CELT document G402176

Uasal céad-obair an Choimdheadh

Variants

[XXXI] 
[TCD H. 3, 19 p. 21] 3c ch. nidiagh (?) 5a cumair (?) mb. 6d duine
10a feoighidh 12c breathu na sl— 14c ach; a not in MS 15b cloich 21a
Téid (?) 16c dim (indistincc) 17c tsíth 23d clog 27a chéasa, chiadh d
meadr—33b aireoch— 34b deagla sí 36a cuimhne 41d n. a Rígh.


Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Whole text

     p.64

    XXXI

  1. Uasal céad-obair an Choimdheadh
    críochnughadh nimhe as nua sgiamh.
    ceann na dtreabh treabh ar nar cinneadh
    teagh as fhearr dá rinneadh riamh.
  2. Teagh ann nach fuil fuacht ná íota
    ná ocaras ná ól gann
    do dhealbh Dia fa a thoil an teagh-sain
    ní fhoil 's ní bhia easbhaidh ann.
  3. Do shuidhigh Dia i gceann a chéile
    na cathracha gan cheo ndiagh
    is saor snoighe na seacht nimhe
    seacht dtoighe as ghile ná an grian.
  4. Obair mhór nar mhór don Dúileamh
    do dhealbh talmhain mar tá an sdair
    an bioth cé go réidh do roighne
    is é féin as oidhre air.
  5. Do cruthuigh le comhair mbráthar
    an bioth cé agus cloich is crann
    do dhealbh gan chairde is cleas doiligh
    fairge im chneas gach oirir ann.
  6.  p.65
  7. Do dhealbh grian is éasga is ai-éar
    Iosa Chríosd mo chean lé mbia
    saoirse naomh go dearbh na dúile
    ní saor do dhealbh dúinne acht Dhia.
  8. Do chruthuigh ainmhidhe ainn-séin
    do orduigh dhóibh ní dealbh ghann
    do dhealbh gach ní i dtruaill na talmhan
    's ní fhuair an Rí a n-adhbhar ann.
  9. Do chruthuigh Dia diadha an obair
    Éabha is Adhamh ór fhás ibh
    ag sin a bhreath go dearbh dhaoibh-se
    níor dhealbh neach saoirse mar sin.
  10. Is é do chruthuigh clann Adhaimh
    Íosa Chríosd dá gcreidid siad
    gach dealbh ad chí is ad chluine
    an Rí do dhealbh uile iad.
  11. Fásaidh cnuas tré chrannaibh feoighthe
    fásaidh grán tré ghort gan bhrígh
    Rí na ndúl an rí do roinne
    do ní úr don choille chrín.
  12. Dealbhuigh clár oighridh re héan-uair
    ar aibhnibh ... long
    an cleas ad chí cia do fhéadfadh
    do ní Dia téachtadh na dtonn.
  13. Do ní fuacht i n-aimsir theasbhaigh
    is teasbhaigh an tann nach díor
    beathadh a shlóigh ó 'd chí ag claonadh
    do ní dhóibh saobhadh na síon.
  14. Do bheir tuile ar dtráigh céadna
    don chuan fós gá fiorta as lia
    is é do ní tráigh don tuile
    ní fáidh ní rí duine ag Dia.
  15. Cumhachta Dé do dhíon mh'anma
    aincidh mé ar adhbhaidh na bpian
    cuma acht go ria ar a iocht m'anam
    gá riocht i mbia an cholann chriadh.
  16. Cungnamh le mh'anmain don Aird-rígh
    uchd do chor ar an gcroich ndeirg
    go ria mé is mé 'gá thogha
    le Dia is é an cara gan cheilg.
  17. Mh'anam ar th'ionchaibh a Thríonóid
    tabhraidh féin freagra dom ráidh.
    mo chion glantar an tráth tiocfa
    sa bhráth sgagthar cionnta cáigh.
  18. Déara aithrighe an fhir chionntaigh
    a chreideamh do Dhia ná cáin
    neartóchar síoth Dé do dhéanaimh
    fríoth é ar dhéaraibh do dháil.
  19. Crodh críche tar ceann a anma
    ní fhóirfe neach do ní cion
    almsa don ór fuair go fallsa
    budh suail lógh na halmsa d'fhior.
  20.  p.66
  21. A mhaoidheamh ós aird 'gun altóir
    ionann tráth is teine i gcrios
    foghnamh do gheall is gníomh fallsa
    fearr síodh na halmsa gan fhios.
  22. Gach duine ghabhas geis eagcóir
    dá anmain budh olc an bhéad
    sínfir olc ar gheis do ghabháil
    ní leis corp d'fhagháil re n-éag.
  23. Téid cor seach an gcathraigh neamhdha
    gach neach dhíbh dá ndéanann geis
    is cam do chóidh cridhe an pheacthaigh
    ní slighe chóir leantair leis.
  24. Gach duine bocht bhias go tuigseach
    tuillfidh ón Rígh rath bhus sia
