CELT document T300001

Aisling Aonghasa

unknown

Aisling Aonghasa anso.

Bhí Aonghas oíche áirithe ina chodladh…

Bhí Aonghas oíche áirithe ina chodladh go bhfaca sé rud: an cailín chuige ar an leabaidh dó agus í an cailín is áille dá raibh in Éirinn. Chuaigh Aonghas ag gabháil a láimhe chun í a thabhairt isteach sa leabaidh chuige go bhfaca sé rud: d'imigh sí uaidh go hobann agus ní fheadair sé cár imigh sí uaidh. D'fhan sé ann go maidin amáireach ná raibh aon chiuineas ina mheanma. Bhí sé buairthe ag an ndeilbh a chonaic sé gan aon agallamh a chur uirthi. Níor chuaigh aon bhia ina bhéal. Bhí sé ann nó go raibh sé ina oíche arís go bhfaca sé í agus an tiompán is binne ina láimh. Sheinn sí ceol dó gur chodail sé leis. Bhí sé ann go maidin agus an lá amáireach ní raibh aon bhéile aige.

Bliain lán dó agus í ar…

Bliain lán dó agus í ar aithí aige ar an nós san nó gur thit sé i ngrá. Ní dúirt sé le héinne é. Ansan thit tinneas air agus ní fheadair éinne cad a bhí air. Tháinig leagha Éireann le chéile agus ní raibh fhios acu in aonchor cad a bhí air. Chuathas go dtí Fínghean liaigh Chonchúir. Tháinig sé chuige. Bhíodh aithne aige siúd ar aghaidh an duine cén galar a bhíodh air agus bhíodh aithne aige ar an ndeatach a thagadh amach as tigh an líon daoine a bhíodh ann agus galar orthu.

Labhair sé leis i leataoibh. Ara,…

Labhair sé leis i leataoibh. “Ara, ní hiontach do chás” arsa Fínghean “thitis i ngrá le searc éagmaise.” “Tá mo ghalar tomhaiste agat” arsa Aonghas. “Thitis i ndochraí agus níor lámhais é a rá le héinne” arsa Fínghean. “Is fíor san duit” arsa Aonghas “Tháinig chugam cailín álainn agus an crot is áille in Éirinn uirthi agus gné dhearscaithe. Bhíodh tiompán ina láimh agus do sheinneadh sí dom gach oíche.” “Is cuma san” arsa Fínghean “toghadh duit cairdeas léithi. Cuirtear fios uait ar an mBóinn, ar do mháthair, agus tagadh sí chun cainte leat.”

Téithear chúichi agus tagann an Bhóinn…

Téithear chúichi agus tagann an Bhóinn ina dhiaidh san. “Táim ag titim leis an bhfear so” arsa Finghean “tháinig galar anaithnid air.” Insíonn siad a scéala don Bhóinn. “Bíodh a fhreastal ar a mháthair,” arsa Fínghean “Tháinig galar anaithnid air agus téirse timpeall Éireann ar fad féachaint an bhfaghann tú cailín an chrota so a chonaic do mhac.” Bhí sí aige sin go ceann bliana. Ní bhfuarthas aon rud cosúil léithi. Ina dhiaidh san glaodh Fínghean chúchu arís. “Ní bhfuarthas aon chabhair ann” arsa an Bhóinn. Dúirt Finghean “Cuirtear fios ar an nDá go dtaga sé chun cainte lena mhac.”

Téithear chun an Dá agus tagann…

Téithear chun an Dá agus tagann sé ansan. “Cad chuige gur glaodh orm?” “Chun comhairle a thabhairt dod mhac” arsa an Bhóinn “Is fearra dhuit cabhrú leis. Ba thrua a chailliúint. Tá galar air. Thit sé i ngrá le searc éagmaise agus ní fhaghtar cabhair dó.” “Cé'n tairbhe a insint domhsa?” arsa an Dá, “Ní mó an t-eolas atá agamsa ná mar atá agaibhse.” “Is mó mhuis” arsa Fínghean, “Is tusa rí síthe Éireann. Agus téithear uaibh go dtí Bodhbh, rí síthe na Mumhan, go mbíonn fuaim a eolais ar fuaid Éireann.”

