do chom
    is iomdha slighe ghlan ghearr
    's a ceann go magh nimhe a-nonn
  5. Fa lár do leigeadh a chíos
    lámh ris an gcreideamh do chuas
    gach aon i n-ionad na ngrás
    d' fhás ón Sbiorad Naomh a-nuas.
  6. An mhéad leagair leam gach laoi
    is gearr gomadh heagail hé
    fíor-olcas a chlann do chí
    mall do ní díoghaltas dé.
  7. Ris an anmain is olc bhím
    an corp ní hamhlaidh do b'áil
    an chlí do rinneas do réir
    nach í féin mhilleas a-mháin.
  8. Beag dá ngaol do ghéabha Dia
    a séala ar a thaobh gé a-tá
    a ghlaca n-a gcosair chró
    do chosain dó maca is mná.
  9. An Coimdhe i n-ar leith do leig
    a oighre do bheith i mbroid
    ná saoil gomadh saoire dhuid
    tuig do dhaoine gaoil gá ngoid.
  10. An chalann 'gá freasdal faoi
    an t-anam gur heasgradh lé
    do bheir a threise atá an chlí
    go mbí lá nach meise mé.
  11.  p.43
  12. Sealg ar an domhnán níor dhual
    ar gcomhrádh re Ceard na ndúl
    an séad a Dhé i n-a mbia ar mbríogh
    más fíor is é bhus dia dhúnn.
  13. An luagh budh cóir ar do chneidh
    do thuar ar a n-óidh ní fhuil
    gidh olc tuilltear tocht dod thigh
    olc libh do mhuinntear a-muigh.
  14. M'anam-sa a Dhé mar budh dall
    sé 's an chalann-sa 'n-a cionn
    mo sbreagadh fa char id cheann
    fearr dhamh iná a leagan liom.
  15. Fá ndearnais ní ghabhair guais
    id theaghdhais ní tabhair sbéis
    do bhí an saoghal a Dhé ar dhís
    sé ar-ís 'n-a aonar dar n-éis.
  16. Gaol Muire fa lár gur leig
    gé tám mar gach nduine dhuid
    nocha bí 'gun té nach tuig
    a chuid a Dhé bhí dod bhruid.
  17. Girre an saoghal iná sin
    sinne i mbaoghal gé do bheir
    a-tá fleadh nach táir i dtigh
    do b'áil libh gach fear fan bhfleidh.
  18. Corp neich 'n-a aonar i n-uaigh
    olc dá shaoradh beith mar bhím
    a mhéad as meise mé féin
    ag béin do threise a Dhé dhínn.
  19. Go saorar ar chur id cheann
    mo shaoghal ó bhun go barr
    do ghreim-se gé leagar liom
    eagal i gcionn treimhse tall.
  20. Sinn ar ndís ar n-iompódh uaibh
    go n-iompóm a-rís dod réir
    dul i dteagh a-tá n-a láimh
    an lá as áil le gach fear féin.
  21. A n-anann dá chás 'n-a chionn
    gan fhás dom anam do b'fhearr
    níor chúitigh mé bior na mbonn
    trom é is mo chion 'n-a cheann.
  22. A oighre 's an truaill i dtaoi
    an Coimdhe a thruaigh ar do thí
    ní fhuigheadh acht dá áis é
    sé ag cuireadh an bháis do bhí.
  23. Féaghaidh a bhfuighe dá n-ulc
    a dhuine ré ndéanaimh locht
    gan t'fhagháil dá réir is reacht
    's a theacht féin dá fharáil ort.
  24. D' fhagháil Moire ní heol d'fhior
    an croidhe do ghleodh go glan
    muna thúirear teachta ar neamh
    teagh leaptha ag an Dúileamh dhamh.
  25. An Coimdhe ní fhuair a fhiú
    a dhoimhne do chuaidh an cló
    do thogh-san luighe fan lia
    Dia do chosnamh duine dhó.
  26. Fearr beatha as sáimhe iná súd
    ar táille an bheatha i n-a mbíod
    mairg do dheonuigh í re n-éag
    an bhréag do ní deoraidh dhíod.
  27.  p.44
  28. Ní fhoil ag ar mbreith dá bhrugh
    acht a throigh do bheith ar bior
    uainne ní tuairthear an teagh
    do thuairfeadh feadh uaire d' fhior.
  29. Ar an gcreideamh is craobh luirg
    creideamh ag gach aon dá fheirg
    gidh measa ag Dia a dhol ós aird
    mairg as a mbia an col i gceilg.
  30. Tug call buain a deala ar Dhia
    's gan Eabha ann uair do ló
    cur 'n-a aghaidh níor fheidhm mná
    is lá is adhaigh do dheilbh dhó.
  31. Cridhe san aird-sin níor fhéagh
    tairgsin a thighe do thúr
    suan an fhiadha is é bhar suan
    gan luadh riara Dé na ndúl.
  32. Ní rochtain an bhaile i mbí