    is bocht ré ré fear na faighdhe
    gidh eadh ní hé as daidhbhre ag Dia.
  25. Ní thuigid cách cleasa an domhain
    gach duine ag dul i n-a rioth
    gidh torann mhór méid a loise
    téid mar chlódh na boise an bioth.
  26. Cathughadh im cheann an domhain
    níor dhéanta dhóibh dia do bhéad
    an domhan i ndiaidh gach dhuine
    biaidh folamh uile iar n-éag.
  27. A dtéid d'éag d'fhearaibh an talmhan
    'n-a dtaisibh ná tabhraidh bríogh
    féaghadh a leacht lór do sheanmhóir
    gidh mór neart gach dheagh-shlóigh dhíobh.
  28. Tiocfa riom gan riar an Aird-ríogh
    a aimsear budh olc an bhail
    síodh an Rí ad chíom ar n-a chneas-ghoin
    go dtí dhíom gan easbhaidh air.
  29. A chéasadh ó 'dchíd sa teampull
    toirneamh dhó dleaghaid an slógh
    ón ló déachtair ar a dheallradh
    gan sléachtain dó is meadhradh mór.
  30. Mairg nach creid crochadh an Aird-ríogh
    d'éis a chrochaidh creid go mair
    a-tá dhóibh cuid i n-a chrochadh
    na slóigh nach tuig othar air.
  31. Mairg do tholl a throighthe málla
    mairg do chréachtnuigh a chneas bláith
    mairg ag nach fuil uime osnadh
    guin a bhruinne ag cosnamh cáich.
  32. Éireochaidh fós fearg an Aird-ríogh
    gach abhann chiúin budh cuan mear
    re cách an tann tiocfa a thoirrse
    ní ham sgiobtha loingse ar lear.
  33.  p.67
  34. Ó 'd chím fa seach sluagh na cruinne
    ag cur an bheatha bun ós chionn
    créad fá n-adhruim d'ulc na cruinne
    dá bhfaghbhuinn lucht luinge liom.
  35. Peaca marbhtha mharbhas m'anam,
    im aigneadh tall a-táid siad
    meisde sinn seaca fá n-eire
    cinn na bpeaca eile iad.
  36. Seacht bpeaca pianta na hanma
    áireomhaidh mé mór a mbríogh
    mór a neart ní deacair dearmuid
    seacht bpeacaidh dhleaghmuid do dhíol.
  37. Díobh i gcéadóir cion na drúise
    daoine re Dia deaghlaidhsí
    an drúis is teine fa talmhain
    cúis mheire don anmain í.
  38. A dhó dhíobh an díomhas éagcóir
    is é féin féige na locht
    saor ar an diúmhas mé a Mhuire
    's é sdiúras an uile olc.
  39. Díobh an craos cuimhnidh a thréigean
    an treas cúis ar nach cóir bail
    tré chion an chraois i mbroid bheithear
    is baois doid gan t'fheitheamh air.
  40. An ceathramhadh cion cion na sainte
    sí 'gar mealladh mór an sgéal
    ag sin ciall chaillte na hanma
    pian na sainte as damhna déar.
  41. An cóigeadh cion cion an fhuatha
    iongaibh thú ar theagmháil n-a ghlas
    bheith 'mun bhfuath i gceann an Choimdhe
    luach as fhearr ní fhoighbhe as.
  42. An seiseadh cion cion an fhormaid
    i n-aigneadh cáich id creach dhóibh
    an lucht ag a bhfoil formad folaigh
    ní adhrad soin conair gcóir.
  43. Is é sin an seachtmhadh peacadh
    fa bpiantar thú ar dteacht i gcorp
    a dhuine ná déana leisge
    féagha a bhfuighe eisde d'olc.
  44. Ag sin seacht n-easgcaraid mh'anma
    eagail liom a leath re a mbríogh
    is deacair síodh na seacht bpeacadh
    neart an Ríogh dá ndeagh-cur dhíom.
  45. A dtreise a-tá 'gam mealladh
    an móir-sheisear as mhór neart
    ní tualaing mé ar druim an domhnáin
    cuing Dhé do chongmháil go ceart.
  46. Cunnradh im neamh do ní meise
    's é Mac Dé nach déanann cruas
    mo dhuan dá-san ní duan fhallsa
    budh sásadh buan damhsa an duas
  47.  p.68
  48. Uaisle Muire náid mná an domhain
    Dia 'n-a bruinn ní bláth gan chnuas
    táinig soin 'n-a clí is 'n-a cridhe
    an Rí do mhoigh nimhe a-nuas.
  49. Ógh mar an bhfionn-Muire ndualaigh
    níor shill súil ní chuala cluas
    an rath go léir is dí as deise
    is í féin as treise thuas.
    Uasal.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Uasal céad-obair an Choimdheadh

Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh

Responsibility statement

Electronic edition compiled and proof-read by: Beatrix Färber and Hilary Lavelle

Funded by: The HEA via the LDT Project and School of History, University College Cork

Edition statement

2. Second draft with variants.

Extent: 2268 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2014

Date: 2020

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: G402176

Availability: Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. CELT would like to thank the Irish Province of the Society of Jesus for granting permission to reproduce this work in electronic form.

Source description

Manuscript sources

  1. Dublin, Trinity College Library, MS 1340 (H. 3. 19, The Tinnakill Duanaire); 16th c.; 17th century additions. Digital images and a description of the MS are available on http://www.isos.dias.ie.
  2. Dublin, Trinity College Library, MS 1337 (H. 3. 18), 17th century.
  3. Maynooth, B 9 a, written by Tadhg Ó Neachtain, 1708–17.
  4. Dublin, National Library of Ireland, G 140, written by M. Troy, R. Tipper and others, 1724–

Literature

  1. This poem is listed in the Irish Bardic Poetry Database (see http://bardic.celt.dias.ie/main.html) and dated to the early 13th century.
  2. An English translation is available in Dá Dé, 128–131.

The edition used in the digital edition

‘Uasal céad-obair an Choimdheadh’ (1940). In: Dán Dé‍. Ed. by Lambert McKenna. Dublin: The Educational Company of Ireland, pp. 64–68.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@incollection{G402176,
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  title 	 = {Uasal céad-obair an Choimdheadh},
  booktitle 	 = {Dán Dé},
  editor 	 = {Lambert McKenna},
  address 	 = {Dublin},
  publisher 	 = {The Educational Company of Ireland},
  date 	 = {1940},
  pages 	 = {64–68}
}

 G402176.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Editorial annotations have not been reproduced in this edition.

Editorial declarations

Correction: Text has been checked and proof-read twice. All corrections and supplied text are tagged.

Normalization: The electronic text represents the edited text.

Quotation: Quotation marks are rendered q. They are not used within lines of poetry.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the whole poem. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Standard values: Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

Interpretation: Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Reference declaration

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile description

Creation: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh c.1200–1225

Language usage

  • The text is in Classical Modern Irish. (ga)

Keywords: bardic; poetry; religious; 13c

Revision description

(Most recent first)

  1. 2020-01-06: Variant readings added in front matter. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2014-11-26: File proofed (2); corrections integrated; file parsed and validated; SGML and HTML files created. (ed. Beatrix Färber)
  3. 2014-11-24: Separate file for individual poem created; TEI header created. (ed. Beatrix Färber)
  4. 2014-10-01: Text re-coded for poetry, with verses and metrical lines; mid-dot eliminated; page-breaks added; supplied text encoded; more proofing. (ed. Beatrix Färber)
  5. 2014-09-26: TEI header created. Encoding revised and updated. (ed. Beatrix Färber)
  6. 2006: File proof-read (1). (ed. Hilary Lavelle, LDT Project, University of Ulster at Coleraine)
  7. 2006: Text scanned, as part of Dán Dé; basic XML prose markup applied. (Text capture Data capture company)

Index to all documents

Standardisation of values

  • Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Source document

G402176.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top