Chuathas chuige. Chuir sé fáilte romhaibh.…

Chuathas chuige. Chuir sé fáilte romhaibh. “Dé bhur mbeathasa” arsa Bodhbh “a mhuintir an Dá.” “Is amhlaidh a thángamar” “An bhfuil scéala agaibh?” arsa Bodhbh. “Tá againn: tá galar ar Aonghas mac an Dá le dhá bhliain anuas.” “Cad tá air?” arsa Bodhbh. “Chonaic sé cailín ina chodladh. Ní fheadaramair in Éirinn cá bhfuil an cailín a chonaic sé gur thit sé i ngrá léithi. Tá ord agat ón Dá cailín an chrota so agus na deilbhe seo a lorg ar fuaid Éireann.” “Loirgeofar” arsa Bodhbh “agus bíodh dáil bhliana agam le fios an scéil a fháil.”

Thángathas i gcionn bliana go tigh…

Thángathas i gcionn bliana go tigh Boidhbh i Sí ar bhFeimhean. “Chuas timpeall Éireann go léir go bhfuaras an cailín ag Loch Bhéal Dragan ag Cruitibh Cliach” arsa Bodhbh. Téann siad chun an Dá. Cuirtear fáilte rompu. “An bhfuil scéala agaibh?” arsa an Dá. “Tá scéala maithe. Fuarthas caolín an chrota a dúrthas. Cuireann Bodhbh chugat: imíodh Aonghas inár dteannta chuige féachaint an aithníonn sé an cailín agus chíodh sé í.” Rugadh Aonghas i gcarbad go dtí Si ar bhFeimhean. Bhí flea mhór ag an rí ós a chóir. Cuireadh fáilte roimhe. Bhíodar trí lá agus oíche ag an bhflea. “Téanam oraibh anois” arsa Bodhbh “féachaint an aithneoidh tú an cailín agus go bhfeice tú í. Fiú amháin má aithníonn tú í, ní féidir liomsa í a thabhairt ach amháin go bhfeice tú í.”

Chuadar ansan go dtí go rabhadar…

Chuadar ansan go dtí go rabhadar ag an loch. Chonacadar trí caogaid cailín fásta ann agus an cailín ina measc. Ní ráinig na cailíní ach go dtí n-a guala. Bhí slabhra airgid idir gach beirt chailín. Bhí muinche airgid fé n-a bráid féin agus slabhra d'ór forloiscthe. Ansan a dúirt Bodhbh “An aithníonn tú an cailín úd?” “Aithním go deimhin” arsa Aonghas. “Ní féidir liom níos mó a dhéanamh duit” arsa Bodhbh. “Is cuma san” arsa Aonghas “mar is í an cailín a chonacsa. Ní féidir liom í a bhreith liom an babhta so. Cé hí an cailín seo?” arsa Aonghas. “Tá fhios agam mhuis” arsa Bodhbh “is í Caor Iúrmhaith í, iníon Eathail Anbhuail as Sí Uamhain i gcríoch Connacht.”

Ansan d'imigh Aonghas agus a mhuintir…

Ansan d'imigh Aonghas agus a mhuintir chun a gcríche. Chuaigh Bodhbh ina theannta agus bhí ag caint leis an nDá agus le Bóinn ag Brú Mhacain Óig. D'insíodar a scéala dóibh agus dúradar leo conas a bhí sí idir chrot agus deilbh fé mar a chonacadar. Agus dúradar a hainm agus ainm a hathar agus a seanathar. “Níl go maith againn” arsa an Dá “nach féidir linn do shocht a shárú.” “Is é an rud ba mhaith dhuit, a Dhá” arsa Bodhbh “ná dul chun Oilealla agus Meidhbhe mar is leo a bhíonn an cailín ina gcúigeadh.”

Chuaigh an Dá go dtí go…

Chuaigh an Dá go dtí go raibh sé i dtíortha Connacht agus trí fichid carbad aige. Do chuir an rí agus an bhanríon fáilte roimhe . Bhíodar seachtain lán ina dhiaidh san agus flea agus cuirmeacha acu. “Cad a thug anso sibh?” arsa an rí. “Tá cailín leatsa i t'fhearann” arsa an Dá “agus thit mo mhacsa i ngrá léithi agus tháinig galar air. Thánagsa chugaibh féachaint an dtabharfar dom mhac í.” “Cé hí féin?” arsa Oilill. “Iníon Eathail Anbhuail.” “Níl san ar ár gcumas” arsa Oilill agus Meadhbh, “dá mbeadh, tabharfaí dó í.” “Is é an rud is maith dhaoibh rí na sí a ghlaoch chugaibh” arsa an Dá.