    m'aire re lochtaibh gach laoi
    peacadh oirne nochan é
    budh doilghe acht mé ag feacadh faoi.
  33. Nochan in-tinn mé rem mian
    dom inntinn is sé do sdiúr
    a-tá 'gan chol bas rem béal
    nach léamh dol as ar an iúl.
  34. Mé riamh ón chreideamh fa chaill
    gan riar Dé do leigeadh linn
    is mithigh ar gcar fa chuing
    damh 's a dhruim re hithir inn.
  35. Sé 'n-a aonar ar ndul dúinn
    bun ar an saoghal ná saoil
    ná freasdail do thoil a thruaigh
    smuain a bhfoil dá dheasgaidh dhaoibh.
  36. rabh an aithrighe ann
    lé mhaithmhidhe car 'n-a cheann
    a bhfuil ón chéid-chion im chionn
    do chionn sguir do léigfeadh leam.
  37. Gidh aoibhneas an domhan mín
    omhan a dhaoin-leas fa dheoidh
    do gheibh ar ndéara dia Luain
    an uair nach géabha Dia ar ndeoir.
  38. An chalann chriadh teann i dteann
    's an t-anam riamh 'n-a dhá rann
    truagh an bhreath do bheith im chionn
    's nach liom do bhreith an teach thall.
  39. Ar a dtreise i dtigh an Ríogh
    a sir meise gémadh mór
    go rabh mé 'n-a thoigh re a dtaobh
    an saor do oil é 's an ógh.
  40. Do tolladh crann failmhe faoi
    le barr dá dtairrnghe nó trí
    ní móide as slán deas-lámh Dé
    a lámh chlé do b'easlán í.
  41. Mac Muire dá gcaithe an chóir
    re gach nduine laithe an Luain
    ón bhan-óigh do bheith im láimh
    budh dáigh breith ar anóir uainn.
  42. Do bhí sise im láimh gach laoi
    acht ní mise lér bh'áil í
    le Muire budh d'anáir é
    mé d' fhagháil mar dhuine dhí
    Iomdha.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Iomdha teachtaire i dtigh Dé

Author: Cormac Ruadh Ó hUiginn

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber and Hilary Lavelle

Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork

Edition statement

2. Second draft with variants.

Extent: 1897 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2014

Date: 2020

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402168

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Source description

Manuscript source

  • Dublin, Trinity College Library, 1318, (alias H. 2. 16 alias Yellow Book of Lecan); an Duanaire; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921). Digital images and the description from Abbott and Gwynn are available on http://www.isos.dias.ie.

Literature

  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and not dated.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 109–111.

The edition used in the digital edition

‘Iomdha teachtaire i dtigh Dé’ (1940). In: Dán Dé‍. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 42–44.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402168,
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  title 	 = {Iomdha teachtaire i dtigh Dé},
  booktitle 	 = {Dán Dé},
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland},
  date 	 = {1940},
  pages 	 = {42–44}
}

 G402168.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Cormac Ruadh Ó hUiginn

Date: not established

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 15c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2020-01-06: Variant readings added in front matter. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2014-11-11: File proofed (2); SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2014-10-17: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised/updated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
  7. 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

Standardisation of values

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402168.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top