Chuaigh reachtaire Oilealla chuige. Tá ord…

Chuaigh reachtaire Oilealla chuige. “Tá ord agat ó Oilill agus Meadhbh dul ag caint leo.” “Ní raghadsa” ar seisean, “ní thabharfad m'iníon do mhac an Dá.” Dúrthas le hOilill an rud san. “Níl sé sásta teacht mar tá fhios aige cad chuige a ghlaotar air.” “Is cuma” arsa Oilill, “tiocfaidh sé agus tabharfar cinn a laoch leis.” Ina dhiaidh san d'éirigh teaghlach Oilealla agus muintir an Dá amach chun na sí. D'ionsaíodar an tsí go léir. Rugadar trí fichid ceann aisti agus an rí nó go raibh sé fé choimeád i gCruachain.

Ansan dúirt Oilill le hEathal Anbhuail…

Ansan dúirt Oilill le hEathal Anbhuail “Tabhair t'iníon do mhac an Dá.” “Ní fhéadfainn” ar seisean, “is mó cumhacht atá aici siúd ná mar atá agamsa.” “Cad í an chumhacht mhór atá aici?” arsa Oilill. “Ní deacair a rá: bíonn sí i ndeilbh éin gach re bliadhain agus an bhliain eile i ndeilbh dhuine.” “Cén bhliain a bhíonn sí i ndeilbh éin?” arsa Oilill. “Ní liomsa a brath” arsa a hathair. “Do cheann díot” arsa Oilill, “mura n-insíonn tú dhúinn é.” “Ní bheadsa ag seasamh níos faide” ar seisean, “déarfadsa,” ar seisean, “ós léir gur mhian libh í a ghabháil. An tSamhain seo chugainn beidh sí i ndeilbh éin ag Loch Bhéal Dragan agus chífear sain-éin ina teanta ann agus beidh trí caogaid eala uimpi agus tá urghnamh agamsa dóibh.” “Is amhlaidh is cuma liomsa,” arsa an Dá, “mar tá fhios agam an t-aigne a thugas dóibh.”

Ina dhiaidh san deineadh cairdeas eatarru…

Ina dhiaidh san deineadh cairdeas eatarru .i. Oilill agus Eathal agus an Dá agus fágadh Eathal saor. D'fhág an Dá slán acu. Tháinig an Dá chun a thí agus d'innis a scéala dá mhac. “An tSamhain seo chugainn téir go dtí Loch Bhéal Dragan agus glaoigh chugat ón loch í.” Chuaigh Macan Óg go Loch Bhéal Dragan agus chonaic trí caogaid éan fionn ar an loch lena slabhraí airgid agus cochlaigh órga ar a gceannaibh. Bhí Aonghas i ndeilbh dhuine ar bhruach an locha agus ghlaoigh sé an cailín chuige “Tar chun cainte liom, a Chaor.” “Cé tá ag glaoch orm?” arsa Caor. “Tá Aonghas ag glaoch ort.” “Raghad má fhaomhann tú ar t'eineach go dtiocfad arís don loch.” “Faomhaim” ar seisean.

Chuaigh sé chúichi agus do chuir…

Chuaigh sé chúichi agus do chuir a dhá láimh uirthi. Chodlaíodar i ndeilbh dhá eala agus chuadar trí huaire timpeall an locha chun ná beadh agus ná raibh aon rud ann le meath a chur ar a eineach. D'imíodar i ndeilbh dhá éan fionn go dtí go rabhadar ag Brú Mhacain Óig agus chanadar comhsheinm cheoil a chuir suan agus síorchodladh ar na daoine go ceann trí lá agus oíche. Ina dhiaidh san d'fhan an cailín ina theannta.

B'shin é an chúis go raibh…

B'shin é an chúis go raibh cairdeas idir Macan Óg agus Oilill agus Meadhbh. Agus b'shin é an chúis gur chuaidh Aonghas agus tríocha céad ina theanta go hOilill agus Meadhbh do tháin na mbó as Cuailnge.


Gurb é <title TEIform="title">Aisling Aonghasa mhic an Dá</title> ainm an scéil seo sa <title TEIform="title">Táin Bhó Cuailnge</title>.Finit.

Document details

The TEI Header

File description

Title statement

Title (uniform): Aisling Aonghasa

Title (translation): The dream of Óengus

Author: unknown

Responsibility statement

Translated and donated by: Alan mac an Bhaird

Funded by: University College, Cork

Edition statement

1. Third draft, revised and corrected.

Extent: 2240 words

Publication statement

Publisher: CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork

Address: College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

Date: 2013

Distributor: CELT online at University College, Cork, Ireland.

CELT document ID: T300001

Availability: This text has been translated into Modern Irish by Dr Alan mac an Bhaird and donated to CELT and Irish Sagas Online. It is made available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.

Source description

Manuscript sources for Irish text

  • British Library, MS Egerton 1782, folio 70b (vellum, AD 1517. Scribes: Ó Maoil Chonaire family, written for patron Art Buide Mac Murchadha Caomhánach. (See Robin Flower, Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum ii (London: British Museum 1926, repr. Dublin: School of Celtic Studies, DIAS) 259–98: 286–87).

Editions

  1. Edward Müller, Two Irish tales, Revue Celtique 3 (1876–78) 342–50.
  2. Francis Shaw, The dream of Óengus. Aislinge Óenguso (Dublin 1934). Notice of this edition: J. Vendryes, Études Celtiques 1 (1936) 159–62.

Translations

  1. Edward Müller, Two Irish tales, Revue Celtique 3 (1876–78) 342–50.
  2. K. Jackson, A Celtic miscellany (London 1951) § 39.
  3. C.-J. Guyonvarc'h, Le rêve d'Oengus, Ogam 18 (1966) 117–21 [French].
  4. M. Draak & F. de Jong, Het droomgezicht van Aengus, in id. Van helden, elfen en dicters: de oudste verhalen uit Ierland (Amsterdam 1979) 202–07 [Dutch].
  5. J. Gantz, The dream of Óengus, Early Irish myths and sagas (London 1981) 107–12.
  6. T. Mikhaylova, Videniye Engusa, Pokhishcheniye byka iz Kualnge (Moscow 1985) 59–65 [Russian].

Sources, comment on the text and secondary literature

  1. R. Thurneysen, Aislingi Oengusai, Zeitschrift für Celtische Philologie 12 (1918) 400 (corrections to Müller's readings).
  2. Christian Guyonvarc'h and Françoise Le Roux, Le rêve d'Óengus, Ogam 18 (1966) 132–50.

The edition used in the digital edition

Bhaird, Alan mac an, ed. (2013). Aisling Aonghasa‍. Cork: CELT, 4pp.

You can add this reference to your bibliographic database by copying or downloading the following:

@book{T300001,
  title 	 = {Aisling Aonghasa },
  editor 	 = {Alan mac an Bhaird},
  edition 	 = {0},
  pages 	 = {4pp},
  publisher 	 = {CELT},
  address 	 = {Cork},
  date 	 = {2013}
}

 T300001.bib

Encoding description

Project description: CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling declarations

This translation is based on the Old Irish version of Aislinge Óenguso available in CELT file G300001.

Editorial declarations

Correction: Text has been proof-read once.

Quotation: Quotation marks are rendered q.

Hyphenation: Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation: div0=the text; div1=the editorially numbered sections of the text.

Interpretation: Names of persons (given names), groups (dynasties, peoples etc.), places are tagged. Names of professions are tagged.

Reference declaration

A canonical reference to a location in this text should be made using “section”, eg section 1.

Profile description

Creation: Translated by Alan mac an Bhaird.

Date: October 2013

Language usage

  • The translation is in Modern Irish. (ga)
  • One formulaic word is in Latin. (la)

Keywords: mythology; prose; medieval; Aongus

Revision description

(Most recent first)

  1. 2013-11-05: File converted to XML, structural markup added in line with companion file, G300001. File parsed, SGML and HTML versions created. (ed. Beatrix Färber)
  2. 2013-10: Text translated and donated to CELT and ISO. (translation Alan mac an Bhaird)

Index to all documents

CELT Project Contacts

More…

Formatting

For details of the markup, see the Text Encoding Initiative (TEI)

page of the print edition

folio of the manuscript

numbered division

 999 line number of the print edition (in grey: interpolated)

underlining: text supplied, added, or expanded editorially

italics: foreign words; corrections (hover to view); document titles

bold: lemmata (hover for readings)

wavy underlining: scribal additions in another hand; hand shifts flagged with (hover to view)

TEI markup for which a representation has not yet been decided is shown in red: comments and suggestions are welcome.

Other languages

G300001: Aislinge Óenguso (in Irish)

Source document

T300001.xml

Search CELT

    CELT

    2 Carrigside, College Road, Cork

    Top